Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Cháisg 1911
Title
An Cháisg 1911
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1911
Publisher
M. H. Gill agus a Mhac
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Irisleabhar Mhuighe Nuadhad Leabhar 1 An Cháisg, 1911 Uimhir 4 Is é seo an treas bliadhain deug do chuallacht Chuilm Cille ag deunamh leabhar agus is iad na leabhair dorighneadar ar feadh na haimsire sin .i. trí leabhair deug den chineul leabhar a dtabhairthear magazines orra i mBeurla, agus is é an leabhar so an treas leabhar deug díobh sin; ceithre leabhair seanmóireachta, mar atá Seanmóirí Mhuighe Nuadhat I., Seanmóirí Mhuighe Nuadhat II., Seanmóirí Mhuighe Nuadhat III., agus Seanmóirí Easbuig uí Ghallchobhair; dhá leabhar beag dá ngoirthear Éigse Suadh agus Seanchaidh agus Mil na mBeach (is amhlaidh atá an dá leabhar sin, cnuasacht de ghlan Ghaedhilg ár sinsear do bheith ionnta idir prós agus filidheacht, maille le gluais agus sanas); agus drama darab ainm Eoghan Ruadh ua Néill. Maidir leis na magazines reamhráidhte, is amhlaidh atá siad sin, Gaedhilg agus Beurla do bheith ionnta. Agus an Ghaedhilg atá ionnta, is beag nach glan-Ghaedhilg í go léir. Fuaireas ins na seinleabharaibh cuid dí, agus an chuid eile dí caint daoine nár chailleadar féin ná a seacht sinnsir rómpa an Ghaedhilg go nuige seo í. An Beurla fós atá ins na leabhraibh ar a bhfuilmid ag trácht, is beag nach mbaineann sé go léir le muintir na hÉireann agus is mór meud an eólais atá le faghbháil ann, agus is mór fós a áilneacht ionnus go dtaithneochadh a léigheamh go mór leat. Acht bíodh a fhios ag an léightheóir nach bhfuil acht naoi gcinn de na magazines so ar díol anois, óir na ceithre cinn aca dorighneadh ar dtúis do ba chuallacht Chuilm Cille amháin dorigh- neadh iad sin, agus ní craobhscaoileadh don choitcheannacht iad i n-aon chor. Iomthusa an leabhair se .i. Irisleabhar Mhuighe Nuadhat, 1910-11, is iontuigthe as féin cá bhfuaireas a urmhór agus an meud de nach iontuigthe as féin cá bhfuaireas é, bíodh a fhios ag cách i gcoitchinne gur mic léighinn áirighthe atá insan choláiste se againn do chum an méud sin, acht tre thréun náire no tré treun umhlaidheachta nach maith leo a n-anmann do nochtadh. Maidir le n-a bhfuil de Ghaedhilg ann is beag dí do chum mic léighinn Mhuighe Nuadhat, agus is truaighe linn sin. Acht an meud do chumadar dorighneadar iarraidh ar í do chumadh do réir riaghlach agus nósann ar sinsear, gan blas an Bheurla do bheith air. Acht ós de na macaibh léighinn ceudna sinne ní cneasta dúinn a n-aiste do cháineadh ná do mholadh. An t-aiste darab tiodal Do Scríobhadh na Gaedhilge do iarra- ar ar Mhicheul ó Síothcháin, sagart agus ollamh, é sin do scríobhadh, óir do shíleamar go bhfuil eólas ar scríobhadh na Gaedhilge do dhíth orainn go léir agus gurab eisean an fear is fearr i nÉirinn chum an eólais sin do thabhairt dúinn. Dá sílfeadh aon neach ná fiú an leabhar so do dheunamh, bíodh a fhios aige gur shíl cuallacht Chuilm Cille gur fiú a leithéid do leabhar do dheunamh gach bliadhain le trí bliadhna deug, agus go bhfuil creideamhaint mhór ag dul dóibh mar gheall ar na leabhraibh sin. Ní fhuil a fhios againn cia aca an bhfuil an leabhar seo comh maith leis na leabhra eile sin nó nach bhfuil, acht is é shílmid, muna dtiocfadh leis an dream do bheadh i gceannas ar chuallacht Chuilm Cille aon bhliadhain leabhar comh maith le leabhra na ndaoine dochuaidh rómpa do dheunamh, go mba chóir dóibh leabhar éigin do dheunamh mar shompla dos na daoinibh thiocfas i na ndiaidh ionnus go leanfar ar an nós do bhí ag cuallacht Chuilm Cille i gcomhnuidhe .i. irisleabhar do dheunamh gach bliadhain. Má dheunfar sin, is dócha gurab é thiocfas as go ndeunfar corr leabhair mhaithe rachadh i sochar do chách dá léighfeadh iad. Rachaidh gach leabhar fós i sochar dos na daoinibh dheunfas é, óir do-gheobhaid trí sochair ar leabhar do dheunamh. An cheud sochar díobh tiocfaidh feabhas ar a scríobhadh le linn adhbhar leabhair do scríobhadh dóibh. An darna sochar cuirfidh an scríobhadh sin misneach orra, ar ndóigh nach
mbéidh eagla ná faitcheas orra dul i gcionn a bpeann arís nuair bheas riachtanas leis. An treas sochar gur fearrde a n-eólas é do chur i scríbhinn óir bí an t-eólas cosmhail le snáth. Nuair bhíos an snáth i n-aimhréidheacht ní féidir úsáid do dheunamh de go dtí go réidhteochaidhe é, agus is doiligh fadalach a réidhteach go minic. Mar a gceudna don eólas, ní bhí a dhath de mhaith ann nuair bhíos sé i n-aimhréidheacht, agus is é an dóigh is fearr le n-a réidhteach é do chur i scríbhinn. Acht atá adhbhar eile far chóir a leithéid se de leabhar do dheunamh i dtaobh amuigh de na socharaibh dogheibh lucht a dheunta agus lucht a léighte as, agus is é an t-adhbhar sin, gur deas agus gur cóir an rud é tuairisc cuallachta Chuilm Cille do bheith i leabhar mar chuimhniughadh ar a n-imtheachtaibh. Ar na hadhbharaibh sin shuas dorighneamar an leabhar so i mbliadhna, agus measmuid go mba chóir dos na daoinibh bhéas i n-ár n-áit an bhliadhain seo chugainn agus gach bliadhain i n-a dhiaidh an ní ceudna do dheunamh. Má chluin tú mise do mo cháineadh, I mbaile mhór no i mbailtibh Ná bhí orm fear mar cách, Ná cáin agus ná cosain. Obair Muintir Chuilm Cille. I Roinn Mhuire. Buidheanta na Gaedhilge. Is é is buidhean na Gaedhilge ann, beirt nó triúr nó ceathrar nó cúigear ag siubhal i gcuideacht a chéile agus iad ag léigheamh nó ag cainnt as Gaedhilg le linn siubhal do dheunamh dóibh. Bíonn duine amháin i ngach buidhean a bhfuil a Ghaedhilg aige go measardha maith; eisean "an máighistir," agus bionn na daoine eile ag foghluim na Gaedhilge uaidh. Do bhí fa deich mbuidhean fichead den chinel sin buidhean i Roinn Mhuire fa Shamhain. Acht do briseadh cuid mhór aca ó shoin, agus níl acht fa dhuisin aca ann ins an am atá i láthair. Is dócha go leanfaidh a bhfuil aca ann anois ar chleachtughadh na Gaedhilge go dtí Domhnach Cásga. Acht i ndiaidh na Cásga ní bhí mórán mac léighinn ag gabháil do'n Ghaedhilg acht amháin iad seo a dtig an Ghaedhilg go réidh leó, óir bí barraidheacht stuidéir chruaidh eile le deunamh aca annsin. Ar an adhbhar sin, meas muid gur beag nach bhfuil an oiread foghluma is deunfar ar an nGaedhilg i Roinn Mhuire i mbliadna deunta cheana féin, agus is dóigh liom gur mó é ná an meud dorighneadh ins an roinn ceudna anuraidh. Do cuireadh comh-chruinniughadh ar chuallacht Chuilm Cille idir a bhfuil i Roinn Mhuire agus i Roinn Iosef trí uaire ó cuireadh cló ar an Irisleabhar anuraidh. Do bhí an cheud chruinniughadh díobh ann coicighis i ndiaidh na Cásga, agus tug fear ceannais cuallachta Chuilm Cille go léir, .i. an dochtúir Seumas mac Fhionnlaoich, agus uachtarán luchta ceannais i Roinn Mhuire .i. Brian mac Eutain tuairisc ar imtheachtaibh na bliadna uatha i láthair an chruinnighthe sin. Nuair do bhí tabhairt na tuairisce deunta, do bhítear ag gabhail amhráin agus ag imirt cluiche no drama darab ainm "Toradh na Troda," ar feadh uaire go leith an chluig. Do bhí an darna cruinniughadh díobh ann i meadhon Octóber. Is é Pádraig ua Cléirigh
do bhí i n-a cheannas sin, siocar is nach raibh Pádraic ua Conghaile ins an choláiste ins an am. Do bhí an Dochtúir mac Fhionnlaoich agus an tAthair Pádraig mac Suibhne i láthair freisin, agus do labhradar araon os comhair an tsluaigh ag iarraidh tabhairt orra gabhail do'n Ghaedhilg d'fhoghluim go dian duthrach- tach. Do bhí an dá chruinniughadh sin ann do réir an gnáthuighthe agus an chirt do bhí ag cuallacht Chuilm Cille i gcomhnuidhe, acht tug uachtarán an choláiste .i. an Dochtúir Domhnall ua Mannix, cead speiséalta uaidh an treas cruinniughadh do bheith ann, siocar is go raibh an tAthair Pádraig ua Conghaile ag teacht ar cuairt chugainn indiaidh gradh na sagartachta do fhághbhail dó. Do bhí Pádraig ua Cléirigh i gceannas an cruinnighthe sin freisin, agus do léigh Pádraig mac Fhionn- bhairr litir i n-ainm na maic-cléireach ag móladh Phádraig uí Chonghaile de bhárr a
shaothair chum foghluma na Gaedhilge do chur chum cinn. Do bhí sé ins an litir gur mhúin Pádraig an Ghaedhilg do níos mó daoine agus go dtug sé ar níos mó daoine an Gaedhilg do fhoghluim ná aon mhac-léiginn eile dá raibh i Muigh Nuadhat le n-ár linn agus is í sin an fhírinne. I ndiaidh na litre do chluinsin dó do labhair Pádraig ua Con- ghaile agus tug buidheachas do n-a lucht éisteachta ar son a gcineáltais dó, agus do chuir d'athchuingé orra leanmhaint ar an ghnáthughadh ba mhó ba mhian leis féin do bheith aca go léir .i. an Ghaedhealg do labhairt le n-a chéile i gcomhnuidhe. I n-a dhiaidh sin, do bhítear ag gabháil ceóil agus ag damhsa mar is gnáth nuair bhíos cruinniughadh cuallach- ta Chuilm Cille ar siubhal. Cúirt na nGaedheal. Ba é an t-Athair Tomás ua Dubhghaill breitheamh na Cúirte an bhliadhain-se, agus do bhí Maitiu ua Dóláin i n-a fhear le scríobhadh dó. Do bhíodh an chúirt i n-a suidhe gach ceudaoine ar feadh trí ceathramha uaire an chluig, agus do bhíodh fiche daoine i láthair de ghnáth. Is é an caitheamh aimsire do bhíodh ann, fuasgladh na gceast gcruaidh bhaineas leis an Ghaedhilg, sceulaidheacht, agus gabhail do chluichibh agus do cheól. An Tánaiste I Roinn Sheosaimh Sí an obair bhíos de ghnáth ar lucht cean- nais comhluchta Chuilm Naomhtha i Roinn Sheosaimh buidheanta Gaedhilge do chur ar bun agus iad do choimeád ar bun. Sin a bhfuil le deunamh aca, acht ní beag sin, óir is iomdha uair i rith an gheimhridh fhuair nach mbíonn dúil ag na múinteóiribh nó ag na daltaibh i bhfogh- luim na Gaedhilge, agus is doiligh tabhairt orra leanmhaint ar an obair nuair nach mbíonn dúil aca féin innte. Ionnus go mba feárrde bhéadh fios dóighe na mbuidhean seo ag an lucht ceannais, gach aon bhuidhean Gaedhilge dá raibh 'san Roinn do cuireadh fá n-a gcoimirce í agus do cuireadh ar gach aon duine de an lucht ceann- ais cúram sonnradhach do dheunamh do chúpla bhuidhean éicint agus faire orra agus am ar bith do-chífeadh sé go raibh siad i gcontabhairt misneach do thabhairt dóibh. Do bhíodh an lucht ceannais ag teacht le n-a chéile gach aon choicighis chun fios na mbuidhean d'fhagh- bháil agus comhairle do cheapadh dá réir. Do cuireadh deich mbuidhne fichead ar bun i dtosach na bliadna, agus do bhí suas le ceud daoine ins na buidheantaibh seo. Do bhí suas le cúig cinn fichead aca sin ag obair go maith roimh an Nodlaig. Atá níos mó ná fiche ceann aca ag obair go seadh. Is léir ó'n mhéid sin go ndearnadh obair mhaith fhoghanta leis na buidheantaibh seo. Is dócha go bhféadfaidhe a thuilleadh do dhéanamh. Is cinnte gur maith linn go ndéanfaidhe a thuil- leadh, acht mar sin féin ní gearánta an mheud do-righneadh, agus atá dá dheunamh. Acht má do-righneadh obair mhaith ní hiad an lucht cheannais amháin ba shiocair leis. Atá cuid mhór don bhuidheachas ag dul do na múinteóiríbh. An chuid is mó aca siúd i Roinn Seosaimh, do chaith siad seal aimsire i gceann de na Coláistibh Gaedhealacha, agus múinteóirí do b'fhearr gus, fuinneamh, agus modh múinteóir- eachta ba doiligh a bhfaghbháil. Acht ní ceart meud oibre na Gaedhilge do thuigsint ó líon na mbuidhean amháin. Atá cuid bheag de na macaibh léighin nach mbíonn i mbuidhean na Gaedhilge ar aon chor agus do-ghní siad a gcion féin 'na seomraibh. Do théigheadh cuid mhaith de mhuintir Roinn Sheosaimh chum Cúirte na nGaedheal i mbliadna agus má théighidís ní fhanaidís ina dtost, acht do labhraidís go dána ar gach aon adhbhar diospóireachta do bhíodh dá phléidhe. Do cuireadh fáilte mór roimh "Timthiridh Chroidhe Neamhdha Íosa" i Roinn Sheosaimh. Do ghabh trí fichid mac-léighinn orra féin é do cheannach gach ráithe. Atá súil againn go mbeidh gach aon mhac-léighinn i Roinn Sheosaimh ag a fhaghbháil an bhliadhain seo chugainn. Go raibh beannacht Dé ar an duine do thoisigh ar an deagh-leabhar so do dheunamh. Conchubhar Mac an Bháird
I dTigh na Sóisear I dtaobh oibre na bliadna ní fhuil an iomad le rádh agam. Mar ba ghnáthach do bhí an Dochtúir Mac Fhionnlaoich mar uachtarán orainn. I dtosach na bliadna do chuireamar na buidheanta ar siubhal; agus gach duine ar mhian leis é cuireadh i mbuidhean é. Is truagh linn nar eirigh leó níos fearr. Ar feadh tamaill do bhíodar ar siubhal go breagh láidir, acht ar ball do thuiteadar síos go lag. Muna bhfuil fonn na h-oibre ag duine ní bhéidh buaidhte aige, agus, pé sceul é, ní raibh an spirid chomh láidir ins na sóisearaibh imbliadhna agus badh chóir dó bheith. Do bhí an cheud tionól againn ar an 26adh lá de mhí Deireadh-Foghmhair. B'é fear- ceannais an tionóil sin an Dochtúir mac Fhionnlaoich; gan amhras tug sé comhairle ar leasa dúinn. Do labhair sé go blasta bríogh- mhar, agus do chuir sé i n-iul dúinn an obair do bhéadh romhainn ar feadh na bliadhna .i. an méid againn a raibh an Ghaedhilg againn do bheith ag baint úsáid aiste chomh minic is ba fhéidir é, agus an méid againn nach raibh an Ghaedhilg aca do bheith ag a foghluim ó an dream eile. Do bhí caitheamh aimsire do réir gnáthuighthe ar sinsear againn le linn an tionóil ceudna do bheith ar siubhal, agus ní minic do bhí a leithid i roinn Bhrighde riamh roimhe. Idir amhránacht, rinnceóracht, cruitireacht agus a leithid eile ní misde a rádh nach raibh ár saith aoibhneasa is spóirt againn. An oidhche roimh dul do bhaile dhúinn um Nodlaig do bhí ceól agus cluiche agus caitheamh aimsire de an tseórt ceudna againn. Is é an rud is mó is ionmaoidhte againn as i roinn Bhrighde go bhfuil an Ghaedhilg mar adhbhar fromhtha ag urmhór na mac-léighinn fa choinne fromhtha na h-iolscoile. Beidh eólas ceart aca sin ar an Ghaedhilg, óir dá duthracht doghníd fogh- luim ar an Ghaedhilg is amhlaidh is fussa do bhuaidhfid ins an fhrómhadh. Acht ní mar sin dos na macaibh léighinn eile, óir da móide dheanfaidh siad-san stuidéar ar an Ghaedhilg is amhlaidh is lugha a n-am agus a neart chum stuidéir do dheunamh ar na neithibh i n-a mbéidh a bhfrómhadh, agus ar an adhbhar sin, ní thiubhraid mórán aire do fhoghluim na Gaedhilge. Ní mheasaim gur ionmholta tuilleadh do rádh acht amháin seo: - Teanga na hÉireann nach caillfear go deó! Teanga na hÉireann chomh sean leis an cheó! Binn-cheoil ár sinnsear is beulradh na riogh! Sláinte go deo duit, a chuisle mo chroide! M. Mac Giolla Ceárr Éire Jane Ní Congail .i. bean Phádraig Ua Tiomanaidhe cct. Seach gach reugan ar an domhan 'Sí Éire dhílis atá faoi bhrón, Le mórchúis tuirse fa n-a cloinn A d'imthigh uaithe thar sáil anonn. Is iomdha deóraidhe bocht 's a chroidhe dá chrádh Ag amharc ar ais agus é 'gá rádh, Mo bheannacht go raibh leat go buan, A Éire, Éire, is tú mo rún. Níl a gcroidhe slán ná a gcodladh sámh Ná a n-intinn socar uair ná tráth, Fad is tá tonnaí treuna fáirge mór Ag eirghe idir iad is a míle stór. Gurab é an fath ar fhág siad í, Mar thug siad fuath do dhlighe Sheaghain bhuidhe; Do bhris na slabhraí agus d'éiligh leó, Mar creutuir ar seachrán i ngleantan cheó. I bhfad ó n-a ndaoinibh is ó n-a dtír, Tír na scolaire is na naomh, Ar throid a n-aithreacha go dian Ar a son ar feadh na gceudtaí bliadhan, Gan crith gan eagla an deas* ná an tuaidh* Acht troid nó bás no go bhfaghbhadh siad buaidh, O! is iomdha gaisge gasta luaithe D'fhág éagcóir na Sasan n-a luighe san uaigh. Acht tiocfaidh an lá agus éireochaidh an ghrian Ná atá clann na Gaedhilge ag fás le treun, Tiocfaidh siad thar sail anall Is béidh Éire 'na náisiún arís ar ball. Adeirim libh tógaidh suas bhur gcroidhe, Nᆠatá sí naomhtha agus béidh sí saor 'S go gcluinfear clairseach Teamhrach go fóill Mar bhí i n-am na righthe ag seinm ceóil. *Pronounced a deas, a tuaidh, a for ann †Ná = óir
Do scríobhadh na Gaedhilge Cheithre Cheachta ón Rinn Bíonn teagasc againn ag Coláiste na Rinne ar sgríobhadh na Gaedhilge, agus do-bheurad díbh annso cuid den teagasc sin. Ní hí an Ghaedhealg is cruadha dá mbíonn againn atá is na ceachtaibh seo, ná an Ghaedhealg is simplidhe, acht an Ghaedhealg ná fuil ró árd ná ró íseal, an Ghaedhealg ná fuil blas na sean-leabhra uirri acht blas na tuaithe, an Ghaedhealg do bheadh ró chruaidh agus ró chasta don dream ná beadh aca acht tosach na cainte. Nuair do bhíomar ag a ceapadh, do bhí daoine ón Rinn ag éisteacht linn agus níor chuireamar síos aon fhocal gan é do chur in a gcomh- airle, acht amháin fo-cheann do bheadh ag baint le healadhain nó le céird nó le gnó éigin nár chuimhnigh fear ón tuaith riamh air. Má is í mo thuairim fhéin do bheadh uaibh badh fhearr liom gan acht an Ghaedhealg sin do chraobhscaoileadh don choitcheantacht i leabhraibh léightheoireachta, agus an Ghaedhealg shimplidhe do bheith i leabhraibh beaga na gceacht. Agus deurfainn go mbadh fhearr agus go mbadh chiallmhaire an chruadh-Ghaedhealg fhéin do chur is na leabhraibh ceacht atá le haghaidh mac léighinn na hiol-scoile, nó neachtar aca gan cló do chur uirri ar aon chor. Acht atá le hadmháil agam go bhfuil tairbhe is na ceachtaibh sin, aoinneach do bheadh ag léigheamh na sean- leabhra, mar atá a fhios againn dá mbeadh duine ag foghluim Laidne nó Gréigise gur maith an cleachtadh dhó an Laidean nó an Ghréigis do scríobhadh. Is é an scríobhadh is fearr do-bheuradh taithighe dhó ar an ngrama- daig, agus sin é dála na cruadh-Ghaedhilge, mar is as an scríobhadh is fearr do fhogh- luimeóchadh sé an bhriathar agus an pronom agus an dul bhíonn orra agus gach cruadh- fhocal eile dá bhfuil innte. Ní hé do bheadh uaidh an tsean-Ghaedhealg do labhairt, ná í do chur dá scríobhadh arís acht í do thuiscin go maith, ionnus go mbeadh bríogh gach focail agus bríogh gach scéil aige, agus go mbeadh a fhios aige cad do bhíodh na sean-Ghaedhil ag cuimhneamh air, agus cad do bhíodh ag deunamh scím dóibh nó cadé an fuadar do bhíodh fútha ins an tsean-aimsir. Badh chóir nár bheag le haoinneach an méid sin do bheith aige agus gan bheith ag iarraidh an dá Ghaedhealg do mheasgadh ar a chéile, an nua agus an sean. Is fíor ná fuil gramadaig Gaedhilge na haimsire seo ag aoinneach againn, agus ní bhfuighbheadh a bheith, mar ná fuil breitheamh ná cúirt againn chum a bhreath do thabhairt ar fhocal ná ar abairt go bhfuil sé ceart nó bun ós cionn. Atá gramadaig fa leith ann do gach aon dúthaig in a labharthar an Ghaedh- ealg, acht má atá féin atá urmhór de na dúithchibh an-ghairid dá chéile ins an chaint agus ins an ngramadaig. Níl le deunamh againn acht muintir gach aon dúithche do chur ag scríobhadh a gcainte féin, agus má bhíonn an chaint sin bun ós cionn le caint Céitinn nó le gramadaig Sheaáin uí Dhonnabháin, an dá shlighe do chur ann, ceann aca thuas agus an ceann eile thíos ag bun an leathanaigh nó thiar ag deireadh an leabhair. Agus ba fhéidir annsin i gcionn roinn bliadhnta, nuair do thuicfidhe cionnus do bheadh an chaint in gach aon dúthaigh, agus cadé an baint do bheadh ag an chaint leis an gcaint atá is na leabhraibh ó Chéitinn anuas go dtí filí na Mumhan, agus le gramadaig Sheaáin uí Dhonnabháin, ba fhéidir annsin go dtiocfadh duine éigin dheun- fadh gramadaig dúinn. I dtaobh litreadh na bhfocal, an méid do bhí le rádh agam, atá sé ráidhte agam cheana ins an roimh-thionscain do chuireas le hÁrthrach an Óir. Aoinneach do bheadh ag éisteacht leis an
nGaedhilg is cuma cadé an dúthaigh in a mbeadh sé ag éisteacht léi, ní fada go dtiubhradh sé fa ndeara nach mar a chéile do bheadh an Ghaedhealg ag gach aoinneach, agus go n-ad- mhóchadh na daoine féin gur fearr do bheadh sí ag cuid aca ioná ag an chuid eile. Agus na daoine is fearr ann chum na Gaedhilge, do- bheuradh sé fa ndeara orra go mbeadh focail agus ráidhte aca a mbeadh dul an Beurla orra, agus nach le huireasbaidh Gaedhilge deurfaidís iad acht le neamh-shuim éigin, nó gan fios na deifreach do bheith aca. Agus má bhíonn sé do fhoidhne aige, is beag focal mí-thaithneamhach do aireóchadh sé an cheud uair ná haireochadh sé an focal maith in a dhiaidh, agus is é an focal sin badh chóir dhó dul ar a thóir. Is é comhartha do bheadh agat ar an nGae- dhilg maith, í do bheith bun ós cionn leis an mBeurla. Dá mbeadh sin amhlaidh agus gan í do bheith ag teacht le Laidin ná le haon- teangaidh eile, do bheadh tuairim agat annsin gur Gaedhealg mhaith do bheadh agat. Tabhair fa ndeara ná fuilim ag a rádh gur droch- Ghaedhealg an Ghaedhealg a mbeadh dul an Bheurla uirri, acht ná beadh a fhios agat do réir na riaghla atá agam cia aca olc nó maith í. Is iomdha focal agus rádh ann a bhfuil dul an Bheurla orra, agus a bhfuil gábhadh leó, bhríogh ná fuil a mhalairt do chaint againn do chum an rud ceudna do rádh. Mar sin, ní hé blas an Bheurla do chuirfeadh focal ó chion againn, acht blas an Bheurla gan aon phrádhainn do bheith leis. Cuir i gcás, atá an focal sin "deunamh amach" to find out, make out, in gach áit anois, agus ní féidir deunamh in a eughmais. Uaireanta do oirfeadh an focal "tuicsin" ar a dhul sin, agus uair- eanta eile ní hoirfeadh. Atá a fhios agam go mbíodh "fionnadh" ag Céitinn, acht ní ar an nGaedhilg sin atáimíd ag trácht annso, acht ar an nGaedhilg atá anois ann. Mar sin, do bheinn sásta le "deunamh amach," agus ní bhacfainn le "fionnadh." Agus mar sin do n-a lán eile aca. Ní fheadar an ceart dam a rádh annso go mbíonn saothar in aisce ag go leor daoine ag iarraidh dul ón mBeurla. Bíonn "guthadóir," telephone, aca, agus "teachtaireacht teintreachta," telegram, agus mar sin. Badh fhearr liom féin "telefón" agus "telegram" do scríobhadh, mar ní fiu do aoinneach meabhair do chaitheamh le deall- radh Ghaedhealaigh do chur ar a leithéidibh. Cuirfimíd síos annso anois cuid de na ceachtaibh bhíonn againn ins an Rinn, agus ná ritheadh sé le haoinneach gur dhóigh liom féin go bhfuilid gan locht. Níl ann acht iarracht ar obair chruaidh do dheunamh. A. Ag seo blúire beag Beurla chum Gaedhealg do chur air; Níl aon docamhlacht ins an cheud abairt acht an focal extracts. Badh fhearr liom gan "giotaí" ná "blúiridheacha" ná "píosaí" do scríobhadh, agus ní thuigfidhe an focal "sliocht." Mar sin is fearr a rádh cadé an saghas leabhair é; a book of extracts from Keating's History, "leabhar dheunfaidhe de na sceultaibh atá ag Céitinn in a stáir. Would serve a two-fold purpose .i. "do bheadh dhá thairbhe ann," nó "innte," mar is é an pronom feimean ghabhann leis an bhfocal "leabhar" ins an Rinn. First from the linguistic point of view; is fearr "an cheud tairbhe díobh" do scríobhadh ioná "ins an cheud áit"; from the linguistic point of view, "i dtaobh teanga do fhoghluim," acht is fearr gabháil tar an méid sin, mar innseann an chaint fhéin dúinn gur air sin atá sé ag trácht. It would familiarise them with, "do-bheuradh taithighe dhóibh ar." Beauti- fully clear, yet thoroughly idiomatic; "so- thuigsionach, líomhtha"; ní gábhadh yet do rádh, mar ní bheadh aon tslighe chum é do rádh acht le habairt fa leith, "agus má is líomhtha é, is so-thuigsionach é," nó a leithéid. Com- mon property, .i. go raibh sé ag gach cuid aca It would form an easy introduction, .i. go mbeadh congnamh ann chum a leithéid seo nó a leithéid siúd do dheunamh. Literature, .i. "litridheacht," an focal atá ag Céitinn, agus muna mbímíd sásta leis, scríobhmaís "ár
gcuid leabhra." Which has been cultivated with most success"; focal an-mhinic ins an mBeurla is eadh "success," acht is mairg do bheadh ag iarraidh Gaedhealg do chur air, "go maith" nó "is fearr.."; "cultivated," atá daoine ann agus do chuirfidís "saoth- ruigheadh" annso, acht ní maith liom an focal sin ar a dhul sin; badh fhearr liom "scríobhadh" nó "ceapadh" do chur ann. Interesting: atá focal den dath ceudna i dteangachaibh na hEorpa, agus is dócha, muna mbeadh gur gur cuireadh cosc leis an nGaedhilg, go mbeadh "iontrosan" ón mBeurla anois againn, acht caithfimíd deunamh in a iongnais sin agus focal eile do fhaghbháil; ar uairibh do oirfeadh an focal "taithneamhach," nó an focal "cuideachtamhail," acht do réir fír- bhrígh an fhocail "interesting," níl aon tslighe chum é do rádh acht leis an bhfocal "fiú"; an interesting book, leabhar is fiu a <= do> léigheamh"; "an interesting man," "fear badh fhiú leat aithne do chur air" nó "labhairt leis"; "the most interesting book," an "leabhar is mó is fiu a <= do> léigheamh." Cuirfimíd síos anois gach focal in a alt féin; "Táinig mé ar a chuimhneamh atá tamall de bhliadhantaibh ó shin dá ndeunfaidhe leabhar ann féin de na sceultaibh atá ag Céitinn in a stáir, go mbeadh dá thairbhe ann. An cheud tairbhe díobh .i. na daoine a bhfuil Gaedhealg na haimsire seo aca, do- bheuradh a leithéid do leabhar taithighe dhóibh ar an gcaint líomhtha so-thuicsionaigh do bhíodh ag clainn na nGaedheal ina gcuid leabhra idir Éireannaigh agus Albanaigh trí cheud bliadhain ó shin. An dara tairbhe .i. go mbeadh congnamh ann chum na sean- sceulta fiannaidheachta do léigheadh, agus is iad na sceulta sin an chuid dár gcuid leabhra
is fearr do ceapadh agus do scríobhadh. - Níl aoinneach ná habróchadh gurab iad na sceulta atá ag Céitinn an chuid dá stáir is mó is fiu a
léigheamh." B. Tabhair fa ndeara ar an mBeurla so go bhfuil tosach, lár agus deireadh measctha ar a chéile, agus nach aon droch-Bheurla é. Acht ní gnáthach leis an nGaedhilg bheith amhlaidh. Níorbh mhór gac aon fhocal do theacht in a áit féin. Atá an Ghaedhealg díreach, simplidhe, fírinneach. Atá daoine ann agus ní bheidís sásta le focal dá mbeadh dul an Bheurla air, cuir i gcás "siúráilte," "raitileáil," agus a leithéidí, acht badh fhéidir nuair do bheidís ag ceapadh píosa cainte go gcuirfidís a leithéid do ordughadh ar na habairtibh ná cuir- feadh Gaedheal go deoidh. Má is locht é, blas an Beurla do bheith ar fhocal, is mó go mór do locht blas an Bheurla do bheith ar an gcaint. Ní hiad na focail ionnta féin dheunann an chaint, acht an ceangal bhíonn orra, nó an tslighe atá na habairte fighte ar a chéile. Éist leis an nGaedhilg labhrann na sean-daoine agus léigh an Ghaedhealg atá is na sean-leabhraibh, agus tuigfe tú go mbíonn an Ghaedhealg díreach, soiléir, agus nach féidir le fear na Gaedhilge deireadh an scéil do chur ar tosach, nó an dá thaobh de do thabhairt leis in aoinfheacht. Nuair do bheitheá ag iarraidh Gaedhealg do chur ar an mBeurla, is é comhairle do-bheurainn duit ná bríogh an Bheurla do thuiscin ar dtúis agus an Beurla do dhíriughadh, agus badh fhéidir go mbadh fhearr dhuit an Beurla do ath-scríobhadh. Mar seo, cuir i gcás; Maidir leis na foclaibh "picturesque set- tings of real events.." "the historic back- ground becomes firmer," atá trop nó figiuir nó figure of speech ionnta. Atá fear an Bheurla ag cuimhneamh ar phictiuir nó ar iomháigh agus ag cur na sceulta i gcompráid léi. Bíonn dá chuid i bpictiuir do ghnáth, agus ní hionann éifeacht dóibh, mar is é bríogh atá le ceann aca ná an ceann eile do dheunamh so-fheicsionach nó taithneamhach. Dá réir sin, is é rud adeir fear an Bheurla annso ná gur bhain an sceulaidhe cor éigin as an sceul chum é do dheunamh so-thuicsionach nó taithneamhach agus nár lean sé den bhfírinne. Ba fhéidir
go bhfiafróchthá dhíom, ná fuil aon fhigiuir ins an Ghaedhilg? Atá go deimhin, acht atá an Beurla agus an Ghaedhealg chomh fada ón a chéile nárbh mhuinighin duit an figiuir do bheadh ins an mBeurla do chur ins an Ghaedhilg. Ní heól dom aon Ghaedhealg ar background, acht atá Gaedhealg ar an bhfocal "setting." Adeurfá "cathaoir an t-seoid," the setting of the jewel. Acht badh ait an Ghaedhealg do bheadh againn dá n-abróchaimís "cathaoir an scéil," gan a innsint roimh ré cad dó do bheimís ag tagairt. Do gheobhthá a rádh mar seo: "Nuair cuirtear seód i bhfáinne, cuirtear in áit fá leith é atá deunta le n-a aghaidh, chum an seód a dheunamh níos solus- mhaire. Cathaoir thugtar ar an áit sin. Agus is mar sin do sceul. Badh fhurus bríogh an scéil do thabhairt i mbeagán focal, acht ní bheadh aon taithneamh agat ann gan é do bheith cuibheasach fada agus tuairisc iomlán do bheith ann ar na daoinibh agus ar na nidhthibh ar a ndeuntar trácht. Dála cathaoir an tseoid, do fheudfaimís cathaoir an scéil do thabhairt ar gach ní ná baineann le bríogh agus le haithghearr an scéil." Bíonn a leithéid sin go minic ag Céitinn, agus níl aon locht air mar atá an míniughadh ag gabháil leis. Acht nuair do bhíomar ag trácht ar fhigiuir ó chianaibh, is ar an bhfigiuir gan aon mhíniughadh ag gabháil léi do bhíomar ag trácht, agus adubhramar gur annamh tiocfadh an dá theanga, an Beurla agus an Ghaedhealg, le n-a chéile ar a leithéid. Do- chífeá "light of faith" ins an mBeurla agus "solus an chreidimh" ins an Ghaedhilg, acht ní mórán dá leithéid do-chífeá. Do bhíodh an-chuid figiuirí ag na sean-fhilíbh do bhí ann roimh aimsir Céitinn ná tuigfidhe anois, acht na figiuirí do bhíodh ag Seaán ó Neachtain agus ag filíbh na Mumhan do thuigfidhe iad sin, agus is beag aca ná taithneóchadh le Gaedheal- aibh na haimsire seo. Níl riaghail ná dlighe i dtaobh na bhfigiuirí agam, acht gan aon cheann aca do chur ins an chaint, acht an ceann a bhfuighbheadh muintir na tuaithe an blas ceart air. - Mar seo do chuirfinn Gaedhealg ar an mblúire Béarla atá thuas; "Sean-chainteanna agus sean-eachtraí atá is na scéaltaibh seo. Atá fíor agus bréag ionnta, mar is amhlaidh do bhíodh an seanchaidhe ag cur leis an bhfírinne agus ag a cóiriughadh d'iarraidh an sceul do dheunamh taithneamhach don té do léighfeadh é. Atá cuid de na sceultaibh agus is déidheanaighe do scríobhadh iad ioná an chuid eile aca, agus dá ghiorracht don lá so atá an sceul is eadh is fusa an méid den fhírinne atá ann do thabhairt fa ndeara. Acht fágaim fa lucht seanchais a mheas cad is fíor agus cad is breug in gach sceul aca." C. Níl mórán le rádh againn mar gheall air seo. Atá figiuir is na foclaibh harvest of the school year, acht is furus a leithéid ceudna do cheapadh ins an Ghaedhilg. "Fromhadh" an Ghaedhealg atá agam ar examination; "comh- aireamh," marking; "tuairisc an fhromhtha," results. Badh fhearr liom "fromhadh" ná "triail." Ní chuirfinn an focal "scrú- dughadh" ann, mar is é bríogh atá leis sin ins an Rinn ná "míniughadh": "do scrúdaigh sé go maith dhamh é," se sin, do mhínigh sé go maith dhamh é. Do chuireas figiuir eile ann i ndeireadh an phíosa Gaedhilge gan aon fhigiuir do bheith ag freagairt dí ins an mBeurla, Mar seo atá an Ghaedhealg agam: "Is fada leis na daoine atáid ag fuireach le tuairisc an fhromhtha do bhí ann le déidheanaighe. Airighmíd go bhfuil an-
dheithneas ag a chur le lucht an chló agus nach fada bheidh na scoláirí agus a ndaoine muinteardha gan fios a saothair. Do theip ar go leór aca anurthaidh, mar do bhíodh
ró dhian ins an chomhaireamh orra. Atá coinne againn gur fearr do thuicsin bheidh imbliadna ag an lucht fromhtha agus muna mbíonn aon truagh aca don aos óg, ná déanfaid aon eugcóir orra. Cibé aca sin de, má is comh-olc bheidh siad, sceul na bliadhna so atá againn agus sceul na bliadhna so caithte, ní abróchaimís ná go mbeidh buadhairt agus buile ar na múinteoiribh, agus go dtiubh- raid fios a n-aigne don t-saoghal. Ní rugadh an fear sin fós do fheucfadh ar a pháirc bhreaghdha arbhair agus í sínte, scaipthe, spealtha ag an ghaoith agus ag an aimsir, agus do fhoidhinfeadh leis
. Is mar sin don múinteóir. Atá saothar na bliadhna in aisce aige, agus gan aon chuimhneamh ag aoinneach ar a fheabhas do- righne sé a chuid oibre, agus atá an scoláire beag go dubhach, dobhrónach agus a mhuintir féin ag gearán air agus gan aon chúrsaí gearáin aca. Is maith is feasach dúinn méid na díoghbhála deuntar tré bheith ró-dhian ins an comhaireamh. Má is eadh féin, ní dóigh linn gur cóir gan ceart agus comhthrom na Féinne do thabhairt don taobh eile, agus éisteacht leó ag pléidhe a gcúise féin. Adeirid, dála na haimsire go mbainid lucht fromhtha sásamh dá chéile agus dá mbadh dheacair gabháil thósda
i mbliadhna go mbadh fhurus teacht uatha bliadhain ón taca so." Tabhair fa ndeara annso nár scríobhas na focail "cé gur" ná "ámh," nó "ámhthach." Is annamh gan blas an Bheurla do bheith ar an gcaint nuair bhíonn na focail sin ann. Focail an-mhinic ins an mBeurla is eadh "although" agus "however." Do bhíodh em aca ins an t-sean-Ghaedhilg, acht ní hionann bríogh dó sin agus don "ámh" nó don "ámhthach," atá anois aca. Níor airigheas riamh na focail sin, "ámh," "ámhthach," ins an Rinn, agus ní dóigh liom go bhfuilid ag na Connachtaibh ná ag na hUltaibh acht a oiread. Bíonn "cé go" agus rl. againn, acht is annam do aireóchthá é.* "Prague .i. cathair ársa athá ins an domhan thoir. Táinig droch-aimsir ar an gcathraigh sin agus do dubhadh na scamaill ar an spéir. Táinig an fhearthainn in a tuilltíbh agus annsin táinig an sneachta agus an cuisne. Ní raibh aithint lae thar oidhche ann. Comh-dubh an spéir agus inn- tinn na ndaoine. Oidhche de na oidhceantaibh agus ar uair an mheadhon oidhche ba eadh é, do airigheadh guth íseal ó bharr an dúna do iarradh cabhrach. Dá ísleacht do bhí sé do airigh gach aon saighdiúir do bhí ins an gcath- raigh é. Do phreabadar in a suidhe agus do rugadar ar a gclaidhthibh, agus do-chuadar do aon tsidhe reatha tar geataí na gcathrach amach. Níor bhfada gur chasadar agus iad ar crioth leis an eagla, agus sgannradh in a súilibh. "Ná h-iarrtar ar na beoibh," arsa duine aca, "troid leis na mairbh, mar is é sluagh na marbh atá i gcampa ós comhair na cathrach so." Agus an fhaid do fhanadar ann do airigheadh an lógóireacht gach oidhche." Feuch gur chuireas ainm na cathrach i dtosach agus go dtugas míniughadh beag air, ionnus ná beadh aon obainne ann, acht go mbeadh gach aon rud insan chaint ag teacht go mín, réidh in áit a chéile. Atá a lán ceachta eile agam, acht ní bheadh sé do uain agam cló do chur orra don iarracht so. MICHEUL ó SÍOTHCHÁIN *Dá léighfeá Duanaire Dáibhidh Uí Bhruadair, Part I., p. 96, do-chífeá na focail seo ann: "Ámh dar ndóith ní hé sin thug ar shagart Chille Chomáin...," Feuch leis, p.98, ibid. Is tearc duine do bheadh sásta leis sin. Feuch Three Shafts, p. 185, I. Ionann bríogh dho annsin agus verily.
An Óige, an Saoghal, an Bás, agus an Aois. Fionn Mac Cumhaill do bhí amuigh tráth amháin ag seilg agus thainig seachran sidhe air. Do bhuail sé isteach i dteach bheag teacht na hoidhche i na raibh an seanduine ba ghráice do chonnaic sé riamh agus an cailin óg ba dheise do chonnaic sé riamh. D'imthigh an cailin na
seomra, agus do dhruid sí an doras agus ní fhacaidh Fionn ni ba mho í. Do labhair an seanduine annsin. "A Fhinn Mhic Cumhaill," ar seisean, "an maith leat an cailin sin d'fheiceal aríst?" "Ba mhaith liom," arsa Fionn. "Maise, ní fheicfe tú go bráth í, mar bhí sí agat uair amháin agus ní thug tú aire mhaith dí." "Cha
raibh sí agam riamh," arsa Fionn. "Leóga do bhí," arsa an seanduine. "Sin sgéimh na hóige. Do chaill tú í, agus ní fhuighbhé tú go bráth aríst í. Do bhí molt mór ceangailte ar taoibh an tuighe
agus do bhris sé aniar an teach agus do thúsaigh
sé ag deánamh crostachta.* Do bhí mongcuidh† ina luighe cois na teineadh. D'iarr an seanduine ar Fhionn an molt do cheangal. D'eirigh Fionn acht cha raibh se abalta é do cheangal. Do bhí an molt ro-láidir aige. D'iarr se annsin ar an mhongcuidh† é do cheangal. D'eirigh an mongcuidh† agus do cheangail sé é. Dorighne Fionn iongantas mór de, go raibh an creutuir sin abalta an molt do cheangal, agus nach raibh se féin abalta é do dheánamh. Adubhairt an sean-duine leis gan iongan- tas ar bith do bheith air, nach raibh a fhios aige caide an rud an molt. Isé sin an saoghal, ar seisean, agus atá láidreacht an tsaoghail uilig insan mholt. Agus sin an bás do cheangail é. Tá an bás abalta ag an tsaoghal agus beidh sé abalta agat-sa go fóill. Adubhairt an seanduine le Fionn annsin nach seanduine saoghalta é ar chor ar bith, acht an aois, go raibh aois an tsaoghail uilig ina luighe airsean agus nach raibh iongantas ar bith ann, cuma granda do bheith air. D'iarr se ar Fhionn annsin dul do bhaile agus innis do gach duine caide mar do bhí an saoghal ina luighe air. D'fhág Fionn a bhean- nacht aige agus d'imthigh. Isí an óige an bhean mhaiseach, Isé an saoghal an fear cleasach, Isí an aois an dubh-chosach. *Crostacht = mischief, perverseness †Mongcuidh, monkey
Lá an Bhreitheamhnais Luan an tSléibhe Luan an léir-scris, Luan i mbéimid uilig faoi bhrón, Tuitfidh an t-aer anuas na chaora Lasfaidh an spéir is béidh an mhuir ag dóghadh. Ar treas béiceadh do chloig Mhic Dé Béidh gach aon dá bhfuil marbh beó Béidh gach aon aca i gcolann daonna 'S an t-anam gléigeal ar chruaich na ndeór. Crom anuas a pheacaigh is truagh thú Dean aithrighe luath, is tú féin do chaill; Is minic do luadh tú Mac Dé go uabhrach Is gan agat duais air budh 'nois da chionn, Tiocfaidh an uair ort i mbeidh tú buaidheartha, Fosglochar uaigh agus réabfar ceall, Béidh an t-anam truagh ag dul sa cholann uabhrach, Agus iad ag gluaiseacht go sliabh na mbeann. Tiocfaidh an deagh-Mhac an ceart do dhéanamh Is annsin a bhéas an coiste cruaidh, 'Na shuidhe ar bheinse os cionn síl Hébha A gcortha dha léigheamh agus a n-aighthe air suas. I leabhar Gaedhilg atá gach aon choir O chruthughadh an créatur go dteidh san uaigh, Gurb é adeireas Saetan do gh'aon fhear fheiceann Nach leigeann aon-neach dar chionntuigh uaidh. Tiocfaidh an mhaighdean bharramhail ghléigeal Cnapfaidh éadaigh agus lúbfaidh glún. "A mhic, nach mé fhéin do dhíol do oebghal 'S nach seo na séada ar raibh tú 'g diúl, Seo na maolroisg do shíl na deóra, Nach seo an chiabh do thuit 'na dual, Seo na méara chuaidh fríd do chréachta Anois na tréig mé agus mé faoi ghruaim. Trí ráithe i n-aonfheacht d'iomchar mé an deagh- Mhac 'S an oidhche dhéineach gan bean mo thruaighe I dteach gan léirsdíon i gcathair Bhetel I mainsear chruaidh na n-asal crón. Shiubhal mé sleibhte Braoin go léir leat Seachnadh Herod is tú gan siubhal." "A mhathair ghlégeal, atá an téicheadh deanta, Is beir leat an meid aca 'bhfuil agat dúil." An té chuirfidh 'dhochus i righ an duine, Agus Muire an óigh do ghuidhe 'nam Cúl do thabhairt do na mionnaibh móra Is gan cuid na gcomharsan thnu ná shainnt. A chroidhe do dhortadh in aithrighe roghlan, 'S gan faillighe 'n urnuighthe ar luas ná ar mall Síleadh deóra ag aifreann Domhnaigh, B' aoibhinn dóibh sliabh Sion ann. Nádur na ndaoine* Dhá thrian galair le aois, Dhá thrian baois le óige, Dhá thrian sainnte le saidhbhreas, Dhá thrian cainnt ar an phótaire. Nádur na haimsire Dhá thrian sneachta ar shléibhtibh, Dhá thrian gréine le beanna, Dhá thrian stoirm le hoidhche, Dhá thrian gaoithe le crannaibh. *Cf. Sean Focla Úladh, p. 316
Coláiste na Mumhan Beul Átha an Ghaorthaidh "Is dócha liom Goedil oldáit fir dhomain." L.B. 239, b 42. Scol re Gaedhilg atá i nUibh Laoghaire i gCondae Chorcaighe, i mBeul Átha an Ghaorthaidh go sanradhach. Is é adhbhar fár cuireadh an scol so ar bun do mhúineadh na glan Ghaedhilge agus modh múinte na Gaedh- ilge isna scoiltibh do fhoirbhiughadh. Do conncas do lucht cosnamha na Gaedhilge obair mhór do bheith le deunamh acht an mheitheal do bheith beag, agus ó thárla an Ghaedhealg féin ina gnáth-theangaidh ag muintir na háite reamh- ráidhte, do meas gorab oircheas an scol do bheith isan áit. Uime sin atá caoi ag na daoinibh theighid gos an scoil sin do fhoghluim na Gaedhilge agus modh múinte na Gaedhilge foghar ceart na bhfocal do bheith aca ó mhuintir na háite. Is tearc duine anois i nÉirinn nách cuala trácht ar an scoil sin atáim do luadh .i. Coláiste na Mumhan a ainm go coitcheanta Is eol do chách gorab í scol í do chéadchuireadh ar bun le lucht cosnamha na Gaedhilge a hocht nó a naoi de bhliadhantaibh ó shoin agus gorab í an phríomhscol fós í. Na hoidí atá isna Coláistibh eile ar fuaid na hÉireann gorab
mhaith an ní foill do thabhairt dóibhsin a mbeag- eoluis do mheudughadh agus do fhoirbhiughadh. Uime sin atá scol eile ann ar a dtugtar go coitcheann an Scoil Samhraidh. Ní headh a mheud go múintear an Ghaedhealg do leigheamh agus do thuigsion, acht cionnus í do labhairt, agus chuige sin bíonn an toradh as fearr ar an eolus do gheibhthear de chomhrádh béil. Eibhlín Ní Chróinín bhíos ag riaradh na scoile sin. Is iongantach an bhean í Eibhlín. Is aici atá an chaint chumh na micleighinn do ghríos- ughadh agus do ghlamhadh. Na daoine bhíos ag deunamh foghluma isan Choláiste mar as follus anois an deachar do bheith idir an scoil agus an coláiste, tagaid go léir gach lá ar a haon d'fheuchaint ar dhuine aca ag múineadh ceachta isan scoil samhraidh. Bíd na hollamh- ain go léir ann agus na hoidí go léir. Téidhtear arís don Choláiste agus deintear mionscrudughadh ar an gceacht agus dobheir an tollamh a mheas air. Gach oidhche, múintear amhráin na nGaedheal agus rinnce do na macaibh léighinn agus ina ndiaidh sin bíonn céilidhe nó sgoruidheacht aca isan halla mór. Is ann do chluintear na sceulta atá ag na daoinibh le cian de cheudaibh - is ann bhíos an ceol agus an rinnce nách ceol ná rinnce go dtí iad. Is ann bhíos an fíor-sprid nách féidir do dhuine do thuigsin nó go raibh sé aige, agus nách féidir do mhíniughadh. Feuch ná bíonn aon Bheurla iasachta ann agus ba cuma le cách dá madh ná raibh ar an domhan acht an Ghaedhealg. Tuig- tear as a bhfuil ráidhte agam ná bíonn easbadh spóirt orra i mBeul Átha an Ghaorthaidh, agus iomdha duine ag a mbíonn súil tar a ais aige le linn bheith ag fagbháil na háite dhó. Ní eile fós le taoibh an léighinn an meud gur léighinn é agus an aoibhnis .i. a liacht caoi atá ag macaibh léighinn an Choláiste agus na Scoile mar aon caidreamh do bheith aca le muintir na háite. Is ag na daoinibh se atá an ghlan Ghaedhealg. Is aca atáid na sceula agus na paidre agus is iad as toilteanach iad do thabhairt uatha, agus dá ndeinidís na mic léighinn a ndícheall chumh gach sceul agus gach sean-fhocal do bhailiughadh agus do chur le chéile, do bheadh gnó mór deunta aca. Sgíth liom ná téighid Gaedhil gus na Coláistí se ar fuid na tíre. Do ba usaide obair lucht cosnamha na Gaedhilge é. Truagh fós gan a leithéid de scoil de Choláiste na Mumhan do bheith i ngach áit i bhfuil an Ghaedhealg ag na daoinibh. Ní fada go mbeidh, le congnamh Dé, má leantar de an obair. Adhbhar eile fós fár chubhaidh an Coláiste do
ag smaoineamh ar an am do bhí. Atá Céim an Fhiidh i ngiorracht trí mhíle ón gColáiste, agus ní fada uaidh an Gleann Garbh ná Beanntraighe ná Cill Áirne féin. Atáid na háite sin iomráidhteach ar fuid an domhain agus uime sin is iomdha deóradh dochítear isan sráid bhig ar feadh an tsamhraidh daoine ó mhórthír na hEorpa agus ó Shasana Nuadh. Dála an Choláiste bíonn scol aca ó na deich ar maidin go dtí a dó dheug, agus ó leath-uair tar éis a dó dheug go dtí a trí. Múintear foghair agus Gramadach na Gaedh- ilge agus modh múinte na Gaedhilge do réir modh Berlitz. Bíonn taithighe ag na macaibh léighinn féin ar an modh so do chleachtadh mar bhas follus imo dhiaidh. Ní tabhartar teas- molta nó teisteimhin do aoinneach ag ná bíonn an modh so go maith aige, óir ní leor do mhúinteóir leighean ná labhairt na Gaedhilge muna dtig leis a múineadh. Múintear Laidin isan Choláiste fós, agus an múin- teóir bhíos ann .i. Máire Ní Chinnéide ó Bhaile Átha Cliath, ba deacair a sárughadh. Feadh mí Lughnasa dobheirthí léigheachta ar Ghae- dhilg na hAlban, agus an gaol atá idir í agus Gaedhilg na hÉireann. Ba mhaith sin. Is mithid anois "entente cordiale" do bheith againn le Gaedhealaibh na hAlban. Bráth- racha dhúinne iad. Agus na sean-sceulta agus na sean-fhocail atá againn is iad na sean-sceulta ceudna agus na sean-fhocail ceudna atá aca sin. Ag so mar adeir an tAthair Kent, O.S.C.: Ó do connarcas do lucht stiúrtha an Choláiste daoine do bheith ag teacht ann ag ná raibh an Ghhaedhealg ar fheabhas do meas gor
ann do folcadh a bhfurmhór isan léighinn chirt agus gorab ann fós théid gach aoinneach le narab mian teanga a shinnsir do fhaghbháil ar fheabhas. Bíodh a fhiadhnaise seo ar na sluaigh- tibh theighid ann gach bliadhna ó gach áird i nÉirinn, agus ó thíribh imchiana. Do bhí breis agus trí cheud mac leighinn ag deunamh foghluma isan Choláiste i mbliadhna agus an cheud bhliadhan do bhitheas ag obair ann, a raibh acht trí fichid ann. Measaim dá bhrígh sin gorbh fhiu tuarasgabháil na háite agus réim léighinn an Choláiste do chur síos go cumair agus is fearr liom sin do dheanamh an suim agus an spéis do bheith ag muintir Chuilm is na Coláistibh se ar fuid na hÉireann. Léightear i gclár oibre na scoile go bhfuil an Coláiste sé mhíle deug siar ó Mhaigh Chromdha, acht is fada na mílte iad. Léigh- tear isan leabhar cheudna go dtiocfá gus an scoil ar do rogha de dhá shlighthibh .i. an cheud shlighe dol ar an mbóthar iarrainn go Magh Cromdha agus annsin dol ar rothar nó ar an gcóiste mhór go dtí Beul Átha an Ghaor- thaidh. An cóiste mór so, téid gach lá ón nGleann Gharbh go dtí an port ag Magh Cromdha, agus tar ais arís go dtí an Gleann Garbh. Measaim gorab í seo an tslighe as fearr. Atáid na bóithre níos reidhe chum rothaidheachta agus is áilne an tír ioná mar atá ar an dtaobh eile. An meud bhaineas leis an slighe eile .i. dol ar an mbóthar iarrainn go Droichead Uí Mhordha agus ar rothar nó ar charbad as sin go Beul Áthha an Ghaorthaidh; na daoine thagas ó Bhaile Atha Cliath, is í an tslighe sin ghabhaid, acht ní foláir coinneadh do dheunamh roimh ré chum carbad do fhaghbháil ag Droichead Uí Mhórdha. Do-chuadhas féin go Magh Cromdha, agus má raghad ann arís do gheunad an rud ceudna. An lá do bhíos ag dul ann, ba í sin an cheud uair agam sléibhte Chiarraidhe do fheicsin i bhfad siar uaim, agus ba áluinn na cnocáin loma garbha ar gach taoibh de an bhothar. Gach foigse dá dtigtear don Choláiste iseadh is fiadhine agus is áilne an tír. Atáid Locha Inse Geimhle ar thaoibh an bhóthair le ceithre míle, agus atá an baile beag féin ar bhruach-imill na loch so. Teighid na mic léighin ag bádóireacht ar na lochaibh nuair bhíonn an aimsir breagh. Téighid fós gach tráthnóna amach go dtí an Guagán, áit inar bheannaigh Fionnbharra, agus atáid báid ar an loch isan áit sin mar an gceudna. Is maith do righne Fionnbharra an áit sin do thoghadh. Atá an t-oileán beag mar a raibh a cheall aige le feicsin fós. Atáid na sléibhte árda, garbha ann fós ós cionn an oileáin naomhtha do a dhídean ar cheallargain na haimsire, agus is aoibhinn bheith ag bádóireacht ar an loch agus
bheith ina leithéid de áit .i. an Ghaedhealg do bheith ag na daoinibh ina gnáththeangaidh ag gach líon tighe. Seanchuimhne a sinsear nGaed- ealach do bheith aca gan baint le Galldacht. Is amhlaidh atá aigne na nÉireannach indiu gan faic de an sean-chuimhne sin do bheith aca acht neithe agus smuainte do cuireadh chugainn ó Shasana do bheith againn ina ionad. Is mairg an té de a mbainfí a chulaith féin éadaigh agus éadach an fhir thall do chur air nách réidh- tigheann dó ar aon chor agus gan a fhios do ag an bhfear sin é do bheith ina staicín aiféis ós comhair an tsaoghail. Nách seacht measa an tÉireannach nách tuigeann an cheist se na Gaedhilge. Duine ag a bhfuil an Galldacht istigh ina aigne gan fhios dó agus gur dóigh leis go dtuigeann sé go bhfuil an eolas go léir aige. Nách aon mhaith bheith ag iarraidh an Ghaedhealg do chur ar láimh sábhála. Is truagh an duine sin. Ní bhfuil acht aon leigheas amháin le faghbháil dogheunadh maitheas dó. An galldacht do chur as a aigne agus seanchuimhne a shinnsir féin do chur isteach. Agus ní bhfuil slighe chumh an leigheas do chur i bhfeidhm níos fearr ioná tréimhse do chaitheamh i gColáiste Ghaedhealach. Annsan tuigtear gur féidir an Ghaedhealg do bheith ina gnáth- theangaidh ag muintir na hÉireann. Atáid iliomad de áitibh i nÉirinn mar atá an Rinn, na Blascoadaí, Árainn na Naomh, agus a lán eile do ba liosda do luadh anois, i bhfuil an Ghaedhealg ag na daoinibh gan aon Bheurla agus ní measaide sin iad. Éireannaigh iad go léir, agus aigne Gaedhealach aca. Gall- Éireannaigh na daoine bhíos ag caint, gan aon aigne aca. Na daoine theighid gus an Coláiste mar sin, tuigid an ní seo, agus innsid do dhaoinibh eile é. I mBeul Átha an Ghaorthaigh do ghníthear aoidheacht mhaith dosna scoláiribh. Atáid na tighthe saor compórtamhail, cuid aca níos fearr ná mar bhíos i mBaile Átha Cliath. Atá oifig ag lucht an phuist isan sráid bhig i bhfuil telegraf agus telefón aca. Uair sa ló .i. ar a deich beirthear leitre don Choláiste agus tógbhthar as ar a trí iad. Bíd sagairt ann gach bliadhna, sagairt riaghalta agus sagairt fairrche. Maith an comhartha é agus tuigid na daoine gor maith. Bíonn a lán airfeann dá léigheamh isan team- pull bheag gach maidin, agus is iongantach a mbíonn des na daoinibh ann ag an Aifreann agus a nglacann Comaoin. Nach maith an ní a leithéid do bheith ann, cliar agus tuath, buachaillí agus callíní, óg agus aosta, gach maidin ag iodhbairt an Aifrinn; gach tráth- nóna ag an Paidrín Páirteach, ag guidhe ar dTighearna agus a mháthar naomhtha iad féin do chur ar a leas agus muintir na hÉireann do chosnamh ó an ainsprid atá ag iarraidh iad do mhilleadh agus do thraochadh. Ba dhual riamh do Ghaedhealaibh bheith chráibhtheach agus urraim do bheith aca don chreideamh. Feuch gor móide neartuighthear agus biathtar an dual so dá mhéid suim bhíos ag duine in Éirinn agus in a mbaineas le hobair na Gaedhilge. Is féidir gurab é fáth atá leis sin a liacht cruadhtan agus gábhtar do fhuiling- eadar na hÉireannaigh isan aimsir in allód um an creideamh do leanamhaint agus an teanga do chleachtadh agus a liacht dlighthe do cumadh agus do cuireadh i bhféidhm i n-aghaidh na Gaedhilge agus an Chreidimh mar aon. Pé ar bith fáth atá leis is fíor é. Na daoine atá ag obair ag iarraidh an teanga do choimeud beó is ar lorg na naomh Éireannach atáid. Atáid ga obair as ucht a ró-ghrádha do Éirinn. Amhail adeirthear isan dán fada sin atá luaidhte le nár néarlamh féin .i. le Colm Cille, Dá dteagmhadh éug dála dhóibh, is ar mhéad grádha Gaoidheal. Dála na sagart anois, ní dána mise ar comhairle do thabhairt dóibh, acht atá ní amháin deimhnightheach .i. nách bhfuil dá mhéid do ghnídh do chongnamh leis an nGaedhilg nách eadh is mó sa chách raghas a nobair féin i sochar dos na daoinibh bhíos fá na gcúram. Agus ag so rud eile atá deall- raitheach munab deimhnightheach é .i. muna bhfuil seadh agus suim agus spéis aca i n-obair na Gaedhilge an feadh atáid ina macaibh léighinn isan Choláiste se is ar éigin bhias suim aca isan obair nuair do gheuntar sagairt díobh. T. de R.
Sgéilín Sean-bhean do bhí ann nach dtéigheadh chun an Aifrinn go minic, agus do chuir an sagart fios uirri lá. Dochuaidh sí chuige agus ar a filleadh tar a hais do casadh fear dí dár innis sí cúis a turais. Ag so shíos mar d'innis: - "Dochuaidh mé soir indiu chuig an tsagart Ó Friaghaill, is dochuaidh mé suas i n-a thigh féin. "Caidé mar atá tú indiu, a Nóra," arsa seisean. "Atá go maith, go raibh maith agaibh, a shagairt," arsa mise. "Bhall, a shagairt Ó Friaghaill, do chuir mo chomhursa dóigheamhail, Dimlic Ua Harrain, sgéala chugam go raibh gnó agaibh liom agus atáim annso anois le bhur gnó do fhuasgladh." "A Nóra," arsa seisean, "an raibh tú ag an Aifreann an Domhnach seo dochuaidh thart?" "Bhall, a shagairt, le cuidiughadh Dé, do bhí mise ag an Aifreann." Arsa seisean: "Caide an soisgeul do bhí ag an tsagart an Domhnach so thart?" "Bhall, a shagairt, atá meathadh bódhar orm* agus do bhí mé shiar i naisle na bhfear, agus idir mion-casacht agus meanfach móraidhe agus treasdal na ndaoine chan
fhuil a fhios agam caide do bhí sibh do rádh, acht atáim cinnte agus ro-chinnte go raibh sibh ag tabhairt teagaisg agus oideachais do bhur bpobal comh maith agus thiocfadh le pearsan sagairt do dhéánamh." Acht d'aithin mé ar a fhimineacht gur fa choinne cutail* agus snapail* do bhí sé. *Meathadh eisteacht is the common expression for deafness. I never heard meathadh bodhar except in this instance. *cutail, cutting *snapail, snapping
Beannughadh Thobair an Dúin Atá áit i dTír Chonaill a ngoirthear an Tearmann de, fa thuairim cúig mhíle siar ó thuaidh de Leitirceanainn, agus atá tobar beannuighthe ann. Istigh i lár portaigh atá an tobar sin, agus Tobar an Dúin an t-ainm atá air. Is é an fáth a dtabhairthear an t-ainm sin air, dún de chuid Chloinne Domhnaill, prionnsaí chlumhartha, chródha Thíre Chonaill do bheith ar mhaoil-árdáin atá i bhfogus do'n tobar; acht ní mórán de'n dún sin atá le feicsint anois ann. Budh ar chathaoir ríoghda ar an árd so do shuidhidís flaithe agus tríotha nuair do chuirthí an choróin ar a gcean- naibh. Tig na mílte chum turais do dheánamh* ag an tobar so gach aon bhliadhan, agus is mór go dearbhtha dóchas na ndaoine as uisge an tobair. Adeirtear go mbíonn leighis- eanna dá ndeánamh do shíor ann agus go bhfuil díbirt na bhfranncach agus na luchóg ins an uisge, aon áit i gcrathfaidhe é. Seo sceul d'innis mo mháthair damh agus baineann sé le beannughadh an tobair seo: "Lá amháin da raibh an Pápa ag rádh an Aifrinn, tháinig rud geal éigin isteach ar an altóir chuige i gcomhraidheacht aingil, mar do shíl sé. D'innis an teachtaire seo do'n Phápa gur aingeal do bhí ann tháinig ó Dhia le n-a threorughadh agus d'iarr air gan sgannradh ná eagla do bheith air roimhe. Do chreid an Pápa a sceul agus is air do bhí an lúthgháir do bheith i bhfochair an aingil. D'fhan an t-aingeal i gcuideachta an Phápa ar feadh tamaill fhada, agus iad ag seanchas agus ag comhrádh le chéile, agus an fealltóir bradach dá chur ar an tslighe cheart, ma b'fhíor. Dorighne an t-aingeal paidear a dtug sé "an gheal-phaidear" uirri. Thoisigh† sí mar so .i. "An gheal phaidear, a mhathar Pheadair," agus c. Ní fhuil an phaidear agam-sa, acht is cuimhin liom gur sin an tús do bhí uirri; do bhí sí uilig
go léir ag m'athair, go ndeánaidh an Rí an mhaith ar a anam. Thug an Pápa órdughadh í do rádh in gach chearn insan do- mhan, agus do bhí sin,‡ na daoine ag gabhail di§, mar nach raibh dath de locht le feiceal uirri, óir is cosa- mhail go dtig leis an diabhal é fhéin rudaí maithe, tait- neamha do rádh nuair is mian leis na daoine do mhealladh. Acht char
mar sin do Árd-leightheóir Ua Frighil, sagart do bhí i dTearmann 'san am sin; thug seisean droch- bharamhail don' sceul lom díreach, agus dubhairt nach dtiocfadh leis taobhadh ar bith do bheith aige insan urnaighe. Is é an deireadh do bhí air gur chuir an t-easbog i n-iúl do'n Phápa go raibh sagart 'na dhioghóise- sa nach ngéillfeadh do'n phaidear do rádh. Do chuir an Pápa cuireadh ar Árd-léightheóir dul chuige chum an cás do mhíniughadh. Do ghread an sagart leis agus ní raibh moill *Deánamh is the common Tír Chonaill form of déanamh. †Thoisigh = thosnuigh ‡Sin is to be accented in reading. The phrase na daoine ag dul dí is in apposition to sin. "That (the people practising it) was so." § Ag gabhail do (possibly rectius ag dul do) - "occupied with" and is of frequent occurrence in the following and similar phrases in Tír Chonaill; Ag gabhail do'n Pháidrin, "saying the Rosary"; ag gabhail a
cheól, singing (also ag gabhail cheóil) ag gabhail don fheur, working at the hay; ag gabhail dá ndinneir, taking their dinner. I am not aware that the idiomatic use of the verb, be it dul or gabhail, occurs in any combination except "ag + verbal noun."
ar an duine bhocht go dtáinig fhad leis an Róimh, agus nuair do shroich sé teach an Phápa, do thárla do'n Phápa bheith amuigh ag siubhal. ""Cá bhfuil an Pápa?" ars é leis an tsearbhfhóghanta. ""Ata sé amuigh udaí,* é féin agus an fear uasal tháinig chuige ar na mallaibh. ""Cia an fear uasal?" ""Atá, an t-aingeal." ""Atchím anois," arsa Árd-léightheóir. Ní raibh i bhfad go dtáinig an bheirt isteach .i. an Pápa agus a chompánach na féille. D'fhiafruigh an Pápa d'Árd-léightheoir cé'r bh'é fhéin. D'innis sé dó. ""An tusa," ars an Pápa, "an fear nach ngéillfeadh do mo dhlighe-se?" ""Ní hamhlaidh atá, a Athair urramaigh; dobheirim úmhlacht dod' dhlighe acht chá dtugam isteach do'n "Gheal-Phaidear." Agus an bhfuil a fhios agat cia h-é sin ag siubhal leat?" ""Is aingeal é. An bhfuil aimhreas ar bith ort 'na thaobh?" ""Is gairid go dtiubhra mise fios duit cia atá ann," arsa Árd-léightheóir, ag cur an ribín fa n-a mhuineal agus ag tois- iughadh do léightheóireacht go deár
se muc de'n aingeal ar dtús, agus insan deireadh thiar thall do chuir sé ar shiubhal na splannc theineadh é. "D'iarr an Pápa ar Árd-léightheóir malairt áite do dheánamh leis, acht dubhairt seisean gur bh'fhearr dóibh araon mar do bhí siad. D'iarr an Pápa air annsin fanamhaint thall insan Róimh aige, acht do chuir Árd- léightheóir suas† de sin fosta. Cibé mar do bhí, fuair sé beannacht an Pápa agus do bhain Éire amach comh tiugh geur agus do bhí in a chnámhaibh. D'fhág sé bata deas do bhí aige 'na dhiaidh thall, i dtigh an Phápa, agus do bhí brón mhór air do deár
se dear- mad de. Ag teacht dó fríd phortach an Tearmainn do casadh tobar air agus do chrom sé síos gur bheannuigh é. Innsin d'iarr sé athchuinge ar Dhia ma bhí brigh ar bith insan uisge É taisbeanadh do thabhairt dó.‡ Ní luaithe do bhí an focal amuigh ar a bheul ná leim an bata d'fhág sé 'na dhiaidh 'san Róimh aníos as an tobar chuige. Do thuig sé annsin go raibh buaidh insan uisge agus is minic do cruthuigheadh ó shoin é. Do chuir an Pápa fuagradh amach innsin gan duine ar bith an "Gheal-Phaidear" do rádh ní budh mhó." Sin an sceul anois. Tá sé an-choitchean imeasg muinntire na tuaithe, acht ní fhuil a fhios agam cá mheud de'n fhírinne atá ann. Atáim deimhnightheach go bhfuil paidear ann a ngoirthear "an Gheal-Phaidear" di, acht ní shílim gur b'é an mac mallachtain do chum í. Cibé mar atá, is é mo bharamhail go síleann cuid mhór de na daoinibh gurbh é an diabhal dorigne í, agus, mar sin, ní maith leó bheith ag a rádh. Páidín Dubh. *Udaí = annsud. †Cuir suas de = diúltuigh. ‡Recte É do thabhairt taisbeánadh
dó
. "Then he petitioned God to give him a sign if there was any virtue in the water." Atá an Gheal Phaidir insan leabhar do b'ainm "Abhráin Diadha Chúige Chonnacht," ar leath- anach a 363. "An Craoibhín" do chuir annsin é, agus is iomdha dóigh atá aige air. An Phaidir Gheal
Go mbeannaightear dhuit-se, a Phaidir Gheal. - Go mbeannaightear dhuit-se féin. - Cár chodail tu aréir? - Mar ar chodail mac Dé. - Cá gcodaileochair anocht? - Mar a gcoidileochaidh na bocht. - Cá gcoidleochair i mbárach? - Ag doras cúirt Phádraig. - 'Dé sin rómhat? - Dhá cheud aingeal. - 'Dé sin i do dhiaidh? - Dhá cheud aspal, - 'Dé sin ar do lámh dheas? - Buidéal uisce coisricin thug Muire máthair domh-sa ag deunamh an eolais trí sna bóithre ar dearg-lasadh. Is maith dhom anam, is maith dhom cholann; is maith an dá eochair deug tug Íosa Críost domh-sa dh'oscaileochadh dhá dhorus deug na bhflaith- eamhnas, agus do dhúnfadh poillíní ifrinn. Fuil ar linn, fuil ar lár, luthgháire sa tig úd thall. Fleasc óir meán a chinn um a cheann>, an choindeal shoillseach in a láimh. - An té dheurfadh an Phaidir Gheal, agus í do rádh gach lá, do-gheobha sé neamh le toil na n-uaisle. M. Ó S.
Sgéal Fhinn Mhic Chumhaill Dochuaidh bean uasal amach ag aeridheacht lá agus bean cuingilligheachta* in' aoin- fheacht léi. Do bhuail réice bhuachalla amuigh uimpi do phós na haimhdheóin í. Bhí náire uirri annsin filleadh abhaile, agus isé rud do dhein sí féin agus a bean coingilligheachta* imtheacht leó féin
gan filleadh a thuilleadh. I gcionn trí ráithe dobhí mac aici, agus an méad ná borradh an lá, do bhorradh an oidhche go raibh sé seacht mbliadhna. Do casadh é féin agus a mháthair ar ínse go raibh báire ann agus do shuidheadar ar chlaidhe na hínse. Do leig duine uaidh a chamán agus do rug an garsún ar an gcamán. Do dhírigh sé an liathróid ar fuaid na hínse, ag bualadh na liathróide leis an gcamán. Bhí sé ag éirghe i n-áirde i gcoinne na liathróide, bhí sé chomh luathmhar sin. Mo ghraidhn go deó thu, a Fhinn ghléigil, adubhairt duine de na fearaibh. Go mairidh tú t'ainm agus do shloinneadh, a Fhinn mhic Chumhaill mhic Airt, adubhairt an bhean. Do bhí Cumhall mac Airt ar an gcu- thalán† <.i. ar an ínse>, agus d'fhéach gach éinneach air nuair dubhairt an bhean Fionn mac Cumhaill mic Airt. Freagarann sin duitse, ar siad, nó an bhféadfadh an sgéal bheith amhlaidh? Chuimhnigh sé ar an gcúrsa saoghail ghabh thairis agus adubhairt sé go bhféadfadh. Cheapadar annsin an garsún do bhaint dí, agus d'airigh sí é, agus is é rud do dhein sí, breith‡ ar an ngarsún agus é do bhualadh ar a drom agus rith. Is gairid chuaidh sí, mar bhí an garsún trom, nuair bhí sí buailte amach aige, agus is é rud do dhein an garsún annsin an máthair bhualadh ar a dhrom, agus isé cuma gur chuir sé chuige í, a ceann do bhualadh fúithi isteach, agus breith i n-áirde ar a dhá láimh uirri annsin ós cionn a chinn. Bhí sí i n-áirde ar a ghuailnibh annsin agus is gairid 'sa choill do chuaidh sé, nuair bhuail sé buille dá ceann ar ghéag crainn agus do mharbh sé i d'aon iarracht, slán mar a n-innstear é. Agus ní raibh a fhios aige chum go dtáinig sé amach as an gcoill go port abhann. Ní raibh pioc don cheann uirri nuair tháinig sé amach as an gcoill gan bheith bainte ag géagaibh na gcrann dí. Do leig sé uaidh ar phortán na habhann í, agus do dhein sé poll i bportán atá ann agus do chuir sé a bport na habhann í. Agus is é ainm atá ar an gCondae ó shoin agus bheidh go deó, Con- dae Phort Láirge, ó's é Láirge b'ainm don mnaoi. D'imthigh an garsún annsin gan athair gan mháthair. Níorbh aon mhaith dhó an t-athair bheith ina bheathaidh mar níor dhein sé aon mhaitheas dó riamh. Agus bhí coileán i n'aonfheacht leis go dtugadh sé Bran air. Bhí sé ag cur de annsin agus ná feidir sé cá ngeobhadh sé. Chonnaic sé deatach caol uaigneach ag éirghe amach ó bhun cairrge agus do dhein sé fé dhéin an deataigh. Dubhairt sé go raibh rud éigin ann go raibh an deatach ann. Is é duine bhí ann ná an § duine a dtugaidís an Gruagach Leath-chaoch Ruadh air, ag róstadh bradáin, adubhradh go raibh fios ann. Bhí sé seacht mbliadhna ag iasgaireacht** ar an mbradán sara rug sé air, agus bhí sé seacht mbliadhna eile á róstadh annsin a d'iarraidh¶ an fheasa a bhaint as. Agus bhí *Coimhdeachta. coinnleachta in Decies. †cúlán > ‡There is no sign of ná here. See other places in the story, and cp. Stories from the Táin, p. 30. Is é fer do génad in ngním Cuchullainn. This ná must be num- bered among the sins of analogy. §Contrast note‡ **Cp. M. 74. Ac dubánacht fair ¶.i. ag iarraidh
sé ar bior ar aghaidh na teineadh amach agus é
á chasadh i gcomhnuidhe, agus dubhrad dá n'eirgheadh aon chlog ar an mbradán, go raibh an fios gan mhaith, agus d'fhiafruigh sé ar* an ngarsún an gcasfadh sé an bradán tamall chum go gcodladh sé greas. Agus seo fáinne dhuit, ar sé, agus cuir ar do mhéar é, agus má thagann codladh nó ocras ort, ar seisean, feuch ar an bhfáinne agus ní thiocfaidh pioc ort. Fáinne draoidheachta b'eadh é. Ní raibh sé acht a chodladh tuitithe ar an nGruagach nuair d'éirigh clog ar an mbradán ó na chluais go dtí a eirball. Do bhuail sé an ordóg isteach ar an gclog, agus do bhris an clog agus do rith an t-uisce beirthe amach ar an órdóig, agus le neart teinne an losctha fuair an órdóg, sháith sé an ordóg suas ina bhéal, agus do dhírigh sé ar í
chogaint. Agus is amhlaidh
rith an fios chuige, an fios a bhí sa mbradán agus a bhí ag nGruagach a d'iarraidh é d'fhaghbháil, is é Fionn fuair é. D'ith sé féin cuid den bhradán annsan, agus thug sé tuilleadh dhe do Bhran, dá ghadhar, agus d'fhan blúiridheacha don bhradán ar fuaid an talaimh na ndiaidh, agus do tháinig an fiach dubh agus do dhírigh sé ar iad do phiocadh. Atá an fios ag an bhfiach dubh ó shoin. Annsin dubhairt Fionn leis féin go marbhóchadh an Gruagach é, nuair dhúiseóchadh sé. Níor dhein acht breith ar an mbior, bhí sé dearg ón dteinidh, agus sháith sé an bior i súil an Ghruagaigh, agus ní raibh aon radharc i n-aonchor ag an nGruagach annsan. Do rith Fionn annsan agus do rith an Gruagach ina dhiaidh agus gan aon radharc aige. Cá bhfuil
tú, a fháinne, ar an Gruagach. Atáim annso ar mhéirín, ar an fáinne. Bhí sé ag rith i gcomhnuidhe agus an Gruagach ina dhiaidh agus an fháinne† ag freag- airt don Gruagach. Draoidheacht do b'eadh é. Bhí Fionn i san rith a d'iarraidh an fáinne a shracadh dá mhéar agus do shrac sé de é 'sa deireadh. Bhí sé teanntuighthe leis an bhfairrge ag an nGruagach, agus do chaith sé an fháinne le faill na fairrge. Cá bhfuileann tú, a fháinne, arsan Gruagach. Atáim annso, ar mhéirín, arsan fháinne, agus é caithte le faill na fairrge. Do lean an Gruagach fuaim na fáinne agus do léim isteach san bhfairrge, agus do báthadh é. Bhí an fios ag Fionn annsin gan baoghal ón nGruagach. Sin a bhféadfainn innsint den sceul, agus d'innseas é díreach mar airigheas féin é.
*leg. de. †Fáinne is both masc. and fem., in story. Paidir le Rádh do dhuine ag faghbháil bháis. A Rí dhil Dia hAoine is a athair chomhachtaigh, dein díon dom san oidhche is fair sa ló me. Má taoi chum mé bhreith sa tslighe seo ná feaca fós dein díon dom choidhche ar bheatha na glóire. A Dhia na n-aingeal is a charaid na dtruagh bhochtán, dein díon do mh'anam a bhanaltra an uain ghil bháin, Bí am dhíon am theagasg gach uair is tráth, 'sa Mhichíl aingeal, bí agam ar uair mo bháis. A Mhichíl naomhtha, glaodhaim ar a ainm, A Naoimh Eoin Baiste grádhaim thú. Na haingil go léir go ndeinid díon dár nanam, Ar uair an chatha nár tháinig. Nuair bheidh ár súla 'gá ndúnadh is ár mbeul 'gá leathadh, is ár gciall ag imtheacht chumh fáin uainn, Ár gcúis 'gá ghlaodhach is an teurma caithte; Dia le nár nanam an lá sin. A Thighearna na dTighearnaidhe dfhulaing* an pháis, is do stialladh† le hiarann ó bhathas go sál, 'Na dhiaidh sin do-chuaidh tighearnacht na cruinne ar do láimh a Dhia dhil is ag iarraidh‡ do chomairche atáim.
*SL. d'fhillig. †SL. stiallamh, "was rent asunder" ‡SL. a d'iaraidh
Rann Bhuaidh Phádraig Molfaidh mise Rí na ndúil Aon Mhac Muire le deagh-rún, Sciath chúmhdaigh na n-aigh, Lann tréan na naomh 's na naspal Crann dídine gach duine, Deagh-mhac Muire mór-ghlainne, Réalt eólais an domhain duinn, A mholadh is cóir go coitcheann. Moladh Íosa gile le mian Is do gach aon is comaoin. Gnúis níos deallraighe na an ghrian Ar shaoghal nach dearn an-mhian. Crann ciúin is milse toradh Geug ar dhual dó deagh-mholadh; Faghthar aige sochar na ngrás Gan dochar is gan dólas. Rí na righthe do dhóirt a fhuil 'Gus táinig go dian dár gcabhair, Cuireadh masla daor air linn Dár saoradh ar lasair ifrinn. Rí na ndúil agus rí neamh, Craobh chiúin agus gnúis ainglidhe, Cabhair gnáth na maighdine mín, Congntóir caich go coitcheann. Pronntóir grás ar té dhar chóir, Crúightheóir caich ar chéad dóigh. Deallradh gnáth i na ghnúis ghil, Nach mealltar le rún mheathamhail. Gnúis bhuaidheartha mhín gan cheilg Ariamh nach fionnadh le fíor-fheirg Abhall ciúin na dtoradh trom Scaipeas a chnúis go cothrom. Breitheamh ceart marbh agus beó, Rí nach dean a chlaochlódh, Scaoileas a ghrasta fa seach Choidhche ar chach is aon-neach. A rí céadna luaidhtear linn, Do shaothruigh cach go coitcheann, Ná leig m-anam i bpéin go grod, Aon Mhac Muire do m'fhortacht. "Abair an phaidir seo ocht lá do anam i bPurgadoir agus sgaoiltear amach é; abair ar maidin é agus ní thuitfe tú i bpeacadh marbhtha an la sin; abair uair ar bith é agus gnothochai tú lóghadh mór." 7. Donn, g., duinn, adj., entire, whole
9-10. To praise Jesus of Brightness, with zeal - it is for each one that it is obligatory. 12. Who while in the world did no deed of excess(?) 24. congtóir, pronounced có-antoir by the Reciter. 30. Fionnadh, flushed, according to a local interpreter; fionnaim, know, examine, see, recognise, find,
. 32. Cnúis
, probably the same word as cnuas, collection, treasure, 34. Dean = déanann
Gearóilt Ó Dochartaigh Do bhí fear na chómhnuidhe uair amháin i Leitir- mhic-a-Bháird, i mbaile a dtabharann siad an Dúthaigh air, darb ainm Gearóilt Ó Dochar- taigh. Do bhí an fear so an-fhéidhmeámhail agus do bhí an oiread sin cumhachta aige go raibh anam duine ar a chumas ag gach sesiún i Leith-bhior. Do imthigh sé go Leith-bhior uair amháin agus do bhí beirt fhear le crochadh an t-am so, fear aca saidhbhir agus an fear eile aca bocht. Ní raibh duine ar bith le labhairt ar son an fhir bhoicht acht amháin cailín aimsire do bhí ins an tigh ósda i raibh Gearóilt ag baint faoi. Do labhair an cailín le Gearóilt an lá roimhe lá na cúirte agus do ghuidh sí air an fear bocht do shaoradh ar an chroich. Do gheall Gearóilt go saorfadh acht tamall beag na dhéidh sin do casadh daoine muinntireacha an fhir shaidhbhir air agus tug siad cuireadh dó chuig féasta. Tháinig Gearóilt chuig an fhéasta, agus ní raibh i bhfad go raibh sé rud beag súgach, agus d'iarr duine inteacht <éigin> air annsin beatha an fhir shaidhbhir do shábhail agus tug Gearóilt geallamhain go sábhalfadh. Ar maidin lá ar na bhárach nuair do bhí an bheirt le crochadh, agus nuair do fiafruigheadh do Ghearóilt cia aca do'n bheirt ar mhaith leis bheith saor dubhairt sé gur mhaith leis an duine saidhbhir do shaoradh. Mar sin d'imthigh ar fear saidhbhir slán agus do crochadh an duine bocht. Nuair do chualaidh an cailín aimsire an duine bocht do bheith crochta indéidh Ghearoilt geallamhain do thabhairt dí féin go sábhálfadh sé é, do imthigh sí an meud do bhí i n-a corp go siopa do bhí ins an bhaile-mhóir agus do cheannuigh sí nimh. Tug sí an nimh do bhaile léi agus nuair do bhí sí ag glanadh buataisí Ghearóilt do dhóirt sí an nimh isteach ionnta agus d'fhág ag a sheomra iad. Do éirigh Gearóilt go luath lá ar na bhárach, mar do bhí sé ag bráth ar dhul siar do bhaile go dtí'n Dúthaigh. Do bhí coiteóir dó na chomh- nuidhe shiar i mBeul an átha mhóir agus budh mhaith leis teach an choiteóra do shroichint roimh tuitim na hoidhche. Do réir mar do bhí Gearóilt ag tarraing siar do bhí a chosa ag éirigh níos frithire agus ní raibh a fhios aige caidé dob' adhbhar leis. Do éirigh sé níos measa agus níos measa go dtí gur bheag nach raibh sé i n-innmhe fanacht ar dhruim an chapaill. Ar chuma éigin do shroich sé Beul an átha mhóir agus do bhí an coiteóir ag fuireacht leis. Dob éigin dó cuideadh le Gearóilt teacht anuas ón chapall do bhí sé chomh lag sin. Do chuaidh sé i luighe agus ní raibh i bhfad na dhiaidh sin go bhfuair sé bás. Comh luath agus fuair Gearóilt bás do chuir an coiteóir teachtaire síos go dtí'n Dúthaigh le sceula chuig an bhean. Ins an bhaile ar an Dúthaigh do bhí cláirseach mhór. I bhfad roimh an am so adubhairt sean- duine éigin le Gearóilt go mbrirfeadh teud ins an chláirsigh so an uair do-gheobhadh sé bás. Ar an ádhbhar sin tug Gearóilt aire mhór do'n chláirsigh agus do chongaibh istigh i gciste luach- mhar í. An oidhche i bhfuair Gearóilt bás do bhí a bhean 'na suidhe ag an teinidh insan bhaile, agus le sin cluin* sí an fhuaim íongantach tríd an teach. Ar dtús ní raibh a fhios aici faoi'n spéir ca h-as a dtáinig an fhuaim acht fa dheireadh do smuaintigh sí ar an chláirsigh. Do chuaidh sí go dtí an áit i raibh sí, agus do shómhruigh† sí go raibh teud briste. Do chualaidh sí roimhe sin sceul an tseanduine, agus anois do bhí a fhios aici go raibh Gearóilt marbh agus d'imthigh sí do chuartughadh a chuirp. Nuair tháinig sí fhad leis an Dubh-charraig, do casadh an teachtaire uirri. D'innis sesean dí iomlán mar thuit amach agus an dóigh uathbhásach i bhfuair sé bás. Ar sgor ar bith do cuireadh Gearóilt agus ón lá sin go dtí'n lá indiu is iomdha uair d'inniseadh sceul air, agus is iomdha amhrán dorighneadh fa dtaobh dé. Féidhlim ó Baoighill *Cluin = 3rd pers. sing. present † Sómhruigh = sonnruigh "Is olc d'áite fhéin macha mbhus fhearr 'na áite coimhtheach," "Your own place is bad if it will not be better than a strange place." - Sean-fhocal atá aca inGleann-Con-Canaidh i gCondae Doire.
Sean-duine ná fuil aon Bhéarla aige adubhairt an chaint seo, ag féachaint ar bháire dó: - An sean duine: - "Is deas iad na buachaillidhe aniar. Mo sheasamh ortha! Neart agus fuin- neamh agus aicillidheacht, a dhuine... Togha na bhfear agus togha na h-imeartha! A sárughadh ní'l le fágháil san dúthaigh seo- agus buaidhfid." Do labhair fear eile, duine de lucht an Bhéarla bhriste, agus ag so mar adubhairt: - Is feárr na buachaillidhe aniar, agus beidh an "majority" aca le "fair-áltacht." "Practice" a dhein dóibh é. Acht is breagh láidir na fir iad, bail ó Dhia ortha, agus tá siad "act-ála" go maith. Pé scéal é ní fuirist an "majority" d'fhagháil ortha." Ag so mar do labhair buachaill óg atá 'n-a scoláire mhaith: - "Ambasa ná fuil siad go holc, na buachaillidhe aniar. Tá cuid aca atá an- láidir agus tá an-rith aca. Tá an-thaithighe aca, agus is deacair buadhachtaint ortha. Cuirfidh mé geall leat go mbuaidhfidh siad." Is é an rud amháin do bhí ag a rádh ag an triúr, acht ní dhubhairt aon neach aca mar ba chóir é acht amháin an sean-duine. Do frith cainnt an triúir sin i n-aiste do scríobh Pádraig ua Niallagain. Do bhí óigbhean ann tráth a mbíodh beirt fhear ag suirghe léi. Do thigeadh fear aca ag amharc uirri go minic, acht ní raibh áird aice air-sean, agus b'fhearr leí i bhfad an fear eile do bheith ag teacht. Lá amháin i dtáinig an fear nach raibh áird aice air, adubhairt sí leis Sé do bheatha, a Mhinic a thig! Is truaighe nach dtig Minic nach dtig Leath chomh minic le Minic a thig. S. mac F.
Dólás Mhuire Cois na Croise "Domhnach Dala" cct. I. "Mo mhac, m'uan, imbrón na bpian 'Tchím thú le dólás mór croidhe, Táir crochta céasta, mo chiach, Tá tocht 'mo chliabh astuigh. II. "An lámh - deargadh í go dúr, Nar árduigheadh acht le beannughadh 'San chos fós nar lag a lúth, Le caoiri caillte do shlánughadh. III. "Uch, tolladh an taobh, mo chreach! Gonadh an chruidhe le geur-gha, Acht do mhaith Íosa do chách, Gan fearg gan fuath do aon-neach. IV. "Ní'l suaimhneas duit ar an chrois, I luadhail bháis atáir anois, Ar taca tairnge borb Tre láimh laig agus gealchois. V. "An chros a leabaidh gan clúmh, Gan slacht gan sogh gan sámh-shuan Níor thréig duadh acht d'eug le dúil Cách do thabhairt go bail bith-bhuan. VI. "Ar son tarcuisne táire, Croiche is marbhtha mór-náire D'iarr ar a athair go dian A maitheamh - focal fíor-chaoin."
Fírinne agus foighde, Gradh Dé agus duine, Aithris uaim d'fhir
is mná
Agus sin an dlighe go huile. Faillighe maidne is mairg doghníos é, Atá fios na faillighe ag an Árd-righ, Atá an phaidir i n-a ór-dhearg Dé, Agus blas na meala ar an Ave Mária.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services