Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Cháisg 1911

Title
An Cháisg 1911
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1911
Publisher
M. H. Gill agus a Mhac

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Irisleabhar Mhuighe Nuadhad



Leabhar 1



An Cháisg, 1911



Uimhir 4



Is é seo an treas bliadhain deug do chuallacht
Chuilm Cille ag deunamh leabhar agus is iad
na leabhair dorighneadar ar feadh na haimsire
sin .i. trí leabhair deug den chineul leabhar a
dtabhairthear magazines orra i mBeurla, agus
is é an leabhar so an treas leabhar deug díobh
sin; ceithre leabhair seanmóireachta, mar atá
Seanmóirí Mhuighe Nuadhat I., Seanmóirí
Mhuighe Nuadhat II., Seanmóirí Mhuighe
Nuadhat III., agus Seanmóirí Easbuig uí
Ghallchobhair; dhá leabhar beag dá ngoirthear
Éigse Suadh agus Seanchaidh agus Mil na
mBeach (is amhlaidh atá an dá leabhar sin,
cnuasacht de ghlan Ghaedhilg ár sinsear do
bheith ionnta idir prós agus filidheacht, maille
le gluais agus sanas); agus drama darab
ainm Eoghan Ruadh ua Néill.



Maidir leis na magazines reamhráidhte, is
amhlaidh atá siad sin, Gaedhilg agus Beurla
do bheith ionnta. Agus an Ghaedhilg atá
ionnta, is beag nach glan-Ghaedhilg í go léir.
Fuaireas ins na seinleabharaibh cuid dí, agus
an chuid eile dí caint daoine nár chailleadar
féin ná a seacht sinnsir rómpa an Ghaedhilg
go nuige seo í. An Beurla fós atá ins na
leabhraibh ar a bhfuilmid ag trácht, is beag nach
mbaineann sé go léir le muintir na hÉireann
agus is mór meud an eólais atá le faghbháil
ann, agus is mór fós a áilneacht ionnus go
dtaithneochadh a léigheamh go mór leat. Acht
bíodh a fhios ag an léightheóir nach bhfuil acht
naoi gcinn de na magazines so ar díol anois,
óir na ceithre cinn aca dorighneadh ar dtúis
do ba chuallacht Chuilm Cille amháin dorigh-
neadh iad sin, agus ní craobhscaoileadh don
choitcheannacht iad i n-aon chor.



Iomthusa an leabhair se .i. Irisleabhar
Mhuighe Nuadhat, 1910-11, is iontuigthe as
féin cá bhfuaireas a urmhór agus an meud
de nach iontuigthe as féin cá bhfuaireas é,
bíodh a fhios ag cách i gcoitchinne gur mic
léighinn áirighthe atá insan choláiste se againn
do chum an méud sin, acht tre thréun náire
no tré treun umhlaidheachta nach maith leo a
n-anmann do nochtadh. Maidir le n-a bhfuil
de Ghaedhilg ann is beag dí do chum mic
léighinn Mhuighe Nuadhat, agus is truaighe linn
sin. Acht an meud do chumadar dorighneadar
iarraidh ar í do chumadh do réir riaghlach agus
nósann ar sinsear, gan blas an Bheurla
do bheith air. Acht ós de na macaibh léighinn
ceudna sinne ní cneasta dúinn a n-aiste do
cháineadh ná do mholadh. An t-aiste darab
tiodal Do Scríobhadh na Gaedhilge do iarra-
ar ar Mhicheul ó Síothcháin, sagart agus
ollamh, é sin do scríobhadh, óir do shíleamar
go bhfuil eólas ar scríobhadh na Gaedhilge
do dhíth orainn go léir agus gurab eisean an
fear is fearr i nÉirinn chum an eólais sin
do thabhairt dúinn.



Dá sílfeadh aon neach ná fiú an leabhar so
do dheunamh, bíodh a fhios aige gur shíl cuallacht
Chuilm Cille gur fiú a leithéid do leabhar do
dheunamh gach bliadhain le trí bliadhna deug,
agus go bhfuil creideamhaint mhór ag dul
dóibh mar gheall ar na leabhraibh sin. Ní fhuil a
fhios againn cia aca an bhfuil an leabhar seo
comh maith leis na leabhra eile sin nó nach bhfuil,
acht is é shílmid, muna dtiocfadh leis an
dream do bheadh i gceannas ar chuallacht
Chuilm Cille aon bhliadhain leabhar comh maith
le leabhra na ndaoine dochuaidh rómpa do
dheunamh, go mba chóir dóibh leabhar éigin do
dheunamh mar shompla dos na daoinibh thiocfas
i na ndiaidh ionnus go leanfar ar an nós do
bhí ag cuallacht Chuilm Cille i gcomhnuidhe .i.
irisleabhar do dheunamh gach bliadhain. Má
dheunfar sin, is dócha gurab é thiocfas as
go ndeunfar corr leabhair mhaithe rachadh i
sochar do chách dá léighfeadh iad. Rachaidh gach
leabhar fós i sochar dos na daoinibh dheunfas
é, óir do-gheobhaid trí sochair ar leabhar do
dheunamh. An cheud sochar díobh tiocfaidh
feabhas ar a scríobhadh le linn adhbhar leabhair
do scríobhadh dóibh. An darna sochar cuirfidh
an scríobhadh sin misneach orra, ar ndóigh nach


L. 4


mbéidh eagla ná faitcheas orra dul i gcionn a
bpeann arís nuair bheas riachtanas leis. An
treas sochar gur fearrde a n-eólas é do chur
i scríbhinn óir bí an t-eólas cosmhail le snáth.
Nuair bhíos an snáth i n-aimhréidheacht ní féidir
úsáid do dheunamh de go dtí go réidhteochaidhe
é, agus is doiligh fadalach a réidhteach go
minic. Mar a gceudna don eólas, ní bhí a dhath
de mhaith ann nuair bhíos sé i n-aimhréidheacht,
agus is é an dóigh is fearr le n-a réidhteach é
do chur i scríbhinn. Acht atá adhbhar eile far
chóir a leithéid se de leabhar do dheunamh i
dtaobh amuigh de na socharaibh dogheibh lucht
a dheunta agus lucht a léighte as, agus is é an
t-adhbhar sin, gur deas agus gur cóir an rud
é tuairisc cuallachta Chuilm Cille do bheith
i leabhar mar chuimhniughadh ar a n-imtheachtaibh.
Ar na hadhbharaibh sin shuas dorighneamar an
leabhar so i mbliadhna, agus measmuid go
mba chóir dos na daoinibh bhéas i n-ár n-áit an
bhliadhain seo chugainn agus gach bliadhain i n-a
dhiaidh an ní ceudna do dheunamh.



Má chluin tú mise do mo cháineadh,
I mbaile mhór no i mbailtibh
Ná bhí orm fear mar cách,
Ná cáin agus ná cosain.



Obair Muintir Chuilm Cille.



I Roinn Mhuire.



Buidheanta na Gaedhilge. Is é is
buidhean na Gaedhilge ann, beirt nó triúr nó
ceathrar nó cúigear ag siubhal i gcuideacht a
chéile agus iad ag léigheamh nó ag cainnt as
Gaedhilg le linn siubhal do dheunamh dóibh.
Bíonn duine amháin i ngach buidhean a bhfuil a
Ghaedhilg aige go measardha maith; eisean
"an máighistir," agus bionn na daoine eile
ag foghluim na Gaedhilge uaidh.



Do bhí fa deich mbuidhean fichead den chinel
sin buidhean i Roinn Mhuire fa Shamhain.
Acht do briseadh cuid mhór aca ó shoin, agus níl
acht fa dhuisin aca ann ins an am atá i láthair.
Is dócha go leanfaidh a bhfuil aca ann anois
ar chleachtughadh na Gaedhilge go dtí Domhnach
Cásga. Acht i ndiaidh na Cásga ní bhí mórán
mac léighinn ag gabháil do'n Ghaedhilg acht
amháin iad seo a dtig an Ghaedhilg go réidh leó,
óir bí barraidheacht stuidéir chruaidh eile le
deunamh aca annsin. Ar an adhbhar sin, meas
muid gur beag nach bhfuil an oiread foghluma
is deunfar ar an nGaedhilg i Roinn Mhuire
i mbliadna deunta cheana féin, agus is dóigh
liom gur mó é ná an meud dorighneadh
ins an roinn ceudna anuraidh.



Do cuireadh comh-chruinniughadh ar chuallacht
Chuilm Cille idir a bhfuil i Roinn Mhuire
agus i Roinn Iosef trí uaire ó cuireadh cló
ar an Irisleabhar anuraidh. Do bhí an cheud
chruinniughadh díobh ann coicighis i ndiaidh na
Cásga, agus tug fear ceannais cuallachta
Chuilm Cille go léir, .i. an dochtúir Seumas
mac Fhionnlaoich, agus uachtarán luchta
ceannais i Roinn Mhuire .i. Brian mac Eutain
tuairisc ar imtheachtaibh na bliadna uatha i
láthair an chruinnighthe sin. Nuair do bhí
tabhairt na tuairisce deunta, do bhítear ag
gabhail amhráin agus ag imirt cluiche no
drama darab ainm "Toradh na Troda," ar
feadh uaire go leith an chluig.



Do bhí an darna cruinniughadh díobh ann i
meadhon Octóber. Is é Pádraig ua Cléirigh


L. 5


do bhí i n-a cheannas sin, siocar is nach raibh
Pádraic ua Conghaile ins an choláiste ins an
am. Do bhí an Dochtúir mac Fhionnlaoich
agus an tAthair Pádraig mac Suibhne i láthair
freisin, agus do labhradar araon os comhair
an tsluaigh ag iarraidh tabhairt orra gabhail
do'n Ghaedhilg d'fhoghluim go dian duthrach-
tach. Do bhí an dá chruinniughadh sin ann do
réir an gnáthuighthe agus an chirt do bhí ag
cuallacht Chuilm Cille i gcomhnuidhe, acht tug
uachtarán an choláiste .i. an Dochtúir
Domhnall ua Mannix, cead speiséalta uaidh
an treas cruinniughadh do bheith ann, siocar is
go raibh an tAthair Pádraig ua Conghaile ag
teacht ar cuairt chugainn indiaidh gradh na
sagartachta do fhághbhail dó. Do bhí Pádraig
ua Cléirigh i gceannas an cruinnighthe sin
freisin, agus do léigh Pádraig mac Fhionn-
bhairr litir i n-ainm na maic-cléireach ag
móladh Phádraig uí Chonghaile de bhárr a


L. 6


shaothair chum foghluma na Gaedhilge do chur
chum cinn. Do bhí sé ins an litir gur mhúin
Pádraig an Ghaedhilg do níos mó daoine
agus go dtug sé ar níos mó daoine an
Gaedhilg do fhoghluim ná aon mhac-léiginn
eile dá raibh i Muigh Nuadhat le n-ár linn
agus is í sin an fhírinne. I ndiaidh na litre
do chluinsin dó do labhair Pádraig ua Con-
ghaile agus tug buidheachas do n-a lucht
éisteachta ar son a gcineáltais dó, agus
do chuir d'athchuingé orra leanmhaint ar an
ghnáthughadh ba mhó ba mhian leis féin do bheith
aca go léir .i. an Ghaedhealg do labhairt
le n-a chéile i gcomhnuidhe. I n-a dhiaidh sin,
do bhítear ag gabháil ceóil agus ag damhsa
mar is gnáth nuair bhíos cruinniughadh cuallach-
ta Chuilm Cille ar siubhal.



Cúirt na nGaedheal. Ba é an
t-Athair Tomás ua Dubhghaill breitheamh na
Cúirte an bhliadhain-se, agus do bhí Maitiu
ua Dóláin i n-a fhear le scríobhadh dó. Do
bhíodh an chúirt i n-a suidhe gach ceudaoine ar
feadh trí ceathramha uaire an chluig, agus do
bhíodh fiche daoine i láthair de ghnáth. Is é an
caitheamh aimsire do bhíodh ann, fuasgladh na
gceast gcruaidh bhaineas leis an Ghaedhilg,
sceulaidheacht, agus gabhail do chluichibh agus
do cheól.



An Tánaiste



I Roinn Sheosaimh



Sí an obair bhíos de ghnáth ar lucht cean-
nais comhluchta Chuilm Naomhtha i Roinn
Sheosaimh buidheanta Gaedhilge do chur ar bun
agus iad do choimeád ar bun. Sin a bhfuil
le deunamh aca, acht ní beag sin, óir is iomdha
uair i rith an gheimhridh fhuair nach mbíonn dúil
ag na múinteóiribh nó ag na daltaibh i bhfogh-
luim na Gaedhilge, agus is doiligh tabhairt
orra leanmhaint ar an obair nuair nach
mbíonn dúil aca féin innte.



Ionnus go mba feárrde bhéadh fios dóighe
na mbuidhean seo ag an lucht ceannais, gach
aon bhuidhean Gaedhilge dá raibh 'san Roinn
do cuireadh fá n-a gcoimirce í agus do
cuireadh ar gach aon duine de an lucht ceann-
ais cúram sonnradhach do dheunamh do chúpla
bhuidhean éicint agus faire orra agus am ar
bith do-chífeadh sé go raibh siad i gcontabhairt
misneach do thabhairt dóibh. Do bhíodh an
lucht ceannais ag teacht le n-a chéile gach
aon choicighis chun fios na mbuidhean d'fhagh-
bháil agus comhairle do cheapadh dá réir.
Do cuireadh deich mbuidhne fichead ar bun
i dtosach na bliadna, agus do bhí suas le
ceud daoine ins na buidheantaibh seo. Do
bhí suas le cúig cinn fichead aca sin ag obair
go maith roimh an Nodlaig. Atá níos mó
ná fiche ceann aca ag obair go seadh. Is
léir ó'n mhéid sin go ndearnadh obair mhaith
fhoghanta leis na buidheantaibh seo. Is dócha
go bhféadfaidhe a thuilleadh do dhéanamh. Is
cinnte gur maith linn go ndéanfaidhe a thuil-
leadh, acht mar sin féin ní gearánta an mheud
do-righneadh, agus atá dá dheunamh. Acht má
do-righneadh obair mhaith ní hiad an lucht
cheannais amháin ba shiocair leis. Atá cuid mhór
don bhuidheachas ag dul do na múinteóiríbh.
An chuid is mó aca siúd i Roinn Seosaimh,
do chaith siad seal aimsire i gceann de na
Coláistibh Gaedhealacha, agus múinteóirí do
b'fhearr gus, fuinneamh, agus modh múinteóir-
eachta ba doiligh a bhfaghbháil.



Acht ní ceart meud oibre na Gaedhilge do
thuigsint ó líon na mbuidhean amháin. Atá
cuid bheag de na macaibh léighin nach mbíonn
i mbuidhean na Gaedhilge ar aon chor agus
do-ghní siad a gcion féin 'na seomraibh.



Do théigheadh cuid mhaith de mhuintir Roinn
Sheosaimh chum Cúirte na nGaedheal i mbliadna
agus má théighidís ní fhanaidís ina dtost, acht
do labhraidís go dána ar gach aon adhbhar
diospóireachta do bhíodh dá phléidhe.



Do cuireadh fáilte mór roimh "Timthiridh
Chroidhe Neamhdha Íosa" i Roinn Sheosaimh.
Do ghabh trí fichid mac-léighinn orra féin é
do cheannach gach ráithe. Atá súil againn go
mbeidh gach aon mhac-léighinn i Roinn Sheosaimh
ag a fhaghbháil an bhliadhain seo chugainn. Go
raibh beannacht Dé ar an duine do thoisigh ar
an deagh-leabhar so do dheunamh.



Conchubhar Mac an Bháird


L. 7


I dTigh na Sóisear



I dtaobh oibre na bliadna ní fhuil an iomad
le rádh agam. Mar ba ghnáthach do bhí an
Dochtúir Mac Fhionnlaoich mar uachtarán
orainn. I dtosach na bliadna do chuireamar
na buidheanta ar siubhal; agus gach duine
ar mhian leis é cuireadh i mbuidhean é. Is
truagh linn nar eirigh leó níos fearr. Ar
feadh tamaill do bhíodar ar siubhal go breagh
láidir, acht ar ball do thuiteadar síos go
lag. Muna bhfuil fonn na h-oibre ag duine
ní bhéidh buaidhte aige, agus, pé sceul é, ní
raibh an spirid chomh láidir ins na sóisearaibh
imbliadhna agus badh chóir dó bheith.



Do bhí an cheud tionól againn ar an 26adh
lá de mhí Deireadh-Foghmhair. B'é fear-
ceannais an tionóil sin an Dochtúir mac
Fhionnlaoich; gan amhras tug sé comhairle ar
leasa dúinn. Do labhair sé go blasta bríogh-
mhar, agus do chuir sé i n-iul dúinn an obair
do bhéadh romhainn ar feadh na bliadhna .i. an
méid againn a raibh an Ghaedhilg againn do
bheith ag baint úsáid aiste chomh minic is ba
fhéidir é, agus an méid againn nach raibh an
Ghaedhilg aca do bheith ag a foghluim ó an
dream eile.



Do bhí caitheamh aimsire do réir gnáthuighthe
ar sinsear againn le linn an tionóil ceudna
do bheith ar siubhal, agus ní minic do bhí a
leithid i roinn Bhrighde riamh roimhe. Idir
amhránacht, rinnceóracht, cruitireacht agus a
leithid eile ní misde a rádh nach raibh ár saith
aoibhneasa is spóirt againn. An oidhche roimh
dul do bhaile dhúinn um Nodlaig do bhí ceól
agus cluiche agus caitheamh aimsire de an
tseórt ceudna againn. Is é an rud is mó
is ionmaoidhte againn as i roinn Bhrighde go
bhfuil an Ghaedhilg mar adhbhar fromhtha ag
urmhór na mac-léighinn fa choinne fromhtha na
h-iolscoile. Beidh eólas ceart aca sin ar
an Ghaedhilg, óir dá duthracht doghníd fogh-
luim ar an Ghaedhilg is amhlaidh is fussa do
bhuaidhfid ins an fhrómhadh. Acht ní mar sin
dos na macaibh léighinn eile, óir da móide
dheanfaidh siad-san stuidéar ar an Ghaedhilg
is amhlaidh is lugha a n-am agus a neart chum
stuidéir do dheunamh ar na neithibh i n-a
mbéidh a bhfrómhadh, agus ar an adhbhar sin,
ní thiubhraid mórán aire do fhoghluim na
Gaedhilge.



Ní mheasaim gur ionmholta tuilleadh do
rádh acht amháin seo: -



Teanga na hÉireann nach caillfear go deó!
Teanga na hÉireann chomh sean leis an cheó!
Binn-cheoil ár sinnsear is beulradh na riogh!
Sláinte go deo duit, a chuisle mo chroide!



M. Mac Giolla Ceárr



Éire



Jane Ní Congail .i. bean Phádraig Ua Tiomanaidhe cct.



Seach gach reugan ar an domhan
'Sí Éire dhílis atá faoi bhrón,
Le mórchúis tuirse fa n-a cloinn
A d'imthigh uaithe thar sáil anonn.



Is iomdha deóraidhe bocht 's a chroidhe dá chrádh
Ag amharc ar ais agus é 'gá rádh,
Mo bheannacht go raibh leat go buan,
A Éire, Éire, is tú mo rún.



Níl a gcroidhe slán ná a gcodladh sámh
Ná a n-intinn socar uair ná tráth,
Fad is tá tonnaí treuna fáirge mór
Ag eirghe idir iad is a míle stór.



Gurab é an fath ar fhág siad í,
Mar thug siad fuath do dhlighe Sheaghain bhuidhe;
Do bhris na slabhraí agus d'éiligh leó,
Mar creutuir ar seachrán i ngleantan cheó.



I bhfad ó n-a ndaoinibh is ó n-a dtír,
Tír na scolaire is na naomh,
Ar throid a n-aithreacha go dian
Ar a son ar feadh na gceudtaí bliadhan,



Gan crith gan eagla an deas* ná an tuaidh*
Acht troid nó bás no go bhfaghbhadh siad buaidh,
O! is iomdha gaisge gasta luaithe
D'fhág éagcóir na Sasan n-a luighe san uaigh.



Acht tiocfaidh an lá agus éireochaidh an ghrian
Ná atá clann na Gaedhilge ag fás le treun,
Tiocfaidh siad thar sail anall
Is béidh Éire 'na náisiún arís ar ball.



Adeirim libh tógaidh suas bhur gcroidhe,
Nᆠatá sí naomhtha agus béidh sí saor
'S go gcluinfear clairseach Teamhrach go fóill
Mar bhí i n-am na righthe ag seinm ceóil.



*Pronounced a deas, a tuaidh, a for ann
†Ná = óir


L. 8


Do scríobhadh na Gaedhilge



Cheithre Cheachta ón Rinn



Bíonn teagasc againn ag Coláiste na
Rinne ar sgríobhadh na Gaedhilge, agus
do-bheurad díbh annso cuid den teagasc sin.
Ní hí an Ghaedhealg is cruadha dá mbíonn
againn atá is na ceachtaibh seo, ná an
Ghaedhealg is simplidhe, acht an Ghaedhealg
ná fuil ró árd ná ró íseal, an Ghaedhealg
ná fuil blas na sean-leabhra uirri acht
blas na tuaithe, an Ghaedhealg do bheadh
ró chruaidh agus ró chasta don dream ná
beadh aca acht tosach na cainte. Nuair
do bhíomar ag a ceapadh, do bhí daoine ón
Rinn ag éisteacht linn agus níor chuireamar
síos aon fhocal gan é do chur in a gcomh-
airle, acht amháin fo-cheann do bheadh ag baint
le healadhain nó le céird nó le gnó éigin
nár chuimhnigh fear ón tuaith riamh air. Má
is í mo thuairim fhéin do bheadh uaibh badh
fhearr liom gan acht an Ghaedhealg sin do
chraobhscaoileadh don choitcheantacht i leabhraibh
léightheoireachta, agus an Ghaedhealg shimplidhe
do bheith i leabhraibh beaga na gceacht. Agus
deurfainn go mbadh fhearr agus go mbadh
chiallmhaire an chruadh-Ghaedhealg fhéin do
chur is na leabhraibh ceacht atá le haghaidh mac
léighinn na hiol-scoile, nó neachtar aca gan
cló do chur uirri ar aon chor. Acht atá le
hadmháil agam go bhfuil tairbhe is na ceachtaibh
sin, aoinneach do bheadh ag léigheamh na sean-
leabhra, mar atá a fhios againn dá mbeadh
duine ag foghluim Laidne nó Gréigise gur
maith an cleachtadh dhó an Laidean nó an
Ghréigis do scríobhadh. Is é an scríobhadh is
fearr do-bheuradh taithighe dhó ar an ngrama-
daig, agus sin é dála na cruadh-Ghaedhilge,
mar is as an scríobhadh is fearr do fhogh-
luimeóchadh sé an bhriathar agus an pronom
agus an dul bhíonn orra agus gach cruadh-
fhocal eile dá bhfuil innte. Ní hé do bheadh
uaidh an tsean-Ghaedhealg do labhairt, ná í
do chur dá scríobhadh arís acht í do thuiscin go
maith, ionnus go mbeadh bríogh gach focail
agus bríogh gach scéil aige, agus go mbeadh
a fhios aige cad do bhíodh na sean-Ghaedhil
ag cuimhneamh air, agus cad do bhíodh ag
deunamh scím dóibh nó cadé an fuadar do
bhíodh fútha ins an tsean-aimsir. Badh chóir
nár bheag le haoinneach an méid sin do bheith
aige agus gan bheith ag iarraidh an dá
Ghaedhealg do mheasgadh ar a chéile, an nua
agus an sean.



Is fíor ná fuil gramadaig Gaedhilge na
haimsire seo ag aoinneach againn, agus ní
bhfuighbheadh a bheith, mar ná fuil breitheamh
ná cúirt againn chum a bhreath do thabhairt
ar fhocal ná ar abairt go bhfuil sé ceart nó
bun ós cionn. Atá gramadaig fa leith ann
do gach aon dúthaig in a labharthar an Ghaedh-
ealg, acht má atá féin atá urmhór de na
dúithchibh an-ghairid dá chéile ins an chaint agus
ins an ngramadaig. Níl le deunamh againn
acht muintir gach aon dúithche do chur ag
scríobhadh a gcainte féin, agus má bhíonn an
chaint sin bun ós cionn le caint Céitinn nó
le gramadaig Sheaáin uí Dhonnabháin, an dá
shlighe do chur ann, ceann aca thuas agus an
ceann eile thíos ag bun an leathanaigh nó thiar
ag deireadh an leabhair. Agus ba fhéidir
annsin i gcionn roinn bliadhnta, nuair do
thuicfidhe cionnus do bheadh an chaint in gach
aon dúthaigh, agus cadé an baint do bheadh
ag an chaint leis an gcaint atá is na leabhraibh
ó Chéitinn anuas go dtí filí na Mumhan,
agus le gramadaig Sheaáin uí Dhonnabháin, ba
fhéidir annsin go dtiocfadh duine éigin dheun-
fadh gramadaig dúinn. I dtaobh litreadh na
bhfocal, an méid do bhí le rádh agam, atá
sé ráidhte agam cheana ins an roimh-thionscain
do chuireas le hÁrthrach an Óir.



Aoinneach do bheadh ag éisteacht leis an


L. 9


nGaedhilg is cuma cadé an dúthaigh in a mbeadh
sé ag éisteacht léi, ní fada go dtiubhradh sé
fa ndeara nach mar a chéile do bheadh an
Ghaedhealg ag gach aoinneach, agus go n-ad-
mhóchadh na daoine féin gur fearr do bheadh sí
ag cuid aca ioná ag an chuid eile. Agus na
daoine is fearr ann chum na Gaedhilge, do-
bheuradh sé fa ndeara orra go mbeadh focail
agus ráidhte aca a mbeadh dul an Beurla
orra, agus nach le huireasbaidh Gaedhilge
deurfaidís iad acht le neamh-shuim éigin, nó
gan fios na deifreach do bheith aca. Agus
má bhíonn sé do fhoidhne aige, is beag focal
mí-thaithneamhach do aireóchadh sé an cheud uair
ná haireochadh sé an focal maith in a dhiaidh,
agus is é an focal sin badh chóir dhó dul ar a
thóir.



Is é comhartha do bheadh agat ar an nGae-
dhilg maith, í do bheith bun ós cionn leis an
mBeurla. Dá mbeadh sin amhlaidh agus gan
í do bheith ag teacht le Laidin ná le haon-
teangaidh eile, do bheadh tuairim agat annsin
gur Gaedhealg mhaith do bheadh agat. Tabhair
fa ndeara ná fuilim ag a rádh gur droch-
Ghaedhealg an Ghaedhealg a mbeadh dul an
Bheurla uirri, acht ná beadh a fhios agat do
réir na riaghla atá agam cia aca olc nó maith
í. Is iomdha focal agus rádh ann a bhfuil dul
an Bheurla orra, agus a bhfuil gábhadh leó,
bhríogh ná fuil a mhalairt do chaint againn
do chum an rud ceudna do rádh. Mar sin, ní
hé blas an Bheurla do chuirfeadh focal ó
chion againn, acht blas an Bheurla gan aon
phrádhainn do bheith leis. Cuir i gcás, atá an
focal sin "deunamh amach" to find out, make
out, in gach áit anois, agus ní féidir deunamh
in a eughmais. Uaireanta do oirfeadh an
focal "tuicsin" ar a dhul sin, agus uair-
eanta eile ní hoirfeadh. Atá a fhios agam
go mbíodh "fionnadh" ag Céitinn, acht ní ar
an nGaedhilg sin atáimíd ag trácht annso,
acht ar an nGaedhilg atá anois ann. Mar sin,
do bheinn sásta le "deunamh amach," agus ní
bhacfainn le "fionnadh." Agus mar sin
do n-a lán eile aca. Ní fheadar an ceart dam
a rádh annso go mbíonn saothar in aisce ag
go leor daoine ag iarraidh dul ón mBeurla.
Bíonn "guthadóir," telephone, aca, agus
"teachtaireacht teintreachta," telegram, agus
mar sin. Badh fhearr liom féin "telefón"
agus "telegram" do scríobhadh, mar ní fiu
do aoinneach meabhair do chaitheamh le deall-
radh Ghaedhealaigh do chur ar a leithéidibh.



Cuirfimíd síos annso anois cuid de na
ceachtaibh bhíonn againn ins an Rinn, agus ná
ritheadh sé le haoinneach gur dhóigh liom féin
go bhfuilid gan locht. Níl ann acht iarracht ar
obair chruaidh do dheunamh.



A.



Ag seo blúire beag Beurla chum Gaedhealg
do chur air;



Níl aon docamhlacht ins an cheud abairt
acht an focal extracts. Badh fhearr liom gan
"giotaí" ná "blúiridheacha" ná "píosaí"
do scríobhadh, agus ní thuigfidhe an focal
"sliocht." Mar sin is fearr a rádh cadé
an saghas leabhair é; a book of extracts from
Keating's History, "leabhar dheunfaidhe de
na sceultaibh atá ag Céitinn in a stáir.
Would serve a two-fold purpose .i. "do bheadh
dhá thairbhe ann," nó "innte," mar is é an
pronom feimean ghabhann leis an bhfocal
"leabhar" ins an Rinn. First from the
linguistic point of view; is fearr "an
cheud tairbhe díobh" do scríobhadh ioná
"ins an cheud áit"; from the linguistic
point of view, "i dtaobh teanga do fhoghluim,"
acht is fearr gabháil tar an méid sin, mar
innseann an chaint fhéin dúinn gur air sin
atá sé ag trácht. It would familiarise them
with, "do-bheuradh taithighe dhóibh ar." Beauti-
fully clear, yet thoroughly idiomatic; "so-
thuigsionach, líomhtha"; ní gábhadh yet do
rádh, mar ní bheadh aon tslighe chum é do rádh
acht le habairt fa leith, "agus má is líomhtha
é, is so-thuigsionach é," nó a leithéid. Com-
mon property, .i. go raibh sé ag gach cuid aca
It would form an easy introduction, .i. go
mbeadh congnamh ann chum a leithéid seo nó
a leithéid siúd do dheunamh. Literature, .i.
"litridheacht," an focal atá ag Céitinn, agus
muna mbímíd sásta leis, scríobhmaís "ár


L. 10


gcuid leabhra." Which has been cultivated
with most success"; focal an-mhinic ins an
mBeurla is eadh "success," acht is mairg do
bheadh ag iarraidh Gaedhealg do chur air, "go
maith" nó "is fearr.."; "cultivated,"
atá daoine ann agus do chuirfidís "saoth-
ruigheadh" annso, acht ní maith liom an focal
sin ar a dhul sin; badh fhearr liom "scríobhadh"
nó "ceapadh" do chur ann. Interesting:
atá focal den dath ceudna i dteangachaibh na
hEorpa, agus is dócha, muna mbeadh gur
gur cuireadh cosc leis an nGaedhilg, go
mbeadh "iontrosan" ón mBeurla anois
againn, acht caithfimíd deunamh in a iongnais
sin agus focal eile do fhaghbháil; ar uairibh
do oirfeadh an focal "taithneamhach," nó an
focal "cuideachtamhail," acht do réir fír-
bhrígh an fhocail "interesting," níl aon tslighe
chum é do rádh acht leis an bhfocal "fiú";
an interesting book, leabhar is fiu a <= do>
léigheamh"; "an interesting man," "fear badh
fhiú leat aithne do chur air" nó "labhairt
leis"; "the most interesting book," an
"leabhar is mó is fiu a <= do> léigheamh."
Cuirfimíd síos anois gach focal in a alt féin;



"Táinig mé ar a chuimhneamh atá tamall
de bhliadhantaibh ó shin dá ndeunfaidhe
leabhar ann féin de na sceultaibh atá ag
Céitinn in a stáir, go mbeadh dá thairbhe
ann. An cheud tairbhe díobh .i. na daoine
a bhfuil Gaedhealg na haimsire seo aca, do-
bheuradh a leithéid do leabhar taithighe dhóibh
ar an gcaint líomhtha so-thuicsionaigh do
bhíodh ag clainn na nGaedheal ina gcuid
leabhra idir Éireannaigh agus Albanaigh trí
cheud bliadhain ó shin. An dara tairbhe
.i. go mbeadh congnamh ann chum na sean-
sceulta fiannaidheachta do léigheadh, agus
is iad na sceulta sin an chuid dár gcuid
leabhra <dár litridheacht> is fearr do
ceapadh agus do scríobhadh. - Níl aoinneach
ná habróchadh gurab iad na sceulta atá
ag Céitinn an chuid dá stáir is mó is fiu
a <do> léigheamh."



B.



Tabhair fa ndeara ar an mBeurla so go
bhfuil tosach, lár agus deireadh measctha ar
a chéile, agus nach aon droch-Bheurla é. Acht
ní gnáthach leis an nGaedhilg bheith amhlaidh.
Níorbh mhór gac aon fhocal do theacht in a áit
féin. Atá an Ghaedhealg díreach, simplidhe,
fírinneach. Atá daoine ann agus ní bheidís
sásta le focal dá mbeadh dul an Bheurla air,
cuir i gcás "siúráilte," "raitileáil," agus
a leithéidí, acht badh fhéidir nuair do bheidís
ag ceapadh píosa cainte go gcuirfidís a
leithéid do ordughadh ar na habairtibh ná cuir-
feadh Gaedheal go deoidh. Má is locht é,
blas an Beurla do bheith ar fhocal, is mó go
mór do locht blas an Bheurla do bheith ar an
gcaint. Ní hiad na focail ionnta féin
dheunann an chaint, acht an ceangal bhíonn
orra, nó an tslighe atá na habairte fighte ar
a chéile. Éist leis an nGaedhilg labhrann
na sean-daoine agus léigh an Ghaedhealg atá
is na sean-leabhraibh, agus tuigfe tú go
mbíonn an Ghaedhealg díreach, soiléir, agus
nach féidir le fear na Gaedhilge deireadh an
scéil do chur ar tosach, nó an dá thaobh de
do thabhairt leis in aoinfheacht. Nuair do
bheitheá ag iarraidh Gaedhealg do chur ar an
mBeurla, is é comhairle do-bheurainn duit
ná bríogh an Bheurla do thuiscin ar dtúis agus
an Beurla do dhíriughadh, agus badh fhéidir go
mbadh fhearr dhuit an Beurla do ath-scríobhadh.
Mar seo, cuir i gcás;



Maidir leis na foclaibh "picturesque set-
tings of real events.." "the historic back-
ground becomes firmer," atá trop nó
figiuir nó figure of speech ionnta. Atá fear
an Bheurla ag cuimhneamh ar phictiuir nó ar
iomháigh agus ag cur na sceulta i gcompráid
léi. Bíonn dá chuid i bpictiuir do ghnáth,
agus ní hionann éifeacht dóibh, mar is é bríogh
atá le ceann aca ná an ceann eile do dheunamh
so-fheicsionach nó taithneamhach. Dá réir sin,
is é rud adeir fear an Bheurla annso ná gur
bhain an sceulaidhe cor éigin as an sceul chum
é do dheunamh so-thuicsionach nó taithneamhach
agus nár lean sé den bhfírinne. Ba fhéidir


L. 11


go bhfiafróchthá dhíom, ná fuil aon fhigiuir ins
an Ghaedhilg? Atá go deimhin, acht atá an
Beurla agus an Ghaedhealg chomh fada ón a
chéile nárbh mhuinighin duit an figiuir do bheadh
ins an mBeurla do chur ins an Ghaedhilg.
Ní heól dom aon Ghaedhealg ar background,
acht atá Gaedhealg ar an bhfocal "setting."
Adeurfá "cathaoir an t-seoid," the setting
of the jewel. Acht badh ait an Ghaedhealg do
bheadh againn dá n-abróchaimís "cathaoir an
scéil," gan a innsint roimh ré cad dó do
bheimís ag tagairt. Do gheobhthá a rádh mar
seo: "Nuair cuirtear seód i bhfáinne,
cuirtear in áit fá leith é atá deunta le n-a
aghaidh, chum an seód a dheunamh níos solus-
mhaire. Cathaoir thugtar ar an áit sin. Agus
is mar sin do sceul. Badh fhurus bríogh an
scéil do thabhairt i mbeagán focal, acht ní
bheadh aon taithneamh agat ann gan é do
bheith cuibheasach fada agus tuairisc iomlán
do bheith ann ar na daoinibh agus ar na nidhthibh
ar a ndeuntar trácht. Dála cathaoir an
tseoid, do fheudfaimís cathaoir an scéil do
thabhairt ar gach ní ná baineann le bríogh agus
le haithghearr an scéil."



Bíonn a leithéid sin go minic ag Céitinn,
agus níl aon locht air mar atá an míniughadh
ag gabháil leis. Acht nuair do bhíomar ag
trácht ar fhigiuir ó chianaibh, is ar an bhfigiuir
gan aon mhíniughadh ag gabháil léi do bhíomar
ag trácht, agus adubhramar gur annamh
tiocfadh an dá theanga, an Beurla agus an
Ghaedhealg, le n-a chéile ar a leithéid. Do-
chífeá "light of faith" ins an mBeurla
agus "solus an chreidimh" ins an Ghaedhilg,
acht ní mórán dá leithéid do-chífeá. Do bhíodh
an-chuid figiuirí ag na sean-fhilíbh do bhí ann
roimh aimsir Céitinn ná tuigfidhe anois, acht
na figiuirí do bhíodh ag Seaán ó Neachtain agus
ag filíbh na Mumhan do thuigfidhe iad sin,
agus is beag aca ná taithneóchadh le Gaedheal-
aibh na haimsire seo. Níl riaghail ná dlighe
i dtaobh na bhfigiuirí agam, acht gan aon
cheann aca do chur ins an chaint, acht an ceann
a bhfuighbheadh muintir na tuaithe an blas
ceart air. - Mar seo do chuirfinn Gaedhealg
ar an mblúire Béarla atá thuas;



"Sean-chainteanna agus sean-eachtraí
atá is na scéaltaibh seo. Atá fíor agus
bréag ionnta, mar is amhlaidh do bhíodh an
seanchaidhe ag cur leis an bhfírinne agus ag
a cóiriughadh d'iarraidh an sceul do dheunamh
taithneamhach don té do léighfeadh é. Atá
cuid de na sceultaibh agus is déidheanaighe
do scríobhadh iad ioná an chuid eile aca,
agus dá ghiorracht don lá so atá an sceul
is eadh is fusa an méid den fhírinne
atá ann do thabhairt fa ndeara. Acht
fágaim fa lucht seanchais a mheas cad is
fíor agus cad is breug in gach sceul aca."



C.
Níl mórán le rádh againn mar gheall air
seo. Atá figiuir is na foclaibh harvest of the
school year, acht is furus a leithéid ceudna
do cheapadh ins an Ghaedhilg. "Fromhadh" an
Ghaedhealg atá agam ar examination; "comh-
aireamh," marking; "tuairisc an fhromhtha,"
results. Badh fhearr liom "fromhadh" ná
"triail." Ní chuirfinn an focal "scrú-
dughadh" ann, mar is é bríogh atá leis sin
ins an Rinn ná "míniughadh": "do scrúdaigh
sé go maith dhamh é," se sin, do mhínigh sé go
maith dhamh é. Do chuireas figiuir eile ann i
ndeireadh an phíosa Gaedhilge gan aon fhigiuir
do bheith ag freagairt dí ins an mBeurla,
Mar seo atá an Ghaedhealg agam:



"Is fada leis na daoine atáid ag
fuireach le tuairisc an fhromhtha do bhí ann
le déidheanaighe. Airighmíd go bhfuil an-


L. 12


dheithneas ag a chur le lucht an chló agus nach
fada bheidh na scoláirí agus a ndaoine
muinteardha gan fios a saothair. Do
theip ar go leór aca anurthaidh, mar do
bhíodh <bhíothas> ró dhian ins an chomhaireamh
orra. Atá coinne againn gur fearr do
thuicsin bheidh imbliadna ag an lucht
fromhtha agus muna mbíonn aon truagh aca
don aos óg, ná déanfaid aon eugcóir
orra. Cibé aca sin de, má is comh-olc
bheidh siad, sceul na bliadhna so atá againn
agus sceul na bliadhna so caithte, ní
abróchaimís ná go mbeidh buadhairt agus
buile ar na múinteoiribh, agus go dtiubh-
raid fios a n-aigne don t-saoghal. Ní
rugadh an fear sin fós do fheucfadh ar a
pháirc bhreaghdha arbhair agus í sínte, scaipthe,
spealtha ag an ghaoith agus ag an aimsir,
agus do fhoidhinfeadh leis <do gheobhadh leis,
would be satisfied with it, be patient>.
Is mar sin don múinteóir. Atá saothar
na bliadhna in aisce aige, agus gan aon
chuimhneamh ag aoinneach ar a fheabhas do-
righne sé a chuid oibre, agus atá an scoláire
beag go dubhach, dobhrónach agus a mhuintir
féin ag gearán air agus gan aon chúrsaí
gearáin aca. Is maith is feasach dúinn méid
na díoghbhála deuntar tré bheith ró-dhian ins
an comhaireamh. Má is eadh féin, ní dóigh
linn gur cóir gan ceart agus comhthrom
na Féinne do thabhairt don taobh eile, agus
éisteacht leó ag pléidhe a gcúise féin.
Adeirid, dála na haimsire go mbainid
lucht fromhtha sásamh dá chéile agus dá mbadh
dheacair gabháil thósda <tarsa> i mbliadhna
go mbadh fhurus teacht uatha bliadhain ón
taca so."



Tabhair fa ndeara annso nár scríobhas na
focail "cé gur" ná "ámh," nó "ámhthach."
Is annamh gan blas an Bheurla do bheith ar an
gcaint nuair bhíonn na focail sin ann.
Focail an-mhinic ins an mBeurla is eadh
"although" agus "however." Do bhíodh
em aca ins an t-sean-Ghaedhilg, acht ní hionann
bríogh dó sin agus don "ámh" nó don
"ámhthach," atá anois aca. Níor airigheas
riamh na focail sin, "ámh," "ámhthach," ins an
Rinn, agus ní dóigh liom go bhfuilid ag na
Connachtaibh ná ag na hUltaibh acht a oiread.
Bíonn "cé go" agus rl. againn, acht is annam
do aireóchthá é.*



"Prague .i. cathair ársa athá ins an
domhan thoir. Táinig droch-aimsir ar an
gcathraigh sin agus do dubhadh na scamaill
ar an spéir. Táinig an fhearthainn in a
tuilltíbh agus annsin táinig an sneachta
agus an cuisne. Ní raibh aithint lae thar
oidhche ann. Comh-dubh an spéir agus inn-
tinn na ndaoine. Oidhche de na oidhceantaibh
agus ar uair an mheadhon oidhche ba eadh é,
do airigheadh guth íseal ó bharr an dúna do
iarradh cabhrach. Dá ísleacht do bhí sé do
airigh gach aon saighdiúir do bhí ins an gcath-
raigh é. Do phreabadar in a suidhe agus do
rugadar ar a gclaidhthibh, agus do-chuadar
do aon tsidhe reatha tar geataí na gcathrach
amach. Níor bhfada gur chasadar agus iad
ar crioth leis an eagla, agus sgannradh in
a súilibh. "Ná h-iarrtar ar na beoibh,"
arsa duine aca, "troid leis na mairbh, mar
is é sluagh na marbh atá i gcampa ós
comhair na cathrach so." Agus an fhaid do
fhanadar ann do airigheadh an lógóireacht
gach oidhche."



Feuch gur chuireas ainm na cathrach i dtosach
agus go dtugas míniughadh beag air, ionnus
ná beadh aon obainne ann, acht go mbeadh gach
aon rud insan chaint ag teacht go mín, réidh
in áit a chéile.



Atá a lán ceachta eile agam, acht ní bheadh sé
do uain agam cló do chur orra don iarracht
so.



MICHEUL ó SÍOTHCHÁIN



*Dá léighfeá Duanaire Dáibhidh Uí Bhruadair, Part I., p. 96, do-chífeá na focail seo ann: "Ámh dar ndóith
ní hé sin thug ar shagart Chille Chomáin...,"
Feuch leis, p.98, ibid. Is tearc duine do bheadh sásta leis sin. Feuch Three Shafts, p. 185, I. Ionann bríogh
dho annsin agus verily.


L. 51


An Óige, an Saoghal, an Bás, agus an Aois.



Fionn Mac Cumhaill do bhí amuigh tráth
amháin ag seilg agus thainig seachran sidhe air.
Do bhuail sé isteach i dteach bheag teacht
na hoidhche i na raibh an seanduine ba
ghráice do chonnaic sé riamh agus an cailin
óg ba dheise do chonnaic sé riamh. D'imthigh
an cailin na <chum na> seomra, agus do
dhruid sí an doras agus ní fhacaidh Fionn ni
ba mho í.



Do labhair an seanduine annsin. "A
Fhinn Mhic Cumhaill," ar seisean, "an maith
leat an cailin sin d'fheiceal aríst?"



"Ba mhaith liom," arsa Fionn.



"Maise, ní fheicfe tú go bráth í, mar bhí sí
agat uair amháin agus ní thug tú aire mhaith dí."



"Cha <ní> raibh sí agam riamh," arsa Fionn.



"Leóga do bhí," arsa an seanduine. "Sin
sgéimh na hóige. Do chaill tú í, agus ní
fhuighbhé tú go bráth aríst í.



Do bhí molt mór ceangailte ar taoibh an
tuighe <tighe> agus do bhris sé aniar an teach
agus do thúsaigh <thosnuigh> sé ag deánamh
crostachta.* Do bhí mongcuidh† ina luighe
cois na teineadh. D'iarr an seanduine ar
Fhionn an molt do cheangal. D'eirigh Fionn
acht cha raibh se abalta é do cheangal. Do bhí
an molt ro-láidir aige. D'iarr se annsin
ar an mhongcuidh† é do cheangal. D'eirigh an
mongcuidh† agus do cheangail sé é.



Dorighne Fionn iongantas mór de, go raibh
an creutuir sin abalta an molt do cheangal,
agus nach raibh se féin abalta é do dheánamh.



Adubhairt an sean-duine leis gan iongan-
tas ar bith do bheith air, nach raibh a fhios aige
caide an rud an molt. Isé sin an saoghal,
ar seisean, agus atá láidreacht an tsaoghail
uilig insan mholt. Agus sin an bás do
cheangail é. Tá an bás abalta ag an tsaoghal
agus beidh sé abalta agat-sa go fóill.



Adubhairt an seanduine le Fionn annsin
nach seanduine saoghalta é ar chor ar bith, acht
an aois, go raibh aois an tsaoghail uilig ina
luighe airsean agus nach raibh iongantas ar
bith ann, cuma granda do bheith air.



D'iarr se ar Fhionn annsin dul do bhaile
agus innis do gach duine caide mar do bhí an
saoghal ina luighe air. D'fhág Fionn a bhean-
nacht aige agus d'imthigh.



Isí an óige an bhean mhaiseach,
Isé an saoghal an fear cleasach,
Isí an aois an dubh-chosach.



*Crostacht = mischief, perverseness
†Mongcuidh, monkey


L. 52


Lá an Bhreitheamhnais



Luan an tSléibhe Luan an léir-scris,
Luan i mbéimid uilig faoi bhrón,
Tuitfidh an t-aer anuas na chaora
Lasfaidh an spéir is béidh an mhuir ag dóghadh.
Ar treas béiceadh do chloig Mhic Dé
Béidh gach aon dá bhfuil marbh beó
Béidh gach aon aca i gcolann daonna
'S an t-anam gléigeal ar chruaich na ndeór.



Crom anuas a pheacaigh is truagh thú
Dean aithrighe luath, is tú féin do chaill;
Is minic do luadh tú Mac Dé go uabhrach
Is gan agat duais air budh 'nois da chionn,
Tiocfaidh an uair ort i mbeidh tú buaidheartha,
Fosglochar uaigh agus réabfar ceall,
Béidh an t-anam truagh ag dul sa cholann
uabhrach,
Agus iad ag gluaiseacht go sliabh na mbeann.



Tiocfaidh an deagh-Mhac an ceart do dhéanamh
Is annsin a bhéas an coiste cruaidh,
'Na shuidhe ar bheinse os cionn síl Hébha
A gcortha dha léigheamh agus a n-aighthe air
suas.
I leabhar Gaedhilg atá gach aon choir
O chruthughadh an créatur go dteidh san uaigh,
Gurb é adeireas Saetan do gh'aon fhear
fheiceann
Nach leigeann aon-neach dar chionntuigh uaidh.



Tiocfaidh an mhaighdean bharramhail ghléigeal
Cnapfaidh éadaigh agus lúbfaidh glún.
"A mhic, nach mé fhéin do dhíol do oebghal
'S nach seo na séada ar raibh tú 'g diúl,
Seo na maolroisg do shíl na deóra,
Nach seo an chiabh do thuit 'na dual,
Seo na méara chuaidh fríd do chréachta
Anois na tréig mé agus mé faoi ghruaim.



Trí ráithe i n-aonfheacht d'iomchar mé an deagh-
Mhac
'S an oidhche dhéineach gan bean mo thruaighe
I dteach gan léirsdíon i gcathair Bhetel
I mainsear chruaidh na n-asal crón.
Shiubhal mé sleibhte Braoin go léir leat
Seachnadh Herod is tú gan siubhal."
"A mhathair ghlégeal, atá an téicheadh deanta,
Is beir leat an meid aca 'bhfuil agat dúil."



An té chuirfidh 'dhochus i righ an duine,
Agus Muire an óigh do ghuidhe 'nam
Cúl do thabhairt do na mionnaibh móra
Is gan cuid na gcomharsan thnu ná shainnt.
A chroidhe do dhortadh in aithrighe roghlan,
'S gan faillighe 'n urnuighthe ar luas ná ar
mall
Síleadh deóra ag aifreann Domhnaigh,
B' aoibhinn dóibh sliabh Sion ann.




Nádur na ndaoine*



Dhá thrian galair le aois,
Dhá thrian baois le óige,
Dhá thrian sainnte le saidhbhreas,
Dhá thrian cainnt ar an phótaire.



Nádur na haimsire
Dhá thrian sneachta ar shléibhtibh,
Dhá thrian gréine le beanna,
Dhá thrian stoirm le hoidhche,
Dhá thrian gaoithe le crannaibh.



*Cf. Sean Focla Úladh, p. 316



<Anna Chonaill ruaidh mic Loingsigh atá i nGleann Finne.>


L. 59


Coláiste na Mumhan



Beul Átha an Ghaorthaidh



"Is dócha liom Goedil oldáit fir dhomain." L.B. 239, b 42.



Scol re Gaedhilg atá i nUibh Laoghaire i
gCondae Chorcaighe, i mBeul Átha an
Ghaorthaidh go sanradhach. Is é adhbhar fár
cuireadh an scol so ar bun do mhúineadh na
glan Ghaedhilge agus modh múinte na Gaedh-
ilge isna scoiltibh do fhoirbhiughadh. Do
conncas do lucht cosnamha na Gaedhilge obair
mhór do bheith le deunamh acht an mheitheal do
bheith beag, agus ó thárla an Ghaedhealg féin
ina gnáth-theangaidh ag muintir na háite reamh-
ráidhte, do meas gorab oircheas an scol do
bheith isan áit. Uime sin atá caoi ag na
daoinibh theighid gos an scoil sin do fhoghluim
na Gaedhilge agus modh múinte na Gaedhilge
foghar ceart na bhfocal do bheith aca ó mhuintir
na háite.



Is tearc duine anois i nÉirinn nách cuala
trácht ar an scoil sin atáim do luadh .i.
Coláiste na Mumhan a ainm go coitcheanta
Is eol do chách gorab í scol í do chéadchuireadh
ar bun le lucht cosnamha na Gaedhilge a hocht
nó a naoi de bhliadhantaibh ó shoin agus gorab
í an phríomhscol fós í. Na hoidí atá isna
Coláistibh eile ar fuaid na hÉireann gorab


L. 60


mhaith an ní foill do thabhairt dóibhsin a mbeag-
eoluis do mheudughadh agus do fhoirbhiughadh.
Uime sin atá scol eile ann ar a dtugtar
go coitcheann an Scoil Samhraidh. Ní headh a
mheud go múintear an Ghaedhealg do leigheamh
agus do thuigsion, acht cionnus í do labhairt,
agus chuige sin bíonn an toradh as fearr ar an
eolus do gheibhthear de chomhrádh béil. Eibhlín
Ní Chróinín bhíos ag riaradh na scoile sin.
Is iongantach an bhean í Eibhlín. Is aici
atá an chaint chumh na micleighinn do ghríos-
ughadh agus do ghlamhadh. Na daoine bhíos ag
deunamh foghluma isan Choláiste mar as
follus anois an deachar do bheith idir an scoil
agus an coláiste, tagaid go léir gach lá ar a
haon d'fheuchaint ar dhuine aca ag múineadh
ceachta isan scoil samhraidh. Bíd na hollamh-
ain go léir ann agus na hoidí go léir.
Téidhtear arís don Choláiste agus deintear
mionscrudughadh ar an gceacht agus dobheir
an tollamh a mheas air.



Gach oidhche, múintear amhráin na nGaedheal
agus rinnce do na macaibh léighinn agus ina
ndiaidh sin bíonn céilidhe nó sgoruidheacht aca
isan halla mór. Is ann do chluintear na
sceulta atá ag na daoinibh le cian de cheudaibh
- is ann bhíos an ceol agus an rinnce nách
ceol ná rinnce go dtí iad. Is ann bhíos an
fíor-sprid nách féidir do dhuine do thuigsin
nó go raibh sé aige, agus nách féidir do
mhíniughadh. Feuch ná bíonn aon Bheurla
iasachta ann agus ba cuma le cách dá madh ná
raibh ar an domhan acht an Ghaedhealg. Tuig-
tear as a bhfuil ráidhte agam ná bíonn easbadh
spóirt orra i mBeul Átha an Ghaorthaidh, agus
iomdha duine ag a mbíonn súil tar a ais aige
le linn bheith ag fagbháil na háite dhó.



Ní eile fós le taoibh an léighinn an meud
gur léighinn é agus an aoibhnis .i. a liacht caoi
atá ag macaibh léighinn an Choláiste agus na
Scoile mar aon caidreamh do bheith aca le
muintir na háite. Is ag na daoinibh se atá
an ghlan Ghaedhealg. Is aca atáid na sceula
agus na paidre agus is iad as toilteanach
iad do thabhairt uatha, agus dá ndeinidís na
mic léighinn a ndícheall chumh gach sceul agus
gach sean-fhocal do bhailiughadh agus do chur le
chéile, do bheadh gnó mór deunta aca. Sgíth
liom ná téighid Gaedhil gus na Coláistí se
ar fuid na tíre. Do ba usaide obair lucht
cosnamha na Gaedhilge é. Truagh fós gan a
leithéid de scoil de Choláiste na Mumhan do
bheith i ngach áit i bhfuil an Ghaedhealg ag na
daoinibh. Ní fada go mbeidh, le congnamh Dé,
má leantar de an obair.



Adhbhar eile fós fár chubhaidh an Coláiste do


L. 61


ag smaoineamh ar an am do bhí. Atá Céim an
Fhiidh i ngiorracht trí mhíle ón gColáiste,
agus ní fada uaidh an Gleann Garbh ná
Beanntraighe ná Cill Áirne féin. Atáid
na háite sin iomráidhteach ar fuid an domhain
agus uime sin is iomdha deóradh dochítear
isan sráid bhig ar feadh an tsamhraidh daoine
ó mhórthír na hEorpa agus ó Shasana Nuadh.



Dála an Choláiste bíonn scol aca ó na
deich ar maidin go dtí a dó dheug, agus ó
leath-uair tar éis a dó dheug go dtí a trí.
Múintear foghair agus Gramadach na Gaedh-
ilge agus modh múinte na Gaedhilge do réir
modh Berlitz. Bíonn taithighe ag na macaibh
léighinn féin ar an modh so do chleachtadh mar
bhas follus imo dhiaidh. Ní tabhartar teas-
molta nó teisteimhin do aoinneach ag ná
bíonn an modh so go maith aige, óir ní leor do
mhúinteóir leighean ná labhairt na Gaedhilge
muna dtig leis a múineadh. Múintear
Laidin isan Choláiste fós, agus an múin-
teóir bhíos ann .i. Máire Ní Chinnéide ó
Bhaile Átha Cliath, ba deacair a sárughadh.
Feadh mí Lughnasa dobheirthí léigheachta ar Ghae-
dhilg na hAlban, agus an gaol atá idir í agus
Gaedhilg na hÉireann. Ba mhaith sin. Is
mithid anois "entente cordiale" do bheith
againn le Gaedhealaibh na hAlban. Bráth-
racha dhúinne iad. Agus na sean-sceulta
agus na sean-fhocail atá againn is iad na
sean-sceulta ceudna agus na sean-fhocail
ceudna atá aca sin. Ag so mar adeir an
tAthair Kent, O.S.C.:



Ó do connarcas do lucht stiúrtha an
Choláiste daoine do bheith ag teacht ann ag
ná raibh an Ghhaedhealg ar fheabhas do meas gor


L. 62


ann do folcadh a bhfurmhór isan léighinn chirt
agus gorab ann fós théid gach aoinneach le
narab mian teanga a shinnsir do fhaghbháil ar
fheabhas. Bíodh a fhiadhnaise seo ar na sluaigh-
tibh theighid ann gach bliadhna ó gach áird i
nÉirinn, agus ó thíribh imchiana. Do bhí breis
agus trí cheud mac leighinn ag deunamh
foghluma isan Choláiste i mbliadhna agus an
cheud bhliadhan do bhitheas ag obair ann, a raibh
acht trí fichid ann. Measaim dá bhrígh sin
gorbh fhiu tuarasgabháil na háite agus réim
léighinn an Choláiste do chur síos go cumair
agus is fearr liom sin do dheanamh an suim
agus an spéis do bheith ag muintir Chuilm is
na Coláistibh se ar fuid na hÉireann.



Léightear i gclár oibre na scoile go bhfuil
an Coláiste sé mhíle deug siar ó Mhaigh
Chromdha, acht is fada na mílte iad. Léigh-
tear isan leabhar cheudna go dtiocfá gus an
scoil ar do rogha de dhá shlighthibh .i. an cheud
shlighe dol ar an mbóthar iarrainn go Magh
Cromdha agus annsin dol ar rothar nó ar an
gcóiste mhór go dtí Beul Átha an Ghaor-
thaidh. An cóiste mór so, téid gach lá ón
nGleann Gharbh go dtí an port ag Magh
Cromdha, agus tar ais arís go dtí an
Gleann Garbh. Measaim gorab í seo an
tslighe as fearr. Atáid na bóithre níos
reidhe chum rothaidheachta agus is áilne an tír
ioná mar atá ar an dtaobh eile. An meud
bhaineas leis an slighe eile .i. dol ar an
mbóthar iarrainn go Droichead Uí Mhordha
agus ar rothar nó ar charbad as sin go Beul
Áthha an Ghaorthaidh; na daoine thagas ó
Bhaile Atha Cliath, is í an tslighe sin ghabhaid,
acht ní foláir coinneadh do dheunamh roimh
ré chum carbad do fhaghbháil ag Droichead Uí
Mhórdha.



Do-chuadhas féin go Magh Cromdha, agus má
raghad ann arís do gheunad an rud ceudna.
An lá do bhíos ag dul ann, ba í sin an cheud
uair agam sléibhte Chiarraidhe do fheicsin i
bhfad siar uaim, agus ba áluinn na cnocáin
loma garbha ar gach taoibh de an bhothar. Gach
foigse dá dtigtear don Choláiste iseadh is
fiadhine agus is áilne an tír. Atáid Locha
Inse Geimhle ar thaoibh an bhóthair le
ceithre míle, agus atá an baile beag féin ar
bhruach-imill na loch so. Teighid na mic léighin
ag bádóireacht ar na lochaibh nuair bhíonn an
aimsir breagh. Téighid fós gach tráthnóna
amach go dtí an Guagán, áit inar bheannaigh
Fionnbharra, agus atáid báid ar an loch isan
áit sin mar an gceudna. Is maith do righne
Fionnbharra an áit sin do thoghadh. Atá an
t-oileán beag mar a raibh a cheall aige le
feicsin fós. Atáid na sléibhte árda, garbha
ann fós ós cionn an oileáin naomhtha do a
dhídean ar cheallargain na haimsire, agus
is aoibhinn bheith ag bádóireacht ar an loch agus


L. 63


bheith ina leithéid de áit .i. an Ghaedhealg do
bheith ag na daoinibh ina gnáththeangaidh ag gach
líon tighe. Seanchuimhne a sinsear nGaed-
ealach do bheith aca gan baint le Galldacht.
Is amhlaidh atá aigne na nÉireannach indiu
gan faic de an sean-chuimhne sin do bheith aca
acht neithe agus smuainte do cuireadh chugainn
ó Shasana do bheith againn ina ionad. Is
mairg an té de a mbainfí a chulaith féin éadaigh
agus éadach an fhir thall do chur air nách réidh-
tigheann dó ar aon chor agus gan a fhios do
ag an bhfear sin é do bheith ina staicín aiféis
ós comhair an tsaoghail. Nách seacht measa an
tÉireannach nách tuigeann an cheist se na
Gaedhilge. Duine ag a bhfuil an Galldacht
istigh ina aigne gan fhios dó agus gur dóigh
leis go dtuigeann sé go bhfuil an eolas
go léir aige. Nách aon mhaith bheith ag iarraidh
an Ghaedhealg do chur ar láimh sábhála. Is
truagh an duine sin. Ní bhfuil acht aon leigheas
amháin le faghbháil dogheunadh maitheas
dó. An galldacht do chur as a aigne agus
seanchuimhne a shinnsir féin do chur isteach.
Agus ní bhfuil slighe chumh an leigheas do chur
i bhfeidhm níos fearr ioná tréimhse do chaitheamh
i gColáiste Ghaedhealach. Annsan tuigtear
gur féidir an Ghaedhealg do bheith ina gnáth-
theangaidh ag muintir na hÉireann. Atáid
iliomad de áitibh i nÉirinn mar atá an Rinn,
na Blascoadaí, Árainn na Naomh, agus a lán
eile do ba liosda do luadh anois, i bhfuil an
Ghaedhealg ag na daoinibh gan aon Bheurla
agus ní measaide sin iad. Éireannaigh iad
go léir, agus aigne Gaedhealach aca. Gall-
Éireannaigh na daoine bhíos ag caint, gan aon
aigne aca. Na daoine theighid gus an
Coláiste mar sin, tuigid an ní seo, agus
innsid do dhaoinibh eile é.



I mBeul Átha an Ghaorthaigh do ghníthear
aoidheacht mhaith dosna scoláiribh. Atáid
na tighthe saor compórtamhail, cuid aca níos
fearr ná mar bhíos i mBaile Átha Cliath.
Atá oifig ag lucht an phuist isan sráid
bhig i bhfuil telegraf agus telefón aca.
Uair sa ló .i. ar a deich beirthear leitre don
Choláiste agus tógbhthar as ar a trí iad.



Bíd sagairt ann gach bliadhna, sagairt
riaghalta agus sagairt fairrche. Maith an
comhartha é agus tuigid na daoine gor maith.
Bíonn a lán airfeann dá léigheamh isan team-
pull bheag gach maidin, agus is iongantach a
mbíonn des na daoinibh ann ag an Aifreann
agus a nglacann Comaoin. Nach maith an
ní a leithéid do bheith ann, cliar agus tuath,
buachaillí agus callíní, óg agus aosta, gach
maidin ag iodhbairt an Aifrinn; gach tráth-
nóna ag an Paidrín Páirteach, ag guidhe ar
dTighearna agus a mháthar naomhtha iad féin
do chur ar a leas agus muintir na hÉireann
do chosnamh ó an ainsprid atá ag iarraidh iad
do mhilleadh agus do thraochadh. Ba dhual
riamh do Ghaedhealaibh bheith chráibhtheach agus
urraim do bheith aca don chreideamh. Feuch
gor móide neartuighthear agus biathtar an
dual so dá mhéid suim bhíos ag duine in
Éirinn agus in a mbaineas le hobair na
Gaedhilge. Is féidir gurab é fáth atá leis
sin a liacht cruadhtan agus gábhtar do fhuiling-
eadar na hÉireannaigh isan aimsir in allód
um an creideamh do leanamhaint agus an
teanga do chleachtadh agus a liacht dlighthe do
cumadh agus do cuireadh i bhféidhm i n-aghaidh na
Gaedhilge agus an Chreidimh mar aon. Pé
ar bith fáth atá leis is fíor é. Na daoine atá
ag obair ag iarraidh an teanga do choimeud
beó is ar lorg na naomh Éireannach atáid.
Atáid ga obair as ucht a ró-ghrádha do Éirinn.
Amhail adeirthear isan dán fada sin atá
luaidhte le nár néarlamh féin .i. le Colm
Cille, Dá dteagmhadh éug dála dhóibh, is ar
mhéad grádha Gaoidheal. Dála na sagart
anois, ní dána mise ar comhairle do thabhairt
dóibh, acht atá ní amháin deimhnightheach .i. nách
bhfuil dá mhéid do ghnídh do chongnamh leis an
nGaedhilg nách eadh is mó sa chách raghas a
nobair féin i sochar dos na daoinibh bhíos fá
na gcúram. Agus ag so rud eile atá deall-
raitheach munab deimhnightheach é .i. muna bhfuil
seadh agus suim agus spéis aca i n-obair na
Gaedhilge an feadh atáid ina macaibh léighinn
isan Choláiste se is ar éigin bhias suim aca
isan obair nuair do gheuntar sagairt díobh.



T. de R.


L. 64


Sgéilín



Sean-bhean do bhí ann nach dtéigheadh chun an
Aifrinn go minic, agus do chuir an sagart
fios uirri lá. Dochuaidh sí chuige agus ar a
filleadh tar a hais do casadh fear dí dár
innis sí cúis a turais. Ag so shíos mar
d'innis: -



"Dochuaidh mé soir indiu chuig an tsagart
Ó Friaghaill, is dochuaidh mé suas i n-a thigh
féin. "Caidé mar atá tú indiu, a Nóra,"
arsa seisean. "Atá go maith, go raibh maith
agaibh, a shagairt," arsa mise. "Bhall, a
shagairt Ó Friaghaill, do chuir mo chomhursa
dóigheamhail, Dimlic Ua Harrain, sgéala
chugam go raibh gnó agaibh liom agus atáim
annso anois le bhur gnó do fhuasgladh." "A
Nóra," arsa seisean, "an raibh tú ag an
Aifreann an Domhnach seo dochuaidh thart?"
"Bhall, a shagairt, le cuidiughadh Dé, do
bhí mise ag an Aifreann." Arsa seisean:
"Caide an soisgeul do bhí ag an tsagart
an Domhnach so thart?" "Bhall, a shagairt,
atá meathadh bódhar orm* agus do bhí mé shiar
i naisle na bhfear, agus idir mion-casacht
agus meanfach móraidhe agus treasdal na
ndaoine chan <ní> fhuil a fhios agam caide
do bhí sibh do rádh, acht atáim cinnte agus
ro-chinnte go raibh sibh ag tabhairt teagaisg
agus oideachais do bhur bpobal comh maith
agus thiocfadh le pearsan sagairt do
dhéánamh." Acht d'aithin mé ar a fhimineacht
gur fa choinne cutail* agus snapail* do bhí
sé.




*Meathadh eisteacht is the common expression for deafness. I never heard meathadh bodhar except in
this instance.



*cutail, cutting



*snapail, snapping


L. 65


Beannughadh Thobair an Dúin



Atá áit i dTír Chonaill a ngoirthear an
Tearmann de, fa thuairim cúig mhíle siar ó
thuaidh de Leitirceanainn, agus atá tobar
beannuighthe ann. Istigh i lár portaigh atá an
tobar sin, agus Tobar an Dúin an t-ainm
atá air. Is é an fáth a dtabhairthear an t-ainm
sin air, dún de chuid Chloinne Domhnaill,
prionnsaí chlumhartha, chródha Thíre Chonaill
do bheith ar mhaoil-árdáin atá i bhfogus do'n
tobar; acht ní mórán de'n dún sin atá le
feicsint anois ann.
Budh ar chathaoir
ríoghda ar an árd
so do shuidhidís
flaithe agus tríotha
nuair do chuirthí an
choróin ar a gcean-
naibh. Tig na mílte
chum turais do
dheánamh* ag an
tobar so gach aon
bhliadhan, agus is
mór go dearbhtha
dóchas na ndaoine
as uisge an tobair.
Adeirtear go
mbíonn leighis-
eanna dá ndeánamh
do shíor ann agus
go bhfuil díbirt na
bhfranncach agus
na luchóg ins an
uisge, aon áit i gcrathfaidhe é.



Seo sceul d'innis mo mháthair damh agus
baineann sé le beannughadh an tobair seo:



"Lá amháin da raibh an Pápa ag rádh an
Aifrinn, tháinig rud geal éigin isteach ar an
altóir chuige i gcomhraidheacht aingil, mar do
shíl sé. D'innis an teachtaire seo do'n Phápa
gur aingeal do bhí ann tháinig ó Dhia le n-a
threorughadh agus d'iarr air gan sgannradh
ná eagla do bheith air roimhe. Do chreid an
Pápa a sceul agus is air do bhí an lúthgháir
do bheith i bhfochair an aingil. D'fhan an
t-aingeal i gcuideachta an Phápa ar feadh
tamaill fhada, agus iad ag seanchas agus ag
comhrádh le chéile, agus an fealltóir bradach
dá chur ar an tslighe cheart, ma b'fhíor.
Dorighne an t-aingeal paidear a dtug sé
"an gheal-phaidear" uirri. Thoisigh† sí mar so
.i. "An gheal phaidear, a mhathar Pheadair," agus c.
Ní fhuil an phaidear agam-sa, acht is cuimhin
liom gur sin an tús do bhí uirri; do bhí sí
uilig <uilidh> go
léir ag m'athair,
go ndeánaidh an
Rí an mhaith ar a
anam. Thug an
Pápa órdughadh í
do rádh in gach
chearn insan do-
mhan, agus do bhí
sin,‡ na daoine ag
gabhail di§, mar
nach raibh dath de
locht le feiceal
uirri, óir is cosa-
mhail go dtig leis
an diabhal é fhéin
rudaí maithe, tait-
neamha do rádh
nuair is mian leis
na daoine do
mhealladh. Acht
char <níor> mar sin
do Árd-leightheóir Ua Frighil, sagart do bhí i
dTearmann 'san am sin; thug seisean droch-
bharamhail don' sceul lom díreach, agus
dubhairt nach dtiocfadh leis taobhadh ar bith
do bheith aige insan urnaighe. Is é an deireadh
do bhí air gur chuir an t-easbog i n-iúl
do'n Phápa go raibh sagart 'na dhioghóise-
sa nach ngéillfeadh do'n phaidear do rádh.
Do chuir an Pápa cuireadh ar Árd-léightheóir
dul chuige chum an cás do mhíniughadh. Do
ghread an sagart leis agus ní raibh moill



*Deánamh is the common Tír Chonaill form of déanamh. †Thoisigh = thosnuigh ‡Sin is to be accented in
reading. The phrase na daoine ag dul dí is in apposition to sin. "That (the people practising it) was so."



§ Ag gabhail do (possibly rectius ag dul do) - "occupied with" and is of frequent occurrence in the following and
similar phrases in Tír Chonaill; Ag gabhail do'n Pháidrin, "saying the Rosary"; ag gabhail a <do> cheól, singing (also
ag gabhail cheóil) ag gabhail don fheur, working at the hay; ag gabhail dá ndinneir, taking their dinner. I am not
aware that the idiomatic use of the verb, be it dul or gabhail, occurs in any combination except "ag + verbal noun."


L. 66


ar an duine bhocht go dtáinig fhad leis an
Róimh, agus nuair do shroich sé teach an Phápa,
do thárla do'n Phápa bheith amuigh ag siubhal.



""Cá bhfuil an Pápa?" ars é leis an
tsearbhfhóghanta.



""Ata sé amuigh udaí,* é féin agus an fear
uasal tháinig chuige ar na mallaibh.



""Cia an fear uasal?"



""Atá, an t-aingeal."



""Atchím anois," arsa Árd-léightheóir.



Ní raibh i bhfad go dtáinig an bheirt isteach
.i. an Pápa agus a chompánach na féille.
D'fhiafruigh an Pápa d'Árd-léightheoir cé'r
bh'é fhéin. D'innis sé dó.



""An tusa," ars an Pápa, "an fear nach
ngéillfeadh do mo dhlighe-se?"



""Ní hamhlaidh atá, a Athair urramaigh;
dobheirim úmhlacht dod' dhlighe acht chá dtugam
isteach do'n "Gheal-Phaidear." Agus an
bhfuil a fhios agat cia h-é sin ag siubhal leat?"



""Is aingeal é. An bhfuil aimhreas ar
bith ort 'na thaobh?"



""Is gairid go dtiubhra mise fios duit
cia atá ann," arsa Árd-léightheóir, ag cur
an ribín fa n-a mhuineal agus ag tois-
iughadh do léightheóireacht go deár <go
ndearna> se muc de'n aingeal ar dtús, agus
insan deireadh thiar thall do chuir sé ar shiubhal
na splannc theineadh é.



"D'iarr an Pápa ar Árd-léightheóir
malairt áite do dheánamh leis, acht dubhairt
seisean gur bh'fhearr dóibh araon mar do bhí
siad. D'iarr an Pápa air annsin fanamhaint
thall insan Róimh aige, acht do chuir Árd-
léightheóir suas† de sin fosta. Cibé mar do
bhí, fuair sé beannacht an Pápa agus do bhain
Éire amach comh tiugh geur agus do bhí in a
chnámhaibh. D'fhág sé bata deas do bhí aige
'na dhiaidh thall, i dtigh an Phápa, agus do bhí
brón mhór air do deár <go ndearna> se dear-
mad de. Ag teacht dó fríd phortach an
Tearmainn do casadh tobar air agus do chrom
sé síos gur bheannuigh é. Innsin d'iarr sé
athchuinge ar Dhia ma bhí brigh ar bith insan
uisge É taisbeanadh do thabhairt dó.‡ Ní
luaithe do bhí an focal amuigh ar a bheul ná
leim an bata d'fhág sé 'na dhiaidh 'san Róimh
aníos as an tobar chuige. Do thuig sé annsin
go raibh buaidh insan uisge agus is minic do
cruthuigheadh ó shoin é. Do chuir an Pápa
fuagradh amach innsin gan duine ar bith an
"Gheal-Phaidear" do rádh ní budh mhó."



Sin an sceul anois. Tá sé an-choitchean
imeasg muinntire na tuaithe, acht ní fhuil a
fhios agam cá mheud de'n fhírinne atá ann.
Atáim deimhnightheach go bhfuil paidear ann a
ngoirthear "an Gheal-Phaidear" di, acht ní
shílim gur b'é an mac mallachtain do chum í.
Cibé mar atá, is é mo bharamhail go síleann
cuid mhór de na daoinibh gurbh é an diabhal
dorigne í, agus, mar sin, ní maith leó
bheith ag a rádh.



Páidín Dubh.



*Udaí = annsud. †Cuir suas de = diúltuigh. ‡Recte É do thabhairt taisbeánadh <no taisbeánta> dó
<Dr. Sheehan>. "Then he petitioned God to give him a sign if there was any virtue in the water."



Atá an Gheal Phaidir insan leabhar do b'ainm "Abhráin Diadha Chúige Chonnacht," ar leath-
anach a 363. "An Craoibhín" do chuir annsin é, agus is iomdha dóigh atá aige air.



An Phaidir Gheal



<Muiris an Gearaltach ó Cheann hEilbhic adubhairt an phaidir seo dhamh. Atá na focail ann do réir a
bhfoghair. - M. Ó S.>



Go mbeannaightear dhuit-se, a Phaidir Gheal. -
Go mbeannaightear dhuit-se féin. -
Cár chodail tu aréir? -
Mar ar chodail mac Dé. -
Cá gcodaileochair anocht? -
Mar a gcoidileochaidh na bocht. -
Cá gcoidleochair i mbárach? -
Ag doras cúirt Phádraig. -
'Dé sin rómhat? -
Dhá cheud aingeal. -
'Dé sin i do dhiaidh? -
Dhá cheud aspal, -
'Dé sin ar do lámh dheas? -



Buidéal uisce coisricin thug Muire máthair
domh-sa ag deunamh an eolais trí sna
bóithre ar dearg-lasadh. Is maith dhom
anam, is maith dhom cholann; is maith an
dá eochair deug tug Íosa Críost domh-sa
dh'oscaileochadh dhá dhorus deug na bhflaith-
eamhnas, agus do dhúnfadh poillíní ifrinn.
Fuil ar linn, fuil ar lár, luthgháire sa tig
úd thall. Fleasc óir meán a chinn <? um
a cheann>, an choindeal shoillseach in a láimh.
- An té dheurfadh an Phaidir Gheal, agus í
do rádh gach lá, do-gheobha sé neamh le toil
na n-uaisle. M. Ó S.


L. 67


Sgéal Fhinn Mhic Chumhaill



Dochuaidh bean uasal amach ag aeridheacht
lá agus bean cuingilligheachta* in' aoin-
fheacht léi. Do bhuail réice bhuachalla amuigh
uimpi do phós na haimhdheóin í. Bhí náire
uirri annsin filleadh abhaile, agus isé rud do
dhein sí féin agus a bean coingilligheachta*
imtheacht leó féin<ig> gan filleadh a thuilleadh.
I gcionn trí ráithe dobhí mac aici, agus an
méad ná borradh an lá, do bhorradh an oidhche
go raibh sé seacht mbliadhna. Do casadh é
féin agus a mháthair ar ínse go raibh báire ann
agus do shuidheadar ar chlaidhe na hínse. Do
leig duine uaidh a chamán agus do rug an
garsún ar an gcamán. Do dhírigh sé an
liathróid ar fuaid na hínse, ag bualadh na
liathróide leis an gcamán. Bhí sé ag éirghe
i n-áirde i gcoinne na liathróide, bhí sé chomh
luathmhar sin. Mo ghraidhn go deó thu, a
Fhinn ghléigil, adubhairt duine de na fearaibh.
Go mairidh tú t'ainm agus do shloinneadh,
a Fhinn mhic Chumhaill mhic Airt, adubhairt an
bhean. Do bhí Cumhall mac Airt ar an gcu-
thalán† <.i. ar an ínse>, agus d'fhéach gach
éinneach air nuair dubhairt an bhean Fionn mac
Cumhaill mic Airt. Freagarann sin duitse,
ar siad, nó an bhféadfadh an sgéal bheith
amhlaidh? Chuimhnigh sé ar an gcúrsa saoghail
ghabh thairis agus adubhairt sé go bhféadfadh.



Cheapadar annsin an garsún do bhaint dí,
agus d'airigh sí é, agus is é rud do dhein sí,
breith‡ ar an ngarsún agus é do bhualadh ar a
drom agus rith. Is gairid chuaidh sí, mar
bhí an garsún trom, nuair bhí sí buailte amach
aige, agus is é rud do dhein an garsún annsin
an máthair bhualadh ar a dhrom, agus isé cuma
gur chuir sé chuige í, a ceann do bhualadh
fúithi isteach, agus breith i n-áirde ar a dhá
láimh uirri annsin ós cionn a chinn. Bhí sí
i n-áirde ar a ghuailnibh annsin agus is gairid
'sa choill do chuaidh sé, nuair bhuail sé buille
dá ceann ar ghéag crainn agus do mharbh sé
i d'aon iarracht, slán mar a n-innstear é.
Agus ní raibh a fhios aige chum go dtáinig sé
amach as an gcoill go port abhann. Ní
raibh pioc don cheann uirri nuair tháinig
sé amach as an gcoill gan bheith bainte ag
géagaibh na gcrann dí. Do leig sé uaidh
ar phortán na habhann í, agus do dhein sé
poll i bportán atá ann agus do chuir sé a
bport na habhann í. Agus is é ainm atá ar
an gCondae ó shoin agus bheidh go deó, Con-
dae Phort Láirge, ó's é Láirge b'ainm don
mnaoi.



D'imthigh an garsún annsin gan athair gan
mháthair. Níorbh aon mhaith dhó an t-athair bheith
ina bheathaidh mar níor dhein sé aon mhaitheas
dó riamh. Agus bhí coileán i n'aonfheacht
leis go dtugadh sé Bran air.



Bhí sé ag cur de annsin agus ná feidir
sé cá ngeobhadh sé. Chonnaic sé deatach caol
uaigneach ag éirghe amach ó bhun cairrge agus
do dhein sé fé dhéin an deataigh. Dubhairt
sé go raibh rud éigin ann go raibh an deatach
ann. Is é duine bhí ann ná an § duine a
dtugaidís an Gruagach Leath-chaoch Ruadh air,
ag róstadh bradáin, adubhradh go raibh fios
ann. Bhí sé seacht mbliadhna ag iasgaireacht**
ar an mbradán sara rug sé air, agus bhí sé
seacht mbliadhna eile á róstadh annsin a
d'iarraidh¶ an fheasa a bhaint as. Agus bhí



*Coimhdeachta. coinnleachta in Decies. †cúlán <?> ‡There is no sign of ná here. See other places in the
story, and cp. Stories from the Táin, p. 30. Is é fer do génad in ngním Cuchullainn. This ná must be num-
bered among the sins of analogy. §Contrast note‡ **Cp. M. 74. Ac dubánacht fair ¶.i. ag iarraidh


L. 68


sé ar bior ar aghaidh na teineadh amach agus
é <ag> á chasadh i gcomhnuidhe, agus dubhrad dá
n'eirgheadh aon chlog ar an mbradán, go
raibh an fios gan mhaith, agus d'fhiafruigh sé
ar* an ngarsún an gcasfadh sé an bradán
tamall chum go gcodladh sé greas. Agus
seo fáinne dhuit, ar sé, agus cuir ar do mhéar
é, agus má thagann codladh nó ocras ort,
ar seisean, feuch ar an bhfáinne agus ní
thiocfaidh pioc ort. Fáinne draoidheachta
b'eadh é. Ní raibh sé acht a chodladh tuitithe
ar an nGruagach nuair d'éirigh clog ar an
mbradán ó na chluais go dtí a eirball. Do
bhuail sé an ordóg isteach ar an gclog, agus
do bhris an clog agus do rith an t-uisce
beirthe amach ar an órdóig, agus le neart
teinne an losctha fuair an órdóg, sháith sé
an ordóg suas ina bhéal, agus do dhírigh sé ar
í <do> chogaint. Agus is amhlaidh <do> rith an
fios chuige, an fios a bhí sa mbradán agus a bhí
ag nGruagach a d'iarraidh é d'fhaghbháil, is é
Fionn fuair é. D'ith sé féin cuid den
bhradán annsan, agus thug sé tuilleadh dhe
do Bhran, dá ghadhar, agus d'fhan blúiridheacha
don bhradán ar fuaid an talaimh na ndiaidh,
agus do tháinig an fiach dubh agus do dhírigh
sé ar iad do phiocadh. Atá an fios ag an
bhfiach dubh ó shoin. Annsin dubhairt Fionn
leis féin go marbhóchadh an Gruagach é, nuair
dhúiseóchadh sé. Níor dhein acht breith ar an
mbior, bhí sé dearg ón dteinidh, agus sháith
sé an bior i súil an Ghruagaigh, agus ní raibh
aon radharc i n-aonchor ag an nGruagach
annsan. Do rith Fionn annsan agus do rith
an Gruagach ina dhiaidh agus gan aon radharc
aige. Cá bhfuil<eann> tú, a fháinne, ar an
Gruagach. Atáim annso ar mhéirín, ar an
fáinne. Bhí sé ag rith i gcomhnuidhe agus an
Gruagach ina dhiaidh agus an fháinne† ag freag-
airt don Gruagach. Draoidheacht do b'eadh é.
Bhí Fionn i san rith a d'iarraidh an fáinne a
shracadh dá mhéar agus do shrac sé de é
'sa deireadh. Bhí sé teanntuighthe leis an
bhfairrge ag an nGruagach, agus do chaith sé
an fháinne le faill na fairrge. Cá bhfuileann
tú, a fháinne, arsan Gruagach. Atáim annso,
ar mhéirín, arsan fháinne, agus é caithte le
faill na fairrge. Do lean an Gruagach
fuaim na fáinne agus do léim isteach san
bhfairrge, agus do báthadh é. Bhí an fios ag
Fionn annsin gan baoghal ón nGruagach.



Sin a bhféadfainn innsint den sceul, agus
d'innseas é díreach mar airigheas féin é.



<Diarmuid Ua Liatháin, feirmeóir atá ina
chomhnuidhe i n-aice Choláiste na Mumhan i
mBéal Átha an Ghaorthaidh tug dom an sceul
so. Ní dhearnas aon atharrughadh ann acht
focal nó dhó i dtosach. Is iomdha sceul atá
ag Diarmuid acht atá an fear bocht i nearr
a shaoghail agus a aoise, agus ba mhaith an
rud na sceulta sin do bheith i gclódh uaidh sin,
agus ó gach aon eile ag a bhfuil an Ghaedhealg
chomh maith. - T. de R.>



*leg. de. †Fáinne is both masc. and fem., in story.



Paidir le Rádh do dhuine ag faghbháil bháis.



A Rí dhil Dia hAoine is a athair chomhachtaigh,
dein díon dom san oidhche is fair sa ló me.
Má taoi chum mé bhreith sa tslighe seo ná feaca
fós
dein díon dom choidhche ar bheatha na glóire.



A Dhia na n-aingeal is a charaid na dtruagh
bhochtán,
dein díon do mh'anam a bhanaltra an uain
ghil bháin,
Bí am dhíon am theagasg gach uair is tráth,
'sa Mhichíl aingeal, bí agam ar uair mo bháis.



A Mhichíl naomhtha, glaodhaim ar a ainm,
A Naoimh Eoin Baiste grádhaim thú.
Na haingil go léir go ndeinid díon dár
nanam,
Ar uair an chatha nár tháinig.



Nuair bheidh ár súla 'gá ndúnadh is ár mbeul
'gá leathadh,
is ár gciall ag imtheacht chumh fáin uainn,
Ár gcúis 'gá ghlaodhach is an teurma caithte;
Dia le nár nanam an lá sin.



A Thighearna na dTighearnaidhe dfhulaing* an
pháis,
is do stialladh† le hiarann ó bhathas go sál,
'Na dhiaidh sin do-chuaidh tighearnacht na
cruinne ar do láimh
a Dhia dhil is ag iarraidh‡ do chomairche
atáim.



<Fuaras an dán so i mBeul Átha an Ghaor-
thaigh. - T. de R.>



*SL. d'fhillig. †SL. stiallamh, "was rent asunder"
‡SL. a d'iaraidh


L. 91


Rann Bhuaidh Phádraig



Molfaidh mise Rí na ndúil
Aon Mhac Muire le deagh-rún,
Sciath chúmhdaigh na n-aigh,
Lann tréan na naomh 's na naspal



Crann dídine gach duine,
Deagh-mhac Muire mór-ghlainne,
Réalt eólais an domhain duinn,
A mholadh is cóir go coitcheann.



Moladh Íosa gile le mian
Is do gach aon is comaoin.
Gnúis níos deallraighe na an ghrian
Ar shaoghal nach dearn an-mhian.



Crann ciúin is milse toradh
Geug ar dhual dó deagh-mholadh;
Faghthar aige sochar na ngrás
Gan dochar is gan dólas.



Rí na righthe do dhóirt a fhuil
'Gus táinig go dian dár gcabhair,
Cuireadh masla daor air linn
Dár saoradh ar lasair ifrinn.



Rí na ndúil agus rí neamh,
Craobh chiúin agus gnúis ainglidhe,
Cabhair gnáth na maighdine mín,
Congntóir caich go coitcheann.



Pronntóir grás ar té dhar chóir,
Crúightheóir caich ar chéad dóigh.
Deallradh gnáth i na ghnúis ghil,
Nach mealltar le rún mheathamhail.



Gnúis bhuaidheartha mhín gan cheilg
Ariamh nach fionnadh le fíor-fheirg
Abhall ciúin na dtoradh trom
Scaipeas a chnúis go cothrom.



Breitheamh ceart marbh agus beó,
Rí nach dean a chlaochlódh,
Scaoileas a ghrasta fa seach
Choidhche ar chach is aon-neach.



A rí céadna luaidhtear linn,
Do shaothruigh cach go coitcheann,
Ná leig m-anam i bpéin go grod,
Aon Mhac Muire do m'fhortacht.



"Abair an phaidir seo ocht lá do anam i
bPurgadoir agus sgaoiltear amach é;
abair ar maidin é agus ní thuitfe tú i
bpeacadh marbhtha an la sin; abair uair ar
bith é agus gnothochai tú lóghadh mór."



7. Donn, g., duinn, adj., entire, whole <A. Nic L.> 9-10. To praise Jesus of Brightness, with zeal - it is for
each one that it is obligatory. 12. Who while in the world did no deed of excess(?) 24. congtóir, pronounced
có-antoir by the Reciter. 30. Fionnadh, flushed, according to a local interpreter; fionnaim, know, examine, see,
recognise, find, <Dineen>. 32. Cnúis <cnó, nut>, probably the same word as cnuas, collection, treasure,
34. Dean = déanann


L. 99


Gearóilt Ó Dochartaigh



Do bhí fear na chómhnuidhe uair amháin i Leitir-
mhic-a-Bháird, i mbaile a dtabharann siad
an Dúthaigh air, darb ainm Gearóilt Ó Dochar-
taigh. Do bhí an fear so an-fhéidhmeámhail agus
do bhí an oiread sin cumhachta aige go raibh
anam duine ar a chumas ag gach sesiún i
Leith-bhior.



Do imthigh sé go Leith-bhior uair amháin agus
do bhí beirt fhear le crochadh an t-am so, fear
aca saidhbhir agus an fear eile aca bocht. Ní
raibh duine ar bith le labhairt ar son an fhir
bhoicht acht amháin cailín aimsire do bhí ins an
tigh ósda i raibh Gearóilt ag baint faoi.



Do labhair an cailín le Gearóilt an lá
roimhe lá na cúirte agus do ghuidh sí air an
fear bocht do shaoradh ar an chroich. Do
gheall Gearóilt go saorfadh acht tamall beag
na dhéidh sin do casadh daoine muinntireacha
an fhir shaidhbhir air agus tug siad cuireadh dó
chuig féasta.



Tháinig Gearóilt chuig an fhéasta, agus ní
raibh i bhfad go raibh sé rud beag súgach, agus
d'iarr duine inteacht <éigin> air annsin beatha
an fhir shaidhbhir do shábhail agus tug Gearóilt
geallamhain go sábhalfadh.



Ar maidin lá ar na bhárach nuair do bhí an
bheirt le crochadh, agus nuair do fiafruigheadh
do Ghearóilt cia aca do'n bheirt ar mhaith leis
bheith saor dubhairt sé gur mhaith leis an duine
saidhbhir do shaoradh. Mar sin d'imthigh ar
fear saidhbhir slán agus do crochadh an duine
bocht.



Nuair do chualaidh an cailín aimsire an
duine bocht do bheith crochta indéidh Ghearoilt
geallamhain do thabhairt dí féin go sábhálfadh
sé é, do imthigh sí an meud do bhí i n-a corp
go siopa do bhí ins an bhaile-mhóir agus do
cheannuigh sí nimh. Tug sí an nimh do bhaile
léi agus nuair do bhí sí ag glanadh buataisí
Ghearóilt do dhóirt sí an nimh isteach ionnta
agus d'fhág ag a sheomra iad.



Do éirigh Gearóilt go luath lá ar na bhárach,
mar do bhí sé ag bráth ar dhul siar do bhaile
go dtí'n Dúthaigh. Do bhí coiteóir dó na chomh-
nuidhe shiar i mBeul an átha mhóir agus budh
mhaith leis teach an choiteóra do shroichint roimh
tuitim na hoidhche.



Do réir mar do bhí Gearóilt ag tarraing
siar do bhí a chosa ag éirigh níos frithire agus
ní raibh a fhios aige caidé dob' adhbhar leis.
Do éirigh sé níos measa agus níos measa go
dtí gur bheag nach raibh sé i n-innmhe fanacht ar
dhruim an chapaill.



Ar chuma éigin do shroich sé Beul an átha
mhóir agus do bhí an coiteóir ag fuireacht leis.
Dob éigin dó cuideadh le Gearóilt teacht
anuas ón chapall do bhí sé chomh lag sin. Do
chuaidh sé i luighe agus ní raibh i bhfad na dhiaidh
sin go bhfuair sé bás.



Comh luath agus fuair Gearóilt bás do
chuir an coiteóir teachtaire síos go dtí'n
Dúthaigh le sceula chuig an bhean.



Ins an bhaile ar an Dúthaigh do bhí cláirseach
mhór. I bhfad roimh an am so adubhairt sean-
duine éigin le Gearóilt go mbrirfeadh teud
ins an chláirsigh so an uair do-gheobhadh sé bás.
Ar an ádhbhar sin tug Gearóilt aire mhór do'n
chláirsigh agus do chongaibh istigh i gciste luach-
mhar í.



An oidhche i bhfuair Gearóilt bás do bhí a
bhean 'na suidhe ag an teinidh insan bhaile, agus
le sin cluin* sí an fhuaim íongantach tríd an
teach. Ar dtús ní raibh a fhios aici faoi'n
spéir ca h-as a dtáinig an fhuaim acht fa
dheireadh do smuaintigh sí ar an chláirsigh.
Do chuaidh sí go dtí an áit i raibh sí, agus
do shómhruigh† sí go raibh teud briste. Do
chualaidh sí roimhe sin sceul an tseanduine,
agus anois do bhí a fhios aici go raibh Gearóilt
marbh agus d'imthigh sí do chuartughadh a chuirp.



Nuair tháinig sí fhad leis an Dubh-charraig,
do casadh an teachtaire uirri. D'innis sesean
dí iomlán mar thuit amach agus an dóigh
uathbhásach i bhfuair sé bás.



Ar sgor ar bith do cuireadh Gearóilt agus
ón lá sin go dtí'n lá indiu is iomdha uair
d'inniseadh sceul air, agus is iomdha amhrán
dorighneadh fa dtaobh dé.



Féidhlim ó Baoighill



*Cluin = 3rd pers. sing. present



† Sómhruigh = sonnruigh



"Is olc d'áite fhéin macha mbhus fhearr 'na áite coimhtheach," "Your own place is bad if it
will not be better than a strange place." - Sean-fhocal atá aca inGleann-Con-Canaidh
i gCondae Doire.


L. 103


Sean-duine ná fuil aon Bhéarla aige
adubhairt an chaint seo, ag féachaint ar bháire
dó: -



An sean duine: -



"Is deas iad na buachaillidhe aniar. Mo
sheasamh ortha! Neart agus fuin-
neamh agus aicillidheacht, a dhuine...
Togha na bhfear agus togha na h-imeartha!
A sárughadh ní'l le fágháil san dúthaigh seo-
agus buaidhfid."



Do labhair fear eile, duine de lucht an
Bhéarla bhriste, agus ag so mar adubhairt: -



Is feárr na buachaillidhe aniar, agus
beidh an "majority" aca le "fair-áltacht."
"Practice" a dhein dóibh é. Acht is breagh
láidir na fir iad, bail ó Dhia ortha, agus
tá siad "act-ála" go maith. Pé scéal é ní
fuirist an "majority" d'fhagháil ortha."
Ag so mar do labhair buachaill óg atá 'n-a
scoláire mhaith: -



"Ambasa ná fuil siad go holc, na
buachaillidhe aniar. Tá cuid aca atá an-
láidir agus tá an-rith aca. Tá an-thaithighe
aca, agus is deacair buadhachtaint ortha.
Cuirfidh mé geall leat go mbuaidhfidh
siad."



Is é an rud amháin do bhí ag a rádh ag an
triúr, acht ní dhubhairt aon neach aca mar
ba chóir é acht amháin an sean-duine.



Do frith cainnt an triúir sin i n-aiste do
scríobh Pádraig ua Niallagain.



Do bhí óigbhean ann tráth a mbíodh beirt
fhear ag suirghe léi. Do thigeadh fear aca ag
amharc uirri go minic, acht ní raibh áird aice
air-sean, agus b'fhearr leí i bhfad an fear eile
do bheith ag teacht. Lá amháin i dtáinig an
fear nach raibh áird aice air, adubhairt sí leis



Sé do bheatha, a Mhinic a thig!
Is truaighe nach dtig Minic nach dtig
Leath chomh minic le Minic a thig.



S. mac F.


L. 108


Dólás Mhuire Cois na Croise



"Domhnach Dala" cct.



I.
"Mo mhac, m'uan, imbrón na bpian
'Tchím thú le dólás mór croidhe,
Táir crochta céasta, mo chiach,
Tá tocht 'mo chliabh astuigh.



II.
"An lámh - deargadh í go dúr,
Nar árduigheadh acht le beannughadh
'San chos fós nar lag a lúth,
Le caoiri caillte do shlánughadh.



III.
"Uch, tolladh an taobh, mo chreach!
Gonadh an chruidhe le geur-gha,
Acht do mhaith Íosa do chách,
Gan fearg gan fuath do aon-neach.



IV.
"Ní'l suaimhneas duit ar an chrois,
I luadhail bháis atáir anois,
Ar taca tairnge borb
Tre láimh laig agus gealchois.



V.
"An chros a leabaidh gan clúmh,
Gan slacht gan sogh gan sámh-shuan
Níor thréig duadh acht d'eug le dúil
Cách do thabhairt go bail bith-bhuan.



VI.
"Ar son tarcuisne táire,
Croiche is marbhtha mór-náire
D'iarr ar a athair go dian
A maitheamh - focal fíor-chaoin."


L. 111


Fírinne agus foighde,
Gradh Dé agus duine,
Aithris uaim d'fhir <fearaibh> is mná <mnáibh>
Agus sin an dlighe go huile.



Faillighe maidne is mairg doghníos é,
Atá fios na faillighe ag an Árd-righ,
Atá an phaidir i n-a ór-dhearg Dé,
Agus blas na meala ar an Ave Mária.



<A. nic L.>

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services