Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Donnchadh Woulfe ro chan ar an ccaitilic reint
Title
Donnchadh Woulfe ro chan ar an ccaitilic reint
Author(s)
Woulfe, Donncha,
Compiler/Editor
T.de R
Composition Date
1822
Publisher
(B.Á.C.: Connradh Chuilm Naomhtha, 1910)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Donnchadha Woulfe ro chan ar an ccaitilic reint. A shinnsir Gaodhail do phreumh ghlan-uais, 'Tá claoidhte a bpéin a ngéimh 's a nguais, Nách aoibhinn fhéil an sgeul so ghluais 'Nár measg ag uaislibh Fódla. An loma leun 's an ghaoth adtuaidh, Is docht do shéid gan faos 'nár mbuaic, Ó lucht an chraois is an éigion cruaidh Sinn traochta truaill A bhféith gach duail Is Orangemen faon, dá mhéid a nuaill, Le feartaibh Úain na glóire. Glóire, grádh, is gáir do chléir Is fós na ndáil don Táintreibh fhéil Do thógbhas páirt a cclár ghlas Néill, Le slóightibh traothlag' tnáiti Conall cáidh Ó'Gorman Siéil. 'San tUlfach áigh nách tláth a ccéill, Brick beacht bláth gan smáchul beul, Conway caomh, Mac Domhnaill séimh Is tuille 'tá gan cháim gan chaodh Chum ceart do phléidh do Chlár-Luirc. A cClár-Luirc mhíonla mhín na bhFiann Táin na nGaoidheal ba ghríomhach rian Go ráinicc raidhnsig righin mo phian Tar sleasaibh bán na bóchna. Ag so an ní thug sinn fá chiach Is conairt féill foraoir d'ár bhfiadhach Tuirse croidhe is dlighe ró-dhian D'ár cclaoidheadh le cian A ccríochaibh Bhriain Do chuir na buidhin nár chuibhe bheith fial Tar lear a n-iathaibh déoraigh. Is déorach dúbhach gan clú gan cáil, Dá sgóla ag budhair a ccúige Fáil, An phór-shliocht iuil do shiubhail on Spáinn Go trúpach tárthach tóirseach. Áilim siúd ar an nduileamh áig, 'S a mháthair umhal don chrú ba cháidh An t-ár gan cúis an smúit san ghráin Do mhúch an táin Do thionnsgain cáin Do raid ar ccúl go fiú gach scáil Is brúid an smáil do bhéo-ghuin. Is beó gan bíoga, binn an sgéal, Dóibh sin choidhche arís ní baoghal, Sgóid ná sgíos ná sgeimhiol sa tsaoghal, Acht cíos na nGaodhal d'fhoireálamh. Gach spreas 'na chroidhe nách cuibhe leis é, Acht casaoid síorchasmuirt agus pléidh Strachaduís an cuing nách glé, Fa dhiorma mhéith Na ngniomhartha cléith Do chleachtas fíonta fuinn is spré, Saoirseacht saor is sláinte. Sláinte guidhim óm chroidhe gan spás, Sláinte bhinn don buidhion gan cás, An cháin seo dhíol gan díobhal gan tlás, Gan bhín ar tháin na feola Go brath arís biadhmuid gan connáid ? is dáimh an ghrinn gan fíoch ó námhaid, Dánta ag buidhion, is fíon ar chlár Ag saoithibh Fáil Nách coimhthigheach cáil Is tuirc na puimpe tinn lag tláth, Mar mhíolta feádh, dá seóladh. Crích.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services