Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Donnchadh Woulfe ro chan ar an ccaitilic reint

Title
Donnchadh Woulfe ro chan ar an ccaitilic reint
Author(s)
Woulfe, Donncha,
Compiler/Editor
T.de R
Composition Date
1822
Publisher
(B.Á.C.: Connradh Chuilm Naomhtha, 1910)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Donnchadha Woulfe ro chan
ar an ccaitilic reint.



A shinnsir Gaodhail do phreumh ghlan-uais,
'Tá claoidhte a bpéin a ngéimh 's a nguais,
Nách aoibhinn fhéil an sgeul so ghluais
'Nár measg ag uaislibh Fódla.
An loma leun 's an ghaoth adtuaidh,
Is docht do shéid gan faos 'nár mbuaic,
Ó lucht an chraois is an éigion cruaidh
Sinn traochta truaill
A bhféith gach duail
Is Orangemen faon, dá mhéid a nuaill,
Le feartaibh Úain na glóire.



Glóire, grádh, is gáir do chléir
Is fós na ndáil don Táintreibh fhéil
Do thógbhas páirt a cclár ghlas Néill,
Le slóightibh traothlag' tnáiti
Conall cáidh Ó'Gorman Siéil.
'San tUlfach áigh nách tláth a ccéill,
Brick beacht bláth gan smáchul beul,
Conway caomh,
Mac Domhnaill séimh
Is tuille 'tá gan cháim gan chaodh
Chum ceart do phléidh do Chlár-Luirc.



A cClár-Luirc mhíonla mhín na bhFiann
Táin na nGaoidheal ba ghríomhach rian
Go ráinicc raidhnsig righin mo phian
Tar sleasaibh bán na bóchna.
Ag so an ní thug sinn fá chiach
Is conairt féill foraoir d'ár bhfiadhach
Tuirse croidhe is dlighe ró-dhian
D'ár cclaoidheadh le cian
A ccríochaibh Bhriain
Do chuir na buidhin nár chuibhe bheith fial
Tar lear a n-iathaibh déoraigh.



Is déorach dúbhach gan clú gan cáil,
Dá sgóla ag budhair a ccúige Fáil,
An phór-shliocht iuil do shiubhail on Spáinn
Go trúpach tárthach tóirseach.
Áilim siúd ar an nduileamh áig,
'S a mháthair umhal don chrú ba cháidh
An t-ár gan cúis an smúit san ghráin
Do mhúch an táin
Do thionnsgain cáin
Do raid ar ccúl go fiú gach scáil
Is brúid an smáil do bhéo-ghuin.



Is beó gan bíoga, binn an sgéal,
Dóibh sin choidhche arís ní baoghal,
Sgóid ná sgíos ná sgeimhiol sa tsaoghal,
Acht cíos na nGaodhal d'fhoireálamh.
Gach spreas 'na chroidhe nách cuibhe leis é,
Acht casaoid síorchasmuirt agus pléidh
Strachaduís an cuing nách glé,
Fa dhiorma mhéith
Na ngniomhartha cléith
Do chleachtas fíonta fuinn is spré,
Saoirseacht saor is sláinte.



Sláinte guidhim óm chroidhe gan spás,
Sláinte bhinn don buidhion gan cás,
An cháin seo dhíol gan díobhal gan tlás,
Gan bhín ar tháin na feola
Go brath arís biadhmuid gan connáid ?
is dáimh an ghrinn gan fíoch ó námhaid,
Dánta ag buidhion, is fíon ar chlár
Ag saoithibh Fáil
Nách coimhthigheach cáil
Is tuirc na puimpe tinn lag tláth,
Mar mhíolta feádh, dá seóladh.



Crích.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services