Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Cháisg 1910
Title
An Cháisg 1910
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1910
Publisher
M. H. Gill agus a Mhac
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Irisleabhar Muighe Nuadhad Leabhar 1 An Cháisg, 1910 Uimhir 3 An Áinleog: Aereog Na hImirce Aisling gan bhrigh, gan chéill, gan bun, gan bárr Bhí sé mall 'sa ló, mar adeárfá ag déanamh amach ar bhruach nóna. Ba bhrothalach sámh-thromh an tráthnóna é thaínig indiaidh na gréine samhraidh do bhí ag taithneamh 'n-a dearg-bhreo anuas ó maidin i dtreo go mba dhóigh le duine ná fágfaidhe an fhuil i mbeo tadhaill ná an t-uisce i nglaise ná súgh an fháis i luibh ná i gcrann. Aoinne do léigh agallamh grinn an Ghréagaigh, b'é ba bhaoghal leis go raibh an capbad órdha le Phoebus ag dul amugha ar a mhalairt tiomáinidhe. Chomh maith bhí a rian soin orrainne go léir. Bhí an saoghal mór idir bheith 'n-a chodladh as 'n-a dhúiseacht, agus níor thaise do'n mbuidhin scoláiridhe é ná fiú do'n oide léighinn oineach féin thuas 'n-a chathaoir. "Pé nídh bhíonn ar ghluaiseacht, ní fuláir gur nídh eile gluaiseachta fé ndear é." An t-oide adubhairt. Niór éisteas le n-a thuilleadh. Do leigeas leis an oide-léighinn as leis an scolaidheacht, agus is amhlaidh do bhí agam, as mé ag machtnamh ar an sean-rádh úd romham: mo smaointe ar mearbhall toisc an trom- shuan do bheith ag tuitim orm chomh ciúin tais sámh as thúirlingeann an oidhche ar bhántaibh bláith an tsamhraidh. Le bheith ag tabhairt isteach do'n tsámhán dom do'm aimhdeóin féin is bog breágh réidh do shleamhnuigh an t-oide siar uaim as na leabhair, 'gom fhágaint liom féin im' aonar ar bhruachaibh codlata sidhe. Nóimeint eile as bhéinn-se thar an teorainn isteach nuair pé fhéachaint d'á dtugas amach an fhuinneog do baineadh geit asam do chuir im' dhúiseacht de phreib mé. Áinleoigín fe ndear do'm dhúiseacht. Áinleóigín breac áluinn lúith do sceinn thart mar réalt earballaigh 'sa'n oidhche. Do bhain sí geit asam, a bheith chomh bríogh- mhar mear beodha soin as an domhan mór braonach, idir éan as duine as gaoth na spéire, fé throm-luighe síordha n-a phleist gan méam. Nách aereach aoibhinn an saoghal agat é, a éinín na spéire gléigil', ag déanamh spóirt as aitis' duit ar do shaor-thoil fhéinig as gan ar chorruighe acht tusa fhéin amháin d'éan- laith cheóil an aeir. Nó caidé mar éan thú ar ann chor, a ruidín mire iasachta tháinig chúghainn ar chuairt anall thar chaladh ó chríocaibh do-eolais gréine eígin i gcéin tar lear? Ó gan mise im' áinleoig id' fhochair as comh- naidhe áthais orm gach tráth mar aon leat i nglinntibh solais na spéire. Nach aoibhinn bhéadh imirce an tsamhraidh agam ar leirg na gréine ó thír go tír ar a timcheall fada mall! Leis sin is amhlaidh do bhí an áinleog ag druidim isteach chúgham go h-éascaidh tar éis turas na spéire dhí do thabhairt, go dtáinig 'n-a stad go pras os mo chomhair amach. Niór labhair sise focal acht d'fhan annsoin 'n-a tost dom' infhiúchadh go géar. Níor labhras acht chómh beag toisc dom bheith buille beag mearbhlach im' aigne as scáth do bheith orm d'á reir sin, roimh leith-scige do dheánamh díom féin 'os comhair an stróin- séir. Bhí an focal tosaigh aicise. Do bhain sí casadh as a hearball; do chroth si a ceann go tóstalach; tháinig coinneal 'n-a dhá súil mar réíltínibh oidhche sheaca; as do labhair go binn 'n-a ceol-guth áthais as teangaidh líomhtha na Frainncise. Agus is é adubhairt ná "J'ai vu, J'ai vu." Air sin láithreach do tuigeadh dom an nídh nár thuigeas riamh go dtí sin, 'sé sin, gurab' í an Fhrainncis béarla na n-áinleóg, agus an purt meidhreach soin aca de shíor d'á chantain tar chluantaibh
as fan na loch líomhtha 'sa samhradh, gur b'é is ciall leis ná "J'ai vu, J'ai vu." Is iongantach do chuaidh mo chroidhe amach cuici an tan d'airigheas a cainnt. "Má's toil d'oinigh, a áinleog uasal," arsa mise, "caidé do-chonnacais"? "Do-chonnac," ars' ise, "as í ar chritir mhire le háthas grinn," do-chonnac an saoghal as gach uile nídh ag dul i nglaise as i n-óige, an domhan go léir d'á athnuadhchain as d'á aithbheodhchain, ag borradh as ag fás fé ghréin ghaoithe ghlórmhair an earraigh; do-connach na hoga sona ag damhas as ag sceinn-lingeadh treasna na mbán, ag cnuasach núis bláth na talmhan. "J'ai vu, J'ai vu," do-chonnac gach uile nídh fé luighe na gréine acht an doineann duairc i ndubhluachair na bliadhna amháin." "'Seadh, a áinleog an fheasa áthais, ní d'á bhaint as do bhéal é, acht is deimhin, dearbh go bhfaca tú an uile nídh riamh. N'íl aon tseo acht a bhfacais, acht féach, led' thoil, mar atá agamsa annso, Scolaíre bocht cráidhte mé ná faca puinn riamh; bochtán mé ná fuil meas ná feidhm ag duine ná ag daonnacht orm; aindeiseoir atá dom' chreachadh mé ó mhaidin go hoidhche fé dhian- bhráca riaghal na ndúr. Ó is truagh gan mise im' áinleoig leat-sa chun go bhfeicfinn an saoghal dom féinig. Ní fheicim 'sa'n áit dona dheoraigh seo acht na neite dearóile cheádna ó cheann ceann na bliadhna. Acht mar duit-se dhe, a áinleog dhil, n'íl aoinnídh ná facais. Is 'mdhó lá meidhreach do chaithis, istóin, "'mid the gay vines of France"; do chuimlis na sciatháin tanaidhe luít agat d'ucht glas an "Rhein"; do-connacais na h-éanlaith cheoil ag neadughadh, b'fhéidir, in Andalúsia áluinn, Párrathas na Spáinne ársaidhe; do ghab tú thar fhásaighibh nár shataluigh cos dhuine riamh: agus b'fhéidir duit lá suilt do chur dhíot ag aoibhneas os chionn na dtuambaidhe ríoghdha soin na h Éigipte atá 'n-a n-iongnadh saoghail leis na céadtaibh. Acht agam-sa ní'l aon aoibhneas an tsaoghail; ní'l sult ná suairceas croidhe ag baint liom. Táim ann óir do cuireadh ann mé, ag maireachtaint dom ó ló go ló im' spreas le heagla bás d'fhagháil. B'fhearr an chiall do dhuine é féin do bháthadh go bráth i loch ciúin sochair diamhair an Nirbhána 'ná bheith mar so gach tráth ag mealladh an anma ann le geallamhnaibh diomhaoine bréige as d'á chrádhadh ar lorg teineadh gealáin an eolais ar bhóithribh móna dona isteach i bfásach fiadhain. A! is é thionnlac an philibín ó n-a neid é an fhoghluim seo léighinn ar fad. Caidé an díoghbháil acht a mhireacht ritheann an aimsir thart as a laghadh thagann d'á bárr. Air sin d'airigheas mar do bhéadh gaoth dhraoidheachta ag mo chomáint tríd an spéir as rugamar ar an ngaoith do bhí romhainn as an ghaoth do bhí 'n-ár ndiaidh ní rug sí orrainn-e go dtáinig an radharc im' shúilibh arís agus mo thriall i gcrích agam. A leithéid de radharc ní fhacas ó rugadh riamh mé. Lúb leathan abhann do bhí ann siós siós uaim. 'Mo shuidhe dhomhsa 'ghá breathnughadh ar bhuac an tsean-chaisleáin mhaordha do bhí suidhte ar charraig mhóir mhéiscrigh cois taobh na tuile. I n-amhscarnach an lae ghil do bhí ar leathadh fan an domhain dúiseachta mar bhrat sióda shidhe, is áluinn d'féach an t-eas soir uaim mar chith aol-chloiche acht é do bheith chómh seasmhach le balla marmuir bhaín; agus an ghnúsachtach neamhdha shuaimhnis im' thimcheall nár bhfhios cia 'cha glór an easa é nó siansán as fothrom sír-bhinn sciathán na n-aingeal n-áirneánach ag triall a bhaile chun Dé. Lastall de'n eas ní fheicfeá acht an choill chiúin chraobhach: "Ba mheidhreach i gcrannaibh na héanlaith As macalla ag síor-chanadh leo." Do deargadh an dá néall "ar smeide súile do Phoebus fionn ar faid an tsaoghail." Do chuaidh an choill ghlas tré theinidh. Lastall de'n eas do rinneadh ór buidhe beo de'n uisce dubh. Ar nóimeint na boise do phreab áird-rí an lae ghil isteach 'na shlighidh 'n-a "Charbad aoibhinn órdha" Do-chonnac an taobh fhairsing thuaithe ar bhruac na habhann romham: na fíonghuirt bhreághtha bhlátha as na tighthe deasa bána as na muilne gaoithe do b'aoil seolta. Acht ar nóimeint d'imthig an radharc go léir mar cheo roimh ghal beag gaoithe agus - do bhíos i measc gasraidh ghrinn daoine mbreágh n-uasal istigh i bpioláid rióghdha mharmuir. Bhí féasta flaitheamhail ar siubhal, togha gacha dighe as rogha gacha bídh d'á chaitheamh go cóisreach magamhail meidhreach ag maithibh uaisle nár bh'uasal liom go dtí iad. Ba bheag ná gur radharc mo dhá shúl do thóg sé uaim na fíonta meisce craoraca d'fheiscint d'á dtaoscadh amach 'n-a gceathaibh. Thug na mílte lóchrainn solas an lae do chom na h-oidhche ann. Bhítheas ag cainnt as ag comhrádh as ag gáiridhe ar ach taobh, - mise 'n-a measc chomh sona croidhe le háoinne aca, - tráth, geall le torann na dtonn chois trágha maidin shamhraidh, tráth, gan bheith ann acht ceol-ghuth binn na mban ar bhéadh "gliadar as siansa na n-éan"
i lúib choilleadh craobhaighe um neoin. As an bhantracht 'sa chomhluadar aoibhnis, ní miste a rádh ná gur bhuaidh gach bean aca gairm as mír thar Dhéirdre, thar Niamh as thar Hélen na Traoi, óir a samhail ar áilneacht snuaidh as crutha ní fhaca, nach lugha 'ná tháinig lá d'á chuimhneamh orm riamh go bhfuightí bean chomh scéimheach leo taobh amuigh de Phárrthas. As bhíodar na fir go léir 'n-a n-oighridhe ar n-a bhfianna: gach fear chomh huaibhreach oilte uasal muinnteardha le haon choinnle de'n bhféinn. Bhítheas ag gabháil ceoil chruite as chláirsighe i seomra éigin eile, as d'aireochthá an rinnce nó an scol-amhráin os cionn an chomhráidh gháirdeachais ar uairibh. A thiarcais nach iad so chaitheann a saoghail mar is cóir!; is é seo go deimhin féin aoibhneas an tsaoghail i ndáiríbibh agam. "Pé nídh bhíonn ar ghluaiseacht - ." Caidé an rud gránda é seo airighim?; ar nós céad chluig na maidne ag imirt ceallargana gan taise i naomh-ghrianán an tsuain. Sheadh an t-oide is é. Nach dian an cás do dhuine bhocht chráidhte é ná beidh cead aige fanmhaint i mbun an tsuaimhnis pé fhaid as is féidir leis, nach fada soin féin d'á fhaid é, 'sa ngleann so na ndeor? Nó an fíor, an feas, an féidir ar aon chor go dtugadh an tsaor-thoil im' ucht agam má's éigean dom bheith de shíor im' ghiolla na lachan ag an bhfear thall? Acht éist, tá an t-oide ag leanmhaint de, - "agus do rádh as gur nídh ar ghluaiseacht é an domhan go léir, dá bhrígh sin is eol dúinn go bhfuil Dia ann is cinn-tsiocair leis an ngluaiseacht soin." Cad mheasann sé sin a radh? Go "bhfuil Dia ann?" Do ghabh sé tríom mar philéar. Bhiós dom' chur i dtreo mo chosanta chun seasaimh amach i gcoinnibh pé námhadh uathbhásaigh do bhí ar mo thí, dar liom, gan taise; acht tá Dia ann'. Do thuit an lug ar an lag agam, as níor bh'fhuláir dhom stríochadh. Tá Dia ann do chruthuigh mé as do chruthuigh an t-áinleoigín mire sin. Agus toil Dé beatha dhuine as éin. Ní h-eadh a thoil féin. Toil Dé do chuir an áinleog 'sa spéir agus toil Dé thug mise annso im' scoláire bhocht chráidhte ná faca puinn ag caitheamh mo shaoghail le "sceolta na scol as seoda na sean" Is í an fhírinne ghlan í; "tá Dia ann." Acht bíonn an fhírinne sea - ; caidé adeirimse? ní bhíonn, acht milis binn. Acht tá meodhan an duine claon chun uilc, as is iongantach an ciméaradh atá ag baint leis an luibh ná fachtar. Beannacht leat, a áinleoigín an áthais; "an rud bhíonn ag gluaiseacht, rud eile is eadh chuireann ag gluaiseacht é'; acht ba ghreann- mhar an ghluaiseacht' againne é. Fé'n choimea- dair sin na mbó thar lear d'imris orm, do tharraingeochadh súgán sneachtaidh chum na himirce baoise mé. Acht is cuma anois; tá Dia ann as fanfad-sa mar ar cheap Sé dhom. B'fheárr liom im' ghiolla dhom i dtigh an Tighearna Dia 'ná 'mo sheasamh fé ghradam i láthair righthe an tsaoghail mhóir. Tar a éis sin do buaileadh an clog. Muiris Ó Conaill D'aisling
Coláiste Chonnacht "Tá árus ins an tír seo bheir cabhair do na daoinibh. 'S níorbh fhada liom choidhche bheith ag trácht air; Sháruigh sé an ríoghacht le féile 's le daonnacht, 'S dá bhféadainn cur síos air bhéinn sásta." Lá breág samhraidh dhom amuigh fá'n tuaith agus an ghrian ag soillsiughadh 's ag spalpadh anuas mar do phléasgfad sí na clocha glasa. Bhí m'aghaidh tugtha ó thuaidh agus cá raibh mo thriall acht ar Choláiste Chonnacht. B'fhada an t-aistear do bhí romham, acht cé'r chás é sin d'ógánach croidheamhail gan faic ar a aire aige. Agus gan easnadh gan áidhbhéil níor choisrigh a mhala riamh an t-é is croidheamhla 'ná mac-léighinn Mhuighe-Nuadhat ar a beith saor ó'n obair dhó. Dia agus mé féin, sin a raibh de chomhluadar ar an mbóthar; acht ní raibh uaigneas orm d'á bhárr. Bhí mo chroidhe chom héadtrom aereach le croidhe na fuiseoige nuair is áirde í 'san spéir ag cur a beannachta leis an ngréin. Ní raibh tada ag cur as dom acht do bheith i gceann an aistir roimh thuitim cheo na hoidhche. Mar sin de do rothuigheas liom go bog réidh tamall ag portuigheacht dom féin agus sgathamh ag éisteacht le ceol an rothair i n-aghaidh na gaoithe. Is iomdha dán molta do chan sé dhom fá go rabhas agom' ullmhughadh féin le mo dhualgas do mo thír do chóim-líonadh. Níor airigheas mé féin ag cur an bhóthair dhíom mar seo nó go rabhas i mBaile-an-Róba. Seal gearr anois agus bhíos ar an gcuid ba dheise de'n turas ar fad, ag druidim le glan-tobar na Gaedhilge. Téidheann an bóthar cúig nó sé de mhíltibh le bruach Locha iol-dathuighthe Chuinn agus Locha Measga, agus do bhí leoithne bog fionn-fhuar
ó'n uisge ag pileáil mór-thimcheall mo chinn. Ag dul faoi do'n ghréin do shroiceas an teach aol-bhánuighthe cionn-tuighthe 'n-a raibh mé le cur fúm ar an gcladach. Ag ísliughadh de'n rothar dhom rith sean- bhean amach i do bheannuigh dhom as Gaedhilge cheolmhair bhlasta. Tá binneas a teangadh líomhtha i mo chluais go fóill agus an fháilte do chuir sí romham. Ní hannamh do fearadh fíor-chaoin fáilte romham ag cáirdibh dílse cheana, acht do sháruigh sise iad fré chéile: - "Mná maithe an domhain le féile agus feabhas Annsiúd atá 'n bhean aca is féile, Dá dtosóchtha ag Corcaigh gan comhnuidhe gan stopadh, 'S dá siubhalfá thart timcheall na hÉireann." Bhí gach duine 'san tigh 'ch uile órdlach chomh múinte sibhialta leis an mnaoi í fein. Ní rabhas riamh i n-aon chomhluadar ní ba mhó do thaithnigh liom 'ná an teaghlach simplidhe sin. D'fhanas i mo shuidhe ag seanchus cois teineadh nó go raibh sé i bhfad 'san oidhche. Annsin do thugas an leabhaidh orm féin go buidheach beannachtach do Dhia fá go rabhas i measg daoine chomh cráibhtheach carthannach. Cúpla nóiméad dom ag éisteacht le ceol na dtonntracha ar an tráigh agus ar ball beag bhíos "i dtoirchim suain agus sámh-chodlata." Maidin lae ar n-a bárach do bhuaileas amach ag an gColáiste go breágh moch, mar do bhí an imnidhe ag cur orm go bhfághainn amach an mbéinn sásta leis an áit agus leis an dream do bhí ann. Teach mór fairsing é suidhte ar chnoc árd glas faoi sgáil Shléibhe Phartraighe. Os a comhair amach faoi bhun an árdáin i bhfoisgeacht caithim urchair ó fhaithche an Choláiste tá Loch Measga, agus é sínte tuaithbheall agus deiseall ar fead ceithre nó cúig mílte. Is áluinn agus is aisteach an loch é. Uaireannta ann bíonn na tonntracha móra agus na fáganna doimhne agus na maomanna agus na bruchanna agus na caiple bána ag rith i ndiaidh a chéile air mar do bhéadh ar an bhfairrge mhóir. Uaireannta eile bíonn sé chomh comhthrom ciúin lonnrach taithneamhach le sgáthán' agus na hoileáin tráthnóna gréine buidhe mar do bhéidís bratta le hór. Ar an taoibh ó dheas is aoibhinn ar fad mar a théidheas sé chum chriche i measg na gcnoc, agus na coillte ag éirghe i ndréimiribh os a chionn, mar pháiste ann ag dul i bhfolach faoi fhallaing a mháthar le díon agus fosgad d'fhágháilt le n-a cléibh. Agus is áilne fós an t-amharc seo mar gheall ar shléibhthibh Chonnamara "Ag
bagairt a gcinn tar dhruim a chéile" i bhfad 's i bhfad eile uait ar imeall na spéire ag iarraidh súile do leagan ar "Iolsgoil an Iarthair." Budh dheachair a radh cia aca is deise, an taobh thall nó an taobh a bhfus. Annsiúd tá coillte an Chnocaigh agus Conga ar bhruach an uisge; agus soir ar feadh do shean-radhairc Cnoc Maighe ag éirghe i n-áirde go mordhálach mar thaoiseach ann ó'n aimsir i n-allód. Do shílfeá go rabh bród aige fós as an gcliú do bhíodh air fad ó, tráth a dtigeadh sluaighte sídheóg na hÉireann uilig i gceann a chéile ar a mhullach. A bhfus ní bhéadh fhios ag duine céard is mó ar fiú breathnughadh air. Leath-mhíle siar uait Sliabh Partraighe féin ag dearcadh anuas ar nós fáthaigh mhóir ag cumhdach an ghleanna. Thart timcheall ort gach taobh gortanna ioldathuighthe le barraibh glasa agus le harbhar ordha. Fraoch corcar an phortaigh annseo; léana annsin; sruthán ag tuitim ó na sléibhthibh annsiúd chomh geal le cubhar agus dá mbéadh airgead i leabaid uisge ann. Thíos fút dúithche Thúir- Mhic-Céide agus na crainnte tiugha duilleogacha ag pógadh na lochán ngeal soillseach ann. Do cheapfá gurb é sin an áit ar chum an Reachtuire na focla:- "Tá coillte breágh' réidh' ann, agus bánta d'á réir sin, Tá gealach ann, grian agus réaltain Seagal agus ráib, agus cruithneacht ag fás ann, Tá gearr agus coirce thóg deis ann." Ag aithris na bhfocal seo dhom do thugas fá deara na mic-léighinn ag tidheacht 'n-a ndreamannaibh anuas ó shléibhtibh agus aníos ó ghleanntaibh nó go bhfachtas dom an domhan bráthach aca do bheith ann. Níor lia iad 'ná na háiteacha arbh as dóibh. Bhí Éireannaigh cruinn le chéile ann as gach conndae cé is móite do chúpla ceann. Bhí plód deoraidhthe ó Albain, ó Shasana, ó Aifric, agus ó'n Oileán Úr tagtha le n-innseacht go rabhadar dílis fós d'á dteangaidh dhúthchais. Agus do bhí sgoláirí móra ó na hIolsgoileannaibh is fearr i Meiriocá, i n-Áistria, i Sasana, 'san bhFrainnc, agus 'san nGearmáin. Do chuirfidís i n-ath-chuimhne chinn duit an t-am a dtigtí as gach áird 'san Domhan Mór le haitinn d'fhágháilt i n-Éirinn do lasfadh teine an léighinn ar fud na hEorpa. Acht gidh gur de 'ch uile aicme agus as 'ch uile cheárd faoi luighe na gréine dhóibh ba chosamhla iad le aon mhuirighin amháin. Ní raibh saidhbhir agus daidhbhir ann. Ní raibh uasal agus íseal ann. Ní raibh éirghe i n-áirde ná ceann-faoi ann. Ní raibh árd- nós ag baint le fear na cathrach. Ní raibh cuthalacht ag gabháil d'fhear na tuaithe. Acht do bhí gach duine chomh huasal leis an t-é ba uaisle, gach duine chomh híseal leis an t-é ba ísle, gach duine chomh lághach leis an t-é ba lághaighe, gach duine chomh neamh- spleádhach leis an t-é ba neamh-spleádhaighe. Iad ar fad mar a chéile, sgoith na bhfear agus plúr na mban. Gaedheal duthrachtach gach duine aca, ag múnadh d'á chéile agus ag foghluim ó n-a chéile, ag cabhrughadh agus ag fágháil conganta le gac nidh do dhéanamh d'á gcuir- feadh Róisín Dubh ar bhealach a saoirseachta. Is fada mé ar choláiste anois, agus an lá do b'fhearr a bhfacas carthannas idir na mic- leighinn ní raibh ann acht ceo le nais na cáir- deamhlachta i gColáiste Chonnacht. Ní mé céard is bun leis munab amhlaidh nach feídir le fíor-spioraid na Gaedhilge comhnuidhe 'san ngalltacht. Creidim gurb é sin é agus creidim fós nach dtuigtear i gceart i n-aon áit eile an ghuais 'n-a bhfuilmid, agus go bhfuil air ag Éireannachaibh oibriughadh le céile guala ar ghualainn gan stríochadh gan staonadh go raibh Éire strachailte amach ó shálaibh na Sasanach. Do bhéadh sé fánach agam-sa féachaint le cur síos ar a mbíonn ar siubhal ann. Deir- tear gurbh é an rud is mó tairbhe i n-Iolsgoil go mbítear as gach áit ag cur ceisteanna fá dhíospóireacht le chéile. Má's fíor sin tá an chuid is feárr d' Iolsgoil againn i gColáiste Chonnacht do réir mar adubhairt mé cheana. Nuair a théidheas na mic-léighinn le chéile chomh breagh ní bréag a rádh gurb iongantach an lear mór oibre do-ghníthear leobhtha i gcúpla mí ag craobh-sgaoileadh na Gaedhilge. Ní chreidfeá cunntas ar bith faoi muna bhfeicteá le radharc do dhá shúl féin é. Tráchtar ar ghramadaigh, cuirtear na hughdair trí n-a chéile, sgríobhtar deachtughadh, agus do- ghníthear gach rud eile as Gaedhilge. Le deimh- inughadh go mbéadh 'ch uile dhuine 'n-a mhúinteoir chliste ealadhanta ní mór dhó dreas múin- teoireachta do dhéanamh do réir na gcrainnte a caithtear. Téidheann a lán mac-léighinn ann gan acht fíor-chorr-fhocal Gaedhilge aca, agus tigid a bhaile n-a ngaedhilgeoiribh liomhtha i gceann téarma amháin. Ní dhéanfá iongantas de sin dá bhfantá féin cúpla lá ann. Tuigeann na hoidí nach lughade múinteoirí maithe iad bheith go sultmhar. Do-ghníd an obair chomh héadtrom agus chomh taithneamhach nach bhféadfadh aon dalta 'san mbuidhin gan suim do chur innti. Ba mhinic i lagrachaibh gáire mé ó thús go deireadh na gceacht d'á múintí dhúinn. Is maith leobhtha roinnt mhaith oibre ó na macaibh-léighinn,
achth is eol dóibh nach féidir le duine sáruighte caithte tada d'fhoghluim. Ar an ádhbhar sin fuagruighthear sos go tráthamhail le haghaidh siamsa eicínt gach uair agus tagtar mar seo le baramhail na ndochtúirí is léigheannta i dtaoibh na sligheadh is fearr le staidéar do dhéanamh. Rud eile dhe, ní múin- tear fá dhíon tighe lá ar bith atá breágh, acht amuigh fá'n aer úr, áit a ndéantar an dá oiread oibre. Is aoibhinn dearcadh ar na buidheanntaibh sgaptha annseo 's annsiúd, fá sgáil na gcarraig agus na sgeach ag slugadh na Gaedhilge ar chroidhe a ndíchill mar do bhítí ins na "sgol- tachaib cois claidhe" i n-aimsir na géar- leanamhna. Focal Béarla ní cluintear ins na buidheanntaibh sin ná asta ó mhaidin go hoidhche, agus an t-é nach ndéanfadh acht fanacht i dTuar- Mhic-Chéide ar feadh cúpla seachtmhan d'fhogh- luimeochadh sé an Ghaedhilge d'á mhíle bui- dheachas. Dá fheabhas an cóta do-fhliuchtha do bhéadh ar dhuine ní éireochadh leis seasamh faoi chlasgairt bhaistighe i bhfad gan a bheith báidhte go craiceann. Ní móide gur féidir téarma do chaitheamh i gColáiste Chonnacht gan a bheith Gaedhealuighthe ó'n gcraiceann go dtí an cnámh agus ó'n gcnámh go dtí an smior agus ó'n smior go dtí an smuasach. Ní bítear i gcomhnuidhe i n-éadan na hoibre, ámh. Bíonn go leor aimsire saoire ann agus neart siamsa le n-a caitheamh. An oidhche nach mbíonn léigheacht nó buidhean damhsaí cuirtear céilidh ar siubhal ar bun, agus d'fhéadfá a rádh gur annsin á bhíos greadadh grinn agus suilt. Is iomdha uair aoibhinn do chaitheas ag iomlacht agus ceol na bpíopaí nó na bhéidhline 'san mbád againn. B'fhearr le daoinibh eile dul ag iasgaireacth, óir "Tá uisge suas lán ann a's é sgarthadh le hiasg." Ba ghnáthach dul ag rotharacht ar thurus fada Dia Sathairn ar feadh an leath-lae saoire. I bhfoisgeacht cúig mhíle dhéag nó fiche míle tá áiteacha nach ráruighthear i Sligeach ná i gCill-Airne .i. Líonán, an Clochán, Dubh-loch, Cillearraigh, Loc na Phouaighe, an Conga. Agus tá Cruach Phádraic agus Magh Tuireadh ann mar áiteachaibh a bhaineas go mór le stair. Is aoibhinn turas do dhéanamh ar cheachtar aca seo, acht b'fhearr liom-sa go mór fada fanacht i measg muinntire an bhaile ag éisteacht le n-a sgéaltaibh agus a sean-amhránaibh. Is iongantach mar atá siad i n-an' dul chun chainnte le duine ar bith a labhruigheas Gaedhilge leobhtha. An fear a bhaineas arbhar 'san ngort, an bhean a sníomhas cois teineadh, an stócach a thriallas ar an bportach agus an dá chléibh mar stioróipibh aige tá deis a labhartha ar feabhas aca uilig. Ní fhéadfainn cur síos ortha i gceart. Tá "rud eicínt" ag baint leobhtha do chuir- feadh glionndar ar do chroidhe, acht ní fhéadaim a rádh céard é féin. Níl fhios ag éinne céard é ná céard is bun leis, acht bheir gach mac-léighinn 'san gColáiste fá deara é. Is minich nár chreideas leath a léighinn i dtaoibh tréithre na sean-Ghaedheal. Ba bhaoghal liom nach mbéadh ann acht go raibh na sgríbhneóirí ag moladh a muinntire féin mar ba dhual dóibh. Acht ba 'léir dhom i dTuar-Mhic- Chéide nach raibh aca acht lom-chlár na fírinne. Bhí fir agus mná agus páistí annsin os comhair mo shúl a raibh fior-spioraid na nGaedheal beo beathaidheach ionnta fós. Níor chosamhail iad le muinntir na Galltachta de buidhe ná bán. Do shílfeá narbh ionann bunadh agus tír do'n dá dream chor ar bith. Níor casadh orm éinne do bhí droch-mhúinte beadaidhe ionndarach, acht bhí cách chomh múinte chomh
carthannach chomh huasal le daoinibh do fuair an oileamhaint agus an t-oideachas do b'fhearr d'á bhféadfaidhe. Agus fuaireadar sin ar mhodh-bhealach. Níor chaitheadar lá riamh ar choláiste i bhfad ó n-a ngaoltaibh, acht soláth- ruigheadh dhóibh togha oideachais, dar liom-sa, ins an gcuimse mhóir sgéalta agus amhrán d'fhoghluimeadar de ghlan-mheabhair sa mbaile. Ní thugadar cúl na láimhe do'n Gaedhilge riamh. Ní dhearnadar dearmad ar an mbéal- oideachas do thug a n-aitreacha dhóibh. Níor thréigeadar na sean-nósaí agus na sean-bhéasaí a bhain le n-a sinnsear. Agus tá a rian sin ortha indiu. Tá an sean-mhúnadh aca gan laghdughadh, agus dorchadas tiugh timcheall na mBéarlóirí do chaith uatha an teanga 'n-a raibh cothughadh agus subhstaint dóibh. Tá an sean-chráibhtheacht aca, agus dream an Bhéarla ag éirghe fuar 'n-a gcreideamh go háidhbhéil. Agus tá an t-sean-tsimplidheacht aca do mhol Críosth agus ní breágh leobhtha gleacaidheacht ná beartuidheacth. Cúis gháire b'fhéidir na sean-nósaí sin do bheith ann go fóill agus cruthughadh nach bhfuil aon dul ar aghaidh 'san ngaedheal- tacth. An t-é adéarfadh sin ní raibh sé i dTuar-Mhic-Céide riamh. Tá na feilméirí téagarach teolaidhe ann. Tá éirim agus cur leis ionnta. Tá snas ar na tightibh aca. Do leagfaidhe bord romhat chomh maith agus do geobhthá i dteach aoidheactha agus béile freithte air sáthach maith do mhac ríogh. Agus maidir le talmhaidheacht, bíonn "An cruithneacht chomh hárd a's go ndéanfadh sí fál, Chomh geal leis an gcnáimh a's í sgeinnead ar an gcraoibh." Is mór an congnamh do'n Choláiste muinn- tear na tíre 'n-a mhór-thimcheall do bheith mar atá; acht badh bheag an mhaith é sin marach an fear óg dhá bhliadhan is fiche do chuir éadan ar an obair ar dtús. Mícheál Breathnach atá i gceist agam, agus cibé maitheas atá i gColáiste Connacht indiu bíodh an buidheachas agus an chreideamhaint ag dul dó-san. B'é an t-é do b fhearr i n-Éirinn do thuig céard is fíor-mhúinteachas ann. Bhí fios aige bun bárr gach nidhe d'á mbaineann leis an Modh Díreach agus do mhúineadh sé d'á réir. Bhí cleachtadh aige ar Iolsgoileannaibh agus ar Choláistibh na Frainnce agus na hEilbhéise, agus bhí sé ar tí dul go dtí an Ghearmáin nuair do sguabadh uainn é leis an mbás mí-thróchaireach i mbláth geal a óige. Is ins na tíorthaibh
sin i gcéin fuair sé a shár-eolas do rinne togha múinteora dhe. Budh gheal le do chroidhe dearcadh air ag múnadh. Ógánach fionn sgiamhach os do chomhair: iomchur treoruidhe faoi: clár-éadan an-inntleachtach, tabhairt suas sgoláire mhóir agus cosamhlacht mhúinteóra air: cineáltas agus caoimheacht ag briseadh amach thrí lasadh an ghrinnis 'n-a shúilibh iongantacha: é lán de bhrigh agus d'éifeacht: sin mar samhluighthear domh-sa é i láthair na buidne. Do thuiteadh an chéad fhocal ar bhinneas cluig ó n-a bhéal agus do thigeadh ciúineas an mheadhom oidhche ar fud an halla. Annsin do thosuigheadh sé ag múnadh i muinighin a chroidhe agus a anma. Do thigeadh an Ghaedhilge 'n-a tuiltibh. Do déantaoi goithtí le láimh agus le haghaidh, agus do cuirtí an dreolánaidh- dhoininn trí gach órdlach de do chorp. Ag baint amach 'san gceacht dó do chuirfeadh sé "mór- lúthadh a ghéag agus spreagamh a chnámh agus dánacht a intinne 'san iarracth" agus d'éireochthá de chomhthrom talmhan le neart áthais. Níor lugha cliú mar sgríbhneoir 'ná mar mhúinteoir dhó. Ní raibh a leithéide eile ann i gcomh-aimsir dhó. 'Sé do bhí i n-an a pheann do chasadh ar a rogha bealach agus an Ghaedhilge do chur síos go nádúrach, glan, gan truailliughadh mar do tháinic sí anuas i gCois-Fhairrge glún ar ghlúin ó n-a shinnsear gan cur isteach ó aon Bhéarlóir. Ní feasach mé aon sgríbhneóir a bhfuil dul na Gaedhilge níos fearr aige, nó a mbíonn an oiread cor-chainnte n-úr 'n-a chuid leabhar agus bhíos ag Mícheál Breathnach. Agus i ngach líne d'ár sgríobh sé tá oibruighadh tír-ghrádha dhoimhin dain- gin le feicsint mar atá 'san abairt deiridh d'á udacht: - "Táim lán-tsásta le toil Dé ag imtheacht as an saoghal seo dhom agus mo sheirbhís do bheith tugtha do na neitibh do ghrádhuigh mo chroidhe. Fágaim mo bheannacht ag Connradh na Gaedhilge agus ag Coláiste Chonnacht, agus guidhim gach sonas agus gach séan ortha. Is í an ghuidhe dheireannach atá agam .i. Dia ag cur sean- Éireann ar bhealach a leasa agus a saoirse. Dar ndóigh do bhí eolas cruinn air ag an t-é do sgríobh:- Ba oide, ba máighistir, ba sgoláire léighinn thú. Ba pháiste i gcroidhe thú, ba laoch i gcéill thú. Ba anam siamsa, croidheamhlacht' a's pléisiúr, Tír-ghrádha, saoirse, 's na mílte dtréithre. Tá sé imthighthe anois faraor, agus airighimid go mór uainn é. Acht d'fhág sé rian a intinne ar oideachas na tíre, agus d'fhág sé príomh- choláiste againn le solus na ngaedheal a sgaipeadh ar fud Éireann thríd suas, agus thríd síos. Leanfaidh Coláiste Chonnacht de'n obair sin go dílis a fhad is coláiste é, agus ní rachaidh ar chúl go deo na díleann: "An áit a ndeachaidh an t-aol ní chorró- chaidh cloch as choidhche. Tá an charraig faoi 'n-a suidhe nach bpléasgfaidh." 'Sí an charraig an stuaim agus an cóiriughadh oibre do cheap Mícheál Breathnach nuair do bhí sé 'n-a Árd-Ollamhain, agus fós na hoidí d'fhág sé ann 'n-a dhiaidh. Ní dhéanfaidh mé aon trácht i dtaoibh na n-oidí seo. Dá n-innsighinn mo mheas ortha go
cneasta do déarfaidhe gur plámásuidhe críochnuighthe mé, rud nach mó 'ná go maith de thaithneochadh liom. Is leor go bhfuaireadar teagasg ar leith ó Mhícheál Breathnach agus go bhfuil cara, cléibhe Mícheáil mar cheannaire orta anois ghá stiúradh chun a lorg do leana- mhaint. Is beag Gaedheal d'á dtuigeann cúis na Gaedhilge i gConnachtaibh nach gcuala go mion minic fá Phádraic Ó Domhnalláin. Tá cion fir déanta aige-sean ar son na Gaedhilge má tá ag aon fhear beo ar dhá chois i n-Éirinn indiu. Rinne sé obair na gcapall i n-Uachtar Árd agus thart timcheall ar na bólaibh sin deich mbliadna ó shoin mar do thóg dún na nGaedheal 'san áit a bhí ag éirghe gallda do réir a chéile. Ní lugha 'ná sin an obair do rinne sé i bhfairce Achadh Chonaire agus i mbaile-mór Shligigh. Ní dhéanann mic-léighinn Coláiste Chonnacht iongantas de seo, óir is feasach iad go bhfuil stuaim mhúinteora agus dúthracht agus dílseacht Ghaedhil n-a anam chomh maith le fuinneamh agus neart n-a chorp. Is bocht an tuigsint atá ag an t-é nach múinfeadh Pádraic Ó Domhnalláin Gaedhilge dhó, agus is dúr, dorrdha, gallda truaighmhéileach an croidhe nach lasfadh sé splannc mhór thír-ghrádha ann le n-a shíor-chainnt ar "Chaitlín Ní hUallacháin." Ní baoghal nach rachaidh cliú agus cáil Choláiste Chonnacht i méad gach bliadhain fá stiúradh
Phádraic go raibh an Ghaedhilge go hárd i réim aríst ó Aontroma go Corcaigh agus gan glafarnach an Bhéarla le cloisteáil i n-aon chlúid nó cúinne 'san tír. Buachaill bocht as an ngalltacht fhuair, shanntaigh, shaoghalta mé, agus annsin thuas mo smaointe ar dhul isteach 'san ngaedhealtacht dílis, fhialmhair, naomhtha dhom an chéad uair chomh maith agus d'féadfainn a gcur síos gan deis mo sgríobhtha agam. B'fhearr liom 'ná go leor anois díreach buaidh an phinn do bheith agam le go sgríobhfainn tráchtas maith ar Choláiste Chonnacht agus a mbaineann leis; óir is truagh liom an méad daoine atá ag foghluim Gaedhilge agus gan eolas aca ar an t-slighe is fearr le n-a dhéanamh. Má's mian leat-sa a léightheoir bheith i do Ghaedhil- geóir líomhtha bheacht téirigh go dtí ceann de na coláistibh gaedhealacha. Déanfaidh tú an gnaithe annsin gan mórán stróimh ort féin. Cuimhnigh go mbudh chóir dhuit dul go dtí an coláiste aca n-a bhfuighidh tú an Ghaedhilge mar atá sí san áit 'n-a gcomhnuigheann tú. Muna dtuigidh na daoine thú ag gaedhilgeoi- reacht déarfaidh siad gurb í "Gaedhilge na leabhar" atá agat. Béidh aimhreas aca ar do chuid cainnte, agus millfear a ndéanfaidh tú ar son na cúise. Nuair a bhéas do chanamhain féin go maith agat féadfaidh tú dul go dtí na coláistí eile fá seach, agus chídhfidh tú annsin gurb í an Ghaedhilge chéadna atá i ngach áit acht amháin fuaim nó dhó. 'Séard atá ort ar dtús do chanamhain féin do bheith agat ar bhárr do ghoib agus má mheasann tú í sin d'fhágháil gan dul san áit 'n-a labhartar í táir ag súil le snámh d'fhoghluim gan dul isteach san uisge. Pádraic Ó Conghaile
Each na gClog n-Órdha Ins an am fad ó do bhí rí darbh ainm Brian Ruadh 'n-a chomhnuidhe i mBéal Átha an Ríogh i gConndae na Gaillimhe. Do phós sé inghean Ríogh Laighean, agus do chomhnuigheadar go sona sámh i bhfocair a chéile go ceann ficheadh bliadhan. Annsin fuair an bhean bás, agus d'fhág sí triúr mac 'n-a diaidh .i. Eochaidh, Diarmuid, agus Tadhg. Ní raibh sí i bhfad caillte nó go raibh an rí ag brath ar phósadh ath-uair. Bhí fhios aige nár mhaith le mnaoi ar bith pósadh do dhéanamh le fear mar é, agus dh'á bhrigh sin do chuir sé a chlann mhac go dtí Iolsgoil na Sráinne ag leigint air nach raibh sé pósta riamh. Do chuaidh annsin go dtí cuairt ríogh na Mumhan agus tar éis trí lá ag fleidh agus ag féasta ann do thug a bhaile mar mhnaoi an inghean ba shine d'á raibh ag an bhfear sin. Bean bhorb ghránda fhallsa chealgach do bhí innti, acht mar sin féin do chomhnuigh an lánamhain go soilbhir sásta go ceann sgathaimh bhig nó gur chuir bean bhiodánach eatorra. Lá dá raibh an bhainrioghain ag spaisdeoi- reachth san ngarraidhe d'innis cailleach na gcearc dhí go raibh an rí pósta sul má phós sé ise agus go raibh triúr mac aige i n-Iolsgoil na Spáinne. Nuair do chuala sí sin bhí fearg mhór uirthi, agus do thug sí grian agus gealach go gcuirfeadh sí chun bháis iad. Do chuaidh sí isteach 'san tigh agus d'innis do'n righ a gcuala sí. Do leig sí uirthi fém go raibh áthas an domhain uirthi faoi, agus dubhairt nach mbéadh sí sásta go bhfeiceadh sí a chlann ionmuin. B'éigin do'n righ geallamhaint go gcuirfeadh sé fios ortha gan mhoill. Do rinne sé amhlaidh, agus tháinic an triúr mac a bhaile. D' fháiltigh an leas-mháthair rómra thrí ealadhain. Cuireadh cleasa lútha ar bun as ucht clainne an ríogh do bheith 'sa mbaile aríst, agus tháinic gaisgidhigh as 'ch uile áird chuca. D'iarr Tadhg calma cead ar a athair dul ag cóimhlinnt leobhthá. Fuair é, agus ní raibh gais- gidheach 'san gcruinniugadh fré chéile ba láidre géag ná ba luaithe cos 'ná é. Um tráthnóna an lae sin d'iarr an leas-mháthair ar Eochaidh cluiche cárdaí d'imirt leíthi. Dubhairt seisean go raibh go maith agus d'fhiafruigh cia an geall do bhéadh aca. "Ní ór 'ná airgead bhéas againn," ar sise, "acht má gheibhir-se an cluiche déanfad do rogha rud duit, agus má's agamsa béas an bhuaidh caithfir-se mo rógha rud do dhéanamh dhom." "Tá go maith" ar Eochaidh. D'imreadar agus do bhuaidh an leasmháthair. Do rinne sí an margadh céadna le Diar- muid, agus do bhuaidh air freisin. Annsin d'fhiafringh sí de Thadhg an imeoradh sé ar an ngeall céadna, agus dubhairt seisean go n-imeoradh. D'imreadar, acht bhí athrughadh sgéil ann an cor seo. Chuaidh ar an leas- mháthair agus do ghlac sí fearg mhór le Tadhg. "Anois," ar sise, "céard é do gheall orm"? "A leas-mháthair," ar seisean, "do bhuaidh tusa ar mo bheirt dearbhráthar sul má bhuaidh mise ort. Abair leobhtha céard atá le déanamh aca-san agus annsin cuirfidh mise geall ort-sa." 'Séard adubhairt sí: Do- bheirim ortha each na gclog n-ordha do ghoid agus do thabhairt annseo chugam-sa. 'Sé an áit 'n-a bhfuil an t-éach seo i stábla Thigearna Mhuigheó i n-aice a chaisleáin i gCluain-ráin. Bíonn sgór saighdiúiri thart timcheall ar an stábla agus beirt taobh istigh ann ag cumhdac an eich i gcomhnuide agus bíonn coire ola d'á bhruith d'oidhche agus de ló le éinne a ghníos iarracht ar an gcapall do ghoid do thomadh innti. Imthigidh anois agus ná fillidh gan each na gclog n-órdha." Níor ghábhad a thuilleadh d'innseacht doíbh, mar bhí fhios aca agus ag 'ch uile dhuine dar mhair 'san am sin cia an saghas eich do bhí ann agus an méad gárdaidhe do bhíodh ag faire air. Each caol do b'eadh é. É chomh bán leis an sneachta agus gan a shárughadh 'san domhan ar áilneacht chuirp ná ar luathas coise. Dá chéad clog mbeag n-órdha ceangailte de bhrat síoda bháin do bhí de shíor ar a dhruim. Na cloga sin fá dhraoidheacth ar nós go ndéanfaidís ceol do chluinfeá seacht míle as láthair dá gcuireadh gaduidhe a lámh 'n-a ngoire. Ba bheag an t-ionguadh mar sin go dtáinic brón agus an-bháthadh ar Eochaidh agus ar Dhiarmuid fá n-a dtug an leas-mháthair ortha do dhéanamh. Shíleadar go raibh a gcnaipe déanta; acht do labhair Tadhg calma leobhtha agus 'séard adubhairt sé: "A dearbhráthracha ionmuine dílse, ó'n lá ar rugadh mé níor sgar mé libh i n-aon chruaidh- chás. An bás atá i ndán díbh-se, sé an bás
céadna atá i ndán domh-sa. Agus ó thárla sibh ag imtheacht ní fanfaidh mise i nbhur ndiaidh." Annsin d'ionntuigh d'á leas- mháthair agus adubhairt: "A chailleach ghránda fhealltach, do shílis an triúr againn do chur chun báis, acht cuirfidh mise rud eicínt ar d'aire agat go bhfillimid ar ais le heach na gclog n-órdha. An bhfeiceann tú an clog-theach sin amuigh?" ar seisean. "Chím," ar sise. "Tá ort dul suas ar an mbinn is aoirde dhe sin," ar seisean, "agus fanacht ann go bhfillimid thar ais. I n-imtheacht an ama sin ní béidh le n-ithe agat acht sop arbhair, agus ní bhéidh le n-ól agat acht an méad fearthainne éireochas leat gabháil ag tuitim dhí ó'n spéir. Suas leat anois, agus go dtachtar thú roimh theacht ar ais dúinn." Leis sin d'fhágadar slán agus beannacht le n-a n-athair agus do chuireadar an bóthar dhíobhtha síos go Cluain-ráin. Ba bhrónach an dream iad ag fágáilt n-a ndiaidh a sean-fhir d'athair, gidh nach raibh sé fá chumhacht a leas-mháthar fealltaighe. Ar an mbóthar is minic adubhairt an bheirt eile le Tadhg gan dul níos fuide, óir ní raibh d'fhiacaibh air-sean an turas do thabhairt beag ná mór. Ní thugadh sé aon áird ortha, acht do thoisigheadh ag déanamh grinn fá n-a leas-mháthair agus ag iarraidh misneach do thabhairt dóibh ar a chroidhe- dhícheall. Ag cainnt mar sin dóibh ag triall thrí choilltibh Cille-cluaine nuair tháinic fear de léim thar chlaidhe amach ar an mbóthar. Do bheannuigh sé dhóibh go mí-mhúinte agus dfhiafruigh cá rabhadar ag dul. D'fhreagair Tadhg go haereach sultmhar gur ag cuartughadh eich na gclog n-órdha do bhíodar. "Gabhaidh a bhaile! gabhaidh a bhaile," ar seisean. "Níl aon mhaith dhaoibh dul níos fuide. An gcuala sibh trácht ar an ngaduidhe dubh ariamh?" "Go deimhin do chualamar, agus sin go minic," ar siadsan. "Mise an gaduidhe dubh," ar seisean, "an gaduidhe is gasta 'san domhan. Acht gidh go bhfuilim breis agus deich mbliadna ag féachaint le heach na gclog n-órdha do ghoid níor éirigh liom go fóill, agus is baoghal liom anois nach n-éireo- chaidh go bráth. D'innis Tadhg dhó a sgéal ó thús go deireadh mar do bhí d'fhiacaibh ortha an t-each do thabhairt a bhaile nó gan filleadh le n-a mbeo." "Is truagh liom sibh," ars' an gaduidhe. "Acht ó thárla nach bhfuil aon cheo le déanamh agam rachad libh agus bhéarfad díbh congnamh ar bith is féidir liom." Do thrialladar leobhtha d'oidhche agus de ló, agus roimh dhul faoi do ghrém an tríomhadh lae bhí caisleán Thighearna Mhuigheó le feicsint cúpla míle amach rómpa. Do bhí sean-eolas ag an ngaduidhe dubh ar an áit, agus ba ghearr an mhoill air biadh agus lóistín d'fhágháilt dóibh ar fad. Do bhí an ceathrar aca tuirseach sáruighthe, agus ní dhearnadar iarracht ar an each do ghoid an oidhche sin ná an oidhche dar gcionn. Acht ní rabhadar díomhaoin ar fad i gcaitheamh an ama sin. Do bhíodar ag smaoinead agus ag machtnamh dhóibh fém ar an tslighidh do b'fhearr leis an each do ghoid. B'fhurusta go leor, dar leobhtha, dul isteach 'san stábla i ngan-fhios do na saighdiúiribh, acht níor fhéadadar aon stuaim do cheapadh leis na cluig do chur ó bhualadh. Annsin d'éirigh an gaduidhe dubh agus adubhairt gurbh fhearr dhóibh dul a bhaile aríst. Tháinic cuthach ar Thadhg faoi sin. "A ghaduidhe dhuibh," ar seisean, "ní bhéidh sé le rádh gur fhilleamar a bhaile gan an rud do chuireamar romhainn do bheith déanta againn. Seo í mo chomhairle dhaoibh. Bígidh reidh timcheall uaire an mheadhoin-oidhche anocht. Ní bhéidh strómh ar bith orrainn dul isteach 'san stábla fá'n ndorchadas. Annsin aon uair amháin dúinn béarfaidh mise i ngreim cabhlach ar dhuine de'n bheirt ghárdaí atá taobh istigh agus béarfaidh an gaduidhe greim ar an duine eile - "Ní raibh d'ionbha aige a thuilleadh do rádh nuair do tháinic deichneabhar saigh- diúirí go tobann ortha agus do ghabh agus do cheangail iad. Annsin do labhair an taoiseach agus adubhairt:- "Tháinic teachtaire chugam dhá lá ó shoin ó bhainrioghain Chonnacht 'ghá rádh go raibh triúr gaduidhe timcheall na háite seo chun eich na gclog n-órdha do ghoid. Sibh-se an triúr. Agus muna bhfuil dearmad orm 'sé seo an gaduidhe dubh i n-éinfheacht libh." D'iompuigh annsin do'n ghaduidhe dubh agus do labhair go d-ochrach leis. "Is fada ar do lorg mé, a dheamhain," ar seisean, "acht buidheachas le Dia go bhfuil tú agam fá dheireadh thiar. Is iomdha sgrios do rinne tú le do shaoghal, acht de dheamhan mórán gaduidheactha dhéanfas tú feasta. Tá do chosa nighte anois." I n-a dhiaidh sin do caitheadh isteach i bpoll mór dorcha fa'n talamh iad agus do fágadh ann ar feadh i bhfad gan biadh gan digh. Bhíodar beagnach i ndeireadh na preibe nuair tugadh os comhair an fhir ar leis each na gclog n-órdha iad. Do bhí an coire ar bruith san seomra 'n-a raibh sé, agus b'iongantach an teine do bhí faoi. Do labhair sé leobhtha agus séard adubhairt sé: "A ghaduidhe dhuibh, níl aon aimhreas orm nach tú is cionntach leis seo. Marach thú ní bhéadh an triúr fear n-óg seo i ngiorracht leath-uaire d'á mbás."
"Thug tú d'éitheach." arsa Tadhg calma. "Ní eisean is cionntach. Ní bhéadh sé annseo chor ar bith acht chomh beag sinne." "A fhir óig," arsa Tighearna Mhuigheó, "bhí fúm thú do chur dhe'n tsaoghal go réidh; acht ó thárla gan múnadh thú íochfaidh tú go daor as." Annsin do labhair sé le cuid d'á shearbhoghantaibh agus adubhairt leobhtha an teine do chorrughadh. "Cuirfimid an fear is óige 'san gcoire ar dtús agus fágfamuid an fear droch-mhúinte seo agus an gaduidhe dubh go cráidhte ag dearcadh ortha go dtí an deireadh. Beiridh ar an bhfear is óige agus isteach leis." Do bhí an fear óg os cionn an choire aca agus iad ar tí a sgaoilte uatha nuair do labhair an gaduidhe dubh mar seo: "Níl caillte aige go fóill," ar seisean, "Bhí mé féin go minic níos giorra do'n bhás 'ná é agus tháiniceas slán." "Céard atá tú a rádh?" arsa fear an eich. "Dar ndoigh ní féidir go raibh éinne níos giorra do'n bhás, ná mar atá seisean agus go bhfuil sé beo 'n-a dhiaidh sin." "Do bhí d'eile. Agus mise an t-é sin," ars' an gaduidhe dubh gan dearcadh ar aon duine, acht a cheann cromtha aige mar do bhéadh fear ag machtnamh ann. "Is deacair do chreideamhaint," arsa fear an eich leis. "Act innis dom faoi, agus má bhíonn an fhírinne agat bhéarfaidh mé a phárdún do'n fhear seo." Ar n-a chloisint seo do na searbhoghantaibh d'fhágadar síos ar an urlár an fear do bhí tógtha os cionn an choire aca. Annsin do thoisigh an gaduidhe dubh ar a sgéal d'innseacht. "Tá suas le seacht mbliadna anois ann," ar seisean, "ó bhí mé oidhche ag siubhal i m'aonar trí choill mhoír i bhfad ó'n áit seo agus ó mo dhaoinibh muinteardha. Oidhche fhuar do bhí ann agus bhíos báidhte préachta. Teach ná teaghlach ní raibh i bhfoisgeacht na mílte dhom shíleas. Do bhí socruighthe agam cur fúm i ngabhlóig chrainn mhóir ar feadh na noidhche nuair do dhearcas ar leath-thaobh agus chonnaic fuinneog agus solus innti. Do dhruideas anonn, acht bhí an oiread sin gleo 'san tigh go raibh faichtíos orm dul isteach. D'ionntuigh mé ar mo chois agus isteach liom i gcró ar chúl an tighe. Do bhí neart féir ann. Do bhailigheas gabháil de agus do luigh síos taobh thiar de'n dorus. Níorbh fhada annsin dom gur bhuail isteach triúr de lucht cleachtaighthe na draoidheactha agus máilín óir ag gach duine aca. Do leagadar amach an féar go deas dóibh féin 'san gcúinne b'fhuide uaim agus bhíodar ag dul a chodladh ann nuair adubhairt duine aca go gcuala sé le deireannas go raibh an gaduidhe dubh ins an gceanntar sin. "B'fhéidir nach ceart dúinn dul a chodladh chor ar bith anocht," arsa duine eile aca. "Ná bíodh faitchíos ar bith orraibh," ars' an tríomhadh duine. "Cuiridh na málaí fá bhur gceann agus ní baoghal daoibh." Righneadh sin. Do chuir an triúr na máilíní fá n-a gceann agus ba ghearr go rabhadar i dtoirchim suain agus sámh-chodlata. D'fhanas féin i mo dhúiseacht ag smaoineadh ar an stór do bhí aca. Ba chroidhe cráidhte liom an oiread sin d' ór buidhe a leigint le triúr d'á leithéide, acht bhí eagla ag gabháil dom go ndúiseochainn iad. Fá dheireadh d'éirigheas i mo shuidhe go faitcheach. Cúpla nóiméad mar sin dom agus tháinic tuilleadh misnigh. Do sheas mé suas go mall. D'fhan i mo chomh- nuidhe tamall. Annsin do dhruid me anonn chuca go bog reidh. Do tharraing amach na máilíní go cúramach. Do bhain an t-ór asta go sanntach. Do sháith isteach trí fóda móna ionnta go deifreach. Do chuir ar ais fá n-a gceann iad go ciúin socair; agus do bhain as ins na seala-bodhtaí sul má airigh ceach- tar aca mé. Amach liom thríd an gcoill ag rith i mbárr m'anma. Stad 'ná staonadh ní dhearnas go rabhas ar imeall na coille deich míle ó'n gcró. Do sheas mé annsin agus do chuir cluas orm féin ag éisteacht. Ba ghearr go gcualas an fothrom ag teacht i mo threo, agus ba léir gurb iad an triúr fear draoidheactha do bhí ann. B'iongantach an sodar do bhí fútha, agus do shíleas gurbh fhearr dhom dul suas ar chrann a bhí lem' ais. Do cheanglas na trí málaí le chéile le sreangán do bhí i mo phóca agam agus do chaith suas ar an gcrann iad. Suas liom fem 'n-a ndiaid gan mórán moille, acht ní rabhas sé throigh ó'n talamh nuair shroic an triúr bun an chrainn. Ní dhearnadar aon iarracht strapadóireacht i mo dhiaidh. Acht do bhuail duine aca buille de shlait draoidheachta ar an mbeirt eile agus do righne tuireasg agus tuagh dhíobhtha le smeideadh do shúile. Annsin do thosuigh sé ag gearradh an chrainn, agus dar mo láimh, 'sé do bhí i n-ann a dhéanamh. A fhaid agus do bhí sé ag gearradh bhí mo chroidhe ag léimnigh le teann faitchís. Buaileadh an buille deiridh aige. Do thuit mé fém ar an talamh agus an crann i mo dhiaidh. Do gortuigheadh go mór mé agus do leonadh mo ghéaga. D'imthigh mo mheabhair ar feadh tamaill bhig agus níor airigheas céard do bhí ag tuitim amach. Nuair do tháinic mé chugham fém aríst bhíos sínte ar shlatrachaibh mo dhroma ag an bhfear draoidheactha agus an tuagh i n-áirde aige ar tí mo chloigeann do sgoilt. Annsin díreach do glaoidh an coileach. D'éirigh an fear agus a ghléas 'san aer, d'imthigh as mo radharc, agus ní fhacas ó soin i leith iad."
"Slán an sgéalaidhe," arsa Tighearna Mhuigheó. "Ní raibh an bás i bhfad uait an uair sin. Tá leis an bhfear is óige de bhárr do sgéil." "Acht corruigidh an teine," ar seisean leis na searbhoghantaibh," agus cuirfimid an dara fear 'san gcoire." "Deamhan baoghal de," arso' an gaduidhe dubh, "mar is minic do bhí mé féin níos giorra do'n bhás agus tháinic mé slán as 'n-a dhiaidh sin." "Innis do sgéal," ars' an tighearna, "agus má bhíonn an fhírinne agat maithfidhear dhó-san freisin." Do thosuigh an gaduidhe air:- Nuair do bhí mé im' fhear óg timcheall deich mbliadhan is fiche ó shoim do bhíos lá ag déanamh thrí choill i n-aice na háite seo. Casadh orm bean; naoidheanán ar a druim aici agus í ag caoineadh. "Céard atá ort, a bhean choír?" ar mé féin léithi. "Muise," ar sise, "tá trioblóid mhór orm. Cailín aimsire mé do'n fháthach a chomhnuigheas ins an gcaisléan úd thall. Tháinic sé isteach ar maidin leis an naoidheanán seo agus do thug ordughadh dom é do mharbhughadh le haghaidh a dhínnéir. Tá sé amuigh ag seilg anois, acht is gearr go raibh sé ar ais. Ní mé céard a dhéanfas mé an naoideanán do mharbhughadh nó leigint do'n fháthach mé fém do mharbhughadh." "Do gheobhamuid slighe eicínt as, a bhean bhocth," arsa mise léithi. Leis sin do chonnaiceas scata muc chugainn. Do chaitheas saighead leobhtha agus do thuit ceann óg ramhar. "Bhéarfamuid an mhuc seo dhó 'ghá n-a dhínnéar," arsa mise. "Is beag an chabhair dúinn é sin," ar sise. Do bhéadh fhios aige nach feoil duine í agus do mhar- bhóchadh sé mé ar an toirt." "Ná bíodh aon fhaitchíos ort," ar mé féin. "Bainfimid dhá mhéir de'n naoidheanán agus bruithfimid iad leis an muic. Má bhíonn aimhreas ar bith air faoi an bhfeoil teasbáin dó ná méaracha agus béidh leat." Do chuadhamar annsin go dtí an caisleán agus do righneamar an chomhairle do cheapamar. Ba ghearr go raibh 'ch uile nidh reidh againn ar nós nach n-aithneochadh Pádhraic féin an naoidheanán nó muc do bhí gléasta ar an mbord. Níor leig an spaspairt dúinn an fáthach d'fheiceál ag druidim a bhaile nó go raibh sé i bhfoisgeacht deich slat uainn. Tháinic sgannradh mór ar an mnaoi. D'fhosgail sí dorus seomra bhig agus do leig isteach ann mé. "Bain díot do chuid éadaigh agus luigh síos i measg na gcorp" ar sise, agus leis sin do dhún sí an dorus aríst. Níor thuigeas fém 'tuige ar labhair sí mar sin, acht do righne mé rud uirthi. Do bhí an-ocras ar an bhfáthach agus ní thug sé fá deara gur mhuc a bhí roimhe ar an méis nó go raibh sí beagnach caithte aige. Annsin do dhearc sé go géar ar chnámh amhám agus do labhair leis an mnaoi. "Is cosamhail le muic-fheoil í seo," ar seisean. Acht dubhairt sise gur feoil duine do bhí innti, agus d'á chruthughadh sin do theasbáin dó an dá mhéir. "Cibé rud atá ann," ar seisean, níl mo shaith agam ann. Leis sin d'éirigh sé agus do tháinic isteach 'san seomra beag 'na raibh mise 'mo luighe. Do chuartuigh sé ar fud an t-seomra ar fad nach mór acht ní bhfuair corp a raibh feoil air go dtí mé fém. Do tharraing sé amach sgian mhór; do chrom síos agus do ghearr cúpla stiall de mo cholpa. Do chuaidh drioganna thrí mo chorp le neart na péine, acht, dár ndóigh, b'éigin dom fanamhant go socair. Amach leis agus d'ith sé a shaith mhaith de m' fheoil. Ar a bheith reidh dhó ag ithe do luigh sé síos cois teineadh agus do chodail go sámh. Ba chosamhail le béic asail gach srann d'á gcuireadh sé as agus é ag crathadh na mballaí leis an méad anála do bhí sé a tharraingt. Annsin do tháinic an bhean chugam isteach. Do bhain sí stiall feola de chorp eile, d'fhuaigh ar mo cholpa é agus do leasuigh go hiomlán mé. Do chuaidh mé amach mar a raibh an fáthach le díoghail d'imirt air. Ní raibh aige acht aon t-súil amháin do bhí díreach i lár a chlár-éadain. Do dhearg mé an brionglán 'san teinidh, do chuir thríd an t-súil é d'aon sáthadh sanntach amháin, agus as go bráth liom agus mbárr na bhfásgaí. Do chuir sé béic as, d'fhreagair na cloca agus na gleannta, agus seo chum siubhail é go dian 'mo dhiaidh. Acht bhí radharch na súíle caillte agus ní raibh fhios aige cá raibh mé. Faoi dheireadh nuair do bhí mé imthighthe timcheall leath-mhile sligheadh uaidh do bhain sé fáinne draoidheachta d'á mhéir. Do chaith sé i mo dhiaidh é agus níor thuit sé nó go ndeacaidh sé ar mo ladhaircín. Annsin do ghlaoidh an fáthach amach chomh hárd agus do bhí 'n-a cheann "Cá bhfuil tú"? D'fhreagair an fáinne go raibh sé ar ladhaircín an ghaduidhe dhuibh. Nuair do chuala mé sin is beag nár thuit mé i mbun mo chos. D'fhéacas leis an bhfáinne do bhaint de'n mhéir, acht theip orm duth agus dath. Bhí tréan-rith faoi an bhfáthach agus é ag teacht suas liom go sgioptha. Do bhain mé féin as chomh luath agus do bhí i mo chosaibh, acht ba bheag an mhaith dhom é. Do bhí an fáthach an teannadh liom gach nóiméad. Do ghlaoidh se aríst agus d'fhreagair an fáinne mar do rinne an chéad uair. Do shíleas go raibh deireadh liom annsin d'á ríribh píre, acht do chonnaiceas loch seal beag amach
romham agus do tháinic an misneach ar ais dom. Do righneas ar an loch chomh tréan i n-Éirinn agus d'fhéad mé. Do bhain mé an ladhaircín díom fém le sgin agus do chaith isteach 'san loch í. Síos léithi go tóin agus an fáinne uirthi i gcomhnuidhe. Do ghlaoidh an fathach an tríomhadh huair agus do fuair an freagra céadna. Isteach leis de léim 'san loch. Cúpla nóiméad dó ag sliopáil 's ag slapáil 'san snámh. Annsin i gcasadh do láimhe slugadh síos é go tóín áit nach dtáinic sé as ó shoin." Do bhí sean-bhean 'sa gcúinne ag éisteacht leis an sgéal agus b'áidhbhéil an t-suim do chuir sí ann. Ar a bheith réidh do'n ghaduidhe dubh do phreab sí n-a seasamh agus do labhair leis an tighearna. "A mháighistir," ar sí, is fíor 'ch uile fhocal d'á ndubhairt sé ó thús go deireadh. 'Sé seo caisleán an fháthaigh; mise an bhean a raibh an páiste aici; tusa an páiste, agus 'sé siúd an gaduidhe dubh, an fear do shábháil ó'n mbás thú agus tú i do naoidheanán mhín. 'Sé an cruthughadh go bhfuil an fhírinne agam dhá mhéir do bheith d'uireasbaidh ort-sa agus an gaduidhe dubh do bheith i n-easbaidh a ladhaircín." Do theasbáin an tighearna a lámh dheas d'á raibh i láthair, agus ní raibh de mhéarachaibh uirthi acht an ordóg, an chorr- mhéar, agus an mhéar mheadhonach. Do chroc an gaduidhe dubh suas a lámh chlí féin agus do connacthas go raibh an ladhaircín ar iarraidh. Do chreid Tighearna Mhuigheó annsin go raibh an fhírinne ag an t-sean-mhnaoi. Do thug sé ordughadh do na searboghantaibh an ceathrar braighdeánach do sgaoileadh, agus annsin do labhair go cineálta carthannach leobhtha. "Bíodh each na gclog n-órdha agaibh agus fáilte," ar sé, "acht ní sgarfaidh sibh liom-sa go gcaithidh sibh seachtmhain ag fleidh agus ag féasta i mo chaisleán annseo." Do ghabh an gaduidhe dubh agus an triúr flaith buidheachas leis as ucht a gcuiridh agus dubhairt nár fhéadadar fanamhaint an fhaid sin. Tar éis trí lá ag siamsa agus ag aoibhneas, ag caitheamh toghagach bídh agus rogha gach dighe, do bhuaileadar bóthar a bhaile agus each na gclog n-órdha aca agus a lán bronntanas nach é. Nuair do bhíodar i bhfoisgeacht seacht míle do chaisleán an ríogh do chuala an leas- mháthair ceol binn na gclog ar dhruim an eich agus do bhí sí le báine fa go raibh buaidhte uirthi. Le teann éada agus feirge do thug sí léim ó'n gclog-theach agus do marbhuigheadh í sul má bhí sí leath-bealaigh go talamh. Pádraic Ó Cadhain
An Draoi Lá n-aon agus mé ag déanamh turuis na tíre tháinigh mé go teach biadhtaigh, a's ó bhí tuirse orm cheapas nár bhfeirrde dhom rud a dhéanfainn ná cur fúm ann ar feadh cúpla lá. Ar dtúis caithfidh mé rádh gur dearbhráthair do mhnaoi riogh na h-Éireann mé. Tá eolas agam ar luibheannaibh ícthe agus tagann na daoine chugham chun leighis d'fhághail nuair a bhíos tinneas ortha. 'San am so ar a bhfuilim ag trácht chuireadh na daoine spéis mhór i ndraoithibh agus 'n-a gcuid cainnte, acht níorbh amhlaidh sin domh-sa. Ariamh níor chreideas ionnta, agus bé mo thuairim nach raibh ionnta acht bitheamhnaigh ghlice. Agus 'nois 'neósaidh mé cionnus thárla gur athruigh mé mo bharamhail. Ciodh trácht bhuail mé isteach 'san dtigh agus taisbéanadh seómra dhom acht is dócha nách bhfuil aon t-suaimhneas le fagháil ar an tsaoghal seo. Níor túisge bheith im' sheómra dhom ná tháinic teachtaire chugham le lítir ó mo dheirbhshiúr .i. an bhain- rioghain, ag iarraidh orm dul chúichi gan mhoill. Thug an rí faínne breágh luachmhar óir dhithi lá a mbainfheise. Bhí sí tar éis a chailleamhna agus bhí faitchíos uirthi go mbéadh fearg ar an rígh dá mbeadh fhios na cailleamhna aige. Sin é a bhí 'san litir agus bhí súil aici go mbhéinn-se in-an' an fáinne d'fágháil díthi. Dubhras leis an teachtaire go rachainn leis agus bhíos ag cur mo bhacáiste le chéile chun an bhóthair do chur dhíom nuair do bhuail sean- fhear árd deagh-chumtha isteach chugham agus féasóg liath ag tuitim síos go crios air. D'umhluigh sé dhom agus shuidh síos ar a shuaimh- neas dó féin. Bhí fhios agam ar an bpoinnte boise gur dhraoi a bhí agam ann, agus mar adubhairt mé cheana, thar a bhfuil de dhaoinibh 'san domhan ní raibh aon mhuinighin agam as a leithéide. Thosuigh sé ag cleasuidheacht gan focal a rádh, agus go deimhin ba dheas uaidh cleasuidheacht. Acht mar sin féin chuir mé cosg leis agus d'fhiafruigheas dé cad a bhí uaidh. "Tá cómhachta dromadraoidheachta agam," ar seisean. "Is iongantach na tréithe atá agat," arsa mise, "acht ní theastuigheann siad uaim. Abair liom cad a thug annso thú." D'éirigh sé na sheasamh go mall agus fearg ar a ghnúis. "A dhuine uasail," ar seisean, "Is brón liom an droch-chroidhe atá ionnat, acht b'fheídir go mbeidh a mhalairt de sgéal agat sar a bhfad. Tháinigh mé chughat le súil go bhféadfá sgian do tharraingt as mo mhuinéal. Bhí cleas ar siubhal agam agus do sáitheadh isteach í." "Déanfad sin má's féidir liom," arsa mise. Ar osgailt a bhéil dó d'fhéuch mé isteach agus go cinnte siúd í an sgian bheag sáithte isteach 'n-a sgórnaigh dhí féin. Do tharraing mé amach í agus, cidh go raibh pian mhór air níor leig an draoi bocht gíocs ná míocs as. Thosiugh sé ag gabháil bhuaidheachais dom nuair a bhí an obair críochnuighthe, acht dubhras leis go raibh deabhadh orm agus nárbh fhéidir liom fanacht níos sia. 'Scríobh mé leigheas dó ar ghiota páipéir a bhí ar an mbord agus d'imthigh sé leis. Is beag do shaoileas annsin go raibh sé i ndán seirbhís mhór do thabhairt dom, acht chidhfidh sibh ar ball. Tar éis aisdir fhada do chur dhíom shroich mé Teamhair na Ríogh, agus d'fhear mo dheirbh- síur fíor-chaoin fáilte romham. Bhí an rí imthighthe i n-áit éigin, as sin a bhí uaim ionnus go mbéimís in-an, an fáinne d'fhágháil i ngan-fhios dó. D'fhiafruigheas dhi an raibh aon tuairisg aici ar an ngaduidhe. "Táim cinnte," ar sise "gur ceann de na searbhoghantuidhthibh do ghoid an fáinne. Tharraing mé dhe mo mhéir aréir é chun a thais- beáint do dhaoinibh uaisle a bhí annso agus d'fhágas ar an mbord é. Ar n-éirghe dhom ar maidin chuaidh mé fá choinne an fháinne acht deamhan a raibh ann de i n-áit ar bith. Ní raibh aoinne shan tseomra acht ná searbhoghan- tuidhthe." Bhí sí as a meabhair beagnach, agus bhí mise 'san riocht céadna. Bhí orm an fáinne d'fhágháil agus cad ba cheart dom a dhéanamh? Searbhfoghantuidhe éigin do ghoid é, acht cia aca? Deirim leat go raibh tocht im' chroidhe fá theacht chor ar bith, agus ní raibh uaim acht slíghe eígin as an gcruadh-chás. Iar mbeith 'san riocht sin dom tháinic teachtaire go dtí an brugh. Bhí lítir aige dhomh-sa agus nuair do léigheas í chuir sí iongnadh an domhain orm. An draoi do casadh orm ag tigh an bhiadhtaigh do chuir chugham í agus seo é a bhí innti. "Béad-sa ag dún-árus an ríogh anocht agus gheobhaidh mé an fáinne do chaill an bhain-
rioghaim. Ná leig le d'ais le aoinne beó tuige go bhfuilim ag teacht." B'aisteach an rud liom é go mbéadh fios na cailleamhna ag an bhfear so, mar ní dhubhairt mé focal 'na taobh le duine ná deoraidhe. Dubhras liom féin go mbéinn díchéillidhe dá gcuirinn suim ann féin nó 'n-a lítir. Cionnus d'fhéadfadh sé fhágháil amach cé ghoid an fáinne? Ní raibh sé acht ag magadh fúm, acht ar an dtaobh eile cionnus fuair sé amach gur goideadh é chor ar bith? Do thaisbeánas an lítir do'n bhainrioghain as bhí sí ag léimnigh as a craiceann, mar adéarfa, le h-áthas agus le luthgháir. Chuala sí trácht ar an bhfear roimhe sin agus bhí sí cinnte go bhfuigheadh sé an fáinne dhithi. Sin é an nós leis na mnáibh i gcomhnuidhe. Bhí imnidhe orm ar feadh an lae, acht mar adeir an sean-fhocal, "Másh fada an lá tagann an oidhche," agus leis an oidhche tháinic mo dhraoi agus a lán beairtíní aige. Chuir mé fáilte roimhe ciodh nach raibh muinighin agam as. Mar sin féin do labhair mé go géar leis acht mo chreach dhoighte! dá ghéire mo theanga níor chuir sé suim ar bith innti. Ar chloisint dó gur searbhfhoghantuidhe do ghoid an fáinne thug sé ordughadh uaidh go gcruinneóchaidhe na searbhoghantuidhthe go léir shan halla mór. Rinneamar an méad sin agus níor chuireamar ceist ar bith eile air. Tar éis tamaillín chrom an draoi ar chleasaibh dromadraoidheachta do dhéanamh ar árdán 'san halla ós cómhair na ndaoine go léir, agus thugas fé ndeara gur chuir an chleasui- dheacht sin iongnadh mór ar a raibh i láthair. Annsin do labhair sé ós árd linn agus dubhairt go raibh sé ar tí fhágháil amach an té do ghoid fáinne na bainrioghna. Roimhe seo bhíos tuirseach dhé, acht as seo amach bhíos ag faire go cruaidh air. 'Sé an chéad rud do rinne sé ná boscaidhe do tharraingt amach as mála agus ceann aca do chur i mbéal gach searbhoghantuidhe. D'fhág sé annsin iad ar feadh cúpla nóiméad agus annsin thóg amach indiaidh a chéile iad. D'osgail sé gach bosca do réir mar thóg sé amach é agus chuir a mhéar isteach ann. Bhí sin go maith, acht nuair d'osgail sé an ceann a bhí i mbéal an fheadhmanaigh do stad sé ós a chómhair amach ag féachaint isteach 'n-a shúilib. Nuair a bhí na boscaidhe go léir cruinnuighthe aige chuaidh sé go dtí corcán mór agus chaith isteach indiaidh a chéile iad. D'fhan sé tamaillín sul ar chaith sé an bosca deidheannach isteach, a's nuair a chaith d'éirigh deatach a's caor-theinntidhe as. Ar smeideadh do shúile dhírigh sé a mhéar do'n fheadhmanach agus dubhairt:- "'Sin é an fear do ghoid fáinne na bain- rioghna!" Sul a raibh na focla as a bhéal aige chaith an feadhmanach é féin ar a ghlúnaibh ag fáscadh a lámh agus scannradh 'n-a shúilibh 'ghá rádh:- "O! a bhaintighearna, do ghoideas an fáinne go dearbhtha. Bhí sé ar an mbord nuair d'éirigh mé agus do thógas é. O! Táim sgriosta!" Thóg sé an fáinne as a phóca agus thug do'n bhainrioghain é. Ní raibh fhios againn beirthe ná beo cionnus do rinne an draoi é. Thug mo dheirbhshiúir míle buidheachas dó agus rud eile nach é. Nuair do bhíodar go léir imthighthe do ghlaodhas ar an draoi i leath-taobh agus d'fhiafruigheas dé cionnus fuair sé amach gur bh'é an feadh- manach an gaduidhe. "Is eol dom," ar seisean, "gur fear ciallmhar tostmhar thú, agus 'neósaidh mé dhuit é." "Lean leat," arsa mise. "Is dócha go bhfacais an bosca do chuireas 'na mbéal. Bhí poll i dtóin gach cinn aca agus rud bog istigh ionnta. Nuair a chuireas duine an bosca sin 'na bhéal i gcoitcheann bíonn an rud bog fliuch ó n-a theangain. Acht nuair a bhíos eagla mór ar dhuine bíonn a theanga tirim 'na bhéal agus bíonn an rud bog chomh tirim ag teacht amach dhó a's bhíos sé ag dul isteach. Thugas fé ndeara go raibh teanga an fheadhmanaigh tirim le sgannradh. Bhíos cinnte annsin gur bh'é ba chionntach." "Agus cad ba ghádh dhuit an chleasuidheacht ar fad do dhéanam?" "Chun eagla do chur ar an té do ghoid an fáinne." "Ceist eile agam ort. Cionnus fuair tú amach ar dtúis gur goidheadh an fáinne chor ar bith?" "Is furus é sin do mhíniughadh," ar seirean. "An cuimhin leat an lá do sgríobhais leigheas dom ar ghiobóig pháipéir?" "Is cuimhin," arsa mise. "Ar an dtaobh eile dhe sin 'seadh do sgríobh an bhainrioghain a lítir duit ag trácht ar an bhfáinne. 'Sin é an nós a bhfuaireas an t-eolas." Fuair an draoi a luach saothair agus d'imthigh leis féin agus bhí an bhainrioghan ar a suaimhneas arís. Fear gasta do b'eadh é, an draoi céadna agus do mhúin sé ceacht domh-sa .i. nách bhfuil rud ar bith 'san domhan gan cúis leis. P. Mac Consaidín
Fís Chrócháin Ar bheith in Uibh Ráthach dhom le déannaighe thárla orm lá, fear a thug an sgéal seo leanas dom. Ógánach a bhí ánn, sa chéanntar seo fadó go raibh súil ag a mhuinntir é bheith 'na chléireach Chríost. Ní raibh puinn de shaibhreas an tsaoghail seo ag a athair ná ag a mháthair, acht nuair ná raibh acht an t-áon mhac amháin aca cheapadar é choisreachadh do Dia, agus gach pighinn d'a raibh spártha aca leagadh amach í le n-a choiméad ar scoil chum é do dhéanamh oireamhnach le héadach na hEaglaise do thógaint air. Bhí an buachaill óg nuair do cuireadh as baile ar dtúis é, agus bhí se toilteannach go maith ar imtheacht, mar níor smaoinigh sé i gceart ar an mbóthar a bhí roimis agus niór chuimhinig sé ar a fhíafruighe dhe féin ar mhaith leis bheith 'na shagart. Do lean sé air, ar feadh bliadhanta agus cé ná raibh aon dúil aige ar an tslighidh bheathadh a bhí roimis do bhraith sé go dtiochfadh dúil ann le haimsir dhó acht bheith ag guidhe ar Dhía i gcomhnuidhe. Bhí amhras ar a aigneadh ar a shon san agus b'é an rud a bhí ag tabhairt buidheartha go leír dhó ná gan é bheith abalta an sgéal d' innsint d'á thúismíghtheoiribh, mar bhí sé cinnte go mb- risfeadh an sgeál croidhe a mháthar agus go mbéadh a athair ar buile leis dá gcaitheadh sé suas an rún naomhtha a bhí ceapuighthe aca chuige. Mar sin do lean sé ar an aimsir do chur síos agus dá fhaide do leigfadh sé thairis innsint an sgéil d'á mhuinntir chonnaich sé gur i n-olcas dó féin a bhí an saoghal ag druideamhaint. Chuaidh sé go hÁrd- Choláisde Na Spáinne mar ní raibh coláisde i gcomhair sagart i n-Éirinn san aimsir sin in aon chor. Bhí na bliadhanta dá ngearrughadh aige go dti go raibh se i ngiorracht bliadhna do bheith 'n-a shagart. Tháinig sé a bhaile i rith an tSamhraidh an t-am san agus bhí an buaidh- readh seo ag tróm-luighe ar a aigne agus cheap sé rún, an sgéal d' innsint dá athair lá 'le Chróchain. Tagann lá 'lé Chrócháin i meodhan an t-samhraidh, agus b'é ar an lá san do rugadh an mac so, agus b'eadh ó'n naomh do fuáir sé a ainm, mar do baisteadh Cróchán air. D'iarr sé congnamh ar Dhia tré eadarghuidhe naoimh Chrócháin le n-a chuid buidheartha d'innsint d'a athair agus na slabhraidhe a bhí ar a anamh do sgaoileadh. Chuaidh sé go dtí an sagart an lá roimis sin agus ghlach se corp ár Slánuightheora le n-a neartughadh féin i gcomhair na h-oibre a bhí roimis. Ba dhúr an croidhe a bhí aige, an oidhche sin, ar dhul a leabaidh dhó, mar bhí fhíos aige cad do bhí roimis lá ar n-a mhárach, agus ba dheachair déanamh amach cionnus do thógfadh an t-athair uaidh é. D'á bhrígh sin ní raibh sos na suaimhneas ar a aigne agus ní thiochfadh dúil chodalta air. Bhí sé 'á luasgadh agus 'á ath-luasgadh féin isteach agus amach sa leabaidh go dtí nárbh' fhéidir leis cur suas leis an mio-shuaimhneas a bhí air a thuilleadh, agus cheap sé éirghe. D' éirig, agus ghléas sé é féin 'n-a chuid éadaigh, chuaidh amach fé'n spéir agus d'iompuidh sé a aghaidh ar Bhinn na Ciste. Beann mhór árd is eadh an bheann seo agus cheap sé í éiriughadh agus an tromacht aigne a bhí air do dhíbirt fé ghlan-aer na hoidhce. Bhí an ghealach thuas agus do chidhfeadh sé ó bhárr na binne Gleann Geal na Glaise ar thaobh de agus ar thaobh eile na sléibhthe agus na móinte ag síneadh leo siar chum na fairrge, agus an sáile siar, siar, siar, ag geal- lonnradh fé sholus na gealaighe fé mar a bhéadh mór-bhrat airgid go dtí gur sloigeadh i measg neáltacha na spéire é. Shuidh sé síos ar bhinnse, agus do chróm sé ar smuaineadh. Niór bhfada dhó gur chualaidh sé céim dhuine chuige agus chonnaich sé ag teacht fé'n a dhéin duine des na cómhur- sannaibh gurbh leis an sliabh seo go raibh Cróchán ar a bhárr. Dia agus Muire dhuit a Chrócháin, ar seisean. Cad é an deag-obair a thug amach chomh luath san thú? Chualas glór duine ag teacht aníos dam agus bhí iongnadh orm cia bhí ánn. Dia agus Muire agus Pádraig dhuit a chomhursa arsa Cróchán. Innéosaidh mé fáth na moch-éirghe seo go fírinneach dhuit. Easbaidh chodalta do bheith orm agus tháinig mé amach fé'n spéir
chum na duthaighe mór-thímcheall d' fheiscint fé éirghe na gréine. Do dheinis go maith ar seisean. Ar chuimhni- ghis gur b'e lá 'le Chrócháin a bhí indhiu againn? Chuimhnigheas go maith, arsa Cróchán. Agus ar chualais riamh, ar seisean, go raibh radhar- canna le feiscint ó Bhinn na Ciste le briseadh lae 'le Chrócháin, radharchanna ná chidhfidhe iad gach uile lá. Níor chuala arsa Cróchán. Le n-a linn sin díreach d'fheuch sé siar uaidh mar a raibh na sléibhte agus na gleannta ag síneadh siar chum na bochna agus mar a raibh an sáile 'n-a luighe go ciúin liath fé ghealughadh na spéire. Chonnaich sé fé mar a bhéadh scamall éigin ag teacht anuas ortha, ceotha agus néalta 'á n-ísliughadh ó árdaibh na bhfilimintí go dtí ná raibh giota de'n radharc a bhí ann cheana le feiscint anois. Annsan tháinig athrughadh ar an gcéo agus do leathanadh roimis na míorbhailte seo leanas. Samhluigheadh roimh a shúilibh páirch mhór leathan, ag síneadh agus ag síneadh léi siar go dtí falla mór árd a bhí mar theorainn uirthi. Chonnaich sé go raibh fallaí móra ar gach taobh eile de'n pháirc agus annso agus annsúd i dtrí cinn des na fallaibh bhí dóirse geala airgid ag fosgailt amach ar fhásac teineadh a bhí lasmuigh den páirc. Ar an bhfalla b'fhaide uaidh ní raibh acht áon dorus amháin go raibh solus ar lasadh 'n-a aice agus é ag fosgailt amach ar Phárrathas a bhí lasmuig de. Annsan chonnaich Cróchán go raibh an pháirc lán de dhaomibh agus go rabhadar ag casadh agus ag síor-chasadh agus ag gabháilt timcheall ar a cheile fé mar a bhéadh daoine mí-cheíllidhthe, agus chéapfa go raibh easbaidh eólais ortha cad é an dorus ba chóra dhoibh dul isteac ann, mar ní raibh aon radharc ar na hárdaibh lasmuigh aca ó'n taobh istig. Acht annsan tháinig dream dubh i measg na ndaome, dream go raibh cruth daondha ortha acht go raibh adharcanna ar a n-éadan agus go raibh droch-sholus 'na súilibh; agus thos- nuigheadar-san ar na sluaghtaibh do mhealladh ar na dóirsibh airgid a bhí cómhgarach do'n fhásach agus do samhluigheadh do Chróchán cionnus mar do dingtí síos i dteintibh iad nuair a théidhidís amach tríd na dóirsibh súd. Annsan chonnaich sé duine síothamhail sgéimheamhail ag teacht amach ó'n dorus ag a raibh an solas ar lasadh agus do thriall sé ar na sluaghtaibh do shaoradh ó mhealladh druinge na n-adharc, acht ba bheag an mhaitheas dó é. Thaisbeán sé dhoibh a ghrádh féin dóibh go dtí gur chuir sé é féin fe thar- cuisne agus fé chumhacht ag a náimhdibh, drong na n-adharc, acht níor cuiread beann ann. Annsan d'fhéach sé soir uaidh fé mar a bhéadh sé ag tnúth le súil Chróchán do tharraing chuige agus do shín sé amach a lámh dó ag iarraidh air teacht agus congnamh do thabhairt dó. Bhí gloine 'n-a láimh aige go raibh crios ar a bárr agus chonnaich Cróchán dhá scáile dhe féin sa ghloine san. Chonnaich sé ceann aca agus é féin ag gabháilt i measg na sluaighte cois an duine dhoighleasaigh seo a bhí ag glaodhach air. Chonnaich sé go rabhadar araon ag fágháil bhuaidh ar an ndream dubh, agus sámhluigheadh dhó é féin ag gabháilt isteach geata an t-soluis go dtí Párrathas a bhí lasmuigh dhe, agus bhí sluagh 'ghá leanamhaint isteach agus ag tabhairt buidhe agus buidheacais do féin agus do Dhia. Annsan chonnaich sé scáile eile dhe féin agus é imeasg na ndaome mí-cheillidhthe tar éis diúltuighthe do'n duine doighleasach dhó, bhí sé dh'á mhealladh amach tríd na dóirsibh eile agus do scread sé le h-uathbhás nuair chonnaich sé é féin amuig i bhfasach na dtei- neadh. Annsan chualaidh sé guth éigin. "A Chrócháin, eirig a bhuachaill. Nach cuimhin leat gur lá 'le Chróchám atá ann, agus caithfidh tú an láirín do thógaint léd' mháthair go dtí an patrún. "A athair a bhí ag cainnt leis." Ní raibh Cróchán bocht acht n-a chodladh, acht thug a aisling misneach dhó. Bhí fhios aige gurbh é Dia a chuir 'n-a intinn é ag taisbeáint dó go raibh glaodhach uaid féin air; agus níor dhiúltuigh Cróchán do'n ghlaodhach. Chuaidh sé ar ais chum na Coláisde agus is minic in a dhiaidh san d'ofráil sé suas corp ar dTighearna chum bhuidheacais do thabhairt do Dhiá agus do naomh Cróchán. Séamus Ó Súilleabháin
Eachtra ar mhaidrín uaill tréan-luath ruadh maille le n-a mhacghniomhartha grinn Istigh i bhfuachais chlúthmhair fothana i gceart- lár na coilleadh craobhaighe ris a raidhtear Coill-an-Riogh iseadh do rugadh Maidrín mear- chruaidh Ruadh lá gaoithe gréine 'san earraigh. Bhí an saoghal mór braonach go lúthgháireach ag déanamh peataireachta, fé mar adéarfa, do'n mbliadhain earraighe áthais ar nós máthar múirne do bheadh ag bréagadh a naoidheanáin cheana chun súgradh; na páirceanna úr-thaise réidhe do bhí go léir d'aon-gháire amháin de nóiníní; na mílte fuiseoga ináirde thuas 'sa spéir as a gcéol sír-bhinn ag teacht i bhfearthain tsiabhardhachta anuas thar an saoghal óg sona agus na h-uain bheaga bána ag damhas ar na mbánta dá bpiopaireacht sidhe. Dá mbeadh a fhios ag Maidrín an meidhir sin go léir do bheith ar an domhan le linn a theachta ar an saoghal 'sé adéarfadh sé ná gur ag fáiltiúghadh roimis do bítheas. Agus ní móide go mb'ibhfad amugha dhó an tuairm aige. Acht bhí áthas croidhe ar Mhaidrín féin leis, dá mbeadh a fhios aige, 'n-a luighe dhó 'n-a mheall bheag gárlaigh featha ar an leabadh chlúmh easartha 'n-a fhuachais. B'aindeis d'fhéach sé as ba mhall do bhí sé ag teacht chuige féin 'sa tir greannmhar iasachta so in-a dtáinig. Aon de cheathrar clainne é an Maidrín mór-chlú so againne Ruadh. Ní túisce fuair a chreat bheag crithir an cuimilt críochnuighthe de theangain a mháthar móire mothaill 'ná tháinig sé ar an méid sin eolais dó féin. Fuair sé amach nár dhó amháin do bhí na milseáin mhaithe ag a mháthair as nár leis féin an saoghal so go léir, mar go raibh ceart chun bídh as dighe ann ag triúr bitheamhnach eile. Acht ba gheárr gur cuireadh 'n-a luighe air nár ghearánta ar aon chur dó ar an méid sin féin. Ba mhinic dó tuitim igcodladh sámh fé ucht bhliochtmhar na máthar dhil agus is amhlaidh do dhúiseóchadh sé, as é sáidhte isteach go seascair idir na trí mbitheamhnaigh aige as gan tásc 'ná tuairisc aige ar an mháthair thall 'ná ibhfus. Do tuigeadh dó as soin go ndéanann an t-olc féin a ghnó. Is maith is déanta cuimhneamh ar an chéad cheacht fealsamha soin d'fhoghluim Maidrín 'n-a choileán, óir do b'éachtach sás eolais do sholáthar riamh igcomhnaidhe é. Nuair bhí naoi lá d'aois ag Maidrín d'fhoscail a shúile. Go dtí sin, ní fheadar an eadh ceann-fé nó cúthaileacht 'sa'n áit iasachta fé ndeár dó gan féachaint go ró- theann nó nách eadh, acht is iongantach do chuir sé an scáth de le dul idtaithighe an tsaoghail nua dhó. Ba ghairid an mhoill air cur fé ann go beag beann ar aoinne. Do lean sé an beás soin go lá a bháis. Ní fulaír a innsint annso cionnas mar tháinig sé ar splannc eile eolais d'aimsiúghadh ar slighe an tsaoghail ait seo. An túisce do bhí na súile idtreo oibre aige do-chonnaic sé an mháthair eile 'sa bhfuachais aigc lá. Eighre ar a mháthair féin í as a fionn-chruth ar gach aon tslighe; dar ndóigh mara rith Maidrín cúiche ar shúil gur bh'í a mháthair aige í! Acht is luath do cuireadh in iúl dó go raibh dearmhad air annsoin. Agus do dhruid sé siar as a laipín inaírde ag gabháilt párdúin aice agus do-chonnaic sé nár bh'aon dóigh de mháthair í seo aige, pé hé ba leis í, chómh mór-chúiseach maordha d'fhéach sí agus an brúchtach borb aice as an sceamhghail de "noli me tangere." 'Sé do bhí d'á milleadh ar fad 'ná gur thuig a mháthair as an t-arrachtach duairc seo d'á chéile chómh maith as dá mbeadh sean- aithne aca ar a chéile go dtáinig an lá air 'n-ar ling sé thar an cheacht soin eile de leabhar mhór an tsaoghail le n-a fhogluim dó cad is athair ann. Acht 'sé an chéad lá tugadh amach fé'n ghréin é an lá nár fhág a chuimhne é go deireadh a shaoghail. Marab' air do bhí an mhórtais nuair adubhairt an mháthair leo go mbeadh cead aca siubhal amach léi. Do chuaidh sí féin amach ar dtúis agus tar éis tamaill ba bhliadhain le Maidrín seo isteach chucha go mall arís í. Do ghlaodh sí go bog orra teacht léi. Amach le n-a gceathrar 'n-a diaidh go práidhneach mear. Ba bheag nár cailleadh Maidrín a mhéid áthas grinn do bhrúigh isteach 'n-a ucht. Do caochadh le neart gealáin an lae ghil ar dtúis é as do bodhradh é le siansa as gliadar an domhain. Do buaileadh le h-éagcomhthromh é, as níor b'fuláir dó suidhe ar a chorragiob chun go gcuirfeadh sé eolas air canad raibh aige. Ba ghairid an mhoill air é. Ar neamh na sona iseadh do bhí sé.
Lingim thar na seoraidhe annso. "Halcyon days" do b'eadh na laetheannta soin ag Maidrín, ag déanamh a aoibhneasa gach lá, é féin agus na trí óga eile, as ag súgradh fan an ghaorthaidh chúmhra chúmhaing, 'gh'á n-iom- laosc fhéin ar an mbáinsigh ráithnighe úir go mbeidís chómh cortha soin ná beadh ionnta corruighe, agus annsoin b'aoibhinn an múisiún codlata do chuirfidís díobh 'sa chlais chúnlaigh ghrianmhair. Lá breágh éigin agus iad ag súgradh go sona suairc dóibh fhéin, as na h-éanlaith go meidhreach igcrannaibh ag déanamh oirfididh dhóibh, féachaint dá dtug Maidrín do-chonnaic sé an t-ainmhidhe greanmhnar tamall ó bhaile uaidh 'n-a sheasamh cois an chlaidhe. Do leath an dá shúil air le h-ionguadh, agus siúd ag sceinn-lingeadh ceann ar aghaidh é ar an ndúil choimhthighigh; annsoin láithreach bonn d'fhéach an mháthair ar a cúl, - bhí sí 'n-a luighe imbárr tulaigh, mar ba ghnáth dhí, ag faire na n-óg ait go práidhneach agus bárr a dhá cluais in áirde. Ní túisce d'fhéach 'ná thug aon sceamhghail amhastraigh uaithi do thuig na coileaín go maith. Ar nóimid na baise bhi bailighthe isteach aca 'sa bhfuachais slán sábháltha as na croidhthe 'n-a mbéalaibh aca le h-uathbhás. Do rith an mháthair an dosgharrán soir léi féin. Sin mar do chuir Maidrín céad-aithne ar a námhaidh bháis mhillteach d'á ngairmthear duine, agus an oidhche sin ar dteacht abhaile d'á mháthair fuair sé an scéal go h-iomlán uaithe: cionnas mar 'sa tsean-aimsir ibhfad fad ó, bhí an saoghal imbun an tsuaimhnis toisc é do bheith go léir fé na sionnaigh agus na sionnaigh do bheith go maith macánta glic 'na dtighearnaíbh air, acht mar thárla igceann aimsire go raibh na sionnaigh ag dul inolcas gach lá dár éirigh orra go dtí gur cuireadh fé mallacht dá dheascaibh iad 'sa deireadh. Annsoin do mheath toradh na talmhan orra; na cumair do b'fhairsinge creabhair as piatraisce, ba bheag má do-gheibhti naoscach ionnta; na locha gan garbhlachain as na réidhe gan cearca-feádha. Acht 'n-a theannta soin uile do chuireadh deamhain diablaidhe de dhaoinibh urchóideacha ar an saoghal chun na sionnach do chéasadh as do n-a marbhughadh go léir d'á mbh'féidir, é. Agus do leanfaidhe de'n bhruid diógaltais sin go mbeadh na sionnaigh arís chómh glic maith cliste leis na sean-tsionnaigh mhaithe fad ó. "Agus anois," ars' ise, "mar duitse féin dhe, a mhúirnín, d'á mhéid gliocas ionnat as d'á fheabhas rith tu iseadh is siaide do shaoghal é." Sionnach stuamdha stuidéartha do bhí i Maidrín feasta a thuilleadh. Is maith an scoluigheacht fuair sé, as is maith do ghabh sé di. Acht 'sí an chiall cheannaigh is feárr do sheasaimh leis rith a shaoghail shaóthraigh: ba mhaith do dheineadh sé an margadh, mar do cheannuigh sé go saor igcomhnaidhe acht fé- mar do-chífear im' dhiaidh is deimhin dearbh gur daor do dhiol. Bhí an-phráidhinn ag an mháthair as seach as an chuid eile agus is minic do bhailéochadh sí amach léi é ag gabháilt na tíre feadh an lae féin. D'fhoghluim sé mórán ar an chuma soin. Lá d'á raibh a mbeirt amuich mar sin, as ag rith leo fan an chlaidhe istigh, - an mháthair ag cainnt os íseal de shíor, cluais ar Mhaidrín ag éisteacht, - d'airighdar an t-éirleach ag teacht chucha an bóthar. "Éist, a-mhic," ars an sean-tsionnach, "an airigheann tú an fothram soin leasmuich? Éist go h-aireach leis. Anois aon éigin des na trí neithe seo fé ndeár an "mílemurtar" soin, sé sin, dachad gé meitheal fear, nó beirt bhan ag cogarnaigh. D'fhanadar go ciúin, cluais ar Mhaidrín óg agus mura b'air do bhí an tnúthán leis an dachad gé do theacht as. Do neartuigh as do neartuigh ar an dtorainn idtreo nár airigheadar a gcluasa orra, acht fé deireadh do ghabh thart. Do phreabadar go h-aicillidhe mear ar an chlaidhe, acht do chuala bean de'n mbeirt iad. D'fhéach sí ar a cúl as do thuit láithreach ibhfanntais le h-uamhan. B'ait le Maidrín sin acht níor fhan sé le n-a thuilleadh; do léimeadar thar an claidhe isteach as do chuireadar an pháirc siar díobh go h-éascaidh. Caithfear teacht chun fear-ghniomhartha Mhaidrín anois agus go mór-mhór is déanta a n-innsint na mór-ghníomhartha soin is mó do leath a chlú ar fuaid an domhain.- Gabhaim thar fiadhach na gcoileán; acht fé cheann na céad bhliadhna bhí a ainm ináirde 'sa tuaith go léir a fheabhas rith é as a áilneacht é chun cleas d'imirt ar na gadhair. I rith an chéad dhá bhliadhain ní raibh aon tseift cinnte cómhnaidhe aige chun dul ó's na "deamhnaibh dhaonna" as a gconairt chuthaigh fiadhaigh, acht bhiódh sé ag brath ar seans éigin don-a sheoladh slán abhaile ó gach stáir. Nuair do thiucfadh lá do thiucfadh comhairle. Ag so scéal, ar nós sómpla, ar sheift díobh soin aige. Lá áirithe múisíunta Márta ná raibh fonn reatha air, cad do dhein acht éalódh go socair isteach idtigh bheag mar a raibh cómhnaidhe ar shean-mhnaoi aonair as dul i gan a fhios dí 'n-a luighe fe n-a leabadh. Bhí an tsean-bhean ag crónán dí féin go bog breágh ar fuaid an tighe nuair d'airigh
sí an pilliliú ag an lucht fiadhaigh ag déanamh ar an ndoras isteach uirthe. Is ar éigin do bhí an doras daingnighthe aici 'na n-aghaidh nuair bhí na gadhair go léir timcheall an tighe aici. Thug sí aghaidh na muc as na madraidhe amach tríd an bhfuinneóig ar na bhfíagaidhthe ghalánta breághtha aici. Níor bh'fhearra dhóibh bheith léi. B'éigean dóibh imtheacht leo. An tan fuair Maidrín an doras ar fhoscailt, as an áit go ciúin arís do sceinn sé amach leis. Bíodh as ná raibh an radharc go ró-ghéar ag an tsean- mhnaoi do-chonnaic sí ag dul é. Do shuidh sí sios de phlap ar an úrlár as do bhris an mhias do b'fheárr d'á raibh aici nár mheasa léi saidhbhreas Déamair 'ná í féin. Acht is ar Mhaidrín do bhí an greann le n-a chloisint dó go rabhthas 'gh'á rádh gurbh amhlaidh do rith sé isteach imbothán as gur dhein sean-bhean chríon de. Acht ní h-aoinnidh d'ár dhein sé igcaitheamh na h-aimsire sin is mó thug gairin, as mír tar a chine do Mhaidrín aígh, acht is é an seift é le n-ar sháruigh sé ar gach fear fiadhaigh 'sa domhan as ar gach gadhar d'á luaithe tréan-rith. An cleas céadna ámh ba thrúig bháis 'sa deireadh dhó fé mar thuiteann amach go minic. Mar so thárla sé ar an tseift sin. Lá dár cuireadh dearg-thóir dhían air agus do bítheas ag dul ibhfeidhm air go cruaidh do dhein sé gach dícheall lúith as gliocais, acht níor chás dó é. Do bhí anfadh an bhais air annsoin go dearbhtha, a leithéid nár bhain dó ó'n chéad lá do rith roim na gadhraibh. Acht níor caochadh ar an ngliocas ann nách lugha 'ná do chaill ar an mhisneach dó. Ar chuma nó ar chleas do raghadh sé as. Do bhí sé ag déanamh ceann, ar aghaidh ar bhalla mhór árd; crainn mhóra craobhaighe ar gach taobh de. Do dhírigh sé ar chrann dióbh 'n-a raibh an t-eidhneán go flúirseach casta timcheall air suas go gabhal ann do b'aoirde suas 'ná bárr an bhalla féin; ba ghnáth dó dul suas crann de'n tsaghas soin, ag gliúmáil an eidhneáin as 'gh'á ghreamughadh 'na bhéal, nuair bheadh an ruathar ag dul go ró-dhian air. Suas leis de phreab. Ba mhaith mithid dó é; do bhí na gadhair ag bun an chrainn láithreach bonn baill 'n-a dhiaidh, agus sar ar shrois sé an gabhlán bhíodar an lucht fiadhaigh isteach chucha ar chos in-áirde. Do bhí sé ag cuimhneamh air go bhfanfadh go chiúin ibhfolach mar a raibh aige, cé gur bhaoghal leis go gcuirfidhe fear an crann suas 'n-a dhiaidh, nuair do buaileadh 'n-a cheann go mb'fhéidir dul de léim imbárr an bhalla agus as soin chun chrainn des na crannaibh leastall de. Ba chonthabharthach an fhionntar dhó é, acht ní dheaghaidh fear meathta chun baintighearnan. Do bhrúigh sé amach tríd an eidhean. Do bhí súil gach aoinne air as iad ag déanamh iongnadh dhe caidé do bhí d'fhuadar fé anois. Do bhí sean-aithne aca go léir air agus bhíodh scáth aereach agá lán roimis toisc a bheith amuich air nár shionnach ceart ar aon chor do bhí ann acht púca éigin greannmhar; níor chreid ámh abhformhór an scéal soin. Do dhruid sé siar chun léim do chaitheamh. Do léim. Tháinig ar an bhalla go maith acht ba dhóbair dó tuitim de ar an dtaobh eile le neart na léime thug, agus bhí an balla chómh cumhang soin gurbh 'ar éigin fuair sé a ghreim do choimeád air. Cómh luath as do-chonnacadar ag léimrigh é, siúd fé lán-tsiubhal na marcaigh fiadhaine fiadhaigh ar gheata do bhí 'sa bhalla tamall fada soir ó bhaile. Bhiodar ag súil le teacht suas le Maidrin Ruadh 'sa bhfaithche leastall de'n bhalla. Bhíodar san éagcóir ámh annsoin. D'feach Maidrín ag breathnughadh a chrainn sul a léimeadh sé, agus do leath an dá shúil ann le h-iongnadh áthais. Bhí crann mór daraighe os a chomhair amach ingiorracht léime láidre dhó, as poll breágh leathan tríd sios ó'n ladhar ann. D'fhág sé slán ag an bhfuirinn fiadhaigh. Do léim sé go lúthgháireach idtreo an phoill. Ní lúthgháir do bhí air 'n-a dhiaidh sin ámh. Do cheap sé gur poll beag do bhí aige acht níor bh'eadh. Do thuit sé sios sios imbile an chrainn istigh. Ba bhaoghal leis go raibh gach cnámh ann briste 'n-a bhrúscar. Agus an poll thuas os a chionn ní raibh ann acht mar bheadh réilthín aonair oidhche dhubh dorcha. Anois nó riamh bhí Maidrín igcumhangrach chruaidh. Do bhí sé tinn ingach ball beathadh dhe tar eis a thuitim chómh trom chun talaimh, agus bhí na ballaidhe dhubha adhmaid timcheall air, as gan dul as aige go bráth arís. Do chuimhnigh sé ar an tsaoghal bhreágh aereach gréine ná feicfeadh sé choidhche a thuilleadh: na luigheacháin fada 'sa luachair chois na glaise, ag faire ar na garbhlachain, na h-amais fé na cearca fraoich maidin úr drúchta, na piatraisce ba mhilse méath, glaodhach na gcoileach féadha um tráthnóna, as an ghrian ag dul fé os cionn Chnuic-na-gaoithe siar. Do chuimhnigh sé ar oidhche bhreágh uaighnigh chúmhra an tsamhraidh, as a aoibhneas an siubhal aonair fé'n ghealaigh chaoimh, as gan aon d'á bhuaidhreadh acht 'seo
hín seó' do'n domhan codlata d'á chantain ag na mílte gearraghuirt. Do chuimhnigh ar gach uile nídh - ar an bhfiadhach uamhain féin. Do shuidh sé sios ar a chorragiob, do chaith siar a cheann as do chas an t-ologón truaighmhéileach le neart antruime a chroidhe istigh. Is árd as is fuigheach as is fada do ghuil sé. B'fheárr an mhaise dhó a thuitim le craos na conairte 'ná an bás fada mall so imbláth a óige. Do cualathas an lógóireacht soin leasmuich, agus is tearc nár chreid feasta gur sionnach sidhe é Maidrín d'imir beart fonamhaide diablaidhe ar na bhfíagaidhthe. Tar éis an ghuil do chur de, do chuartuigh Maidrín Ruadh an priosún aige. D'airigh sé, ba dhóigh leis, an macalla ag freagairt go h-árd d'á lógóireacht ó thaobh amháin de'n chrann. Do dhein sé piardáil ann. Seadh, a dhróluinn na bhfeart, poll aige, agus dul as, dul as! Creachoil de shean-chrann chríon do b-eadh an crann so do bhí dearg-lobhtha 'na chroidhe. Bhí na préamhacha lobhtha meathta leis, as ceann aca soin d'fhág 'n-a dhiaidh an poírse puill cúmhang so ag Maidrín. B'an- chúmhang caol é go maith, go mór-mhór amach ann, acht bhí an saoghal sona suairc ag mealladh Maidrín le súil na saoirseachta, agus bhí an bás gránda millteach ar a thí - agus gan aige d'aois acht ceithre mbliadhna. Bhí an poll go ró-chumhang ar fad dó sa deireadh, acht go raibh an ithir go bog tim- cheall na préimhe do bhí lobhtha. Acht do bhí an t-áthas as an dúthracht ag dul in-uathbhás arís ag Maidrín, nuair, d'aon iarracht láidir coise, do tholl sé amach 'sa bhfuachais fairsing go slán, saor, sábháltha, sona, as solas an lae ghil 'na thimceall isteach as cead na dtriúch aige arís. Níor thúisce an t-áthas dó ná an fuair-chritheagla do bhuail go faon- lag é. Fuair sé bolaith na mbroc, - is imbroc- lach tháinig sé; agus níor bh'fhearra dhó tigh an deamhain 'ná tigh an diabhail. Is aicillidhe aireach do dhruid sé amach chun an phuill. Ní raibh acht é féin ann istigh 'ná amuich. B'é broclach tréigthe é. Bhí soin go maith. Acht bhí béal an phuill ar thaobh faille áirde i scailp fé charraig mhóir mhéiscrigh. Do bhuail Maidrín amach 'sa scailp as d'fhéach síos uaidh. Tháinig an t-éagcomhthrom 'sa cheann aige a dhoimhneacht síos an gleann, agus bhí an charraig mhór sleamhain os a chionn suas. Do chuartuigh sé as do chuartuigh slighe as acht níor bh'fhearra dhó é. Do bhí fuinseóigín beag ag fás ainios ó thaobh na faille ba dhóigh leis go mbeadh a bharra comhthromh leis an talamh thuas, acht is beag má bhfaghadh cat rith suas air, as níor chat Maidrín. Acht ba mhó 'ná do shíl sé de chabhair thug an crann soin céadna do níosa mhoille. Do chuartuigh sé an fhuachais istigh arís, as igceann tamaill fuair sé an tslighe eile as do briseadh amach slat nó dhó síos ó bhruaich na faille ar leath taobh de'n charraig mhóir. Fuair sé lapadáil amach suas acht ní gan duadh é. Do ghabh sé ag sceinneadh as ag rith as ag léimrigh os cionn talaimh mar dá mba choiléan arís é. D'imthigh air ag pram- sáil as ag sceinn-lingeadh go dtáinig go maoileann Chnuic-na-gaoithe, agus do shuidh annsoin ar feadh dhá uair an chluig ag féachaint soir ar Mhóin-na-sceithe thar na mbánta míne. B'aoibhinn leis mar d'fhéach Glaise- na-teoran ag lonnradh fé'n ghréin aniar. Ba bhinn tháinig chuige 'san ghaoith scol amhráin na gcailíní do bhí ag crúdhadh na mbó ibhfad thall le h-ais na Glaise; níor cheol leis go dtí é. Do chuaidh an ghrian fé, agus annsoin iseadh d'airigh Maidrín go raibh ocras as ióta air as go raibh sé ar chrith le laige. Do phreab sé suas as do thug aghaidh siar a bhaíle bháige dó fhéin ar Choillruadh ag lorg a dhinnéir. D'imir Maidrín an bheart soin chéadna an chrainn eidhneáin ar na bfiagaidhthe go minic 'na dhiaidh sin gur leath a chlú as cáil a ghniomh- artha go deireadh an domhain, geall leis. Bhíodh uaisle ag teacht gach bliadhain anall tar caladh ó Sasanaibh as ó'n bfrainnc as ó chríochaibh nách iad chun go mbeadh aca maoidheamh as gur leanadar tóir ar Mhaidrín uaill-bheo Ruadh. Acht lá áirithe tar éis stáire déine do chur de bhí sé ag déanamh isteach ar an gcrann eidhneáin aige le linn na gréine do dhul fé os cionn Chnuic-na-gaoithe. Ní raibh dithineas ná saothar air; bhí sé deimhin d'á sheift. Ní raibh sé tar faid dachad ling amach nuair do-chonnaic an crann agus é leagtha fan talaimh roimis. Ba mhaith mithid do- chonnaic. Do sceinn-iompuigh siar idtreo na gréiné deirge. Do chaill sé mór-chuid aimsire ag iompódh dhó as do bítheas isteach air geall leis sar a raibh sé ingiorracht páirce do'n abhainn. An chéad uair le fada an lá bhí anfhad bháis ar Mhaidrín. Bhí an chonairt ag tabhairt fé go sanntach. Is maith do bhí a fhios aige dá dtuiteadh mí-sheans d'á luighead air ná sábhálfadh an domhan mór é. Bhí gadhar darbh ainm Luas ag teannadh leis go h-uath- básach. Gadhar í sin do tugadh anall ó
Sasannaibh d'aon ghnó chun Maidrín do mhar- bhughadh. Agus do bhí sí ar thosaich de fiche slat roim an chonairt as í ag dul i bhfeidhm go dona ar Mhaidrín. Do thug sí sidhe-rith fé n-a ghreamughadh. B'é sin a bhuac do Mhaidrín. Do dhein cuthach de'n uamhan aige. Tháinig a mhalairt nirt 'n-a bhallaibh, tháinig breis fuinnimh ann, tháinig fiadhain air. Nior rith sé riamh mar do rith annsoin. D'fág sé an gadhar gallda 'na dhiaidh mar dá mba 'na seasamh do bhí sí, agus do bhí leith-chéad ling aige orra ag dul 'san abhainn dó. Níor bh'éascaidhe ar maidin é 'ná tar éis an tsnáimh do chur de. Acht nior malladh puinn ar an dtóir, mar do'n chonairt de; is beag marcach do lean chómh fada iad. Bhí Maidrín idteannta go fóil, as gan aon fhuachais 'na ghaor acht an broclach in Aill-na-ndos. Do dhírigh sé ar an bhfaill ámh gan coinne aige le haon rud acht an seans amháin nár theip air riamh fós. Bhí an fhaill chómh doimhin díreach le balla tighe suas. Bhí Maidrín ag déanamh ceann ar aghaidh ar an mbruaich thuas, as an chonairt go meidhreach le n-a chúl. Níor theip an seans air an tacha soin acht chómh beag le riamh. Do chuimhnigh sé ar an bhfuinseóig do bhí ag fás anios agaidh na faille. Do dhein sé ar an áit ba dhóigh leis 'na mbeadh sí, as gan stad nóimeint, do chaith é fein de bhocléím tar bruaich na faille síos. Tháinig sé in áide ar an gcrann, do rug air go docht 'na dhrandal, agus do b'fheárr thárla 'ná mar do shíl sé. Do chrom an crann sios fé mar do chromfadh dias chruithneachtan fé ghealbhan as do chaith isteach 'sa scailp fé'n charraig go deas é. Bhí an oiread tnútáin le fuil ar na gadhraibh nár fhéadadar stop as an fuadar do bhí fútha. Do chuaidh a leath go tóin na faille céad troigh go leith síos as do marbhuigheadh igcoinnibh na gcloch iad. Do bítheas cinnte de nár thaise do Mhaidrín é, acht oiread as ribe a earbaill ná fuaradh. Níor bhfhada go bhfuaradh 'n-a steille-bheathaidh é slán go n-a earball agus an tréan-rith ann chómh maith le riamh. Ní raibh puinn d'á mhearbhal ar aoinne anois nár cheart an earradh é Mardrín, agus Maidrín féin is amhlaidh do bhí sé ag súil le n-a chine dhaor d'fhuascailt ó n-a mallacht, ag buadhchtain ar neart na lámhe láidre le gliocas an mhionmhaigh. Bhí léas eile saoghail in-áirighthe aige anois in amhdheóin pé dhícheall d'á ndéanfaidhe air. Indiaidh ceithre mbliadhna nuair bhi na mílte gadhair marbh aige i mbun na faille, - agus is iad plúr na conairte ba dhíoghbhálaighe riamh 'san imtheacht soin -, do tugadh fear fiadhaigh anall ó Sasannaibh, as do cuireadh fé gheasaibh é an t-anscian púca soin do ruagadh igceast as an tír. Ní raibh puinn de seo dall ar Mhaidrín féin, agus bhí a fhios aige go maith gur dhéanta dhó faire anois indáiríribh, mar ná raibh aon teora leis na daoinibh an tan chasaid ar na bpiseógaibh malluighthe aca. Níor shos feasta de ló ná d'oidhche dhó. Do leigthí saor gach aon tsionnach eile, as is air do cuirtí tóir gach aon lá. Agus gach lacha dár cailleadh san dá chonntae fágadh fé é láithreach bonn. Ní raibh saoghal circe aige 'n-a dhúthaigh féin. Do sháruigh sé go deas cúpla uair ar an bhfear ó Sasannaibh, acht is treise feall ná éacht d'á fheabhas, as is deacair teacht ó Sasannach. An lá bróin seo luadhaim is igcoill Ráth- luachra do cuireadh an stáir ar Mhaidrín. Níor dhein sé díreach ar Aill-na-ndos toisc an ghaoth do bheith adtuaidh go láidir. Agus bhí an fhaill sé mhíle siar ó dheas uaidh. Acht 'sé do dhein ná casadh thar n-ais isteach 'sa choill, agus d'éaluigh sé amach igan fhios igceann tamaill. Bhí sé ar tosach de dhá pháirc nuair fuair na gadhair a bholaith. Deirtear, as ní h-abraim 'ná gur fior é, gur bh'shin é do b'uath bhásaighe dá dtug Maidrín riamh de rith. Na gadhair do bhí 'na dhiaidh, ní raibh a sárúghadh 'ná a samhail féin 'sa domhan ar mhireacht 'ná ar lúth 'ná ar fuinneamh. Bhí suaitheantas daoineadh idir uasal as íseal ann, agus is 'mdho capall ann ná ceannóchadh leath na dúithche é, agus bhí sé 'n-a lá breágh Márta glas. Is iomdha uair nár nídh eile do shaor Maidrín uatha acht seift nó cleas éigin d'imir sé orra, acht ag casadh siar ó dheas dó ó Chnoc-an-bhile, - mar do- chonnaic sé nár bh' fhuláir dó aghaidh do thabhairt ar an mbroclach 'sa deireadh thiar thall -, is iongantach tánathas suas leis. Bhí sé ag rith fan an bhóthair iarrainn amuich agus na gadhair ag dul i bhfeidhm air go tiugh. D'airigh sé an traen ag teacht chuige ar aghaidh. Isteach leis de phreab tar an chlaidhe, díreach fé rothaidhe na traeneach geall leis, agus do ghabh treasna slán. Do marbuigeadh cúpla gadhar as do cuireadh moill ar an bhfiadhach. D'fhág Maidrín ar deireadh de chuid mhóir iad go léir as soin abhaile, agus cé go raibh sé tnáidhte faon-lag cráidhte a dhóthain tar éis a dheich mílidhe fichead de stáir, ní raibh aon bhruid air ag teacht igcomhghar na faille, - bheadh sé d'uain aige a scíth do leigint istigh 'n-a fhuachais doeolais féin. D'fhéach sé ar
a chúl orra ag déanamh isteach ar an mbr- uaich dó. Ní fheadar an dtug sé fé ndeara na gadhair d'á gcasadh thar n-ais; nó an bhfeaca sé an gháire Shasannaigh sin is trom- shúil mhillteach í do shionnach as do dhuine. Ma chonnaic, níor thuig. Do ling sé go pras thar bruaich na faille isteach mar ba ghnáth do. A dhróluinn na bhfeart! cá bhfuil an fhuinseóg uaidh? Siós, síos d'á chasadh as d'á lúbadh, do thuit sé go tóin na faille. Agus sin mar do cailleadh an sionnach do b'feárr dár rith riamh i dtalamh na hÉireann; agus Sasannach fé ndeár an feall, Sasannach do gheárr an fhuinseóg. Sealgaire do scríobh
An Bás A Ghaedheala na bpáirt, nach orrainn atá an mí-ádh: ár seacht sáith d'obair romhainn agus gan leath ár ndóthain de chongnamh chuici. An amhlaidh nach mbíonn neart daoine n-óg sásta cuidiughadh linn agus an obair do ghabháilt le n-ais? Ní headh. Ro-mhaith agus ro-dhúth- rachtach atá a lán aca. Acht is ar éigin bhíos siad oilte do'n obair i gceart nuair glantar leo thar sáile, agus donacht ar fad an sgéil imteacht gan teacht do bheith ortha. Bíonn cathughadh mór orrainn 'n-a ndiaidh sin, acht cia an t-ádhbhacht a gcaill i gcomórtas leis an gcreich atá an bás a dhéanamh. Is iomda deagh-Ghaedheal dúthrachtach dílis do tháinic de chabhair chugainn le gairid agus níor túisge ann 'ná as dóibh. Mícheál Breathnach agus Eibhlín Nic Niochaill an bheirt is mó a raibh dóchas asta ag Connradh na Gaedhilge le fada an lá agus "Le Geimhreadh a saoghail níor tugadh spás dóibh, Ná go Foghmhar féin níor fhan an bás leo. Acht i dtosach an t-Samhraidh do rinneadh dubh-fhásach D'obair an Earraigh, is é go bláthmhar." Níl acht cúpla mí ó shoin anois ann ó tháinic sgéal dubrónach eile chugainn nuair ba lugha bhí coinne againn leis. Deagh- Ghaedheal eile, an t-Athair Toirdhealach Mac Samhradhain, stuaidh Chonnartha na Gaedhilge i gCábháin, do bhí ar lár. Ba chruaidh ár gcás agus ba mhór ár mbrón, acht b'é toil Dé é. "Bás na mairtíreach síol an chreidimh" do deirtí san am fad ó agus cá bhfios dúinn nach ionann sgéal do'n Ghaedhilge anois é. A Thighearna ba bheag an spás do thugais dó, acht nach áidhbhéil an méad do rinne sé ar Do shon-sa agus ar son Éireann i gcúig bliadna déag is fiche? Le linn a óige ní chualaidh sé fiú focail amháin Ghaedilge riamh, acht do chruthuigh sé go maith ar a shon sin féin. Níorbh fhada i Mhuig-Nuadat dó gur chrom sé ar a foghluim go dian is go
dícheallach. Agus d'fheabhsuigh sé chomh maith sin gur mhinic do thug sé an chraobh leis ó shean-ghaedhilgeoiribh san sgrúdughadh. Gidh nach raibh sé annseo acht dhá bhliadhain nuair cuiread dlúthas le hobair Chonnartha Chuilm Naomhtha ar dtús bhí sé i n-an' lámh-chonganta mhaith do thabhairt do'n Athair Seaghán Ó hÉidhin. Ba mhó a chumhacht ar son na Gaedhilge de bhárr an cheana agus an mheas' a bhí air ag cách 'n-a aitheantas. B'é an chéad duine do labhair an paidrín ás Gaedhilge i dThigh na Sóisear, nós d'á leantar ó shoin i leith. Ar a bheith 'n-a shagart dó do chuir sé an chéad buidhean Ghaedhilge ar bun i gColáisthe an Chábháin. Togha mhúinteóra do bhí ann - go sultmhar, bríoghmhar, maith - agus rinne sé leas mór do'n cúis 'san mbuidhin sin. Ba bhuaine fós toradh a choda oibre i measg na sean- Gaedhilgeoirí 'san tuaith. Do mhúin sé dhóibh meas do bheith aca ar a dtheangaidh féin, a gcuid airgid do chaitheamh ar son na hÉireann agus gach rud eile d'ar chuibhe do Ghaedhealaibh do dhéanamh. Is beag an t-ionguadh gur mór an sgéal leobhtha a bhás agus gur minic Guidhid n-a gcroidhe bhocht chráidhte Go mb'árd a shuideachán i bhFlaitheas Dé istigh. E. Mac G.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services