Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Cháisg 1910

Title
An Cháisg 1910
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1910
Publisher
M. H. Gill agus a Mhac

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Irisleabhar Muighe Nuadhad



Leabhar 1



An Cháisg, 1910



Uimhir 3



An Áinleog: Aereog Na hImirce



Aisling gan bhrigh, gan chéill, gan bun, gan bárr



Bhí sé mall 'sa ló, mar adeárfá ag
déanamh amach ar bhruach nóna. Ba bhrothalach
sámh-thromh an tráthnóna é thaínig indiaidh na
gréine samhraidh do bhí ag taithneamh 'n-a
dearg-bhreo anuas ó maidin i dtreo go mba
dhóigh le duine ná fágfaidhe an fhuil i mbeo
tadhaill ná an t-uisce i nglaise ná súgh an
fháis i luibh ná i gcrann. Aoinne do léigh
agallamh grinn an Ghréagaigh, b'é ba bhaoghal
leis go raibh an capbad órdha le Phoebus ag
dul amugha ar a mhalairt tiomáinidhe.



Chomh maith bhí a rian soin orrainne go léir.
Bhí an saoghal mór idir bheith 'n-a chodladh
as 'n-a dhúiseacht, agus níor thaise do'n
mbuidhin scoláiridhe é ná fiú do'n oide
léighinn oineach féin thuas 'n-a chathaoir. "Pé
nídh bhíonn ar ghluaiseacht, ní fuláir gur nídh
eile gluaiseachta fé ndear é." An t-oide
adubhairt. Niór éisteas le n-a thuilleadh.
Do leigeas leis an oide-léighinn as leis an
scolaidheacht, agus is amhlaidh do bhí agam, as
mé ag machtnamh ar an sean-rádh úd romham:
mo smaointe ar mearbhall toisc an trom-
shuan do bheith ag tuitim orm chomh ciúin tais
sámh as thúirlingeann an oidhche ar bhántaibh
bláith an tsamhraidh. Le bheith ag tabhairt
isteach do'n tsámhán dom do'm aimhdeóin féin
is bog breágh réidh do shleamhnuigh an t-oide
siar uaim as na leabhair, 'gom fhágaint liom
féin im' aonar ar bhruachaibh codlata sidhe.
Nóimeint eile as bhéinn-se thar an teorainn
isteach nuair pé fhéachaint d'á dtugas amach
an fhuinneog do baineadh geit asam do chuir
im' dhúiseacht de phreib mé.



Áinleoigín fe ndear do'm dhúiseacht.
Áinleóigín breac áluinn lúith do sceinn
thart mar réalt earballaigh 'sa'n oidhche.



Do bhain sí geit asam, a bheith chomh bríogh-
mhar mear beodha soin as an domhan mór
braonach, idir éan as duine as gaoth na spéire,
fé throm-luighe síordha n-a phleist gan
méam.



Nách aereach aoibhinn an saoghal agat é,
a éinín na spéire gléigil', ag déanamh spóirt
as aitis' duit ar do shaor-thoil fhéinig as
gan ar chorruighe acht tusa fhéin amháin d'éan-
laith cheóil an aeir. Nó caidé mar éan thú
ar ann chor, a ruidín mire iasachta tháinig
chúghainn ar chuairt anall thar chaladh ó chríocaibh
do-eolais gréine eígin i gcéin tar lear?
Ó gan mise im' áinleoig id' fhochair as comh-
naidhe áthais orm gach tráth mar aon leat
i nglinntibh solais na spéire. Nach aoibhinn
bhéadh imirce an tsamhraidh agam ar leirg
na gréine ó thír go tír ar a timcheall fada
mall!



Leis sin is amhlaidh do bhí an áinleog ag
druidim isteach chúgham go h-éascaidh tar
éis turas na spéire dhí do thabhairt, go
dtáinig 'n-a stad go pras os mo chomhair
amach. Niór labhair sise focal acht d'fhan
annsoin 'n-a tost dom' infhiúchadh go géar.
Níor labhras acht chómh beag toisc dom bheith
buille beag mearbhlach im' aigne as scáth
do bheith orm d'á reir sin, roimh leith-scige
do dheánamh díom féin 'os comhair an stróin-
séir.



Bhí an focal tosaigh aicise. Do bhain
sí casadh as a hearball; do chroth si a
ceann go tóstalach; tháinig coinneal 'n-a
dhá súil mar réíltínibh oidhche sheaca; as do
labhair go binn 'n-a ceol-guth áthais as teangaidh
líomhtha na Frainncise. Agus is é adubhairt
ná "J'ai vu, J'ai vu." Air sin láithreach
do tuigeadh dom an nídh nár thuigeas riamh
go dtí sin, 'sé sin, gurab' í an Fhrainncis
béarla na n-áinleóg, agus an purt meidhreach
soin aca de shíor d'á chantain tar chluantaibh


L. 4


as fan na loch líomhtha 'sa samhradh, gur b'é
is ciall leis ná "J'ai vu, J'ai vu." Is
iongantach do chuaidh mo chroidhe amach cuici
an tan d'airigheas a cainnt. "Má's toil
d'oinigh, a áinleog uasal," arsa mise,
"caidé do-chonnacais"? "Do-chonnac," ars'
ise, "as í ar chritir mhire le háthas grinn,"
do-chonnac an saoghal as gach uile nídh ag
dul i nglaise as i n-óige, an domhan go léir
d'á athnuadhchain as d'á aithbheodhchain, ag
borradh as ag fás fé ghréin ghaoithe ghlórmhair
an earraigh; do-connach na hoga sona ag
damhas as ag sceinn-lingeadh treasna na
mbán, ag cnuasach núis bláth na talmhan.
"J'ai vu, J'ai vu," do-chonnac gach uile
nídh fé luighe na gréine acht an doineann
duairc i ndubhluachair na bliadhna amháin."



"'Seadh, a áinleog an fheasa áthais, ní
d'á bhaint as do bhéal é, acht is deimhin,
dearbh go bhfaca tú an uile nídh riamh. N'íl
aon tseo acht a bhfacais, acht féach, led'
thoil, mar atá agamsa annso, Scolaíre bocht
cráidhte mé ná faca puinn riamh; bochtán
mé ná fuil meas ná feidhm ag duine ná ag
daonnacht orm; aindeiseoir atá dom'
chreachadh mé ó mhaidin go hoidhche fé dhian-
bhráca riaghal na ndúr. Ó is truagh gan
mise im' áinleoig leat-sa chun go bhfeicfinn
an saoghal dom féinig. Ní fheicim 'sa'n áit
dona dheoraigh seo acht na neite dearóile
cheádna ó cheann ceann na bliadhna.



Acht mar duit-se dhe, a áinleog dhil, n'íl
aoinnídh ná facais. Is 'mdhó lá meidhreach
do chaithis, istóin, "'mid the gay vines of
France"; do chuimlis na sciatháin tanaidhe
luít agat d'ucht glas an "Rhein";
do-connacais na h-éanlaith cheoil ag neadughadh,
b'fhéidir, in Andalúsia áluinn, Párrathas na
Spáinne ársaidhe; do ghab tú thar fhásaighibh
nár shataluigh cos dhuine riamh: agus b'fhéidir
duit lá suilt do chur dhíot ag aoibhneas os
chionn na dtuambaidhe ríoghdha soin na h
Éigipte atá 'n-a n-iongnadh saoghail leis
na céadtaibh.



Acht agam-sa ní'l aon aoibhneas an tsaoghail;
ní'l sult ná suairceas croidhe ag baint liom.
Táim ann óir do cuireadh ann mé, ag
maireachtaint dom ó ló go ló im' spreas le
heagla bás d'fhagháil. B'fhearr an chiall
do dhuine é féin do bháthadh go bráth i loch
ciúin sochair diamhair an Nirbhána 'ná bheith
mar so gach tráth ag mealladh an anma ann
le geallamhnaibh diomhaoine bréige as d'á
chrádhadh ar lorg teineadh gealáin an eolais
ar bhóithribh móna dona isteach i bfásach
fiadhain. A! is é thionnlac an philibín ó n-a
neid é an fhoghluim seo léighinn ar fad.
Caidé an díoghbháil acht a mhireacht ritheann
an aimsir thart as a laghadh thagann d'á
bárr.



Air sin d'airigheas mar do bhéadh gaoth
dhraoidheachta ag mo chomáint tríd an spéir
as rugamar ar an ngaoith do bhí romhainn as
an ghaoth do bhí 'n-ár ndiaidh ní rug sí orrainn-e
go dtáinig an radharc im' shúilibh arís agus
mo thriall i gcrích agam.



A leithéid de radharc ní fhacas ó rugadh
riamh mé. Lúb leathan abhann do bhí ann
siós siós uaim. 'Mo shuidhe dhomhsa 'ghá
breathnughadh ar bhuac an tsean-chaisleáin
mhaordha do bhí suidhte ar charraig mhóir
mhéiscrigh cois taobh na tuile. I n-amhscarnach
an lae ghil do bhí ar leathadh fan an domhain
dúiseachta mar bhrat sióda shidhe, is áluinn
d'féach an t-eas soir uaim mar chith aol-chloiche
acht é do bheith chómh seasmhach le balla marmuir
bhaín; agus an ghnúsachtach neamhdha shuaimhnis
im' thimcheall nár bhfhios cia 'cha glór
an easa é nó siansán as fothrom sír-bhinn
sciathán na n-aingeal n-áirneánach ag triall
a bhaile chun Dé. Lastall de'n eas ní fheicfeá
acht an choill chiúin chraobhach:



"Ba mheidhreach i gcrannaibh na héanlaith
As macalla ag síor-chanadh leo."



Do deargadh an dá néall "ar smeide súile
do Phoebus fionn ar faid an tsaoghail."
Do chuaidh an choill ghlas tré theinidh. Lastall
de'n eas do rinneadh ór buidhe beo de'n uisce
dubh. Ar nóimeint na boise do phreab
áird-rí an lae ghil isteach 'na shlighidh 'n-a
"Charbad aoibhinn órdha" Do-chonnac an
taobh fhairsing thuaithe ar bhruac na habhann
romham: na fíonghuirt bhreághtha bhlátha as na
tighthe deasa bána as na muilne gaoithe do
b'aoil seolta. Acht ar nóimeint d'imthig an
radharc go léir mar cheo roimh ghal beag
gaoithe agus - do bhíos i measc gasraidh ghrinn
daoine mbreágh n-uasal istigh i bpioláid
rióghdha mharmuir. Bhí féasta flaitheamhail
ar siubhal, togha gacha dighe as rogha gacha
bídh d'á chaitheamh go cóisreach magamhail
meidhreach ag maithibh uaisle nár bh'uasal
liom go dtí iad. Ba bheag ná gur radharc
mo dhá shúl do thóg sé uaim na fíonta meisce
craoraca d'fheiscint d'á dtaoscadh amach
'n-a gceathaibh. Thug na mílte lóchrainn solas
an lae do chom na h-oidhche ann. Bhítheas
ag cainnt as ag comhrádh as ag gáiridhe ar
ach taobh, - mise 'n-a measc chomh sona croidhe
le háoinne aca, - tráth, geall le torann na
dtonn chois trágha maidin shamhraidh, tráth,
gan bheith ann acht ceol-ghuth binn na mban
ar bhéadh "gliadar as siansa na n-éan"


L. 5


i lúib choilleadh craobhaighe um neoin. As an
bhantracht 'sa chomhluadar aoibhnis, ní miste
a rádh ná gur bhuaidh gach bean aca gairm
as mír thar Dhéirdre, thar Niamh as thar Hélen
na Traoi, óir a samhail ar áilneacht snuaidh as
crutha ní fhaca, nach lugha 'ná tháinig lá d'á
chuimhneamh orm riamh go bhfuightí bean chomh
scéimheach leo taobh amuigh de Phárrthas. As
bhíodar na fir go léir 'n-a n-oighridhe ar n-a
bhfianna: gach fear chomh huaibhreach oilte
uasal muinnteardha le haon choinnle de'n
bhféinn. Bhítheas ag gabháil ceoil chruite as
chláirsighe i seomra éigin eile, as d'aireochthá
an rinnce nó an scol-amhráin os cionn an
chomhráidh gháirdeachais ar uairibh. A thiarcais
nach iad so chaitheann a saoghail mar is cóir!;
is é seo go deimhin féin aoibhneas an tsaoghail
i ndáiríbibh agam.



"Pé nídh bhíonn ar ghluaiseacht - ."



Caidé an rud gránda é seo airighim?;
ar nós céad chluig na maidne ag imirt
ceallargana gan taise i naomh-ghrianán an
tsuain. Sheadh an t-oide is é. Nach dian
an cás do dhuine bhocht chráidhte é ná beidh
cead aige fanmhaint i mbun an tsuaimhnis
pé fhaid as is féidir leis, nach fada soin
féin d'á fhaid é, 'sa ngleann so na ndeor?
Nó an fíor, an feas, an féidir ar aon chor
go dtugadh an tsaor-thoil im' ucht agam má's
éigean dom bheith de shíor im' ghiolla na lachan
ag an bhfear thall?



Acht éist, tá an t-oide ag leanmhaint de, -
"agus do rádh as gur nídh ar ghluaiseacht é an
domhan go léir, dá bhrígh sin is eol dúinn
go bhfuil Dia ann is cinn-tsiocair leis an
ngluaiseacht soin." Cad mheasann sé sin
a radh? Go "bhfuil Dia ann?" Do ghabh sé
tríom mar philéar. Bhiós dom' chur i dtreo
mo chosanta chun seasaimh amach i gcoinnibh
pé námhadh uathbhásaigh do bhí ar mo thí, dar
liom, gan taise; acht tá Dia ann'. Do thuit
an lug ar an lag agam, as níor bh'fhuláir
dhom stríochadh. Tá Dia ann do chruthuigh
mé as do chruthuigh an t-áinleoigín mire sin.
Agus toil Dé beatha dhuine as éin. Ní h-eadh
a thoil féin. Toil Dé do chuir an áinleog
'sa spéir agus toil Dé thug mise annso im'
scoláire bhocht chráidhte ná faca puinn ag
caitheamh mo shaoghail le "sceolta na scol
as seoda na sean" Is í an fhírinne ghlan í;
"tá Dia ann." Acht bíonn an fhírinne sea - ;
caidé adeirimse? ní bhíonn, acht milis binn.
Acht tá meodhan an duine claon chun uilc, as
is iongantach an ciméaradh atá ag baint leis
an luibh ná fachtar.



Beannacht leat, a áinleoigín an áthais;
"an rud bhíonn ag gluaiseacht, rud eile is eadh
chuireann ag gluaiseacht é'; acht ba ghreann-
mhar an ghluaiseacht' againne é. Fé'n choimea-
dair sin na mbó thar lear d'imris orm, do
tharraingeochadh súgán sneachtaidh chum na
himirce baoise mé. Acht is cuma anois;
tá Dia ann as fanfad-sa mar ar cheap Sé dhom.



B'fheárr liom im' ghiolla dhom i dtigh an
Tighearna Dia 'ná 'mo sheasamh fé ghradam
i láthair righthe an tsaoghail mhóir. Tar a éis
sin do buaileadh an clog.



Muiris Ó Conaill D'aisling


L. 21


Coláiste Chonnacht



"Tá árus ins an tír seo bheir cabhair do
na daoinibh.
'S níorbh fhada liom choidhche bheith ag trácht
air;
Sháruigh sé an ríoghacht le féile 's le
daonnacht,
'S dá bhféadainn cur síos air bhéinn
sásta."



Lá breág samhraidh dhom amuigh fá'n tuaith agus
an ghrian ag soillsiughadh 's ag spalpadh anuas
mar do phléasgfad sí na clocha glasa. Bhí
m'aghaidh tugtha ó thuaidh agus cá raibh mo thriall
acht ar Choláiste Chonnacht. B'fhada an t-aistear
do bhí romham, acht cé'r chás é sin d'ógánach
croidheamhail gan faic ar a aire aige. Agus
gan easnadh gan áidhbhéil níor choisrigh a mhala
riamh an t-é is croidheamhla 'ná mac-léighinn
Mhuighe-Nuadhat ar a beith saor ó'n obair dhó.
Dia agus mé féin, sin a raibh de chomhluadar
ar an mbóthar; acht ní raibh uaigneas orm
d'á bhárr. Bhí mo chroidhe chom héadtrom
aereach le croidhe na fuiseoige nuair is
áirde í 'san spéir ag cur a beannachta leis
an ngréin. Ní raibh tada ag cur as dom
acht do bheith i gceann an aistir roimh thuitim
cheo na hoidhche. Mar sin de do rothuigheas
liom go bog réidh tamall ag portuigheacht
dom féin agus sgathamh ag éisteacht le ceol an
rothair i n-aghaidh na gaoithe. Is iomdha dán
molta do chan sé dhom fá go rabhas agom'
ullmhughadh féin le mo dhualgas do mo thír
do chóim-líonadh. Níor airigheas mé féin ag
cur an bhóthair dhíom mar seo nó go rabhas
i mBaile-an-Róba. Seal gearr anois agus bhíos
ar an gcuid ba dheise de'n turas ar fad,
ag druidim le glan-tobar na Gaedhilge.
Téidheann an bóthar cúig nó sé de mhíltibh
le bruach Locha iol-dathuighthe Chuinn agus Locha
Measga, agus do bhí leoithne bog fionn-fhuar


L. 22


ó'n uisge ag pileáil mór-thimcheall mo chinn.
Ag dul faoi do'n ghréin do shroiceas an teach
aol-bhánuighthe cionn-tuighthe 'n-a raibh mé le
cur fúm ar an gcladach.



Ag ísliughadh de'n rothar dhom rith sean-
bhean amach i do bheannuigh dhom as Gaedhilge
cheolmhair bhlasta. Tá binneas a teangadh
líomhtha i mo chluais go fóill agus an fháilte do
chuir sí romham. Ní hannamh do fearadh
fíor-chaoin fáilte romham ag cáirdibh dílse
cheana, acht do sháruigh sise iad fré chéile: -



"Mná maithe an domhain le féile agus
feabhas
Annsiúd atá 'n bhean aca is féile,
Dá dtosóchtha ag Corcaigh gan comhnuidhe
gan stopadh,
'S dá siubhalfá thart timcheall na
hÉireann."



Bhí gach duine 'san tigh 'ch uile órdlach chomh
múinte sibhialta leis an mnaoi í fein. Ní
rabhas riamh i n-aon chomhluadar ní ba mhó
do thaithnigh liom 'ná an teaghlach simplidhe
sin. D'fhanas i mo shuidhe ag seanchus cois
teineadh nó go raibh sé i bhfad 'san oidhche.
Annsin do thugas an leabhaidh orm féin go
buidheach beannachtach do Dhia fá go rabhas
i measg daoine chomh cráibhtheach carthannach.
Cúpla nóiméad dom ag éisteacht le ceol
na dtonntracha ar an tráigh agus ar ball beag
bhíos "i dtoirchim suain agus sámh-chodlata."
Maidin lae ar n-a bárach do bhuaileas amach
ag an gColáiste go breágh moch, mar do bhí
an imnidhe ag cur orm go bhfághainn amach an
mbéinn sásta leis an áit agus leis an dream
do bhí ann.



Teach mór fairsing é suidhte ar chnoc árd
glas faoi sgáil Shléibhe Phartraighe. Os a
comhair amach faoi bhun an árdáin i bhfoisgeacht
caithim urchair ó fhaithche an Choláiste tá Loch
Measga, agus é sínte tuaithbheall agus deiseall ar
fead ceithre nó cúig mílte. Is áluinn agus is
aisteach an loch é. Uaireannta ann bíonn
na tonntracha móra agus na fáganna doimhne
agus na maomanna agus na bruchanna agus na caiple
bána ag rith i ndiaidh a chéile air mar do
bhéadh ar an bhfairrge mhóir. Uaireannta
eile bíonn sé chomh comhthrom ciúin lonnrach
taithneamhach le sgáthán' agus na hoileáin tráthnóna
gréine buidhe mar do bhéidís bratta le hór.
Ar an taoibh ó dheas is aoibhinn ar fad mar a
théidheas sé chum chriche i measg na gcnoc,
agus na coillte ag éirghe i ndréimiribh os a
chionn, mar pháiste ann ag dul i bhfolach faoi
fhallaing a mháthar le díon agus fosgad d'fhágháilt
le n-a cléibh. Agus is áilne fós an t-amharc
seo mar gheall ar shléibhthibh Chonnamara "Ag


L. 23


bagairt a gcinn tar dhruim a chéile" i bhfad
's i bhfad eile uait ar imeall na spéire ag
iarraidh súile do leagan ar "Iolsgoil an
Iarthair." Budh dheachair a radh cia aca is
deise, an taobh thall nó an taobh a bhfus.
Annsiúd tá coillte an Chnocaigh agus Conga
ar bhruach an uisge; agus soir ar feadh do
shean-radhairc Cnoc Maighe ag éirghe i n-áirde
go mordhálach mar thaoiseach ann ó'n aimsir
i n-allód. Do shílfeá go rabh bród aige
fós as an gcliú do bhíodh air fad ó, tráth a
dtigeadh sluaighte sídheóg na hÉireann uilig
i gceann a chéile ar a mhullach. A bhfus ní
bhéadh fhios ag duine céard is mó ar fiú
breathnughadh air. Leath-mhíle siar uait Sliabh
Partraighe féin ag dearcadh anuas ar nós
fáthaigh mhóir ag cumhdach an ghleanna. Thart
timcheall ort gach taobh gortanna ioldathuighthe
le barraibh glasa agus le harbhar ordha. Fraoch
corcar an phortaigh annseo; léana annsin;
sruthán ag tuitim ó na sléibhthibh annsiúd
chomh geal le cubhar agus dá mbéadh airgead i
leabaid uisge ann. Thíos fút dúithche Thúir-
Mhic-Céide agus na crainnte tiugha duilleogacha
ag pógadh na lochán ngeal soillseach ann.
Do cheapfá gurb é sin an áit ar chum an
Reachtuire na focla:-



"Tá coillte breágh' réidh' ann, agus bánta
d'á réir sin,
Tá gealach ann, grian agus réaltain
Seagal agus ráib, agus cruithneacht ag
fás ann,
Tá gearr agus coirce thóg deis ann."



Ag aithris na bhfocal seo dhom do
thugas fá deara na mic-léighinn ag tidheacht
'n-a ndreamannaibh anuas ó shléibhtibh agus aníos
ó ghleanntaibh nó go bhfachtas dom an domhan
bráthach aca do bheith ann. Níor lia iad 'ná
na háiteacha arbh as dóibh. Bhí Éireannaigh
cruinn le chéile ann as gach conndae cé is
móite do chúpla ceann. Bhí plód deoraidhthe
ó Albain, ó Shasana, ó Aifric, agus ó'n Oileán
Úr tagtha le n-innseacht go rabhadar dílis
fós d'á dteangaidh dhúthchais. Agus do bhí
sgoláirí móra ó na hIolsgoileannaibh is fearr
i Meiriocá, i n-Áistria, i Sasana, 'san
bhFrainnc, agus 'san nGearmáin. Do chuirfidís i
n-ath-chuimhne chinn duit an t-am a dtigtí
as gach áird 'san Domhan Mór le haitinn
d'fhágháilt i n-Éirinn do lasfadh teine an
léighinn ar fud na hEorpa. Acht gidh gur de
'ch uile aicme agus as 'ch uile cheárd faoi luighe na
gréine dhóibh ba chosamhla iad le aon mhuirighin
amháin. Ní raibh saidhbhir agus daidhbhir ann. Ní
raibh uasal agus íseal ann. Ní raibh éirghe i
n-áirde ná ceann-faoi ann. Ní raibh árd-
nós ag baint le fear na cathrach. Ní raibh
cuthalacht ag gabháil d'fhear na tuaithe.
Acht do bhí gach duine chomh huasal leis an
t-é ba uaisle, gach duine chomh híseal leis
an t-é ba ísle, gach duine chomh lághach leis
an t-é ba lághaighe, gach duine chomh neamh-
spleádhach leis an t-é ba neamh-spleádhaighe.
Iad ar fad mar a chéile, sgoith na bhfear
agus plúr na mban. Gaedheal duthrachtach gach
duine aca, ag múnadh d'á chéile agus ag
foghluim ó n-a chéile, ag cabhrughadh agus ag fágháil
conganta le gac nidh do dhéanamh d'á gcuir-
feadh Róisín Dubh ar bhealach a saoirseachta.
Is fada mé ar choláiste anois, agus an lá do
b'fhearr a bhfacas carthannas idir na mic-
leighinn ní raibh ann acht ceo le nais na cáir-
deamhlachta i gColáiste Chonnacht. Ní mé
céard is bun leis munab amhlaidh nach feídir le
fíor-spioraid na Gaedhilge comhnuidhe 'san
ngalltacht. Creidim gurb é sin é agus creidim
fós nach dtuigtear i gceart i n-aon áit eile
an ghuais 'n-a bhfuilmid, agus go bhfuil air ag
Éireannachaibh oibriughadh le céile guala ar
ghualainn gan stríochadh gan staonadh go raibh
Éire strachailte amach ó shálaibh na Sasanach.



Do bhéadh sé fánach agam-sa féachaint le
cur síos ar a mbíonn ar siubhal ann. Deir-
tear gurbh é an rud is mó tairbhe i n-Iolsgoil
go mbítear as gach áit ag cur ceisteanna
fá dhíospóireacht le chéile. Má's fíor sin
tá an chuid is feárr d' Iolsgoil againn i
gColáiste Chonnacht do réir mar adubhairt mé
cheana. Nuair a théidheas na mic-léighinn le chéile
chomh breagh ní bréag a rádh gurb iongantach
an lear mór oibre do-ghníthear leobhtha i
gcúpla mí ag craobh-sgaoileadh na Gaedhilge.
Ní chreidfeá cunntas ar bith faoi muna
bhfeicteá le radharc do dhá shúl féin é.
Tráchtar ar ghramadaigh, cuirtear na hughdair
trí n-a chéile, sgríobhtar deachtughadh, agus do-
ghníthear gach rud eile as Gaedhilge. Le deimh-
inughadh go mbéadh 'ch uile dhuine 'n-a mhúinteoir
chliste ealadhanta ní mór dhó dreas múin-
teoireachta do dhéanamh do réir na gcrainnte
a caithtear. Téidheann a lán mac-léighinn
ann gan acht fíor-chorr-fhocal Gaedhilge aca,
agus tigid a bhaile n-a ngaedhilgeoiribh liomhtha
i gceann téarma amháin.



Ní dhéanfá iongantas de sin dá bhfantá
féin cúpla lá ann. Tuigeann na hoidí nach
lughade múinteoirí maithe iad bheith go sultmhar.
Do-ghníd an obair chomh héadtrom agus chomh
taithneamhach nach bhféadfadh aon dalta 'san
mbuidhin gan suim do chur innti. Ba mhinic
i lagrachaibh gáire mé ó thús go deireadh na
gceacht d'á múintí dhúinn. Is maith leobhtha
roinnt mhaith oibre ó na macaibh-léighinn,


L. 24


achth is eol dóibh nach féidir le duine
sáruighte caithte tada d'fhoghluim. Ar an
ádhbhar sin fuagruighthear sos go tráthamhail
le haghaidh siamsa eicínt gach uair agus tagtar
mar seo le baramhail na ndochtúirí is
léigheannta i dtaoibh na sligheadh is fearr le
staidéar do dhéanamh. Rud eile dhe, ní múin-
tear fá dhíon tighe lá ar bith atá breágh, acht
amuigh fá'n aer úr, áit a ndéantar an dá oiread
oibre. Is aoibhinn dearcadh ar na buidheanntaibh
sgaptha annseo 's annsiúd, fá sgáil na
gcarraig agus na sgeach ag slugadh na Gaedhilge
ar chroidhe a ndíchill mar do bhítí ins na "sgol-
tachaib cois claidhe" i n-aimsir na géar-
leanamhna. Focal Béarla ní cluintear ins na
buidheanntaibh sin ná asta ó mhaidin go hoidhche,
agus an t-é nach ndéanfadh acht fanacht i dTuar-
Mhic-Chéide ar feadh cúpla seachtmhan d'fhogh-
luimeochadh sé an Ghaedhilge d'á mhíle bui-
dheachas. Dá fheabhas an cóta do-fhliuchtha
do bhéadh ar dhuine ní éireochadh leis seasamh
faoi chlasgairt bhaistighe i bhfad gan a bheith
báidhte go craiceann. Ní móide gur féidir
téarma do chaitheamh i gColáiste Chonnacht
gan a bheith Gaedhealuighthe ó'n gcraiceann
go dtí an cnámh agus ó'n gcnámh go dtí an smior
agus ó'n smior go dtí an smuasach.



Ní bítear i gcomhnuidhe i n-éadan na hoibre,
ámh. Bíonn go leor aimsire saoire ann agus neart
siamsa le n-a caitheamh. An oidhche nach
mbíonn léigheacht nó buidhean damhsaí cuirtear
céilidh ar siubhal ar bun, agus d'fhéadfá a rádh
gur annsin á bhíos greadadh grinn agus suilt.
Is iomdha uair aoibhinn do chaitheas ag iomlacht
agus ceol na bpíopaí nó na bhéidhline 'san mbád
againn. B'fhearr le daoinibh eile dul ag
iasgaireacth, óir "Tá uisge suas lán ann
a's é sgarthadh le hiasg." Ba ghnáthach dul
ag rotharacht ar thurus fada Dia Sathairn
ar feadh an leath-lae saoire. I bhfoisgeacht
cúig mhíle dhéag nó fiche míle tá áiteacha nach
ráruighthear i Sligeach ná i gCill-Airne .i.
Líonán, an Clochán, Dubh-loch, Cillearraigh,
Loc na Phouaighe, an Conga. Agus tá Cruach
Phádraic agus Magh Tuireadh ann mar áiteachaibh a
bhaineas go mór le stair. Is aoibhinn
turas do dhéanamh ar cheachtar aca seo,
acht b'fhearr liom-sa go mór fada
fanacht i measg muinntire an bhaile ag éisteacht
le n-a sgéaltaibh agus a sean-amhránaibh. Is
iongantach mar atá siad i n-an' dul chun chainnte
le duine ar bith a labhruigheas Gaedhilge leobhtha.
An fear a bhaineas arbhar 'san ngort, an bhean a
sníomhas cois teineadh, an stócach a thriallas ar
an bportach agus an dá chléibh mar stioróipibh aige
tá deis a labhartha ar feabhas aca uilig.
Ní fhéadfainn cur síos ortha i gceart.
Tá "rud eicínt" ag baint leobhtha do chuir-
feadh glionndar ar do chroidhe, acht ní fhéadaim
a rádh céard é féin. Níl fhios ag éinne
céard é ná céard is bun leis, acht bheir gach
mac-léighinn 'san gColáiste fá deara é.
Is minich nár chreideas leath a léighinn i dtaoibh
tréithre na sean-Ghaedheal. Ba bhaoghal liom
nach mbéadh ann acht go raibh na sgríbhneóirí
ag moladh a muinntire féin mar ba dhual
dóibh. Acht ba 'léir dhom i dTuar-Mhic-
Chéide nach raibh aca acht lom-chlár na fírinne.
Bhí fir agus mná agus páistí annsin os comhair mo
shúl a raibh fior-spioraid na nGaedheal beo
beathaidheach ionnta fós. Níor chosamhail iad
le muinntir na Galltachta de buidhe ná
bán. Do shílfeá narbh ionann bunadh agus tír
do'n dá dream chor ar bith. Níor casadh
orm éinne do bhí droch-mhúinte beadaidhe
ionndarach, acht bhí cách chomh múinte chomh


L. 25


carthannach chomh huasal le daoinibh do fuair
an oileamhaint agus an t-oideachas do b'fhearr
d'á bhféadfaidhe. Agus fuaireadar sin ar
mhodh-bhealach. Níor chaitheadar lá riamh ar
choláiste i bhfad ó n-a ngaoltaibh, acht soláth-
ruigheadh dhóibh togha oideachais, dar liom-sa,
ins an gcuimse mhóir sgéalta agus amhrán
d'fhoghluimeadar de ghlan-mheabhair sa mbaile.
Ní thugadar cúl na láimhe do'n Gaedhilge
riamh. Ní dhearnadar dearmad ar an mbéal-
oideachas do thug a n-aitreacha dhóibh. Níor
thréigeadar na sean-nósaí agus na sean-bhéasaí
a bhain le n-a sinnsear. Agus tá a rian sin
ortha indiu. Tá an sean-mhúnadh aca gan
laghdughadh, agus dorchadas tiugh timcheall na
mBéarlóirí do chaith uatha an teanga 'n-a
raibh cothughadh agus subhstaint dóibh. Tá an
sean-chráibhtheacht aca, agus dream an Bhéarla
ag éirghe fuar 'n-a gcreideamh go háidhbhéil.
Agus tá an t-sean-tsimplidheacht aca do
mhol Críosth agus ní breágh leobhtha gleacaidheacht
ná beartuidheacth. Cúis gháire b'fhéidir na
sean-nósaí sin do bheith ann go fóill agus cruthughadh
nach bhfuil aon dul ar aghaidh 'san ngaedheal-
tacth. An t-é adéarfadh sin ní raibh sé i
dTuar-Mhic-Céide riamh. Tá na feilméirí
téagarach teolaidhe ann. Tá éirim agus cur
leis ionnta. Tá snas ar na tightibh aca. Do
leagfaidhe bord romhat chomh maith agus do
geobhthá i dteach aoidheactha agus béile freithte
air sáthach maith do mhac ríogh. Agus maidir
le talmhaidheacht, bíonn



"An cruithneacht chomh hárd a's go ndéanfadh
sí fál,
Chomh geal leis an gcnáimh a's í sgeinnead
ar an gcraoibh."



Is mór an congnamh do'n Choláiste muinn-
tear na tíre 'n-a mhór-thimcheall do bheith
mar atá; acht badh bheag an mhaith é sin
marach an fear óg dhá bhliadhan is fiche do
chuir éadan ar an obair ar dtús. Mícheál
Breathnach atá i gceist agam, agus cibé maitheas
atá i gColáiste Connacht indiu bíodh an
buidheachas agus an chreideamhaint ag dul dó-san.
B'é an t-é do b fhearr i n-Éirinn do thuig
céard is fíor-mhúinteachas ann. Bhí fios
aige bun bárr gach nidhe d'á mbaineann leis
an Modh Díreach agus do mhúineadh sé d'á réir.
Bhí cleachtadh aige ar Iolsgoileannaibh agus ar
Choláistibh na Frainnce agus na hEilbhéise, agus bhí
sé ar tí dul go dtí an Ghearmáin nuair do
sguabadh uainn é leis an mbás mí-thróchaireach
i mbláth geal a óige. Is ins na tíorthaibh


L. 26


sin i gcéin fuair sé a shár-eolas do rinne
togha múinteora dhe. Budh gheal le do chroidhe
dearcadh air ag múnadh. Ógánach fionn
sgiamhach os do chomhair: iomchur treoruidhe
faoi: clár-éadan an-inntleachtach, tabhairt
suas sgoláire mhóir agus cosamhlacht mhúinteóra
air: cineáltas agus caoimheacht ag briseadh
amach thrí lasadh an ghrinnis 'n-a shúilibh
iongantacha: é lán de bhrigh agus d'éifeacht:
sin mar samhluighthear domh-sa é i láthair
na buidne. Do thuiteadh an chéad fhocal
ar bhinneas cluig ó n-a bhéal agus do thigeadh
ciúineas an mheadhom oidhche ar fud an halla.
Annsin do thosuigheadh sé ag múnadh i muinighin
a chroidhe agus a anma. Do thigeadh an Ghaedhilge
'n-a tuiltibh. Do déantaoi goithtí le láimh
agus le haghaidh, agus do cuirtí an dreolánaidh-
dhoininn trí gach órdlach de do chorp. Ag baint
amach 'san gceacht dó do chuirfeadh sé "mór-
lúthadh a ghéag agus spreagamh a chnámh agus dánacht
a intinne 'san iarracth" agus d'éireochthá de
chomhthrom talmhan le neart áthais.



Níor lugha cliú mar sgríbhneoir 'ná mar
mhúinteoir dhó. Ní raibh a leithéide eile ann
i gcomh-aimsir dhó. 'Sé do bhí i n-an a
pheann do chasadh ar a rogha bealach agus an
Ghaedhilge do chur síos go nádúrach, glan, gan
truailliughadh mar do tháinic sí anuas i
gCois-Fhairrge glún ar ghlúin ó n-a shinnsear
gan cur isteach ó aon Bhéarlóir. Ní feasach
mé aon sgríbhneóir a bhfuil dul na Gaedhilge
níos fearr aige, nó a mbíonn an oiread
cor-chainnte n-úr 'n-a chuid leabhar agus bhíos ag
Mícheál Breathnach. Agus i ngach líne d'ár
sgríobh sé tá oibruighadh tír-ghrádha dhoimhin dain-
gin le feicsint mar atá 'san abairt deiridh d'á
udacht: - "Táim lán-tsásta le toil Dé ag
imtheacht as an saoghal seo dhom agus mo sheirbhís do
bheith tugtha do na neitibh do ghrádhuigh mo chroidhe.
Fágaim mo bheannacht ag Connradh na Gaedhilge
agus ag Coláiste Chonnacht, agus guidhim gach
sonas agus gach séan ortha. Is í an ghuidhe
dheireannach atá agam .i. Dia ag cur sean-
Éireann ar bhealach a leasa agus a saoirse.
Dar ndóigh do bhí eolas cruinn air ag an
t-é do sgríobh:-



Ba oide, ba máighistir, ba sgoláire léighinn
thú.



Ba pháiste i gcroidhe thú, ba laoch i gcéill thú.



Ba anam siamsa, croidheamhlacht' a's
pléisiúr,



Tír-ghrádha, saoirse, 's na mílte dtréithre.



Tá sé imthighthe anois faraor, agus airighimid go
mór uainn é. Acht d'fhág sé rian a intinne
ar oideachas na tíre, agus d'fhág sé príomh-
choláiste againn le solus na ngaedheal a
sgaipeadh ar fud Éireann thríd suas, agus thríd
síos. Leanfaidh Coláiste Chonnacht de'n obair
sin go dílis a fhad is coláiste é, agus ní rachaidh
ar chúl go deo na díleann:



"An áit a ndeachaidh an t-aol ní chorró-
chaidh cloch as choidhche.
Tá an charraig faoi 'n-a suidhe nach
bpléasgfaidh."



'Sí an charraig an stuaim agus an cóiriughadh
oibre do cheap Mícheál Breathnach nuair do
bhí sé 'n-a Árd-Ollamhain, agus fós na hoidí
d'fhág sé ann 'n-a dhiaidh.



Ní dhéanfaidh mé aon trácht i dtaoibh na
n-oidí seo. Dá n-innsighinn mo mheas ortha go


L. 27


cneasta do déarfaidhe gur plámásuidhe
críochnuighthe mé, rud nach mó 'ná go maith
de thaithneochadh liom. Is leor go bhfuaireadar
teagasg ar leith ó Mhícheál Breathnach agus go
bhfuil cara, cléibhe Mícheáil mar cheannaire
orta anois ghá stiúradh chun a lorg do leana-
mhaint. Is beag Gaedheal d'á dtuigeann
cúis na Gaedhilge i gConnachtaibh nach gcuala
go mion minic fá Phádraic Ó Domhnalláin.
Tá cion fir déanta aige-sean ar son na
Gaedhilge má tá ag aon fhear beo ar dhá
chois i n-Éirinn indiu. Rinne sé obair na
gcapall i n-Uachtar Árd agus thart timcheall
ar na bólaibh sin deich mbliadna ó shoin mar
do thóg dún na nGaedheal 'san áit a bhí ag
éirghe gallda do réir a chéile. Ní lugha
'ná sin an obair do rinne sé i bhfairce Achadh
Chonaire agus i mbaile-mór Shligigh. Ní dhéanann
mic-léighinn Coláiste Chonnacht iongantas de
seo, óir is feasach iad go bhfuil stuaim
mhúinteora agus dúthracht agus dílseacht Ghaedhil
n-a anam chomh maith le fuinneamh agus neart
n-a chorp. Is bocht an tuigsint atá ag an
t-é nach múinfeadh Pádraic Ó Domhnalláin
Gaedhilge dhó, agus is dúr, dorrdha, gallda
truaighmhéileach an croidhe nach lasfadh sé
splannc mhór thír-ghrádha ann le n-a
shíor-chainnt ar "Chaitlín Ní hUallacháin." Ní
baoghal nach rachaidh cliú agus cáil Choláiste
Chonnacht i méad gach bliadhain fá stiúradh


L. 28


Phádraic go raibh an Ghaedhilge go hárd i réim
aríst ó Aontroma go Corcaigh agus gan glafarnach
an Bhéarla le cloisteáil i n-aon chlúid nó
cúinne 'san tír.



Buachaill bocht as an ngalltacht fhuair,
shanntaigh, shaoghalta mé, agus annsin thuas mo
smaointe ar dhul isteach 'san ngaedhealtacht
dílis, fhialmhair, naomhtha dhom an chéad uair
chomh maith agus d'féadfainn a gcur síos gan deis
mo sgríobhtha agam. B'fhearr liom 'ná go
leor anois díreach buaidh an phinn do bheith
agam le go sgríobhfainn tráchtas maith ar
Choláiste Chonnacht agus a mbaineann leis; óir
is truagh liom an méad daoine atá ag
foghluim Gaedhilge agus gan eolas aca ar an
t-slighe is fearr le n-a dhéanamh. Má's
mian leat-sa a léightheoir bheith i do Ghaedhil-
geóir líomhtha bheacht téirigh go dtí ceann de
na coláistibh gaedhealacha. Déanfaidh tú an
gnaithe annsin gan mórán stróimh ort féin.
Cuimhnigh go mbudh chóir dhuit dul go dtí an
coláiste aca n-a bhfuighidh tú an Ghaedhilge
mar atá sí san áit 'n-a gcomhnuigheann tú.
Muna dtuigidh na daoine thú ag gaedhilgeoi-
reacht déarfaidh siad gurb í "Gaedhilge na
leabhar" atá agat. Béidh aimhreas aca ar
do chuid cainnte, agus millfear a ndéanfaidh
tú ar son na cúise. Nuair a bhéas do
chanamhain féin go maith agat féadfaidh tú
dul go dtí na coláistí eile fá seach, agus chídhfidh
tú annsin gurb í an Ghaedhilge chéadna atá
i ngach áit acht amháin fuaim nó dhó. 'Séard
atá ort ar dtús do chanamhain féin do bheith
agat ar bhárr do ghoib agus má mheasann tú í sin
d'fhágháil gan dul san áit 'n-a labhartar í táir
ag súil le snámh d'fhoghluim gan dul isteach
san uisge.



Pádraic Ó Conghaile


L. 35


Each na gClog n-Órdha



Ins an am fad ó do bhí rí darbh ainm Brian
Ruadh 'n-a chomhnuidhe i mBéal Átha an Ríogh
i gConndae na Gaillimhe. Do phós sé inghean
Ríogh Laighean, agus do chomhnuigheadar go sona
sámh i bhfocair a chéile go ceann ficheadh
bliadhan. Annsin fuair an bhean bás, agus
d'fhág sí triúr mac 'n-a diaidh .i. Eochaidh,
Diarmuid, agus Tadhg. Ní raibh sí i bhfad caillte
nó go raibh an rí ag brath ar phósadh ath-uair.
Bhí fhios aige nár mhaith le mnaoi ar bith pósadh
do dhéanamh le fear mar é, agus dh'á bhrigh
sin do chuir sé a chlann mhac go dtí Iolsgoil
na Sráinne ag leigint air nach raibh sé pósta
riamh. Do chuaidh annsin go dtí cuairt ríogh
na Mumhan agus tar éis trí lá ag fleidh agus
ag féasta ann do thug a bhaile mar mhnaoi
an inghean ba shine d'á raibh ag an bhfear sin.
Bean bhorb ghránda fhallsa chealgach do bhí
innti, acht mar sin féin do chomhnuigh an
lánamhain go soilbhir sásta go ceann sgathaimh
bhig nó gur chuir bean bhiodánach eatorra.



Lá dá raibh an bhainrioghain ag spaisdeoi-
reachth san ngarraidhe d'innis cailleach na
gcearc dhí go raibh an rí pósta sul má phós sé
ise agus go raibh triúr mac aige i n-Iolsgoil
na Spáinne. Nuair do chuala sí sin bhí fearg
mhór uirthi, agus do thug sí grian agus gealach go
gcuirfeadh sí chun bháis iad. Do chuaidh sí
isteach 'san tigh agus d'innis do'n righ a gcuala
sí. Do leig sí uirthi fém go raibh áthas an
domhain uirthi faoi, agus dubhairt nach mbéadh sí
sásta go bhfeiceadh sí a chlann ionmuin.
B'éigin do'n righ geallamhaint go gcuirfeadh
sé fios ortha gan mhoill. Do rinne sé
amhlaidh, agus tháinic an triúr mac a bhaile.



D' fháiltigh an leas-mháthair rómra thrí
ealadhain. Cuireadh cleasa lútha ar bun
as ucht clainne an ríogh do bheith 'sa mbaile
aríst, agus tháinic gaisgidhigh as 'ch uile áird chuca.
D'iarr Tadhg calma cead ar a athair dul ag
cóimhlinnt leobhthá. Fuair é, agus ní raibh gais-
gidheach 'san gcruinniugadh fré chéile ba
láidre géag ná ba luaithe cos 'ná é. Um
tráthnóna an lae sin d'iarr an leas-mháthair
ar Eochaidh cluiche cárdaí d'imirt leíthi.
Dubhairt seisean go raibh go maith agus d'fhiafruigh
cia an geall do bhéadh aca. "Ní ór 'ná
airgead bhéas againn," ar sise, "acht má
gheibhir-se an cluiche déanfad do rogha rud
duit, agus má's agamsa béas an bhuaidh
caithfir-se mo rógha rud do dhéanamh dhom."
"Tá go maith" ar Eochaidh. D'imreadar
agus do bhuaidh an leasmháthair.



Do rinne sí an margadh céadna le Diar-
muid, agus do bhuaidh air freisin. Annsin
d'fhiafringh sí de Thadhg an imeoradh sé ar
an ngeall céadna, agus dubhairt seisean go
n-imeoradh. D'imreadar, acht bhí athrughadh
sgéil ann an cor seo. Chuaidh ar an leas-
mháthair agus do ghlac sí fearg mhór le Tadhg.
"Anois," ar sise, "céard é do gheall
orm"?



"A leas-mháthair," ar seisean, "do bhuaidh
tusa ar mo bheirt dearbhráthar sul má bhuaidh
mise ort. Abair leobhtha céard atá le
déanamh aca-san agus annsin cuirfidh mise
geall ort-sa." 'Séard adubhairt sí: Do-
bheirim ortha each na gclog n-ordha do ghoid
agus do thabhairt annseo chugam-sa. 'Sé an áit
'n-a bhfuil an t-éach seo i stábla Thigearna
Mhuigheó i n-aice a chaisleáin i gCluain-ráin.
Bíonn sgór saighdiúiri thart timcheall ar an
stábla agus beirt taobh istigh ann ag cumhdac an
eich i gcomhnuide agus bíonn coire ola d'á bhruith
d'oidhche agus de ló le éinne a ghníos iarracht ar
an gcapall do ghoid do thomadh innti. Imthigidh
anois agus ná fillidh gan each na gclog n-órdha."



Níor ghábhad a thuilleadh d'innseacht doíbh,
mar bhí fhios aca agus ag 'ch uile dhuine dar mhair
'san am sin cia an saghas eich do bhí ann agus an
méad gárdaidhe do bhíodh ag faire air. Each
caol do b'eadh é. É chomh bán leis an sneachta
agus gan a shárughadh 'san domhan ar áilneacht
chuirp ná ar luathas coise. Dá chéad clog
mbeag n-órdha ceangailte de bhrat síoda
bháin do bhí de shíor ar a dhruim. Na cloga
sin fá dhraoidheacth ar nós go ndéanfaidís
ceol do chluinfeá seacht míle as láthair dá
gcuireadh gaduidhe a lámh 'n-a ngoire. Ba
bheag an t-ionguadh mar sin go dtáinic brón
agus an-bháthadh ar Eochaidh agus ar Dhiarmuid fá
n-a dtug an leas-mháthair ortha do dhéanamh.
Shíleadar go raibh a gcnaipe déanta; acht
do labhair Tadhg calma leobhtha agus 'séard
adubhairt sé:



"A dearbhráthracha ionmuine dílse, ó'n lá
ar rugadh mé níor sgar mé libh i n-aon chruaidh-
chás. An bás atá i ndán díbh-se, sé an bás


L. 36


céadna atá i ndán domh-sa. Agus ó thárla
sibh ag imtheacht ní fanfaidh mise i nbhur
ndiaidh." Annsin d'ionntuigh d'á leas-
mháthair agus adubhairt: "A chailleach ghránda
fhealltach, do shílis an triúr againn do chur
chun báis, acht cuirfidh mise rud eicínt ar
d'aire agat go bhfillimid ar ais le heach
na gclog n-órdha. An bhfeiceann tú an
clog-theach sin amuigh?" ar seisean. "Chím,"
ar sise. "Tá ort dul suas ar an mbinn is
aoirde dhe sin," ar seisean, "agus fanacht
ann go bhfillimid thar ais. I n-imtheacht an
ama sin ní béidh le n-ithe agat acht sop arbhair,
agus ní bhéidh le n-ól agat acht an méad
fearthainne éireochas leat gabháil ag tuitim
dhí ó'n spéir. Suas leat anois, agus go dtachtar
thú roimh theacht ar ais dúinn."



Leis sin d'fhágadar slán agus beannacht le
n-a n-athair agus do chuireadar an bóthar dhíobhtha
síos go Cluain-ráin. Ba bhrónach an dream
iad ag fágáilt n-a ndiaidh a sean-fhir d'athair,
gidh nach raibh sé fá chumhacht a leas-mháthar
fealltaighe. Ar an mbóthar is minic adubhairt
an bheirt eile le Tadhg gan dul níos fuide,
óir ní raibh d'fhiacaibh air-sean an turas do
thabhairt beag ná mór. Ní thugadh sé aon
áird ortha, acht do thoisigheadh ag déanamh
grinn fá n-a leas-mháthair agus ag iarraidh
misneach do thabhairt dóibh ar a chroidhe-
dhícheall. Ag cainnt mar sin dóibh ag triall
thrí choilltibh Cille-cluaine nuair tháinic fear
de léim thar chlaidhe amach ar an mbóthar.
Do bheannuigh sé dhóibh go mí-mhúinte agus dfhiafruigh
cá rabhadar ag dul. D'fhreagair Tadhg go
haereach sultmhar gur ag cuartughadh eich
na gclog n-órdha do bhíodar.



"Gabhaidh a bhaile! gabhaidh a bhaile," ar
seisean. "Níl aon mhaith dhaoibh dul níos
fuide. An gcuala sibh trácht ar an ngaduidhe
dubh ariamh?" "Go deimhin do chualamar,
agus sin go minic," ar siadsan. "Mise
an gaduidhe dubh," ar seisean, "an gaduidhe
is gasta 'san domhan. Acht gidh go bhfuilim
breis agus deich mbliadna ag féachaint le
heach na gclog n-órdha do ghoid níor éirigh liom
go fóill, agus is baoghal liom anois nach n-éireo-
chaidh go bráth. D'innis Tadhg dhó a sgéal
ó thús go deireadh mar do bhí d'fhiacaibh ortha
an t-each do thabhairt a bhaile nó gan filleadh
le n-a mbeo." "Is truagh liom sibh,"
ars' an gaduidhe. "Acht ó thárla nach bhfuil
aon cheo le déanamh agam rachad libh agus bhéarfad
díbh congnamh ar bith is féidir liom." Do
thrialladar leobhtha d'oidhche agus de ló, agus roimh
dhul faoi do ghrém an tríomhadh lae bhí caisleán
Thighearna Mhuigheó le feicsint cúpla míle
amach rómpa. Do bhí sean-eolas ag an
ngaduidhe dubh ar an áit, agus ba ghearr an mhoill
air biadh agus lóistín d'fhágháilt dóibh ar fad. Do
bhí an ceathrar aca tuirseach sáruighthe, agus ní
dhearnadar iarracht ar an each do ghoid an
oidhche sin ná an oidhche dar gcionn. Acht ní
rabhadar díomhaoin ar fad i gcaitheamh an ama
sin. Do bhíodar ag smaoinead agus ag machtnamh
dhóibh fém ar an tslighidh do b'fhearr leis an
each do ghoid. B'fhurusta go leor, dar
leobhtha, dul isteach 'san stábla i ngan-fhios
do na saighdiúiribh, acht níor fhéadadar aon
stuaim do cheapadh leis na cluig do chur ó
bhualadh. Annsin d'éirigh an gaduidhe dubh
agus adubhairt gurbh fhearr dhóibh dul a bhaile
aríst. Tháinic cuthach ar Thadhg faoi sin.
"A ghaduidhe dhuibh," ar seisean, "ní bhéidh
sé le rádh gur fhilleamar a bhaile gan an
rud do chuireamar romhainn do bheith déanta
againn. Seo í mo chomhairle dhaoibh. Bígidh
reidh timcheall uaire an mheadhoin-oidhche anocht.
Ní bhéidh strómh ar bith orrainn dul isteach
'san stábla fá'n ndorchadas. Annsin aon
uair amháin dúinn béarfaidh mise i ngreim
cabhlach ar dhuine de'n bheirt ghárdaí atá
taobh istigh agus béarfaidh an gaduidhe greim ar an
duine eile - "Ní raibh d'ionbha aige a thuilleadh
do rádh nuair do tháinic deichneabhar saigh-
diúirí go tobann ortha agus do ghabh agus do cheangail
iad. Annsin do labhair an taoiseach agus
adubhairt:-



"Tháinic teachtaire chugam dhá lá ó shoin
ó bhainrioghain Chonnacht 'ghá rádh go raibh
triúr gaduidhe timcheall na háite seo chun
eich na gclog n-órdha do ghoid. Sibh-se an
triúr. Agus muna bhfuil dearmad orm
'sé seo an gaduidhe dubh i n-éinfheacht libh."
D'iompuigh annsin do'n ghaduidhe dubh agus do
labhair go d-ochrach leis. "Is fada ar do
lorg mé, a dheamhain," ar seisean, "acht
buidheachas le Dia go bhfuil tú agam fá dheireadh
thiar. Is iomdha sgrios do rinne tú le do
shaoghal, acht de dheamhan mórán gaduidheactha
dhéanfas tú feasta. Tá do chosa nighte anois."



I n-a dhiaidh sin do caitheadh isteach i bpoll
mór dorcha fa'n talamh iad agus do fágadh ann
ar feadh i bhfad gan biadh gan digh. Bhíodar
beagnach i ndeireadh na preibe nuair tugadh
os comhair an fhir ar leis each na gclog
n-órdha iad. Do bhí an coire ar bruith san
seomra 'n-a raibh sé, agus b'iongantach an
teine do bhí faoi. Do labhair sé leobhtha
agus séard adubhairt sé: "A ghaduidhe dhuibh,
níl aon aimhreas orm nach tú is cionntach
leis seo. Marach thú ní bhéadh an triúr
fear n-óg seo i ngiorracht leath-uaire d'á
mbás."


L. 37


"Thug tú d'éitheach." arsa Tadhg calma.
"Ní eisean is cionntach. Ní bhéadh sé annseo
chor ar bith acht chomh beag sinne." "A fhir
óig," arsa Tighearna Mhuigheó, "bhí fúm thú
do chur dhe'n tsaoghal go réidh; acht ó thárla gan
múnadh thú íochfaidh tú go daor as." Annsin do
labhair sé le cuid d'á shearbhoghantaibh agus
adubhairt leobhtha an teine do chorrughadh.
"Cuirfimid an fear is óige 'san gcoire ar
dtús agus fágfamuid an fear droch-mhúinte seo
agus an gaduidhe dubh go cráidhte ag dearcadh ortha
go dtí an deireadh. Beiridh ar an bhfear
is óige agus isteach leis."



Do bhí an fear óg os cionn an choire aca
agus iad ar tí a sgaoilte uatha nuair do labhair
an gaduidhe dubh mar seo: "Níl caillte
aige go fóill," ar seisean, "Bhí mé féin
go minic níos giorra do'n bhás 'ná é agus
tháiniceas slán." "Céard atá tú a rádh?"
arsa fear an eich. "Dar ndoigh ní féidir
go raibh éinne níos giorra do'n bhás, ná mar
atá seisean agus go bhfuil sé beo 'n-a dhiaidh sin."
"Do bhí d'eile. Agus mise an t-é sin,"
ars' an gaduidhe dubh gan dearcadh ar aon
duine, acht a cheann cromtha aige mar do bhéadh
fear ag machtnamh ann. "Is deacair do
chreideamhaint," arsa fear an eich leis.
"Act innis dom faoi, agus má bhíonn an fhírinne
agat bhéarfaidh mé a phárdún do'n fhear seo."
Ar n-a chloisint seo do na searbhoghantaibh
d'fhágadar síos ar an urlár an fear do
bhí tógtha os cionn an choire aca. Annsin
do thoisigh an gaduidhe dubh ar a sgéal
d'innseacht.



"Tá suas le seacht mbliadna anois ann,"
ar seisean, "ó bhí mé oidhche ag siubhal i m'aonar
trí choill mhoír i bhfad ó'n áit seo agus ó mo
dhaoinibh muinteardha. Oidhche fhuar do bhí
ann agus bhíos báidhte préachta. Teach ná teaghlach
ní raibh i bhfoisgeacht na mílte dhom shíleas.
Do bhí socruighthe agam cur fúm i ngabhlóig
chrainn mhóir ar feadh na noidhche nuair do
dhearcas ar leath-thaobh agus chonnaic fuinneog
agus solus innti. Do dhruideas anonn, acht bhí
an oiread sin gleo 'san tigh go raibh faichtíos
orm dul isteach. D'ionntuigh mé ar mo
chois agus isteach liom i gcró ar chúl an tighe.
Do bhí neart féir ann. Do bhailigheas gabháil
de agus do luigh síos taobh thiar de'n dorus.
Níorbh fhada annsin dom gur bhuail isteach
triúr de lucht cleachtaighthe na draoidheactha
agus máilín óir ag gach duine aca. Do leagadar
amach an féar go deas dóibh féin 'san gcúinne
b'fhuide uaim agus bhíodar ag dul a chodladh ann
nuair adubhairt duine aca go gcuala sé le
deireannas go raibh an gaduidhe dubh ins
an gceanntar sin. "B'fhéidir nach ceart dúinn
dul a chodladh chor ar bith anocht," arsa
duine eile aca. "Ná bíodh faitchíos ar
bith orraibh," ars' an tríomhadh duine. "Cuiridh
na málaí fá bhur gceann agus ní baoghal daoibh."
Righneadh sin. Do chuir an triúr na máilíní
fá n-a gceann agus ba ghearr go rabhadar i
dtoirchim suain agus sámh-chodlata. D'fhanas
féin i mo dhúiseacht ag smaoineadh ar an
stór do bhí aca. Ba chroidhe cráidhte liom
an oiread sin d' ór buidhe a leigint le triúr
d'á leithéide, acht bhí eagla ag gabháil dom
go ndúiseochainn iad. Fá dheireadh d'éirigheas
i mo shuidhe go faitcheach. Cúpla nóiméad
mar sin dom agus tháinic tuilleadh misnigh. Do
sheas mé suas go mall. D'fhan i mo chomh-
nuidhe tamall. Annsin do dhruid me anonn
chuca go bog reidh. Do tharraing amach na
máilíní go cúramach. Do bhain an t-ór
asta go sanntach. Do sháith isteach trí fóda
móna ionnta go deifreach. Do chuir ar ais
fá n-a gceann iad go ciúin socair; agus do
bhain as ins na seala-bodhtaí sul má airigh ceach-
tar aca mé. Amach liom thríd an gcoill ag
rith i mbárr m'anma. Stad 'ná staonadh
ní dhearnas go rabhas ar imeall na coille deich
míle ó'n gcró. Do sheas mé annsin agus do chuir
cluas orm féin ag éisteacht. Ba ghearr
go gcualas an fothrom ag teacht i mo threo,
agus ba léir gurb iad an triúr fear draoidheactha
do bhí ann. B'iongantach an sodar do bhí
fútha, agus do shíleas gurbh fhearr dhom dul suas
ar chrann a bhí lem' ais. Do cheanglas na
trí málaí le chéile le sreangán do bhí i mo
phóca agam agus do chaith suas ar an gcrann iad.
Suas liom fem 'n-a ndiaid gan mórán moille,
acht ní rabhas sé throigh ó'n talamh nuair shroic
an triúr bun an chrainn. Ní dhearnadar aon
iarracht strapadóireacht i mo dhiaidh. Acht do
bhuail duine aca buille de shlait draoidheachta
ar an mbeirt eile agus do righne tuireasg agus tuagh
dhíobhtha le smeideadh do shúile. Annsin
do thosuigh sé ag gearradh an chrainn, agus dar
mo láimh, 'sé do bhí i n-ann a dhéanamh. A fhaid
agus do bhí sé ag gearradh bhí mo chroidhe ag léimnigh
le teann faitchís. Buaileadh an buille
deiridh aige. Do thuit mé fém ar an talamh
agus an crann i mo dhiaidh. Do gortuigheadh go
mór mé agus do leonadh mo ghéaga. D'imthigh
mo mheabhair ar feadh tamaill bhig agus níor
airigheas céard do bhí ag tuitim amach. Nuair
do tháinic mé chugham fém aríst bhíos sínte
ar shlatrachaibh mo dhroma ag an bhfear
draoidheactha agus an tuagh i n-áirde aige ar tí
mo chloigeann do sgoilt. Annsin díreach
do glaoidh an coileach. D'éirigh an fear
agus a ghléas 'san aer, d'imthigh as mo radharc,
agus ní fhacas ó soin i leith iad."


L. 38


"Slán an sgéalaidhe," arsa Tighearna
Mhuigheó. "Ní raibh an bás i bhfad uait an
uair sin. Tá leis an bhfear is óige de bhárr
do sgéil." "Acht corruigidh an teine,"
ar seisean leis na searbhoghantaibh," agus
cuirfimid an dara fear 'san gcoire."
"Deamhan baoghal de," arso' an gaduidhe
dubh, "mar is minic do bhí mé féin níos
giorra do'n bhás agus tháinic mé slán as 'n-a
dhiaidh sin." "Innis do sgéal," ars' an
tighearna, "agus má bhíonn an fhírinne agat
maithfidhear dhó-san freisin." Do thosuigh
an gaduidhe air:-



Nuair do bhí mé im' fhear óg timcheall
deich mbliadhan is fiche ó shoim do bhíos lá
ag déanamh thrí choill i n-aice na háite seo.
Casadh orm bean; naoidheanán ar a druim
aici agus í ag caoineadh. "Céard atá ort, a
bhean choír?" ar mé féin léithi. "Muise,"
ar sise, "tá trioblóid mhór orm. Cailín
aimsire mé do'n fháthach a chomhnuigheas ins
an gcaisléan úd thall. Tháinic sé isteach
ar maidin leis an naoidheanán seo agus do
thug ordughadh dom é do mharbhughadh le
haghaidh a dhínnéir. Tá sé amuigh ag seilg
anois, acht is gearr go raibh sé ar ais. Ní
mé céard a dhéanfas mé an naoideanán do
mharbhughadh nó leigint do'n fháthach mé fém
do mharbhughadh." "Do gheobhamuid slighe
eicínt as, a bhean bhocth," arsa mise léithi.
Leis sin do chonnaiceas scata muc chugainn.
Do chaitheas saighead leobhtha agus do thuit ceann
óg ramhar. "Bhéarfamuid an mhuc seo
dhó 'ghá n-a dhínnéar," arsa mise. "Is beag
an chabhair dúinn é sin," ar sise. Do
bhéadh fhios aige nach feoil duine í agus do mhar-
bhóchadh sé mé ar an toirt." "Ná bíodh aon
fhaitchíos ort," ar mé féin. "Bainfimid
dhá mhéir de'n naoidheanán agus bruithfimid iad
leis an muic. Má bhíonn aimhreas ar bith air
faoi an bhfeoil teasbáin dó ná méaracha
agus béidh leat."



Do chuadhamar annsin go dtí an caisleán
agus do righneamar an chomhairle do cheapamar.
Ba ghearr go raibh 'ch uile nidh reidh againn
ar nós nach n-aithneochadh Pádhraic féin an
naoidheanán nó muc do bhí gléasta ar an
mbord. Níor leig an spaspairt dúinn
an fáthach d'fheiceál ag druidim a bhaile nó
go raibh sé i bhfoisgeacht deich slat uainn.
Tháinic sgannradh mór ar an mnaoi. D'fhosgail
sí dorus seomra bhig agus do leig isteach ann mé.
"Bain díot do chuid éadaigh agus luigh síos i
measg na gcorp" ar sise, agus leis sin do
dhún sí an dorus aríst. Níor thuigeas fém
'tuige ar labhair sí mar sin, acht do righne
mé rud uirthi. Do bhí an-ocras ar an bhfáthach
agus ní thug sé fá deara gur mhuc a bhí roimhe ar
an méis nó go raibh sí beagnach caithte aige.
Annsin do dhearc sé go géar ar chnámh amhám
agus do labhair leis an mnaoi. "Is cosamhail
le muic-fheoil í seo," ar seisean. Acht
dubhairt sise gur feoil duine do bhí innti,
agus d'á chruthughadh sin do theasbáin dó an dá
mhéir. "Cibé rud atá ann," ar seisean,
níl mo shaith agam ann. Leis sin d'éirigh
sé agus do tháinic isteach 'san seomra beag
'na raibh mise 'mo luighe. Do chuartuigh sé
ar fud an t-seomra ar fad nach mór acht
ní bhfuair corp a raibh feoil air go dtí mé
fém. Do tharraing sé amach sgian mhór;
do chrom síos agus do ghearr cúpla stiall de mo
cholpa. Do chuaidh drioganna thrí mo chorp
le neart na péine, acht, dár ndóigh, b'éigin
dom fanamhant go socair. Amach leis
agus d'ith sé a shaith mhaith de m' fheoil. Ar a bheith
reidh dhó ag ithe do luigh sé síos cois teineadh
agus do chodail go sámh. Ba chosamhail le béic
asail gach srann d'á gcuireadh sé as agus é
ag crathadh na mballaí leis an méad anála
do bhí sé a tharraingt.



Annsin do tháinic an bhean chugam isteach.
Do bhain sí stiall feola de chorp eile,
d'fhuaigh ar mo cholpa é agus do leasuigh go
hiomlán mé. Do chuaidh mé amach mar a
raibh an fáthach le díoghail d'imirt air. Ní
raibh aige acht aon t-súil amháin do bhí díreach
i lár a chlár-éadain. Do dhearg mé an
brionglán 'san teinidh, do chuir thríd an
t-súil é d'aon sáthadh sanntach amháin, agus as
go bráth liom agus mbárr na bhfásgaí. Do
chuir sé béic as, d'fhreagair na cloca agus na
gleannta, agus seo chum siubhail é go dian 'mo
dhiaidh. Acht bhí radharch na súíle caillte agus ní
raibh fhios aige cá raibh mé. Faoi dheireadh
nuair do bhí mé imthighthe timcheall leath-mhile
sligheadh uaidh do bhain sé fáinne draoidheachta
d'á mhéir. Do chaith sé i mo dhiaidh é agus níor
thuit sé nó go ndeacaidh sé ar mo ladhaircín.
Annsin do ghlaoidh an fáthach amach chomh hárd agus
do bhí 'n-a cheann "Cá bhfuil tú"? D'fhreagair
an fáinne go raibh sé ar ladhaircín an ghaduidhe
dhuibh. Nuair do chuala mé sin is beag nár
thuit mé i mbun mo chos. D'fhéacas leis
an bhfáinne do bhaint de'n mhéir, acht theip
orm duth agus dath. Bhí tréan-rith faoi an
bhfáthach agus é ag teacht suas liom go sgioptha.
Do bhain mé féin as chomh luath agus do bhí i mo
chosaibh, acht ba bheag an mhaith dhom é. Do
bhí an fáthach an teannadh liom gach nóiméad.
Do ghlaoidh se aríst agus d'fhreagair an fáinne
mar do rinne an chéad uair. Do shíleas
go raibh deireadh liom annsin d'á ríribh píre,
acht do chonnaiceas loch seal beag amach


L. 39


romham agus do tháinic an misneach ar ais dom.
Do righneas ar an loch chomh tréan i n-Éirinn
agus d'fhéad mé. Do bhain mé an ladhaircín
díom fém le sgin agus do chaith isteach 'san loch
í. Síos léithi go tóin agus an fáinne uirthi i
gcomhnuidhe. Do ghlaoidh an fathach an tríomhadh
huair agus do fuair an freagra céadna. Isteach
leis de léim 'san loch. Cúpla nóiméad
dó ag sliopáil 's ag slapáil 'san snámh.
Annsin i gcasadh do láimhe slugadh síos é
go tóín áit nach dtáinic sé as ó shoin."



Do bhí sean-bhean 'sa gcúinne ag éisteacht
leis an sgéal agus b'áidhbhéil an t-suim do chuir
sí ann. Ar a bheith réidh do'n ghaduidhe dubh
do phreab sí n-a seasamh agus do labhair leis
an tighearna. "A mháighistir," ar sí, is
fíor 'ch uile fhocal d'á ndubhairt sé ó thús
go deireadh. 'Sé seo caisleán an fháthaigh;
mise an bhean a raibh an páiste aici; tusa an
páiste, agus 'sé siúd an gaduidhe dubh, an fear
do shábháil ó'n mbás thú agus tú i do naoidheanán
mhín. 'Sé an cruthughadh go bhfuil an fhírinne
agam dhá mhéir do bheith d'uireasbaidh ort-sa
agus an gaduidhe dubh do bheith i n-easbaidh a
ladhaircín." Do theasbáin an tighearna a
lámh dheas d'á raibh i láthair, agus ní raibh de
mhéarachaibh uirthi acht an ordóg, an chorr-
mhéar, agus an mhéar mheadhonach. Do chroc
an gaduidhe dubh suas a lámh chlí féin agus do
connacthas go raibh an ladhaircín ar iarraidh.
Do chreid Tighearna Mhuigheó annsin go raibh
an fhírinne ag an t-sean-mhnaoi. Do thug
sé ordughadh do na searboghantaibh an ceathrar
braighdeánach do sgaoileadh, agus annsin do
labhair go cineálta carthannach leobhtha. "Bíodh
each na gclog n-órdha agaibh agus fáilte," ar sé,
"acht ní sgarfaidh sibh liom-sa go gcaithidh
sibh seachtmhain ag fleidh agus ag féasta i mo
chaisleán annseo." Do ghabh an gaduidhe
dubh agus an triúr flaith buidheachas leis as ucht
a gcuiridh agus dubhairt nár fhéadadar fanamhaint
an fhaid sin. Tar éis trí lá ag siamsa agus
ag aoibhneas, ag caitheamh toghagach bídh agus rogha
gach dighe, do bhuaileadar bóthar a bhaile agus
each na gclog n-órdha aca agus a lán bronntanas
nach é. Nuair do bhíodar i bhfoisgeacht seacht
míle do chaisleán an ríogh do chuala an leas-
mháthair ceol binn na gclog ar dhruim an eich
agus do bhí sí le báine fa go raibh buaidhte uirthi.
Le teann éada agus feirge do thug sí léim ó'n
gclog-theach agus do marbhuigheadh í sul má bhí sí
leath-bealaigh go talamh.



Pádraic Ó Cadhain


L. 58


An Draoi



Lá n-aon agus mé ag déanamh turuis na
tíre tháinigh mé go teach biadhtaigh, a's ó bhí
tuirse orm cheapas nár bhfeirrde dhom rud
a dhéanfainn ná cur fúm ann ar feadh cúpla
lá. Ar dtúis caithfidh mé rádh gur dearbhráthair
do mhnaoi riogh na h-Éireann mé. Tá eolas
agam ar luibheannaibh ícthe agus tagann na
daoine chugham chun leighis d'fhághail nuair
a bhíos tinneas ortha. 'San am so ar a
bhfuilim ag trácht chuireadh na daoine spéis
mhór i ndraoithibh agus 'n-a gcuid cainnte,
acht níorbh amhlaidh sin domh-sa. Ariamh níor
chreideas ionnta, agus bé mo thuairim nach
raibh ionnta acht bitheamhnaigh ghlice. Agus 'nois
'neósaidh mé cionnus thárla gur athruigh mé
mo bharamhail. Ciodh trácht bhuail mé isteach
'san dtigh agus taisbéanadh seómra dhom acht
is dócha nách bhfuil aon t-suaimhneas le
fagháil ar an tsaoghal seo. Níor túisge
bheith im' sheómra dhom ná tháinic teachtaire
chugham le lítir ó mo dheirbhshiúr .i. an bhain-
rioghain, ag iarraidh orm dul chúichi gan mhoill.
Thug an rí faínne breágh luachmhar óir dhithi lá a
mbainfheise. Bhí sí tar éis a chailleamhna
agus bhí faitchíos uirthi go mbéadh fearg ar
an rígh dá mbeadh fhios na cailleamhna aige.
Sin é a bhí 'san litir agus bhí súil aici go mbhéinn-se
in-an' an fáinne d'fágháil díthi. Dubhras
leis an teachtaire go rachainn leis agus
bhíos ag cur mo bhacáiste le chéile chun an
bhóthair do chur dhíom nuair do bhuail sean-
fhear árd deagh-chumtha isteach chugham agus
féasóg liath ag tuitim síos go crios air.
D'umhluigh sé dhom agus shuidh síos ar a shuaimh-
neas dó féin. Bhí fhios agam ar an bpoinnte
boise gur dhraoi a bhí agam ann, agus mar
adubhairt mé cheana, thar a bhfuil de dhaoinibh
'san domhan ní raibh aon mhuinighin agam as
a leithéide. Thosuigh sé ag cleasuidheacht
gan focal a rádh, agus go deimhin ba dheas
uaidh cleasuidheacht. Acht mar sin féin chuir
mé cosg leis agus d'fhiafruigheas dé cad
a bhí uaidh.



"Tá cómhachta dromadraoidheachta agam,"
ar seisean.



"Is iongantach na tréithe atá agat," arsa
mise, "acht ní theastuigheann siad uaim.
Abair liom cad a thug annso thú."



D'éirigh sé na sheasamh go mall agus
fearg ar a ghnúis.



"A dhuine uasail," ar seisean, "Is brón
liom an droch-chroidhe atá ionnat, acht b'fheídir
go mbeidh a mhalairt de sgéal agat sar a
bhfad. Tháinigh mé chughat le súil go bhféadfá
sgian do tharraingt as mo mhuinéal. Bhí cleas
ar siubhal agam agus do sáitheadh isteach í."



"Déanfad sin má's féidir liom," arsa
mise.



Ar osgailt a bhéil dó d'fhéuch mé isteach
agus go cinnte siúd í an sgian bheag sáithte
isteach 'n-a sgórnaigh dhí féin. Do tharraing
mé amach í agus, cidh go raibh pian mhór
air níor leig an draoi bocht gíocs ná míocs
as. Thosiugh sé ag gabháil bhuaidheachais dom
nuair a bhí an obair críochnuighthe, acht dubhras
leis go raibh deabhadh orm agus nárbh fhéidir
liom fanacht níos sia. 'Scríobh mé leigheas
dó ar ghiota páipéir a bhí ar an mbord agus
d'imthigh sé leis. Is beag do shaoileas
annsin go raibh sé i ndán seirbhís mhór do
thabhairt dom, acht chidhfidh sibh ar ball.



Tar éis aisdir fhada do chur dhíom shroich
mé Teamhair na Ríogh, agus d'fhear mo dheirbh-
síur fíor-chaoin fáilte romham. Bhí an rí
imthighthe i n-áit éigin, as sin a bhí uaim
ionnus go mbéimís in-an, an fáinne d'fhágháil
i ngan-fhios dó. D'fhiafruigheas dhi an raibh
aon tuairisg aici ar an ngaduidhe.



"Táim cinnte," ar sise "gur ceann de
na searbhoghantuidhthibh do ghoid an fáinne.
Tharraing mé dhe mo mhéir aréir é chun a thais-
beáint do dhaoinibh uaisle a bhí annso agus
d'fhágas ar an mbord é. Ar n-éirghe dhom
ar maidin chuaidh mé fá choinne an fháinne acht
deamhan a raibh ann de i n-áit ar bith. Ní
raibh aoinne shan tseomra acht ná searbhoghan-
tuidhthe."



Bhí sí as a meabhair beagnach, agus bhí mise
'san riocht céadna. Bhí orm an fáinne
d'fhágháil agus cad ba cheart dom a dhéanamh?
Searbhfoghantuidhe éigin do ghoid é, acht cia
aca? Deirim leat go raibh tocht im' chroidhe
fá theacht chor ar bith, agus ní raibh uaim acht
slíghe eígin as an gcruadh-chás. Iar mbeith
'san riocht sin dom tháinic teachtaire go
dtí an brugh. Bhí lítir aige dhomh-sa agus
nuair do léigheas í chuir sí iongnadh an domhain
orm. An draoi do casadh orm ag tigh an
bhiadhtaigh do chuir chugham í agus seo é a bhí
innti.



"Béad-sa ag dún-árus an ríogh anocht agus
gheobhaidh mé an fáinne do chaill an bhain-


L. 59


rioghaim. Ná leig le d'ais le aoinne beó
tuige go bhfuilim ag teacht."



B'aisteach an rud liom é go mbéadh fios
na cailleamhna ag an bhfear so, mar ní
dhubhairt mé focal 'na taobh le duine ná
deoraidhe. Dubhras liom féin go mbéinn
díchéillidhe dá gcuirinn suim ann féin nó
'n-a lítir. Cionnus d'fhéadfadh sé fhágháil
amach cé ghoid an fáinne? Ní raibh sé acht
ag magadh fúm, acht ar an dtaobh eile cionnus
fuair sé amach gur goideadh é chor ar bith?
Do thaisbeánas an lítir do'n bhainrioghain
as bhí sí ag léimnigh as a craiceann, mar
adéarfa, le h-áthas agus le luthgháir. Chuala
sí trácht ar an bhfear roimhe sin agus bhí sí
cinnte go bhfuigheadh sé an fáinne dhithi.



Sin é an nós leis na mnáibh i gcomhnuidhe.



Bhí imnidhe orm ar feadh an lae, acht mar
adeir an sean-fhocal, "Másh fada an lá
tagann an oidhche," agus leis an oidhche tháinic
mo dhraoi agus a lán beairtíní aige.
Chuir mé fáilte roimhe ciodh nach raibh muinighin
agam as. Mar sin féin do labhair mé
go géar leis acht mo chreach dhoighte! dá
ghéire mo theanga níor chuir sé suim ar bith
innti.



Ar chloisint dó gur searbhfhoghantuidhe do
ghoid an fáinne thug sé ordughadh uaidh go
gcruinneóchaidhe na searbhoghantuidhthe go léir
shan halla mór. Rinneamar an méad sin
agus níor chuireamar ceist ar bith eile air.
Tar éis tamaillín chrom an draoi ar chleasaibh
dromadraoidheachta do dhéanamh ar árdán
'san halla ós cómhair na ndaoine go léir,
agus thugas fé ndeara gur chuir an chleasui-
dheacht sin iongnadh mór ar a raibh i láthair.
Annsin do labhair sé ós árd linn agus
dubhairt go raibh sé ar tí fhágháil amach an
té do ghoid fáinne na bainrioghna. Roimhe
seo bhíos tuirseach dhé, acht as seo amach bhíos
ag faire go cruaidh air. 'Sé an chéad rud
do rinne sé ná boscaidhe do tharraingt amach
as mála agus ceann aca do chur i mbéal
gach searbhoghantuidhe. D'fhág sé annsin
iad ar feadh cúpla nóiméad agus annsin
thóg amach indiaidh a chéile iad. D'osgail
sé gach bosca do réir mar thóg sé amach é
agus chuir a mhéar isteach ann. Bhí sin
go maith, acht nuair d'osgail sé an ceann
a bhí i mbéal an fheadhmanaigh do stad sé
ós a chómhair amach ag féachaint isteach 'n-a
shúilib. Nuair a bhí na boscaidhe go léir
cruinnuighthe aige chuaidh sé go dtí corcán
mór agus chaith isteach indiaidh a chéile
iad. D'fhan sé tamaillín sul ar chaith sé
an bosca deidheannach isteach, a's nuair a chaith
d'éirigh deatach a's caor-theinntidhe as. Ar
smeideadh do shúile dhírigh sé a mhéar do'n
fheadhmanach agus dubhairt:-



"'Sin é an fear do ghoid fáinne na bain-
rioghna!"



Sul a raibh na focla as a bhéal aige chaith
an feadhmanach é féin ar a ghlúnaibh ag fáscadh
a lámh agus scannradh 'n-a shúilibh 'ghá rádh:-



"O! a bhaintighearna, do ghoideas an
fáinne go dearbhtha. Bhí sé ar an mbord
nuair d'éirigh mé agus do thógas é. O!
Táim sgriosta!"



Thóg sé an fáinne as a phóca agus thug
do'n bhainrioghain é. Ní raibh fhios againn
beirthe ná beo cionnus do rinne an draoi é.
Thug mo dheirbhshiúir míle buidheachas dó
agus rud eile nach é.



Nuair do bhíodar go léir imthighthe do ghlaodhas
ar an draoi i leath-taobh agus d'fhiafruigheas
dé cionnus fuair sé amach gur bh'é an feadh-
manach an gaduidhe.



"Is eol dom," ar seisean, "gur fear
ciallmhar tostmhar thú, agus 'neósaidh mé
dhuit é."



"Lean leat," arsa mise.



"Is dócha go bhfacais an bosca do chuireas
'na mbéal. Bhí poll i dtóin gach cinn aca
agus rud bog istigh ionnta. Nuair a chuireas
duine an bosca sin 'na bhéal i gcoitcheann bíonn
an rud bog fliuch ó n-a theangain. Acht nuair a
bhíos eagla mór ar dhuine bíonn a theanga
tirim 'na bhéal agus bíonn an rud bog chomh
tirim ag teacht amach dhó a's bhíos sé ag dul
isteach. Thugas fé ndeara go raibh teanga
an fheadhmanaigh tirim le sgannradh. Bhíos
cinnte annsin gur bh'é ba chionntach."



"Agus cad ba ghádh dhuit an chleasuidheacht
ar fad do dhéanam?"



"Chun eagla do chur ar an té do ghoid
an fáinne."



"Ceist eile agam ort. Cionnus fuair
tú amach ar dtúis gur goidheadh an fáinne
chor ar bith?"



"Is furus é sin do mhíniughadh," ar seirean.
"An cuimhin leat an lá do sgríobhais leigheas
dom ar ghiobóig pháipéir?"



"Is cuimhin," arsa mise.



"Ar an dtaobh eile dhe sin 'seadh do
sgríobh an bhainrioghain a lítir duit ag trácht
ar an bhfáinne. 'Sin é an nós a bhfuaireas
an t-eolas."



Fuair an draoi a luach saothair agus
d'imthigh leis féin agus bhí an bhainrioghan
ar a suaimhneas arís.



Fear gasta do b'eadh é, an draoi céadna
agus do mhúin sé ceacht domh-sa .i. nách bhfuil
rud ar bith 'san domhan gan cúis leis.



P. Mac Consaidín


L. 77


Fís Chrócháin



Ar bheith in Uibh Ráthach dhom le déannaighe
thárla orm lá, fear a thug an sgéal seo leanas
dom.



Ógánach a bhí ánn, sa chéanntar seo fadó
go raibh súil ag a mhuinntir é bheith 'na chléireach
Chríost. Ní raibh puinn de shaibhreas an
tsaoghail seo ag a athair ná ag a mháthair, acht
nuair ná raibh acht an t-áon mhac amháin aca
cheapadar é choisreachadh do Dia, agus gach
pighinn d'a raibh spártha aca leagadh amach í
le n-a choiméad ar scoil chum é do dhéanamh
oireamhnach le héadach na hEaglaise do
thógaint air. Bhí an buachaill óg nuair do
cuireadh as baile ar dtúis é, agus bhí se
toilteannach go maith ar imtheacht, mar níor
smaoinigh sé i gceart ar an mbóthar a bhí
roimis agus niór chuimhinig sé ar a fhíafruighe
dhe féin ar mhaith leis bheith 'na shagart.



Do lean sé air, ar feadh bliadhanta agus
cé ná raibh aon dúil aige ar an tslighidh bheathadh
a bhí roimis do bhraith sé go dtiochfadh dúil
ann le haimsir dhó acht bheith ag guidhe
ar Dhía i gcomhnuidhe. Bhí amhras ar a
aigneadh ar a shon san agus b'é an rud a
bhí ag tabhairt buidheartha go leír dhó ná gan
é bheith abalta an sgéal d' innsint d'á
thúismíghtheoiribh, mar bhí sé cinnte go mb-
risfeadh an sgeál croidhe a mháthar agus
go mbéadh a athair ar buile leis dá gcaitheadh
sé suas an rún naomhtha a bhí ceapuighthe aca
chuige. Mar sin do lean sé ar an aimsir
do chur síos agus dá fhaide do leigfadh sé
thairis innsint an sgéil d'á mhuinntir chonnaich
sé gur i n-olcas dó féin a bhí an saoghal
ag druideamhaint. Chuaidh sé go hÁrd-
Choláisde Na Spáinne mar ní raibh coláisde
i gcomhair sagart i n-Éirinn san aimsir
sin in aon chor.



Bhí na bliadhanta dá ngearrughadh aige
go dti go raibh se i ngiorracht bliadhna do
bheith 'n-a shagart. Tháinig sé a bhaile i rith
an tSamhraidh an t-am san agus bhí an buaidh-
readh seo ag tróm-luighe ar a aigne agus cheap
sé rún, an sgéal d' innsint dá athair lá
'le Chróchain. Tagann lá 'lé Chrócháin i
meodhan an t-samhraidh, agus b'é ar an lá
san do rugadh an mac so, agus b'eadh ó'n naomh
do fuáir sé a ainm, mar do baisteadh Cróchán
air. D'iarr sé congnamh ar Dhia tré
eadarghuidhe naoimh Chrócháin le n-a chuid
buidheartha d'innsint d'a athair agus na slabhraidhe
a bhí ar a anamh do sgaoileadh. Chuaidh sé
go dtí an sagart an lá roimis sin agus ghlach
se corp ár Slánuightheora le n-a neartughadh
féin i gcomhair na h-oibre a bhí roimis.



Ba dhúr an croidhe a bhí aige, an oidhche sin,
ar dhul a leabaidh dhó, mar bhí fhíos aige cad
do bhí roimis lá ar n-a mhárach, agus ba dheachair
déanamh amach cionnus do thógfadh an t-athair
uaidh é.



D'á bhrígh sin ní raibh sos na suaimhneas
ar a aigne agus ní thiochfadh dúil chodalta
air. Bhí sé 'á luasgadh agus 'á ath-luasgadh féin
isteach agus amach sa leabaidh go dtí nárbh'
fhéidir leis cur suas leis an mio-shuaimhneas
a bhí air a thuilleadh, agus cheap sé éirghe.
D' éirig, agus ghléas sé é féin 'n-a chuid
éadaigh, chuaidh amach fé'n spéir agus d'iompuidh
sé a aghaidh ar Bhinn na Ciste. Beann mhór
árd is eadh an bheann seo agus cheap sé í
éiriughadh agus an tromacht aigne a bhí air
do dhíbirt fé ghlan-aer na hoidhce. Bhí
an ghealach thuas agus do chidhfeadh sé ó bhárr
na binne Gleann Geal na Glaise ar thaobh
de agus ar thaobh eile na sléibhthe agus na
móinte ag síneadh leo siar chum na fairrge,
agus an sáile siar, siar, siar, ag geal-
lonnradh fé sholus na gealaighe fé mar a
bhéadh mór-bhrat airgid go dtí gur sloigeadh
i measg neáltacha na spéire é.



Shuidh sé síos ar bhinnse, agus do chróm sé
ar smuaineadh. Niór bhfada dhó gur chualaidh
sé céim dhuine chuige agus chonnaich sé ag
teacht fé'n a dhéin duine des na cómhur-
sannaibh gurbh leis an sliabh seo go raibh
Cróchán ar a bhárr.



Dia agus Muire dhuit a Chrócháin, ar seisean.
Cad é an deag-obair a thug amach chomh luath
san thú? Chualas glór duine ag teacht aníos
dam agus bhí iongnadh orm cia bhí ánn. Dia
agus Muire agus Pádraig dhuit a chomhursa arsa
Cróchán. Innéosaidh mé fáth na moch-éirghe
seo go fírinneach dhuit. Easbaidh chodalta
do bheith orm agus tháinig mé amach fé'n spéir


L. 78


chum na duthaighe mór-thímcheall d' fheiscint
fé éirghe na gréine.



Do dheinis go maith ar seisean. Ar chuimhni-
ghis gur b'e lá 'le Chrócháin a bhí indhiu againn?
Chuimhnigheas go maith, arsa Cróchán. Agus
ar chualais riamh, ar seisean, go raibh radhar-
canna le feiscint ó Bhinn na Ciste le briseadh
lae 'le Chrócháin, radharchanna ná chidhfidhe iad
gach uile lá. Níor chuala arsa Cróchán.



Le n-a linn sin díreach d'fheuch sé siar uaidh
mar a raibh na sléibhte agus na gleannta ag síneadh
siar chum na bochna agus mar a raibh an sáile
'n-a luighe go ciúin liath fé ghealughadh na
spéire. Chonnaich sé fé mar a bhéadh scamall
éigin ag teacht anuas ortha, ceotha agus néalta
'á n-ísliughadh ó árdaibh na bhfilimintí go
dtí ná raibh giota de'n radharc a bhí ann cheana
le feiscint anois. Annsan tháinig athrughadh
ar an gcéo agus do leathanadh roimis na
míorbhailte seo leanas.



Samhluigheadh roimh a shúilibh páirch mhór
leathan, ag síneadh agus ag síneadh léi siar
go dtí falla mór árd a bhí mar theorainn uirthi.
Chonnaich sé go raibh fallaí móra ar gach taobh
eile de'n pháirc agus annso agus annsúd i dtrí
cinn des na fallaibh bhí dóirse geala airgid
ag fosgailt amach ar fhásac teineadh a bhí
lasmuigh den páirc. Ar an bhfalla b'fhaide
uaidh ní raibh acht áon dorus amháin go raibh
solus ar lasadh 'n-a aice agus é ag fosgailt
amach ar Phárrathas a bhí lasmuig de.



Annsan chonnaich Cróchán go raibh an pháirc
lán de dhaomibh agus go rabhadar ag casadh
agus ag síor-chasadh agus ag gabháilt timcheall ar
a cheile fé mar a bhéadh daoine mí-cheíllidhthe,
agus chéapfa go raibh easbaidh eólais ortha
cad é an dorus ba chóra dhoibh dul isteac ann,
mar ní raibh aon radharc ar na hárdaibh
lasmuigh aca ó'n taobh istig.



Acht annsan tháinig dream dubh i measg
na ndaome, dream go raibh cruth daondha
ortha acht go raibh adharcanna ar a n-éadan agus
go raibh droch-sholus 'na súilibh; agus thos-
nuigheadar-san ar na sluaghtaibh do mhealladh
ar na dóirsibh airgid a bhí cómhgarach do'n
fhásach agus do samhluigheadh do Chróchán
cionnus mar do dingtí síos i dteintibh iad
nuair a théidhidís amach tríd na dóirsibh súd.



Annsan chonnaich sé duine síothamhail
sgéimheamhail ag teacht amach ó'n dorus ag
a raibh an solas ar lasadh agus do thriall
sé ar na sluaghtaibh do shaoradh ó mhealladh
druinge na n-adharc, acht ba bheag an mhaitheas
dó é. Thaisbeán sé dhoibh a ghrádh féin
dóibh go dtí gur chuir sé é féin fe thar-
cuisne agus fé chumhacht ag a náimhdibh, drong
na n-adharc, acht níor cuiread beann ann.
Annsan d'fhéach sé soir uaidh fé mar a bhéadh
sé ag tnúth le súil Chróchán do tharraing
chuige agus do shín sé amach a lámh dó ag
iarraidh air teacht agus congnamh do thabhairt dó.



Bhí gloine 'n-a láimh aige go raibh crios ar
a bárr agus chonnaich Cróchán dhá scáile
dhe féin sa ghloine san. Chonnaich sé ceann
aca agus é féin ag gabháilt i measg na sluaighte
cois an duine dhoighleasaigh seo a bhí ag
glaodhach air. Chonnaich sé go rabhadar araon
ag fágháil bhuaidh ar an ndream dubh, agus
sámhluigheadh dhó é féin ag gabháilt isteach
geata an t-soluis go dtí Párrathas a bhí
lasmuigh dhe, agus bhí sluagh 'ghá leanamhaint
isteach agus ag tabhairt buidhe agus buidheacais
do féin agus do Dhia.



Annsan chonnaich sé scáile eile dhe féin
agus é imeasg na ndaome mí-cheillidhthe
tar éis diúltuighthe do'n duine doighleasach
dhó, bhí sé dh'á mhealladh amach tríd na dóirsibh
eile agus do scread sé le h-uathbhás nuair
chonnaich sé é féin amuig i bhfasach na dtei-
neadh.



Annsan chualaidh sé guth éigin. "A Chrócháin,
eirig a bhuachaill. Nach cuimhin leat gur
lá 'le Chróchám atá ann, agus caithfidh tú an
láirín do thógaint léd' mháthair go dtí an
patrún. "A athair a bhí ag cainnt leis."
Ní raibh Cróchán bocht acht n-a chodladh, acht
thug a aisling misneach dhó. Bhí fhios aige
gurbh é Dia a chuir 'n-a intinn é ag taisbeáint
dó go raibh glaodhach uaid féin air; agus
níor dhiúltuigh Cróchán do'n ghlaodhach. Chuaidh
sé ar ais chum na Coláisde agus is minic
in a dhiaidh san d'ofráil sé suas corp
ar dTighearna chum bhuidheacais do thabhairt
do Dhiá agus do naomh Cróchán.



Séamus Ó Súilleabháin


L. 86


Eachtra ar mhaidrín uaill tréan-luath ruadh
maille le n-a mhacghniomhartha grinn



Istigh i bhfuachais chlúthmhair fothana i gceart-
lár na coilleadh craobhaighe ris a raidhtear
Coill-an-Riogh iseadh do rugadh Maidrín mear-
chruaidh Ruadh lá gaoithe gréine 'san earraigh.



Bhí an saoghal mór braonach go lúthgháireach
ag déanamh peataireachta, fé mar adéarfa,
do'n mbliadhain earraighe áthais ar nós máthar
múirne do bheadh ag bréagadh a naoidheanáin
cheana chun súgradh; na páirceanna úr-thaise
réidhe do bhí go léir d'aon-gháire amháin de
nóiníní; na mílte fuiseoga ináirde thuas
'sa spéir as a gcéol sír-bhinn ag teacht
i bhfearthain tsiabhardhachta anuas thar an saoghal
óg sona agus na h-uain bheaga bána ag damhas
ar na mbánta dá bpiopaireacht sidhe. Dá
mbeadh a fhios ag Maidrín an meidhir sin
go léir do bheith ar an domhan le linn a
theachta ar an saoghal 'sé adéarfadh sé ná gur
ag fáiltiúghadh roimis do bítheas. Agus
ní móide go mb'ibhfad amugha dhó an tuairm
aige.



Acht bhí áthas croidhe ar Mhaidrín féin leis,
dá mbeadh a fhios aige, 'n-a luighe dhó 'n-a
mheall bheag gárlaigh featha ar an leabadh
chlúmh easartha 'n-a fhuachais. B'aindeis d'fhéach
sé as ba mhall do bhí sé ag teacht chuige féin
'sa tir greannmhar iasachta so in-a dtáinig.



Aon de cheathrar clainne é an Maidrín
mór-chlú so againne Ruadh. Ní túisce fuair
a chreat bheag crithir an cuimilt críochnuighthe
de theangain a mháthar móire mothaill 'ná
tháinig sé ar an méid sin eolais dó féin.
Fuair sé amach nár dhó amháin do bhí na milseáin
mhaithe ag a mháthair as nár leis féin an
saoghal so go léir, mar go raibh ceart chun
bídh as dighe ann ag triúr bitheamhnach eile.



Acht ba gheárr gur cuireadh 'n-a luighe
air nár ghearánta ar aon chur dó ar an méid
sin féin. Ba mhinic dó tuitim igcodladh
sámh fé ucht bhliochtmhar na máthar dhil agus is
amhlaidh do dhúiseóchadh sé, as é sáidhte isteach
go seascair idir na trí mbitheamhnaigh aige
as gan tásc 'ná tuairisc aige ar an mháthair
thall 'ná ibhfus. Do tuigeadh dó as soin
go ndéanann an t-olc féin a ghnó. Is maith
is déanta cuimhneamh ar an chéad cheacht
fealsamha soin d'fhoghluim Maidrín 'n-a
choileán, óir do b'éachtach sás eolais do
sholáthar riamh igcomhnaidhe é.



Nuair bhí naoi lá d'aois ag Maidrín
d'fhoscail a shúile. Go dtí sin, ní fheadar
an eadh ceann-fé nó cúthaileacht 'sa'n áit
iasachta fé ndeár dó gan féachaint go ró-
theann nó nách eadh, acht is iongantach do chuir
sé an scáth de le dul idtaithighe an tsaoghail
nua dhó. Ba ghairid an mhoill air cur fé ann
go beag beann ar aoinne. Do lean sé an
beás soin go lá a bháis.



Ní fulaír a innsint annso cionnas mar
tháinig sé ar splannc eile eolais d'aimsiúghadh
ar slighe an tsaoghail ait seo.



An túisce do bhí na súile idtreo oibre aige
do-chonnaic sé an mháthair eile 'sa bhfuachais
aigc lá. Eighre ar a mháthair féin í as a
fionn-chruth ar gach aon tslighe; dar ndóigh
mara rith Maidrín cúiche ar shúil gur bh'í a
mháthair aige í! Acht is luath do cuireadh
in iúl dó go raibh dearmhad air annsoin.
Agus do dhruid sé siar as a laipín inaírde
ag gabháilt párdúin aice agus do-chonnaic
sé nár bh'aon dóigh de mháthair í seo aige,
pé hé ba leis í, chómh mór-chúiseach maordha
d'fhéach sí agus an brúchtach borb aice as an
sceamhghail de "noli me tangere."



'Sé do bhí d'á milleadh ar fad 'ná gur
thuig a mháthair as an t-arrachtach duairc seo
d'á chéile chómh maith as dá mbeadh sean-
aithne aca ar a chéile go dtáinig an lá air
'n-ar ling sé thar an cheacht soin eile de
leabhar mhór an tsaoghail le n-a fhogluim dó
cad is athair ann.



Acht 'sé an chéad lá tugadh amach fé'n
ghréin é an lá nár fhág a chuimhne é go deireadh
a shaoghail. Marab' air do bhí an mhórtais
nuair adubhairt an mháthair leo go mbeadh
cead aca siubhal amach léi. Do chuaidh sí
féin amach ar dtúis agus tar éis tamaill
ba bhliadhain le Maidrín seo isteach chucha
go mall arís í. Do ghlaodh sí go bog orra
teacht léi. Amach le n-a gceathrar 'n-a
diaidh go práidhneach mear. Ba bheag nár
cailleadh Maidrín a mhéid áthas grinn do
bhrúigh isteach 'n-a ucht. Do caochadh le neart
gealáin an lae ghil ar dtúis é as do bodhradh
é le siansa as gliadar an domhain. Do
buaileadh le h-éagcomhthromh é, as níor b'fuláir
dó suidhe ar a chorragiob chun go gcuirfeadh
sé eolas air canad raibh aige. Ba ghairid
an mhoill air é. Ar neamh na sona iseadh do
bhí sé.


L. 87


Lingim thar na seoraidhe annso. "Halcyon
days" do b'eadh na laetheannta soin ag
Maidrín, ag déanamh a aoibhneasa gach lá,
é féin agus na trí óga eile, as ag súgradh
fan an ghaorthaidh chúmhra chúmhaing, 'gh'á n-iom-
laosc fhéin ar an mbáinsigh ráithnighe úir go
mbeidís chómh cortha soin ná beadh ionnta
corruighe, agus annsoin b'aoibhinn an múisiún
codlata do chuirfidís díobh 'sa chlais chúnlaigh
ghrianmhair.



Lá breágh éigin agus iad ag súgradh
go sona suairc dóibh fhéin, as na h-éanlaith
go meidhreach igcrannaibh ag déanamh oirfididh
dhóibh, féachaint dá dtug Maidrín do-chonnaic
sé an t-ainmhidhe greanmhnar tamall ó bhaile
uaidh 'n-a sheasamh cois an chlaidhe. Do leath
an dá shúil air le h-ionguadh, agus siúd ag
sceinn-lingeadh ceann ar aghaidh é ar an
ndúil choimhthighigh; annsoin láithreach bonn
d'fhéach an mháthair ar a cúl, - bhí sí 'n-a luighe
imbárr tulaigh, mar ba ghnáth dhí, ag faire
na n-óg ait go práidhneach agus bárr a dhá
cluais in áirde. Ní túisce d'fhéach 'ná thug
aon sceamhghail amhastraigh uaithi do thuig
na coileaín go maith.



Ar nóimid na baise bhi bailighthe isteach
aca 'sa bhfuachais slán sábháltha as na croidhthe
'n-a mbéalaibh aca le h-uathbhás. Do rith
an mháthair an dosgharrán soir léi féin.
Sin mar do chuir Maidrín céad-aithne ar a
námhaidh bháis mhillteach d'á ngairmthear duine,
agus an oidhche sin ar dteacht abhaile d'á
mháthair fuair sé an scéal go h-iomlán
uaithe: cionnas mar 'sa tsean-aimsir ibhfad
fad ó, bhí an saoghal imbun an tsuaimhnis
toisc é do bheith go léir fé na sionnaigh agus
na sionnaigh do bheith go maith macánta glic
'na dtighearnaíbh air, acht mar thárla igceann
aimsire go raibh na sionnaigh ag dul inolcas
gach lá dár éirigh orra go dtí gur cuireadh fé
mallacht dá dheascaibh iad 'sa deireadh.
Annsoin do mheath toradh na talmhan orra;
na cumair do b'fhairsinge creabhair as
piatraisce, ba bheag má do-gheibhti naoscach
ionnta; na locha gan garbhlachain as na réidhe
gan cearca-feádha. Acht 'n-a theannta soin
uile do chuireadh deamhain diablaidhe de
dhaoinibh urchóideacha ar an saoghal chun na
sionnach do chéasadh as do n-a marbhughadh go
léir d'á mbh'féidir, é. Agus do leanfaidhe
de'n bhruid diógaltais sin go mbeadh na
sionnaigh arís chómh glic maith cliste leis
na sean-tsionnaigh mhaithe fad ó. "Agus
anois," ars' ise, "mar duitse féin dhe, a
mhúirnín, d'á mhéid gliocas ionnat as d'á
fheabhas rith tu iseadh is siaide do shaoghal é."



Sionnach stuamdha stuidéartha do bhí
i Maidrín feasta a thuilleadh. Is maith an
scoluigheacht fuair sé, as is maith do ghabh
sé di. Acht 'sí an chiall cheannaigh is feárr
do sheasaimh leis rith a shaoghail shaóthraigh:
ba mhaith do dheineadh sé an margadh, mar do
cheannuigh sé go saor igcomhnaidhe acht fé-
mar do-chífear im' dhiaidh is deimhin dearbh
gur daor do dhiol.



Bhí an-phráidhinn ag an mháthair as seach as an
chuid eile agus is minic do bhailéochadh sí
amach léi é ag gabháilt na tíre feadh an lae
féin. D'fhoghluim sé mórán ar an chuma
soin. Lá d'á raibh a mbeirt amuich mar
sin, as ag rith leo fan an chlaidhe istigh, - an
mháthair ag cainnt os íseal de shíor, cluais
ar Mhaidrín ag éisteacht, - d'airighdar an
t-éirleach ag teacht chucha an bóthar. "Éist,
a-mhic," ars an sean-tsionnach, "an airigheann
tú an fothram soin leasmuich? Éist go
h-aireach leis. Anois aon éigin des na trí
neithe seo fé ndeár an "mílemurtar" soin, sé
sin, dachad gé meitheal fear, nó beirt bhan ag
cogarnaigh. D'fhanadar go ciúin, cluais
ar Mhaidrín óg agus mura b'air do bhí an
tnúthán leis an dachad gé do theacht as. Do
neartuigh as do neartuigh ar an dtorainn
idtreo nár airigheadar a gcluasa orra, acht
fé deireadh do ghabh thart. Do phreabadar
go h-aicillidhe mear ar an chlaidhe, acht do
chuala bean de'n mbeirt iad. D'fhéach sí ar
a cúl as do thuit láithreach ibhfanntais le
h-uamhan. B'ait le Maidrín sin acht níor
fhan sé le n-a thuilleadh; do léimeadar thar
an claidhe isteach as do chuireadar an pháirc
siar díobh go h-éascaidh.



Caithfear teacht chun fear-ghniomhartha
Mhaidrín anois agus go mór-mhór is déanta
a n-innsint na mór-ghníomhartha soin is mó
do leath a chlú ar fuaid an domhain.-



Gabhaim thar fiadhach na gcoileán; acht
fé cheann na céad bhliadhna bhí a ainm ináirde
'sa tuaith go léir a fheabhas rith é as a áilneacht
é chun cleas d'imirt ar na gadhair.



I rith an chéad dhá bhliadhain ní raibh aon
tseift cinnte cómhnaidhe aige chun dul ó's
na "deamhnaibh dhaonna" as a gconairt chuthaigh
fiadhaigh, acht bhiódh sé ag brath ar seans éigin
don-a sheoladh slán abhaile ó gach stáir.
Nuair do thiucfadh lá do thiucfadh comhairle.



Ag so scéal, ar nós sómpla, ar sheift
díobh soin aige. Lá áirithe múisíunta Márta
ná raibh fonn reatha air, cad do dhein acht
éalódh go socair isteach idtigh bheag mar a
raibh cómhnaidhe ar shean-mhnaoi aonair as
dul i gan a fhios dí 'n-a luighe fe n-a
leabadh. Bhí an tsean-bhean ag crónán dí féin
go bog breágh ar fuaid an tighe nuair d'airigh


L. 88


sí an pilliliú ag an lucht fiadhaigh ag déanamh
ar an ndoras isteach uirthe. Is ar éigin do
bhí an doras daingnighthe aici 'na n-aghaidh
nuair bhí na gadhair go léir timcheall an tighe
aici. Thug sí aghaidh na muc as na madraidhe
amach tríd an bhfuinneóig ar na bhfíagaidhthe
ghalánta breághtha aici.



Níor bh'fhearra dhóibh bheith léi. B'éigean
dóibh imtheacht leo. An tan fuair Maidrín
an doras ar fhoscailt, as an áit go ciúin
arís do sceinn sé amach leis. Bíodh as ná
raibh an radharc go ró-ghéar ag an tsean-
mhnaoi do-chonnaic sí ag dul é. Do shuidh
sí sios de phlap ar an úrlár as do bhris an
mhias do b'fheárr d'á raibh aici nár mheasa
léi saidhbhreas Déamair 'ná í féin. Acht
is ar Mhaidrín do bhí an greann le n-a chloisint
dó go rabhthas 'gh'á rádh gurbh amhlaidh do rith
sé isteach imbothán as gur dhein sean-bhean
chríon de.



Acht ní h-aoinnidh d'ár dhein sé igcaitheamh
na h-aimsire sin is mó thug gairin, as mír
tar a chine do Mhaidrín aígh, acht is é an
seift é le n-ar sháruigh sé ar gach fear fiadhaigh
'sa domhan as ar gach gadhar d'á luaithe
tréan-rith. An cleas céadna ámh ba thrúig
bháis 'sa deireadh dhó fé mar thuiteann amach
go minic.



Mar so thárla sé ar an tseift sin. Lá
dár cuireadh dearg-thóir dhían air agus do
bítheas ag dul ibhfeidhm air go cruaidh do
dhein sé gach dícheall lúith as gliocais, acht
níor chás dó é.



Do bhí anfadh an bhais air annsoin go dearbhtha,
a leithéid nár bhain dó ó'n chéad lá do rith
roim na gadhraibh. Acht níor caochadh ar
an ngliocas ann nách lugha 'ná do chaill ar an
mhisneach dó. Ar chuma nó ar chleas do
raghadh sé as. Do bhí sé ag déanamh ceann,
ar aghaidh ar bhalla mhór árd; crainn mhóra
craobhaighe ar gach taobh de. Do dhírigh sé
ar chrann dióbh 'n-a raibh an t-eidhneán go
flúirseach casta timcheall air suas go
gabhal ann do b'aoirde suas 'ná bárr an
bhalla féin; ba ghnáth dó dul suas crann de'n
tsaghas soin, ag gliúmáil an eidhneáin as
'gh'á ghreamughadh 'na bhéal, nuair bheadh an
ruathar ag dul go ró-dhian air.



Suas leis de phreab. Ba mhaith mithid dó é;
do bhí na gadhair ag bun an chrainn láithreach
bonn baill 'n-a dhiaidh, agus sar ar shrois sé
an gabhlán bhíodar an lucht fiadhaigh isteach
chucha ar chos in-áirde.



Do bhí sé ag cuimhneamh air go bhfanfadh
go chiúin ibhfolach mar a raibh aige, cé gur
bhaoghal leis go gcuirfidhe fear an crann
suas 'n-a dhiaidh, nuair do buaileadh 'n-a
cheann go mb'fhéidir dul de léim imbárr
an bhalla agus as soin chun chrainn des na
crannaibh leastall de.



Ba chonthabharthach an fhionntar dhó é, acht
ní dheaghaidh fear meathta chun baintighearnan.
Do bhrúigh sé amach tríd an eidhean. Do bhí
súil gach aoinne air as iad ag déanamh iongnadh
dhe caidé do bhí d'fhuadar fé anois. Do
bhí sean-aithne aca go léir air agus bhíodh
scáth aereach agá lán roimis toisc a bheith
amuich air nár shionnach ceart ar aon chor
do bhí ann acht púca éigin greannmhar; níor
chreid ámh abhformhór an scéal soin.



Do dhruid sé siar chun léim do chaitheamh.
Do léim. Tháinig ar an bhalla go maith acht
ba dhóbair dó tuitim de ar an dtaobh eile
le neart na léime thug, agus bhí an balla
chómh cumhang soin gurbh 'ar éigin fuair sé
a ghreim do choimeád air. Cómh luath
as do-chonnacadar ag léimrigh é, siúd
fé lán-tsiubhal na marcaigh fiadhaine fiadhaigh
ar gheata do bhí 'sa bhalla tamall fada soir
ó bhaile. Bhiodar ag súil le teacht suas le
Maidrin Ruadh 'sa bhfaithche leastall de'n
bhalla.



Bhíodar san éagcóir ámh annsoin. D'feach
Maidrín ag breathnughadh a chrainn sul a
léimeadh sé, agus do leath an dá shúil ann
le h-iongnadh áthais. Bhí crann mór daraighe
os a chomhair amach ingiorracht léime láidre
dhó, as poll breágh leathan tríd sios ó'n
ladhar ann. D'fhág sé slán ag an bhfuirinn
fiadhaigh. Do léim sé go lúthgháireach idtreo
an phoill. Ní lúthgháir do bhí air 'n-a dhiaidh
sin ámh. Do cheap sé gur poll beag do
bhí aige acht níor bh'eadh. Do thuit sé sios sios
imbile an chrainn istigh. Ba bhaoghal leis
go raibh gach cnámh ann briste 'n-a bhrúscar.
Agus an poll thuas os a chionn ní raibh ann
acht mar bheadh réilthín aonair oidhche dhubh
dorcha.



Anois nó riamh bhí Maidrín igcumhangrach
chruaidh. Do bhí sé tinn ingach ball beathadh
dhe tar eis a thuitim chómh trom chun talaimh,
agus bhí na ballaidhe dhubha adhmaid timcheall
air, as gan dul as aige go bráth arís.



Do chuimhnigh sé ar an tsaoghal bhreágh aereach
gréine ná feicfeadh sé choidhche a thuilleadh:
na luigheacháin fada 'sa luachair chois na glaise,
ag faire ar na garbhlachain, na h-amais fé na
cearca fraoich maidin úr drúchta, na piatraisce
ba mhilse méath, glaodhach na gcoileach féadha
um tráthnóna, as an ghrian ag dul fé os
cionn Chnuic-na-gaoithe siar. Do chuimhnigh sé
ar oidhche bhreágh uaighnigh chúmhra an tsamhraidh,
as a aoibhneas an siubhal aonair fé'n ghealaigh
chaoimh, as gan aon d'á bhuaidhreadh acht 'seo


L. 89


hín seó' do'n domhan codlata d'á chantain
ag na mílte gearraghuirt. Do chuimhnigh ar
gach uile nídh - ar an bhfiadhach uamhain
féin. Do shuidh sé sios ar a chorragiob,
do chaith siar a cheann as do chas an t-ologón
truaighmhéileach le neart antruime a chroidhe
istigh. Is árd as is fuigheach as is fada do
ghuil sé. B'fheárr an mhaise dhó a thuitim
le craos na conairte 'ná an bás fada mall
so imbláth a óige.



Do cualathas an lógóireacht soin leasmuich,
agus is tearc nár chreid feasta gur sionnach
sidhe é Maidrín d'imir beart fonamhaide
diablaidhe ar na bhfíagaidhthe.



Tar éis an ghuil do chur de, do chuartuigh
Maidrín Ruadh an priosún aige. D'airigh sé,
ba dhóigh leis, an macalla ag freagairt go
h-árd d'á lógóireacht ó thaobh amháin de'n
chrann. Do dhein sé piardáil ann. Seadh,
a dhróluinn na bhfeart, poll aige, agus dul
as, dul as!



Creachoil de shean-chrann chríon do b-eadh
an crann so do bhí dearg-lobhtha 'na chroidhe.
Bhí na préamhacha lobhtha meathta leis, as
ceann aca soin d'fhág 'n-a dhiaidh an poírse
puill cúmhang so ag Maidrín. B'an-
chúmhang caol é go maith, go mór-mhór
amach ann, acht bhí an saoghal sona suairc
ag mealladh Maidrín le súil na saoirseachta,
agus bhí an bás gránda millteach ar
a thí - agus gan aige d'aois acht ceithre
mbliadhna.



Bhí an poll go ró-chumhang ar fad dó sa
deireadh, acht go raibh an ithir go bog tim-
cheall na préimhe do bhí lobhtha. Acht do bhí
an t-áthas as an dúthracht ag dul in-uathbhás
arís ag Maidrín, nuair, d'aon iarracht láidir
coise, do tholl sé amach 'sa bhfuachais fairsing
go slán, saor, sábháltha, sona, as solas an
lae ghil 'na thimceall isteach as cead
na dtriúch aige arís. Níor thúisce an t-áthas
dó ná an fuair-chritheagla do bhuail go faon-
lag é. Fuair sé bolaith na mbroc, - is imbroc-
lach tháinig sé; agus níor bh'fhearra dhó tigh
an deamhain 'ná tigh an diabhail. Is aicillidhe
aireach do dhruid sé amach chun an phuill. Ní
raibh acht é féin ann istigh 'ná amuich. B'é
broclach tréigthe é. Bhí soin go maith. Acht
bhí béal an phuill ar thaobh faille áirde i
scailp fé charraig mhóir mhéiscrigh. Do bhuail
Maidrín amach 'sa scailp as d'fhéach síos
uaidh. Tháinig an t-éagcomhthrom 'sa cheann
aige a dhoimhneacht síos an gleann, agus
bhí an charraig mhór sleamhain os a chionn suas.
Do chuartuigh sé as do chuartuigh slighe as
acht níor bh'fhearra dhó é. Do bhí fuinseóigín
beag ag fás ainios ó thaobh na faille ba
dhóigh leis go mbeadh a bharra comhthromh leis
an talamh thuas, acht is beag má bhfaghadh cat
rith suas air, as níor chat Maidrín. Acht
ba mhó 'ná do shíl sé de chabhair thug an crann
soin céadna do níosa mhoille.



Do chuartuigh sé an fhuachais istigh arís,
as igceann tamaill fuair sé an tslighe eile
as do briseadh amach slat nó dhó síos ó
bhruaich na faille ar leath taobh de'n charraig
mhóir. Fuair sé lapadáil amach suas acht ní
gan duadh é. Do ghabh sé ag sceinneadh as
ag rith as ag léimrigh os cionn talaimh mar dá
mba choiléan arís é. D'imthigh air ag pram-
sáil as ag sceinn-lingeadh go dtáinig go
maoileann Chnuic-na-gaoithe, agus do shuidh
annsoin ar feadh dhá uair an chluig ag féachaint
soir ar Mhóin-na-sceithe thar na mbánta
míne. B'aoibhinn leis mar d'fhéach Glaise-
na-teoran ag lonnradh fé'n ghréin aniar.



Ba bhinn tháinig chuige 'san ghaoith scol
amhráin na gcailíní do bhí ag crúdhadh na
mbó ibhfad thall le h-ais na Glaise; níor
cheol leis go dtí é. Do chuaidh an ghrian
fé, agus annsoin iseadh d'airigh Maidrín go
raibh ocras as ióta air as go raibh sé ar
chrith le laige. Do phreab sé suas as do
thug aghaidh siar a bhaíle bháige dó fhéin ar
Choillruadh ag lorg a dhinnéir.



D'imir Maidrín an bheart soin chéadna
an chrainn eidhneáin ar na bfiagaidhthe go minic
'na dhiaidh sin gur leath a chlú as cáil a ghniomh-
artha go deireadh an domhain, geall leis.
Bhíodh uaisle ag teacht gach bliadhain anall
tar caladh ó Sasanaibh as ó'n bfrainnc as
ó chríochaibh nách iad chun go mbeadh aca
maoidheamh as gur leanadar tóir ar Mhaidrín
uaill-bheo Ruadh.



Acht lá áirithe tar éis stáire déine do
chur de bhí sé ag déanamh isteach ar an gcrann
eidhneáin aige le linn na gréine do dhul fé
os cionn Chnuic-na-gaoithe. Ní raibh dithineas
ná saothar air; bhí sé deimhin d'á sheift.



Ní raibh sé tar faid dachad ling amach
nuair do-chonnaic an crann agus é leagtha
fan talaimh roimis. Ba mhaith mithid do-
chonnaic. Do sceinn-iompuigh siar idtreo na
gréiné deirge. Do chaill sé mór-chuid
aimsire ag iompódh dhó as do bítheas isteach air
geall leis sar a raibh sé ingiorracht páirce
do'n abhainn.



An chéad uair le fada an lá bhí anfhad
bháis ar Mhaidrín. Bhí an chonairt ag tabhairt
fé go sanntach. Is maith do bhí a fhios aige
dá dtuiteadh mí-sheans d'á luighead air ná
sábhálfadh an domhan mór é. Bhí gadhar
darbh ainm Luas ag teannadh leis go h-uath-
básach. Gadhar í sin do tugadh anall ó


L. 90


Sasannaibh d'aon ghnó chun Maidrín do mhar-
bhughadh. Agus do bhí sí ar thosaich de fiche
slat roim an chonairt as í ag dul i bhfeidhm
go dona ar Mhaidrín.



Do thug sí sidhe-rith fé n-a ghreamughadh.
B'é sin a bhuac do Mhaidrín. Do dhein
cuthach de'n uamhan aige. Tháinig a mhalairt
nirt 'n-a bhallaibh, tháinig breis fuinnimh ann,
tháinig fiadhain air. Nior rith sé riamh mar
do rith annsoin. D'fág sé an gadhar gallda
'na dhiaidh mar dá mba 'na seasamh do bhí
sí, agus do bhí leith-chéad ling aige orra ag
dul 'san abhainn dó. Níor bh'éascaidhe ar
maidin é 'ná tar éis an tsnáimh do chur de.
Acht nior malladh puinn ar an dtóir, mar
do'n chonairt de; is beag marcach do lean
chómh fada iad. Bhí Maidrín idteannta go
fóil, as gan aon fhuachais 'na ghaor acht an
broclach in Aill-na-ndos.



Do dhírigh sé ar an bhfaill ámh gan coinne
aige le haon rud acht an seans amháin nár
theip air riamh fós. Bhí an fhaill chómh doimhin
díreach le balla tighe suas. Bhí Maidrín
ag déanamh ceann ar aghaidh ar an mbruaich
thuas, as an chonairt go meidhreach le n-a
chúl. Níor theip an seans air an tacha soin
acht chómh beag le riamh. Do chuimhnigh sé
ar an bhfuinseóig do bhí ag fás anios agaidh
na faille. Do dhein sé ar an áit ba dhóigh
leis 'na mbeadh sí, as gan stad nóimeint,
do chaith é fein de bhocléím tar bruaich na
faille síos. Tháinig sé in áide ar an gcrann,
do rug air go docht 'na dhrandal, agus
do b'fheárr thárla 'ná mar do shíl sé. Do
chrom an crann sios fé mar do chromfadh
dias chruithneachtan fé ghealbhan as do chaith
isteach 'sa scailp fé'n charraig go deas é.
Bhí an oiread tnútáin le fuil ar na gadhraibh
nár fhéadadar stop as an fuadar do bhí
fútha. Do chuaidh a leath go tóin na faille
céad troigh go leith síos as do marbhuigheadh
igcoinnibh na gcloch iad.



Do bítheas cinnte de nár thaise do Mhaidrín
é, acht oiread as ribe a earbaill ná fuaradh.
Níor bhfhada go bhfuaradh 'n-a steille-bheathaidh
é slán go n-a earball agus an tréan-rith
ann chómh maith le riamh. Ní raibh puinn d'á
mhearbhal ar aoinne anois nár cheart an
earradh é Mardrín, agus Maidrín féin is
amhlaidh do bhí sé ag súil le n-a chine dhaor
d'fhuascailt ó n-a mallacht, ag buadhchtain ar
neart na lámhe láidre le gliocas an mhionmhaigh.
Bhí léas eile saoghail in-áirighthe aige anois in
amhdheóin pé dhícheall d'á ndéanfaidhe air.
Indiaidh ceithre mbliadhna nuair bhi na mílte
gadhair marbh aige i mbun na faille, - agus
is iad plúr na conairte ba dhíoghbhálaighe
riamh 'san imtheacht soin -, do tugadh fear
fiadhaigh anall ó Sasannaibh, as do cuireadh
fé gheasaibh é an t-anscian púca soin do ruagadh
igceast as an tír.



Ní raibh puinn de seo dall ar Mhaidrín
féin, agus bhí a fhios aige go maith gur dhéanta
dhó faire anois indáiríribh, mar ná raibh aon
teora leis na daoinibh an tan chasaid ar na
bpiseógaibh malluighthe aca. Níor shos
feasta de ló ná d'oidhche dhó. Do leigthí saor
gach aon tsionnach eile, as is air do cuirtí
tóir gach aon lá. Agus gach lacha dár
cailleadh san dá chonntae fágadh fé é láithreach
bonn. Ní raibh saoghal circe aige 'n-a dhúthaigh
féin. Do sháruigh sé go deas cúpla uair
ar an bhfear ó Sasannaibh, acht is treise
feall ná éacht d'á fheabhas, as is deacair
teacht ó Sasannach.



An lá bróin seo luadhaim is igcoill Ráth-
luachra do cuireadh an stáir ar Mhaidrín.
Níor dhein sé díreach ar Aill-na-ndos toisc
an ghaoth do bheith adtuaidh go láidir. Agus bhí
an fhaill sé mhíle siar ó dheas uaidh. Acht
'sé do dhein ná casadh thar n-ais isteach 'sa
choill, agus d'éaluigh sé amach igan fhios
igceann tamaill. Bhí sé ar tosach de dhá
pháirc nuair fuair na gadhair a bholaith.
Deirtear, as ní h-abraim 'ná gur fior é,
gur bh'shin é do b'uath bhásaighe dá dtug Maidrín
riamh de rith.



Na gadhair do bhí 'na dhiaidh, ní raibh a sárúghadh
'ná a samhail féin 'sa domhan ar mhireacht
'ná ar lúth 'ná ar fuinneamh.



Bhí suaitheantas daoineadh idir uasal as
íseal ann, agus is 'mdho capall ann ná
ceannóchadh leath na dúithche é, agus bhí sé 'n-a
lá breágh Márta glas. Is iomdha uair nár
nídh eile do shaor Maidrín uatha acht seift
nó cleas éigin d'imir sé orra, acht ag casadh
siar ó dheas dó ó Chnoc-an-bhile, - mar do-
chonnaic sé nár bh' fhuláir dó aghaidh do thabhairt
ar an mbroclach 'sa deireadh thiar thall -,
is iongantach tánathas suas leis. Bhí sé ag
rith fan an bhóthair iarrainn amuich agus na
gadhair ag dul i bhfeidhm air go tiugh. D'airigh
sé an traen ag teacht chuige ar aghaidh. Isteach
leis de phreab tar an chlaidhe, díreach fé
rothaidhe na traeneach geall leis, agus do
ghabh treasna slán. Do marbuigeadh cúpla
gadhar as do cuireadh moill ar an bhfiadhach.



D'fhág Maidrín ar deireadh de chuid mhóir
iad go léir as soin abhaile, agus cé go raibh
sé tnáidhte faon-lag cráidhte a dhóthain tar
éis a dheich mílidhe fichead de stáir, ní raibh
aon bhruid air ag teacht igcomhghar na faille, -
bheadh sé d'uain aige a scíth do leigint istigh
'n-a fhuachais doeolais féin. D'fhéach sé ar


L. 91


a chúl orra ag déanamh isteach ar an mbr-
uaich dó. Ní fheadar an dtug sé fé ndeara
na gadhair d'á gcasadh thar n-ais; nó an
bhfeaca sé an gháire Shasannaigh sin is trom-
shúil mhillteach í do shionnach as do dhuine.
Ma chonnaic, níor thuig. Do ling sé go
pras thar bruaich na faille isteach mar ba ghnáth
do. A dhróluinn na bhfeart! cá bhfuil an
fhuinseóg uaidh? Siós, síos d'á chasadh
as d'á lúbadh, do thuit sé go tóin na faille.
Agus sin mar do cailleadh an sionnach do
b'feárr dár rith riamh i dtalamh na hÉireann;
agus Sasannach fé ndeár an feall, Sasannach
do gheárr an fhuinseóg.



Sealgaire do scríobh


L. 95


An Bás



A Ghaedheala na bpáirt, nach orrainn atá
an mí-ádh: ár seacht sáith d'obair romhainn
agus gan leath ár ndóthain de chongnamh chuici.
An amhlaidh nach mbíonn neart daoine n-óg
sásta cuidiughadh linn agus an obair do ghabháilt
le n-ais? Ní headh. Ro-mhaith agus ro-dhúth-
rachtach atá a lán aca. Acht is ar éigin
bhíos siad oilte do'n obair i gceart nuair
glantar leo thar sáile, agus donacht ar fad an
sgéil imteacht gan teacht do bheith ortha.
Bíonn cathughadh mór orrainn 'n-a ndiaidh
sin, acht cia an t-ádhbhacht a gcaill i gcomórtas
leis an gcreich atá an bás a dhéanamh. Is
iomda deagh-Ghaedheal dúthrachtach dílis do
tháinic de chabhair chugainn le gairid agus níor
túisge ann 'ná as dóibh. Mícheál Breathnach
agus Eibhlín Nic Niochaill an bheirt is mó a raibh
dóchas asta ag Connradh na Gaedhilge le
fada an lá agus



"Le Geimhreadh a saoghail níor tugadh
spás dóibh,



Ná go Foghmhar féin níor fhan an bás leo.



Acht i dtosach an t-Samhraidh do rinneadh
dubh-fhásach



D'obair an Earraigh, is é go bláthmhar."



Níl acht cúpla mí ó shoin anois ann ó
tháinic sgéal dubrónach eile chugainn nuair
ba lugha bhí coinne againn leis. Deagh-
Ghaedheal eile, an t-Athair Toirdhealach Mac
Samhradhain, stuaidh Chonnartha na Gaedhilge
i gCábháin, do bhí ar lár. Ba chruaidh ár
gcás agus ba mhór ár mbrón, acht b'é toil Dé é.
"Bás na mairtíreach síol an chreidimh" do
deirtí san am fad ó agus cá bhfios dúinn nach
ionann sgéal do'n Ghaedhilge anois é.



A Thighearna ba bheag an spás do thugais
dó, acht nach áidhbhéil an méad do rinne sé
ar Do shon-sa agus ar son Éireann i gcúig
bliadna déag is fiche? Le linn a óige
ní chualaidh sé fiú focail amháin Ghaedilge
riamh, acht do chruthuigh sé go maith ar a shon
sin féin. Níorbh fhada i Mhuig-Nuadat dó
gur chrom sé ar a foghluim go dian is go


L. 96


dícheallach. Agus d'fheabhsuigh sé chomh maith
sin gur mhinic do thug sé an chraobh leis ó
shean-ghaedhilgeoiribh san sgrúdughadh. Gidh
nach raibh sé annseo acht dhá bhliadhain nuair
cuiread dlúthas le hobair Chonnartha Chuilm
Naomhtha ar dtús bhí sé i n-an' lámh-chonganta
mhaith do thabhairt do'n Athair Seaghán Ó hÉidhin.
Ba mhó a chumhacht ar son na Gaedhilge de bhárr
an cheana agus an mheas' a bhí air ag cách 'n-a
aitheantas. B'é an chéad duine do labhair
an paidrín ás Gaedhilge i dThigh na Sóisear,
nós d'á leantar ó shoin i leith. Ar a bheith
'n-a shagart dó do chuir sé an chéad buidhean
Ghaedhilge ar bun i gColáisthe an Chábháin.
Togha mhúinteóra do bhí ann - go sultmhar,
bríoghmhar, maith - agus rinne sé leas mór do'n
cúis 'san mbuidhin sin. Ba bhuaine fós
toradh a choda oibre i measg na sean-
Gaedhilgeoirí 'san tuaith. Do mhúin sé dhóibh
meas do bheith aca ar a dtheangaidh féin,
a gcuid airgid do chaitheamh ar son na hÉireann
agus gach rud eile d'ar chuibhe do Ghaedhealaibh
do dhéanamh. Is beag an t-ionguadh gur
mór an sgéal leobhtha a bhás agus gur minic



Guidhid n-a gcroidhe bhocht chráidhte
Go mb'árd a shuideachán i bhFlaitheas
Dé istigh.



E. Mac G.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services