Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Cháisg 1909
Title
An Cháisg 1909
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1909
Publisher
M. H. Gill agus a Mhac
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Litir don phapa Ag so síos litir do cuireadh chuige le macradh Muighe Nuadhat Agus a Iúbaile Dá Comóradh. Do Sheosamh Sartó .i. Easbog na Róimhe agus Comharba Pheadair. Muinntir comhlucht Colmcille .i. mic Léighinn atá isan choláiste se Muighe Nuadhat in Éirinn do chuir chugat an litir se. A athair na gcríostaidhe n-uile agus a fhir ionaid Dé ar an talamh, caogad bliadhain duit i do shagart i mbliadhna agus an domhan mór ag taisbeáint duit an áthais atá orra an méid sin de do shaoghal do bheith slán agat, agus iad ag cur a n-athchuinge chum Dé tú do bhuanughadh i gcathair na Róimhe agus beannacht na ngrás do chur anuas ort, éirghimíd-ne agus do-ghnímíd-ne deithneas ag triall ort leis na briathra so, óir is eadh is dóigh linn nach cóir go bhfanfaimís-ne amach uait, sinn-ne do shíolraigh ó na mairtíribh d'fhulaing na míle agus na mílte lot a dhílse do bhíodar don chreideamh agus do gach pápa do bhí ann le n-a linn. Adhbhar eile fós .i. go rugamar do roghain sinn féin do chur i gcóir isan choláiste se chum ár mbeathadh do chaitheamh mar shagairt i measc na ndaoine agus chum an t-sean-chreidimh agus na sean-nós do athnuadhadh agus do dhaingeanughadh agus chum a chur in iúl dár dtreud dá dhílse bheid siad duit-se gurab eadh is giorra bheid in a gcroidhe agus in a n-intinn do n-a seacht sinnsearaibh do ghabh rómpa is an tír se na hÉireann. Agus, a athair, is ró-mhaith is eol dúinn do réir teagaisc ár n-easbog féin ná fuil aon t-saordháil ag baint leis an obair do ghabhamar do láimh do dheunamh mar atá na droch-leabhra agus na droch-pháipéir ó lámhaibh na n-eiriceach dá dteilgeadh thar lear isteach chugainn anall gach aon lá agus tuigimíd in ár n-aigne muna bhfaghbhtar amas éigin orra súd chum iad do scrios as an dúthaigh, gurb é deireadh bhias orainn .i. an creideamh do dhul in eug agus na daoine d'éirghe amach i gcoinne airchinneach na heaglaise. Agus tuigimíd fós gurab é cóir is fearr do cheapfaidhe chum an chreidimh do chosaint ná na daoine do chasadh ar an nGaedhilg arís agus leabhra Gaedhilge do thabhairt dóibh le léigheamh. An feadh is í an Ghaedhealg bhias dá léigheamh aca ní baoghal don chreideamh, óir is ar ár láimh féin agus fá réir lucht ceannais na heaglaise atá cló-chur na leabhar nGaedhilge. Is í an Ghaedhealg caint an chreidimh, mar is tré an nGaedhilg do craobhscaoileadh an creideamh ar dtúis, agus is tré an nGaedhilg tháinig an creideamh chugainn féin glún ar glúin ó n-ár seacht sinnsearaibh anuas. Is ar an Ghaedhilg thar teangadha na cruinne atá fíor-bhlas an chreidimh agus is í an Ghaedhealg an chaint is mó théid síos i gcroidhe na ndaoine. Dá bhrígh sin le cead uachtaráin an choláiste agus na n-easbog tángamar ar toil a chéile agus do ghabhamar de gheasaibh orainn ná scaoilfimís tarainn aon uair an chloig sosta do gheobhamaois ó ghnáth-obair an choláiste gan dul go dtí teach na leabhar annso agus congnamh do thabhairt chum cló do chur ar gach sean- mheamram dá bhfuil ann ionnus ná beadh sé le rádh ag an dúthaigh gur cheileamar orra na leabhra breaghdha diadha do scríobhadh anallód agus go rabhadar díomhaoin againn-ne annso agus iad féin in a bpráinn. Acht, a athair naomhtha, leagadh meisnigh iseadh cuimhneamh ar méid na hoibre se atá romhainn agus ar laighead ár n-acmhuinne agus laige na hóige, agus iar dteacht dúinn ós do chomhair indiu leis an litir se dod mholadh agus do thabhairt buidheachais le Dia thug slán gus an lá indiu thú, iarraimíd ort-sa do athchuinge do chur suas chum Dé ar ár son agus beannacht na n-asbol do thabhairt dúinn go léir. Roibeard Fullerton, Sagart Seán Ua hEidhin. Sagart Liam Ua Cinnéide, Sagart Seumas Mac Cionnaoith, Sagart Seán Ua Céileachair, Sagart Pól Breathnach, Mac Léighinn Tomás Ua Dubhghaill, Mac Léighinn Seumas Ua Conaill, Mac Léighinn
Irisleabhar Muighe Nuadhad Leabhar I An Cháisg, 1909 Uimhir 2 Eachtra Lámhainní Síoda Inso síos Dhá threibh daoine do bhí ann ar linn na heorna
gile do theacht ar an saoghal an cheud uair agus gan breith thíos ná thuas aca ar a n-anál le neart a scím chum díoghbháil do dheunamh do n-a chéile. Do bhíodh na tighthe tré theinidh aca agus an talamh díomhaoin agus fiadhailí agus feochadáin thar na claidhtheachaibh ar fud na dúithche agus an t-arbhar ag dreóghadh istigh ins an eathala
cnámha daoine ar na bántaibh agus gan aoinneach ann chum cré bheannuighthe na reilige do chaitheamh orra. Sa deireadh nuair do bhí an-chuid daoine marbh agus leónta, adubhairt duine éigin ná feadar sé cadé an chúis an cogadh sin agus cad bhí dá bhárr ag aon chuid aca. Adubhairt duine éigin eile an chaint cheudna agus do bhí gach aoinneach dá rádh ar ball agus is é an deireadh bhí air gur aontaigh Feargus Óg .i. an fear ba mhó éifeacht ar treibh aca inghean fir ón treibh eile do phósadh agus gan a thuilleadh bruighne ná achrainn do bheith aca as sin amach. Do tógbhadh teach breaghdha feirmeach dóibh ar teóra an dá dhúthaigh, agus do bhí táinte bó is na gleanntaibh aca agus treuda caorach ar na cnocaibh; do bhí lucht oibre aca do-ghníodh a ngnó go díreach macánta agus fuair a gceart bídh agus codladh; do bhí meas ag na comharsanaibh go léir orra agus is chucha do thiocfaidís d'iarraidh congnaimh chum maireachtain nó comhairle a leasa; agus do chuirtí fáilte roimh lucht ceóil agus aoibhneasa agus gach duine ar mhaith leis teacht agus tamall den oidhche do chaitheamh ar an teinnteán. Tháinig draoidheadóir ar an áit i gcló duine uasail a dtugadh Lámhainní Síoda air.
cnapaí airgid ar a chasóig ag imtheacht aige agus buataisí móra ar a chosaibh a raibh leathar dearg agus leathar buidhe agus leathar dubh ionnta agus spuir órdha ar a shálaibh agus fuip dá reir.
fáinní ar a mheuraibh agus in a chluasaibh agus cleite fada as a hata, agus de shíoda ba eadh a chuid eudaigh ar fad. Aoinneach chomh deallramhail leis ní fhacaigheadh
ar an áit riamh roimh sin. D'fhan sé ar lóistín ag Feargus Óg, agus do bhí gach aoinneach an-shásta leis, do bhí sé chomh séibhialta
sin. Do thaisbeánadh sé a chuid eudaigh agus saidhbhris do sna daoinibh. Adeireadh na sean-daoine gur bhfearr leó féin na fáinní agus na bioráin óir do bhí ag bean an tighe mar go rabhadar chomh bog, nádúrtha sin le feuchaint orra nár dhóigh leat nach fás do-righneadar agus ná fuaradar aon ghoradh ariamh ón teine agus nár bhain gabha ná saor leó riamh. Adeiridís Leis ná raibh is na seódaibh ar fad do bhí ag lámhainní Síoda acht obair mhí-mhaiseamail agus go gcuirfidís i ndeallramh leó an dranna gáire bhí aige féin. Adeireadh an dream óg gur mhinic dóibh cuimhneamh ar daoinibh ó áiteannaibh leath is amuigh agus nár rioth sé leó go raibh a leithéid ar an saoghal araon chor a bhreághthacht do bhí sé agus an chanamhain cainte do bhí aige. Agus is iad sin thug Lámhainní Síoda air agus do bhíodh an ainm ceudna ag an sean-dream air acht amháin gur le searbhas adeuraidís é. D'iarr Lámhainní Síoda ar Feargus an dtiubhradh sé ionad tighe dhó. Adubhairt sé go dtiubhradh agus fáilte agus gur bhreághdha leis a chuideachta. Do chuir Lámhainní ráil thimcheall na háite ar fad agus do chuir sé roinn tor síos in san talamh chum gach seomra do bheadh aige do thaisbeáint do sna comharsanaibh, agus ní righne
sé acht an méid sin ar feadh na huaire sin. Do bhí Feargus Óg ag obair sa pháirc lá, agus tháinig Lámhainní Síoda aníos an bóthar agus adubhairt le Feargus: nach iongantach
a luighead measa ag do bhean ort? Adubhairt Feargus Óg gur chuma. Do chuaidh Lámhainní Síoda annsin go dtí a bhean agus do chuir breug ar Feargus dá rádh go ndubhairt sé gur chuma leis meas do bheith ag a bhean
air féin nó gan bheith. Adubhairt an bhean go raibh an droch-chroidhe agus an droch- theanga riamh ag Feargus Óg. Nuair do bhí na comharsain bailighthe isteach an tráthnóna ceudna, d'éirigh an bhean ag an teinidh agus adubhairt nár bhain lé féin riamh acht daoine a raibh strus agus geall orra agus daoine macánta agus ná raibh ag a fear ná ag ar bhain leis acht an méid do ghoideadar, agus "an bhfaca aoinneach beó," arsa sí, "aon rud chomh canta, chomh deagh-snoidthe leis na coindleoiríbh práis thugas-sa liom ó thigh m'athar?" D'éirigheadar chum a chéile annsin agus adubhairt na daoine go mbeadh an cogadh ar bun aca arís, agus adubhairt firín do bhí muinteardha le Lámhainní Síoda gur bh'feárr an t-achrann d'fhágbháil fa rádh beirte, acht gur dheacair beirt d'fhaghbháil, agus go mbféidir nár bhfearr rud do- gheunaidís ioná é d'fhágbháil fa dhuine éigin ó áit leath is amuigh. Adubhairt gach aoinneach annsin gur mhaith an cuimhneamh uaidh é, agus cá bhfuighbhidís fear ní badh dheallramhla ioná Lámhainní Síoda. Do léig sé air annsin nár mhaith leis aon chur isteach do bheith aige ar ghnó daoine eile agus gurbh é sin an beus do bhí riamh aige; má seadh fhéin mar shásamh do gach aoinneach go ndeunfadh
sé an rud d'iarradh
air, acht go gcaithfeadh sé leabhra móra do léigheamh agus dul i gcostas trom. Nuair do bhí na leabhra ar fad léighte aige do-righne sé a rádh eatorra, acht do chaitheadar na coindleoirí do thabhairt dó an cheud uair agus píosa maith talmhan in a bhfochair mar chostas an dlighidh. Sé an rádh do-righne sé nach, má adubhairt bean an tighe an rud adubhairt sí féin go ndubhairt sí, go raibh an ceart aici, acht má adubhairt sí an rud adubhairt a fear go ndubhairt sí, ná raibh an ceart aici; agus má adubhairt fear an tighe an rud adubhairt sé féin go ndubhairt sé, go raibh an ceart aige, acht má adubhairt sé an rud adubhairt a bhean go ndubhairt sé ná raibh an ceart aige. Annsin adubhairt an bhean go raibh an ceart aici féin agus d'éirigh an fear in a coinne agus dubhairt gur aige féin do bhí an ceart, agus má's olc do bhí an cheud achrann do bhí aca is measa go mór ioná sin féin an dara achrann. D'fhóbair go mbuail- fidís féin a chéile, acht adubhairt an firín gan é do dheunamh acht é d'fhágbháil arís fa rádh Lámhainní Síoda. Do chas Lámhainní Síoda ar na leabhraibh arís agus b'fhada an mhoill do bhí air go rabhadar ar fad léighte aige. Sé an rud adubhairt sé annsin go raibh an ceart ag an mbean
do réir an t-sean-reacht agus go raibh an ceart ag an bhfear do réir an dlighidh nua agus nach eól do aoinneach cia aca dligheadh ar cheart géilleadh dhó. Agus as an mbreath sin d'éirigh bruighean eile, agus mar sin do bhí. Ní raibh in aon bhreath thug sé acht adhbhar achrainn, agus do bhí na costaisí ag dul i méid sa tslighidh ná raibh páirc ná beathaidheach aca, agus ba éigean dóibh an tigh breaghdha d'fhágbháil agus dul isteach i mbothán bocht. Ní raibh a gcuid ná a gclú aca. Aon lánamha bheó chomh dealbh leó ní fhaca aoinneach riamh agus ní fheicfidh go deóidh. Do bhí gach aon rud ag Lámhainní Síoda annsin agus do thóg sé caisleán mór agus do bhí saidhbhreas agus arm aige. Do chuir sé d'fhiachaibh ar na daoinibh teacht go dtí a chúirt féin agus do bhí hallaí móra a raghaidís isteach ionnta chum a gcúis do phléidhe. Do chuir sé in a luighe orra gur mar sin do-ghníthí i ngach tír i raibh dlighthe, breitheamhnas, agus ceannacht. Do bhíodh gach aoinneach ag aithris na bhfocal sin agus cuid aca nár thuig iad. Adeireadh an sean- dream gurbh fhearr leó an tslighe bhog ghaedhealach do bhí aca sa tsean-aimsir agus go raibh an iomarcaidh réim fá an strainséir seo ná feadar aoinneach cad as é nó cia ar dhíobh é ar aon chor. Acht do bhí an sean- dream ag dul i laighead gach bliadhain tháinig agus ní raibh aoinneach ar an mbaile sa deireadh a raibh an sean-nós aca. Fé
fhuair bean Fheargusa bás do bhí cúiplín aici. Do bhí Tadhg aici mar ainm ar leanbh aca agus an Spuirín aici ar an leanbh eile. Níor airigh na comharsain riamh an ainm sin Spuirín agus b'ait leó é. Adubhairt an bhean go dtug sí an ainm sin air mar mhórtas don bhfear mhacánta sin, Lámhainní Síoda a raibh na spuir ar a shálaibh aige, agus go raibh buidheachas a croidhe aici air; meireach
é sin go mbeadh sí féin agus a fear ag achrann go deóidh, agus nárbh mhór an ní go dtug lámhainní cead
maireachtana dhóibh ar aon chor? Do bhí an bheirt leanbh seo ag súgradh lá i macha na sean-fheirmeach agus aon bheirt garsún badh dheise snódh, badh láidre lámh, agus badh luaithe cos níor cuireadh riamh ar an saoghal. Do bhí Tadhg in a sheasamh ar bhárr puirt agus sean-hata ar a leath-cheann aige agus do bhí an Spuirín d'iarraidh é do chur dá chois. Do bhí taca ag Tadhg le n-a shálaibh sa phort. Do bhí sé dá lúbadh féin agus dá bhogadh féin agus neart a ghualann aige i gcoinne an Spuirín gibé'r domhan taobh a dtiubhradh sé fobha féig. Agus is iad na focail bhí aige nach
Mise an sean-rí 's ní bhogfar mo ghreim, 'S ní bhainfear anuas díom mo choróinín beag binn. Do bhí Lámhainní Síoda ag gabháil an bhóthair leath is amuigh agus d'fhan sé ag an ngeata ag éisteacht leó agus gach aon gháire aca. Do leath a shúile air le iongantas agus le dóighteacht croidhe. Dar an mbaiste, ar sé, is baoghal damh-sa na buachalla úd. Atá misneach agus meabhar aca. Dogheuna droch-rud díobh sin fós, acht bainfead-sa siar asta. Do chas sé a bhaile arís comh mear 's do bhí aige. Do labhair sé le sean-draoi de sheirbhíseach bhí i bfeidhil na gcaorach ar an móinfheur aige dá chur i dtuigsint dó cad do bhí uaidh. Do-righne an sean-draoi fiach dubh dhe féin agus d'éirigh in áirde ar an aer agus cnapán luaithe in a bheul aige. Níor bhfada go raibh sé ag luasgadh ós cionn na ngarsún agus ag greadadh a sgiathán. Do theich na garsúin ar a ndícheall. Do bhain barr-thuisle do an Spuirín beag agus do thuit sé ar a bheul agus ar a aghaidh agus do thuit Tadhg anuas air. Do sgaoil an fiach dubh anuas chucha an cnapán luaithe. Do bhris air agus é ag teacht anuas agus do- righne ceó dhe. Do leath an ceó sin ar feadh an eudain ar Thadhg agus ar feadh na gcos ar an Spuirín. Tháinig neul codlata agus fantais orra annsin, agus níor dhúisigheadar as an gcodhlad sin fa cheann trí lá 's oidhche. Ní raibh a shiubhal ag an Spuirín ná a radharc ag Tadhg. Tháinig mar do bheadh bróga iarainn ar an Spuirín agus is ag lámhachas do bhíodh sé. Níor fhás sé pioc agus do bhí sé in a chreutúir beag suarach as sin amach. D'fhás Tadhg go hiongantach agus i gceann cúig bhliadhan do bhí sé in a fhathaigheach
mór, acht ní raibh aon leus radhairce aige. Nuair do bhí an méid sin deunta ag lámhainní Síoda do-righne sé seacht ndígre- acha
leathana doimhine timcheall an chaisleáin mar chóir cosanta air agus do thóg sé seomra mór sa chúirt leath istigh agus tug sé cuireadh don tuaith teacht agus bheith ag caint ann agus aon rud do bheadh uatha do chur in iúl dó. Tángadar ann, agus ní fhuaradar réidhteach ró-mhaith le n-a chéile. Do bhí costaisí móra ag baint le gach aon rud agus ba éigean dóibh gó léir bliadhain oibre do thabhairt in aisge do Lámhainní Síoda mar ná raibh an t-airgead aca. Do bhí toradh a sláinte aige agus é ag magadh fútha ar fad. Le linn na haimsire sin do bhí an Spuirín in a shuidhe ar an gclaidhe lá. Do bhí búna síoda báin timcheall ar a mhuineul. Ní fios cá bhfuair sé é. Do bhí an-thaidhbhse air as mar is giobail ar fad ba eadh an t-eudach do bhí air. Cad do-chífeadh sé chuige ag teacht anuas le fánaidh an chnoic acht bean shiubhail agus leanbh beag le n-a cois agus sgeabha reatha fútha agus madraí Lámhainní Síoda asta. Do chaith sé é fhéin anuas den chlaidhe ar lár an bhóthair agus do-chuaidh sé ag lapadán agus ag lámhachas ag fóirint orra. Nuair do-chonnaic na gadhair ag teacht é, tháinig sgannradh orra agus do chasadar ar an nóimeint. Adubhairt an bhean shiubhail: "Atá buidheachas agam ort, a bhróga iarainn. Atá casóg mo mhic annso stractha ag gadharaibh Lámhainní Síoda agus atá mo lámh gearrtha aca agus atá sí ag tabhairt fola. An bhfuil aon rud agat do chuirfinn thimcheall uirre?" Do bhain an Spuirín dé an búna breaghdha geal síoda do bhí thimcheall ar a mhuineul agus thug sé dhí é. D'ionntaigh an bhean air annsin: "A bhróga iarainn," arsa sí, "ní dual athar duit bheith mar atá tú. Téighir go dtí Sean-Chailleach na Sgáthán síos in íochtar an ghleanna agus abair lé gurab iad an Mac agus a Mháthair do chuir chuiche thú fá dhéin comhairle do leasa agus cuimhnigh ar an lá so go lá do bháis." D'imthigheadar annsin agus ní tugadh síos cá'r ghabhadar. Ar theacht an tráthnóna do bhí an Spuirín ag tairsinn doras Cailleach na Sgáthán. "Bail Dé ar a bhfuil annso istigh," arsa sé. "Dia's Muire dhuit," arsa an chailleach. "Fios mo leasa ort, a Chailleach na Sgáthán," arsa sé. "Cia adubhairt leat teacht?"
arsa sí. "An Mac agus a Mháthair." Ní raibh focal ag an chailligh agus do shíl an Spuirín ná labharfadh sí ar aon chor. Do- chuaidh sí go dtí an doras agus d'fheuch sí amach agus do chas sí arís. "Tusa Bróga iarainn?" arsa sí. "Is mé," ar seisean, "fios mo leasa ort?" "Ceart gan eagla, gan chath, ní raibh sé riamh le faghbháil ó fhear na hurchóide. Oidhche i ndiamhair coille agus coimhthionól daoine ag glaodhach in áirde ós bhur gcionn. Oidhche ar mhaoil an t-sléibhe agus rian bhur gcolann ar an gcarraig luim agus gan oiread 's cúnach ag fás uirri, aiteann gan bláth agus crann giúise breac-críon agus tobar fíor-uisge i lár na habhann agus gach coiscéim siar ó thuaidh agus deun- faid
cosa gan siubhal eólas do shúilibh gan radharc." "A chailleach na sgáthán," arsa an Spuirín agus é ag gabháil amach an doras, "cad is cor dom chosaibh féin?" Do bhí sé ag lapadán agus ag lámhachás leis i gcomhnuidhe agus d'fhóbair go gcaillfeadh sé na focail adubhairt sí: "brisfear claidheamh agus sleágh i gcomhrac agus ní bhf'láir
díbh na cosa cruadha bheith ag duine agaibh." Do-chuaidh an Spuirín go dtí iothlann Lámhainní Síoda ar lorg a dhearbhráthar. Do bhíodh sé ag tarraing ualach fá thrucail gach lá do Lámhainní Síoda dáltha aon bheathaidheach agus is san iothlainn do chodailigheadh sé ar feadh na hoidhche. "I do chodladh athá tú, a Thadhg?" arsa an Spuirín. "Ní headh, a dhearbhráthair." "Éirigh as sin. Cuir mise ar do ghuailnibh agus bí ag cur díot. Deun- faidh
cosa gan siubhal eólas do shúilibh gan radharc. Is agam-sa atá na súile, is agat-sa atá na cosa. Cuirfimíd a mhalairt de dheallramh ar an ndúthaigh seo nuair chasfaimíd." D'imthigheadar leó annsin. Níor mhisde don Spuirín a rádh go raibh na súile aige: do-chífeadh sé na cuileóga ag teicheadh ó na fáinleogaibh lá samhraidh agus do mheabhróchadh sé agus do chóimhreóchadh sé na ruibí do bhainfeadh na heunlaithe de dhrom asail ar linn neadaireachta. Agus níor mhisde dó a rádh go raibh na cosa ag Tadhg: mar thiubhradh sé cnoc de léim agus gleann de thrioslóig agus ní chuirfeadh sé i bhfáith loch ná coill. Do bhíodar ag imtheacht leó riamh 's choidhche, agus nuair bhí an deidheanaighe ag teacht an dara lá rángadar an choill do bhí chomh tiugh ag bileogaibh crainn ná raibh caoi aca ar na réiltíní féin d'feicsint ar an aer. Do bhí na preucháin ag sgreuchadh in áirde ós a gcionn: ""Oidhche i ndiamhair coille,"" arsa an Spuirín, ""agus coimhthionól daoine in áirde os bhur gcionn." A Chailleach na Scáthán, arsa sé, atá cuid de do chuid cainte tar éis teacht chumh críche. Siubhail leat go dtanóchaidh na crainn go bhfeicfidh mé iad." Níor bhfada go bhfaca sé na preucháin ar an aer. Do bhí trí sgata mór ann díobh agus iad go léir ag grágallach
sa t-slighidh go ndubhairt Tadhg gurab iad na deamhain aereach bhí ann. Sa chodladh dhóibh d'airigheadar duine ag caint, agus aon ghuth chomh binn níor airigheadar riamh roimh sin. Do bhí an duine sin ag rádh leó gurbh mór an meisneach do bhí aca, go raibh an-chuid oibre deunta aca acht gan dul ró-fhada ó bhaile. "A Spuirín," arsa Tadhg, "nár bhfearr dúinn casadh." "Ní fearr," arsa an Spuirín, "éirigh as sin, cuir mise ar do ghuailnibh agus beidh an meisneach agat arís." D'imthigheadar leó annsin. Ar theacht an tráthnóna arís do bhíodar ar sliabh an t-sneachta, agus ar mhaoil an t-sléibhe sin ar an gcarraig luim do chodail- igheadar ar feadh na hoidhche. Ní haon chodladh sámh do-righneadar mar do bhí daoine ag labhairt leó tré n-a gcodladh agus dá rádh go raibh an domhan ag magadh fútha anois agus ná raibh oscar céille ná meabhrach aca. "A dhearbhráthair," arsa Tadhg, "ní fearr dúinn bheith ar a thí." "Éirigh agus bí ag cur díot. Sé an lá indiu an lá déidheanach atá orainn." Agus d'fág- bhadar rian a gcolann ar an áit i gcodailigh- eadar i lár an t-seaca. D'imthigheadar leo arís. Do-righneadar brúscar de na coilltibh agus poill criadh briste de na locha. Cubhar na habhann ar na crannaibh agus iasg na habhann ar na portaibh. Agus ar linn na gréine ag dul fé do- chonnaic an Spuirín an aiteann tré theinidh fiche míle amach uaidh agus crann giúise le n-a ais do bhí breac-críon ag an teas. Tamall beag amach do bhí an abha, agus adubhairt an Spuirín dul go dtí carraig dubh do bhí in a lár. Do bhíodar ar an gcarraig ar an nóimeint. Fuaradar an fíor-uisge ón tobar. Do nigh Tadhg a shúile agus do bhí an radharc agus an misneach aige. D'éirigh buile air annsin agus má's gairid do bhí sé ag
teacht, ba ghiorra ioná sin do bhí sé ag casadh arís. Do bhí an cogadh ar siubhal nuair do chasadar mar do bhí gach aoinneach cortha de lámhainní Síoda. Do bhí daoine ag teicheadh agus daoine eile ar a dtóir. Níor dhada le Tadhg na dígreacha
do bhí thimcheall an chaisleáin, agus ar iompódh na baise do bhí sé ag an doras. Do leag sé uaidh an Spuirín ar an bpáirc. Do bhí sleagh agus claidheamh aige. Do bhuail sé buille ar an gcuaille comhraic. "Cuirim ort, a Lámhainní Síoda," arsa sé. "Léigim leat," arsa Lámhainní Síoda. An té raghadh ó íochtar an domhain go dtí uachtar an domhain ag feuchaint ar chath agus ar chruaidh-comhrac, is orra féin badh chóir dul ag feuchaint. Do dheunfaidís
ball bog den mball cruaidh, do tharraingeóchaidís tobracha
fior- uisge tré chroidhe na gcloch nglas, le foiréig- ean uilc agus urchóide chum a chéile go dtí go raibh an t-sleagh agus an claidheamh do bhí ag Tadhg briste in a mblodhnaibh. Do bhí an Spuirín thíos ag cosaibh a dhearbhráthar. Do phreab sé ar a ghlúnaibh. "Adubhairt an chailleach," arsa sé, ""brisfear an claidheamh agus an t-sleagh agus ní bhf'láir díbh cosa cruadha bheith ag duine agaibh. Beir orm agus sgaoil chuige mé." Rug sé air agus do chaith sé leis é. Do bhí Lámhainní Síoda ar linn an buille do tharraing chum an ceann do bhaint de Thadhg. Do bhuail an dá chois iarainn a sgiath, agus do chuadar isteach tríthe dá mbadh amhlaidh 's ná beadh ann acht braitín lín eudaigh gur bhuail an dá shál sa dá shúil ar Lámhainní Síoda agus do thuit sé in a phleist den mbuille sin. Do bhí an caisleán agus na talmhaintí ag Tadhg agus an Spuirín annsin. Do bhí feusta agus cóisir aca an oidhche sin agus do bhí na coindléoirí práis ar an mbord aca. D'ar
n-a bhárach, do-chuadar go dtí teach Cailleach na Sgáthán. Ní raibh aon teimheal le feicsint dí féin ná dá tig acht do bhí bean óg álainn ar an áit, agus do bhí an Mháthair agus a Mac ann in a fochair. Do bhí gile na gréine ar a n-aghaidh agus ar a súilibh. "An bhfanfa sibh in ár bhfochair go deóidh?" arsa Tadhg. "Ní bheimíd i bhfad uaibh, arsa an Mháthair. Agus níor innis mo shean-athair cad ba chor dóibh annsin. An fear d'innis an sceul so damh-sa, adubhairt sé gurab é an scoláire mór d'innis do n-a shean-athair an cheud uair é, agus aon rud adubhairt an scoláire mór go dtioc- fadh sé chum críche. Is dóigh liom féin go bhfuil tagairt ann do sheanchus na hÉireann, agus gurab ionann Láimhinní Síoda agus muintir Shean-Shasana, agus gurab ionann Tadhg agus muintir na tuaithe a bhfuil cóir agus glaine na Gaedhilge aca gan fhios dóibh féin, agus gurab ionann an Spuirín agus muintir na mbailte mór thug eólas agus misneach do mhuintir na tuaithe. Má is fíor sin, atá cuid den tairngireacht so ná táinig chum críche fós. Cros na nAingeal
An Ghaedhealg isan Iolscoil Cad chuige Iolsgoil? Atá, chum go mbeadh gach cinéal foghluma, agus gach réim árd- oideachais ag macaibh léighinn pé tír pé treabh dóibh, nó pé bocht saidhbhir iad. Ní déarfadh aoinne ná gurab iad eagna agus anam-eolas, feallsamhnacht diadha agus béasach na foruis is foirtile agus is féile agus is tábhachtaighe atá ar toirbhirt ag Iolsgolaibh. Acht cad mar gheall ar gach cineál eile léighinn? Badh cheart go bhfuigh- idís sin an taoide is dual dóibh le h-aghaidh na ndaoine chuireann spéis ionnta, acht i nIolsgoil deighcheapaighthe 'sé eolas is ionnruice agus is aoirde ná ealadha na haigne agus na nádúire. B'í sin tuairim na ndaoine do chéad-leag clocha buinn na nIolsgoil ins an aimsir i n-allód. Do shíleadar go mbeadh tabhairt suas maith ar na macaibh léighinn dá mbeadh príomh-adhbhar na n-uraiceacht aca agus, mar aon leis na tréithibh eile, eolas maith ar a dteangain féin; iad a bheith i n-innmhe í do léigheadh agus do sgríobhadh gan doice gan doladh agus gach ar bhain le seanchas follasach a dtalaimh dúthchais agus le iomláine eachtra a sinsear a bheith de ghlanmheabhair aca. B'oireamhnach an oileamhain é sin do shaor- chineadh. Ba leor fós é d'fhear géarchúiseach agus go mór-mhór do dhuine ná féadfadh teacht ar oideachas deagh-mhúinte tré easbh- aidh maoine chum slighe mhaith maireamhna d'fhagháil as a bhféadfadh sé, le haireachas agus le háirdeall, do choigilt - is gan sprionnluightheacht do chur 'n-a leith. Dá mbadh rud é go mbeadh na tréithe sin ag na macaibh léighinn ag dul go dtí an Iolsgoil, d'fhéadfaidís leanamhaint ar gach adhbhar foghluma badh mhaith leo agus bheadh sé ar a gcumas an fhoghluim sin d'fhagháil tré n-a dteangain dhuthchais. Acht "ní mar a síltear bítear." Ní raibh aca an fíor-eolas forusta ba dhual dóibh 'sa teangain. Agus ní'l aon athrughadh saoghail againn anois seachas an t-am úd. Dá mbeadh, ní bheimís i gcumhangrach agallmha agus aighneasa mar atáimíd fé láithir. Ó's mar sin atá ní misde dhúinn a fhiafraighe dhínn féin cá bhfuil an locht? Is í mo bharamhail-se, agus ní baramhail gan bharánta í, go bhféadfaidhe an milleán do chur i leith na sgol n-íochtarach, de bhrígh nár fromhadh ionnta na sgoláirí i dteagasg tuigsionach ar dhálaibh ná ar nodaibh ar dteangan. Acht, ná stadaimís annso ag sileadh na ndeór os cionn an mhí-thapaidh sin. Deinimís iarracht go mion agus go minic le lághacht agus le cinéaltas chum a chur 'n-a luighe ar uachdar- ánaibh na sgol úd gurab é a ndualgas dleaghthach athnuadhchain ceart do dhéanamh ar an nGaedhilg agus sgaipeadh agus díbirt do chur ar a n-éirimíbh leath-ghallda; go bhfuil muintir na tíre go léir ar aon aigneadh gur fearr seasamh ar ar mbonnaibh féin ná bheith i dtilliomaighe aon duine; agus ar an adhbhar sin nach ceart dóibh féin fanacht ar gcúl, acht beartaidheacht mhór do thionnsgnadh chum oibre na Gaedhilge. Ó's soiléir, mar sin, ná deintear an Ghaedhilg do mhúineadh go dlisdeanach agus go deachtuighthe ins na sgoileannaibh iochtar- acha, ís í ceist is tabhachtaighe dá mbaineann leis an Iolsgoil nua do Ghaedhilgeóiríbh, ná cionnus is fearr cuirfar an Ghaedhilg dá múineadh innti? Cé go bhfuil dream i gceann na hoibre is ar an tSeanaid a théigheann sé 'sa deire an suidheamh foghluma do cheapadh. Acht b'fhéidir ná fuil cead a gcinn ag na Seanadóiríbh chum pé adhbhar foghluma is maith leo do chur ar an gclár? Ní fheicim aon rud 'sa reacht ag chur coinghill ná col orra um an Ghaedhilg do chur 'san réim uachtair agus árus a diongbhála do thabhairt di. Bíodh a fhiadhnaise sin ar bhrígh an cheath- ramhadh roinn: "ceapfaid na stíurthóirí i mBaile Átha Cliath na riaghalacha go léir le haghaidh na hIolsgoile i mBaile Átha Cliath, agus na gcoláisdí a bhaineann léi"; agus arís ar bhrígh an dara roinn: "beidh na ceada ceudna ag macaibh léighinn atá ag déanamh stuidéir i gColáisde bhaineann leis an Iolsgoil agus atá ag macaibh léighinn na hIolsgoile." Ag machtnamh ar bhrígh agus ar mheoin na riaghlach soin dúinn, chífeam gur ar an tSeanaid atá túrnamh nó tóghbháil na
Gaedhilge, agus nuair a cuirfear ar crann- aibh í gurab ionann agus bás di, muna gcuirfar ar shlighe a leasa í. I n-Iolsgoil deighcheapaighthe níor bh'fuláir an Ghaedhilg a bheith n-a húirlis foghluma; acht ní féidir sin fé láthair. An rud is lugha dhe, ní bheidh suidheamh ceart foghluma againn 'sa tír seo, acht ionad múinte Gall-Ghaedheal go mbeidh ag an nGaedhilg an réim is dual di. Mar is an í Ghaedhilg teanga na hÉireann, agus is innti atá smaointe agus cáilidheachta ar sean agus ar sinsear; is léithi atá fighte fuaighte gaois agus intleacht na ndaoine atá ag a labhairt leis na mílte bliadhan; ní'l i stair na teangan acht stair anma daoine a bhlais den aoibhneas agus den tsonas agus den abhantur ar feadh na ré i n-a rabhadar manaigh agus mainistreacha go líonmhar ar fuaid na tíre, agus i n-a raibh meas agus scion ar léigheann agus ar chráibhtheacht; agus fós stair anma daoine a bhlais 'n-a dhiaidh-san den daor-bhruid agus den anachain agus den éigeandáil ar fead na ré i rabhadar fé smacht na gclaon-dlighe. Má's fíor a n-abharthar go mbíonn gaois agus grástamhlacht i ndaoinibh seachas a chéile, ní mór a rádh nár theip ar Ghaedhealaibh riamh an fíor-chreideamh agus an deagh- eolas agus an dúil 'sa léigheann. Agus cá bhfaghthar an fíor-eolas sin? I dteangain ársa na nGaedheal. Dá bhrígh sin, dá sgaraimís, len ar dteangain, nó leogaint di dul i laighead agus i dtrághadh, bheimís ag sgaramhaint leis an oighreacht is dúthchas dúinn, agus ag dul i n-olcas i láthair an domhain mhóir. Seadh! agus do bheimís ag sgaramhaint leis an dteangain is gasda, agus is bríoghmhaire, agus is eagnaidhe, agus is léigheannta dá labhartar ar dhruim an domhain mhóir. Ná deintear magadh ná fonomhaid fé laighead a sean-lithridheachta, agus ná bristear fé scige dá gcuirtí i gcompráid le litridheacht na Gréige, agus na Laidne, agus an Bhéarla í. Gan amhras, tá foth-obair i litridheacht na dteangan úd ná géilleann i n-aon chomórtas, acht do chinn an Ghaedhilg seo againn-ne orra ar dhoimhne eolais, ar airgheannaibh focal, agus ar iongantas eachtra. Agus féach i leith na Sean-Ghaedhilge féin! Cá bhfuighfidhe a cómh-fhoirbhtheacht, agus a cómh- chastacht de theangain? Tá díochlaonta agus comhchlaonta innti atá i n-easnamh le fada aimsire ar shanasán na Laidne, agus ná fuil tásg ná tuairisg orra indiu. Agus dá gcuarduighimís go bun gach teangan aca, b'iontuigthe dhúinn gur teangthacha coibhneasta iad, mar is minic ná bíonn eidir-dhealughadh orra 'sa phréimh bhunaidh. Is beag iongnadh mar sin go ngoilleann a gcás ar a chéile, agus is lughaide is ionchurtha i n-iongantas gan togha an eolais ná fios-fáth na Laidne ag duine nach ngabhann do lámh an tSean- Ghaedhilg do chur i n-áireamh a thréithe. Ní foláir, mar sin, córughadh árd a bheith ar an nGaedhilg. Níor cheart go mbeadh an iomarca adhbhar i ngach suidheamh foghluma mar is é príomh-rún na hIolsgolle tuilleadh do chur len a mbíonn i n-aigne na mac léighinn ar dteacht isteach dóibh. Agus ná deintear aithris ar an tsuidheamh foghluma cleachtar i nDroichead Caime ná i n-aon áit eile. I gcomhair muintire na hÉireann atá an Iolsgoil nua, agus ní oireamhnochadh iad sin an rud d' oireamhnochadh an fear thall. Acht, an mbeidh sprid Gaedhealach i measg na mac léighinn? Tá caoi ann le haghaidh gach aon rud do dhéanamh dá gcuimhneochadh duine air. Bíodh seanchas na hÉireann dá múineadh go mion ann, agus bíodh ollamh togarthach, inneamhail chum í do mhúineadh. As an bhfoghluim sin, tiocfaidh grádh 'n-a gcroidhthibh d' Éirinn, agus go mór-mhór dá dteangain dúthchais. Rud eile, cuirtar ar bun ann cumann Gaedhealach a bheidh in áis le léigheann, agus bíodh ag baint leis aitheasca agus díospóireachta, cuirmeacha ceoil agus sgoruidheachta chuirfidh sprid dúthrachtach ins na macaibh léighinn, agus a ghríosfaidh iad chum leanamhaint ar an nGaedhilg. Ba mhaith liom trácht ar na daoinibh go mbeidh ortha an Ghaedhilg agus gach a mbaineann léi do mhúineadh 'san Iolsgoil. Is í mo thuairim-se ghur ceart go mbeadh beirt ollamhan le haghaidh oibre na Gaedhilge - duine aca le haghaidh Gaedhilge agus litridheachta na haimsire seo, agus an duine eile le haghaidh na Sean-Ghaedhilge agus a litridheachta-se. Tá luaidhte agam cheana ar an tseanchas. Dom dhóigh-se is Drochthuar é ar an gcrích a bhéarfaidh stair na tíre, agus sprid na ndaoine tríd sin, gan fear a dhéanfadh feidhm mór di a thoghadh, agus a fhorthan airgid do thabhairt dó. Má's amhlaidh ná taithneann an gléas sin le n-a lán do chuirfinn na tairgsionna so os a
gcomhair: bíodh ollamh ann i gcomhair na Sean-Ghaedhilge agus gach a mbaineann léi, agus an duine eile le haghaidh Gaedhilge na haimsire seo, agus gach a mbaineann léi. Tagadh ann aitheascóir iasachta go mbeidh aithidhe seandachta na hÉireann aige. An t-áireamh sin uile a chur i n-aon tsuim, is éachtach an obair a dhéanfaidhe ar son na Gaedhilge. "Ní bhíonn saoi gan locht"; agus is fíor é an sean-fhocal. Ní hé an fear is mó léigheann an fear is inneamhla chum teagaisc. Ar an adhbhar sin, ní foláir na hollamhna do thoghadh iar meas a gcomhacht agus a gcáilidheacht. Is dóigh liomsa ná beadh fios iomláine a ngnótha ag na macaibh léighinn muna dtabharfar congnamh dóibh ar leith seachas a bhfaghaid go léir i gcoitcheann. Ní chuirfinn aon chuing ar na hollamhnaibh, acht ní dhéanfadh sé ceataighe mór dóibh comhairle do chinneadh cia an chríoch go ndéanfadh na scoláirí braith air .i. iad do stíuradh ar a gcuid oibre pé bog cruaid í. Annsin, nuair a bheidh tamall maith caithte ag na hollamhnaibh ag múineadh, ní bheidh daoine le fagháil níos oireamhnaighe mar scrúdaightheoirí na iad sin. Beidh a fhios aca nach ceart scrúdughadh cruaidh do thabhairt do sna macaibh léighinn, acht an t-adhbhar aighneasa do chur os a gcomhair ar a mbeidh eolus aca go léir, agus breitheamhnas do thabhairt orra, iar bhfeicsint na haicillidh- eachta le n-a rianaid a smaointe. Dá ndéanfaidhe 'san Iolsgoil amhail atá curtha síos annso, do raghadh go mór chum maitheasa di. Tá a lán daoine i n-Éirinn gur dóigh leo ná fuil aon bhaint aca leis an Iolsgoil nua, acht gur adhbhar aighneasa í do lucht an léighinn. Is mór an dearmad é sin. Ní headh amháin gurab í obair na hIolsgoile an obair is tábhachtaighe agus is suimeamhla do ghaibh tír annso fós, acht gurab í an t-aon obair is riachtanaighe orra go léir í. Ar uach- daránaibh, ar ollamhnaibh, agus ar reachtairíbh na hIolsgoile atá oileamhaint agus béas mhúineadh aosa óig na tíre. Ná bíodh aon sreangán teangan ná righneas labhartha orra, acht labhraidís amach go hárd agus go dána, agus ná caillidís an t-árach so chum saor- oideachas d'fhagháil ar mhaithe le saoirse na hÉireann. Bídís 'na mballaibh beathadh i gcorp na ngleo-ghal agus na ngliadh; bíodh so n-a rún bunadhasach agus n-a shuaitheantas aca - "dílis do Dhia agus d'Éirinn." DONNCHADH UA DONNCHADHA
Aithreachas Mór na Naomh A Thighearna thug damh spéis - ná fulaing mo léan i bhfad; Sín do chobhair
i n-am - beag mo theann is lag mo neart Tá mo namhaid ar mo thaoibh - ar feadh na hoidhche is ar feadh an lae, Ní fios damh nach i mo shuan - thiocfaidh an uair i mbreithfear mé, Is iomdha rabhadh fuair Sodom - is iomdha olc tháinig dá cheann Má chaith mise seal ag olc - ná leig m'anam bocht 'n-a gheall Prionnsa uasal i mbun a fhocal - nach mór an sochar é bheith i dtír? Nár gheall tú damhsa párdún - a rí na ngrásta is tú atá fíor? Nár pheacaigh Adhamh is Dáibhidh an rí - pheacaigh Maoise is ba mhaith an triúr, Cionn na gcléireach Peadar feidhmeach - mac Dé shéan sé ós coinne a shúl. Má pheacaigh sinne pheacaigh siad - is ionann Dia a bhfuilmid faoi. D' aithne agus do ghrádh ó chéile - go bráth ná cuir a rí. Nac bhfuair fear a haon-déag - páighe a lae mar fhear a trí? Is minic bhí cú mall sonach - atá féile is onóir i mo rígh. Golfaidh mé in san oidhche - golfaidh mé arís gach lae Agus golfaidh mé go bráth - go bhfuighbhe mé grásta Dé. Golfaidh mé go
géar - scaipfidh mé na frasa deór Scoiltfeas clocha agus croinn - go bhfaghbhad mo roinn den ghlóir Ó thosuigh tú i gcionn an chláir - a rí ba fhearr ó thús go bráth Guidhim thú a rí na ndúl - ná stad do shiubhal insan tsrath. Ceangal Ní raibh roiseafta nó siopa ag mo liaigh-sa riamh Tá fios mo ghalair is m'aicíde agat fhéin, a Dhia, Lucht leathtruime ná hagar is ná héiligh choidhche, Faoi allus na haithrighe cuir mé i mo luighe
Do éirim bheathadh gobnatan Ag so mar adeir an Colganach 'san mbeathaidh do sgríobh ar bhannaomh Gobnait; "donec acta hujus clarissimae Virginis Gobnatae quae intelligo in australi Momonia extare, offerantur luce donanda, solum paucu- las sequentes periodos ex diversis collectas, de ea duxi proferendas. Is follus as san gur shamhlaigh an t-ughdar léigheannta san go raibh gníomhthara Gobnatan le fághail an tan san. Agus is áirithe go rabhdar leis. Acht fóiríor ghéar! níl táisg ná tuairisg orra anois. Dá bhrígh sin caithfimíd bheith sásta go fóill ar a lán de sgéal a beathadh d'fhághail ó bhéalaibh na ndaoineadh 'san nduthchaigh inar mhair sí agus inar éag sí. Tugann an Colganach féin roinnt eólais dúinn uirre. Is iomdha staraidhe do labhair ar a hainm agus ar a mór-chlú; acht is beag éan-chunntas fairris sin, do thugadar dúinn uirre. Tá na sean-ughdair go léir ar éan-fhocal dá rádh gur shíolraigh sí ó Chonnaire Mór Rí. Ní hé sin is dóigh le muintir Baile- Mhúirne mar deirid go dtáinig sí o'n Sligeach i gConnachtaibh. Réidhtigheann Mac Gobhann leis sin san stair do sgríobh ar Chorcaigh. Agus 'n-a theannta san deir sé gurb' inghean Ui Choncobhair rí na háite sin í. Do réir an Cholganaigh rugadh i Muscraidhe í, mar ar seisean; "ibi habitabat stirps Carbrei Musci ex progenie Conarii Magni, ex qua ac ipsa orta est." Dá bhrígh sin níl ann acht cosamhlacth gur rugadh 'san duthchaigh sin í. Má's fíor dos na daoinibh, do rughadh i Sligigh i gConnachtaibh í; "táinig Gobnait naomhtha o'n dtaobh thiar d'Éirinn." Is iongantach an sgéal innsid i dtaobh a hóige agus a gluaiseachta chum na duaiscearta. "Do bhí a hathair an-shaidhbhir go léir. Agus 'nuair do bhí sí 'n-a leanbh ag éirghe suas, do bhí sí an-cheanamhail ar na bochtaibh agus do bhíodh sí ag breith an aráin agus na feóla amach chucha. Lá do bhí sí i gcoinnibh a athar amach agus iad so aici n-a bib. D'fhiafraigh sé dhi cad do bhí aici. Bláthanna, ar sise. Do thaisbeáin sí dhó iad, agus is amhlaidh do bhí na bláthanna is breaghtha 'san domhan aici, agus ná feacaidh éinne riamh a leithéidí." Deirid fós, go mbíodh sí ag breith sméarthoidí ag triall ar na fearaibh oibre chum a bpíopa do dhearg, agus ná dóghadh an sméaróid éan-phioc dá balcaisíbh. Pé bunadhas atá leis an gcéad míorbhail, ní'l bun ná barr leis an dara cheann; mar ní raibh breith ar éan-phíopa an t-am san. Tamall 'n-a dhiaidh san taidhbhrigheadh di imtheacht léi agus bheith ag tiomáint léi riamh a's choidhche go mbualfadh naoi gcinn do fhiadhnnaibh maola, bána uimpi; go bhfeicfeadh sí iad ar maidin, roimh éirghe gréine, ag inbhear ar an drúcht agus stad annsan agus a beannachadh do dhéanamh ann. D'fhág sí an baile agus do shiubhail sí léi. Agus an chéad uair do chonnaic sí iad, ní raibh ann acht cúig cinn. Do stad sí ann ar feadh tamaill agus do bhí sí ag déanamh a beannachadha ann. Is de atá Cill Gobnait i gCluain Droichid. Do bhí sí annsan lá éigin dá laetheanntaibh, agus dochonnaic sí uaithe i leith i mBaile- Mhúirne seacht gcinn aca. Dubhairt sí léi féin go dtiucfadh sí annsan agus go mbadh fhéidir gurb' é sin an áit cheart. Táinigh sí annsan agus do chaith sí tamall eile ann. Do bhí sí maidin moch amuigh ag paidreóireacht agus dochonnaic sí uaithe anall i nGort na Tiubrata naoi gcinn i dteannta a chéile. Táinig sí agus annsan do chríothnaigh sí a beatha. Is iongantach an sgéal é sin le creideamhaint. Acht ní'l a mhalairt le fághail ó na daoinibh i dtaobh an chuma go dtáinig sí go Baile-Mhúirne. Pé 'nÉirinn é tá an méad so le rádh ag neartughadh leis sgéal san .i. go bhfuil a hainm ag baint leis na háiteannaibh gur dóigh leo inar stad sí gus an lá indiu; mar atá Cill-Gobnait i gCluain Droichid agus Cillín na bhfiadhann i mBaile-Mhúirne. Ar éan tshlighe ní móide gurb ionchreidthe Hanlon abrann gur rugadh i mBaile-Mhúirne féin í, mar ní thugann sé oiread agus blúire deimhnighthe air. Pé chuma go dtáinig sí ann, níl amhras ar bith ná go raibh sí ann ar theacht Naoimh Abbáin go Baile Múirne. Agus dá dheasgaibh sin do mhair Gobnait i dtosach na séimhidh aoise. Deir trong le seanchas gurb'é Naomh Abbán do chéad-thóg mainistir i mBaile-Mhúirne, agus gurb' í Gobnait an céad ban-abb do thogh sé chum a stiúraighthe. Ní'l éan chunntas
againn anois ar chionnas ar chaith sí a saoghal i dtaob istigh don mhainistir sin. Ní fheadar éinne cionnas ar mhaireadar na mná eile, nó mar a nglaodhtaidhe orra an tan san, "na cailligh," do bhí 'n-a fochair acht chomh beag. Acth is áirithe go rabhdar an-naomhtha, go mór-mhór Gobnait féin. Deireann an Colganach mar gheall uirre; "Tanto chari- tatis incendio exaestuabat, ut divini amoris flammas continuo videretur eructare," Agus i bhFéilire Aenghusa léightear dúinn "mo Ghobnait go nglan-bhail." Tá sgéal greannmhar imeasg na ndaoineadh a thaisbeánann go raibh deirbh- shiúr aici agus go raibh sí an-naomhtha leis. "Uair éigin dochuaidh an teine i n-éag orra. Do chuir sí a deirbhshiúr a d'iarraidh sméaró- ide chum tighe éigin eile 'san gcomhursanacht. Do dhein sí amhlaidh agus do chuir sí isteach 'n-a aprún é agus í ag dul a bhaile. Dó chas fear uirre agus dubhairt sé gur bréagh an dá chois do bhí aici. D'fhéach sí síos orra, do dhóigh a aprún agus do thuit an sméarid amach. Is léir as so gur dhein sí peacadh sologhtha agus nár thaithnigh le Dia an uabhar beag tháinigh uirre. Má bhí a deirbhshiúr chomh naomhtha san, cad é an naomhthacht do bhí uirre féin." Sin sgéal de sgéalaibh na ndaoineadh mar gheall ar a deirbhshíur agus a naomhthacht. Fá mar a thuigim-se, níor trácht éan staraidhe ar a deirbhshiúr. Ní fheadradar go raibh a leithéid ann. Ní abrann na daoine féin cionnas ar tháinigh sí go Baile-Mhúirne. Niór cheapadar éin-ní i gcosamhlacht sgéil gluaiseachta Gobnatan, 'n-a taobh. Act má táimíd ar bheagán eólais i dtaobh a beathadh i dtaobh istigh do'n mhainistir, ní'l pioc dá easbaidh orainn i dtaobh a imtheachta leath 's 'muigh dhí. "ln vita et post mortem miraculis clara," adeireann an Colganach mar gheall uirre. Is cinnte go raibh mór- chlú agus cáil aici le linn an Cholganaigh mar gheall ar a míorbhailtibh. Ní'l éan mheathlu- ghadh ar an gcáil san gus an lá indiu imeasg daoineadh na dúthchaighe sin. Cuireann siad 'n-a leith an míorbhail seo leanas thaisbeán- as go raibh grádh ró-mhór aici dos na daoinibh chomh maith is do bhí aici do Dhia. "Táinigh creachadóirí ó oirthear Mumhan go Baile- Mhúirne. Agus 'nuair do bhí an creach aca da bhreith leó, d'airigh Bannaomh Gobnait gach n-aon ag liúghraigh agus ag béicigh, 'nuair do bhí a gcuid do'n tshaoghal ag imtheacht uatha. D'imthigh sí amach agus do tharraing sí chuiche a beachaire. Do sgaoil sí amach na beacha fá n-a gein. Agus geallaim-se gur gheárr an mhoill orra ruag agus sgeimhleadh do chur ar na foghluidhthibh. Ní amháin le linn a beathadh do chobhraigh sí leis na truaghánaibh acht i bhfad na dhiaidh chomh maith fá mar is léir dúinn as an sgéal so fuaras ós na daoinibh. "Deirtear go raibh beirt fhear i n-allód i bpriosún agus iad le crochadh. Agus deirfeadh fear aca i gcomh- nuidhe: A Ghobnait an dhúthchais Atá i i mBaile-Mhúirne, Go dtagair le'd chongnamh, Is go mbeiridh tú mé as an túir seo. Tá sí i'd chúram, adeirfeadh an fear eile i gcomhnuidhe. 'Seadh an oidhche sar a rabhdar le crocadh do bhuail sí chucha isteach, bean bhreágh ghléigeal, agus do chuir sí lámh ar a ghualainn agus dubhairt sí leis "bí amuigh as san, teánam ort." Do liúghaigh an fear eile uirre gan é féin do fhágaint 'n-a diaidh. "Táim i'd chúram ar sise." Innsid na daoine a lán eile míorbhail dár dhein se le linn a saoghail agus taisbeántar gus an lá indiu mórán áiteann atá ag baint leí dá chionn; mar atá Goirtín na Plágha; Cumar Bodhar; Áthán na nGártha; Carraig an Chaisleáin. Acht is í an áit is glórmhaire ar ar fhág sí a rian, Gort na Tiubrata, mar a bhfuil a cill nó a teampall. Sean-fhotharach is eadh é anois gan díon i ngiorracht tuitim as a chéile agus go deimhin is mór an truagh gan é dhaingniughadh. Tá íomhaigh Bannaoimh Gobna- tan os cionn fuinneóige ann agus is beag i n-eán-chor atá dá chongbháil gan tuitim ar a plaosg. I n-áirde ar phinniúir an tighe ar fheáchaint siar, tá íomháigh an duine sin ar a nglaodhtar "Gadaighe Gobnait" imeasg na ndaoineadh. Tá a cheann geárrtha ann i gcloich, agus tá sé le feicsint ann indiu chomh soiléir leis an gcéad lá gur geárradh é. Seo an sgéal atá ag na daoinibh ag cur i n-iúl dúinn fios-fáth an chinn sin: "Do bhí bó ag Gobnait. Do goideadh uaithe í agus níor b'fhios di cár ghaibh sí. Ní raibh eán chobhair dhi dul dá lorg. Agus adeirfeadh sí le gach éinne gan é bhac. 'Stoidhche i mbárach do casadh chuiche isteach 'san chlós arís í agus an bitheamhnach 'n-a
diaidh aniar. Do shaoil sé go raibh sé fiche míle ó'n áit in ar ghoid sé an bhó." Deir dream eile gur capall bán do goideadh ós na saoraibh do bhí ag obair di, agus i n-ionad bheith fiche míle ó'n áit ar maidin is amhlaidh do bhí an gadaighe ag gabháil timcheall an teampaill feadh na h-oidhche gur gheal an lá air! Tá bulla ar cheann an teampaill istigh i bpoll. 'Nuair a bhéarfadh duine leis é, ba cheart do é do chur tar n-ais gan éan-mhoill, 'nuair do bhéadh a ghnó críochuighthe aige. Uair aírithe rug bean léi é, chum bó do leigheas. D'fhág sí gan é do chur tar n-ais, 'nuair ba cheart di é. 'Nuair do chuimhnigh sí ar theacht leis, ní raibh pioc aice de. Is amhlaidh táinigh sé féin agus ní féidir é chorruighe ón a áit féin ó'n lá san go dtí an lá so. Sin mar is dóigh leis na daoinibh, acht ní'l éan-phioc dá mhearbhail orm féin ná gurb' amhlaidh do thuit an chloch do bhí os a cionn anuas air, agus tá sé greamaighthe ann ó shin. Deir na daoine gur leis an gcloich sin do leag Bannaomh Gobnait caisleán do bhí ag Págánach 'ghá thógbháil ar a haghaidh anonn. Níor thaithnigh sé léi agus an méad do bhéadh déanta ag na saoraibh i gcaitheamh an lae do leagadh sí um thráthnóna leis an méaróg é. Is go dtí an teampall so a thagann na daoine gach éan tráth do'n bhliadhain go mór- mhór domhnach cingcíse, ag tabhairt turais. Tá tri n-ulaidh ann ar a nglaodhtar, an ulaidh uachtar, an ulaidh láir agus an ulaidh íochtar. Is ionann an ulaidh íochtar agus gabháil timcheall an teampaill. 'Sé an ní is gnáth leo do dhéanamh ag tabhairt an turais seo, ag rádh ar dtúis:- "Go mbeannaighe Dia dhuit a Gobnait naomhtha, Go mbeannaighe Muire dhuit a's beannaighim féin duit, Chugat a thánag ag gearán mo sgéil leat, A d' iarraidh mo shláinte ar son Dé ort," annsan seacht bpaidreacha agus seacht n-Abhe Máire agus Cré do rádh ceithre huaire ag gach n-ulaidh agus gabháil ar an timcheall deisiol i ndiaidh gach cinn aca. Deirtear go bhfuil Gobnait curtha fá an ulaidh láir. I n-a dhiaidh san do raghá síos go dtí an tobar agus d' ólfá bolmac
do'n uisge. Tá sé ráidhte go bhfuil bricín 'san tobar agus pé duine dochífeadh é do bhéadh se leighiste. Seo sgéal atá ag na daoinibh i dtaobh buadha an tobair sin. Táinigh dream saighdiúirí chum na deicheamhadh do bhaint amach. Do bhíodar i gcill Baile-Mhúirne 'n-a gcomhnuidhe. Ní chreidfidís go raibh éan bhuaidh ag uisge tobair bheannaighthe Bannaoimh Gob- natan acht mar éan tobar eile. Agus le droch-mheas air caitheadh é thabhairt na prátaí do bheirbhiughadh dhóibh. Acth dá mbéad sé ar an dteine go lá Philibe an Chleithe, pé teine do cuirfidhe fé, ní thiucfadh éan teas air acht mar do bhí sé ar a thabhairt isteach as an tobar. Pé bunadhas atá leis na h-oibreacha ion- gantacha dár dhein bannaomh Gobnait, ní'l amh- ras ar bith ná go bhfuil sí'n-a naomh fíor-uasal fíor-thaitneamhach le Dia dhil na glóire. Agus dá dheasgaibh sain 'san mbliadhain 1601 an 12adh la de Iúl tugadh logha ag an Pápa Clementinus a hocht do gach n-aon a dhéan- fadh faoisdin agus do chaithfeadh commaoin ar stáid na ngrás lá 'le Gobnatan, an 11adh la de fheabhra. Ag so a litir: "Omnibus fidelium qui ecclesiam parochialem Sanctae Gobnatae, loci Ballyvorni, die Festo ejusdem Sanctae Gobnatae a Primis Vesperis usque ad occasum solis... visitaverunt, decem annos et totidem quadragenas relaxamus." Is cuma nó lá saoire an 11adh lá de Fheabhra i mBaile-Mhúirne, mar tagaid na daoine 'na sluaightibh chum an aifrinn agus is beag éan duine a bhíonn ag obair ann an lá san. Tá íomháigh adhmaid Bannaoimh Gobnatan le feicsint fós i séipeal na paróiste. Agus ba ghnáth leis na daoine bluirí éadaighe do thochrais timcheall air i gcóir go gcaithfeadh a leanbhaí iad dá gcaomhnadh ó'n mbárthan agus ó'n olc. As san tiucfas "Tomhas Naoimh Gobnatan" agus eadh a chialluigheann sé. Beireann na daoine a théidheann thar saile, an "tomhas" san leó fós agus is gnáth leó go léir turas do thabhairt sul imtheochaidís, dá gcur féin fá choimirce Bannaoimh Gobnatan agus dá iarraidh ar Dhia iad do chur ar a leas go gcasfaidhe 'san treó arís iad. Tá súil agam go leanfaidh siad don nós bhreagh ghaedhealach san de shíor agus de ghnáth. Do réir Mairín, ban-fháidh agus ban-fhile, atá 'n-a comhnaidhe thiar i n-aice Lochaí Bhogaigh
, ní'l éan bhaoghal ar sain mar deir sí 'n-a cuid filidheachta:- 'Se' cloisin féin ag muintir an léighinn, Is do shiubhlaigh Éire mór-dtimcheall, Ná fuil éan-bhall 'san tshaoghal is breaghtha sgéimh Ná an tearmain naomhtha ag an gcill nglas. Bíonn crainn ag lúbadh le caora isle h-ubhall ann, Is béid turas dá thabhairt ann choidhche, S' a thagaid gan siubhal ná radharc 'n-a súilibh, Faghaid ann go Luthmhar gan mhoill é. Aindrias Ó Céileachair
Is truagh go deo mho chruadh-chás Is truagh go deo mo chruadh-chás, Chan an buime ar an tuinn; De na ráibí eangach' aoibhne Ní fhuil mac dá gcneastacht linn. Na céadta bliadhain im dheóraidhe Ó Bhanbha, mo thír chaoin fhéin; Scuabtha san slad mo fháinní, Mo pháisdí i n-imigcéin. Ar dhruim na bóchna ag luascadh, Gan dídean, gan slacht, gan tigh; Seach 'r chailleas leis na ciantaibh, Ní mhairfead bliadhain gan í. Le báidh dhruid a páisde ria, 'Mhaime, cad é sin le clos? Mion-gháir na dtonn, a mhíle grádh, D'oidhche is lá de shíor gan sos. Tuige do chaoi a mháthair dhil, Is duibhe 'ná gual do ghnaoi? Ní'l gas san gcrích, a mhíle grádh, Le do thuigsin fós mar taoi. Cia an glam sin taobh thoir de'n loch, Néal ní fhuighead is bead gan suan? Scread na ngall, a mhíle grádh- Is iad mo chrádh i bhfad, a rúin. 'Gcloisir fósta guth ó thuaidh Mar leanbh fann i gchruadhtan bhróin? Óigh na nGaedheal, a stóir mo chléibh, Anocht is bocht a créim, ochón! Ag seo ádhbhar dí faoi ghruaim, Gur cuireadh rúin le chéile In aghaidh na nGaedheal, a stóir mo chléibh- Gér mhór badh chóir a bhféile, Le díth is diachair ghéar dá crádh, Go cruaidh fá mhám an Bhéarla M'éag! gan réim, a ghrádh mo chléibh Cérbh iongnadh méid a créime. Cá fhaid dúinn fá amhgar dúr, Faoi tháir - ag súil le saoire? Ó d'éag Mac Éil, a stóir mo chléibh, Atá éad ag scrios na tíre. 'Dtiocfaidh tréin arís i réim, L'anshógh chríoch Éabh' do dhíbir? Is deacair a rádh mar dtiocfaidh tráth Bhéas tú i rádh gach éin-fhir. Is géar a gcall má thig le gall, Clann Éabh' le feall do bhréagadh! Ní hé a mbreall anois le seal, Acht teanga a sean do shéanadh. 'N ár dtaobh 'nocht - gér tréith-lag fann, Níl claon ná cam acht fíre; Is tré dubh 's créim béidh fós fíréin Is cléir i riar na tíre. I bhfus is tall béidh fuil le fagháil, Sáthach-ghlan gan smál an fhill; Is fillfidh ré le comhairle Dé Bhéas séan frí Éirinn uill. Pádraig Mac Aodha
Aindreas O Duinnshléibhe
A mhuinntir Chuilmcille, "Atáid ceudfadh agus smuaineadh chroidhe an duine, claon chum oilc o aois na hóige," do réir na Scríbhne diadha. Acht atá ceudfadh agus smuaineadh chroidhe na nGaedh- eal claon chum cráibhtheachta ó aois na hóige do réir cosamhlachta litridheachta na hÉireann. Adeir Eoin Mac Néill gur ionghlaoidhte ar an nGaedhilg treas teanga na hEaglaise. Baineann ar litridheacht go mór le creideamh agus le caon-duthracht agus le sláinte an anma, de bhrigh gur sgríobhadh í do réir a feabhais le lucht na heaglaise. Ní raibh Céitinn féin ag tabhairt an fhéir ar feadh i bhfad, nuair tháinic ar an saoghal sag- art eile ar fiú a chuimhniughadh. Foillsighthear a bheatha i bfoclaibh ar a lic i seancholáisde na Lombhard i bPáiris. Duine ar na fearaibh calma dílse do choirigh na péin-dhlighthe sa t-ochtmhadh haois déag chun Arán na beathadh do bhriseadh do leanbhaibh Críost do b'eadh é. B'ionann annsin ós comhair na ndligheadh mac-léighinn agus mac tíre. Adeirtear go coit- chionn go rugadh sa mbliadhain 1694 é. Is é sin adeirid Ó Réannacháin i n-a réamh- rádh do'n "Teagasg Críostuidhe," agus T. Ua Ruairc i n-a "Sheanchus Sligigh" agus Éamonn Ua Raghallaigh agus daoine eile fós. Acht is iontuigthe go héiginteach ó na foclaibh sin go rugadh i mbliadhain 1680 é d'á mhéid eolais ag Ua Ruairc ar seanchas Conndae Sligigh; agus tar cheann gur chaith sé feín tamall ag múineadh i gColáisde an n-Gaedheal i bPáiris, níor éirigh leis cúnntas iomlán do thabhairt ar an Duinnshléibheach. Sgríobhann sé gur in aice le Baile an Mhóta rugadh é, acht níorbh fheasach dhó cia ar díobh é. Ní fios dúinn ní ar bith eile i n-a thaobh acht gur éaluigh sé do'n Fhrainnc san mbliadhain 1710. Adeir sé i bhforfhógra a leabhair, do cuireadh amach san mbliadhain 1742, "Is leor mar leith-sgéal air son locht na dteangthadh agus an chlódha, imtheacht an tiomsuightheóra as a thír dhúthchais tuilleadh re bliadhain air thríochaid o shoin." Is cosamhail, ó líomhthacht a scríbhne gur léigh sé a lán leabhar Gaedhealach sul d'imthigh sé tar lear go mór-mhór leabhra do thrácht ar an gcreid- eamh. B'fhéidir gur ghlac sé órd beannuighthe i n-Éirinn amhail do rinne Céitinn. Níl eolas againn. Cuireann an leac in iúl dúinn fós gur toghadh é mar coimheáduidhe na gcléireach san mbliadhain 1722, agus gur oibrigh sé san oifig sin anuas go dtí a bhás. Moltar é mar "fundator communitatis," de bhrígh go dtug se ar árdeasbog Pháiris modh riaghluighthe an choláiste d' aistriughadh go mór san mbliadhain 1728. Do shaothruigh sé an céim-eolais LL. L. n-Ollsgoil Pháiris agus do chuir sé i gclódh a leabhar:- "An Teagasg Críostuidhe do réir Ceasda agus freagartha air na tharruing go bunadhasach as bhréithir shoilléir Dé agus as toibreachaibh fíor-ghlana oile. Re cead an Ríogh agus re Deightheisd na n-Ollamhan re Diaghacht." De thaoibh Gaedhilge an leabhair do sgriobh sé féin, "do rinneadh dithchioll air fhoclaibh coimhightheacha do sheachnadh, leath-amuigh amháin do'n chuid díobh do thug an creideamh asdeach agus do dísligheadh dhó. Is í an Ghaoidheilg is sothuigsighthe agus is coitchinne do cuireadh síos ann." Ní féidir a shuidhiughadh a fheabhas
is d'eírigh an iarracht leis gan mórán sompla do bhaint as an leabhar féin. Is leór a rádh go bhfuil sí chomh gléghlan le Gaedhilg Céitinn féin. Ag seo síos ceist fa an bPósadh:- "Creud é an dara coinghioll? Ní foláir bheith saor ó gach toirmeasg pósda, mar atá col gaoil, cleamhnuis nó uisge, díoghbháil aoise, móid geanmnui- gheachta, agus tuilleadh oile de'n tsamhail sin." Mar b'ionndual an t-am sin, do chuir sé gramadach bheag i dteannta leis an "Teag- asg Críostuidhe." Do chuir sé síos ann ar "thosuighibh na teangtha Gaoidheilge" go mór- mhór ar litreadh na Gaedhilge, adeir Seaan Ua Donnabháin faoi. Níl rian an Bhéarla le fagháil uirre. Is furus a fheicsin gur eugsamhail a mhodh smuainte agus modh an Bhéarlora; "do thaobh na coda dhé atá i mBéarla is ar athsmuain- eadh do tarruingeadh í as an nGaoidheilg," adeir sé féin. Má 's Gaedhealg gan smál gan teimheal, do sgríobh sé is fíor fós gur sgríobh sé go snasda líomhtha, tar ceann gurbh é "mian mór cuidiughadh éigin do thabhairt re haos óg leathtromach na hÉireann do theagasg do thuismigh an teagasg críostuidhe." Is cosamhail go raibh faoi cuidiughadh go mór- mhór le hádhbharaibh sagairt leath-tromacha a thíre dúthchais. Creud fáth gur thrácht sé chomh líonmhar sin saoi "mídheamhuin nó urnaigh na meanma" acht ar a son?. Do chítear é seo fós as a chruinneas atá rudaí aige. Deis- miseacht air sin:- "Ceurd is breug ann? Is breug aoin-ní do rádh no d'fhoillsuighadh in aghaidh eóluis ar gcogubhais maille re rún neach eile do mhealladh." Níor cinneadh "breug" níos cruinne ariamh ag diadhaire ar bith. Rud eile do thrácht sé go hiomlán fa cheisteannaibh bunadhasacha an chreidimh. Adeir Seán Mac Conchradha i n-a réamhfhocal do'n "Teagasg Críostuidhe": San réamhrádh do sheanmóiribh Seumais Uí Ghallchobhair tag- rann Uillioc de Búrca dó mar leanas:- <.i. Easpog Ua Gallchobhair> Ní beag linn an meud sin chum a dhearbhadh gur fhéad an t-ughdar é féin do chur i gcéill agus i dtuigsin go soiléir, gur theagasg sé go beacht agus go fíor, go raibh an Ghaedhealg fíor-ghlan neamh thruaillighthe aige. Is léor sin, tá baránta inchreidthe agaibh anois idir an t-ughdar féin agus macaoimh foghlumtha. Tháinig "Scáthán na hAithrighe" (Aodh Mac Cathmhaoil) san mbliadh- ain 1618, agus annsin bhí "Scáthán an Chrabh- aidh" (Flaithrí Ua Maoilconaire) "Párrthas an Anma" (Antoine Gearnóin) agus "Loch- rann na gCreidmheach" (Proinsias Ua Maolmhuaidh) tar éis teacht do réir a chéile le linn na seachtmhadh aoise déag. B'é an Teagasg Críostaidhe an leabhar déidheanach den t-samhail sin do cuireadh i gclódh ar roinn na hÉorpa. B'í Seaghan Mac Conchradha le linn a bheith i n-a mhac léighinn i Magh Nuadhat do rinne é do chur i n-eagar an dara huair san mbliadhain 1822, agus b'é uachtarán Mhuighe Nuadhat .i. Lorcán Ua Reannacháin, do chuir i n-eagar é an tríomhadh uair, san mbliadain 1848. Níor éirigh an obair leo níos mó ná go maith. Do bhain an bheirt aca an forfhógra breagh agus rudaí eile amach ar fad. Is fada síar uainn 1848 agus is gann an "Teagasg Críostuidhe." Is beag duine óg a bhfuil cóip aige. Níl sé le fagháil acht i gcorr-leabharlainn. Mar gheall air sin tá luach mór air, agus i gceann tamaill, beidh a dhá oiread air. An gcuirfidh aoinneach i gclódh arís é. B'fhéidir go ndeanfaidh Conn- radh Chuilm Naomhtha an obair an cor so, go mór-mhór ó nach fada go cuirfear críoch ar Seanmóirí Muighe Nuadhat. Séamus Ó Conaill
Éamonn Brús Ceannfeartach míleadhta cródha córach deagh-chumtha, Acht dubhshlánach ceann-láidir mórdhálach dána. Dearbhráthair do Robáird Brús, rí na n-Albanach a b'eadh Éamonn. Ó'n chéad am dó 'bheith i n-ann arm d'iomchar, throid sé i g-coinnibh comhachta na Sacsan i n-Albain le cois a dhearbhráthar. Léightear dúinn gur bh'é Éamonn ghabh seilbh ar chaisleán Selkirk 'san mbliadhain 1313, an caisleán deiridh d'fhan i lámhaibh na Sacsan i n-Albain; agus fós, gurbh'aige bhí ceannas is uachtaránacht na láimhe deise i g-cath mór-mhillteach Bannockburn tugadh 'san m-bliadhain 1314. I dtosach na ceathramhadh h-aoise déag ba dlúth an muinntearas agus an gaol bhí idir mhuintear na tíre seo againn-ne agus na h-Albanaigh. De bhrígh na snaidhme charadais seo ní gábhadh a rádh gur ghlac cómh-gháirdeachas is ríméad na h-Éireannaigh aon tráth ar cuireadh ruaig is raon madhma ar an Sasannach i n-Albain. Acht, má bhí aon am ann thar a chéile gur mothuigheadh rímeád is fíor-sástacht, b'é an tan oirdhearc glórmhar úd nuair bhris agus réab "cumhact na g-carad" sluaighte na Sacsan ar pháirc Bannockburn. Throid cuid de thaoiseachaibh na h-Éireann ar thaoibh na n-Albanach an lá úd. Nuair d'fhilleadar-san a bhaile go Cúige Uladh, chuireadar i n-iul dos na h-Éireann- achaibh anchás na Sacsan. Thángadar maithe is uaisle Chúige Uladh i dtoll a chéile i ndáil chomhairle agus cheapadar a neart féin go léir do chnuasacht agus do chur le chéile. Cuireadh fios ar Éamonn Brús 'theacht anall agus ceannas na sluaighte a thógáil, ní do rinne sé go lán-toilteanach. Sul má cuirfead síos ar imtheachtaibh Éadhmoinn Brús is dóigh liom gur cóir súil- fhéachaint a thabhairt ar an g-caoi ar sheas muintir na h-Eireann i d-tosach na ceath- ramhadh h-aoise déag. Go deimhin ba thruagh an scéal a bhí le n-aithris aca. Foluigheadh trí chéad bliadhain anois i m-broinn na síorraidheachta ó'n lá bhuail Brían Bóramha caoch ar na Danair i g-cath Chluana Tairbh, agus nach ait le rádh é, ó'n tan sin ale, níor sheas na Gaedhil guala ar ghualainn i n-aon bhuidhin theinn láidir in aghaidh na námhad coitcheann. Bhí an t-earr is bárr de thalamh na h-Éireann i seilbh na Sacsan. Bhí cuid mhór de shean-sliocht na n-Gaedheal 'na sclábhuidhthibh a d-talta sladuighthe agus gan 'fhios aca fad a m-beathadh. Bhí seadaire amháin imeasc na n-Ultach um an dtaca seo agus caithfidhear focal a rádh 'na thaoibh. B'é sin Domhnall O'Néill, prionnsa thíre Eoghain - taoiseach ag a raibh an cnámh-droma 'gus an fíor-smior Gaedh- ealach. B'é Domhnall a bhí i n-uachtaránacht na dála nuair ceapadh fios do chur ar Éamonn Brús. Scríobh Domhnall ag an bPápa ag cur i n-iul dó aindeis agus anró muintire na h-Éireann. Dhearbhuigh sé dhó nach m-béadh suaimhneas ná sonas ar Ghaedh- ealaibh an dá lá is bhéidís fá smacht na n-Gall. Le na chois sin d'innis sé dhó gur cuireadh fios ar Éamonn Brús agus gur ab é toil na n-Éireannach é do ghlacadh mar rígh dá mba rud é go m-béadh an Pápa sásta leis. Acht, mí-adhmharach go leor, ba bheag an cion do bí ag an b-Pápa seo ar mhuinntir Brúis. Thárla Gur coinneal-bháitheadh Robáird Brús seal roimhe sin, agus anois bagadh an píonús céadna ar aoinne a chuideóchadh le h-Éamonn dá dtagadh sé anall. Bhuail Éamonn Brús asteach go cuan Olderfleet i g-conntae Aondroma an cúigeadh ar fhichid lá de'n Bhealtaine 1315. Bhí trí chéad long aige agus le na chois sin bhí sé mhíle d'fhearaibh armtha. Iar d-teacht i d-tír dhóibh ghabhadar seilbh ar Carraig Fhearghusa Cúil Ráthain agus Dún Dealgan. Tháinig Domhnall O'Néill agus seadairí Chúige Uladh suas leobhtha annseo agus chuireadar fíor- chaoin fáilte roimh an m-Brúiseach. Níórbh' fada gur tháinig taoiseacha eile agus chuireadar iad féin go léir fá cheannas is
uachtaránacht Éamoinn. Ghluaiseadar amach anois agus thoisigheadar ar obair an bhasctha. Mharbhuigheadar ch'uile Sasanach a casadh orra. Phléascadar asteach ar dhúithchibh na n- allmhurach agus chuireadar bun te leobhtha. Dhóigheadar tighthe agus caisleáin amhail is dá m-badh fian-bhotha iad. Réabadar is mhilleadar na barraidhe agus an fearann go dtí gur fhágadar an taobh thuaidh de Chúige Uladh beagnach 'na fhásach. Tháinig na Sasannaigh dá n-ionnsaighidh le sluagh mhór chuibheasach acht chomh luath i n-Éirinn is thángadar i n-amharc na n-Albannach theich- eadar mar luchain agus comhnaidhe ní dheár- naidh siad gur rángadar caisleán Carraig- Fheargusa. Shocruigheadar ar an g-caisleán do chur i d-treo chosanta, agus ar é do chosaint mar dh'eadh go h-imirt anama! Ar ndóigh níor bhac na h-Albanaigh leobhtha. "Ná leanaidh iad" arsa ceann de shaighdiúiridhibh Dhomhnaill O'Néill le h-Éamonn, "is "daoine le Dia iad""; agus glacadh a chomhairle. Bhí comhacht an Bhrúsaigh ag dul i n-acmhuinn agus i liónmhaire i n-aghaidh an lae. Nuair bhí Cúige Uladh siubhalta agus smachtuighthe aca ghluaiseadar síos ó dheas gur shroicheadar Dún Dealgan; ní gábhadh a rádh nach raibh éadáil is slad go fras aca. I mí an Mheithimh ghabhadar seilbh áth Fhirdiadh. Thárla gur chuaidh cuid dos na Sacsannaighibh ag pollaireacht le teann faitcheasa i sean- teampull bhí i n-Áth Fhirdiadh. Chuir Éamonn lasóg faoi agus loscadh teampull agus Sac- sain i n-aon iodhbairt amháin. Thugadar aghaidh anois siar ar Chonntae na Midhe. D'ionnsuigh na Gaill iad annseo 'gus annsúd acht rug na h-Albanaigh an chraobh i d-tólaimh. Ghluai- seadar orra go caithréimeach asteach go h Íar-Mhidhe. D'éirigh go geal leo annsin freisin. Ar rochtam Ath hÍ dóibh, facathas go raibh cúig céad déag d'fhearaibh ag fanacht annsin leo. Dhírigh an dá arm ar a chéile. Bhí bascadh 'gus briseadh 'gus claoidheadh ar ch'aon taoibh go ceann tamaill. Annsin cuireadh na Gaill i n-diaidh a g-cúl go dtí gur briseadh glan orra 'sa deireadh. Lean na h-Éireannaigh iad agus munar go chomh scioptha bhaineadar an bóthar amach is deimhin nach bhfágfaidhe fiu ceann aca gan a bholg le gréine. Ní miste dham a rádh gur rith le h-Éamonn go seoigh ó'n chéad lá ar bhuail ré imeall- bhúird glasa na tíre; agus shaoilfeá nach raibh aon smúid 'na chomhair. Acht ní "daoine le Dia" iad na Sacsain go léir agus bhí orra anois é sin do dhearbhadh. Chruinnuigh- eadar le chéile i n-dáil chomhairle ag Cill Chainnigh i mí an mheithimh, 1315. B'é De Bhuitleír, fear ionaid an ríogh, bhí mar uacht- arán ar an g-cruinniughadh. Thoisigheadar ag cur is ag cúiteamh ar an g-caoi do b'fheárr le réim Éamoinn do laighdughadh. Socruigheadh ar arm do chnuasach agus na sluaighte go léir a theacht le chéile fá cheannas agus stiúradh Dé Buitleír. Anois nó riamh ceapadh go g-cuirfidhe deireadh críochnuighthe leis an Albanach a bhí dá scriosadh is dá robáil. Níorbh' é sin an uair deiridhe leobhtha ó shoin ale ag ceapadh míorbhal a dhéanamh gan 'fhios aca go cé an toirmeasc bhí rómpa, níorbh' é sin. Thoisigh na tighearnaí ag cur a mbuidhean le chéile agus ag cur a n-iarmharáin i leith-taoibh. Bhí go maith. Mar sin féin níor éirigh leobhtha chomh maith is cheapadar. Ag seo mar thárla. Bhí Riocárd de Bhurc nó an "t-Iarla ruadh," mar glaoidhtí air, ar na tighearnaibh ba mhó comhacht agus ughdar- thás i gcríochaibh Fáil an tan úd. I n-Gaillimh na dtreabh is eadh chomhnuidh sé i gcaisleán mhór cois fairrge. Ba leis an chuid is mó de Chúige Uladh idir talta 'gus caisleáin. Níor mhór an t-iongnadh mar sin go raibh sé ar dhearg-bhuile i n-geall ar an m-bhascadh agus an réabadh bhí déanta ag Éamonn 'san g-Cúige sin. Bhí ollmhuchán oll-mhór dhá dhéanamh aige shiar i n-Gaillimh ionnas go m-béadh sé réidh le h-Éamonn a thachtadh amach is amach chomh luath is leagadh sé súil air. Níorbh é seo an rud is measa a bhí ag goilleamhaint air. Ní bhfuair sé cuireadh do'n mhór-dháil a bhí ag na tighearnaibh i gCill Chainnigh agus las sé le teann feirge agus éada. Chruthóchadh seisean a fhearamhlacht agus a ughdarthás dá m-buidheachas; thaisbeán- fadh séisean do'n tsaoghal gurbh' é féin amhain ba chionn-tsiocair le cumhacht na n-Albanach do chlaochlódh i n-Éirinn. Leis an intinn seo thug sé an t-órdughadh dá shaigh- diúribh 'bheith ar án m-bóthar. Shéideadh an stoc agus seo an mór-sluagh ag déanamh soir ó thuaidh faoi dhéin Éamoinn. Ghluais siad ar aghaidh agus chomhnaidhe ní dheárnaidh siad go dtáinig siad i n-gar d' Áth Fhirdiadh, Casadh arm na d-tighearnaí n-aontuighthe faoi cheannas De Bhuitleír annseo orra agus iad
ar a mbealach i d-tuaid i g-coinnibh na n-Albanach. Ar rochtain 'na láthair do'n Iarla Ruadh d'órduigh sé gó h-uaibhreach do'n fhear ionaid imtheacht leis a bhaile arís é feín agus a arm. "Fág agamsa an t-Albanach seo," ar mo ghaisgidheach, "agus muna g-cuirfidh mise é féin agus a ál ar neimhní, go bhfillidh m' fheallta féin orm." "Déan- faidh sin," ars' an fear eile, "acht muna g-cuirfidh tú cóir air, castar leat é." Leis sin d'iompuigh sé ó dheas arís le na fhearaibh. D'imthigh an t-Iarla Ruadh ar aghaidh acht ní dheachaidh sé i bhfad gur tháinig sé i n-amharc airm na n-Albanach láimh le Áth Fhirdiadh. Shaoil an truaghán bocht nach raibh air acht é féin do thaisbeáint leis an arm eile a ruagadh; acht ní mar síltear a bhíonns. Nuair chonnaic sé arm na n-Albanach ag seasaimh go dúbhshlánach 'na aghaidh chrith gach a raibh bog ann le fait- chíos agus b'é sin iomlán a raibh a mhianach déanta dhe. Bhí arm an Iarla go mór níos mó 'ná arm na n-Albanach. Chuaid Éamonn ar a chúl agus dorinne sé áituighadh chosanta ar an d-taoibh thiar de'n abhainn Bann. Chomh luath is chonnaic De Bhurgó seo, tháinig a chroidhe arís aige, bhrostuigh sé go h-obann ar a lorg le cath a thabhairt dó. D'órduigh sé a shluaighthe ar an d-taoibh ó dheas de'n abainn. Dhearc na h-Albanaigh orra go neamh-thuileam- aidheach. Ní raibh aon dúil ag Éamonn cath a thabhairt go meallfadh sé aige féin anall cuid des na taoiseachaibh Gaedhealacha a bhí i d-taoibh an Iarla. D'éirigh leis mar bhí dúil aige; níorbh' fhada gur tháinig na taoiseacha seo le congnamh dó. Ní luaithe do chonnaic an t-Iarla Ruadh gur thréig dream dá chuid fear é, dá dhonacht dá raibh sé nuair a tháinig sé ós comhair súl na n-Albanach ó thús ba seacht measa anois é. Siúd thug ré do'n na sálaibh é! agus comhnaidhe ní dheárnaidh sé gur shroich sé baile beag a d-tugtar air Connor ceathar nó cúig de mhíltibh ón Baile Meadhonach. Annseo tángas suas leis agus b'éigean dó cath a thabhairt. Thosuigh an cath. D'ionnsuigh an dá arm a chéile go fuilteach feargach. Rapadar is réabadar ins gach taoibh díobhtha, fútha 'gus tharsta. Ba dian buan an cath é, acht má bhí sin amhlaidh, thaisbeán na Gaedhil agus bunadh na n-Gaédh- eal, mar thaisbeán siad go minic ó shoin, nach é mianach Sheagháin a chuirfeadh ruaig orra 'ná a sheasfadh ar a n-aghaidh fear ar fhear. Má bhí an cath fada bhí an bhuaidh gan amhras. Thuit na Sacsain go homadamhail 'na sraith- eannaibh 'ins gach taoibh, agus an té nár thuit thug sé go luas na g-cos é mar thiubhradh girrfhiadh ó chonraid. D'éirigh le De Bhurgó a chleiteacha do thabhairt leis ó pháirc an chomhlainn, agus níor leig sé scís nó gur shroich sé a chaisleán féin i n-Gaillimh. Bhí gáirdeachas mor ar na h-Éireannachaibh agus na h-Albanachaibh faoi 'n mbuaidh seo acht ba gheárr a sheas a lúthgháir agus a riméad nuair b' éigean dóibh 'bheith ar a g-cosaint arís. D'éis an chatha chuaidh siad ó dheas chomh fada le Ceanannus. Annseo d'ionnsuigh Ruaidhrí Mortimer iad le cúig míle déag fear. Acht ba é fearacht an t-Iarla Ruaidh é, is geárr a sheasadar roimh arm Éamoinn nuair cuireadh fiadhach agus fan orra. B'iad féin a thug an chéad scéal ag Caisleán B'l'á Cliath gur ruaigeadh iad. D'éis na caismirte seo chuaidh na h-Albanaigh trí Chonntae na Midhe, an Iar-Midhe agus Longphuirt. Ag iompódh ó dheas arís thang- adar chomh fada le Loughseudy. Annseo ghabhadar foslongphort agus d'fhanadar ann ar feadh na Nodlag 1315. I dtosach na bliadhna thriall siad go dtí Arscoll i n-gar do Bhaile Atha hÍ; casadh orra annseo deich míle fíchid d'fhearaibh armtha faoi cheannas De Bhuitléir, fear ionaid an ríogh. D'aimsigh an dá arm a chéile ar an d-toirt bhoise acht mar ba chleachtach le h-arm Éamoinn, bhriseadar agus ruagadar arm na Sasannach. Chongbhuigh easbaidh bheathadh iadh ó dhul ar aghaidh agus ar a m-buaidh do chur i gcrích. I n-geall ar sin tharraing Éamonn ar ais i d-tuaidh. Chuir sé faoi arís i nDún Dealgan. Do gairmeadh rí na h-Éir- eann de annsin do láthair ag maithibh agus mór-uaislibh na tíre. Go fada seo bhí buaidh gan briseadh aige agus 'ch'uile áit dá n-deachaidh sé do bhí leis. Deirtear go rug sé an bhuaidh i n-ocht g-cathaibh déag in aghaidh na Sacsan. Bí buac a chaithréime sroichithe aige anois. Acht, gidh go raibh sin amhlaid aige-san, ní raibh an deagh-scéal céadna le h-innsint ag na taoiseachaibh eile a bhí ag troid ar a shon agus ar son a d-tíre i n-áiteachaibh eile. Bhí na Sasanaigh ag fághail an ceann a b'fhearr ar na taoiseachaibh seo; agus leis an scéal do dhéanamh níos measa, gidh náireach é a luadh, bhí siad féin ag imreas agus ag cur i n- aghaidh a chéile, cuid aca ag tóraidheacht
uachtaránachta ar an g-cuid eile. Buaileadh na Tuathghallaigh i g-conntae Chille-Mhanntáin. Thuit Féidhlim agus Ruaidhrí Ó'Conchubhar amach le chéile faoi riaghlughadh Cúige Chon- nacht. 'San m-bliadhain 1316 tugadh cath mór i m-Blám-ríogh idir dhearbhráthair an Iarla Ruaidh agus Féidhlim Ó'Conchubhar i n-áit ar thuit ocht míle déag do Chlannaibh Gaedheal. Go deimhin féin mórbh' iongnadh gur thuit an oiread aca nuair atá a fhios againn gur cultacha anairte a bhí orra agus iad ag troid in aghaidh fear a raibh earradh agus éide cruadhach orra. Ba bhuaidheartha an scéal é seo do Éamonn go raibh an oiread sin lucht leanamhna ag tuitim. Mar sin féin níor- chaill sé an stuaim 'ná an mhisneach. D'ionn- suigh sé caisleán Carraig Fearghusa bhí i seilbh na Sacsan. B'é an longphort deiridh é bhí 'na seilbh i gCúige Uladh. Níor éirigh leis a thógáil chom réidh is ceapadh. Níor thugadar suas riamh nó go raibh d'fhiachaibh orra croicne a g-cuid capall d'ithe agus 'na dhiaidh sin ochtar Albanach a bhí mar phríosún- aigh aca. Nuair thug siad suas tugadh a bpárdún do ch'uile dhuine aca, ní nach n-déan- faidhe dá mba rud é go raibh an bhuaidh ag an d-taoibh eile. Ní h-eol dam gur léigheas riamh ar Shasannach chomh trócaireach sin! Ag deireadh na bliadhna 1316, tháinig Robáird Brús, rí na n-Albanach go h-Éirinn le cuiduighadh le na dhearbhráthair Éamonn. I dtús na bliadhna bhí a teacht bhí an bheirt dearbhráthair agus fiche míle fear idir Al- banaigh 'gus Éireannaigh ag triall ar a m-bealach go B'l'á Cliath. Chuireadar fútha i n-amharc na cathrach. Tháinig na creathanna ar lucht comhnuidhthe an bhaile mhóir le teann faitcheasa rómpa mar níorbh' fhéidir dear- mad a dhéanamh do'n mhéid buadha a ghnothuigh an t-Albanach ó chuir sé cos i n-Éirinn. Bhí a cháil agus a chlú i bhfad agus i n-gearr na tíre. Ins an am seo, Sasannach bhí 'na árd- ghiuistis ar Bh'l'á Cliath. Fear misneamhail cródha b'eadh é do réir mar léightear. D'éirigh leis na daoine do chongbháil ar a thaoibh féin leis an g-cathair a chosaint in aghaidh iom- ruagaidh na n-Albanach. Go deimhin chuir- eadar cóir chosanta chomh dána sin orra féin gus mheas na Brúsaigh go m-ba chrionna díobhtha gan cath a thabhairt ar fhaitchíos go g-caillfidhe iomarca dá g-cuid fear 'san iarracht. Mar sin, d'iompuigh na h-Alban- naigh a g-cúil le B'l'a Chliath agus thugadar aghaidh ó dheas asteach go Conntae Cheatharlach agus Chill Cainnigh. Ar sin thrialladar go luimneach. Chuireadar fútha i n-aice na cath- rach sin. Bhi an chathair i riocht cosanta ag na Sasannachaibh. Mas eadh féin ni'l aimhreas ar bith ann nach ndeanfaidhe scrios ar na Sasannachaibh seo, acht b' éigean do na h-Albannaighibh chlaonadh dho'n chall agus do'n ghanntan a bhí anois ag gabháilt dóbhtha agus 'ghá lagadh ó lá go lá. Ní raibh aon bheatha le fágháil agus bhí an tír ar fad thart- timcheall faoi léan-scrios. Cailleadh na beithidhigh. Milleadh na barraidhe, agus bhí an phláigh ar ch'uile ní d'ár fheil do dhuine. Go deimhin léightear dúinn go raibh neithe chomh mío-nádúrtha sin gur ith na máithreacha a g-cuid páistidhe féin: agus ní h-é sin amháin acht tógadh na cuirp agus rinneadh leobhtha mar an g-céadna; b'é an ganntanas go cinnte bhá chionn-tiocair faoi gur theip ar na h-Albannaighibh Luimneach do thógháil. Bhí an t-arm tanuighthe le pláigh is le call, agus ní gan iongnadh, b'éigean dóbhtha éirghe as. Acht níorbh' é seo amháin a bhí ag cur trioblóide orra. An faid is bhíodar ag Luimneach chuir na tighearní Sasannacha a g-comhairle i g-ceann a chéile ag Cill Chainngh i n-áit ar cruinnigheadh deich míle fichid fear le dúil na h-Albannaigh a stop ó dhul ar a g-cúil 'ná ar a g-coimhint. 'Na cheann rin, thuirling cúig míle déag fear armtha i n-Eochaill as Sasana faoi Ruaidhrí Mortimer chum congnaimh a thabhairt in aghaidh na n-Albannach. B'olc an scéal é seo d'Éam- onn. Ní raibh ag na h-Albannaighibh a dhéanamh acht éalódh leobhtha ó thuaidh i n-aghaidh a g-cúl. Ar shiar thall shroicheadar Dún Dealgin go tabhartha tnáithte 'thréis a n-aistir. I mí na Bealtaine an bhliadhain chéadna seo, 1316, d'fhill Robáird Brús ar ais go h-Albain. Gheall sé d' Éamonn nach fadha go m-béadh sé anall chuige arís, agus go d-tiubhradh sé arm eile leis níos liónmhaire agus níos neartmhaire 'ná mar cheana. Ár 'ndó, chreid Éamonn é agus d'fhan sé beagnach bliadhain i n-Dun Dealgan gan faic a déanamh acht ar súil go d-tiocfadh Roibeárd 'chuile lá. Ní'l amhreas ar bith nach mbéadh an bhliadham sin, 1317, ar a chomhairle féin aige mar bhí muna m-béidheadh go raibh an ganntan is an t-ocras ag gabháilt dos na Sasannaighibh chomh maith le cách; agus bhí faitchíos orra na h-Albannaigh do leanamhaint i dtuaidh go
m-béadh an call inthighthe agus an bheatha níos flúirsighe. I dtosach na bhliadhna 1318 bhí deag-chosamh- lacht ar neithibh. Bhí an tír ag bruchtadh go toramhail le bárr is beathaidh arís agus ní raibh call ar aoinne. Shnaidhm agus cheangail Sasannaigh na Mumhan a sluaighthe le chéile, agus cuireadh an t-arm mór seo faoi cheannas ceannaire dárbh' ainm Sir John de Birmingham. Ba gheárr an mhoill orra go rabhadar ag déanamh soir i d-tuaidh d'ionn- suidhe na n-Albannach. Casadh an dá arm ar a chéile ag Fochairt i n-gar do Dún Dealgan ar an 28 adh lá de'n Eanair 1318. Bhí arm na Sasannach chomh millteach mór sin gur iarr Domhnall O'Néill ar an mBrúiseach dhul ar a chúl i d-tuaidh agus gan cath a thabhairt go bhfeicfidís an dtiocfadh Roibeárd ó Albain leis an arm a bhí geallta aige. Bhí na h-Albanaigh ar an intinn céadna seo, acht bhí Éamonn dúbhshlánach neamh-scáthach agus ní bhéadh aige acht cead a chinn féin. Shaoil sé agus a liacht buadha bhí aige ó tháinig sé anall nach raibh aon bhriseadh i n-dán dó. Shcaoileadar na taoiseacha eile leis agus cheap sé go dtiubhradh sé cath dos na Sasann- aigibh ar an láthair. Bhí go maith. Dhírigh an dá arm ar a chéile. Réabadar is ghearradar go fuilteach fíochmhar. Ba gheárr gur bh'fac- athas go raibh Sasannach mor dhár bh'ainm John Maupas i g-comhrac éin-fhir le h-Éamonn Brús. Níor chuir aoinne asteach orra. D'aimsigh is sáitheadar a chéile, bhuail is chosain siad, leonadar is ropadar agus thuiteadar marbh i mullach a chéile i n-aon chuap gan corruighe arís go bráth. Chuir sin deireadh le h-imtheachtaibh Éamoinn Brús i n-Éirinn. Nuair thuit Éamonn tháinig laighdiughadh meanman ar an arm. Facathas nár throideadar chomh tréan is ba dhual dóib. Fá dheireadh facathas go rabhadhar ag dul i n-aghaidh a g-cúl agus ar thiar thall briseadh glan orra agus bhí an lá ag lucht na g-casóg dearg. D'éirigh le Domhnall O'Néill 'theicheadh go Tír Eoghain go slán sábhálta acht d'fhág sé dhá mhíle fear sínte ar pháirc an chatah 'na dhiaidh. Acht, ní raibh na faol-choin sásta fós. Scathadh an cloigeann d'Éamoin. Cuireadh i salann é agus thug Birmingham anall go Sasana é mar bhronntanas d'Éamonn II., rígh na Sacsan. Bronnadh an teideal Earl of Louth ar Birmingham de bhárr a thrioblóide. Ag seo mar fuair na raispínidhe seo teidil i n-amsir i n-allód. Adhlacadh colann Éamonn Brús láimh le páirc an chomhlainn. Tá leacht mór le feicéal ann fós agus is deallrach gur faoi atá sé curtha. Ní gábhadh a rádh go raibh tréithe maithe ag Éamonn Brús. Bhí sé 'na shaighdiúir chródha chalma neamh-scáthach:- "Laoch ghan mairg, laoch gan cealg, Laoch gan camadh gan spléadhachas." Níor fágadh sin gan locht é - acht cia atá gan lóct, gan sal 'san t-saoghal seo? Bhí sé ceann-láidir uaibhreach dána agus ró-thugtha d'á thoil féin. Ní raibh aon mhaith ag cainnt leis, bhéadh cead a chinn féin i g-comhnuidhe aige. Níor bhuaidh géireacht a mhéinne agus a aignidh ar a threiseacht. Thairis sin bhí sé 'na sheadaire thréan. Is mairg gur thuit sé chomh luath. Is mairg fós nár chuir sé 'na luighe ar na h-Éireann- achaibh méid á n-díth-chéille ag iarraidh a bheith ag troid gan orra acht lín-éadáigh i n-aghaidh na n-Gall a bhí i n-earradh 's i n-éideadh. Dá mba rud é go rabhadar armtha mar na Sacsain agus fós gur múineadh cúrsaidhe cogaidh 'sa g-ceart dóibh, cuirfidh mise i m-bannaidhe go g-cuimhneóchadh muintir Shasana dá ríribh píre ar imtheachtaibh Éamoinn Brús an dá lá is mhairfidís. Acht cé'n mhaith 'bheith ag caint anois? Is leor a rádh gur rinne Éamonn a chion fir, agus i n-ngeall ar sin ba chóir ar a laighead, go mairfeadh a chuimhne i g-croidhthibh na n-Gaedheal chomh fad is 'tá ár d-tír ar suidheachán. PÁDRAIG Mac Aodha
Acolythe, coindleoir, Wb., 24 b 32 Acolythe's light, Léasbhair, Wb.25 d 3 (a derivative of léas, a gleam of light); the word is applied to the Blessed Virgin in a beautiful hymn ascribed to Colmcille: A Mhuire, a mhionn mhór-mhaiseach, Ro-d-shaorois ar síol, A Leasmhaire Lór-mhaiseach, A Lubh-ghort na ríogh. "O Mary, shining Diamond, thou hast saved our generation; O Lamp full-beauteous, O Garden of kings." Eriu I., 122 Agent, gníomhuightheoir, (Éochair-sciath 52); primium agens universale, céad gh, coitcheann ib. Alb, léine Aifrinn, Eoch 35 Altarchoth, anart, T. Life 146, 252 Altar-table, mias = Lat. mensa, TL. 34 Amice, micht (miocht), Eoch. 36 Chanter, céadlaidh, M1. 61 d 5 Chasuble, casal, TL 56; brat tollcheann, ib. 34; cochall, Eoch. 35. Cincture, crios, Eoch. 35 Compline, coimpléid, g. coimpléide, PH Confirmation, cosmaid, g. cosmada, Cormac's Gloss. s.v. caplait Corporal, corporas, Eoch.36 Credence-table, meinistir TL Divinity-student, maic-cléireach, TL. 156 Efficacy, feidhm, Eoch. 52; dá n-abradh Cailbhin nach fuil feidhm ar an Aifreann, if C should say that the Mass has no efficacy. Fatherland, athairthír, Irish Odyssey 22 B Figura, fioghair, Eoch. 55 Figurative language, fioghaireacht, PH Host, abhlann, g. abhlainne, TBB Hymn, iomun, Eoch. 69 Incense, ingchis, Ml. 141 c. 2 Interlocutor, frisnéisidh, Ir. Od. 97 Interpret, eadargnaighim, MH Lesson, liacht g, liachtan, PH Literal meaning, stair, Ml. 14 d 8, 10, PH Literateur, Litiridh, Sg. 28 a 18 Maniple, mainipeil, Eoch. 35
meaning sians. Ml. 14 d 8, 10, PH Ostiarius, aistire TL. 264 Paten, teisc, TL.; mullóg, g., mullóige, PH.; paiteana, Eoch. 36 Poet's reward or honararium, duas, g duaise, TL. 246 Portable altar, altar-stone, iom-altóir, Lismore Lives, 1633 Porter (order) aistire, TL Preface (of a book), tiodalradh, LU. Tain, 151 Quantitas, caindigheacht, Eoch. 55 Stole, stóil, Eoch. 35 Student, léighnidh, Liadain ocus Cuirithir, 21; réadaire, ib. 30 Tonsure, bearradh, TL Tutor, múintidh, Wb. 1 d 11 Type, aithghein, Eoch. 70
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services