Litir don phapa
Ag so síos litir do cuireadh chuige le macradh Muighe Nuadhat
Agus a Iúbaile Dá Comóradh.
Do Sheosamh Sartó .i. Easbog na Róimhe agus Comharba Pheadair.
Muinntir comhlucht Colmcille .i. mic
Léighinn atá isan choláiste se Muighe Nuadhat
in Éirinn do chuir chugat an litir se.
A athair na gcríostaidhe n-uile agus a fhir
ionaid Dé ar an talamh, caogad bliadhain
duit i do shagart i mbliadhna agus an domhan
mór ag taisbeáint duit an áthais atá orra
an méid sin de do shaoghal do bheith slán
agat, agus iad ag cur a n-athchuinge chum Dé tú
do bhuanughadh i gcathair na Róimhe agus beannacht
na ngrás do chur anuas ort, éirghimíd-ne agus
do-ghnímíd-ne deithneas ag triall ort leis
na briathra so, óir is eadh is dóigh linn nach
cóir go bhfanfaimís-ne amach uait, sinn-ne
do shíolraigh ó na mairtíribh d'fhulaing na
míle agus na mílte lot a dhílse do bhíodar don
chreideamh agus do gach pápa do bhí ann le n-a
linn. Adhbhar eile fós .i. go rugamar do
roghain sinn féin do chur i gcóir isan
choláiste se chum ár mbeathadh do chaitheamh
mar shagairt i measc na ndaoine agus chum an
t-sean-chreidimh agus na sean-nós do athnuadhadh
agus do dhaingeanughadh agus chum a chur in iúl dár
dtreud dá dhílse bheid siad duit-se gurab
eadh is giorra bheid in a gcroidhe agus in a
n-intinn do n-a seacht sinnsearaibh do ghabh
rómpa is an tír se na hÉireann.
Agus, a athair, is ró-mhaith is eol dúinn do
réir teagaisc ár n-easbog féin ná fuil aon
t-saordháil ag baint leis an obair do
ghabhamar do láimh do dheunamh mar atá na
droch-leabhra agus na droch-pháipéir ó lámhaibh na
n-eiriceach dá dteilgeadh thar lear isteach
chugainn anall gach aon lá agus tuigimíd in ár
n-aigne muna bhfaghbhtar amas éigin orra
súd chum iad do scrios as an dúthaigh, gurb
é deireadh bhias orainn .i. an creideamh do
dhul in eug agus na daoine d'éirghe amach i
gcoinne airchinneach na heaglaise. Agus
tuigimíd fós gurab é cóir is fearr do
cheapfaidhe chum an chreidimh do chosaint ná na
daoine do chasadh ar an nGaedhilg arís agus
leabhra Gaedhilge do thabhairt dóibh le
léigheamh. An feadh is í an Ghaedhealg bhias
dá léigheamh aca ní baoghal don chreideamh,
óir is ar ár láimh féin agus fá réir lucht
ceannais na heaglaise atá cló-chur na
leabhar nGaedhilge. Is í an Ghaedhealg
caint an chreidimh, mar is tré an nGaedhilg do
craobhscaoileadh an creideamh ar dtúis, agus is
tré an nGaedhilg tháinig an creideamh
chugainn féin glún ar glúin ó n-ár seacht
sinnsearaibh anuas. Is ar an Ghaedhilg thar
teangadha na cruinne atá fíor-bhlas an
chreidimh agus is í an Ghaedhealg an chaint is mó
théid síos i gcroidhe na ndaoine. Dá bhrígh
sin le cead uachtaráin an choláiste agus na
n-easbog tángamar ar toil a chéile agus do
ghabhamar de gheasaibh orainn ná scaoilfimís
tarainn aon uair an chloig sosta do
gheobhamaois ó ghnáth-obair an choláiste gan
dul go dtí teach na leabhar annso agus congnamh
do thabhairt chum cló do chur ar gach sean-
mheamram dá bhfuil ann ionnus ná beadh sé
le rádh ag an dúthaigh gur cheileamar orra na
leabhra breaghdha diadha do scríobhadh anallód
agus go rabhadar díomhaoin againn-ne annso agus
iad féin in a bpráinn.
Acht, a athair naomhtha, leagadh meisnigh
iseadh cuimhneamh ar méid na hoibre se atá
romhainn agus ar laighead ár n-acmhuinne agus laige
na hóige, agus iar dteacht dúinn ós do chomhair
indiu leis an litir se dod mholadh agus do
thabhairt buidheachais le Dia thug slán gus an
lá indiu thú, iarraimíd ort-sa do athchuinge
do chur suas chum Dé ar ár son agus beannacht
na n-asbol do thabhairt dúinn go léir.
Roibeard Fullerton, Sagart
Seán Ua hEidhin. Sagart
Liam Ua Cinnéide, Sagart
Seumas Mac Cionnaoith, Sagart
Seán Ua Céileachair, Sagart
Pól Breathnach, Mac Léighinn
Tomás Ua Dubhghaill, Mac Léighinn
Seumas Ua Conaill, Mac Léighinn
Irisleabhar Muighe Nuadhad
Leabhar I
An Cháisg, 1909
Uimhir 2
Eachtra Lámhainní Síoda
Inso síos
Dhá threibh daoine do bhí ann ar linn na
heorna<n> gile do theacht ar an saoghal an
cheud uair agus gan breith thíos ná thuas aca
ar a n-anál le neart a scím chum díoghbháil
do dheunamh do n-a chéile. Do bhíodh na tighthe
tré theinidh aca agus an talamh díomhaoin
agus fiadhailí agus feochadáin thar na
claidhtheachaibh ar fud na dúithche agus an
t-arbhar ag dreóghadh istigh ins an eathala
<iothlainn> cnámha daoine ar na bántaibh agus
gan aoinneach ann chum cré bheannuighthe na
reilige do chaitheamh orra. Sa deireadh
nuair do bhí an-chuid daoine marbh agus
leónta, adubhairt duine éigin ná feadar sé
cadé an chúis an cogadh sin agus cad bhí dá
bhárr ag aon chuid aca. Adubhairt duine
éigin eile an chaint cheudna agus do bhí gach
aoinneach dá rádh ar ball agus is é an
deireadh bhí air gur aontaigh Feargus Óg .i.
an fear ba mhó éifeacht ar treibh aca inghean
fir ón treibh eile do phósadh agus gan a
thuilleadh bruighne ná achrainn do bheith aca as
sin amach. Do tógbhadh teach breaghdha
feirmeach dóibh ar teóra an dá dhúthaigh, agus
do bhí táinte bó is na gleanntaibh aca agus
treuda caorach ar na cnocaibh; do bhí lucht
oibre aca do-ghníodh a ngnó go díreach
macánta agus fuair a gceart bídh agus
codladh; do bhí meas ag na comharsanaibh go
léir orra agus is chucha do thiocfaidís
d'iarraidh congnaimh chum maireachtain nó
comhairle a leasa; agus do chuirtí fáilte
roimh lucht ceóil agus aoibhneasa agus gach
duine ar mhaith leis teacht agus tamall
den oidhche do chaitheamh ar an teinnteán.
Tháinig draoidheadóir ar an áit i gcló
duine uasail a dtugadh Lámhainní Síoda air.
<Do bhíodh> cnapaí airgid ar a chasóig ag
imtheacht aige agus buataisí móra ar a
chosaibh a raibh leathar dearg agus leathar
buidhe agus leathar dubh ionnta agus spuir
órdha ar a shálaibh agus fuip dá reir. <Do
bhí> fáinní ar a mheuraibh agus in a chluasaibh
agus cleite fada as a hata, agus de shíoda
ba eadh a chuid eudaigh ar fad. Aoinneach
chomh deallramhail leis ní fhacaigheadh <fhacas>
ar an áit riamh roimh sin. D'fhan sé ar
lóistín ag Feargus Óg, agus do bhí gach
aoinneach an-shásta leis, do bhí sé chomh
séibhialta <síbhialta> sin. Do thaisbeánadh sé
a chuid eudaigh agus saidhbhris do sna
daoinibh. Adeireadh na sean-daoine gur
bhfearr leó féin na fáinní agus na bioráin
óir do bhí ag bean an tighe mar go rabhadar
chomh bog, nádúrtha sin le feuchaint orra nár
dhóigh leat nach fás do-righneadar agus ná
fuaradar aon ghoradh ariamh ón teine agus
nár bhain gabha ná saor leó riamh. Adeiridís
Leis ná raibh is na seódaibh ar fad do bhí ag
lámhainní Síoda acht obair mhí-mhaiseamail
agus go gcuirfidís i ndeallramh leó an
dranna gáire bhí aige féin. Adeireadh an
dream óg gur mhinic dóibh cuimhneamh ar
daoinibh ó áiteannaibh leath is amuigh agus
nár rioth sé leó go raibh a leithéid ar an
saoghal araon chor a bhreághthacht do bhí sé agus
an chanamhain cainte do bhí aige. Agus is
iad sin thug Lámhainní Síoda air agus do
bhíodh an ainm ceudna ag an sean-dream air
acht amháin gur le searbhas adeuraidís é.
D'iarr Lámhainní Síoda ar Feargus an
dtiubhradh sé ionad tighe dhó. Adubhairt sé
go dtiubhradh agus fáilte agus gur bhreághdha
leis a chuideachta. Do chuir Lámhainní ráil
thimcheall na háite ar fad agus do chuir sé
roinn tor síos in san talamh chum gach seomra
do bheadh aige do thaisbeáint do sna
comharsanaibh, agus ní righne <dhearna> sé acht
an méid sin ar feadh na huaire sin.
Do bhí Feargus Óg ag obair sa pháirc lá,
agus tháinig Lámhainní Síoda aníos an bóthar
agus adubhairt le Feargus: nach iongantach
a luighead measa ag do bhean ort? Adubhairt
Feargus Óg gur chuma. Do chuaidh Lámhainní
Síoda annsin go dtí a bhean agus do chuir
breug ar Feargus dá rádh go ndubhairt sé
gur chuma leis meas do bheith ag a bhean
<mnaoi> air féin nó gan bheith. Adubhairt an
bhean go raibh an droch-chroidhe agus an droch-
theanga riamh ag Feargus Óg. Nuair do bhí
na comharsain bailighthe isteach an tráthnóna
ceudna, d'éirigh an bhean ag an teinidh agus
adubhairt nár bhain lé féin riamh acht daoine
a raibh strus agus geall orra agus daoine
macánta agus ná raibh ag a fear ná ag ar
bhain leis acht an méid do ghoideadar, agus
"an bhfaca aoinneach beó," arsa sí, "aon rud
chomh canta, chomh deagh-snoidthe leis na
coindleoiríbh práis thugas-sa liom ó thigh
m'athar?" D'éirigheadar chum a chéile
annsin agus adubhairt na daoine go mbeadh
an cogadh ar bun aca arís, agus adubhairt
firín do bhí muinteardha le Lámhainní Síoda
gur bh'feárr an t-achrann d'fhágbháil fa rádh
beirte, acht gur dheacair beirt d'fhaghbháil,
agus go mbféidir nár bhfearr rud do-
gheunaidís ioná é d'fhágbháil fa dhuine éigin ó
áit leath is amuigh. Adubhairt gach aoinneach
annsin gur mhaith an cuimhneamh uaidh é, agus
cá bhfuighbhidís fear ní badh dheallramhla ioná
Lámhainní Síoda. Do léig sé air annsin nár
mhaith leis aon chur isteach do bheith aige ar
ghnó daoine eile agus gurbh é sin an beus do
bhí riamh aige; má seadh fhéin mar shásamh do
gach aoinneach go ndeunfadh <ndiongnadh> sé
an rud d'iarradh <do hiarradh> air, acht go
gcaithfeadh sé leabhra móra do léigheamh agus
dul i gcostas trom. Nuair do bhí na leabhra
ar fad léighte aige do-righne sé a rádh
eatorra, acht do chaitheadar na coindleoirí
do thabhairt dó an cheud uair agus píosa
maith talmhan in a bhfochair mar chostas an
dlighidh. Sé an rádh do-righne sé nach, má
adubhairt bean an tighe an rud adubhairt sí
féin go ndubhairt sí, go raibh an ceart aici,
acht má adubhairt sí an rud adubhairt a fear
go ndubhairt sí, ná raibh an ceart aici; agus
má adubhairt fear an tighe an rud adubhairt
sé féin go ndubhairt sé, go raibh an ceart
aige, acht má adubhairt sé an rud adubhairt
a bhean go ndubhairt sé ná raibh an ceart
aige. Annsin adubhairt an bhean go raibh an
ceart aici féin agus d'éirigh an fear in a
coinne agus dubhairt gur aige féin do bhí an
ceart, agus má's olc do bhí an cheud achrann
do bhí aca is measa go mór ioná sin féin
an dara achrann. D'fhóbair go mbuail-
fidís féin a chéile, acht adubhairt an firín
gan é do dheunamh acht é d'fhágbháil arís
fa rádh Lámhainní Síoda. Do chas Lámhainní
Síoda ar na leabhraibh arís agus b'fhada an
mhoill do bhí air go rabhadar ar fad léighte
aige. Sé an rud adubhairt sé annsin go
raibh an ceart ag an mbean <mnaoi> do réir
an t-sean-reacht agus go raibh an ceart ag
an bhfear do réir an dlighidh nua agus nach
eól do aoinneach cia aca dligheadh ar cheart
géilleadh dhó. Agus as an mbreath sin
d'éirigh bruighean eile, agus mar sin do bhí.
Ní raibh in aon bhreath thug sé acht adhbhar
achrainn, agus do bhí na costaisí ag dul i
méid sa tslighidh ná raibh páirc ná beathaidheach
aca, agus ba éigean dóibh an tigh breaghdha
d'fhágbháil agus dul isteach i mbothán bocht.
Ní raibh a gcuid ná a gclú aca. Aon
lánamha bheó chomh dealbh leó ní fhaca aoinneach
riamh agus ní fheicfidh go deóidh. Do bhí gach
aon rud ag Lámhainní Síoda annsin agus
do thóg sé caisleán mór agus do bhí
saidhbhreas agus arm aige. Do chuir sé
d'fhiachaibh ar na daoinibh teacht go dtí a
chúirt féin agus do bhí hallaí móra a
raghaidís isteach ionnta chum a gcúis do
phléidhe. Do chuir sé in a luighe orra gur
mar sin do-ghníthí i ngach tír i raibh dlighthe,
breitheamhnas, agus ceannacht. Do bhíodh gach
aoinneach ag aithris na bhfocal sin agus cuid
aca nár thuig iad. Adeireadh an sean-
dream gurbh fhearr leó an tslighe bhog
ghaedhealach do bhí aca sa tsean-aimsir agus
go raibh an iomarcaidh réim fá an strainséir
seo ná feadar aoinneach cad as é nó cia ar
dhíobh é ar aon chor. Acht do bhí an sean-
dream ag dul i laighead gach bliadhain
tháinig agus ní raibh aoinneach ar an mbaile
sa deireadh a raibh an sean-nós aca.
Fé <sar> fhuair bean Fheargusa bás do bhí
cúiplín aici. Do bhí Tadhg aici mar ainm ar
leanbh aca agus an Spuirín aici ar an leanbh
eile. Níor airigh na comharsain riamh an
ainm sin Spuirín agus b'ait leó é. Adubhairt
an bhean go dtug sí an ainm sin air mar
mhórtas don bhfear mhacánta sin, Lámhainní
Síoda a raibh na spuir ar a shálaibh aige, agus
go raibh buidheachas a croidhe aici air;
meireach <muna mbeadh> é sin go mbeadh sí
féin agus a fear ag achrann go deóidh, agus
nárbh mhór an ní go dtug lámhainní cead
maireachtana dhóibh ar aon chor? Do bhí an
bheirt leanbh seo ag súgradh lá i macha na
sean-fheirmeach agus aon bheirt garsún badh
dheise snódh, badh láidre lámh, agus badh
luaithe cos níor cuireadh riamh ar an saoghal.
Do bhí Tadhg in a sheasamh ar bhárr puirt agus
sean-hata ar a leath-cheann aige agus do bhí
an Spuirín d'iarraidh é do chur dá chois. Do
bhí taca ag Tadhg le n-a shálaibh sa phort. Do
bhí sé dá lúbadh féin agus dá bhogadh féin
agus neart a ghualann aige i gcoinne an
Spuirín gibé'r domhan taobh a dtiubhradh sé
fobha féig. Agus is iad na focail bhí aige
nach <ná>
Mise an sean-rí 's ní bhogfar mo ghreim,
'S ní bhainfear anuas díom mo choróinín
beag binn.
Do bhí Lámhainní Síoda ag gabháil an bhóthair
leath is amuigh agus d'fhan sé ag an ngeata
ag éisteacht leó agus gach aon gháire aca.
Do leath a shúile air le iongantas agus le
dóighteacht croidhe. Dar an mbaiste, ar sé,
is baoghal damh-sa na buachalla úd. Atá
misneach agus meabhar aca. Dogheuna droch-rud
díobh sin fós, acht bainfead-sa siar asta.
Do chas sé a bhaile arís comh mear 's do bhí
aige. Do labhair sé le sean-draoi de
sheirbhíseach bhí i bfeidhil na gcaorach ar an
móinfheur aige dá chur i dtuigsint dó
cad do bhí uaidh. Do-righne an sean-draoi
fiach dubh dhe féin agus d'éirigh in áirde ar
an aer agus cnapán luaithe in a bheul aige.
Níor bhfada go raibh sé ag luasgadh ós cionn
na ngarsún agus ag greadadh a sgiathán.
Do theich na garsúin ar a ndícheall. Do bhain
barr-thuisle do an Spuirín beag agus do
thuit sé ar a bheul agus ar a aghaidh agus do
thuit Tadhg anuas air. Do sgaoil an fiach
dubh anuas chucha an cnapán luaithe. Do
bhris air agus é ag teacht anuas agus do-
righne ceó dhe. Do leath an ceó sin ar feadh
an eudain ar Thadhg agus ar feadh na gcos ar
an Spuirín. Tháinig neul codlata agus
fantais orra annsin, agus níor dhúisigheadar
as an gcodhlad sin fa cheann trí lá 's oidhche.
Ní raibh a shiubhal ag an Spuirín ná a radharc
ag Tadhg. Tháinig mar do bheadh bróga
iarainn ar an Spuirín agus is ag lámhachas
do bhíodh sé. Níor fhás sé pioc agus do bhí
sé in a chreutúir beag suarach as sin amach.
D'fhás Tadhg go hiongantach agus i gceann
cúig bhliadhan do bhí sé in a fhathaigheach <fathach>
mór, acht ní raibh aon leus radhairce aige.
Nuair do bhí an méid sin deunta ag
lámhainní Síoda do-righne sé seacht ndígre-
acha <ndíge> leathana doimhine timcheall an
chaisleáin mar chóir cosanta air agus do thóg
sé seomra mór sa chúirt leath istigh agus
tug sé cuireadh don tuaith teacht agus
bheith ag caint ann agus aon rud do bheadh
uatha do chur in iúl dó. Tángadar ann,
agus ní fhuaradar réidhteach ró-mhaith le
n-a chéile. Do bhí costaisí móra ag baint
le gach aon rud agus ba éigean dóibh gó léir
bliadhain oibre do thabhairt in aisge do
Lámhainní Síoda mar ná raibh an t-airgead
aca. Do bhí toradh a sláinte aige agus é ag
magadh fútha ar fad.
Le linn na haimsire sin do bhí an Spuirín
in a shuidhe ar an gclaidhe lá. Do bhí búna
síoda báin timcheall ar a mhuineul. Ní fios
cá bhfuair sé é. Do bhí an-thaidhbhse air as
mar is giobail ar fad ba eadh an t-eudach
do bhí air. Cad do-chífeadh sé chuige ag
teacht anuas le fánaidh an chnoic acht bean
shiubhail agus leanbh beag le n-a cois agus
sgeabha reatha fútha agus madraí Lámhainní
Síoda asta. Do chaith sé é fhéin anuas den
chlaidhe ar lár an bhóthair agus do-chuaidh sé
ag lapadán agus ag lámhachas ag fóirint
orra. Nuair do-chonnaic na gadhair ag
teacht é, tháinig sgannradh orra agus do
chasadar ar an nóimeint. Adubhairt an bhean
shiubhail: "Atá buidheachas agam ort, a bhróga
iarainn. Atá casóg mo mhic annso stractha
ag gadharaibh Lámhainní Síoda agus atá mo
lámh gearrtha aca agus atá sí ag tabhairt fola.
An bhfuil aon rud agat do chuirfinn thimcheall
uirre?" Do bhain an Spuirín dé an búna
breaghdha geal síoda do bhí thimcheall ar a
mhuineul agus thug sé dhí é. D'ionntaigh an
bhean air annsin: "A bhróga iarainn," arsa
sí, "ní dual athar duit bheith mar atá tú.
Téighir go dtí Sean-Chailleach na Sgáthán síos
in íochtar an ghleanna agus abair lé gurab
iad an Mac agus a Mháthair do chuir chuiche thú
fá dhéin comhairle do leasa agus cuimhnigh ar
an lá so go lá do bháis." D'imthigheadar
annsin agus ní tugadh síos cá'r ghabhadar.
Ar theacht an tráthnóna do bhí an Spuirín
ag tairsinn doras Cailleach na Sgáthán.
"Bail Dé ar a bhfuil annso istigh," arsa sé.
"Dia's Muire dhuit," arsa an chailleach.
"Fios mo leasa ort, a Chailleach na Sgáthán,"
arsa sé. "Cia adubhairt leat teacht?"
arsa sí. "An Mac agus a Mháthair." Ní
raibh focal ag an chailligh agus do shíl an
Spuirín ná labharfadh sí ar aon chor. Do-
chuaidh sí go dtí an doras agus d'fheuch sí
amach agus do chas sí arís. "Tusa Bróga
iarainn?" arsa sí. "Is mé," ar seisean,
"fios mo leasa ort?" "Ceart gan eagla,
gan chath, ní raibh sé riamh le faghbháil ó fhear
na hurchóide. Oidhche i ndiamhair coille agus
coimhthionól daoine ag glaodhach in áirde ós
bhur gcionn. Oidhche ar mhaoil an t-sléibhe
agus rian bhur gcolann ar an gcarraig luim
agus gan oiread 's cúnach ag fás uirri, aiteann
gan bláth agus crann giúise breac-críon
agus tobar fíor-uisge i lár na habhann
agus gach coiscéim siar ó thuaidh agus deun-
faid <do-gheunaid> cosa gan siubhal eólas do
shúilibh gan radharc." "A chailleach na sgáthán,"
arsa an Spuirín agus é ag gabháil amach an
doras, "cad is cor dom chosaibh féin?" Do
bhí sé ag lapadán agus ag lámhachás leis
i gcomhnuidhe agus d'fhóbair go gcaillfeadh sé
na focail adubhairt sí: "brisfear claidheamh
agus sleágh i gcomhrac agus ní bhf'láir
<foráil> díbh na cosa cruadha bheith ag
duine agaibh."
Do-chuaidh an Spuirín go dtí iothlann
Lámhainní Síoda ar lorg a dhearbhráthar. Do
bhíodh sé ag tarraing ualach fá thrucail gach
lá do Lámhainní Síoda dáltha aon bheathaidheach
agus is san iothlainn do chodailigheadh sé ar
feadh na hoidhche. "I do chodladh athá tú, a
Thadhg?" arsa an Spuirín. "Ní headh, a
dhearbhráthair." "Éirigh as sin. Cuir mise
ar do ghuailnibh agus bí ag cur díot. Deun-
faidh <do-gheunaid> cosa gan siubhal eólas
do shúilibh gan radharc. Is agam-sa atá na
súile, is agat-sa atá na cosa. Cuirfimíd a
mhalairt de dheallramh ar an ndúthaigh seo
nuair chasfaimíd." D'imthigheadar leó annsin.
Níor mhisde don Spuirín a rádh go raibh na
súile aige: do-chífeadh sé na cuileóga ag
teicheadh ó na fáinleogaibh lá samhraidh agus
do mheabhróchadh sé agus do chóimhreóchadh sé
na ruibí do bhainfeadh na heunlaithe de dhrom
asail ar linn neadaireachta. Agus níor
mhisde dó a rádh go raibh na cosa ag Tadhg:
mar thiubhradh sé cnoc de léim agus
gleann de thrioslóig agus ní chuirfeadh sé
i bhfáith loch ná coill.
Do bhíodar ag imtheacht leó riamh 's choidhche,
agus nuair bhí an deidheanaighe ag teacht an
dara lá rángadar an choill do bhí chomh
tiugh ag bileogaibh crainn ná raibh caoi aca
ar na réiltíní féin d'feicsint ar an aer.
Do bhí na preucháin ag sgreuchadh in áirde ós
a gcionn: ""Oidhche i ndiamhair coille,"" arsa
an Spuirín, ""agus coimhthionól daoine
in áirde os bhur gcionn." A Chailleach na
Scáthán, arsa sé, atá cuid de do chuid
cainte tar éis teacht chumh críche. Siubhail
leat go dtanóchaidh na crainn go bhfeicfidh
mé iad." Níor bhfada go bhfaca sé na
preucháin ar an aer. Do bhí trí sgata mór
ann díobh agus iad go léir ag grágallach
<grágghail> sa t-slighidh go ndubhairt Tadhg
gurab iad na deamhain aereach bhí ann. Sa
chodladh dhóibh d'airigheadar duine ag caint,
agus aon ghuth chomh binn níor airigheadar
riamh roimh sin. Do bhí an duine sin ag rádh
leó gurbh mór an meisneach do bhí aca, go
raibh an-chuid oibre deunta aca acht gan dul
ró-fhada ó bhaile. "A Spuirín," arsa Tadhg,
"nár bhfearr dúinn casadh." "Ní fearr,"
arsa an Spuirín, "éirigh as sin, cuir mise ar
do ghuailnibh agus beidh an meisneach agat
arís." D'imthigheadar leó annsin.
Ar theacht an tráthnóna arís do bhíodar ar
sliabh an t-sneachta, agus ar mhaoil an
t-sléibhe sin ar an gcarraig luim do chodail-
igheadar ar feadh na hoidhche. Ní haon
chodladh sámh do-righneadar mar do bhí
daoine ag labhairt leó tré n-a gcodladh
agus dá rádh go raibh an domhan ag magadh
fútha anois agus ná raibh oscar céille ná
meabhrach aca. "A dhearbhráthair," arsa
Tadhg, "ní fearr dúinn bheith ar a thí."
"Éirigh agus bí ag cur díot. Sé an lá indiu
an lá déidheanach atá orainn." Agus d'fág-
bhadar rian a gcolann ar an áit i gcodailigh-
eadar i lár an t-seaca.
D'imthigheadar leo arís. Do-righneadar
brúscar de na coilltibh agus poill criadh
briste de na locha. Cubhar na habhann ar na
crannaibh agus iasg na habhann ar na portaibh.
Agus ar linn na gréine ag dul fé do-
chonnaic an Spuirín an aiteann tré theinidh
fiche míle amach uaidh agus crann giúise le
n-a ais do bhí breac-críon ag an teas.
Tamall beag amach do bhí an abha, agus
adubhairt an Spuirín dul go dtí carraig dubh
do bhí in a lár. Do bhíodar ar an gcarraig
ar an nóimeint. Fuaradar an fíor-uisge ón
tobar. Do nigh Tadhg a shúile agus do bhí an
radharc agus an misneach aige. D'éirigh buile
air annsin agus má's gairid do bhí sé ag
teacht, ba ghiorra ioná sin do bhí sé ag casadh
arís. Do bhí an cogadh ar siubhal nuair do
chasadar mar do bhí gach aoinneach cortha de
lámhainní Síoda. Do bhí daoine ag teicheadh
agus daoine eile ar a dtóir. Níor dhada le
Tadhg na dígreacha <díge> do bhí thimcheall an
chaisleáin, agus ar iompódh na baise do bhí
sé ag an doras. Do leag sé uaidh an Spuirín
ar an bpáirc. Do bhí sleagh agus claidheamh
aige. Do bhuail sé buille ar an gcuaille
comhraic. "Cuirim ort, a Lámhainní Síoda,"
arsa sé. "Léigim leat," arsa Lámhainní
Síoda. An té raghadh ó íochtar an domhain
go dtí uachtar an domhain ag feuchaint ar
chath agus ar chruaidh-comhrac, is orra féin badh
chóir dul ag feuchaint. Do dheunfaidís <do-
geunaidís> ball bog den mball cruaidh, do
tharraingeóchaidís tobracha <tobair> fior-
uisge tré chroidhe na gcloch nglas, le foiréig-
ean uilc agus urchóide chum a chéile go dtí
go raibh an t-sleagh agus an claidheamh do bhí
ag Tadhg briste in a mblodhnaibh. Do bhí an
Spuirín thíos ag cosaibh a dhearbhráthar. Do
phreab sé ar a ghlúnaibh. "Adubhairt an
chailleach," arsa sé, ""brisfear an claidheamh
agus an t-sleagh agus ní bhf'láir díbh cosa
cruadha bheith ag duine agaibh. Beir orm
agus sgaoil chuige mé." Rug sé air agus
do chaith sé leis é. Do bhí Lámhainní Síoda
ar linn an buille do tharraing chum an ceann
do bhaint de Thadhg. Do bhuail an dá chois
iarainn a sgiath, agus do chuadar isteach
tríthe dá mbadh amhlaidh 's ná beadh ann acht
braitín lín eudaigh gur bhuail an dá shál sa
dá shúil ar Lámhainní Síoda agus do thuit sé
in a phleist den mbuille sin.
Do bhí an caisleán agus na talmhaintí ag
Tadhg agus an Spuirín annsin. Do bhí feusta
agus cóisir aca an oidhche sin agus do bhí na
coindléoirí práis ar an mbord aca. D'ar
<lá ar> n-a bhárach, do-chuadar go dtí teach
Cailleach na Sgáthán. Ní raibh aon teimheal
le feicsint dí féin ná dá tig acht do bhí bean
óg álainn ar an áit, agus do bhí an Mháthair
agus a Mac ann in a fochair. Do bhí gile na
gréine ar a n-aghaidh agus ar a súilibh. "An
bhfanfa sibh in ár bhfochair go deóidh?" arsa
Tadhg. "Ní bheimíd i bhfad uaibh, arsa an
Mháthair.
Agus níor innis mo shean-athair cad ba chor
dóibh annsin.
An fear d'innis an sceul so damh-sa,
adubhairt sé gurab é an scoláire mór d'innis
do n-a shean-athair an cheud uair é, agus
aon rud adubhairt an scoláire mór go dtioc-
fadh sé chum críche. Is dóigh liom féin go
bhfuil tagairt ann do sheanchus na hÉireann,
agus gurab ionann Láimhinní Síoda agus
muintir Shean-Shasana, agus gurab ionann
Tadhg agus muintir na tuaithe a bhfuil cóir
agus glaine na Gaedhilge aca gan fhios dóibh
féin, agus gurab ionann an Spuirín agus
muintir na mbailte mór thug eólas agus
misneach do mhuintir na tuaithe. Má is fíor
sin, atá cuid den tairngireacht so ná táinig
chum críche fós.
Cros na nAingeal
An Ghaedhealg isan Iolscoil
Cad chuige Iolsgoil? Atá, chum go mbeadh
gach cinéal foghluma, agus gach réim árd-
oideachais ag macaibh léighinn pé tír pé
treabh dóibh, nó pé bocht saidhbhir iad. Ní
déarfadh aoinne ná gurab iad eagna agus
anam-eolas, feallsamhnacht diadha agus
béasach na foruis is foirtile agus is féile
agus is tábhachtaighe atá ar toirbhirt ag
Iolsgolaibh. Acht cad mar gheall ar gach
cineál eile léighinn? Badh cheart go bhfuigh-
idís sin an taoide is dual dóibh le h-aghaidh
na ndaoine chuireann spéis ionnta, acht
i nIolsgoil deighcheapaighthe 'sé eolas is
ionnruice agus is aoirde ná ealadha na
haigne agus na nádúire. B'í sin tuairim
na ndaoine do chéad-leag clocha buinn na
nIolsgoil ins an aimsir i n-allód. Do
shíleadar go mbeadh tabhairt suas maith ar
na macaibh léighinn dá mbeadh príomh-adhbhar
na n-uraiceacht aca agus, mar aon leis na
tréithibh eile, eolas maith ar a dteangain
féin; iad a bheith i n-innmhe í do léigheadh
agus do sgríobhadh gan doice gan doladh
agus gach ar bhain le seanchas follasach a
dtalaimh dúthchais agus le iomláine eachtra
a sinsear a bheith de ghlanmheabhair aca.
B'oireamhnach an oileamhain é sin do shaor-
chineadh. Ba leor fós é d'fhear géarchúiseach
agus go mór-mhór do dhuine ná féadfadh
teacht ar oideachas deagh-mhúinte tré easbh-
aidh maoine chum slighe mhaith maireamhna
d'fhagháil as a bhféadfadh sé, le haireachas
agus le háirdeall, do choigilt - is gan
sprionnluightheacht do chur 'n-a leith. Dá
mbadh rud é go mbeadh na tréithe sin ag na
macaibh léighinn ag dul go dtí an Iolsgoil,
d'fhéadfaidís leanamhaint ar gach adhbhar
foghluma badh mhaith leo agus bheadh sé ar a
gcumas an fhoghluim sin d'fhagháil tré n-a
dteangain dhuthchais.
Acht "ní mar a síltear bítear." Ní raibh
aca an fíor-eolas forusta ba dhual dóibh 'sa
teangain. Agus ní'l aon athrughadh saoghail
againn anois seachas an t-am úd. Dá
mbeadh, ní bheimís i gcumhangrach agallmha
agus aighneasa mar atáimíd fé láithir. Ó's
mar sin atá ní misde dhúinn a fhiafraighe
dhínn féin cá bhfuil an locht? Is í mo
bharamhail-se, agus ní baramhail gan bharánta
í, go bhféadfaidhe an milleán do chur i leith
na sgol n-íochtarach, de bhrígh nár fromhadh
ionnta na sgoláirí i dteagasg tuigsionach
ar dhálaibh ná ar nodaibh ar dteangan. Acht,
ná stadaimís annso ag sileadh na ndeór os
cionn an mhí-thapaidh sin. Deinimís iarracht
go mion agus go minic le lághacht agus le
cinéaltas chum a chur 'n-a luighe ar uachdar-
ánaibh na sgol úd gurab é a ndualgas
dleaghthach athnuadhchain ceart do dhéanamh ar
an nGaedhilg agus sgaipeadh agus díbirt do
chur ar a n-éirimíbh leath-ghallda; go bhfuil
muintir na tíre go léir ar aon aigneadh gur
fearr seasamh ar ar mbonnaibh féin ná bheith
i dtilliomaighe aon duine; agus ar an
adhbhar sin nach ceart dóibh féin fanacht ar
gcúl, acht beartaidheacht mhór do thionnsgnadh
chum oibre na Gaedhilge.
Ó's soiléir, mar sin, ná deintear an
Ghaedhilg do mhúineadh go dlisdeanach agus
go deachtuighthe ins na sgoileannaibh iochtar-
acha, ís í ceist is tabhachtaighe dá mbaineann
leis an Iolsgoil nua do Ghaedhilgeóiríbh, ná
cionnus is fearr cuirfar an Ghaedhilg dá
múineadh innti? Cé go bhfuil dream i gceann
na hoibre is ar an tSeanaid a théigheann
sé 'sa deire an suidheamh foghluma do
cheapadh. Acht b'fhéidir ná fuil cead a gcinn
ag na Seanadóiríbh chum pé adhbhar foghluma
is maith leo do chur ar an gclár? Ní fheicim
aon rud 'sa reacht ag chur coinghill ná col
orra um an Ghaedhilg do chur 'san réim
uachtair agus árus a diongbhála do thabhairt
di. Bíodh a fhiadhnaise sin ar bhrígh an cheath-
ramhadh roinn: "ceapfaid na stíurthóirí
i mBaile Átha Cliath na riaghalacha go léir le
haghaidh na hIolsgoile i mBaile Átha Cliath,
agus na gcoláisdí a bhaineann léi"; agus
arís ar bhrígh an dara roinn: "beidh na ceada
ceudna ag macaibh léighinn atá ag déanamh
stuidéir i gColáisde bhaineann leis an
Iolsgoil agus atá ag macaibh léighinn na
hIolsgoile." Ag machtnamh ar bhrígh agus ar
mheoin na riaghlach soin dúinn, chífeam gur ar
an tSeanaid atá túrnamh nó tóghbháil na
Gaedhilge, agus nuair a cuirfear ar crann-
aibh í gurab ionann agus bás di, muna
gcuirfar ar shlighe a leasa í. I n-Iolsgoil
deighcheapaighthe níor bh'fuláir an Ghaedhilg a
bheith n-a húirlis foghluma; acht ní féidir sin
fé láthair. An rud is lugha dhe, ní bheidh
suidheamh ceart foghluma againn 'sa tír seo,
acht ionad múinte Gall-Ghaedheal go mbeidh
ag an nGaedhilg an réim is dual di. Mar
is an í Ghaedhilg teanga na hÉireann, agus
is innti atá smaointe agus cáilidheachta ar
sean agus ar sinsear; is léithi atá fighte
fuaighte gaois agus intleacht na ndaoine
atá ag a labhairt leis na mílte bliadhan;
ní'l i stair na teangan acht stair anma
daoine a bhlais den aoibhneas agus den
tsonas agus den abhantur ar feadh na ré
i n-a rabhadar manaigh agus mainistreacha
go líonmhar ar fuaid na tíre, agus i n-a
raibh meas agus scion ar léigheann agus ar
chráibhtheacht; agus fós stair anma daoine a
bhlais 'n-a dhiaidh-san den daor-bhruid agus
den anachain agus den éigeandáil ar fead
na ré i rabhadar fé smacht na gclaon-dlighe.
Má's fíor a n-abharthar go mbíonn gaois
agus grástamhlacht i ndaoinibh seachas a
chéile, ní mór a rádh nár theip ar Ghaedhealaibh
riamh an fíor-chreideamh agus an deagh-
eolas agus an dúil 'sa léigheann. Agus cá
bhfaghthar an fíor-eolas sin? I dteangain
ársa na nGaedheal.
Dá bhrígh sin, dá sgaraimís, len ar
dteangain, nó leogaint di dul i laighead
agus i dtrághadh, bheimís ag sgaramhaint leis
an oighreacht is dúthchas dúinn, agus ag dul
i n-olcas i láthair an domhain mhóir. Seadh!
agus do bheimís ag sgaramhaint leis an
dteangain is gasda, agus is bríoghmhaire,
agus is eagnaidhe, agus is léigheannta dá
labhartar ar dhruim an domhain mhóir. Ná
deintear magadh ná fonomhaid fé laighead
a sean-lithridheachta, agus ná bristear fé
scige dá gcuirtí i gcompráid le litridheacht
na Gréige, agus na Laidne, agus an Bhéarla
í. Gan amhras, tá foth-obair i litridheacht na
dteangan úd ná géilleann i n-aon chomórtas,
acht do chinn an Ghaedhilg seo againn-ne
orra ar dhoimhne eolais, ar airgheannaibh
focal, agus ar iongantas eachtra. Agus
féach i leith na Sean-Ghaedhilge féin! Cá
bhfuighfidhe a cómh-fhoirbhtheacht, agus a cómh-
chastacht de theangain? Tá díochlaonta
agus comhchlaonta innti atá i n-easnamh le
fada aimsire ar shanasán na Laidne, agus
ná fuil tásg ná tuairisg orra indiu. Agus
dá gcuarduighimís go bun gach teangan aca,
b'iontuigthe dhúinn gur teangthacha coibhneasta
iad, mar is minic ná bíonn eidir-dhealughadh
orra 'sa phréimh bhunaidh. Is beag iongnadh
mar sin go ngoilleann a gcás ar a chéile,
agus is lughaide is ionchurtha i n-iongantas
gan togha an eolais ná fios-fáth na Laidne
ag duine nach ngabhann do lámh an tSean-
Ghaedhilg do chur i n-áireamh a thréithe.
Ní foláir, mar sin, córughadh árd a bheith
ar an nGaedhilg. Níor cheart go mbeadh an
iomarca adhbhar i ngach suidheamh foghluma
mar is é príomh-rún na hIolsgolle tuilleadh
do chur len a mbíonn i n-aigne na mac léighinn
ar dteacht isteach dóibh. Agus ná deintear
aithris ar an tsuidheamh foghluma cleachtar i
nDroichead Caime ná i n-aon áit eile. I
gcomhair muintire na hÉireann atá an
Iolsgoil nua, agus ní oireamhnochadh iad sin
an rud d' oireamhnochadh an fear thall. Acht,
an mbeidh sprid Gaedhealach i measg na mac
léighinn? Tá caoi ann le haghaidh gach aon
rud do dhéanamh dá gcuimhneochadh duine air.
Bíodh seanchas na hÉireann dá múineadh go
mion ann, agus bíodh ollamh togarthach,
inneamhail chum í do mhúineadh. As an
bhfoghluim sin, tiocfaidh grádh 'n-a gcroidhthibh
d' Éirinn, agus go mór-mhór dá dteangain
dúthchais. Rud eile, cuirtar ar bun ann
cumann Gaedhealach a bheidh in áis le
léigheann, agus bíodh ag baint leis aitheasca
agus díospóireachta, cuirmeacha ceoil agus
sgoruidheachta chuirfidh sprid dúthrachtach ins
na macaibh léighinn, agus a ghríosfaidh iad
chum leanamhaint ar an nGaedhilg.
Ba mhaith liom trácht ar na daoinibh go
mbeidh ortha an Ghaedhilg agus gach a
mbaineann léi do mhúineadh 'san Iolsgoil.
Is í mo thuairim-se ghur ceart go mbeadh
beirt ollamhan le haghaidh oibre na
Gaedhilge - duine aca le haghaidh Gaedhilge
agus litridheachta na haimsire seo, agus an
duine eile le haghaidh na Sean-Ghaedhilge
agus a litridheachta-se. Tá luaidhte agam
cheana ar an tseanchas. Dom dhóigh-se is
Drochthuar é ar an gcrích a bhéarfaidh stair na
tíre, agus sprid na ndaoine tríd sin, gan
fear a dhéanfadh feidhm mór di a thoghadh,
agus a fhorthan airgid do thabhairt dó. Má's
amhlaidh ná taithneann an gléas sin le n-a
lán do chuirfinn na tairgsionna so os a
gcomhair: bíodh ollamh ann i gcomhair na
Sean-Ghaedhilge agus gach a mbaineann léi,
agus an duine eile le haghaidh Gaedhilge na
haimsire seo, agus gach a mbaineann léi.
Tagadh ann aitheascóir iasachta go mbeidh
aithidhe seandachta na hÉireann aige. An
t-áireamh sin uile a chur i n-aon tsuim, is
éachtach an obair a dhéanfaidhe ar son na
Gaedhilge. "Ní bhíonn saoi gan locht";
agus is fíor é an sean-fhocal. Ní hé an
fear is mó léigheann an fear is inneamhla
chum teagaisc. Ar an adhbhar sin, ní foláir
na hollamhna do thoghadh iar meas a gcomhacht
agus a gcáilidheacht. Is dóigh liomsa ná
beadh fios iomláine a ngnótha ag na macaibh
léighinn muna dtabharfar congnamh dóibh ar
leith seachas a bhfaghaid go léir i gcoitcheann.
Ní chuirfinn aon chuing ar na hollamhnaibh,
acht ní dhéanfadh sé ceataighe mór dóibh
comhairle do chinneadh cia an chríoch go
ndéanfadh na scoláirí braith air .i. iad do
stíuradh ar a gcuid oibre pé bog cruaid í.
Annsin, nuair a bheidh tamall maith caithte ag
na hollamhnaibh ag múineadh, ní bheidh
daoine le fagháil níos oireamhnaighe mar
scrúdaightheoirí na iad sin. Beidh a fhios aca
nach ceart scrúdughadh cruaidh do thabhairt
do sna macaibh léighinn, acht an t-adhbhar
aighneasa do chur os a gcomhair ar a mbeidh
eolus aca go léir, agus breitheamhnas do
thabhairt orra, iar bhfeicsint na haicillidh-
eachta le n-a rianaid a smaointe.
Dá ndéanfaidhe 'san Iolsgoil amhail atá
curtha síos annso, do raghadh go mór chum
maitheasa di. Tá a lán daoine i n-Éirinn
gur dóigh leo ná fuil aon bhaint aca leis an
Iolsgoil nua, acht gur adhbhar aighneasa í do
lucht an léighinn. Is mór an dearmad é sin.
Ní headh amháin gurab í obair na hIolsgoile
an obair is tábhachtaighe agus is suimeamhla
do ghaibh tír annso fós, acht gurab í an t-aon
obair is riachtanaighe orra go léir í. Ar uach-
daránaibh, ar ollamhnaibh, agus ar reachtairíbh
na hIolsgoile atá oileamhaint agus béas
mhúineadh aosa óig na tíre. Ná bíodh aon
sreangán teangan ná righneas labhartha orra,
acht labhraidís amach go hárd agus go dána,
agus ná caillidís an t-árach so chum saor-
oideachas d'fhagháil ar mhaithe le saoirse na
hÉireann. Bídís 'na mballaibh beathadh
i gcorp na ngleo-ghal agus na ngliadh; bíodh
so n-a rún bunadhasach agus n-a shuaitheantas
aca - "dílis do Dhia agus d'Éirinn."
DONNCHADH UA DONNCHADHA
Aithreachas Mór na Naomh
A Thighearna thug damh spéis - ná fulaing mo léan i bhfad;
Sín do chobhair <damh> i n-am - beag mo theann is lag mo neart
Tá mo namhaid ar mo thaoibh - ar feadh na hoidhche is ar feadh an lae,
Ní fios damh nach i mo shuan - thiocfaidh an uair i mbreithfear mé,
Is iomdha rabhadh fuair Sodom - is iomdha olc tháinig dá cheann
Má chaith mise seal ag olc - ná leig m'anam bocht 'n-a gheall
Prionnsa uasal i mbun a fhocal - nach mór an sochar é bheith i dtír?
Nár gheall tú damhsa párdún - a rí na ngrásta is tú atá fíor?
Nár pheacaigh Adhamh is Dáibhidh an rí - pheacaigh Maoise is ba mhaith an triúr,
Cionn na gcléireach Peadar feidhmeach - mac Dé shéan sé ós coinne a shúl.
Má pheacaigh sinne pheacaigh siad - is ionann Dia a bhfuilmid faoi.
D' aithne agus do ghrádh ó chéile - go bráth ná cuir a rí.
Nac bhfuair fear a haon-déag - páighe a lae mar fhear a trí?
Is minic bhí cú mall sonach - atá féile is onóir i mo rígh.
Golfaidh mé in san oidhche - golfaidh mé arís gach lae
Agus golfaidh mé go bráth - go bhfuighbhe mé grásta Dé.
Golfaidh mé go <gáibhtheach> géar - scaipfidh mé na frasa deór
Scoiltfeas clocha agus croinn - go bhfaghbhad mo roinn den ghlóir
Ó thosuigh tú i gcionn an chláir - a rí ba fhearr ó thús go bráth
Guidhim thú a rí na ndúl - ná stad do shiubhal insan tsrath.
Ceangal
Ní raibh roiseafta nó siopa ag mo liaigh-sa riamh
Tá fios mo ghalair is m'aicíde agat fhéin, a Dhia,
Lucht leathtruime ná hagar is ná héiligh choidhche,
Faoi allus na haithrighe cuir mé i mo luighe
Do éirim bheathadh gobnatan
Ag so mar adeir an Colganach 'san
mbeathaidh do sgríobh ar bhannaomh Gobnait;
"donec acta hujus clarissimae Virginis
Gobnatae quae intelligo in australi Momonia
extare, offerantur luce donanda, solum paucu-
las sequentes periodos ex diversis collectas,
de ea duxi proferendas. Is follus as san
gur shamhlaigh an t-ughdar léigheannta san go
raibh gníomhthara Gobnatan le fághail an
tan san. Agus is áirithe go rabhdar leis.
Acht fóiríor ghéar! níl táisg ná tuairisg
orra anois. Dá bhrígh sin caithfimíd bheith
sásta go fóill ar a lán de sgéal a beathadh
d'fhághail ó bhéalaibh na ndaoineadh 'san
nduthchaigh inar mhair sí agus inar éag sí.
Tugann an Colganach féin roinnt eólais
dúinn uirre. Is iomdha staraidhe do labhair
ar a hainm agus ar a mór-chlú; acht is
beag éan-chunntas fairris sin, do thugadar
dúinn uirre.
Tá na sean-ughdair go léir ar éan-fhocal
dá rádh gur shíolraigh sí ó Chonnaire Mór
Rí. Ní hé sin is dóigh le muintir Baile-
Mhúirne mar deirid go dtáinig sí o'n
Sligeach i gConnachtaibh. Réidhtigheann Mac
Gobhann leis sin san stair do sgríobh ar
Chorcaigh. Agus 'n-a theannta san deir sé
gurb' inghean Ui Choncobhair rí na háite sin í.
Do réir an Cholganaigh rugadh i Muscraidhe
í, mar ar seisean; "ibi habitabat stirps
Carbrei Musci ex progenie Conarii Magni,
ex qua ac ipsa orta est." Dá bhrígh sin níl ann
acht cosamhlacth gur rugadh 'san duthchaigh sin
í. Má's fíor dos na daoinibh, do rughadh i
Sligigh i gConnachtaibh í; "táinig Gobnait
naomhtha o'n dtaobh thiar d'Éirinn." Is
iongantach an sgéal innsid i dtaobh a hóige
agus a gluaiseachta chum na duaiscearta.
"Do bhí a hathair an-shaidhbhir go léir. Agus
'nuair do bhí sí 'n-a leanbh ag éirghe suas, do
bhí sí an-cheanamhail ar na bochtaibh agus do
bhíodh sí ag breith an aráin agus na feóla
amach chucha. Lá do bhí sí i gcoinnibh a athar
amach agus iad so aici n-a bib. D'fhiafraigh
sé dhi cad do bhí aici. Bláthanna, ar sise.
Do thaisbeáin sí dhó iad, agus is amhlaidh do
bhí na bláthanna is breaghtha 'san domhan aici,
agus ná feacaidh éinne riamh a leithéidí."
Deirid fós, go mbíodh sí ag breith sméarthoidí
ag triall ar na fearaibh oibre chum a bpíopa
do dhearg, agus ná dóghadh an sméaróid
éan-phioc dá balcaisíbh. Pé bunadhas atá
leis an gcéad míorbhail, ní'l bun ná barr
leis an dara cheann; mar ní raibh breith ar
éan-phíopa an t-am san.
Tamall 'n-a dhiaidh san taidhbhrigheadh di
imtheacht léi agus bheith ag tiomáint léi riamh
a's choidhche go mbualfadh naoi gcinn do
fhiadhnnaibh maola, bána uimpi; go bhfeicfeadh
sí iad ar maidin, roimh éirghe gréine, ag
inbhear ar an drúcht agus stad annsan agus
a beannachadh do dhéanamh ann. D'fhág sí an
baile agus do shiubhail sí léi. Agus an chéad
uair do chonnaic sí iad, ní raibh ann acht cúig
cinn. Do stad sí ann ar feadh tamaill agus
do bhí sí ag déanamh a beannachadha ann.
Is de atá Cill Gobnait i gCluain Droichid.
Do bhí sí annsan lá éigin dá laetheanntaibh,
agus dochonnaic sí uaithe i leith i mBaile-
Mhúirne seacht gcinn aca. Dubhairt sí léi
féin go dtiucfadh sí annsan agus go mbadh
fhéidir gurb' é sin an áit cheart. Táinigh sí
annsan agus do chaith sí tamall eile ann.
Do bhí sí maidin moch amuigh ag paidreóireacht
agus dochonnaic sí uaithe anall i nGort na
Tiubrata naoi gcinn i dteannta a chéile.
Táinig sí agus annsan do chríothnaigh sí a
beatha. Is iongantach an sgéal é sin le
creideamhaint. Acht ní'l a mhalairt le
fághail ó na daoinibh i dtaobh an chuma go
dtáinig sí go Baile-Mhúirne. Pé 'nÉirinn
é tá an méad so le rádh ag neartughadh leis
sgéal san .i. go bhfuil a hainm ag baint leis
na háiteannaibh gur dóigh leo inar stad sí
gus an lá indiu; mar atá Cill-Gobnait i
gCluain Droichid agus Cillín na bhfiadhann i
mBaile-Mhúirne. Ar éan tshlighe ní móide
gurb ionchreidthe Hanlon abrann gur rugadh
i mBaile-Mhúirne féin í, mar ní thugann sé
oiread agus blúire deimhnighthe air.
Pé chuma go dtáinig sí ann, níl amhras ar
bith ná go raibh sí ann ar theacht Naoimh Abbáin
go Baile Múirne. Agus dá dheasgaibh sin
do mhair Gobnait i dtosach na séimhidh aoise.
Deir trong le seanchas gurb'é Naomh Abbán
do chéad-thóg mainistir i mBaile-Mhúirne,
agus gurb' í Gobnait an céad ban-abb do
thogh sé chum a stiúraighthe. Ní'l éan chunntas
againn anois ar chionnas ar chaith sí a saoghal
i dtaob istigh don mhainistir sin. Ní fheadar
éinne cionnas ar mhaireadar na mná eile,
nó mar a nglaodhtaidhe orra an tan san,
"na cailligh," do bhí 'n-a fochair acht chomh
beag. Acth is áirithe go rabhdar an-naomhtha,
go mór-mhór Gobnait féin. Deireann an
Colganach mar gheall uirre; "Tanto chari-
tatis incendio exaestuabat, ut divini amoris
flammas continuo videretur eructare," Agus
i bhFéilire Aenghusa léightear dúinn "mo
Ghobnait go nglan-bhail."
Tá sgéal greannmhar imeasg na
ndaoineadh a thaisbeánann go raibh deirbh-
shiúr aici agus go raibh sí an-naomhtha leis.
"Uair éigin dochuaidh an teine i n-éag orra.
Do chuir sí a deirbhshiúr a d'iarraidh sméaró-
ide chum tighe éigin eile 'san gcomhursanacht.
Do dhein sí amhlaidh agus do chuir sí isteach
'n-a aprún é agus í ag dul a bhaile. Dó
chas fear uirre agus dubhairt sé gur bréagh
an dá chois do bhí aici. D'fhéach sí síos orra,
do dhóigh a aprún agus do thuit an
sméarid amach. Is léir as so gur dhein
sí peacadh sologhtha agus nár thaithnigh le Dia
an uabhar beag tháinigh uirre. Má bhí a
deirbhshiúr chomh naomhtha san, cad é an
naomhthacht do bhí uirre féin." Sin sgéal de
sgéalaibh na ndaoineadh mar gheall ar a
deirbhshíur agus a naomhthacht. Fá mar a
thuigim-se, níor trácht éan staraidhe ar a
deirbhshiúr. Ní fheadradar go raibh a leithéid
ann. Ní abrann na daoine féin cionnas ar
tháinigh sí go Baile-Mhúirne. Niór cheapadar
éin-ní i gcosamhlacht sgéil gluaiseachta
Gobnatan, 'n-a taobh.
Act má táimíd ar bheagán eólais i dtaobh
a beathadh i dtaobh istigh do'n mhainistir, ní'l
pioc dá easbaidh orainn i dtaobh a imtheachta
leath 's 'muigh dhí. "ln vita et post mortem
miraculis clara," adeireann an Colganach
mar gheall uirre. Is cinnte go raibh mór-
chlú agus cáil aici le linn an Cholganaigh mar
gheall ar a míorbhailtibh. Ní'l éan mheathlu-
ghadh ar an gcáil san gus an lá indiu imeasg
daoineadh na dúthchaighe sin. Cuireann siad
'n-a leith an míorbhail seo leanas thaisbeán-
as go raibh grádh ró-mhór aici dos na daoinibh
chomh maith is do bhí aici do Dhia. "Táinigh
creachadóirí ó oirthear Mumhan go Baile-
Mhúirne. Agus 'nuair do bhí an creach aca
da bhreith leó, d'airigh Bannaomh Gobnait gach
n-aon ag liúghraigh agus ag béicigh, 'nuair do
bhí a gcuid do'n tshaoghal ag imtheacht uatha.
D'imthigh sí amach agus do tharraing sí chuiche
a beachaire. Do sgaoil sí amach na beacha
fá n-a gein. Agus geallaim-se gur gheárr
an mhoill orra ruag agus sgeimhleadh do chur
ar na foghluidhthibh.
Ní amháin le linn a beathadh do chobhraigh sí
leis na truaghánaibh acht i bhfad na dhiaidh chomh
maith fá mar is léir dúinn as an sgéal so
fuaras ós na daoinibh. "Deirtear go raibh
beirt fhear i n-allód i bpriosún agus iad le
crochadh. Agus deirfeadh fear aca i gcomh-
nuidhe:
A Ghobnait an dhúthchais
Atá i i mBaile-Mhúirne,
Go dtagair le'd chongnamh,
Is go mbeiridh tú mé as an túir seo.
Tá sí i'd chúram, adeirfeadh an fear eile
i gcomhnuidhe. 'Seadh an oidhche sar a rabhdar
le crocadh do bhuail sí chucha isteach, bean
bhreágh ghléigeal, agus do chuir sí lámh ar a
ghualainn agus dubhairt sí leis "bí amuigh as
san, teánam ort." Do liúghaigh an fear eile
uirre gan é féin do fhágaint 'n-a diaidh.
"Táim i'd chúram ar sise."
Innsid na daoine a lán eile míorbhail dár
dhein se le linn a saoghail agus taisbeántar
gus an lá indiu mórán áiteann atá ag baint
leí dá chionn; mar atá Goirtín na Plágha;
Cumar Bodhar; Áthán na nGártha; Carraig
an Chaisleáin.
Acht is í an áit is glórmhaire ar ar fhág sí
a rian, Gort na Tiubrata, mar a bhfuil a cill
nó a teampall. Sean-fhotharach is eadh é
anois gan díon i ngiorracht tuitim as a chéile
agus go deimhin is mór an truagh gan é
dhaingniughadh. Tá íomhaigh Bannaoimh Gobna-
tan os cionn fuinneóige ann agus is beag
i n-eán-chor atá dá chongbháil gan tuitim ar
a plaosg. I n-áirde ar phinniúir an tighe ar
fheáchaint siar, tá íomháigh an duine sin ar a
nglaodhtar "Gadaighe Gobnait" imeasg na
ndaoineadh. Tá a cheann geárrtha ann
i gcloich, agus tá sé le feicsint ann indiu
chomh soiléir leis an gcéad lá gur geárradh
é. Seo an sgéal atá ag na daoinibh ag cur
i n-iúl dúinn fios-fáth an chinn sin:
"Do bhí bó ag Gobnait. Do goideadh
uaithe í agus níor b'fhios di cár ghaibh sí. Ní
raibh eán chobhair dhi dul dá lorg. Agus
adeirfeadh sí le gach éinne gan é bhac.
'Stoidhche i mbárach do casadh chuiche isteach
'san chlós arís í agus an bitheamhnach 'n-a
diaidh aniar. Do shaoil sé go raibh sé fiche
míle ó'n áit in ar ghoid sé an bhó." Deir
dream eile gur capall bán do goideadh ós
na saoraibh do bhí ag obair di, agus i n-ionad
bheith fiche míle ó'n áit ar maidin is amhlaidh
do bhí an gadaighe ag gabháil timcheall an
teampaill feadh na h-oidhche gur gheal an lá
air!
Tá bulla ar cheann an teampaill istigh i
bpoll. 'Nuair a bhéarfadh duine leis é, ba
cheart do é do chur tar n-ais gan éan-mhoill,
'nuair do bhéadh a ghnó críochuighthe aige. Uair
aírithe rug bean léi é, chum bó do leigheas.
D'fhág sí gan é do chur tar n-ais, 'nuair ba
cheart di é. 'Nuair do chuimhnigh sí ar theacht
leis, ní raibh pioc aice de. Is amhlaidh táinigh
sé féin agus ní féidir é chorruighe ón a áit
féin ó'n lá san go dtí an lá so. Sin mar
is dóigh leis na daoinibh, acht ní'l éan-phioc
dá mhearbhail orm féin ná gurb' amhlaidh do
thuit an chloch do bhí os a cionn anuas air,
agus tá sé greamaighthe ann ó shin. Deir na
daoine gur leis an gcloich sin do leag
Bannaomh Gobnait caisleán do bhí ag Págánach
'ghá thógbháil ar a haghaidh anonn. Níor thaithnigh
sé léi agus an méad do bhéadh déanta ag na
saoraibh i gcaitheamh an lae do leagadh sí um
thráthnóna leis an méaróg é.
Is go dtí an teampall so a thagann na
daoine gach éan tráth do'n bhliadhain go mór-
mhór domhnach cingcíse, ag tabhairt turais.
Tá tri n-ulaidh ann ar a nglaodhtar, an
ulaidh uachtar, an ulaidh láir agus an ulaidh
íochtar. Is ionann an ulaidh íochtar agus
gabháil timcheall an teampaill. 'Sé an ní
is gnáth leo do dhéanamh ag tabhairt an
turais seo, ag rádh ar dtúis:-
"Go mbeannaighe Dia dhuit a Gobnait naomhtha,
Go mbeannaighe Muire dhuit a's beannaighim féin duit,
Chugat a thánag ag gearán mo sgéil leat,
A d' iarraidh mo shláinte ar son Dé ort,"
annsan seacht bpaidreacha agus seacht n-Abhe
Máire agus Cré do rádh ceithre huaire ag
gach n-ulaidh agus gabháil ar an timcheall
deisiol i ndiaidh gach cinn aca. Deirtear go
bhfuil Gobnait curtha fá an ulaidh láir. I
n-a dhiaidh san do raghá síos go dtí an tobar
agus d' ólfá bolmac <bolgum> do'n uisge.
Tá sé ráidhte go bhfuil bricín 'san tobar
agus pé duine dochífeadh é do bhéadh se
leighiste. Seo sgéal atá ag na daoinibh i
dtaobh buadha an tobair sin. Táinigh dream
saighdiúirí chum na deicheamhadh do bhaint
amach. Do bhíodar i gcill Baile-Mhúirne 'n-a
gcomhnuidhe. Ní chreidfidís go raibh éan bhuaidh
ag uisge tobair bheannaighthe Bannaoimh Gob-
natan acht mar éan tobar eile. Agus le
droch-mheas air caitheadh é thabhairt na prátaí
do bheirbhiughadh dhóibh. Acth dá mbéad sé ar
an dteine go lá Philibe an Chleithe, pé teine
do cuirfidhe fé, ní thiucfadh éan teas air acht
mar do bhí sé ar a thabhairt isteach as an tobar.
Pé bunadhas atá leis na h-oibreacha ion-
gantacha dár dhein bannaomh Gobnait, ní'l amh-
ras ar bith ná go bhfuil sí'n-a naomh fíor-uasal
fíor-thaitneamhach le Dia dhil na glóire. Agus
dá dheasgaibh sain 'san mbliadhain 1601 an
12adh la de Iúl tugadh logha ag an Pápa
Clementinus a hocht do gach n-aon a dhéan-
fadh faoisdin agus do chaithfeadh commaoin ar
stáid na ngrás lá 'le Gobnatan, an 11adh la
de fheabhra. Ag so a litir: "Omnibus
fidelium qui ecclesiam parochialem Sanctae
Gobnatae, loci Ballyvorni, die Festo ejusdem
Sanctae Gobnatae a Primis Vesperis usque
ad occasum solis... visitaverunt, decem
annos et totidem quadragenas relaxamus."
Is cuma nó lá saoire an 11adh lá de
Fheabhra i mBaile-Mhúirne, mar tagaid na
daoine 'na sluaightibh chum an aifrinn agus is
beag éan duine a bhíonn ag obair ann an lá
san. Tá íomháigh adhmaid Bannaoimh Gobnatan
le feicsint fós i séipeal na paróiste.
Agus ba ghnáth leis na daoine bluirí éadaighe
do thochrais timcheall air i gcóir go
gcaithfeadh a leanbhaí iad dá gcaomhnadh
ó'n mbárthan agus ó'n olc. As san
tiucfas "Tomhas Naoimh Gobnatan" agus
eadh a chialluigheann sé. Beireann na daoine
a théidheann thar saile, an "tomhas" san leó
fós agus is gnáth leó go léir turas do
thabhairt sul imtheochaidís, dá gcur féin fá
choimirce Bannaoimh Gobnatan agus dá
iarraidh ar Dhia iad do chur ar a leas go
gcasfaidhe 'san treó arís iad. Tá súil
agam go leanfaidh siad don nós bhreagh
ghaedhealach san de shíor agus de ghnáth. Do
réir Mairín, ban-fháidh agus ban-fhile, atá
'n-a comhnaidhe thiar i n-aice Lochaí Bhogaigh
<locha an bhogaigh>, ní'l éan bhaoghal ar sain
mar deir sí 'n-a cuid filidheachta:-
'Se' cloisin féin ag muintir an léighinn,
Is do shiubhlaigh Éire mór-dtimcheall,
Ná fuil éan-bhall 'san tshaoghal is breaghtha sgéimh
Ná an tearmain naomhtha ag an gcill nglas.
Bíonn crainn ag lúbadh le caora isle h-ubhall ann,
Is béid turas dá thabhairt ann choidhche,
S' a thagaid gan siubhal ná radharc 'n-a súilibh,
Faghaid ann go Luthmhar gan mhoill é.
Aindrias Ó Céileachair
Is truagh go deo mho chruadh-chás
Is truagh go deo mo chruadh-chás,
Chan an buime ar an tuinn;
De na ráibí eangach' aoibhne
Ní fhuil mac dá gcneastacht linn.
Na céadta bliadhain im dheóraidhe
Ó Bhanbha, mo thír chaoin fhéin;
Scuabtha san slad mo fháinní,
Mo pháisdí i n-imigcéin.
Ar dhruim na bóchna ag luascadh,
Gan dídean, gan slacht, gan tigh;
Seach 'r chailleas leis na ciantaibh,
Ní mhairfead bliadhain gan í.
Le báidh dhruid a páisde ria,
'Mhaime, cad é sin le clos?
Mion-gháir na dtonn, a mhíle grádh,
D'oidhche is lá de shíor gan sos.
Tuige do chaoi a mháthair dhil,
Is duibhe 'ná gual do ghnaoi?
Ní'l gas san gcrích, a mhíle grádh,
Le do thuigsin fós mar taoi.
Cia an glam sin taobh thoir de'n loch,
Néal ní fhuighead is bead gan suan?
Scread na ngall, a mhíle grádh-
Is iad mo chrádh i bhfad, a rúin.
'Gcloisir fósta guth ó thuaidh
Mar leanbh fann i gchruadhtan bhróin?
Óigh na nGaedheal, a stóir mo chléibh,
Anocht is bocht a créim, ochón!
Ag seo ádhbhar dí faoi ghruaim,
Gur cuireadh rúin le chéile
In aghaidh na nGaedheal, a stóir mo chléibh-
Gér mhór badh chóir a bhféile,
Le díth is diachair ghéar dá crádh,
Go cruaidh fá mhám an Bhéarla
M'éag! gan réim, a ghrádh mo chléibh
Cérbh iongnadh méid a créime.
Cá fhaid dúinn fá amhgar dúr,
Faoi tháir - ag súil le saoire?
Ó d'éag Mac Éil, a stóir mo chléibh,
Atá éad ag scrios na tíre.
'Dtiocfaidh tréin arís i réim,
L'anshógh chríoch Éabh' do dhíbir?
Is deacair a rádh mar dtiocfaidh tráth
Bhéas tú i rádh gach éin-fhir.
Is géar a gcall má thig le gall,
Clann Éabh' le feall do bhréagadh!
Ní hé a mbreall anois le seal,
Acht teanga a sean do shéanadh.
'N ár dtaobh 'nocht - gér tréith-lag fann,
Níl claon ná cam acht fíre;
Is tré dubh 's créim béidh fós fíréin
Is cléir i riar na tíre.
I bhfus is tall béidh fuil le fagháil,
Sáthach-ghlan gan smál an fhill;
Is fillfidh ré le comhairle Dé
Bhéas séan frí Éirinn uill.
Pádraig Mac Aodha
Aindreas O Duinnshléibhe
<Aiste do sgríobhadh le h-aghaidh cuirte na nGaedeal>
A mhuinntir Chuilmcille,
"Atáid ceudfadh agus smuaineadh
chroidhe an duine, claon chum oilc o aois na
hóige," do réir na Scríbhne diadha. Acht atá
ceudfadh agus smuaineadh chroidhe na nGaedh-
eal claon chum cráibhtheachta ó aois na hóige
do réir cosamhlachta litridheachta na hÉireann.
Adeir Eoin Mac Néill gur ionghlaoidhte ar
an nGaedhilg treas teanga na hEaglaise.
Baineann ar litridheacht go mór le creideamh
agus le caon-duthracht agus le sláinte an
anma, de bhrigh gur sgríobhadh í do réir a
feabhais le lucht na heaglaise.
Ní raibh Céitinn féin ag tabhairt an fhéir ar
feadh i bhfad, nuair tháinic ar an saoghal sag-
art eile ar fiú a chuimhniughadh. Foillsighthear a
bheatha i bfoclaibh ar a lic i seancholáisde na
Lombhard i bPáiris.
Duine ar na fearaibh calma dílse do
choirigh na péin-dhlighthe sa t-ochtmhadh haois
déag chun Arán na beathadh do bhriseadh do
leanbhaibh Críost do b'eadh é. B'ionann
annsin ós comhair na ndligheadh mac-léighinn
agus mac tíre. Adeirtear go coit-
chionn go rugadh sa mbliadhain 1694 é.
Is é sin adeirid Ó Réannacháin i n-a réamh-
rádh do'n "Teagasg Críostuidhe," agus
T. Ua Ruairc i n-a "Sheanchus Sligigh" agus
Éamonn Ua Raghallaigh agus daoine eile
fós. Acht is iontuigthe go héiginteach ó na
foclaibh sin go rugadh i mbliadhain 1680 é
d'á mhéid eolais ag Ua Ruairc ar seanchas
Conndae Sligigh; agus tar cheann gur chaith
sé feín tamall ag múineadh i gColáisde an
n-Gaedheal i bPáiris, níor éirigh leis cúnntas
iomlán do thabhairt ar an Duinnshléibheach.
Sgríobhann sé gur in aice le Baile an Mhóta
rugadh é, acht níorbh fheasach dhó cia ar díobh é.
Ní fios dúinn ní ar bith eile i n-a
thaobh acht gur éaluigh sé do'n Fhrainnc san
mbliadhain 1710. Adeir sé i bhforfhógra a
leabhair, do cuireadh amach san mbliadhain
1742, "Is leor mar leith-sgéal air son locht
na dteangthadh agus an chlódha, imtheacht an
tiomsuightheóra as a thír dhúthchais tuilleadh re
bliadhain air thríochaid o shoin." Is cosamhail,
ó líomhthacht a scríbhne gur léigh sé a lán
leabhar Gaedhealach sul d'imthigh sé tar lear
go mór-mhór leabhra do thrácht ar an gcreid-
eamh. B'fhéidir gur ghlac sé órd beannuighthe
i n-Éirinn amhail do rinne Céitinn. Níl
eolas againn. Cuireann an leac in iúl
dúinn fós gur toghadh é mar coimheáduidhe
na gcléireach san mbliadhain 1722, agus gur
oibrigh sé san oifig sin anuas go dtí a bhás.
Moltar é mar "fundator communitatis," de
bhrígh go dtug se ar árdeasbog Pháiris modh
riaghluighthe an choláiste d' aistriughadh go
mór san mbliadhain 1728. Do shaothruigh sé
an céim-eolais LL. L. n-Ollsgoil Pháiris agus
do chuir sé i gclódh a leabhar:-
"An Teagasg Críostuidhe
do réir
Ceasda agus freagartha
air na tharruing go bunadhasach
as bhréithir shoilléir Dé
agus
as toibreachaibh fíor-ghlana oile.
Re cead an Ríogh agus re
Deightheisd na n-Ollamhan
re Diaghacht."
De thaoibh Gaedhilge an leabhair do sgriobh
sé féin, "do rinneadh dithchioll air fhoclaibh
coimhightheacha do sheachnadh, leath-amuigh amháin
do'n chuid díobh do thug an creideamh asdeach
agus do dísligheadh dhó. Is í an Ghaoidheilg
is sothuigsighthe agus is coitchinne do cuireadh
síos ann." Ní féidir a shuidhiughadh a fheabhas
is d'eírigh an iarracht leis gan mórán sompla
do bhaint as an leabhar féin. Is leór a
rádh go bhfuil sí chomh gléghlan le Gaedhilg
Céitinn féin. Ag seo síos ceist fa an
bPósadh:-
"Creud é an dara coinghioll? Ní foláir
bheith saor ó gach toirmeasg pósda,
mar atá col gaoil, cleamhnuis nó
uisge, díoghbháil aoise, móid geanmnui-
gheachta, agus tuilleadh oile de'n
tsamhail sin."
Mar b'ionndual an t-am sin, do chuir sé
gramadach bheag i dteannta leis an "Teag-
asg Críostuidhe." Do chuir sé síos ann ar
"thosuighibh na teangtha Gaoidheilge" go mór-
mhór ar litreadh na Gaedhilge, adeir Seaan
Ua Donnabháin faoi.
Níl rian an Bhéarla le fagháil uirre.
Is furus a fheicsin gur eugsamhail a mhodh
smuainte agus modh an Bhéarlora; "do thaobh
na coda dhé atá i mBéarla is ar athsmuain-
eadh do tarruingeadh í as an nGaoidheilg,"
adeir sé féin. Má 's Gaedhealg gan smál
gan teimheal, do sgríobh sé is fíor fós gur
sgríobh sé go snasda líomhtha, tar ceann gurbh
é "mian mór cuidiughadh éigin do thabhairt re
haos óg leathtromach na hÉireann do
theagasg do thuismigh an teagasg críostuidhe."
Is cosamhail go raibh faoi cuidiughadh go mór-
mhór le hádhbharaibh sagairt leath-tromacha a
thíre dúthchais. Creud fáth gur thrácht sé chomh
líonmhar sin saoi "mídheamhuin nó urnaigh na
meanma" acht ar a son?. Do chítear é seo
fós as a chruinneas atá rudaí aige. Deis-
miseacht air sin:-
"Ceurd is breug ann? Is breug
aoin-ní do rádh no d'fhoillsuighadh in
aghaidh eóluis ar gcogubhais maille re
rún neach eile do mhealladh."
Níor cinneadh "breug" níos cruinne ariamh
ag diadhaire ar bith. Rud eile do thrácht sé
go hiomlán fa cheisteannaibh bunadhasacha an
chreidimh. Adeir Seán Mac Conchradha i n-a
réamhfhocal do'n "Teagasg Críostuidhe":
San réamhrádh
do sheanmóiribh Seumais Uí Ghallchobhair tag-
rann Uillioc de Búrca dó mar leanas:-
<.i. Easpog Ua Gallchobhair>
Ní beag linn an meud sin chum a
dhearbhadh gur fhéad an t-ughdar é féin do
chur i gcéill agus i dtuigsin go soiléir, gur
theagasg sé go beacht agus go fíor, go raibh
an Ghaedhealg fíor-ghlan neamh thruaillighthe
aige. Is léor sin, tá baránta inchreidthe
agaibh anois idir an t-ughdar féin agus
macaoimh foghlumtha. Tháinig "Scáthán na
hAithrighe" (Aodh Mac Cathmhaoil) san mbliadh-
ain 1618, agus annsin bhí "Scáthán an Chrabh-
aidh" (Flaithrí Ua Maoilconaire) "Párrthas
an Anma" (Antoine Gearnóin) agus "Loch-
rann na gCreidmheach" (Proinsias Ua
Maolmhuaidh) tar éis teacht do réir a chéile
le linn na seachtmhadh aoise déag. B'é an
Teagasg Críostaidhe an leabhar déidheanach
den t-samhail sin do cuireadh i gclódh ar
roinn na hÉorpa. B'í Seaghan Mac Conchradha
le linn a bheith i n-a mhac léighinn i Magh
Nuadhat do rinne é do chur i n-eagar an
dara huair san mbliadhain 1822, agus b'é
uachtarán Mhuighe Nuadhat .i. Lorcán Ua
Reannacháin, do chuir i n-eagar é an tríomhadh
uair, san mbliadain 1848. Níor éirigh an
obair leo níos mó ná go maith. Do bhain an
bheirt aca an forfhógra breagh agus rudaí
eile amach ar fad.
Is fada síar uainn 1848 agus is gann an
"Teagasg Críostuidhe." Is beag duine óg
a bhfuil cóip aige. Níl sé le fagháil acht i
gcorr-leabharlainn. Mar gheall air sin tá
luach mór air, agus i gceann tamaill, beidh
a dhá oiread air. An gcuirfidh aoinneach i
gclódh arís é. B'fhéidir go ndeanfaidh Conn-
radh Chuilm Naomhtha an obair an cor so, go
mór-mhór ó nach fada go cuirfear críoch ar
Seanmóirí Muighe Nuadhat.
Séamus Ó Conaill
Éamonn Brús
Ceannfeartach míleadhta cródha córach deagh-chumtha,
Acht dubhshlánach ceann-láidir mórdhálach dána.
Dearbhráthair do Robáird Brús, rí na
n-Albanach a b'eadh Éamonn. Ó'n chéad am
dó 'bheith i n-ann arm d'iomchar, throid sé i
g-coinnibh comhachta na Sacsan i n-Albain le
cois a dhearbhráthar. Léightear dúinn gur
bh'é Éamonn ghabh seilbh ar chaisleán Selkirk
'san mbliadhain 1313, an caisleán deiridh
d'fhan i lámhaibh na Sacsan i n-Albain; agus
fós, gurbh'aige bhí ceannas is uachtaránacht
na láimhe deise i g-cath mór-mhillteach
Bannockburn tugadh 'san m-bliadhain 1314.
I dtosach na ceathramhadh h-aoise déag ba
dlúth an muinntearas agus an gaol bhí idir
mhuintear na tíre seo againn-ne agus na
h-Albanaigh. De bhrígh na snaidhme charadais
seo ní gábhadh a rádh gur ghlac cómh-gháirdeachas
is ríméad na h-Éireannaigh aon tráth ar
cuireadh ruaig is raon madhma ar an
Sasannach i n-Albain. Acht, má bhí aon am
ann thar a chéile gur mothuigheadh rímeád is
fíor-sástacht, b'é an tan oirdhearc glórmhar
úd nuair bhris agus réab "cumhact na
g-carad" sluaighte na Sacsan ar pháirc
Bannockburn. Throid cuid de thaoiseachaibh
na h-Éireann ar thaoibh na n-Albanach an lá
úd. Nuair d'fhilleadar-san a bhaile go Cúige
Uladh, chuireadar i n-iul dos na h-Éireann-
achaibh anchás na Sacsan. Thángadar maithe
is uaisle Chúige Uladh i dtoll a chéile i
ndáil chomhairle agus cheapadar a neart
féin go léir do chnuasacht agus do chur le
chéile. Cuireadh fios ar Éamonn Brús
'theacht anall agus ceannas na sluaighte a
thógáil, ní do rinne sé go lán-toilteanach.
Sul má cuirfead síos ar imtheachtaibh
Éadhmoinn Brús is dóigh liom gur cóir súil-
fhéachaint a thabhairt ar an g-caoi ar sheas
muintir na h-Eireann i d-tosach na ceath-
ramhadh h-aoise déag. Go deimhin ba thruagh
an scéal a bhí le n-aithris aca. Foluigheadh
trí chéad bliadhain anois i m-broinn na
síorraidheachta ó'n lá bhuail Brían Bóramha
caoch ar na Danair i g-cath Chluana Tairbh,
agus nach ait le rádh é, ó'n tan sin ale,
níor sheas na Gaedhil guala ar ghualainn i
n-aon bhuidhin theinn láidir in aghaidh na
námhad coitcheann. Bhí an t-earr is bárr de
thalamh na h-Éireann i seilbh na Sacsan.
Bhí cuid mhór de shean-sliocht na n-Gaedheal
'na sclábhuidhthibh a d-talta sladuighthe agus
gan 'fhios aca fad a m-beathadh.
Bhí seadaire amháin imeasc na n-Ultach um
an dtaca seo agus caithfidhear focal a rádh
'na thaoibh. B'é sin Domhnall O'Néill,
prionnsa thíre Eoghain - taoiseach ag a raibh
an cnámh-droma 'gus an fíor-smior Gaedh-
ealach. B'é Domhnall a bhí i n-uachtaránacht
na dála nuair ceapadh fios do chur ar
Éamonn Brús. Scríobh Domhnall ag an
bPápa ag cur i n-iul dó aindeis agus anró
muintire na h-Éireann. Dhearbhuigh sé dhó
nach m-béadh suaimhneas ná sonas ar Ghaedh-
ealaibh an dá lá is bhéidís fá smacht na
n-Gall. Le na chois sin d'innis sé dhó gur
cuireadh fios ar Éamonn Brús agus gur ab
é toil na n-Éireannach é do ghlacadh mar rígh
dá mba rud é go m-béadh an Pápa sásta
leis. Acht, mí-adhmharach go leor, ba bheag an
cion do bí ag an b-Pápa seo ar mhuinntir
Brúis. Thárla Gur coinneal-bháitheadh Robáird
Brús seal roimhe sin, agus anois bagadh an
píonús céadna ar aoinne a chuideóchadh
le h-Éamonn dá dtagadh sé anall.
Bhuail Éamonn Brús asteach go cuan
Olderfleet i g-conntae Aondroma an cúigeadh
ar fhichid lá de'n Bhealtaine 1315. Bhí trí
chéad long aige agus le na chois sin bhí sé
mhíle d'fhearaibh armtha. Iar d-teacht i d-tír
dhóibh ghabhadar seilbh ar Carraig Fhearghusa
Cúil Ráthain agus Dún Dealgan. Tháinig
Domhnall O'Néill agus seadairí Chúige Uladh
suas leobhtha annseo agus chuireadar fíor-
chaoin fáilte roimh an m-Brúiseach. Níórbh'
fada gur tháinig taoiseacha eile agus
chuireadar iad féin go léir fá cheannas is
uachtaránacht Éamoinn. Ghluaiseadar amach
anois agus thoisigheadar ar obair an bhasctha.
Mharbhuigheadar ch'uile Sasanach a casadh orra.
Phléascadar asteach ar dhúithchibh na n-
allmhurach agus chuireadar bun te leobhtha.
Dhóigheadar tighthe agus caisleáin amhail is
dá m-badh fian-bhotha iad. Réabadar is
mhilleadar na barraidhe agus an fearann go
dtí gur fhágadar an taobh thuaidh de Chúige
Uladh beagnach 'na fhásach. Tháinig na
Sasannaigh dá n-ionnsaighidh le sluagh mhór
chuibheasach acht chomh luath i n-Éirinn is
thángadar i n-amharc na n-Albannach theich-
eadar mar luchain agus comhnaidhe ní dheár-
naidh siad gur rángadar caisleán Carraig-
Fheargusa. Shocruigheadar ar an g-caisleán do
chur i d-treo chosanta, agus ar é do chosaint
mar dh'eadh go h-imirt anama! Ar ndóigh
níor bhac na h-Albanaigh leobhtha. "Ná
leanaidh iad" arsa ceann de shaighdiúiridhibh
Dhomhnaill O'Néill le h-Éamonn, "is "daoine
le Dia iad""; agus glacadh a chomhairle.
Bhí comhacht an Bhrúsaigh ag dul i n-acmhuinn
agus i liónmhaire i n-aghaidh an lae. Nuair
bhí Cúige Uladh siubhalta agus smachtuighthe
aca ghluaiseadar síos ó dheas gur shroicheadar
Dún Dealgan; ní gábhadh a rádh nach raibh
éadáil is slad go fras aca. I mí an
Mheithimh ghabhadar seilbh áth Fhirdiadh. Thárla
gur chuaidh cuid dos na Sacsannaighibh ag
pollaireacht le teann faitcheasa i sean-
teampull bhí i n-Áth Fhirdiadh. Chuir Éamonn
lasóg faoi agus loscadh teampull agus Sac-
sain i n-aon iodhbairt amháin. Thugadar aghaidh
anois siar ar Chonntae na Midhe. D'ionnsuigh
na Gaill iad annseo 'gus annsúd acht rug
na h-Albanaigh an chraobh i d-tólaimh. Ghluai-
seadar orra go caithréimeach asteach go h
Íar-Mhidhe. D'éirigh go geal leo annsin
freisin. Ar rochtam Ath hÍ dóibh, facathas
go raibh cúig céad déag d'fhearaibh ag
fanacht annsin leo. Dhírigh an dá arm ar a
chéile. Bhí bascadh 'gus briseadh 'gus
claoidheadh ar ch'aon taoibh go ceann tamaill.
Annsin cuireadh na Gaill i n-diaidh a g-cúl
go dtí gur briseadh glan orra 'sa deireadh.
Lean na h-Éireannaigh iad agus munar go
chomh scioptha bhaineadar an bóthar amach is
deimhin nach bhfágfaidhe fiu ceann aca gan a
bholg le gréine.
Ní miste dham a rádh gur rith le h-Éamonn
go seoigh ó'n chéad lá ar bhuail ré imeall-
bhúird glasa na tíre; agus shaoilfeá nach
raibh aon smúid 'na chomhair. Acht ní "daoine
le Dia" iad na Sacsain go léir agus bhí
orra anois é sin do dhearbhadh. Chruinnuigh-
eadar le chéile i n-dáil chomhairle ag Cill
Chainnigh i mí an mheithimh, 1315. B'é De
Bhuitleír, fear ionaid an ríogh, bhí mar uacht-
arán ar an g-cruinniughadh. Thoisigheadar
ag cur is ag cúiteamh ar an g-caoi do
b'fheárr le réim Éamoinn do laighdughadh.
Socruigheadh ar arm do chnuasach agus na
sluaighte go léir a theacht le chéile fá
cheannas agus stiúradh Dé Buitleír. Anois
nó riamh ceapadh go g-cuirfidhe deireadh
críochnuighthe leis an Albanach a bhí dá
scriosadh is dá robáil. Níorbh' é sin an uair
deiridhe leobhtha ó shoin ale ag ceapadh
míorbhal a dhéanamh gan 'fhios aca go cé an
toirmeasc bhí rómpa, níorbh' é sin. Thoisigh
na tighearnaí ag cur a mbuidhean le chéile
agus ag cur a n-iarmharáin i leith-taoibh. Bhí
go maith. Mar sin féin níor éirigh leobhtha
chomh maith is cheapadar.
Ag seo mar thárla. Bhí Riocárd de Bhurc
nó an "t-Iarla ruadh," mar glaoidhtí air, ar
na tighearnaibh ba mhó comhacht agus ughdar-
thás i gcríochaibh Fáil an tan úd. I n-Gaillimh
na dtreabh is eadh chomhnuidh sé i gcaisleán
mhór cois fairrge. Ba leis an chuid is mó de
Chúige Uladh idir talta 'gus caisleáin. Níor
mhór an t-iongnadh mar sin go raibh sé ar
dhearg-bhuile i n-geall ar an m-bhascadh agus
an réabadh bhí déanta ag Éamonn 'san
g-Cúige sin. Bhí ollmhuchán oll-mhór dhá
dhéanamh aige shiar i n-Gaillimh ionnas go
m-béadh sé réidh le h-Éamonn a thachtadh
amach is amach chomh luath is leagadh sé súil
air. Níorbh é seo an rud is measa a bhí ag
goilleamhaint air. Ní bhfuair sé cuireadh
do'n mhór-dháil a bhí ag na tighearnaibh i gCill
Chainnigh agus las sé le teann feirge agus
éada. Chruthóchadh seisean a fhearamhlacht
agus a ughdarthás dá m-buidheachas; thaisbeán-
fadh séisean do'n tsaoghal gurbh' é féin
amhain ba chionn-tsiocair le cumhacht na
n-Albanach do chlaochlódh i n-Éirinn. Leis an
intinn seo thug sé an t-órdughadh dá shaigh-
diúribh 'bheith ar án m-bóthar. Shéideadh an
stoc agus seo an mór-sluagh ag déanamh
soir ó thuaidh faoi dhéin Éamoinn. Ghluais
siad ar aghaidh agus chomhnaidhe ní dheárnaidh
siad go dtáinig siad i n-gar d' Áth Fhirdiadh,
Casadh arm na d-tighearnaí n-aontuighthe faoi
cheannas De Bhuitleír annseo orra agus iad
ar a mbealach i d-tuaid i g-coinnibh na
n-Albanach. Ar rochtain 'na láthair do'n
Iarla Ruadh d'órduigh sé gó h-uaibhreach do'n
fhear ionaid imtheacht leis a bhaile arís é feín
agus a arm. "Fág agamsa an t-Albanach
seo," ar mo ghaisgidheach, "agus muna
g-cuirfidh mise é féin agus a ál ar neimhní,
go bhfillidh m' fheallta féin orm." "Déan-
faidh sin," ars' an fear eile, "acht muna
g-cuirfidh tú cóir air, castar leat é." Leis
sin d'iompuigh sé ó dheas arís le na fhearaibh.
D'imthigh an t-Iarla Ruadh ar aghaidh acht ní
dheachaidh sé i bhfad gur tháinig sé i n-amharc
airm na n-Albanach láimh le Áth Fhirdiadh. Shaoil
an truaghán bocht nach raibh air acht é féin do
thaisbeáint leis an arm eile a ruagadh; acht
ní mar síltear a bhíonns. Nuair chonnaic sé
arm na n-Albanach ag seasaimh go dúbhshlánach
'na aghaidh chrith gach a raibh bog ann le fait-
chíos agus b'é sin iomlán a raibh a mhianach
déanta dhe. Bhí arm an Iarla go mór níos
mó 'ná arm na n-Albanach. Chuaid Éamonn
ar a chúl agus dorinne sé áituighadh chosanta
ar an d-taoibh thiar de'n abhainn Bann. Chomh
luath is chonnaic De Bhurgó seo, tháinig a
chroidhe arís aige, bhrostuigh sé go h-obann ar
a lorg le cath a thabhairt dó. D'órduigh sé a
shluaighthe ar an d-taoibh ó dheas de'n abainn.
Dhearc na h-Albanaigh orra go neamh-thuileam-
aidheach. Ní raibh aon dúil ag Éamonn cath
a thabhairt go meallfadh sé aige féin anall
cuid des na taoiseachaibh Gaedhealacha a bhí
i d-taoibh an Iarla. D'éirigh leis mar bhí dúil
aige; níorbh' fhada gur tháinig na taoiseacha
seo le congnamh dó. Ní luaithe do chonnaic
an t-Iarla Ruadh gur thréig dream dá chuid
fear é, dá dhonacht dá raibh sé nuair a tháinig
sé ós comhair súl na n-Albanach ó thús ba
seacht measa anois é. Siúd thug ré do'n na
sálaibh é! agus comhnaidhe ní dheárnaidh sé
gur shroich sé baile beag a d-tugtar air
Connor ceathar nó cúig de mhíltibh ón
Baile Meadhonach. Annseo tángas suas leis
agus b'éigean dó cath a thabhairt. Thosuigh
an cath. D'ionnsuigh an dá arm a chéile go
fuilteach feargach. Rapadar is réabadar
ins gach taoibh díobhtha, fútha 'gus tharsta. Ba
dian buan an cath é, acht má bhí sin amhlaidh,
thaisbeán na Gaedhil agus bunadh na n-Gaédh-
eal, mar thaisbeán siad go minic ó shoin, nach
é mianach Sheagháin a chuirfeadh ruaig orra
'ná a sheasfadh ar a n-aghaidh fear ar fhear.
Má bhí an cath fada bhí an bhuaidh gan amhras.
Thuit na Sacsain go homadamhail 'na sraith-
eannaibh 'ins gach taoibh, agus an té nár thuit
thug sé go luas na g-cos é mar thiubhradh
girrfhiadh ó chonraid. D'éirigh le De Bhurgó
a chleiteacha do thabhairt leis ó pháirc an
chomhlainn, agus níor leig sé scís nó gur
shroich sé a chaisleán féin i n-Gaillimh.
Bhí gáirdeachas mor ar na h-Éireannachaibh
agus na h-Albanachaibh faoi 'n mbuaidh seo
acht ba gheárr a sheas a lúthgháir agus a
riméad nuair b' éigean dóibh 'bheith ar a
g-cosaint arís. D'éis an chatha chuaidh siad
ó dheas chomh fada le Ceanannus. Annseo
d'ionnsuigh Ruaidhrí Mortimer iad le cúig
míle déag fear. Acht ba é fearacht an
t-Iarla Ruaidh é, is geárr a sheasadar roimh
arm Éamoinn nuair cuireadh fiadhach agus
fan orra. B'iad féin a thug an chéad scéal
ag Caisleán B'l'á Cliath gur ruaigeadh iad.
D'éis na caismirte seo chuaidh na h-Albanaigh
trí Chonntae na Midhe, an Iar-Midhe agus
Longphuirt. Ag iompódh ó dheas arís thang-
adar chomh fada le Loughseudy. Annseo
ghabhadar foslongphort agus d'fhanadar ann
ar feadh na Nodlag 1315.
I dtosach na bliadhna thriall siad go dtí
Arscoll i n-gar do Bhaile Atha hÍ; casadh
orra annseo deich míle fíchid d'fhearaibh
armtha faoi cheannas De Bhuitléir, fear
ionaid an ríogh. D'aimsigh an dá arm a chéile
ar an d-toirt bhoise acht mar ba chleachtach
le h-arm Éamoinn, bhriseadar agus ruagadar
arm na Sasannach. Chongbhuigh easbaidh bheathadh
iadh ó dhul ar aghaidh agus ar a m-buaidh do
chur i gcrích. I n-geall ar sin tharraing
Éamonn ar ais i d-tuaidh. Chuir sé faoi arís
i nDún Dealgan. Do gairmeadh rí na h-Éir-
eann de annsin do láthair ag maithibh agus
mór-uaislibh na tíre. Go fada seo bhí
buaidh gan briseadh aige agus 'ch'uile áit dá
n-deachaidh sé do bhí leis. Deirtear go rug
sé an bhuaidh i n-ocht g-cathaibh déag in aghaidh
na Sacsan. Bí buac a chaithréime sroichithe
aige anois.
Acht, gidh go raibh sin amhlaid aige-san, ní
raibh an deagh-scéal céadna le h-innsint ag
na taoiseachaibh eile a bhí ag troid ar a shon
agus ar son a d-tíre i n-áiteachaibh eile. Bhí
na Sasanaigh ag fághail an ceann a b'fhearr
ar na taoiseachaibh seo; agus leis an scéal
do dhéanamh níos measa, gidh náireach é a luadh,
bhí siad féin ag imreas agus ag cur i n-
aghaidh a chéile, cuid aca ag tóraidheacht
uachtaránachta ar an g-cuid eile. Buaileadh
na Tuathghallaigh i g-conntae Chille-Mhanntáin.
Thuit Féidhlim agus Ruaidhrí Ó'Conchubhar
amach le chéile faoi riaghlughadh Cúige Chon-
nacht. 'San m-bliadhain 1316 tugadh cath mór
i m-Blám-ríogh idir dhearbhráthair an Iarla
Ruaidh agus Féidhlim Ó'Conchubhar i n-áit ar
thuit ocht míle déag do Chlannaibh Gaedheal.
Go deimhin féin mórbh' iongnadh gur thuit an
oiread aca nuair atá a fhios againn gur
cultacha anairte a bhí orra agus iad ag
troid in aghaidh fear a raibh earradh agus éide
cruadhach orra. Ba bhuaidheartha an scéal é
seo do Éamonn go raibh an oiread sin lucht
leanamhna ag tuitim. Mar sin féin níor-
chaill sé an stuaim 'ná an mhisneach. D'ionn-
suigh sé caisleán Carraig Fearghusa bhí i seilbh
na Sacsan. B'é an longphort deiridh é bhí
'na seilbh i gCúige Uladh. Níor éirigh leis
a thógáil chom réidh is ceapadh. Níor
thugadar suas riamh nó go raibh d'fhiachaibh
orra croicne a g-cuid capall d'ithe agus 'na
dhiaidh sin ochtar Albanach a bhí mar phríosún-
aigh aca. Nuair thug siad suas tugadh a
bpárdún do ch'uile dhuine aca, ní nach n-déan-
faidhe dá mba rud é go raibh an bhuaidh ag an
d-taoibh eile. Ní h-eol dam gur léigheas
riamh ar Shasannach chomh trócaireach sin!
Ag deireadh na bliadhna 1316, tháinig
Robáird Brús, rí na n-Albanach go h-Éirinn
le cuiduighadh le na dhearbhráthair Éamonn. I
dtús na bliadhna bhí a teacht bhí an bheirt
dearbhráthair agus fiche míle fear idir Al-
banaigh 'gus Éireannaigh ag triall ar a
m-bealach go B'l'á Cliath. Chuireadar fútha
i n-amharc na cathrach. Tháinig na creathanna
ar lucht comhnuidhthe an bhaile mhóir le teann
faitcheasa rómpa mar níorbh' fhéidir dear-
mad a dhéanamh do'n mhéid buadha a ghnothuigh
an t-Albanach ó chuir sé cos i n-Éirinn. Bhí
a cháil agus a chlú i bhfad agus i n-gearr na
tíre. Ins an am seo, Sasannach bhí 'na árd-
ghiuistis ar Bh'l'á Cliath. Fear misneamhail
cródha b'eadh é do réir mar léightear. D'éirigh
leis na daoine do chongbháil ar a thaoibh féin
leis an g-cathair a chosaint in aghaidh iom-
ruagaidh na n-Albanach. Go deimhin chuir-
eadar cóir chosanta chomh dána sin orra
féin gus mheas na Brúsaigh go m-ba chrionna
díobhtha gan cath a thabhairt ar fhaitchíos go
g-caillfidhe iomarca dá g-cuid fear 'san
iarracht. Mar sin, d'iompuigh na h-Alban-
naigh a g-cúil le B'l'a Chliath agus thugadar
aghaidh ó dheas asteach go Conntae Cheatharlach
agus Chill Cainnigh. Ar sin thrialladar go
luimneach. Chuireadar fútha i n-aice na cath-
rach sin. Bhi an chathair i riocht cosanta ag na
Sasannachaibh. Mas eadh féin ni'l aimhreas
ar bith ann nach ndeanfaidhe scrios ar na
Sasannachaibh seo, acht b' éigean do na
h-Albannaighibh chlaonadh dho'n chall agus do'n
ghanntan a bhí anois ag gabháilt dóbhtha agus
'ghá lagadh ó lá go lá. Ní raibh aon bheatha
le fágháil agus bhí an tír ar fad thart-
timcheall faoi léan-scrios. Cailleadh na
beithidhigh. Milleadh na barraidhe, agus bhí
an phláigh ar ch'uile ní d'ár fheil do dhuine.
Go deimhin léightear dúinn go raibh neithe
chomh mío-nádúrtha sin gur ith na máithreacha
a g-cuid páistidhe féin: agus ní h-é sin
amháin acht tógadh na cuirp agus rinneadh
leobhtha mar an g-céadna; b'é an ganntanas
go cinnte bhá chionn-tiocair faoi gur theip
ar na h-Albannaighibh Luimneach do thógháil.
Bhí an t-arm tanuighthe le pláigh is le call,
agus ní gan iongnadh, b'éigean dóbhtha éirghe
as. Acht níorbh' é seo amháin a bhí ag cur
trioblóide orra. An faid is bhíodar ag
Luimneach chuir na tighearní Sasannacha a
g-comhairle i g-ceann a chéile ag Cill Chainngh
i n-áit ar cruinnigheadh deich míle fichid fear
le dúil na h-Albannaigh a stop ó dhul ar a
g-cúil 'ná ar a g-coimhint. 'Na cheann rin,
thuirling cúig míle déag fear armtha i
n-Eochaill as Sasana faoi Ruaidhrí Mortimer
chum congnaimh a thabhairt in aghaidh na
n-Albannach. B'olc an scéal é seo d'Éam-
onn. Ní raibh ag na h-Albannaighibh a dhéanamh
acht éalódh leobhtha ó thuaidh i n-aghaidh a g-cúl.
Ar shiar thall shroicheadar Dún Dealgin go
tabhartha tnáithte 'thréis a n-aistir. I mí na
Bealtaine an bhliadhain chéadna seo, 1316,
d'fhill Robáird Brús ar ais go h-Albain.
Gheall sé d' Éamonn nach fadha go m-béadh
sé anall chuige arís, agus go d-tiubhradh sé
arm eile leis níos liónmhaire agus níos
neartmhaire 'ná mar cheana. Ár 'ndó, chreid
Éamonn é agus d'fhan sé beagnach bliadhain
i n-Dun Dealgan gan faic a déanamh acht ar
súil go d-tiocfadh Roibeárd 'chuile lá. Ní'l
amhreas ar bith nach mbéadh an bhliadham sin,
1317, ar a chomhairle féin aige mar bhí muna
m-béidheadh go raibh an ganntan is an
t-ocras ag gabháilt dos na Sasannaighibh chomh
maith le cách; agus bhí faitchíos orra na
h-Albannaigh do leanamhaint i dtuaidh go
m-béadh an call inthighthe agus an bheatha níos
flúirsighe.
I dtosach na bhliadhna 1318 bhí deag-chosamh-
lacht ar neithibh. Bhí an tír ag bruchtadh go
toramhail le bárr is beathaidh arís agus ní
raibh call ar aoinne. Shnaidhm agus cheangail
Sasannaigh na Mumhan a sluaighthe le chéile,
agus cuireadh an t-arm mór seo faoi
cheannas ceannaire dárbh' ainm Sir John de
Birmingham. Ba gheárr an mhoill orra go
rabhadar ag déanamh soir i d-tuaidh d'ionn-
suidhe na n-Albannach. Casadh an dá arm
ar a chéile ag Fochairt i n-gar do Dún
Dealgan ar an 28 adh lá de'n Eanair 1318.
Bhí arm na Sasannach chomh millteach mór sin
gur iarr Domhnall O'Néill ar an mBrúiseach
dhul ar a chúl i d-tuaidh agus gan cath a
thabhairt go bhfeicfidís an dtiocfadh Roibeárd
ó Albain leis an arm a bhí geallta aige. Bhí
na h-Albanaigh ar an intinn céadna seo, acht
bhí Éamonn dúbhshlánach neamh-scáthach agus ní
bhéadh aige acht cead a chinn féin. Shaoil
sé agus a liacht buadha bhí aige ó tháinig sé
anall nach raibh aon bhriseadh i n-dán dó.
Shcaoileadar na taoiseacha eile leis agus
cheap sé go dtiubhradh sé cath dos na Sasann-
aigibh ar an láthair. Bhí go maith. Dhírigh an
dá arm ar a chéile. Réabadar is ghearradar
go fuilteach fíochmhar. Ba gheárr gur bh'fac-
athas go raibh Sasannach mor dhár bh'ainm John
Maupas i g-comhrac éin-fhir le h-Éamonn
Brús. Níor chuir aoinne asteach orra.
D'aimsigh is sáitheadar a chéile, bhuail is
chosain siad, leonadar is ropadar agus
thuiteadar marbh i mullach a chéile i n-aon
chuap gan corruighe arís go bráth. Chuir sin
deireadh le h-imtheachtaibh Éamoinn Brús i
n-Éirinn. Nuair thuit Éamonn tháinig
laighdiughadh meanman ar an arm. Facathas
nár throideadar chomh tréan is ba dhual
dóib. Fá dheireadh facathas go rabhadhar ag
dul i n-aghaidh a g-cúl agus ar thiar thall
briseadh glan orra agus bhí an lá ag lucht na
g-casóg dearg. D'éirigh le Domhnall
O'Néill 'theicheadh go Tír Eoghain go slán
sábhálta acht d'fhág sé dhá mhíle fear sínte
ar pháirc an chatah 'na dhiaidh. Acht, ní raibh
na faol-choin sásta fós. Scathadh an
cloigeann d'Éamoin. Cuireadh i salann é
agus thug Birmingham anall go Sasana é
mar bhronntanas d'Éamonn II., rígh na
Sacsan. Bronnadh an teideal Earl of Louth
ar Birmingham de bhárr a thrioblóide. Ag
seo mar fuair na raispínidhe seo teidil i
n-amsir i n-allód. Adhlacadh colann Éamonn
Brús láimh le páirc an chomhlainn. Tá
leacht mór le feicéal ann fós agus is
deallrach gur faoi atá sé curtha.
Ní gábhadh a rádh go raibh tréithe maithe ag
Éamonn Brús. Bhí sé 'na shaighdiúir chródha
chalma neamh-scáthach:-
"Laoch ghan mairg, laoch gan cealg,
Laoch gan camadh gan spléadhachas."
Níor fágadh sin gan locht é - acht cia atá
gan lóct, gan sal 'san t-saoghal seo?
Bhí sé ceann-láidir uaibhreach dána agus
ró-thugtha d'á thoil féin. Ní raibh aon mhaith
ag cainnt leis, bhéadh cead a chinn féin i
g-comhnuidhe aige. Níor bhuaidh géireacht a
mhéinne agus a aignidh ar a threiseacht.
Thairis sin bhí sé 'na sheadaire thréan. Is
mairg gur thuit sé chomh luath. Is mairg
fós nár chuir sé 'na luighe ar na h-Éireann-
achaibh méid á n-díth-chéille ag iarraidh a bheith
ag troid gan orra acht lín-éadáigh i n-aghaidh
na n-Gall a bhí i n-earradh 's i n-éideadh.
Dá mba rud é go rabhadar armtha mar na
Sacsain agus fós gur múineadh cúrsaidhe
cogaidh 'sa g-ceart dóibh, cuirfidh mise i
m-bannaidhe go g-cuimhneóchadh muintir
Shasana dá ríribh píre ar imtheachtaibh Éamoinn
Brús an dá lá is mhairfidís. Acht cé'n mhaith
'bheith ag caint anois? Is leor a rádh gur
rinne Éamonn a chion fir, agus i n-ngeall ar
sin ba chóir ar a laighead, go mairfeadh a
chuimhne i g-croidhthibh na n-Gaedheal chomh fad
is 'tá ár d-tír ar suidheachán.
PÁDRAIG Mac Aodha
Acolythe, coindleoir, Wb., 24 b 32
Acolythe's light, Léasbhair, Wb.25 d 3 (a derivative of
léas, a gleam of light); the word is applied to the
Blessed Virgin in a beautiful hymn ascribed to
Colmcille:
A Mhuire, a mhionn mhór-mhaiseach,
Ro-d-shaorois ar síol,
A Leasmhaire Lór-mhaiseach,
A Lubh-ghort na ríogh.
"O Mary, shining Diamond, thou hast saved our
generation; O Lamp full-beauteous, O Garden of
kings." Eriu I., 122
Agent, gníomhuightheoir, (Éochair-sciath 52); primium
agens universale, céad gh, coitcheann ib.
Alb, léine Aifrinn, Eoch 35
Altarchoth, anart, T. Life 146, 252
Altar-table, mias = Lat. mensa, TL. 34
Amice, micht (miocht), Eoch. 36
Chanter, céadlaidh, M1. 61 d 5
Chasuble, casal, TL 56; brat tollcheann, ib. 34;
cochall, Eoch. 35.
Cincture, crios, Eoch. 35
Compline, coimpléid, g. coimpléide, PH
Confirmation, cosmaid, g. cosmada, Cormac's Gloss.
s.v. caplait
Corporal, corporas, Eoch.36
Credence-table, meinistir TL
Divinity-student, maic-cléireach, TL. 156
Efficacy, feidhm, Eoch. 52; dá n-abradh Cailbhin nach
fuil feidhm ar an Aifreann, if C should say that
the Mass has no efficacy.
Fatherland, athairthír, Irish Odyssey 22 B
Figura, fioghair, Eoch. 55
Figurative language, fioghaireacht, PH
Host, abhlann, g. abhlainne, TBB
Hymn, iomun, Eoch. 69
Incense, ingchis, Ml. 141 c. 2
Interlocutor, frisnéisidh, Ir. Od. 97
Interpret, eadargnaighim, MH
Lesson, liacht g, liachtan, PH
Literal meaning, stair, Ml. 14 d 8, 10, PH
Literateur, Litiridh, Sg. 28 a 18
Maniple, mainipeil, Eoch. 35
<Mystical> meaning sians. Ml. 14 d 8, 10, PH
Ostiarius, aistire TL. 264
Paten, teisc, TL.; mullóg, g., mullóige, PH.;
paiteana, Eoch. 36
Poet's reward or honararium, duas, g duaise, TL. 246
Portable altar, altar-stone, iom-altóir, Lismore Lives,
1633
Porter (order) aistire, TL
Preface (of a book), tiodalradh, LU. Tain, 151
Quantitas, caindigheacht, Eoch. 55
Stole, stóil, Eoch. 35
Student, léighnidh, Liadain ocus Cuirithir, 21; réadaire,
ib. 30
Tonsure, bearradh, TL
Tutor, múintidh, Wb. 1 d 11
Type, aithghein, Eoch. 70