Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bruighean Bheag na h-Almhaine
Title
Bruighean Bheag na h-Almhaine
Author(s)
Anaithnid,
Composition Date
1796
Publisher
(B.Á.C.: Connradh Chuilm Naomhtha, 1907)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BRUIGHEAN BHEAG NA h-ALMHAINE. Do rinneadh fleadh agus féasta go príomh- adhbhal le Fionn mac cumhaill d'Fhiannaibh Éireann i n-Almhain luchtmhair lán-aoibhinn Laighean, agus an tan do b'ion-chaithmhe an fhleadh sin thángadar maithe agus mór-uaisle na Féinne dá caitheamh agus is iad so dream do b'urranta díobh .i. Goll mear-chalma mór- aigeantach mac Mórna le n-a dheichneabhar ar fhichid bráthar agus comh-bhráthar mar aon leis; agus Diarmaid déid-gheal dreach-sholais dath-áluinn ua Duibhne le n-a thriúr mac mar aon leis agus maithe clainne Baoisgne go h-uile; Chaoilte ró-ghreannmhar mac Rónáin le maithibh clainne Rónáin agus Smeig-ar- Drúcht ua Neamhain le maithibh clainne Neamhain; clanna Smóil le n-a sluaightibh; Goll gníomhachtach Golban agus maithe na Féinne Ultaighe i n-a fhochair; agus an Corr cos-luath, céad-ghonach rígh féinne Fiann Connacht; agus Oillte áluinn ionnsuidhtheach mac an Choirr chos-luaith; Caireall cosgar- thach ua Corbhroinn le n-a dheich gcathaibh Albanacha agus rígh féinne Laoighse Midhe le maithibh a mhuinntire; agus iomad de mhaithibh agus de mhór-uaislibh na h-Éireann i n-a bhfochair. Is annsin do shuidh Fionn i dtosach na dtréin-fhear sin, maithe clainne Baoisgne agus iad i n-a thimcheall, agus Goll mac Mórna ar a cheart-aghaidh 'san taobh eile agus mic Mhórna i n-a n-ionadaibh cinnte féin mar ba ghnáthach leo i dteaghlach Fhinn in gach aimsir roimhe sin. D' éirigheadar iar sin feadhmannaigh go frithir fíor-éasgaidh le freastal agus le friotháileamh na sluagh sin go séimh sochma so-dhealbhach, agus do ghlacadar bléidhí beol-bhuidhe bán-airgid, agus cuirn áilne cumhduighthe cloch-bhuadhacha, agus do dáileadh deocha dian-mhóra milse do na deagh-laochaibh, agus biadha saora so- chaithmhe do na Fiannaibh go fíor-adhbhal. D' éirigh annsin gearán agus caint agus glór i n-a ngiollaíbh, meidhir agus meanmain i n-a mílíbh, luaimne agus lán-chaint i n-a laochaibh, míne agus macántacht i n-a mnáibh, fosadh agus foidhne i n-a bhfilíbh. Is annsin d' éirigh bollsgaire go frith- urlamh agus do chroith slabhradh éisteachta na bruighne agus d' éisteadar uile go fois- tineach; agus do ghabh éirghe Feargus Finnbheoil, file agus feallsamhain focal- cheart na Féinne, agus do ghabh a dhuanta agus a dheagh-dhánta i gceann a gheinealaigh agus a chraobha coimhneasa i bhfiadhnaise Fhinn mhic Chumhaill, agus do dhíol an flaith Féinne Fionn an file iar sin d' fhuasgladh gach maitheasa agus gach maoine, agus do-rinne Osgar agus mac Luighdheach an nídh céadna. Do chuaidh an file iar sin i bhfiadhnaise Ghuill mhic Mhórna agus adubhairt duanta agus deagh-dhánta a shean agus a shinnsear i n-a fhiadhnaise agus bha subhach soilbhir so- mheanmnach mac Mórna an tráth sin. "Cá h-ionad annso," ar Goll, "i n-a bhfuil an bhaoith mhánla, inghean Cholláin chraos-mhóir .i. mo bhain-eachlach féin." "Táim annso, a rígh-mhílidh," ar sí. "An dtugais leat mo chíos ó Lochlannaibh do'n dul so," ar Goll. "Thugas," ar sí; agus d' éirigh go prap príomh-éasgaidh agus do leig eire laoich lán- chalma d' ór ath-leaghtha áluinn i bhfiadhnaise Ghuill ar lár, agus do sgaoil Goll an cumhdach coimeádta do bhí timcheall an chíosa agus do leig na seoda so-mhaiseacha sin i bhfiadhnaise na sluagh agus do dhíol Feargus Finnbhéil mar ba leor leis; agus ní raibh cruitire caoin-téadach, ná tiompánuidhe toghtha téad- bhinn, ná seanchuidhe suadh-fhoclach, ná file faobhrach fír-eolach, ná aon duine ealadhan d' Éireannach nó d'Albanach annsin nár dhíol Goll go grod urlamh mar ba leor le gach aon díobh; agus ní raibh mac ríogh ná ró- fhlatha, ná taoiseach fíor-arrachtach Féinne ná tréin-fhear taille teangmhála, ná feadh- mannach foluaimneach freastail ná ró- fhriotháilimh i dtigh na h-Almhaine an oidhche sin nach dtug Goll comaoin óir nó airgid nó clocha buadha dhó. Is annsin adubhairt Fionn go fíor-nimh- neach'"a Ghuill," ar sé, "cá fad atá an cíos úd agat ar Lochlannachaibh, óir do shíleas féin nár dhual duitse cíos do bheith agat orra agus go bhfuil rígh féinne ag Lochlan- naibh ag coimeád mo chíosa orra agus ag tógáil mo chánachais díobh, agus deich gcéad laoch lán-chalma mar aon leis ar buannacht uaimse ann"? Annsin freagar an gnáth-fhéinnidh gleacach glór-bhorb .i. Goll mac Mórna, óir do thuig
go raibh fearg agus formad ag Fionn leis agus is é adubhairt: "is é faid atá an cíos úd agam ar Lochlannaibh, a Fhinn, ó'n uair do chuir d'athairse cogadh agus coinsgleo orm sa agus d' éirigh rígh Éireann le n-a chóigíbh i m' aghaidhse le Cumhall, agus do b'éigean domsa Éire d' fhágbháil dóibh agus an méad do thogair dul liomsa de chlannaibh Mórna; agus do ghabhas críoch Breatan go buadhach agus do mharbhas rígh Breatan agus a mhac agus do chuireas ár bhfear Breatan; agus do chuir Cumhall le n-a shluaightibh as mé, agus do chuadhas as sin go Fionnlochlann agus do thuit an rígh liom, agus do chuireas ár a mhuinntire agus do chuir Cumhall as sin mé. Do ghabas na ceithre treabha Lochlannach agus cathair na Beirbe Lochlan- naighe agus do lean Cumhall do'n chrích sin mé. Sí sin uair fuaras an cíos ó na Loch- lannachaibh, gur chuir Conn Céadchathach, áird- rígh Éireann fios orm agus thángas go h-Éirinn i naghaidh Cumhaill chum catha Chnuca do chur agus do thuit sé liom féin san gcath- ghleo sin. An uair eile fuaras cíos na Lochlannach, tuig, a Fhinn, do dhul go cathair na Beirbe Lochlannaighe mar aon le cúig fhir déag d' Fhiannaibh Éireann agus fanamhaint an aimsear dhuit ann; agus bean ríogh Lochlann do thuit i ngrádh leat, agus do ghabháil tríd sin agus do chúig fhir déag agus do bheith ar láimh i gcarcair liag talmhan go ceann bliadhna agus lá d' áirithe chum báis d' imirt ort; agus is cuimhin leat go ndeachassa agus gur chuireas ár a mhuinntire; agus ní h-é sin, acht do thuit rígh Lochlann féin liom agus d' ionarbas cathair na Beirbe Lochlannaighe, agus do bhaineas a gcuid óir agus airgid díobh agus thugas tusa as an gcarcair i n-a raibh tú mar aon le do mhuinntir, agus do-rinneas rígh nuadh ar Lochlannaibh. .i. Teine Tréan mac Trosgadail agus do naisgeas cíos air, agus thugas éadáil adhbhal duitse féin, a Fhinn," ar Goll, "agus thugas slán go h-Éirinn tú; agus is í sin an dara h-uair do naisgeas cíos láimhe ar Lochlannaibh; agus ag sin mar do fuaras féin an cíos úd, a rígh Féinne," ar Goll; "agus, a Fhinn, ní cíos láimhe atá agatsa ar Lochlannaibh, acht maor coimeádta atá uait orra ag tógbháil cána sa mbeith fá chíos do rígh Éireann, agus níor chumhduigheassa ort an cíos, a Fhinn, agus ná bíodh tnúth agat liom fá mo chíos, óir dá bhfaghainnse ní ba mhó, is dod' mhuinntirse is d' Fhiannaibh Éireann do-bhéarfainn é." Adubhairt Fionn go fuathmhar, feargach: "a Ghuill," ar sé, "d'admhais 'san sgéal sin go dtángais go h-Éirinn ó chathair na Beirbe ag cur catha Chnuca ar m' athair agus gur mharbhais ann é. Is náire dhuit sin d' innsin im' fhiadhnaise." Adubhairt Goll go feargach ag féachaint ar Fhionn: "ní mise do mharbh Cumhall. Gidheadh, is mé do sgoilt a chroidhe i n-a chliabh gan choigilt agus do sgar a anam leis, óir do thuill sé bás liom go minic tré an uabhar féin, agus is í breath gach deagh- dhuine . . . an dlighe do mhalartughadh go mío-thrócaireach; agus uime sin nach mise do mharbh Cumhall acht a mhí-ghníomha féin; agus fós, dá bhfaghainn ní ba thúisge é, do bhainfinn a anam as, óir thugas iarracht go minic air ins na cathaibh a rabhas i n-a aghaidh sroisin chuige tar imeall buidhne cosgar- thacha clainne Baoisgne, agus ó rángas chuige i gcath Chnuca, do dhíolas m' amhgar air. Agus, a Fhinn," ar Goll, "dá dtiubhrthása oiread easonóra dhom agus thug Cumhall dom, do-bhéarfainn an díol céadna ortsa." "A Ghuill," ar Fionn, "do bhí sé ar m' aigne gan sin do leigean leat, óir tá céad féinnidh fíor-arrachta ar mo theaghlachsa i naghaidh gach n-aon dá bhfuil ded' mhuinntir- se." "Do b' amhlaidh sin dod' athairse," ar Goll, "gidheadh, do dhíolas a uabhar air fá dheoidh, agus do dhéanfainn an nídh céadna leatsa dá dtuillfeadh uaim é." Adubhairt Caireall mac Aonghusa cneis- gheal ua Baoisgne: "a Ghuill," ar sé, "is iomdha fear do coisgfidhe i dtigh Fhinn"! Adubhairt Conán Maol mac Mórna: "Luighim fá m' armaibh gaisge nach raibh Goll riamh, dá luighead de mhuinntir do bhéadh aige, nach mbéadh céad fear ar a theaghlach agus do choisgfeadh gach fear díobh tusa le do theaghlach a Chairill." "Ní díobhsan tusa, a Chonáin chaintigh chlaoidhte chrith-eaglaigh," ar Caireall. "Is díobh, go deimhin, a Chairill cheann-áird mhór-fhoclaigh, bheag-chréachtaigh," ar Conán, "agus do rachainn dá áitiughadh ortsa go raibh éagcóir ag Cumhall." Adubhairt Caireall, ag éirghe i n-a sheasamh; "ní fada go mbéidh a fhios agam cia is cionntach."
Is annsin d' éirigh Caireall i n-a sheasamh agus do bhuail dorn dána deagh-thapaidh ar Chonán; agus ní h-urramach do freagradh sin le Conán, óir do bhuail dorn eile ar Chaireall, agus do dhoirt a fhuil go falcmhar fíor-adhbhal. Do déanadh láthair fhairsing ion-bhuailte dóibh ar urlár na bruighne, agus thugadar sáidhte fíor-luaithe sár-nimhneacha dá sleaghaibh slim-ghéara i n-a chéile gur bhriste buan-raobtha baill agus broinne na díse deagh-laoch sin, gur nochtadar lanna líomhtha go lán-tapaidh agus do-rinne siad urlaidh- eacht agus comhrac calma cóimh-neartmhar le chéile go mba chréachtach cnáimh-ghearrtha iad ó'n gleo sin. Annsin d' éirigheadar dís mhac ádhmharach iolbhuadhach Osgair mhic Oisín .i. Éachtach agus Iollan, agus do rinne siad leibheanna dlúithe do-sgaoilte dá n-éidíbh i n-a dtim- cheall agus thugadar cneadha doimhne do- leigheasta ar Chonán; agus ar n-a fheicsin sin do dhís mhac Ghuill mhic Mhórna .i. Conn agus Cónach, do cheangladar a gcolna caomha cneis-gheala dá gcath-éideadh agus do ghoin siad go mór dís mhac Osgair. Níor éisteadh sin go fada le h-Osgar, óir níor mhian ná maise leis amhail mar do chonnaic a dhís mhac agus a bhráthair san gcoinsgleo sin. Is annsin d'éirigh an leoghan líomhtha lán- fheargach agus an nathair neamh-eaglach nimhe .i. Osgar mac Oisín agus do chuir cumhdach caomh-chruaidh iarnaidhe um a chorp agus do chuir sgiath mhór mhíleadhta um a mhuinéal agus thug ruathar rachtmhar rúineachtach fá 'n gcomhrac d' fóirithin a dhíse mac agus Cairill agus do ghabh dá bhéimeannaibh borb-neart- mhara bith-urlamha ar Chonán. Agus adubhairt Conán: "A bhuidhe leis na déibh, a Osgair, do rochtain im' aghaidh chum comhraic, óir gearrfadsa snáithe do shaoghail 'san ngleo seo." Is annsin do chomhraic Osgar agus Conán le n-a chéile. Agus ba neartmhar, námhadaidhe an comhrac sin, ionnas gur baineadh osnadh éagcomhlainn as Conán agus d' fhéach go truaighmhéileach ar Art óg mac Mórna; agus níor fuilingeadh sin le h-Art acht d' éirigh go h-éasgaidh agus chuaidh i n-a arm go h-athlámh agus do ghoin Osgar go h-arrachtach; agus níor fuilingeadh sin le h-Oisín feara- mhail mac Finn óir do chuir a éide catha uime agus do chuaidh 'san gcath go comh-dhíreach agus thug goin ghráineamhail ghníomhachtach ar Art mac Mórna. Annsoin d'éirigh Garg garbh-fholtach mac Mórna agus do ghabh a dhíon arrachtach ath- gharbh iarnaidhe uime agus d' fhreagair an mór-ghleo sin go mear-chalma, agus do goineadh Oisín leis. Annsin d' éirigh mac Luighdheach go laochda agus do chuir cumhdach comh-daingean catha um a chorp agus do chuaidh san gcóimhghleic sin agus do goineadh Garg garbh-fholtach leis, agus thug Garg comaoine na goine sin dó. D' éirigh annsin Aodh beag mac Finn le n-a trí chaogad de laochaibh lán-láidre i n-a fhochair agus do chuaidh san gcomhlann go céadfadhach. D' éirigh Goll agus clanna Mórna annsin dá n-áitibh agus dá n-iona- daibh agus do chuadar ar chúlaibh Ghuill san ngrod-ghleo sin. Annsin cuireas Goll treallamh taitneamhach troda agus teangmhála air agus a sgaball sgiamhach sgoith-bhreágh um a mhunéal, agus thug sidhe dána dásachtach do-ionnsuidhtheach, agus do chuaidh san mór-ghleo sin d' fhóirithin a chlainne agus Conáin agus claidheamh slios-ghéar sásta so-bhuailte i n-a dheas-láimh deagh- thapaidh, agus d' ionnsuidh a eascaraid agus do bhíodar san gcóimhghleic sin le chéile nó nár fhágadar tápúir trom-lasrach ná lóchrann lonnrach ná coinneal caomh crioth-sholais 'san mbruighin sin gan múchadh; agus fós, níor fágadh coinnleoir gan cam-bhriseadh, bléidhe gan buan-raobadh innte agus d' imthigh sé féin gan fuiliughadh, gan foir-dheargadh air. Is annsin do bhreathnuigh Fionn a chaismirt catha agus adubhairt le Fiannaibh Éireann clann Mórna do mhúchadh agus do mharbhadh. Is annsin d' éirigheadar Fianna foir-neart- mhara Fhinn agus do rinneadar leibheanna daingeana dlútha do-sgaoilte dá sgiathaibh i n-a dtimcheall, agus d' fhreagradar clanna Mórna iad go míleadhta mear-chalma san gcath soin, agus do chuaidh Goll féin i dtosach na dtréan-fhear san teangmháil sin. Iar sin do ghabhadar ag cnáimh-ghearradh a chéile gan choigilt agus rinne Goll sgiath dhaingean do- bhriste dhe féin ar sgáth a mhuinntire, go nár leonadh iad tairis acht beagán do marbhadh le h-urcharaibh díobh. Cidh trácht, is annsin ba threise na tréan- bhuillí agus ba mhire na mílidhe, ba chréachtmhar na colna agus ba ghuasachtach saor-chlanna. Do b'iomdha fuinneog fhoir-dhearg ar na fearaibh agus cneadha do-leighis do bhí ar na deagh-laochaibh sin. Is mairg, tra, duine anbhfann, nó bean mhíonla mhéir-leabhair, nó
seanóir seanda saobh-chiallach do bhéadh i mbruighin na h-Almhaine an oidhche sin. Ba thruaighmhéileach mar do bhí an bhruighean an oidhche sin le gárthaibh gránamhla, gáibhtheacha, gearánacha agus le h-osnaidhibh na n-óg dá n-éirliughadh go h-obann; agus do bhíodar ar an amas sin go h-éirghe gréine ar n-a bháireach gan choigilt ar a chéile. Annsin d'éirigh Feargus Finnbhéil file focal-cheart fír-ghlic na Féinne agus aois ealadhan na Féinne i n-a fhochair agus do ghabh dréachta agus duanta agus deagh-dhánta do na deagh-laochaibh agus do sheinneadar tiom- páin chaomha cheol-bhinne agus cruiteanna téid-bhinne; dá éis sin do sguireadar an Fhiann dá n-urlaidheacht le guth ceolmhar na bhfilí agus do leigeadar an Fhiann a n-airm ar lár. Adubhairt Fionn nach bhfaghadh síoth ná sár-chumann ó chlannaibh Mórna go bhfaghadh breath ríogh Éireann .i. Cormac mac Airt, agus breath Ailbhe gruadh-ghile, inghean Chormaic, agus Cairbre Lifeachair ríogh- dhamhna Éireann, agus breath Fhithil agus Fhlaithrí, bárraidheacht na breithe sin ag Fionntain mac Bochna. Adubhairt Goll mac Mórna: "Dho-bhéarfamna an bhreath soin duit de chionn breithe d' fhagháil uait." Adu- bhairt Fionn go dtiubhradh. Do cuireadh coir agus slána le h-aghaidh na síthe sin agus do ghabhadar lá chuca chum na breithe sin .i. coicthigheas ó'n lá soin ar faithche na Teamhrach. D' fhéachadar an uireasbaidh an oidhche sin agus is é bhí de dhíth muinntire Fhinn .i. aon chéad déag, agus do bhí go leor d' fhuil ar seideadh, agus srón ar n-a bhfiar-chamadh, agus cluas ar n-a gcomhbhrúghadh, lámh ar n-a leadradh, agus corp ar n-a gcosgradh agus ar n-a gcneas-raobadh ar an méad do bhí beo de mhuinntir Fhinn. Agus is é ba dhíth de mhuinntir Ghuill mhic Mhórna: seacht gcéad de mhnáibh agus aon fhear déag. Agus ní h-é marbhadh na mban do rinneadh acht a n-éag le h-imeagla na n-arm ndaor-bhéimneach. Do chuireadar a lucht othrais ar gach taobh dá leigheas. Agus do rinneadh feart fód-bhuidhe do gach aon aca do marbhadh; agus do nuadh-chóirigheadar an dún dá aithle sin, agus do shuidh gach féinnidh i n-a n-ionadaibh cinnte do lán-chaitheamh na fleidhe sin. Coicthigheas ó'n lá sin gluaisid rómpa go faithche na Teamhrach agus do chuireadar Cormac, Ailbhe, Cairbre, Fitheal, Flaithrí, agus Fionntain dian-cheart i n-ionad breitheamhnais agus do chuaidh Fionn d'innsin an sgéil. Agus adubhairt Goll nach dtiubhradh féin innsin an sgéil sin dó, "óir, a Fhinn," ar sé, "do dhéanfá fíor de'n bhréig." As a h-aithle sin do fágadh innsin an sgéil fá Fheargus Finnbhéil, agus thugadar na h-uaisle sin na déithe ar Fheargus an fhírinne do dhéanamh. Agus d' innis Feargus Finn- bhéil mar d' éirigh an bhruighean ar dtúis, agus d' innis gur ab é Fionn do rinne tús na h-iomarca ar Gholl, agus d' éis na h-iomarca sin gur ab é Caireall ua Corbhroinn do thosnuigh an bhruighean, agus gur ab é do bhuail Conán mac Mórna, "agus níor fuilingeadh sin le Conán acht an chomaoine chéadna do thabhairt dó, agus d'éirigh an Fhiann i naghaidh a chéile de gach leith, agus do bhíodar ag cnáimh-ghearradh a chéile ó úr-thosach na h-oidhche éag-fhuaire go h-éirghe gréine ar n-a bháireach. Agus is é ba dhíth de mhuinntir Fhinn leis an ré sin aon chéad déag fear. Agus is é ba dhíth de mhuinntir Ghuill mhic Mórna seacht gcéad bean agus aon duine déag d'fhearaibh; agus do b'iomdha fear easbadhach eatortha leath ar leith i n-othras agus i bpiantaibh truaighmhéil- eacha báis. Ag sin sgéala na bruighne dhíbh go fírinneach, a righthe Éireann," ar Feargus. Adubhairt Flaithrí eineachlann do chlannaibh Mórna, óir is orra do rinneadh tosach na h-iomarca. "Ní breath cheart fhíor-ollamhan sin," ar Cormac, "óir dligheann an t-óglaoch urraim do thabhairt dá thighearna." "Is fíor sin," ar Flaithrí, "gidheadh, ní théidheann urraim tar dortadh fola." Adubhairt Fitheal: "saoramuid clanna Mórna gan eineachlann ó chlannaibh Baoisgne, agus saoramuid Fionn agus clanna Baoisgne ó chlannaibh Mórna mar an gcéadna ar aoirde díthe Fhinn." "Is breath mhic ollamhan sin," ar Fionn- tain." Do mhol Cormac, Ailbhe, agus Cairbre an bhreath soin. Agus do gaireadh an Fhiann do láthair agus nochtadh an bhreith dhóibh; agus do mhol siad uile í; agus do ghluaiseadar go síothach, páirteach le chéile ó fhaithche na Teamhrach go nuige a n-ionadaibh cinnte féin. Foircheann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services