Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bruighean Bheag na h-Almhaine

Title
Bruighean Bheag na h-Almhaine
Author(s)
Anaithnid,
Composition Date
1796
Publisher
(B.Á.C.: Connradh Chuilm Naomhtha, 1907)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



BRUIGHEAN BHEAG NA h-ALMHAINE.



Do rinneadh fleadh agus féasta go príomh-
adhbhal le Fionn mac cumhaill d'Fhiannaibh
Éireann i n-Almhain luchtmhair lán-aoibhinn
Laighean, agus an tan do b'ion-chaithmhe an
fhleadh sin thángadar maithe agus mór-uaisle
na Féinne dá caitheamh agus is iad so dream
do b'urranta díobh .i. Goll mear-chalma mór-
aigeantach mac Mórna le n-a dheichneabhar
ar fhichid bráthar agus comh-bhráthar mar aon
leis; agus Diarmaid déid-gheal dreach-sholais
dath-áluinn ua Duibhne le n-a thriúr mac mar
aon leis agus maithe clainne Baoisgne go
h-uile; Chaoilte ró-ghreannmhar mac Rónáin
le maithibh clainne Rónáin agus Smeig-ar-
Drúcht ua Neamhain le maithibh clainne
Neamhain; clanna Smóil le n-a sluaightibh;
Goll gníomhachtach Golban agus maithe na
Féinne Ultaighe i n-a fhochair; agus an Corr
cos-luath, céad-ghonach rígh féinne Fiann
Connacht; agus Oillte áluinn ionnsuidhtheach
mac an Choirr chos-luaith; Caireall cosgar-
thach ua Corbhroinn le n-a dheich gcathaibh
Albanacha agus rígh féinne Laoighse Midhe le
maithibh a mhuinntire; agus iomad de mhaithibh
agus de mhór-uaislibh na h-Éireann i n-a
bhfochair.



Is annsin do shuidh Fionn i dtosach na
dtréin-fhear sin, maithe clainne Baoisgne
agus iad i n-a thimcheall, agus Goll mac
Mórna ar a cheart-aghaidh 'san taobh eile
agus mic Mhórna i n-a n-ionadaibh cinnte
féin mar ba ghnáthach leo i dteaghlach Fhinn in
gach aimsir roimhe sin. D' éirigheadar iar
sin feadhmannaigh go frithir fíor-éasgaidh le
freastal agus le friotháileamh na sluagh sin
go séimh sochma so-dhealbhach, agus do
ghlacadar bléidhí beol-bhuidhe bán-airgid,
agus cuirn áilne cumhduighthe cloch-bhuadhacha,
agus do dáileadh deocha dian-mhóra milse
do na deagh-laochaibh, agus biadha saora so-
chaithmhe do na Fiannaibh go fíor-adhbhal.



D' éirigh annsin gearán agus caint agus
glór i n-a ngiollaíbh, meidhir agus meanmain
i n-a mílíbh, luaimne agus lán-chaint i n-a
laochaibh, míne agus macántacht i n-a mnáibh,
fosadh agus foidhne i n-a bhfilíbh.



Is annsin d' éirigh bollsgaire go frith-
urlamh agus do chroith slabhradh éisteachta na
bruighne agus d' éisteadar uile go fois-
tineach; agus do ghabh éirghe Feargus
Finnbheoil, file agus feallsamhain focal-
cheart na Féinne, agus do ghabh a dhuanta
agus a dheagh-dhánta i gceann a gheinealaigh
agus a chraobha coimhneasa i bhfiadhnaise Fhinn
mhic Chumhaill, agus do dhíol an flaith Féinne
Fionn an file iar sin d' fhuasgladh gach
maitheasa agus gach maoine, agus do-rinne
Osgar agus mac Luighdheach an nídh céadna.
Do chuaidh an file iar sin i bhfiadhnaise Ghuill
mhic Mhórna agus adubhairt duanta agus
deagh-dhánta a shean agus a shinnsear i n-a
fhiadhnaise agus bha subhach soilbhir so-
mheanmnach mac Mórna an tráth sin.



"Cá h-ionad annso," ar Goll, "i n-a bhfuil
an bhaoith mhánla, inghean Cholláin chraos-mhóir
.i. mo bhain-eachlach féin."



"Táim annso, a rígh-mhílidh," ar sí.



"An dtugais leat mo chíos ó Lochlannaibh
do'n dul so," ar Goll.



"Thugas," ar sí; agus d' éirigh go prap
príomh-éasgaidh agus do leig eire laoich lán-
chalma d' ór ath-leaghtha áluinn i bhfiadhnaise
Ghuill ar lár, agus do sgaoil Goll an cumhdach
coimeádta do bhí timcheall an chíosa agus do
leig na seoda so-mhaiseacha sin i bhfiadhnaise
na sluagh agus do dhíol Feargus Finnbhéil
mar ba leor leis; agus ní raibh cruitire
caoin-téadach, ná tiompánuidhe toghtha téad-
bhinn, ná seanchuidhe suadh-fhoclach, ná file
faobhrach fír-eolach, ná aon duine ealadhan d'
Éireannach nó d'Albanach annsin nár dhíol Goll
go grod urlamh mar ba leor le gach aon
díobh; agus ní raibh mac ríogh ná ró-
fhlatha, ná taoiseach fíor-arrachtach Féinne ná
tréin-fhear taille teangmhála, ná feadh-
mannach foluaimneach freastail ná ró-
fhriotháilimh i dtigh na h-Almhaine an oidhche sin
nach dtug Goll comaoin óir nó airgid nó
clocha buadha dhó.



Is annsin adubhairt Fionn go fíor-nimh-
neach'"a Ghuill," ar sé, "cá fad atá an
cíos úd agat ar Lochlannachaibh, óir do shíleas
féin nár dhual duitse cíos do bheith agat
orra agus go bhfuil rígh féinne ag Lochlan-
naibh ag coimeád mo chíosa orra agus ag
tógáil mo chánachais díobh, agus deich gcéad
laoch lán-chalma mar aon leis ar buannacht
uaimse ann"?



Annsin freagar an gnáth-fhéinnidh gleacach
glór-bhorb .i. Goll mac Mórna, óir do thuig


L. 42


go raibh fearg agus formad ag Fionn leis
agus is é adubhairt: "is é faid atá an cíos
úd agam ar Lochlannaibh, a Fhinn, ó'n uair do
chuir d'athairse cogadh agus coinsgleo orm
sa agus d' éirigh rígh Éireann le n-a chóigíbh
i m' aghaidhse le Cumhall, agus do b'éigean
domsa Éire d' fhágbháil dóibh agus an méad
do thogair dul liomsa de chlannaibh Mórna;
agus do ghabhas críoch Breatan go buadhach
agus do mharbhas rígh Breatan agus a mhac
agus do chuireas ár bhfear Breatan; agus
do chuir Cumhall le n-a shluaightibh as mé,
agus do chuadhas as sin go Fionnlochlann
agus do thuit an rígh liom, agus do chuireas
ár a mhuinntire agus do chuir Cumhall as
sin mé. Do ghabas na ceithre treabha
Lochlannach agus cathair na Beirbe Lochlan-
naighe agus do lean Cumhall do'n chrích sin
mé. Sí sin uair fuaras an cíos ó na Loch-
lannachaibh, gur chuir Conn Céadchathach, áird-
rígh Éireann fios orm agus thángas go
h-Éirinn i naghaidh Cumhaill chum catha Chnuca
do chur agus do thuit sé liom féin san gcath-
ghleo sin. An uair eile fuaras cíos na
Lochlannach, tuig, a Fhinn, do dhul go cathair
na Beirbe Lochlannaighe mar aon le cúig fhir
déag d' Fhiannaibh Éireann agus fanamhaint an
aimsear dhuit ann; agus bean ríogh Lochlann do
thuit i ngrádh leat, agus do ghabháil tríd sin
agus do chúig fhir déag agus do bheith ar láimh
i gcarcair liag talmhan go ceann bliadhna
agus lá d' áirithe chum báis d' imirt ort;
agus is cuimhin leat go ndeachassa agus gur
chuireas ár a mhuinntire; agus ní h-é sin,
acht do thuit rígh Lochlann féin liom agus
d' ionarbas cathair na Beirbe Lochlannaighe,
agus do bhaineas a gcuid óir agus airgid
díobh agus thugas tusa as an gcarcair i n-a
raibh tú mar aon le do mhuinntir, agus do-rinneas
rígh nuadh ar Lochlannaibh. .i. Teine
Tréan mac Trosgadail agus do naisgeas
cíos air, agus thugas éadáil adhbhal duitse
féin, a Fhinn," ar Goll, "agus thugas slán
go h-Éirinn tú; agus is í sin an dara h-uair
do naisgeas cíos láimhe ar Lochlannaibh;
agus ag sin mar do fuaras féin an cíos úd,
a rígh Féinne," ar Goll; "agus, a Fhinn, ní
cíos láimhe atá agatsa ar Lochlannaibh, acht
maor coimeádta atá uait orra ag tógbháil
cána sa mbeith fá chíos do rígh Éireann, agus
níor chumhduigheassa ort an cíos, a Fhinn, agus
ná bíodh tnúth agat liom fá mo chíos, óir dá
bhfaghainnse ní ba mhó, is dod' mhuinntirse
is d' Fhiannaibh Éireann do-bhéarfainn é."



Adubhairt Fionn go fuathmhar, feargach:
"a Ghuill," ar sé, "d'admhais 'san sgéal
sin go dtángais go h-Éirinn ó chathair na
Beirbe ag cur catha Chnuca ar m' athair agus
gur mharbhais ann é. Is náire dhuit sin d'
innsin im' fhiadhnaise."



Adubhairt Goll go feargach ag féachaint
ar Fhionn: "ní mise do mharbh Cumhall.
Gidheadh, is mé do sgoilt a chroidhe i n-a
chliabh gan choigilt agus do sgar a anam leis,
óir do thuill sé bás liom go minic tré an
uabhar féin, agus is í breath gach deagh-
dhuine . . . an dlighe do mhalartughadh
go mío-thrócaireach; agus uime sin nach mise
do mharbh Cumhall acht a mhí-ghníomha féin;
agus fós, dá bhfaghainn ní ba thúisge é, do
bhainfinn a anam as, óir thugas iarracht go
minic air ins na cathaibh a rabhas i n-a aghaidh
sroisin chuige tar imeall buidhne cosgar-
thacha clainne Baoisgne, agus ó rángas chuige
i gcath Chnuca, do dhíolas m' amhgar air.
Agus, a Fhinn," ar Goll, "dá dtiubhrthása
oiread easonóra dhom agus thug Cumhall dom,
do-bhéarfainn an díol céadna ortsa."



"A Ghuill," ar Fionn, "do bhí sé ar m'
aigne gan sin do leigean leat, óir tá céad
féinnidh fíor-arrachta ar mo theaghlachsa
i naghaidh gach n-aon dá bhfuil ded' mhuinntir-
se." "Do b' amhlaidh sin dod' athairse," ar
Goll, "gidheadh, do dhíolas a uabhar air fá
dheoidh, agus do dhéanfainn an nídh céadna
leatsa dá dtuillfeadh uaim é."



Adubhairt Caireall mac Aonghusa cneis-
gheal ua Baoisgne: "a Ghuill," ar sé, "is
iomdha fear do coisgfidhe i dtigh Fhinn"!



Adubhairt Conán Maol mac Mórna:
"Luighim fá m' armaibh gaisge nach raibh Goll
riamh, dá luighead de mhuinntir do bhéadh aige,
nach mbéadh céad fear ar a theaghlach agus do
choisgfeadh gach fear díobh tusa le do
theaghlach a Chairill."



"Ní díobhsan tusa, a Chonáin chaintigh
chlaoidhte chrith-eaglaigh," ar Caireall.



"Is díobh, go deimhin, a Chairill cheann-áird
mhór-fhoclaigh, bheag-chréachtaigh," ar Conán,
"agus do rachainn dá áitiughadh ortsa go
raibh éagcóir ag Cumhall."



Adubhairt Caireall, ag éirghe i n-a
sheasamh; "ní fada go mbéidh a fhios agam
cia is cionntach."


L. 43


Is annsin d' éirigh Caireall i n-a sheasamh
agus do bhuail dorn dána deagh-thapaidh ar
Chonán; agus ní h-urramach do freagradh
sin le Conán, óir do bhuail dorn eile ar
Chaireall, agus do dhoirt a fhuil go falcmhar
fíor-adhbhal. Do déanadh láthair fhairsing
ion-bhuailte dóibh ar urlár na bruighne, agus
thugadar sáidhte fíor-luaithe sár-nimhneacha dá
sleaghaibh slim-ghéara i n-a chéile gur bhriste
buan-raobtha baill agus broinne na díse
deagh-laoch sin, gur nochtadar lanna líomhtha
go lán-tapaidh agus do-rinne siad urlaidh-
eacht agus comhrac calma cóimh-neartmhar le
chéile go mba chréachtach cnáimh-ghearrtha iad
ó'n gleo sin.



Annsin d' éirigheadar dís mhac ádhmharach
iolbhuadhach Osgair mhic Oisín .i. Éachtach
agus Iollan, agus do rinne siad leibheanna
dlúithe do-sgaoilte dá n-éidíbh i n-a dtim-
cheall agus thugadar cneadha doimhne do-
leigheasta ar Chonán; agus ar n-a fheicsin
sin do dhís mhac Ghuill mhic Mhórna .i. Conn
agus Cónach, do cheangladar a gcolna caomha
cneis-gheala dá gcath-éideadh agus do ghoin
siad go mór dís mhac Osgair. Níor éisteadh
sin go fada le h-Osgar, óir níor mhian ná
maise leis amhail mar do chonnaic a dhís mhac
agus a bhráthair san gcoinsgleo sin.



Is annsin d'éirigh an leoghan líomhtha lán-
fheargach agus an nathair neamh-eaglach nimhe
.i. Osgar mac Oisín agus do chuir cumhdach
caomh-chruaidh iarnaidhe um a chorp agus do
chuir sgiath mhór mhíleadhta um a mhuinéal
agus thug ruathar rachtmhar rúineachtach fá 'n
gcomhrac d' fóirithin a dhíse mac agus Cairill
agus do ghabh dá bhéimeannaibh borb-neart-
mhara bith-urlamha ar Chonán.



Agus adubhairt Conán: "A bhuidhe leis na
déibh, a Osgair, do rochtain im' aghaidh chum
comhraic, óir gearrfadsa snáithe do shaoghail
'san ngleo seo."



Is annsin do chomhraic Osgar agus Conán
le n-a chéile. Agus ba neartmhar, námhadaidhe
an comhrac sin, ionnas gur baineadh osnadh
éagcomhlainn as Conán agus d' fhéach go
truaighmhéileach ar Art óg mac Mórna; agus
níor fuilingeadh sin le h-Art acht d' éirigh
go h-éasgaidh agus chuaidh i n-a arm go
h-athlámh agus do ghoin Osgar go h-arrachtach;
agus níor fuilingeadh sin le h-Oisín feara-
mhail mac Finn óir do chuir a éide catha uime
agus do chuaidh 'san gcath go comh-dhíreach
agus thug goin ghráineamhail ghníomhachtach ar
Art mac Mórna.



Annsoin d'éirigh Garg garbh-fholtach mac
Mórna agus do ghabh a dhíon arrachtach ath-
gharbh iarnaidhe uime agus d' fhreagair an
mór-ghleo sin go mear-chalma, agus do
goineadh Oisín leis. Annsin d' éirigh mac
Luighdheach go laochda agus do chuir cumhdach
comh-daingean catha um a chorp agus do chuaidh
san gcóimhghleic sin agus do goineadh
Garg garbh-fholtach leis, agus thug Garg
comaoine na goine sin dó. D' éirigh annsin
Aodh beag mac Finn le n-a trí chaogad de
laochaibh lán-láidre i n-a fhochair agus do chuaidh
san gcomhlann go céadfadhach.



D' éirigh Goll agus clanna Mórna
annsin dá n-áitibh agus dá n-iona-
daibh agus do chuadar ar chúlaibh Ghuill
san ngrod-ghleo sin. Annsin cuireas
Goll treallamh taitneamhach troda agus
teangmhála air agus a sgaball sgiamhach
sgoith-bhreágh um a mhunéal, agus thug sidhe
dána dásachtach do-ionnsuidhtheach, agus do chuaidh
san mór-ghleo sin d' fhóirithin a chlainne
agus Conáin agus claidheamh slios-ghéar
sásta so-bhuailte i n-a dheas-láimh deagh-
thapaidh, agus d' ionnsuidh a eascaraid agus
do bhíodar san gcóimhghleic sin le chéile nó
nár fhágadar tápúir trom-lasrach ná lóchrann
lonnrach ná coinneal caomh crioth-sholais 'san
mbruighin sin gan múchadh; agus fós, níor
fágadh coinnleoir gan cam-bhriseadh, bléidhe
gan buan-raobadh innte agus d' imthigh sé
féin gan fuiliughadh, gan foir-dheargadh air.
Is annsin do bhreathnuigh Fionn a chaismirt
catha agus adubhairt le Fiannaibh Éireann
clann Mórna do mhúchadh agus do mharbhadh.
Is annsin d' éirigheadar Fianna foir-neart-
mhara Fhinn agus do rinneadar leibheanna
daingeana dlútha do-sgaoilte dá sgiathaibh
i n-a dtimcheall, agus d' fhreagradar clanna
Mórna iad go míleadhta mear-chalma san
gcath soin, agus do chuaidh Goll féin i dtosach
na dtréan-fhear san teangmháil sin. Iar sin
do ghabhadar ag cnáimh-ghearradh a chéile gan
choigilt agus rinne Goll sgiath dhaingean do-
bhriste dhe féin ar sgáth a mhuinntire, go nár
leonadh iad tairis acht beagán do marbhadh le
h-urcharaibh díobh.



Cidh trácht, is annsin ba threise na tréan-
bhuillí agus ba mhire na mílidhe, ba chréachtmhar
na colna agus ba ghuasachtach saor-chlanna.
Do b'iomdha fuinneog fhoir-dhearg ar na
fearaibh agus cneadha do-leighis do bhí ar na
deagh-laochaibh sin. Is mairg, tra, duine
anbhfann, nó bean mhíonla mhéir-leabhair, nó


L. 44


seanóir seanda saobh-chiallach do bhéadh
i mbruighin na h-Almhaine an oidhche sin. Ba
thruaighmhéileach mar do bhí an bhruighean an
oidhche sin le gárthaibh gránamhla, gáibhtheacha,
gearánacha agus le h-osnaidhibh na n-óg dá
n-éirliughadh go h-obann; agus do bhíodar ar
an amas sin go h-éirghe gréine ar n-a bháireach
gan choigilt ar a chéile.



Annsin d'éirigh Feargus Finnbhéil file
focal-cheart fír-ghlic na Féinne agus aois
ealadhan na Féinne i n-a fhochair agus do ghabh
dréachta agus duanta agus deagh-dhánta do
na deagh-laochaibh agus do sheinneadar tiom-
páin chaomha cheol-bhinne agus cruiteanna
téid-bhinne; dá éis sin do sguireadar an
Fhiann dá n-urlaidheacht le guth ceolmhar na
bhfilí agus do leigeadar an Fhiann a n-airm
ar lár. Adubhairt Fionn nach bhfaghadh síoth
ná sár-chumann ó chlannaibh Mórna go bhfaghadh
breath ríogh Éireann .i. Cormac mac Airt,
agus breath Ailbhe gruadh-ghile, inghean
Chormaic, agus Cairbre Lifeachair ríogh-
dhamhna Éireann, agus breath Fhithil agus
Fhlaithrí, bárraidheacht na breithe sin ag
Fionntain mac Bochna. Adubhairt Goll mac
Mórna: "Dho-bhéarfamna an bhreath soin
duit de chionn breithe d' fhagháil uait." Adu-
bhairt Fionn go dtiubhradh.



Do cuireadh coir agus slána le h-aghaidh
na síthe sin agus do ghabhadar lá chuca chum
na breithe sin .i. coicthigheas ó'n lá soin ar
faithche na Teamhrach.



D' fhéachadar an uireasbaidh an oidhche sin
agus is é bhí de dhíth muinntire Fhinn .i. aon
chéad déag, agus do bhí go leor d' fhuil ar
seideadh, agus srón ar n-a bhfiar-chamadh,
agus cluas ar n-a gcomhbhrúghadh, lámh ar n-a
leadradh, agus corp ar n-a gcosgradh agus
ar n-a gcneas-raobadh ar an méad do bhí beo
de mhuinntir Fhinn.



Agus is é ba dhíth de mhuinntir Ghuill mhic
Mhórna: seacht gcéad de mhnáibh agus aon
fhear déag. Agus ní h-é marbhadh na mban
do rinneadh acht a n-éag le h-imeagla na
n-arm ndaor-bhéimneach. Do chuireadar a
lucht othrais ar gach taobh dá leigheas. Agus
do rinneadh feart fód-bhuidhe do gach aon aca
do marbhadh; agus do nuadh-chóirigheadar an
dún dá aithle sin, agus do shuidh gach féinnidh
i n-a n-ionadaibh cinnte do lán-chaitheamh na
fleidhe sin.



Coicthigheas ó'n lá sin gluaisid rómpa go
faithche na Teamhrach agus do chuireadar
Cormac, Ailbhe, Cairbre, Fitheal, Flaithrí, agus
Fionntain dian-cheart i n-ionad breitheamhnais
agus do chuaidh Fionn d'innsin an sgéil.
Agus adubhairt Goll nach dtiubhradh féin
innsin an sgéil sin dó, "óir, a Fhinn," ar
sé, "do dhéanfá fíor de'n bhréig."



As a h-aithle sin do fágadh innsin an sgéil
fá Fheargus Finnbhéil, agus thugadar na
h-uaisle sin na déithe ar Fheargus an fhírinne
do dhéanamh. Agus d' innis Feargus Finn-
bhéil mar d' éirigh an bhruighean ar dtúis,
agus d' innis gur ab é Fionn do rinne tús
na h-iomarca ar Gholl, agus d' éis na
h-iomarca sin gur ab é Caireall ua
Corbhroinn do thosnuigh an bhruighean, agus
gur ab é do bhuail Conán mac Mórna,
"agus níor fuilingeadh sin le Conán acht an
chomaoine chéadna do thabhairt dó, agus
d'éirigh an Fhiann i naghaidh a chéile de gach
leith, agus do bhíodar ag cnáimh-ghearradh a
chéile ó úr-thosach na h-oidhche éag-fhuaire go
h-éirghe gréine ar n-a bháireach. Agus is é
ba dhíth de mhuinntir Fhinn leis an ré sin aon
chéad déag fear. Agus is é ba dhíth de
mhuinntir Ghuill mhic Mórna seacht gcéad
bean agus aon duine déag d'fhearaibh; agus
do b'iomdha fear easbadhach eatortha leath ar
leith i n-othras agus i bpiantaibh truaighmhéil-
eacha báis. Ag sin sgéala na bruighne
dhíbh go fírinneach, a righthe Éireann," ar
Feargus.



Adubhairt Flaithrí eineachlann do chlannaibh
Mórna, óir is orra do rinneadh tosach na
h-iomarca.



"Ní breath cheart fhíor-ollamhan sin," ar
Cormac, "óir dligheann an t-óglaoch urraim
do thabhairt dá thighearna."



"Is fíor sin," ar Flaithrí, "gidheadh, ní
théidheann urraim tar dortadh fola."



Adubhairt Fitheal: "saoramuid clanna
Mórna gan eineachlann ó chlannaibh Baoisgne,
agus saoramuid Fionn agus clanna
Baoisgne ó chlannaibh Mórna mar an
gcéadna ar aoirde díthe Fhinn."



"Is breath mhic ollamhan sin," ar Fionn-
tain."



Do mhol Cormac, Ailbhe, agus Cairbre an
bhreath soin. Agus do gaireadh an Fhiann do
láthair agus nochtadh an bhreith dhóibh; agus do
mhol siad uile í; agus do ghluaiseadar go
síothach, páirteach le chéile ó fhaithche na
Teamhrach go nuige a n-ionadaibh cinnte
féin.



Foircheann.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services