Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bruighean Céise Corainn
Title
Bruighean Céise Corainn
Author(s)
Anaithnid,
Composition Date
1796
Publisher
(B.Á.C.: Connradh Chuilm Naomhtha, 1907)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BRUIGHEAN CÉISE CORAINN. Sealg agus fiadhach agus fiann-chosgair do comhmóradh le Fionn mac Cumhaill mhic tréan-mhóir uí Bhaoisgne fá chríochaibh caomh- áilne an Chorainn agus fá thuathaibh lán mhaiseacha Luighne agus fá shléibhtibh dubha dorcha Dá Dhamh agus fá imeall-thráigh Eothaille agus fá chríochaibh cnuas-torthacha Breifne agus fá ghleanntaibh diamhra dian- geana doi-eolais Dalláin agus fá choilltibh buan-torthacha Cairbreach agus fá shléibhtibh amhar imeall-fhliucha na gcúigeach agus fá mhághaibh réidhe ró-fhairsinge Conallach agus fá choilltibh daingeana Chonchubhair agus fá dhoiríbh diamhra daingeana an Chorr- Shléibhe. Is annsan do shuidh Fionn mac Cumhaill i 'n-a dhumha sheilge ar mhullach Céise áirde an Chorainn agus níor fhan i bhfochair Fhinn acht dá choin .i. Bran agus Sceolaing agus Conán Maol mac Mórna. Agus ba fhinn le Fionn gotha na ngadhar agus glaodhach greannmhar na ngasraidhe, luadhail lán-lúthmhar na laochra, torainn agus toramáin na dtréan- fhear, feadghail agus fíor-gháir na Féinne fá ghleanntaibh daingeana doi-eolais agus fá mhághaibh míne mór-áilne maoth-thorthacha i n-a uir-thimcheall, gur chlos fá na críochaibh ba choimh-neasa dhóibh na gártha sealga séis- dánaidhe do leigeadar an Fhiann asta, gur chuireadar fiadha fíor-luatha as fásaighbhi agus míolta mong-ruadha as maoilibh maol- chnoc agus sionnaigh ar seachrán, broic as broc-chlasaibh, éin ar eiteallaigh agus ar geiltigh as gleanntaibh, faol-choin fá árdaibh; agus do sgaoileadh gach cú fheargach fhíor-neimhneach dá h-éill fá'n tulaigh an tan sin. Agus is é ba thighearna i mbruighin Céise ceann-áirde an Chorainn an tráth sin .i. Conarán mac Imdhile de Thuatha De Danann; agus do chuala sé siansán seachránach ar na conaibh an tan sin; agus do bhí Conarán agus a thriar inghine foirbhthe fíor-ghránda lán de dhraoidheacht agus de dhiabhlaidheacht; agus adubhairt leo éirghe, agus cuireas iad do dhíoghail an fhiadhaigh sin ar an rígh féinne. Do chuadar go doras na h-uamha do bhí ar an tulaigh agus do shuidheadar ann agus do chuireadar trí h-iarnaidhe garbha, glasa, geintlidhe ar trí cuaillibh fo-chama foirdh- rise agus gabhaid ag a dtocharais ar dtuathal agus iad i n-a suidhe i ndoras na h-uamha. Níor chian dóibh mar sin go dtáinig Fionn agus Conán ar úir na h-uamha; agus do chonnacadar na trí cailleacha ró-ghránda i ndoras na h-uamha agus trí fuilt ruain- neacha ró-gharbha go fada fíor-sgaoilte orra, agus se suile silteacha sior-ghéara leo, agus trí beoil dubha duaibhseacha droch-dhathacha drannt-ghránda aca, agus fiacla fada fiar- chama frithir-nimhneacha i gcarbad crain- tseileach gach caillighe dhíobh, agus trí muiníl cnámh-altacha ag congbháil a gceann ar na ruadh-chailleachaibh fíor-ghránda sin, agus sé lámha laomdha loma leo, agus ba shamhalta le h-adharc bárr-chaol bun-ramhar buabhaill gach ionga fhada fhíor-ghéar fhíor-ghonta do bhí orra, agus sé cosa fochmacha fiara folt- chlúmhacha ladhar-bhréana fliuch-shalacha fútha, agus trí coigeala cruadh-ghéara i n-a lámhaibh leo. Agus do chuaidh a gcruth agus a gcaomh-dheilbh de na curaidhibh ar n-a bhfaicsin dóibh .i. do dheargadar ar dtúis ar mhodh nár dheirge corcra liagh ar lasadh ná iad; ba bháine ná bán-sgotha iad do 'n dara feacht, agus ba dhuibhe do'n treas feacht iad ná gual ghabhann ar n-a bháthadh i nuisge fuar oighreata ar bhfaicsin na n-iarnaidhe ngeint- lidhe agus na gcailleacha dhóibh, óir bhí draoidheacht orra nach bhfuilingeadh neach
a bhfaicsin gan dul i dtaisíbh agus i dtáimh- néallaibh agus beirid na cailleacha Fionn agus Conán leo i niarthar na h-uamha ceangailte cruadh-chuibhrighthe. Níor chian dóibh iar sin go d-táinig dís eile de 'n Fhéinn, agus tuitid i dtaisíbh mar an gcéadna ar bhfaicsin na n-iarnaidhe dhóibh. Thángadar clanna Neamhain mar an gcéadna i ndoras na h-uamha agus níor fhan neart naoidhne i naon duine díobh ar bhfaicsin na n-iarnaidhe dhóibh, agus do cheangladar na cailleacha iad go dian docht do-sgaoilte, agus do chuireadar iad mar a raibh Fionn agus Conán i bpollaibh cnuas-doimhne na sídh- bhruighne sin. Níor chian dóibh iar sin go dtáinig Osgar agus mac Luighdheach do láthair agus maithe agus mór-uaisle clanna Baoisgne mar aon leo; agus thángadar clanna Mórna do láthair, agus ar bhfaicsin na h-iarnaidhe dhóibh ní raibh neart mná seolta i naon díobh. Agus thángadar clanna Corcoráin do láthair, agus an tan do chonnacadar na h-iarnaidhe do chuaidh a ngoil agus a ngaisge ar gcúl; agus do rinneadh mar an gcéadna le clannaibh Smóil agus le clannaibh Dubh-Dhíorma agus leis an bhFéinn uile mar an gcéadna idir íseal agus uasal, idir óg agus sean, go rugadar na cailleacha leo iad i n-a gcimíbh craplaighthe cruadh-chuibhrighthe i bpollaibh diamhra lán-doimhne agus i ndroch-bhéalaibh doi-eolais na sídh-bhruighne. Cidh trácht, ó do ceangladh ceithre catha na Gnáth-Fhéinne leis na laoch-chailleachaibh do b'iomdha glam con agus gol-gháir gadhar agus géar-chaoineadh giollaidhe do bhí i ndoras na h-uamha sin ag iarraidh a dtriath agus a dtighearnaí agus na laoch láidre lán- chalma do bhí i n-a bhfochair go nuige sin tar éis a n-aistir agus a n-imtheachta, cidh gur iomdha fiadh créachtach cnámh-ghearrtha, agus muc allta ar n-a mbuan-mharbhadh, agus broc beo-loitthe, agus míol mong-ruadh máighe ar n-a marbhadh ar thaoibh na tulcha, ar gceangal na druinge do bhi ag a n-iomchar go nuige sin. Agus is annsin thángadar na trí mná móra míleadhta sin 'san uaimh mar a raibh an Fhiann craplaighthe cruadh-chuibhrighthe agus trí claidhmhthe clais-leathana colg-dhíreacha géar- fhaobhracha i n-a lámhaibh leo, agus ní raibh fuigheall buille ná béime ag aon chlaidheamh díobh, agus d'fhéachadar uatha do gach leith dá fhios an bhfeicfidís aon fhear nó taistealach slighe d'Fhiannaibh Éireann ag teacht dá n-ionnsuidhe go dtiubhraidís bás agus buan-oidheadh dó; agus ó nach bhfuaradar do b'áil leo dul isteach san mbruighin do chos- gairt agus do chnámh-ghearradh na Féinne gan cháirde. Níor chian dóibh mar sin go bhfeacadar an t-aon óglách mór míleata mear-chalma mór- dhálach buadh-rosgach béal-dhearg díoghainn déid-gheal deagh-cháirdeach, agus do b'é sin an leoghan lúthmhar lán-fheargach, agus an nathair nimhe neamh-eaglach, agus an t-aon chú iorghaile, agus an bheithir bheodha bhuan-tiodhlaictheach, agus an dragan dian dásachtach do-fhulang- thach, agus an míleadh mórdhálach, agus an curadh comhraic; óir do b'é sin an leoghan leadarthach, agus an brath bíodhbhadh, agus an ceann cosanta, agus an confadh catha, agus an coinneal adhanta, agus an ciorrbhadh mór- shluagh, agus anlámh thiodhlaictheach .i. Goll mac Mórna, mhic Chormaic, mhic Mhathghamhna, mhic Mhórna, mhic Gharaigh ghlún-duibh, mhic Aodha dhuanaigh, mhic Aodha chinn-chláir, mhic Chonaill, mhic Shaidhbhe, mhic Chéit, mhic Mhaghach, mhic Chairbre chinn-dheirg, mhic Ríogh Chonnacht, agus claidheamh trom tort-bhuilleach ar a thaoibh clí, agus sleagh sith-fhada sár-throm sár- nimhneach i n-a dheas-láimh deagh-thapaidh, agus sgiath bhall-bhreac bhórd-uaithne bhán-bhogóid- each ar stuaidh-leirg a dhroma, agus líne de litribh áilne óir ar n-a sgríobh' i n-imeall- bhórd na sgéithe sin dá fhaisnéis nach raibh ar cúl sgéithe ná claidhimh 'san domhan laoch ná gaisgidheach do b'fhearr ná an laoch sin. Ar n-a fheicsin do na droch-mhnáibh dubha duaibh- seacha droch-dhealbhacha sin thángadar go prap príomh-urlamh i n-a chomhdháil agus d' fhearadar gleo gáibhtheach gráineamhail, agus comhrac calma urlaidhe, agus imreasán ainiarmharthach áidhbhéil amh-shearcach le Goll gan fios tláis ná tarcuisne ag ceachtar díobh ar a chéile 'san gcomhrac sin. Cidh trácht, do fearguigheadh an curadh go ró-aidhbhéil agus fearamhail feargach borb- neartmhar, agus do ghaibh Goll glac-láidir de bhuillíbh buan-uamhla bith-chalma báis ar na fiadh-mhnáibh fíor-ghránda sin. Do thóg a chlaidheamh clais-leathan colg-dhíreach agus do thug béim bhith-neartmhar do na h-arrach- taibh do bhí ar a aghaidh .i. Camóg cruadh-
chomhlannach agus Cuilleán ceann-ruadh go ndearnaidh sé oirnighe cearta comh-throma dhíobh de'n aon-bhéim sin. Agus do b'é sin an bhéim is mó tugadh i n-Éirinn riamh acht an bhéim nó an buille thug Feargus mac Rosa ruaidh mic Ruaidhrí i gcath Mór-Thána Bó Cuailgne dár ghearr sé teora maola Midhe nó na trí taoisigh tarsna a gcorp d' aon bhéim, agus buille Chonaill ghroidhe Chearnaigh do Chéit mac Mhaghach lé'r ghearr sé a chraoiseach ós a chionn agus é féin do sgoltadh go talamh. Is ann sin d' iaidh sinnsear cloinne Chonaráin a dá láimh i dtimcheall Ghoill do leith a dhroma .i. Iarnadh inghean Chonaráin an feadh do bhí sé ag dí-cheannadh na díse eile agus iompuigheas Goll uirre dá h-aimhdheoin agus iadhas a dá laímh leabhra lán-chalma i n-a timcheall agus thugadar troid teann- easnach agus cor comh-neartmhar dá chéile le feadh na h-uaire sin, agus thug Goll cor calma curata do 'n chailligh gur threasgair go lár agus go lán-talamh í, agus ceanglas Goll go daingean do-sgaoilte í agus tar- raingeas a chlaidheamh clais-leathan colg- dhíreach géar-fhaobhrach as a truaill taisge agus coiméadta do chosgairt agus do chnámh- ghearradh na caillighe meirgighe sin, gur sgread go truaigh tuirseach ar Gholl agus go ndubhairt sí mar leanas: "a laoich nár leonadh agus a thréin-fhir nár torcharadh i gcath ná i gcruadh-chomhlann riamh, cuirim mo chorp agus m' anam ar chomairce do ghoile agus do ghaisge agus do bhéar Fionn agus Fianna Éireann duit go iomshlán gan fuiliughadh gan foir-dheargadh ar neach aca go bráth, agus luidhim fá na déithibh dá n-adhraim go coimhlionfaidh mé sin duit," ar sí. Sgaoileas Goll an rígh-mhíleadh do 'n oill- phéist caillighe agus téid roimhe gus an gcnoc agus fuaradar Fionn ceangailte agus ceithre catha na Gnáth-Fhéinne mar aon leis. Agus adubhairt Goll: "sgaoil do Fheargus Finnbhéil agus d'aois ealadhan na Féinne ar dtúis agus sgaoil d'Fhionn agus d'Oisín agus d'Osgar agus do naoi macaibh fichead Mhórna agus d' fhiannaibh Éireann uile as soin amach." Do sgaoil an chailleach díobh as an uaimh amhlaidh sin agus d' éirigheadar as an uaimh amach go fann amh-neartmhar agus do shuidheadar ar thaobh na tulcha, agus d'fhéach Feargus Finnbhéil, file na bhfiann, ar Gholl agus do ghaibh ag a mholadh tar éis an ghníomha do rinne go nuige sin. Dála Fhinn agus na Féinne do chuadar as doras-bheol na h-uamha agus chruinnigheadar i bhfiadhnaise Fhinn, óir ba sgarthannach sgaoil- teach do bhí Goll tar éis na trí cailleacha dubha diablaidhe droch-dhathacha sin. Níor chian dóibh ar an órdughadh sin go bhfeacadar ag teacht tar dhoras-bheol na h-uamha broinn- fhairsinge chuca .i. an dúil doi-dhealbhtha agus an t-arrachtach éigcialldha .i. sean-chailleach chrap-chuisleannach dhroch-dhathach chuiriceach chrón chiar-ingneach ghorm-fhéitheach, agus go bhfanfadh mion-ubhall nó mór-áirne ar gach ruibe do na malaidhibh garbha glas-liatha do bhí uirre, agus súile silteacha síor-dhearga, agus srón mhór ghorm ghlas leathan ag sileadh n-a srothaibh le sleasaibh a sreang-bheoil dhuibh duaibhsigh dhroch-dhealbhaigh, agus garbh-eagar gránda ar a fiaclaibh cogantacha i n-a craois- bhéal, agus teanga líomhtha lán-ghéar liosta luath-labharthach i n-a deimheas-bhéal, agus lámha cruadh-chuisleannacha le n-a taoibh, agus ingne fiara fíor-ghéara ró-nimhneacha uirre, agus dá ghéagán loma léi, agus dá chois fhuilt-ruainneacha bhreac-luirgneacha ladhar- bhréana cham-ingneacha fúithe, agus éide daingean doi-bhriste catha uimpe, agus claidheamh trom tort-bhuilleach le n-a cois- tsliasaid chlí, agus sgiath mhór mhillte ós árd a príomh-droma, agus go mba chosamhail le siansán stéad nó staille gach sraoth do chuireadh an oill-phiast chaillighe sin as a sróin, ag teacht do láthair Fhinn agus fiannaibh Éireann. Agus do chuir sí fhá gheasaibh Fionn fá n-a sáith de chomhrac aonfhir d' fhaghbháil dí i bhfiannaibh Éireann. Cidh trácht, d'iarr Fionn ar Oisín an t-arrachtach caillighe do chosg díobh. Adu- bhairt Oisín: "Is anbhfainneach atá mé tar éis a bhfuaras d'olc na caillighe úd roimhe seo." Agus is í bhí ann .i. Iarnadh inghean Chonaráin ag teacht do dhíoghailt a seathrach. Agus do dhiúltuigh Oisín agus Osgar, Conán mac Luigheach, Diarmuid Ua Duibhne, Caoilte mac Rónáin, Cearbhall agus maithe agus mór-uaisle na Féinne uile comhrac na cailllighe do dhéanamh; agus adubhairt Fionn go rachadh sé féin do chomhrach léi. Adubhairt Goll: "a Fhinn," ar ré, "ní cuibhe duit comhrac caillighe do dhéanamh, agus is ann dearbhthar an fíor-chara an uair
is mó an t-éigean." "Ní tú do chuireassa fá gheasaibh a Ghoill," ar an chailleach, "acht Fionn agus Fianna Éireann, óir do chinn tusa orm cheana." Is annsin d'éirig Goll go ró-thapaidh i gcoinne agus i gcomhdháil na caillighe, agus do rinneadar comhrac mear meanmnach míleadhta mórdhálach agus iorghoil ath-gharbh amh-mharbhthach agus gleo dísgir dásachtach gan fhios time ná tláis ná tarcuisne ag ceachtar díobh ar a chéile. Cidh trácht, cuireas Goll glac-láidir a lámh i suaithnid síoda na sleighe agus thug rogha an urchair gan chloidhe gan chaime do'n chailligh gur chuir trí n-a sgiath trí n-a gualainn agus trí n-a croidhe é gur urghrain an tsleagh do'n taobh thall 'san ionad i dtárla ó thúis é gur thorchair an chailleach ar an láthair sin. Agus do chuaidh Goll go bruighean Céise an Chorainn ar mharbhadh triúr inghean Conaráin agus do chuir tré dhóighir donn-ruadh dearg-lasadh í; agus gach maitheas agus gach mor-ionmhas dá bhfuair innte bronnas d'Fhionn agus d'fhiannaibh Éireann ar an láthair sin é. Agus i gcomaoin gach cabhartha dá dtug Goll ar Fhionn 'san éigean soin agus ins gach feidhm i n-a raibh roimhe thug a inghean féin .i. Coince chneas-gheal inghean Fhinn mar mhnaoi ar an láthair sin, go rug mac oirdheirc dó dár bh'ainm Fead mac Ghoill mic Mhórna agus do thuit le Fionn i gceann seacht mbliadhan déag ar an áit céadna tré éad le Goll. Gona í sin Bruighean Céise Corainn go nuige sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services