Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bruighean Céise Corainn

Title
Bruighean Céise Corainn
Author(s)
Anaithnid,
Composition Date
1796
Publisher
(B.Á.C.: Connradh Chuilm Naomhtha, 1907)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



BRUIGHEAN CÉISE CORAINN.



Sealg agus fiadhach agus fiann-chosgair
do comhmóradh le Fionn mac Cumhaill mhic
tréan-mhóir uí Bhaoisgne fá chríochaibh caomh-
áilne an Chorainn agus fá thuathaibh lán
mhaiseacha Luighne agus fá shléibhtibh dubha
dorcha Dá Dhamh agus fá imeall-thráigh
Eothaille agus fá chríochaibh cnuas-torthacha
Breifne agus fá ghleanntaibh diamhra dian-
geana doi-eolais Dalláin agus fá choilltibh
buan-torthacha Cairbreach agus fá shléibhtibh
amhar imeall-fhliucha na gcúigeach agus fá
mhághaibh réidhe ró-fhairsinge Conallach agus
fá choilltibh daingeana Chonchubhair agus
fá dhoiríbh diamhra daingeana an Chorr-
Shléibhe.



Is annsan do shuidh Fionn mac Cumhaill i
'n-a dhumha sheilge ar mhullach Céise áirde an
Chorainn agus níor fhan i bhfochair Fhinn acht
dá choin .i. Bran agus Sceolaing agus Conán
Maol mac Mórna. Agus ba fhinn le Fionn
gotha na ngadhar agus glaodhach greannmhar
na ngasraidhe, luadhail lán-lúthmhar na
laochra, torainn agus toramáin na dtréan-
fhear, feadghail agus fíor-gháir na Féinne fá
ghleanntaibh daingeana doi-eolais agus fá
mhághaibh míne mór-áilne maoth-thorthacha i n-a
uir-thimcheall, gur chlos fá na críochaibh ba
choimh-neasa dhóibh na gártha sealga séis-
dánaidhe do leigeadar an Fhiann asta, gur
chuireadar fiadha fíor-luatha as fásaighbhi
agus míolta mong-ruadha as maoilibh maol-
chnoc agus sionnaigh ar seachrán, broic as
broc-chlasaibh, éin ar eiteallaigh agus ar
geiltigh as gleanntaibh, faol-choin fá árdaibh;
agus do sgaoileadh gach cú fheargach
fhíor-neimhneach dá h-éill fá'n tulaigh an
tan sin.



Agus is é ba thighearna i mbruighin Céise
ceann-áirde an Chorainn an tráth sin .i.
Conarán mac Imdhile de Thuatha De Danann;
agus do chuala sé siansán seachránach ar na
conaibh an tan sin; agus do bhí Conarán
agus a thriar inghine foirbhthe fíor-ghránda lán
de dhraoidheacht agus de dhiabhlaidheacht;
agus adubhairt leo éirghe, agus cuireas
iad do dhíoghail an fhiadhaigh sin ar an
rígh féinne.



Do chuadar go doras na h-uamha do bhí ar
an tulaigh agus do shuidheadar ann agus do
chuireadar trí h-iarnaidhe garbha, glasa,
geintlidhe ar trí cuaillibh fo-chama foirdh-
rise agus gabhaid ag a dtocharais ar
dtuathal agus iad i n-a suidhe i ndoras na
h-uamha.



Níor chian dóibh mar sin go dtáinig Fionn
agus Conán ar úir na h-uamha; agus do chonnacadar
na trí cailleacha ró-ghránda
i ndoras na h-uamha agus trí fuilt ruain-
neacha ró-gharbha go fada fíor-sgaoilte orra,
agus se suile silteacha sior-ghéara leo, agus
trí beoil dubha duaibhseacha droch-dhathacha
drannt-ghránda aca, agus fiacla fada fiar-
chama frithir-nimhneacha i gcarbad crain-
tseileach gach caillighe dhíobh, agus trí muiníl
cnámh-altacha ag congbháil a gceann ar na
ruadh-chailleachaibh fíor-ghránda sin, agus sé
lámha laomdha loma leo, agus ba shamhalta
le h-adharc bárr-chaol bun-ramhar buabhaill
gach ionga fhada fhíor-ghéar fhíor-ghonta do bhí
orra, agus sé cosa fochmacha fiara folt-
chlúmhacha ladhar-bhréana fliuch-shalacha fútha,
agus trí coigeala cruadh-ghéara i n-a lámhaibh
leo. Agus do chuaidh a gcruth agus a
gcaomh-dheilbh de na curaidhibh ar n-a bhfaicsin
dóibh .i. do dheargadar ar dtúis ar mhodh nár
dheirge corcra liagh ar lasadh ná iad; ba
bháine ná bán-sgotha iad do 'n dara feacht,
agus ba dhuibhe do'n treas feacht iad ná
gual ghabhann ar n-a bháthadh i nuisge fuar
oighreata ar bhfaicsin na n-iarnaidhe ngeint-
lidhe agus na gcailleacha dhóibh, óir bhí
draoidheacht orra nach bhfuilingeadh neach


L. 30


a bhfaicsin gan dul i dtaisíbh agus i dtáimh-
néallaibh agus beirid na cailleacha Fionn
agus Conán leo i niarthar na h-uamha
ceangailte cruadh-chuibhrighthe.



Níor chian dóibh iar sin go d-táinig dís
eile de 'n Fhéinn, agus tuitid i dtaisíbh mar
an gcéadna ar bhfaicsin na n-iarnaidhe dhóibh.
Thángadar clanna Neamhain mar an gcéadna
i ndoras na h-uamha agus níor fhan neart
naoidhne i naon duine díobh ar bhfaicsin na
n-iarnaidhe dhóibh, agus do cheangladar na
cailleacha iad go dian docht do-sgaoilte,
agus do chuireadar iad mar a raibh Fionn
agus Conán i bpollaibh cnuas-doimhne na sídh-
bhruighne sin.



Níor chian dóibh iar sin go dtáinig Osgar
agus mac Luighdheach do láthair agus maithe
agus mór-uaisle clanna Baoisgne mar aon
leo; agus thángadar clanna Mórna do láthair,
agus ar bhfaicsin na h-iarnaidhe dhóibh ní raibh
neart mná seolta i naon díobh. Agus
thángadar clanna Corcoráin do láthair, agus
an tan do chonnacadar na h-iarnaidhe do chuaidh
a ngoil agus a ngaisge ar gcúl; agus
do rinneadh mar an gcéadna le clannaibh
Smóil agus le clannaibh Dubh-Dhíorma agus
leis an bhFéinn uile mar an gcéadna idir
íseal agus uasal, idir óg agus sean, go
rugadar na cailleacha leo iad i n-a gcimíbh
craplaighthe cruadh-chuibhrighthe i bpollaibh
diamhra lán-doimhne agus i ndroch-bhéalaibh
doi-eolais na sídh-bhruighne.



Cidh trácht, ó do ceangladh ceithre catha na
Gnáth-Fhéinne leis na laoch-chailleachaibh do
b'iomdha glam con agus gol-gháir gadhar
agus géar-chaoineadh giollaidhe do bhí
i ndoras na h-uamha sin ag iarraidh a dtriath
agus a dtighearnaí agus na laoch láidre lán-
chalma do bhí i n-a bhfochair go nuige sin tar
éis a n-aistir agus a n-imtheachta, cidh gur
iomdha fiadh créachtach cnámh-ghearrtha, agus
muc allta ar n-a mbuan-mharbhadh, agus broc
beo-loitthe, agus míol mong-ruadh máighe ar n-a
marbhadh ar thaoibh na tulcha, ar gceangal
na druinge do bhi ag a n-iomchar go nuige
sin.



Agus is annsin thángadar na trí mná
móra míleadhta sin 'san uaimh mar a raibh an
Fhiann craplaighthe cruadh-chuibhrighthe agus trí
claidhmhthe clais-leathana colg-dhíreacha géar-
fhaobhracha i n-a lámhaibh leo, agus ní raibh
fuigheall buille ná béime ag aon chlaidheamh
díobh, agus d'fhéachadar uatha do gach leith dá
fhios an bhfeicfidís aon fhear nó taistealach
slighe d'Fhiannaibh Éireann ag teacht dá
n-ionnsuidhe go dtiubhraidís bás agus
buan-oidheadh dó; agus ó nach bhfuaradar do
b'áil leo dul isteach san mbruighin do chos-
gairt agus do chnámh-ghearradh na Féinne
gan cháirde.



Níor chian dóibh mar sin go bhfeacadar an
t-aon óglách mór míleata mear-chalma mór-
dhálach buadh-rosgach béal-dhearg díoghainn
déid-gheal deagh-cháirdeach, agus do b'é sin an
leoghan lúthmhar lán-fheargach, agus an nathair
nimhe neamh-eaglach, agus an t-aon chú iorghaile,
agus an bheithir bheodha bhuan-tiodhlaictheach,
agus an dragan dian dásachtach do-fhulang-
thach, agus an míleadh mórdhálach, agus an
curadh comhraic; óir do b'é sin an leoghan
leadarthach, agus an brath bíodhbhadh, agus an
ceann cosanta, agus an confadh catha, agus
an coinneal adhanta, agus an ciorrbhadh mór-
shluagh, agus anlámh thiodhlaictheach .i. Goll
mac Mórna, mhic Chormaic, mhic Mhathghamhna,
mhic Mhórna, mhic Gharaigh ghlún-duibh, mhic Aodha
dhuanaigh, mhic Aodha chinn-chláir, mhic Chonaill,
mhic Shaidhbhe, mhic Chéit, mhic Mhaghach, mhic
Chairbre chinn-dheirg, mhic Ríogh Chonnacht, agus
claidheamh trom tort-bhuilleach ar a thaoibh
clí, agus sleagh sith-fhada sár-throm sár-
nimhneach i n-a dheas-láimh deagh-thapaidh, agus
sgiath bhall-bhreac bhórd-uaithne bhán-bhogóid-
each ar stuaidh-leirg a dhroma, agus líne de
litribh áilne óir ar n-a sgríobh' i n-imeall-
bhórd na sgéithe sin dá fhaisnéis nach raibh ar
cúl sgéithe ná claidhimh 'san domhan laoch ná
gaisgidheach do b'fhearr ná an laoch sin. Ar n-a
fheicsin do na droch-mhnáibh dubha duaibh-
seacha droch-dhealbhacha sin thángadar go
prap príomh-urlamh i n-a chomhdháil agus d'
fhearadar gleo gáibhtheach gráineamhail, agus
comhrac calma urlaidhe, agus imreasán
ainiarmharthach áidhbhéil amh-shearcach le Goll
gan fios tláis ná tarcuisne ag ceachtar
díobh ar a chéile 'san gcomhrac sin.



Cidh trácht, do fearguigheadh an curadh go
ró-aidhbhéil agus fearamhail feargach borb-
neartmhar, agus do ghaibh Goll glac-láidir
de bhuillíbh buan-uamhla bith-chalma báis ar
na fiadh-mhnáibh fíor-ghránda sin. Do thóg
a chlaidheamh clais-leathan colg-dhíreach agus
do thug béim bhith-neartmhar do na h-arrach-
taibh do bhí ar a aghaidh .i. Camóg cruadh-


L. 31


chomhlannach agus Cuilleán ceann-ruadh go
ndearnaidh sé oirnighe cearta comh-throma
dhíobh de'n aon-bhéim sin. Agus do b'é sin
an bhéim is mó tugadh i n-Éirinn riamh acht
an bhéim nó an buille thug Feargus mac
Rosa ruaidh mic Ruaidhrí i gcath Mór-Thána
Bó Cuailgne dár ghearr sé teora maola
Midhe nó na trí taoisigh tarsna a gcorp
d' aon bhéim, agus buille Chonaill ghroidhe
Chearnaigh do Chéit mac Mhaghach lé'r ghearr
sé a chraoiseach ós a chionn agus é féin do
sgoltadh go talamh.



Is ann sin d' iaidh sinnsear cloinne
Chonaráin a dá láimh i dtimcheall Ghoill do
leith a dhroma .i. Iarnadh inghean Chonaráin an
feadh do bhí sé ag dí-cheannadh na díse eile
agus iompuigheas Goll uirre dá h-aimhdheoin
agus iadhas a dá laímh leabhra lán-chalma i n-a
timcheall agus thugadar troid teann-
easnach agus cor comh-neartmhar dá chéile le
feadh na h-uaire sin, agus thug Goll cor
calma curata do 'n chailligh gur threasgair
go lár agus go lán-talamh í, agus ceanglas
Goll go daingean do-sgaoilte í agus tar-
raingeas a chlaidheamh clais-leathan colg-
dhíreach géar-fhaobhrach as a truaill taisge
agus coiméadta do chosgairt agus do chnámh-
ghearradh na caillighe meirgighe sin, gur
sgread go truaigh tuirseach ar Gholl agus go
ndubhairt sí mar leanas: "a laoich nár
leonadh agus a thréin-fhir nár torcharadh i
gcath ná i gcruadh-chomhlann riamh, cuirim mo
chorp agus m' anam ar chomairce do ghoile
agus do ghaisge agus do bhéar Fionn agus
Fianna Éireann duit go iomshlán gan
fuiliughadh gan foir-dheargadh ar neach aca go
bráth, agus luidhim fá na déithibh dá n-adhraim
go coimhlionfaidh mé sin duit," ar sí.



Sgaoileas Goll an rígh-mhíleadh do 'n oill-
phéist caillighe agus téid roimhe gus an
gcnoc agus fuaradar Fionn ceangailte
agus ceithre catha na Gnáth-Fhéinne mar aon
leis. Agus adubhairt Goll: "sgaoil do
Fheargus Finnbhéil agus d'aois ealadhan na
Féinne ar dtúis agus sgaoil d'Fhionn agus
d'Oisín agus d'Osgar agus do naoi macaibh
fichead Mhórna agus d' fhiannaibh Éireann uile
as soin amach." Do sgaoil an chailleach díobh
as an uaimh amhlaidh sin agus d' éirigheadar
as an uaimh amach go fann amh-neartmhar agus
do shuidheadar ar thaobh na tulcha, agus d'fhéach
Feargus Finnbhéil, file na bhfiann, ar Gholl
agus do ghaibh ag a mholadh tar éis an ghníomha
do rinne go nuige sin.



Dála Fhinn agus na Féinne do chuadar as
doras-bheol na h-uamha agus chruinnigheadar
i bhfiadhnaise Fhinn, óir ba sgarthannach sgaoil-
teach do bhí Goll tar éis na trí cailleacha
dubha diablaidhe droch-dhathacha sin. Níor
chian dóibh ar an órdughadh sin go bhfeacadar
ag teacht tar dhoras-bheol na h-uamha broinn-
fhairsinge chuca .i. an dúil doi-dhealbhtha agus
an t-arrachtach éigcialldha .i. sean-chailleach
chrap-chuisleannach dhroch-dhathach chuiriceach
chrón chiar-ingneach ghorm-fhéitheach, agus go
bhfanfadh mion-ubhall nó mór-áirne ar gach
ruibe do na malaidhibh garbha glas-liatha do
bhí uirre, agus súile silteacha síor-dhearga,
agus srón mhór ghorm ghlas leathan ag sileadh
n-a srothaibh le sleasaibh a sreang-bheoil dhuibh
duaibhsigh dhroch-dhealbhaigh, agus garbh-eagar
gránda ar a fiaclaibh cogantacha i n-a craois-
bhéal, agus teanga líomhtha lán-ghéar liosta
luath-labharthach i n-a deimheas-bhéal, agus
lámha cruadh-chuisleannacha le n-a taoibh, agus
ingne fiara fíor-ghéara ró-nimhneacha uirre,
agus dá ghéagán loma léi, agus dá chois
fhuilt-ruainneacha bhreac-luirgneacha ladhar-
bhréana cham-ingneacha fúithe, agus éide
daingean doi-bhriste catha uimpe, agus
claidheamh trom tort-bhuilleach le n-a cois-
tsliasaid chlí, agus sgiath mhór mhillte ós
árd a príomh-droma, agus go mba chosamhail
le siansán stéad nó staille gach sraoth do
chuireadh an oill-phiast chaillighe sin as a sróin,
ag teacht do láthair Fhinn agus fiannaibh
Éireann. Agus do chuir sí fhá gheasaibh Fionn
fá n-a sáith de chomhrac aonfhir d' fhaghbháil
dí i bhfiannaibh Éireann.



Cidh trácht, d'iarr Fionn ar Oisín an
t-arrachtach caillighe do chosg díobh. Adu-
bhairt Oisín: "Is anbhfainneach atá mé
tar éis a bhfuaras d'olc na caillighe úd
roimhe seo." Agus is í bhí ann .i. Iarnadh
inghean Chonaráin ag teacht do dhíoghailt a
seathrach. Agus do dhiúltuigh Oisín agus
Osgar, Conán mac Luigheach, Diarmuid Ua
Duibhne, Caoilte mac Rónáin, Cearbhall agus
maithe agus mór-uaisle na Féinne uile
comhrac na cailllighe do dhéanamh; agus
adubhairt Fionn go rachadh sé féin do chomhrach
léi. Adubhairt Goll: "a Fhinn," ar ré, "ní
cuibhe duit comhrac caillighe do dhéanamh,
agus is ann dearbhthar an fíor-chara an uair


L. 32


is mó an t-éigean." "Ní tú do chuireassa
fá gheasaibh a Ghoill," ar an chailleach, "acht
Fionn agus Fianna Éireann, óir do chinn tusa
orm cheana."



Is annsin d'éirig Goll go ró-thapaidh
i gcoinne agus i gcomhdháil na caillighe, agus
do rinneadar comhrac mear meanmnach
míleadhta mórdhálach agus iorghoil ath-gharbh
amh-mharbhthach agus gleo dísgir dásachtach
gan fhios time ná tláis ná tarcuisne ag
ceachtar díobh ar a chéile. Cidh trácht, cuireas
Goll glac-láidir a lámh i suaithnid síoda na
sleighe agus thug rogha an urchair gan chloidhe
gan chaime do'n chailligh gur chuir trí n-a
sgiath trí n-a gualainn agus trí n-a croidhe
é gur urghrain an tsleagh do'n taobh thall
'san ionad i dtárla ó thúis é gur thorchair
an chailleach ar an láthair sin. Agus do chuaidh
Goll go bruighean Céise an Chorainn
ar mharbhadh triúr inghean Conaráin agus do
chuir tré dhóighir donn-ruadh dearg-lasadh í;
agus gach maitheas agus gach mor-ionmhas dá
bhfuair innte bronnas d'Fhionn agus
d'fhiannaibh Éireann ar an láthair sin é.
Agus i gcomaoin gach cabhartha dá dtug
Goll ar Fhionn 'san éigean soin agus ins gach
feidhm i n-a raibh roimhe thug a inghean féin .i.
Coince chneas-gheal inghean Fhinn mar mhnaoi
ar an láthair sin, go rug mac oirdheirc dó
dár bh'ainm Fead mac Ghoill mic Mhórna
agus do thuit le Fionn i gceann seacht
mbliadhan déag ar an áit céadna tré éad
le Goll.



Gona í sin Bruighean Céise Corainn go nuige sin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services