Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanchas An t-Súiligh
Title
Seanchas An t-Súiligh
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1907
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
"Seadh" arsa mise "badh mhaith liom dá n-innseochthá sin domh." "Cinnte" ar seisean "chuala tú cainnt ar an laoch Gofradh Ua Domhnaill?" "Chuala go minic," arsa mise, "bhfuil Gofradh curtha annso?" Cuireann an seanduine a lámha ar an talamh agus seasann sé suas díreach. "Tá" ar seisean "so a uaigh." "Agus cad é," arsa mise, "atá tú dul a dhéanamh leis an chréafóig?" "Tá" ars'an seanduine, "'gur chuala mé mo athair ag rádh gur mhaith leis nósa na ndaoine a chongbhail suas agus dornán de'n chréafóig bheannaighthe so a bheith 'sa teach aige i gcomhnuidhe." Bhain mé díom mo bhairéad agus chuaidh mé ar mo ghlúinibh. Codluigh, codluigh leat a Uí Dhomhnaill 'do uaigh chiuin. Grádhuigheann Tír Chonaill fós thú. As chroidhe chráidhte congbhann Éire cuimhne ort agus indiu, indiu má's riamh, sgairteann sí ort guidhe uirthe ós comhair Dé go dtabharfaidh sé dí a ceart agus go saorfaidh sé í ó lámhaibh na Sasanach. Tá fhios agaibh go maith ar sgéal beathadh Ghofradha, dóigh ar bhain sé buaidh ó n-a Sasanaibh faoi Mhuiris Mac Gearailt i n-Druim-chluiche i gCondae de Shligeach 'san bhliadhain 1257. Moladh é ar fud na tíre ar son na buadha so acht fáiríor! shil Tír Chonaill deora mar tugadh thar ais é, an duine bocht - i n-aice an bháis. Ó thus go deireadh badh é crádh na h-Éireann nach dtiocfadh le n-a muinntir teacht le chéile. Is mar sin thárla sé i ndiaidh an chogaidh seo. Shaoil Brian Ua Néill anois nuair bhí Gofradh tinn, gur mhaith an t-am é Tír-Chonaill a ghlacadh. Ar an ádhbhar sin chuir sé sgéala ar Ua Domhnaill a chuid talaimh a thabhairt suas nó muna dtabharfadh gur goirid go mbéadh seisean agus a shaighdiuiridhe ós a chomhair, go sgriosfadh siad Tír Chonaill agus go dtiománfadh siad é fhéin agus a chlann as Éirinn go deo. D'éist Gofradh leis na teachtairidhe agus, tinn mar bhí sé, i n-áit bhogaidh chuir sé freagra thar ais ar Ua Néill nach n-umhlóchadh sé dó ariamh. Chruinnigh Ua Néill a bhuidhne agus tháinig sé ar aghaidh go dtí an t-Súiligh acht gan mhoill, gan eagla, rinne Gofradh mar an gcéadna. Mhúsgail sé i gcroidhthibh a laoch calma uchtach agus neart ag innse dóibh go raibh seisean 'na measg go fóill agus ag cur i gcuimhne dóibh goidé mar rug siad buaidh as iomdha choimhreann fola. Annsin shín sé é féin amach, thóg siad ar a nguailnibh é agus le croch 'na láimh aige sgairt sé orra le'n mhéid neirt ar tháinig leis dul ar aghaidh. D'amharc siad ar a laoch anois i n-aice an bháis. Chonnaic siad a chapall gan marcach ar a chúl. Badh bhrónach an t-amharc é acht le paidir 'na mbéalaibh agus misneach 'na gcroidhthibh rith siad ar an námhaid. Chonnaic Ua Néill iad ag teacht agus d'órduigh sé a bhuidhne trasna an abhainn. Badh chruaidh, chalma a bhí an troid acht i ndeireadh ag feicsint é dul 'na h-éadan sgairt Brian ar a mhuinntear dul thar ais. Rith siad le sgeon go dtí an t-uisge agus léim siad isteach acht anois bhí an taoille istigh agus báidheadh bunadhas iomlán ar mhair díobhtha agus Briste 'nois tá bród Tíre Eoghain, Is buailte Cluaine buidhe. Tá caoin géar 'san tír ar fad Ó'n Bann go h-Achadh-na-claidhe. Le brón 'tá'n lámh dhearg caitthe síos 'Is ar a shleagh tá dath, Nó thuit ag taobh an t-Súiligh shuas A laochra ins an gcath. Le luathgháir d'fhill thar ais buidhne Tíre Chonaill acht fáiríor! casadh a gcroidhthe le cumha óir 'na luighe go ciuin ar a iomdha bhí Gofradh bocht i suaimhneas bháis. Is iomdha paidir ar cuireadh suas ar son a anma ó shoin go dtí anois, is iomdha sean- duine ar thóg as a uaigh i gCoing-bhall dornán de'n chréafóig bheannuighthe. Fágfamuid slán le Litirceannan anois agus rachamuid deich míle níos fuide ar aghaidh go gcasthar orainn ar an taobh chlé de'n t-Súiligh baile beag ar a dtabharthar Rath-Mhuilinn. Faoi sgáile an bhaile seo
tídheann sinn ag marcaidheacht go bróda- mhail ar na tonnaibh long mhór chogaidh de na Sasanaibh. Téidheann mo smuainte i bhfad thar ais tríd na bliadhantaibh agus tídhthear domh go gcluinim sgéal as tormán an uisge ag mo chois. Tráthnóna áluinn i bhfóghmhar na bliadhna 1857. Bhí an ghaoth ag séideadh isteach ó bhéal an locha. Chonnaic corr-dhuine i bhfad amuigh long ag seoladh cha raibh fhios aca cia h-áit. Chonnaic corr-dhuine eile í ag bualadh isteach 'san loch, acht d'imthigh sí go h-athchomair as a chuimhne. B'fhéidir gur lean súile níos géara 'ná iad so í gur tharraing sí anuas a cuid seolta is gur fhan sí n-a luighe giota beag amach ó chaisleán Mhic Suibhne Fhánaid. Agus dubhairt na daoine an tráthnóna sin i Rath-Mhuilinn gur ab as an Spáinn í agus go raibh ar bhórd aice ualach fíona. Chuala Mac Suibhne na sgéala so go h-athchomair agus chuir sé bád amach le fíon a cheannach. Bhí cumha mór ar an taoiseach go raibh an t-ualach cor a bheith caithte agus nach d-tiocfadh leis, ar an ádhbhar sin, níos mó a dhíoladh, acht d'iarr sé ar na teachtairíbh innse do Mhac Suibhne, dá dtiocfadh sé fhéin agus a cháirde amach, go bhfuigheadh siad a sáith le h-ól ar bhórd. Bhí Aodh Ruadh Ua Domhnaill 'n-a chomhnuidhe 'san chaisleán ar na laethean- ntaibh so agus chuaidh sé fhéin agus a cháirde ar bhórd na luinge. D'ól siad leo gan buaidhreadh agus mar shaoil siad, gan baoghal. Acht mo léan géar! ba dheacair annsin agus is doiligh fós bheith saor ó bhaoghal na Sasanach. Druideadh suas iad 'san luing agus sheol sí léithe go Spáinn a b'eadh? Ní h-eadh, acht go caisleán Bhaile-Átha-Cliath. Seadh, so an dóigh mhí-ionnraice ar ghabh "Perrot" ar Aodh Ruadh Ua Domhnaill ar eagla go mairfeadh sé cás a bhaint as neart na Sasanach go fóill. Ar mire le cumha rith Mac Suibhne go dtí an chladach réidh le rud ar bith a thabhairt suas dá bhfuigheadh sé Aodh thar ais, acht 'sé an freagra a fuair sé go rinne an taoiseach gáire doighte agus chuaidh an long as amharc. Buidheachas mór le Dia, mhair Ua Domhnaill an cleas mí-ionnraice so a dhíoladh thar ais agus sásamh a bhaint as an chaisleán bhróda- mhail i mBaile-Átha-Cliath. Scéal eile chluinim as na tonnaibh. Ba fadálach thuit scáile na h-oidhche tráthnóna deas ciuin i Meadhón Fóghmhair 'san bhliadhain 1607, agus ag tuitim dóbhtha chuir siad i bhfolach long a bhí 'n-a luighe giota ó chaisleán Mhic Suibhne. 'San tráthnóna sin ba fada mhair lonnradh na gréine i measg na gcnoc thart timcheall locha an tSúiligh ag fágáil slán, mar shaoilfeá - fáiríor slán go deo - le daoinibh ag dul gan mhoill thar sáile. Istigh 'san chaisleán bhí deifir - deifir mhór, Amuigh bhí an oidhche ciuin, ciuin, socair, muna mbéadh gur bhris tonn anois agus arís ar an ghainimh. D'féad- fadh duine anois cluas a chur air fhéin ag cluinstin ar an oidhche tormán chapaill ar cos i n-áirde. D'éirigh sé gan mhoill níos áirde agus ar ball do léim marcach ó n-a dhiallaid ag doras Mhic Suibhne. Is tuigseach an rud é gur doiligh suaimh- neas a bheith ag duine ar bith ar a bhfuil bréaga dá gcur ó mhaidin go h-oidhche. Cha raibh, ar an ádhbhar sin, suaimhneas ar Iarlaíbh Tíre Eoghain is Tíre Chonaill 'san bhliadhain sin. Gidh go raibh siad, mar shaoileadar, i ngrádh na Sasanach cuireadh bréaga orra cor a bheith gach aon lá, idir eile go mbíodh siad go socair ag congbháilt cruinnighthe i gcaisleán Mhuighe Nuadhad leis na Sasanaigh a dhíbirt as an tír ar fad. Ar deireadh chuala siad go rabhthas ag brath breith orra; agus le iad fhéin do shábháil rinneadar suas a n-intinne dul chun na Frainnce. Chonnaic sinn Ua Néill ag léimint ó n-a chapall i Rath-Mhuilinn. Bhí a chlann agus a cháirde annso roimhe. Casadh orra anois Ruaidhrí Ua Domhnaill le n-a mhuintir-sa agus ar uair an mheadhóin oidhche an ceathramhadh lá déag de Mheadhón Fóghmhair chuaidh siad uilig go brónach ar bhórd na luinge a bhí ag feitheamh leobhtha. Le deoraibh i n-a súilibh d'fhág siad slán le Rath-Mhuilinn, d'fhág, agus fáiríor! le h-Éirinn go bráth. Tigidh isteach i mbád liom anois agus rachamuid trasna díreach go baile ar an taobh eile de'n Súiligh ar a dtabharthar Bun- cranna. Siubhalfamuid linn annsin ar aghaidh go dtí carraig ar an chladach ar a bhfuil ainm "Carraig an Athar Uí h-Éigeartaigh." Cad é mar bhfuair sí an t-ainm sin innseo- chaidh an seanduine so i ndeas dúinn. "A"! an seisean, "buidheachas le Dia, chongbhuigh sagairt na h-Éireann an creideamh beo i n-éadan neirt an diabhail agus na
Sasanach. Tá siad saor anois ó luach na fola. Tá siad i n-ann siubhal 'san solus lae, acht i n-aimsir ár sinnsear bhí cona ar a lorg ar mire a dtart a shásamh le n-a bhfuil agus a sparáin a líonadh le luach a gceann. Chonnaic Inis Eoghain iad go minic mar bhíodar ar lorg an Athar Uí h-Éigeartaigh. Bhí áit cois na fairrge i n-ar ghnáthach leis bheith i bhfolach. As sin b'éigin dó goideadh amach 'san oidhche agus is ag iomdha leabaidh an bháis do sheas sé ar uair an mheadhóin oidhche i measg na gcnoc sin thart. Bhí deirbhshiúr pósta aige i mBuncranna le fear d'ar bh'ainm Ua Dochartaigh agus is ise ba ghnáthach biadh a thabhairt dó. Acht, mo léan! ar ball fuair an diabhal greim ar chroidhe sanntach Uí Dhochartaigh. Choimhéad sé a bhean ar mhaidin amháin go bhfacaidh sé í ag teacht amach ó'n áit i n-a raibh an sagart i bhfolach. Rith sé a bhaile annsin agus d'iarr sé ar na saighdiuiríbh bheith réidh. Lá ar n-a bhárach bhí siad ag feitheamh, agus nuair a chonnaic siad an sagart léim siad le breith air. Rith an t-Athair Ua h-Éigeartaigh go dtí an t-uisge agus léim sé isteach ag brath snáimh go dtí an taobh eile, acht scairt siad air theacht thar ais agus nach mbainfeadh siad leis. Chreid an sagart bocht na focla so agus tháinig sé isteach, acht chomh luath is bhí sé ar an charraig bhuail siad síos é ós comhair a dhearbhsheathar." "Amharc," ars' an seanduine, "so lorg a ghlúine agus a lámha. Is iomdha tonn a bhris ar an charraig so acht go deo deo béidh an fhuil le feicsint le bród na h-Éireann acht le náire dhubh na Sasanach. "Cad é fá'n deirbhshiúr agus a fear, a b'eadh? Á! an bhean bhocht, nuair a chonnaic sí a dhearbhráthair dílis buailte síos, chaill sí a ciall. Chuaidh sí síos ar a glúinibh agus ghuidh sí ar Dhia go mairfeadh sí a fear fhéin d'fheicsint marbh mar an gcéadna. Agus chluin Dia a paidir. Ba ghairid i n-a dhiaidh so gur caitheadh é lá amháin ar lean sé daoine 'san sliabh sin shuas ar a raibh sé i n-a bháille. 'San tráthnóna sin d'amharc an bhean as a fuinneoig i mBuncranna, agus nuair a chonnaic sí corp a fir dá iomchar suas an tsráid, chuaidh sí síos ar a glúinibh arís agus thug sí buidheachas le Dia as doimhne a croidhe." Rachamuid thar ais anois go Rath-Mhuilinn arís agus as sin siubhalfamuid linn bealach bhéil locha. Tuairim 's fá sé míle as an bhaile casthar orainn, i gcois an uisge, binn mhór árd. 'Sé an t-ainm a dtabharthar uirre ins na páipearaibh go minic "Binn Ghlas"; acht is furas fheicsint go bhfuil so ar cearr agus gur ab é a ainm ceart "Binn an leasa," mar tá le feicsint go fóill ar a mhullach aon de na sean-dúntaibh a bhí go fairsing i n-Éirinn sul a dtáinig an creideamh Críos- tamhail i n-ár dtír. Taraigidh liom anois suas giota beag an ghleanna so a tabharthar Gleann-Bháirr air. Cluinfidh sibh fuaimeanna na Gaedhilge thart fá dtaobh díbh ar an siubhal, mar, buidheachas le Dia, maireann sí annso go fóill. 'Tídhfidh sibh annso scálán lé cúpla cloch de 'n altóir ag ar ghuidh na daoine, ag ar éist siad Aifreann ins na bliadhantaibh i bhfad thart. Rud eile, 'bhfeiceann sibh an cnoc glas sin - cnoc an tsagairt? Deireann siad go rug na saighdiuirí ar sagart ar an mullach sin, gur mharbh siad é, agus annsin gur tharraing siad i n-a ndiaidh é, mar a bhéadh madadh ann, go dtí an bun. Ó Bhinn an Leasa siubhalfamuid linn sé míle níos fuide ar aghaidh go bhfeicfimid carraig an t-Súiligh cor a bheith ag béal an locha. Innseochaidh mé sgéal díbh fa 'n charraig sin. Tuairim 's fá deich a chlog 'san oidhche ar an ochtmhadh lá agus fiche dé Mhí na Nodlag 'san mbhliadhain 1811, bhí an "Saldana" ag bualadh isteach 'san loch. Ba mhór an long í agus ba bhródamhail bhí na Sasanaigh í fheicsint ar an fhairrge le n-a dá chéad fear ar bhórd. Acht ní h-í Sasan máighistreas na dtonn i gcomhnaidhe. Cha raibh fhios ag an taoiseach ar an loch go maith, agus chuaidh an long mhór i bhfad ar seachrán. Bhí fearg air an dtaoiseach so a fheicsint agus mhionnuigh sé go stiúrfadh sé í go Buncranna nó go h-ifreann. Tamall beag i n-a dhiaidh so bhuail sí ar an charraig, agus báidheadh na fir bunadhas go léir. Cha deachaidh an long go Buncranna, agus cha raibh fhios ag na daoinibh thart timcheall na h-áite riamh roimhe go raibh ifreann chomh deas dóbhtha. I n-aice na carraige seo gabhadh 'san mbliadhain 1798 Theobald Uolfe Tone. Bhí sé ag teacht ó 'n bhFrainnc le cuideadh nuair a casadh air annso an cobhlach Sasanach.
Throid sé go cruaidh le fada gan aithne air, acht ar mbreith air dóbhtha, d'aithnigh siad é agus tugadh é go priosún i mBaile-Átha- Cliath. Gan mhoill d'órduigh siad go gcroch- faidhe é agus char éist siad le n-a phaidir nuair a d'iarr sé orra é chaitheamh. Leagadh ar an naomhadh lá deag de mhí na Samhna le é a chrochadh, acht ar an mhaidin sin ghearr sé a mhuinéal le sgian a bhí i n-a phóca aige. D'fhéadfainn anois trácht gan stad ar áilneacht locha an t-Súiligh, dóigh a dtabharthar loch na sgáile agus eile air, acht stadaim le foclaibh an abhráin: - "Tráchtar ar áilne na Frainnce, 'S ar sléibhte na Spáinne i gcéin, Acht is dílse go mór tír na Éireann, Ár dtír dóigheamhail dílis fhéin."
"Conall Gulban"
"Sean-chaint na nDéise" Atá a lán leabhar dá gcur i gcló le déidheannaighe i n-ár dteanga dílis féin. Má's comhartha maith é sin go bhfuil an Ghaedhealg ag dul chum cinn, is beag an baoghal do Chonnradh na Gaedhilge. Acht b'fhéidir nach ar mhaithe leis an nGaedhilg iad do theacht chughainn chomh flúirseach sin. B'fhéidir go bhfuil daoine ag iarraidh leabhar do chur le chéile nach bhfuil oireamh- nach chuige. Ó am go h-am seoltar chughainn leabhairíní gur fearr as ná ann iad. Ba shoiléir ó'n gcéad amharc gur obair tos- nuightheoirí iad agus atá a rian orra. Níl an Ghaedhealg go maith ná go cliste ionnta. Gaedhealg le féith an Bhéarla ag rith tríthe is seadh í, nó Gaedhealg le snas an Bhéarla uirri. Ní h-é sin atá uainn i n-aon chor. Gaedhealg na ndaoine atá uainn agus go dtí go mbéidh sí sin againn, is beag an mhaith bheith ag brath ar na daoinibh óga. Má sábhálfar an teanga i n-aon chor, caithfidh sí teacht ós na sean-daoinibh sar a sgiobfaidh an bás leis iad. Is truagh mór a bhfuil do Ghaedhilg bhreágh ag imtheacht uainn gach lá agus gan cor asainn chum í do choimeád beo. Nílim ag tromaidheacht ar an lucht tosnuighthe. Is maith an comh- artha fonn sgríobhtha do bheith orra acht ná bímís ag féachaint chucha chum an teanga do shaoradh. Muna bhfuightear an Ghaedhealg ós na sean-daoinibh, na daoine go raibh sí aca ó laethibh a n-óige, daoine do labhair í agus d'airigh í dá labhairt ar feadh a mbeathadh, ní bhéidh sí againn sa cheart go deo. Amhlaidh sin measaim gurbh' fhearr agus gur thairbhighe do lucht sgríobhtha fé láthair, togha na Gaedhilge d' fhagháil ós na daoinibh úd agus a bhfuil aca do bhaint díobh sar a dtosnóch' siad ag sgríobhadh as a ngustal féin. Nach breágh an cnuasach a bhféadfaidhe chur le chéile i n-aon cheanntair amháin? Leabhar de'n tsórt so is eadh an leabhar atá os mo chomhair amach anois - Sean-Chaint na Déise. Cuireadh i gcló é timcheall bliadhain ó shoin. Níl focal san leabhar so nár cualadhthas go minic ó bhéalaibh na ndaoine i bparóiste na Rinne. Do chuaidh an t-ughdar, Dochtúir Ua Síothcháin, síos suas tríotha ag caint agus ag pléisiúracht leo agus do thóg sé síos i n-a leabhar nótaí na coir-chainnte agus na h-abartha eile ba mhó choitchionnta i n-a measg. Atá a lán eile cruinnighthe aige seachas a bhfuil sa leabhar so, acht níl am ná faill aige iad do thabhairt dúinn go fóill. Ba mhaith dá ndéanfadh Gaedhilgeoirí eile aithris air agus ba ghairid go mbéadh feabhas ar ár gcuid Gaedhilge. Dá luaitheacht a thabarfaidh siad é sin fé ndear' is eadh is fearr dúinn é, mar má leanfar de'n drabhfhuigheall a bhí ag teacht chughainn chomh fairsing bliadhain nó dó ó shoin, is amhlaidh a loitfear an teanga ar fad. I n-ionad na Gaedhilge breágha atá dá labhairt go laetheamhail i measg na ndaoine, béidh Gaedhealg againn a bhféad- faidhe rian an Bhéarla d'fheicsint uirri. Béidh na focail i nGaedhilg acht na smaointe ar dhul an Bhéarla. Má gheibhtear Gaedhealg ós na sean- daoinibh ní baoghal go mbéidh aon chomhartha Bhearlachais uirri, mar níl aca acht do réir mar d'airigheadar ó n-a n-athaireachaibh agus ó n-a máthaireachaibh rómpa. B'shin é an uair nuair a bhí an teanga fé mheas agus fé réim agus nuair ná raibh náire ná ceann-fé ar na daoinibh go raibh sí aca. Atá uainn an rud céadna do bheith againn anois agus caithfimíd iompódh chum an dream' úd do shabháil an teanga gan smál gan measgadh i n-aimsir a guaise. Sin é díreach a dhéin Dochtúir Ua Síothcháin nuair a chuir sé roimis an leabhar do bhailiughadh. Do chuaidh sé i measg na ndaoine, do mheasg sé é féin suas leo ag díospóireacht agus ag sgéalaidheacht
leo agus do sgríobh sé síos a gcuid dreaich- tíní díreach mar a thángadar ó n-a mbéalaibh. Dá réir sin, féadfaimíd bheith cinnte gur fíor-Ghaedhealg atá dá léigheamh againn nuair a thógaimíd i n-ár lámhaibh Sean-Chaint na nDéise. Ní fhéadfadh sé gan bheith amhlaidh mar ó amach ins na ciantaibh go dtí an lá atá indiu againn, bhí muinntear na Rinne dílis do'n Ghaedhilg. Is cuma pé duadh nó trioblóid a bhí orra, dá dhianacht a bhí easbadh agus neamh-fhairsingeacht ag goil- leamhaint orra d'fhanadar dílis dá dteangain dúthchais. Do labhradar í agus do sgríobh- adar í, do léigheadar í agus dubhradar a gcuid urnaighthe aisti; bhí sí ar a dteang- thachaibh ar maidin agus ist oidhche, sa siopa agus sa teampall, istigh sa mbaile agus amuigh sa bpáirc, ar an bhfairrge chomh maith le h-aon áit eile agus bhí meas agus urraim aca dóibh-san go raibh sí aca. Do choimeádadar an Ghaedhealg beo nuair do bhí sí ag fagháil bháis ins gach aon bhall eile nach mór, agus anois má's áil linn an teanga d'athnuadhchaint arís agus d'aithbheodhughadh ar fuaid na tíre is chucha-san a chaithfimíd iompódh le cabhair d'fhagháil. B'shin é a bhí i n-aigne an Dochtúra agus do spreag cum na h-oibre é. Do chonnaic sé go raibh a lán Gaedhilge ag an muinn- tir úd, go raibh sí aca ó nádúr, gur rugadh leo í, agus go mba mhaith dá gcuir- fidhe os comhair an tsaoghail í fé mar bhí sí dá labhairt aca gach uile lá. Níor theastuigh uaidh grádh d'á thír ná gean dá theangain dúthchais chum é 'phriocadh mar is eol do chách a bhfuil aithne aca air. T'réis bliadhain de dhian-obair bheith caithte aige ag múnadh teangthacha eile sa gcoláiste, do chaith sé a shaoire ag dul ó áit go h-áit i measg a mhuinntire féin dá múnadh agus dá spreagadh. Agus ní h-é sin amháin acht do chuir sé sgoil ar bun sa bparóiste. Ní gábhadh dham cur síos ar an sgoil. Atá sé ar aithint cheana do mhacaibh-léighinn na Gaedhilge. Atá a clú agus a cáil ag tarrac chuiche lucht foghlumtha na Gaedhilge ó gach áird sa tír. Aireochfar trácht ar an sgoil seo ar ball agus a bhfuil déanta aici ar son teangan ársa ár sinnsir. Ní móide go bhfuil aon áit ó cheart-lár go h-imeall na h-Éireann i n-ar aireochfaidhe an oiread Gaedhilge is d'aireochfá i n-aon lá i bparóiste na Rinne. Is í a bhionn ar siubhal aca i gcomhnuidhe. Is beag baint atá aca leis an mBéarla. Níor chuireadar na searbháin fútha ann fós ná lucht na galántachta agus na geáitsí, agus ní deallramhach go gcuirfidh go ceann tamaill. Dá mba mar a chéile an paróiste sin agus gach aon áit eile sa tír, ba bhocht an saoghal dóibh é. I leabhar Sean-Chaint na nDéise sgríobh- tar na focail díreach mar d'airigheadh iad. Is é a bhí ó'n ughdar ná an fhuaim cheart do thaisbheáint dúinn i dtreo go bhfaghaimís í do chur i meabhair. Ar dtúis bhéadh sé ag dul sa mhuileann ort fo-fhocal do dhéanamh amach acht t'réis beagán taithighe do chífeá go h-éasgaidh é, agus nuair a bhíonn gádh leis, cuireann sé síos a bhrígh agus an cuma i n-a bhfaighfidhe sa bhfoclóir é. Is minic airightear go bhfuil difirigheacht mhór idir Gaedhealg na nDéise agus na canamhna eile. Bíodh san mar atá, éinne do thuigfeadh Connachtach no Muimhneach, do thuigfeadh sé duine ós na Déise chomh maith. Níl siad chomh deighilte san ó n-a chéile i n-aon chor. Ta Gaedhealg na nDéise níos binne agus níos ceolmhaire acht sin a bhfuil de dhifirigheacht eatorra. Tamall geárr ó shoin bhí sé d'áthas againn bheith ag éisteacht le sgéal do léigh Dochtúir Ua Síothcháin os comhair cruinnighthe Cúirte na nGaedheal, agus gé ná fuil togha na h-aithne againn ar Ghaedhilg na nDéise do thuigeamar é ó thús deireadh. Sa dara cuid de'n leabhar atá timcheall dachad leathanach tógtha suas le carbhal- lacha geárra a sgríobh Tomás Ua Muir- eadhaigh. Tá siad go simplidhe smid- ighthe agus i gcumas éin-mhic-léighinn iad do leanamhaint. Atá siad mar sgathán i n-ar bhféadfaidhe Gaedhealg na nDéise agus gach a mbaineann léithi d'fheicsint go soiléir. Aoinne ar mhaith leis eolas do bheith aige ar an gcanamhain úd, ní dóigh liom gur fearr dó rud a dhéanfadh sé ná an leabhar so do cheannach gan mhoill. Muna féidir leis turas do thabhairt do dheisceart na tíre, béidh Gaedhealg na nDéise aige an fhaid is a bhéidh an leabhar so dá léigheamh aige. Béidh paróiste na Rinne os comhair súile a innchinne agus béidh sé ar a chumas 'bheith ag éisteacht le Tomás Ua Muireadhaigh ag stealladh amach
plúir na Gaedhilge i n-a shlighe macánta féin. Atá an leabhar le fagháil ar dá sgilling ar a luighead. Ba cheart do lucht foghlumtha na Gaedhilge bheith buidheach do Dhochtúir Ua Síothcháin, toisg gur chuir sé an leabhar so i gcló ar a son. Dar liom is mór an chomaoine atá curtha aige orra. Níl de bhuidheachas ag teastáil uaidh acht go gcuirfidís suim i n-a chuid oibre, go gceannóch' siad an leabhar agus go bhfoghluimeoch' siad a bhfuil le fagháil ann do réir a bhfaill agus a gclisteacht. Atá súil againn go ndéanfaidh a lán eile aithris air, gé go mb'fhéidir ná béadh siad chomh oireamhnach chum na h-oibre, go rachaidh siad i measg a muinntire i n-a mbaile dhúthchais féin agus go gcuirfidh siad síos gach ar dhóigh leo rachadh chum sochair dóibh féin agus do theangain ársa na nGaedheal. "Easbog na Cúirte"
Sinne agus ár sean-cháirde Is fiú dhúinn na focail gunta, gasta, géarchúiseacha réamhráidhte sin do sgrúdughadh go maith. Cuireann siad seo rudaí i n-iúl dúinn. Deireann an sean-ughdar Rómhánach go mbíonn síor-athrughadh ag teacht ar gach éan-tsaghas nídh fá'n spéir. Is dócha gur fíor dhó. Pé sgéal é, is mór go léir an t-athrughadh atá d'éis teacht ar an gcoláiste seo le cúpla bliadhain, i dtreo ná h-aithneo- chadh, sé mo thuairim láidir, na mic-léighinn do bhí annso, atá roinnt bliadhanta ó shoin i n-éan-chor anois é. An uair sin, do bhí seirbhthean aca do'n teangain Gaedhilge, acht dá dtigfidís chugainn, ar feadh "Seachtmhaine na Gaedhilge," atá gabhtha tharainn, gan amhras, do bhéadh cnapshúilí orra, is ba dhóigh leo go mbéidís i dtír iasachta, do bhí an oiread san Gaedhilge dá labhairt i n-ár measg. Go deimhin, "is gairid do bhíonn an sgála ag iompáil agus an lóchán ag imtheacht." Tá a fhios agam go mbéidh áthas ar Chlanna Gaedheal aireachtaint gur chaith a lán againn an tseachtmhain sin chómh fíor-Ghaedhealach sain. Nídh nach iongnadh! Acht dá mbadh rud é go mbéidís annso an oidhche go raibh "Eoghan Ruadh Ó Néill" dá léiriughadh againn, ní bhéadh éin-teora le n-a gcuid áthais. Ní aireochaidís acht amháin Gaedhilg ar feadh cúig uaire an chluig, 'nuair do bhí sean-taoisigh na h-Éireann ag caint 'n-a dteangain dúthchais. D'éist na mic-léighinn go dlúth a's go géar le gach éan-fhocal dá ndubhradar; agus sin comhartha maith gur thaithn an nídh do bhí ar siubhal leo. Is comhartha maith é gur chuireadar mór-shuim 'san drama. Agus is mór le rádh an méid sin go léir i dtaobh feabhais an drama, go h-áirithe 'nuair nach féidir nó go raibh roinnt daoine ann, is b'fhéidir mórán, nár thuig an Ghaedhilg ar foghnamh. As sain thiocfas go bhfuil deimhniughadh foir-imeallach againn - an deimhniughadh is fearr ar shlighe - go raibh an drama an-mhaith. Drama le chúig gníomh is eadh "Eoghan Ruadh Ó Néill." Is mór an truagh go bhfuil se chómh fada sain, mar tá sé buailte isteach i m' aigne "gur i ndiaidh a chéile a ndéintear na caisleáin," agus nár gheal an lá fós 'n-a bhféadfaidhe a leithéid sin de dhrama do chur os comhair an tsaoghail. Acht imtheochaidh an locht sain leis an sith-ghaoithe 'nuair a chiorr- bhóchar é. Gan éan mhearbhall, d'aithneochadh éinne ná fuil ughdar an drama so 'n-a Shacspeare fós; acht cá bhfios dúinn ná go mbéadh? "Bíonn gach tosnughadh lag." Pé 'n-Éirinn é, tá rian an phríomh-ughdair ghallda sain le feicsint go minic in "Eoghan Ruadh," go mór-mhór ar riarughadh na radharc is na ngníomh; a's taisbeánann sain go bhfuil ár sgríobhnóir gaedhealach ag déanamh aithris ar ár gcara thall. Ní déarfainn féin ná go bhfuil mórán do'n cheart aige dá dhéanamh; mar caithfear sinn do mhúineadh ins na nídhthibh sin, agus cá bhfuil feabhas Shacspeare? B'fhéidir nár mhiste do chuid dár nuadh-ughdaraibh aire do thabhairt dos na rudaíbh sin. Tá seó nídhthe eile 'san drama a chuireann an t-ughdar gallda i gcuimhne dhúinn, agus ní móide ná go bhfuil sár-eolas ag ár n-ughdar féin air. Is maith an bhail sin air, ámhthach, mar is é mo thuairim go bhfuil "Eoghan Ruadh" ar na dramannaibh is fearr dár tháinig amach fós i dtaobh eolais léirighthe. Mar gheall ar na pearsanaibh, is féidir linn do rádh, tríd is tríd go rabhadar go maith, agus cuid aca, b'fhéidir, an-mhaith. Ní déarfainn go bhfuil géar-eolas ag an ughdar fós ar iomadamhlacht tréithe an duine agus a nádúir; acht do thug sé go seoigh chum an Chonallaigh, agus b'fhuraiste aithint air go raibh sé 'n-a chladhaire bhitheamhnaigh. Do bhí Eoghan Ruadh féin ar an té a b'fhearr do thaithn linn. Molann Aristophanés obair na bhfilí, "mar go gcuireann siad feabhas ar lucht na gcathrach." Acht muna ndéanfadh an óráid fhuinneamhail bhríoghmhar fhuaimeat- amhail, a thugann Eoghan Ruadh uaidh thall 'san bhFrainnc, dearg-Éireannach de gach éinne do thuigfeadh í, ba cheart na cluasa do bhaint de. Go deimhin, 'sé mo thuairim, ná féadfaidhe é shárughadh ar bhreághthacht a smaointe, ar fhurtacht a chainte, agus ar ghleoiteacht a soluíd. Ní'l éan-uain againn anois a thuilleadh do rádh mar gheall air, acht
gur mhór an truagh gan é do chur i gcló, is é 'sgaipeadh ar fuaid na h-Éireann. Ná Seanmóirí Tá corraidheacht is bliadhain gabhtha thar- ainn anois ó leigeamar amach an chéad sgaoth de sheanmóiribh. Do leathadar sain ar fuaid na h-Éireann, is ní'l eán-phioc dá mhearbhall orm, ná go bhfuil a rian le feicsint ins gach éan-bhall beagnach 'san tír. Agus cad 'n-a thaobh ná béadh, mar do bhí rogha agus togha na Gaedhilge ionnta. Easbog do cheap cuid aca agus sagairt léigheannta an chuid eile. "Atá sain go maith agus ní'l go h-olc." Acht tá na seanmóirí atá againn dá gcur amach i mbliadhna "chómh breágh sain a's go mbainfidís sraoth ó'n ngréin." M'anam, ní h-éan-mhagadh é. Léighidh iad is béidh a fhios agat an fíor é, agus mura fíor, bain an chluas díom-sa. Go deimhin, chum an fhírinne d'innsint, ní féidir iad do shárughadh ar fheabhas a gcoda Gaedhilge. Tá sí gan truailleadh, gan teimheal innte; mar gan amhras, do bhí spioraid na ndaoine do sgríobh iad chómh deighilte ó spioraid an Bhéarla is tá an beo ó'n mharbh. Tá siad lán d'eolas is de smuaintibh breághtha beannaighthe. Taisbeánann siad go raibh sagairt na h-aimsire sin, cuid aca, pé sgéal é, fogh- lumtha sáir-léigheannta 'san diadhacht, 'san sgríbhinn diadha, a's ins na h-Aithreachaibh naomhtha. Má tá éan-locht orra - agus is annamh a bhíonn nídh gan locht éigin - déar- fainn gur ab ar a modh ceapadóireachta is mó atá sé. Tá sé trom uaireannta, agus is deacair an bhrígh do dhéanamh amach anois is arís. Admhuighim ná raibh na sgríobhnóirí chómh cliste 'san modh is do bhí Céitinn. Ní h-éin-iongnadh go bhfuil an locht sain orra, mar tá siad le breis is céad éigin bliadhain ar seachrán faoi uaigneas a's faoi bhrón. Táimíd ag déanamh iarracht anois ar án dorchacht do bhí timcheall orra chómh fada sain do sgaipeadh, agus muna bhfaighmíd cabhair ó mhuinntir na h-Éireann, is go h-áirithe ós na sagartaibh a's ós na Gaedhil- geoiríbh, ní féidir linn dul ar aghaidh a thuilleadh dá gcur i gclódh. Tá mórán dá nduadh dá fhagháil againn, agus a mhalairt de chúram orainn. Acht le congnamh Dé, cuirfidh sé misneach ar na macaibh-léighinn atá le teacht 'n-ár ndiaidh - mar ní bheam-na annso i gcomhnuidhe - leanmhaint ar an obair beannaighthe, 'nuair a chífear dá sgaipeadh iad ar fuaid na h-Éireann ar ball. Sul a gcríochnócham, is ceart dúinn míle míle buidheachas do ghabháil leis an "Maynooth Union," mar muna mbéadh é sin ní bhéadh an obair seo ar siubhal i n-éan chor againn. Fad saoghail is buadh aige! An Claidheamh Soluis Is ceart dúinn roinnt focal do rádh anois i dtaobh "An Chlaidhimh Soluis." Go deimhin ba mhór an sólás dúinn é, feadh na bliadhna, an lá fliuch, an lá fuar, an lá sneachta, an lá seaca, an lá bróin agus an lá buadhartha. Ní miste an t-ainm glórmhar uasal san "An Claidheamh Soluis" do ghlaodhach air, mar is leis an gclaidheamh sain atá a lán Gaedhil- geoirí dá gcosaint féin ar ain-spioraid an Bhéarla atá ar a dtí i gcomhnuidhe. Agus 'sé solas an chlaidhimh chéadna atá d'ár dtreor- ughadh chum áruis na Gaedhilge. Muna mbéadh é, cionnas do cothóchthaidhe sinn-ne atá deighilte ó'n saoghal annso istigh? Ná fuil an sgéal céadna le rádh mar gheall ar mhórán Gaedhilgeoirí amuigh atá sgaipighthe ar fuaid an domhain mhóir bhraonaigh? Táid na céadta míle ó dhúthaigh Gaedhilge. Acht buidheachas le Dia, tá "An Claidheamh Soluis" mar dhúthaigh Gaedhilge dhúinn go léir, thoir, thiar, theas agus thuaidh. Tuilleann sé ár gcabhair a's ár gcongnamh de ló is d'oidhche. Agus cionnas is féidir linn cabhrughadh leis chum é 'dhéanamh ar an dúthaigh is gaedhealaighe fá bhun na gréine? Tá cuid againn atá i n-ann Gaedhilg do sgríobhadh go blasta, agus ní féidir linn feiste níos mó do chur air ná bheith ag sgríobhadh chuige chómh minic a's is féidir linn é. Ní'l éinne, dá shuaraidheacht é a chuid do'n tsaoghal, ná féadfadh pinginn do spáráil gach seachtmhain. Leis sin d'fhéadfadh sé "An Claidheamh" do cheannach. 'Nuair do thiocfaidh na laetheannta saoire, béimíd sgaipighthe ar fuaid na h-Éireann, a's béidh sé ar ár gcumas mórán tairbhe do dhéanamh do "'n Chlaidheamh," gibé aca bheith dá léigheadh os comhair ár muinntire, nó dá leathadh 'n-a measg, ag cur i n-iúl dóibh gur cheart dóibh cuidiughadh leis. Is baoghlach go bhfuil a lán daoine ná tuigeann an méid sin go léir i gceart. Acht má dhéineann siad a gcion féin do'n obair anois, is gairid chum go bhfeicfeam solas "An Chlaidhimh" ag taithneamh ins gach éan
bhall i n-Éirinn, is go fairsing ar fuaid an domhain, gan focal Béarla le feicsint ann. Irisleabhar na Gaedhilge Sean-chara linn go léir is eadh Irisleabhar na Gaedhilge. Go deimhin tá sé níos sine ná Connradh na Gaedhilge féin. Dá bhrígh sin do b' olc an mhaise dhúinn é leogaint ar lár is gan é do chothughadh is d' fheabhsughad ó lá go céile. Acht i n-a theannta sain, éinne gur mian leis togha na Gaedhilge do léigheadh, ní fuláir dó an leabhairín seo do cheannach. Gheobhaidh sé ann scéalta agus dánta agus go h-áirithe aistí fíor-ghaedhealacha, foghlumtha, léigheannta, lán-chliste ar cheárdaibh agus ar ealadhntaibh na h-aimsire seo. Sin é an rud atá ag teastáil uainn anois. Caithfimíd a chur i n-a luighe ar an uile dhuine gur féidir linn trácht ar gach aon sórt léighinn as ár dteangain dúthchais. Tá súil againn go gceannóchaidh ár léightheoirí an t-Irisleabhar agus go ndéanfaidh siad stuidéar cruinn air i n-aghaidh an mhí. "Naoise"
Obair na bliadhna Támuid ag ceapadh gur cóir dhúinn innsint d'ár gComhghaedhealaibh goidé mar éirigh linn i rith na tréimhse atá caithte againn. Ag féachaint siar dhúinn tig linn a rádh gan ghó nach beag an méad atá déanta againn, agus go bhfuil Connradh Naoimh Chuilm ag dul i dtreiseacht. Ba bhaoghalach linn ar uairibh nach mbéadh an sgéal so le hinnsint againn anois, acht ba gheárr gur léir dhúinn nach raibh cúis bróin ná éadóchais againn. Ar uairibh eile do shaoileamar gur bh'amhlaidh do bhí an báire linn amach a's amach acht taisbeánadh dúinn arís nach mar shíltear a bhítear. Ba mhar soin do'n Chonnradh ó cuireadh ar bun ar dtús é. Cuireann sé i gcuimhne dhúinn taoide na mara. Breathnuighimid tonn mhór ag gluaiseacht isteach go héasgaidh chugainn; tar éis tamaillín toisigheann dá thrághadh. Tagann ceann eile 'na dhiaidh agus as go bráth leis mar an gcéadna. Tagann siad mar soin diaidh i ndiaidh acht imthigheann uile leó agus deirimid linn féin: "go deó deó arís ní bhéid le feiceáil." Mar an gcéadna d'ár gConnradh; do shaoilfeá anois nach raibh cuimse le n-a réim, uair eile ní mór le rádh a mbéadh de dhóchas agat. Acht ag labhairt go coitcheann tá sé ag déanamh go hóg. Mar atá an sgéal, tá taoide ag gluaiseacht ar aghaidh, agus do réir deallraimh níl tráigheadh i ndán dí. Bhí an Connradh ag dul i láidreacht gach uile bhliadh- ain ó cuireadh ar bun é agus mar chídhfear ar ball níl a mhalairt de sgéal le hinnsint againn an turas so. Séard atá fá na connarthóiríbh fíor- Ghaedheal do dhéanamh de gach uile dhalta Muighe Nuadhat, i dtreó go mbéidh siad uile ar thaoibh gach a bhaineas le fíor-náisiúntacht a dtíre fad a mbeathadh go hiomlán. Agus chuige sin tá sé d' iaracht againn "sean- teanga an ghliocais" do leathnughadh annso thar gach éan-rud eile mar' sí ár mbaramhail gur ab í céad-chloch na Gaedhealtachta í. Agus maidir leis sin, d'éirigh linn go geal i mbliadhna. Bhí an teanga le cloisint ar gach taoibh. Bhí sí le cloisint ins na buidh- eanntaibh oidhche do bhí ar siubhal 'chuile oidhche 'sa tseachtmhain. Agus go dearbhtha, níor bheag a líon úd, mar is beag daoine nach raibh le fagháil i gceann éigin nó eile aca. Dá mbéitheá ag spaisdeóireacht duit féin, 'sa bPáirc go mór-mhór ist' oidhche, do chluin- feá teanga na naomh 's na suadh dá labhairt ins na buidheanntaibh seo chómh blasda, líomhtha is a labharthar i gCloich Chinn Fhaolaigh nó i mBaile Mhúirne í. Caithfidh gach éinne admháil go raibh na buachaillí ó Roinn Ióseph Naomhtha go seóigh cum na hoibre seo. Chuireadar buidheanta ar siubhal gach maidin ar feadh "Seachtmhaine na Gaedhilge," agus rud atá níos fearr, tá siad ag leanmhaint orra ó shoin. Nár laguigh a misneach choidhche! Bhí an teanga le cloisint i gCúirt na nGaedheal freisin. Do rinneamar tagairt do'n Chúirt bliadhain ó shoin i n-Irisleabhar an Chonnartha agus dá bhrígh sin, 'sí ár ndóigh go bhfuil sean-aithne ag na Gaedhilgeóiríbh taobh amuigh de'n Choláiste uirre anois. Níl le rádh againn 'na taoibh annso acht go raibh an Chúirt 'na suidhe gach oidhche Diardaoin t'réis na séire agus go raibh sluagh mór de Ghaedhilgeóiríbh ar an láthair úd go síor ag cóimhlint le chéile i ndíospóireacht nó i sean- chas. Ba dhóigh leat gur i gceanntar Gaedhealach do bhí tú, bhí an Ghaedhilg chomh blasda soin aca, siúd is gur iomdha ceann aca nach raibh focal Gaedhilge 'na phluic aige ag teacht isteach 'sa gColáiste dhó. Níl dul as a admháil gur ab iad na buidheannta oidhche agus an Chúirt is bun le réim na Gaedhilge annso. Nach fíor ar fad an rádh soin "beatha teangan a labhairt?" 'Seadh gan amhras. Níl gar d'éinneach bheith ag sgríobhadh nó ag léigheadh na Gaedhilge muna labhrann sé an Ghaedhilg i gcómhthráth. Admhuighthear le cách gur fíor é sin, acht 'na dhiaidh sin a's uile, ní
bítear ag labhairt na Gaedhilge chómh minic a's ba chóir chuige ná ar aon chor. Bhí a lán de sgoruidheachtannaibh breágha ag lucht na Cúirte i gcaitheamh na bliadhna agus bhí gach uile mhac-léighinn 'sa gColáiste nó geall leis ar láthair. Ní cúram a rádh go raibh na sgoruidheachtanna úd Gaedhealach ar fad. Níor cualathas focal Béarla ó thús go deireadh agus ní raibh duine ná deóraidhe dá raibh annsin nach raibh sásta leis an gclár. Ní thiubhraidh sinn iaracht fá'n uile rud do chur síos annso acht bhí deagh-thréithe i mbeathaidh an Chonnartha i mbliadhna nach dtig linn cur ar leath-taoibh gan cunntas geárr do thabhairt orra. 'Sa gcéad áit rinneamar an dráma, "Eoghan Ruadh Ua Néill," do léiriughadh. Dráma fada do bhí ann agus 'na theannta soin ní raibh sé léighte ag an lucht éistighthe ar chor ar bith. Acht 'na dhiaidh sin is uile do corruigheadh iad thar a bhfaca tú riamh le linn é bheith dá léiriughadh. Obair na mac-léighinn 'seadh an dráma céadna. Ní dhéarfaidh sinne cad is fiú é acht tá súil againn go dtaithneóchaidh sé le gach éinneach a léighfeas é. Ní abróchamuid a thuilleadh, mar gheall ar an méad atá ráidhte cheana ag mac-léighinn eile. Deis eile fuaireamar i bpáirc an chómh- lainn is é go bhfuil cead anois ag léightheóir na seachtmhaine leabhra Gaedhealacha do léigheadh 'sa bproinn-teach le linn na séire. I mBéarla 'seadh do bítí ag léigheadh roimhe seo acht tá leis an nGaedhilg annso freisin. Rud eile dhe, chuir na connarthóirí leabhar- lann ar bun le haghaidh na nGaedhilgeóirí. Is minic nach raibh leabhra feileamhnacha le fagháil aca roimhe seo, acht anois is féidir leó a rogha leabhair d'fhagháil acht ruidín d'íoc anois a's arís. Tá gach uile leabhar nach mór dá bhfuil curtha amach ag na Gaedhilg- eóiribh le fagháil 'san leabharlann úd. Ní móide ná go ndéanfaidh sin a lán chum teangan na nGaedheal do leathnughadh i gColáiste Phádraig. Mar aon leis sin, tá beart eile de sheanmóiríbh ceangailte againn agus béid 'san margadh sul má dtí i bhfad. Mar tá 'fhios ag cách an Ghaedhilg atá le fagháil 'san leabhar do chuireamar i gcló anuraidh, tá sí tar cionn le breághthacht; agus ní measa linn an Ghaedhilg 'n-ar sgríobhadh na sean- móirí atá i ndáil le bheith churtha amach againn fá láthair. Fagh an leabhar so agus léigh é agus rachaidh mise i mbannaíbh nach mbéidh tú díolta. Sin a bhfuil le rádh againn an iarraidh seo i dtaoibh oibre na nGaedheal i gcraobhaibh Naoimh Mhuire agus Naoimh Ióseph. Tá orrainn anois geárr-chunntas do thabhairt ar a bhfuil déanta ag connarthóiríbh an Tighe Íochtaraigh mar a bhfuil Craobh Naoimh Bhríghde. Asta-san atá ár muinighin seachas cách, agus ní mór le rádh é acht tá cúis áthais a's dóchais againn ar n-a dtuarasgabháil úd do léigheadh dhúinn. Bhí na buidheannta oidhche aca fá mar do bhí againne agus Cúirt na nGaedheal n-óg chómh maith. Aithristear dhúinn nach bhfuil fiú aon cheann amháin aca nach bhfuil ar thaoibh na Gaedhilge. Do b'iongantach ar fad an sgéal soin cúpla bliadhain ó shoin. Bhí a lán sgoruidheachtanna ann gan baint le héinnídh Gallda aca. Ba mhinic dóibh ag cruinniughadh i gceann a chéile ag éisteacht le paipéar bríoghmhar dá léigheadh ag óglách stuamach éigin ar mhian leis cur síos ar na laethibh do bhí. Acht níór leór leóbhtha an méad so. Do chuireadar cumann eile ar bun ar a dtugtar "Dún na nGaedheal." Níl cead ag aon duine ar bith Béarla do léigheadh, do sgríobhadh, ná do labhairt 'san "Dún." Tig le gach ball de'n "Dun" rud ar bith ar mian leis do sgríobhadh, i leabhar an "Dúin" acht go sgríobhfadh sé 'san nGaedhilg é. Tá caitheamh-aimsire de gach uile shórt aca ann, acht caithfear gach éanrud bheith chomh Gaedhealach le Teamhair na Ríogh. Go mairidh an "Dun" agus gach a bhfuil ann! Is léir as a bhfuil sgríobhtha againn go nuige seo, go bhfuil ag éirghe leis an gConnradh, agus nach deallrathach go gcuir- fear cosg leis an taoide atá ag teacht isteach anois. Tá fairrge thréanmhar na Gaedhealtachta dá corrughadh. I bhfadh uainn ar an dtaoibh thall de na tonntaibh úd atá ag sleamhnughadh uainn anois, tá tonntracha buan-tseasmhacha nach sgapfar choidhche go deó. Is iad-san tonna na Gaedhilge ag déanamh ar an dún úd mar a bhfuil daoine i ngéarchrádh. Táid ag dul i láidreacht gach uile nóiméid. Amharc orra! Táid ag gluaiseacht mar ghaoith Mhárta i gcabhair ar
lucht an dúin. Go deó iad! Tá an báire leó fá dheireadh. Na daoine 'san dún do bhí beagnach marbh le neart a raibh de thart orra, táid sultmhar, suairc anois. Ólann siad fionn-uisge na Gaedhealtachta. Glaodh- tar Dún na nGaedheal ar an dún agus toisigheann gach a bhfuil ar láthair ag gabháil go meadhrach "Fáinne Geal an Lae." Tá súil le Dia againn go leanfar go buan ar an ngnó agus nach fada go dtabharfar ar an gColáiste seo - Dún na nGaedheal. AN RÚNAIRE Clódhanna nuadha ST. ANTHONY'S ANNALS Cúpla lá ó shoin, do chuadhas amach fá'n spéir, agus St. Anthony's dá léigheadh agam. Do thaithn siad go seóidh liom. Fá mar chuireann grian na Bealtaine ruag ar cheó an gheimhridh, mar an gcéadna sgaipeann an leabhairín gleóidhte seo dorchacht a' hintinn, agus brón a' chroidhthibh. Is ceart moladh fá leith do thabhairt do "Thórna," árd-fhile na h-Éireann, mar go deimhin, tá féith na filidheachta 'san méad atá sgríobhtha aige ann fá láthair. Tá súil againn go mbéidh árd- ghlaodhach ar an leabhairín so go bráth. An leabharlann The Journal of Cumann na Leabharlann; Vol. II. No. 1. Aibhreán, 1906 Tá tréimhse, mar adéarfá ceithre bliadhna déag ó shoin anois, ó gheall an ghrian san - Connradh na Gaedhilge ar Éirinn. Tá réilthíní ag éirghe chugainn gach lá ar a lorg, agus réalt aca san 'seadh "Cumann na Leabhar- lann." Tá an Cumann so ag déanamh an- iarracht, ar an measgán mearaidhe do bhí ar ár dtír leis na céadtaibh bliadhain do sgaipeadh, agus solas do chur fá dhéin na ndaoine, go mór-mhór na daoine amuigh 'san dtuaith. Tuilleann a chuid oibre moladh gach uile Éireannaigh idir íseal a's uasal. Is breágh bunudhasach an leabhar an "Leabhar- lann." Tá cunntas breágh ann ar bheatha an sgoláire mhóir Gaedhilge, Seághan Ó Donna- bháin, an cunntas is fearr, b'fhéidir, dá bhfeaca fós air. Tá aiste breágh eile ann a bhaineann le stair na h-Éireann. Ní gádh dhúinn a rádh go mbéidh fáilte 'n-a céadtaibh againn roimis i gcomhnuidhe.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services