Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanchas An t-Súiligh

Title
Seanchas An t-Súiligh
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1907

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Seanchas An t-Súiligh



Cuireann sé áthas mór orm-sa bheith annso
anocht. Cuireann sé bród orm a smaoit-
iughadh gur mise atá ar an árdán so, le
cúpla focal a rádh libh, acht fáiríor! cuireann
sé eagla orm tosnughadh ar na focla sin a
labhairt, mar atá fhios agam go maith go
bhfuil an páipéar so fadálach agus nach
bhfuil le fagháil ann fuaimeanna binne ár
dteangadh fhéin ná an mhilseacht sin le n-ar
éist mé go minic ó'n ghasúr bheag ag
buachailleacht bó nó ó'n druing bhig mheidhrigh
sin ag teacht ó sgoil i ngleann deas
suaimhnigh i gCondae Dhúin na nGall.



'Na dhiaidh sin is uilig deanfaidh mé
mo dhícheall seanchas an t-Súiligh a thabhairt
díbh. Ní chuirim i mbannaidhe go dtabharfaidh
mé é go léir díbh. 'Tá fhios agam go mbéidh
go leor le trácht air nuair bhéas mise réidh,
agus i dtácair le'n méad atá le rádh agam
badh mhaith liom go ndeirfeadh duine eighint-
each eile é ag a bhfuil blas na Gaedhilge níos
fearr 'ná tá agam-sa. Ar an ádhbhar sin,
gabhaim párdún, ní h-é amháin uaibh-se atá ag
éisteacht liom acht fosta ó'n chondae sin
atá ag caitheamh ó lá go lá sgáile a chnoc
donn thar chliabh sleamhain uisge an t-Súiligh.



Is cuimhne díbh go dtabharthar an t-ainm
"Súileach" go h-áirithe ar an loch, acht go
dtabharthar é fós ar an abhainn ag dortadh
isteach 'san loch. 'San pháipéar so labharfaidh
mé is mionca fá'n loch; fá'n abhainn cha
labharfaidh mé acht corr-uair.



Deireann an Dochtúir Seoigh go bhfuigheann
sinn an t-ainm "Súileach" as an fhocal
"súil" agus an deireadh "each," súil + each,
'sé sin "lán súil," cheana 'sa chás a's gur
shaoil na seandaoine go raibh an t-uisge
annso agus annsúd ag dul thart mar
bhéadh roth ann. Cibé ar bith mar bhí an
sgéal i bhfad ó shoin tídhthear domh-sa go
bhfuil an t-uisge indiu go díreach 'sa gcruth
gcéadna i n-a bhfuil loch nó abhainn ar bith
eile.



Cuirigidh i g-cás anois go bhfuil sibh-se agus
mise shuas i gCondae Dhúin na nGall i mbaile
Litirceannan. Tá an baile sin suidhte ar an
Súiligh i lár an chondae. Nighthear a chosa
anois le h-uisge salainn agus ar ball le
h-uisge fhíor. Amach shuas uaidh síneann
an loch go g-casthar air an fhairrge mhór.
Ar an taobh i bhfus, agus sé nó seacht míle
níos giorra dhúinn, preabann an sruthán
beag go sugrach thar leacachaibh sleamhna.
Cluinthear annso a ghuth binn óg le ceol na
n-éan gach tráth, acht ar ball stadann gáire
a h-óige agus thuiteann sé go brónach i
n-uaigh an locha.



Tuairim 'sa fá dhá mhíle as Litirceannan
lúbann an abhainn fríd máighe glasa, agus
anois i n-aice an bhealaigh mhóir cluinim ós
íseal a h-abhrán brónach. Séideann an ghaoth
i measg na gcrann ag iomchar léithe mar
bhéadh caoin na marbh. Seadh, beannacht Dé
le n-a n-anam. D'fhobair nach bhfeicfinn an
t-sean-roilig ar a bhfuil ainm "Coing-bhall."
Ar an taobh istigh tídhim na crocha dubha
agus na leacacha cor a bheith i dtaisge le
neantógaibh agus le féar fada, glas. Agus,
aird liom fhéin, so deireadh an chuirp. Is
uaigneach an smaoitiughadh é acht siubhalaim
isteach. Stadaim arís i n-aice balla sean-
teampaill leagtha i n-áiteachaibh le'n talamh.
Tídhim annso uaigh ar a bhfuil leac mhór,
fhada. Gearrtha go cliste san lic tídhim
croch dheas Ghaedhealach. Tá seanduine ar
a ghlúine ag tógáil go cúramach dornán
créafóige as an uaigh. Le h-iongantas
fiafruighim uaidh cia atá curtha annsin. Má's
le h-iongantas cuirim an cheist is le
h-iongantas gheibhim an freagra. D'amhar-
cann sé orm go mear, cromann sé a cheann
ar feadh tamaill ag smaoitiughadh, 'tá mé
ag airighe, raibh mé dá ríribh. Ar ball tógann
sé arís é agus deireann:



"Cia atá curtha annso?"


L. 34


"Seadh" arsa mise "badh mhaith liom dá
n-innseochthá sin domh."



"Cinnte" ar seisean "chuala tú cainnt
ar an laoch Gofradh Ua Domhnaill?"



"Chuala go minic," arsa mise, "bhfuil
Gofradh curtha annso?"



Cuireann an seanduine a lámha ar an
talamh agus seasann sé suas díreach.



"Tá" ar seisean "so a uaigh."



"Agus cad é," arsa mise, "atá tú dul
a dhéanamh leis an chréafóig?"



"Tá" ars'an seanduine, "'gur chuala
mé mo athair ag rádh gur mhaith leis nósa na
ndaoine a chongbhail suas agus dornán de'n
chréafóig bheannaighthe so a bheith 'sa teach aige
i gcomhnuidhe."



Bhain mé díom mo bhairéad agus chuaidh
mé ar mo ghlúinibh.



Codluigh, codluigh leat a Uí Dhomhnaill 'do
uaigh chiuin. Grádhuigheann Tír Chonaill fós
thú. As chroidhe chráidhte congbhann Éire
cuimhne ort agus indiu, indiu má's riamh,
sgairteann sí ort guidhe uirthe ós comhair
Dé go dtabharfaidh sé dí a ceart agus go
saorfaidh sé í ó lámhaibh na Sasanach.



Tá fhios agaibh go maith ar sgéal beathadh
Ghofradha, dóigh ar bhain sé buaidh ó n-a
Sasanaibh faoi Mhuiris Mac Gearailt i
n-Druim-chluiche i gCondae de Shligeach 'san
bhliadhain 1257. Moladh é ar fud na tíre ar
son na buadha so acht fáiríor! shil Tír Chonaill
deora mar tugadh thar ais é, an duine bocht -
i n-aice an bháis.



Ó thus go deireadh badh é crádh na h-Éireann
nach dtiocfadh le n-a muinntir teacht le
chéile. Is mar sin thárla sé i ndiaidh an
chogaidh seo. Shaoil Brian Ua Néill anois
nuair bhí Gofradh tinn, gur mhaith an t-am é
Tír-Chonaill a ghlacadh. Ar an ádhbhar sin
chuir sé sgéala ar Ua Domhnaill a chuid
talaimh a thabhairt suas nó muna dtabharfadh
gur goirid go mbéadh seisean agus a
shaighdiuiridhe ós a chomhair, go sgriosfadh
siad Tír Chonaill agus go dtiománfadh siad
é fhéin agus a chlann as Éirinn go deo.
D'éist Gofradh leis na teachtairidhe agus,
tinn mar bhí sé, i n-áit bhogaidh chuir sé
freagra thar ais ar Ua Néill nach n-umhlóchadh
sé dó ariamh. Chruinnigh Ua Néill a bhuidhne
agus tháinig sé ar aghaidh go dtí an t-Súiligh
acht gan mhoill, gan eagla, rinne Gofradh
mar an gcéadna. Mhúsgail sé i gcroidhthibh
a laoch calma uchtach agus neart ag innse
dóibh go raibh seisean 'na measg go fóill
agus ag cur i gcuimhne dóibh goidé mar rug
siad buaidh as iomdha choimhreann fola.
Annsin shín sé é féin amach, thóg siad ar a
nguailnibh é agus le croch 'na láimh aige
sgairt sé orra le'n mhéid neirt ar tháinig
leis dul ar aghaidh. D'amharc siad ar a laoch
anois i n-aice an bháis. Chonnaic siad a
chapall gan marcach ar a chúl. Badh bhrónach an
t-amharc é acht le paidir 'na mbéalaibh agus
misneach 'na gcroidhthibh rith siad ar an
námhaid. Chonnaic Ua Néill iad ag teacht
agus d'órduigh sé a bhuidhne trasna an
abhainn. Badh chruaidh, chalma a bhí an troid
acht i ndeireadh ag feicsint é dul 'na
h-éadan sgairt Brian ar a mhuinntear dul
thar ais. Rith siad le sgeon go dtí an
t-uisge agus léim siad isteach acht anois bhí
an taoille istigh agus báidheadh bunadhas
iomlán ar mhair díobhtha agus



Briste 'nois tá bród Tíre Eoghain,
Is buailte Cluaine buidhe.
Tá caoin géar 'san tír ar fad
Ó'n Bann go h-Achadh-na-claidhe.
Le brón 'tá'n lámh dhearg caitthe síos
'Is ar a shleagh tá dath,
Nó thuit ag taobh an t-Súiligh shuas
A laochra ins an gcath.



Le luathgháir d'fhill thar ais buidhne Tíre
Chonaill acht fáiríor! casadh a gcroidhthe le
cumha óir 'na luighe go ciuin ar a iomdha
bhí Gofradh bocht i suaimhneas bháis. Is
iomdha paidir ar cuireadh suas ar son a
anma ó shoin go dtí anois, is iomdha sean-
duine ar thóg as a uaigh i gCoing-bhall
dornán de'n chréafóig bheannuighthe.



Fágfamuid slán le Litirceannan anois
agus rachamuid deich míle níos fuide ar
aghaidh go gcasthar orainn ar an taobh chlé
de'n t-Súiligh baile beag ar a dtabharthar
Rath-Mhuilinn. Faoi sgáile an bhaile seo


L. 35


tídheann sinn ag marcaidheacht go bróda-
mhail ar na tonnaibh long mhór chogaidh de
na Sasanaibh. Téidheann mo smuainte i bhfad
thar ais tríd na bliadhantaibh agus tídhthear
domh go gcluinim sgéal as tormán an uisge
ag mo chois.



Tráthnóna áluinn i bhfóghmhar na bliadhna
1857. Bhí an ghaoth ag séideadh isteach ó bhéal
an locha. Chonnaic corr-dhuine i bhfad amuigh
long ag seoladh cha raibh fhios aca cia h-áit.
Chonnaic corr-dhuine eile í ag bualadh isteach
'san loch, acht d'imthigh sí go h-athchomair as a
chuimhne. B'fhéidir gur lean súile níos
géara 'ná iad so í gur tharraing sí anuas
a cuid seolta is gur fhan sí n-a luighe giota
beag amach ó chaisleán Mhic Suibhne Fhánaid.
Agus dubhairt na daoine an tráthnóna sin i
Rath-Mhuilinn gur ab as an Spáinn í agus go
raibh ar bhórd aice ualach fíona. Chuala Mac
Suibhne na sgéala so go h-athchomair agus
chuir sé bád amach le fíon a cheannach. Bhí
cumha mór ar an taoiseach go raibh an
t-ualach cor a bheith caithte agus nach d-tiocfadh
leis, ar an ádhbhar sin, níos mó a dhíoladh,
acht d'iarr sé ar na teachtairíbh innse do
Mhac Suibhne, dá dtiocfadh sé fhéin agus a
cháirde amach, go bhfuigheadh siad a sáith le
h-ól ar bhórd. Bhí Aodh Ruadh Ua Domhnaill
'n-a chomhnuidhe 'san chaisleán ar na laethean-
ntaibh so agus chuaidh sé fhéin agus a cháirde
ar bhórd na luinge. D'ól siad leo gan
buaidhreadh agus mar shaoil siad, gan baoghal.
Acht mo léan géar! ba dheacair annsin agus
is doiligh fós bheith saor ó bhaoghal na Sasanach.
Druideadh suas iad 'san luing agus sheol
sí léithe go Spáinn a b'eadh? Ní h-eadh, acht
go caisleán Bhaile-Átha-Cliath. Seadh, so
an dóigh mhí-ionnraice ar ghabh "Perrot"
ar Aodh Ruadh Ua Domhnaill ar eagla go
mairfeadh sé cás a bhaint as neart na
Sasanach go fóill.



Ar mire le cumha rith Mac Suibhne go dtí
an chladach réidh le rud ar bith a thabhairt
suas dá bhfuigheadh sé Aodh thar ais, acht 'sé
an freagra a fuair sé go rinne an taoiseach
gáire doighte agus chuaidh an long as amharc.



Buidheachas mór le Dia, mhair Ua Domhnaill
an cleas mí-ionnraice so a dhíoladh thar ais
agus sásamh a bhaint as an chaisleán bhróda-
mhail i mBaile-Átha-Cliath.



Scéal eile chluinim as na tonnaibh. Ba
fadálach thuit scáile na h-oidhche tráthnóna
deas ciuin i Meadhón Fóghmhair 'san bhliadhain
1607, agus ag tuitim dóbhtha chuir siad i
bhfolach long a bhí 'n-a luighe giota ó
chaisleán Mhic Suibhne. 'San tráthnóna sin
ba fada mhair lonnradh na gréine i measg
na gcnoc thart timcheall locha an tSúiligh ag
fágáil slán, mar shaoilfeá - fáiríor slán
go deo - le daoinibh ag dul gan mhoill thar
sáile. Istigh 'san chaisleán bhí deifir -
deifir mhór, Amuigh bhí an oidhche ciuin,
ciuin, socair, muna mbéadh gur bhris tonn
anois agus arís ar an ghainimh. D'féad-
fadh duine anois cluas a chur air fhéin ag
cluinstin ar an oidhche tormán chapaill ar
cos i n-áirde. D'éirigh sé gan mhoill níos
áirde agus ar ball do léim marcach ó n-a
dhiallaid ag doras Mhic Suibhne.



Is tuigseach an rud é gur doiligh suaimh-
neas a bheith ag duine ar bith ar a bhfuil
bréaga dá gcur ó mhaidin go h-oidhche. Cha
raibh, ar an ádhbhar sin, suaimhneas ar Iarlaíbh
Tíre Eoghain is Tíre Chonaill 'san bhliadhain
sin. Gidh go raibh siad, mar shaoileadar, i
ngrádh na Sasanach cuireadh bréaga orra cor
a bheith gach aon lá, idir eile go mbíodh siad go
socair ag congbháilt cruinnighthe i gcaisleán
Mhuighe Nuadhad leis na Sasanaigh a dhíbirt
as an tír ar fad. Ar deireadh chuala siad go
rabhthas ag brath breith orra; agus le iad fhéin
do shábháil rinneadar suas a n-intinne dul
chun na Frainnce. Chonnaic sinn Ua Néill ag
léimint ó n-a chapall i Rath-Mhuilinn. Bhí a
chlann agus a cháirde annso roimhe. Casadh
orra anois Ruaidhrí Ua Domhnaill le n-a
mhuintir-sa agus ar uair an mheadhóin oidhche
an ceathramhadh lá déag de Mheadhón Fóghmhair
chuaidh siad uilig go brónach ar bhórd na
luinge a bhí ag feitheamh leobhtha. Le deoraibh
i n-a súilibh d'fhág siad slán le Rath-Mhuilinn,
d'fhág, agus fáiríor! le h-Éirinn go bráth.



Tigidh isteach i mbád liom anois agus
rachamuid trasna díreach go baile ar an
taobh eile de'n Súiligh ar a dtabharthar Bun-
cranna. Siubhalfamuid linn annsin ar aghaidh
go dtí carraig ar an chladach ar a bhfuil
ainm "Carraig an Athar Uí h-Éigeartaigh."
Cad é mar bhfuair sí an t-ainm sin innseo-
chaidh an seanduine so i ndeas dúinn.



"A"! an seisean, "buidheachas le Dia,
chongbhuigh sagairt na h-Éireann an creideamh
beo i n-éadan neirt an diabhail agus na


L. 36


Sasanach. Tá siad saor anois ó luach na
fola. Tá siad i n-ann siubhal 'san solus lae,
acht i n-aimsir ár sinnsear bhí cona ar a lorg
ar mire a dtart a shásamh le n-a bhfuil agus
a sparáin a líonadh le luach a gceann.
Chonnaic Inis Eoghain iad go minic mar
bhíodar ar lorg an Athar Uí h-Éigeartaigh.
Bhí áit cois na fairrge i n-ar ghnáthach leis
bheith i bhfolach. As sin b'éigin dó goideadh
amach 'san oidhche agus is ag iomdha leabaidh
an bháis do sheas sé ar uair an mheadhóin
oidhche i measg na gcnoc sin thart.



Bhí deirbhshiúr pósta aige i mBuncranna
le fear d'ar bh'ainm Ua Dochartaigh agus is
ise ba ghnáthach biadh a thabhairt dó. Acht, mo
léan! ar ball fuair an diabhal greim ar
chroidhe sanntach Uí Dhochartaigh. Choimhéad sé
a bhean ar mhaidin amháin go bhfacaidh sé í ag
teacht amach ó'n áit i n-a raibh an sagart i
bhfolach. Rith sé a bhaile annsin agus d'iarr
sé ar na saighdiuiríbh bheith réidh. Lá ar n-a
bhárach bhí siad ag feitheamh, agus nuair a
chonnaic siad an sagart léim siad le breith
air. Rith an t-Athair Ua h-Éigeartaigh go
dtí an t-uisge agus léim sé isteach ag
brath snáimh go dtí an taobh eile, acht
scairt siad air theacht thar ais agus nach
mbainfeadh siad leis. Chreid an sagart bocht
na focla so agus tháinig sé isteach, acht chomh
luath is bhí sé ar an charraig bhuail siad síos
é ós comhair a dhearbhsheathar." "Amharc,"
ars' an seanduine, "so lorg a ghlúine
agus a lámha. Is iomdha tonn a bhris ar an
charraig so acht go deo deo béidh an fhuil
le feicsint le bród na h-Éireann acht
le náire dhubh na Sasanach.



"Cad é fá'n deirbhshiúr agus a fear, a
b'eadh? Á! an bhean bhocht, nuair a chonnaic
sí a dhearbhráthair dílis buailte síos, chaill sí
a ciall. Chuaidh sí síos ar a glúinibh agus
ghuidh sí ar Dhia go mairfeadh sí a fear fhéin
d'fheicsint marbh mar an gcéadna. Agus
chluin Dia a paidir. Ba ghairid i n-a dhiaidh so
gur caitheadh é lá amháin ar lean sé daoine
'san sliabh sin shuas ar a raibh sé i n-a bháille.
'San tráthnóna sin d'amharc an bhean as a
fuinneoig i mBuncranna, agus nuair a
chonnaic sí corp a fir dá iomchar suas an
tsráid, chuaidh sí síos ar a glúinibh arís agus
thug sí buidheachas le Dia as doimhne a
croidhe."



Rachamuid thar ais anois go Rath-Mhuilinn
arís agus as sin siubhalfamuid linn bealach
bhéil locha. Tuairim 's fá sé míle as an
bhaile casthar orainn, i gcois an uisge, binn
mhór árd. 'Sé an t-ainm a dtabharthar uirre
ins na páipearaibh go minic "Binn Ghlas";
acht is furas fheicsint go bhfuil so ar cearr
agus gur ab é a ainm ceart "Binn an leasa,"
mar tá le feicsint go fóill ar a mhullach aon
de na sean-dúntaibh a bhí go fairsing i
n-Éirinn sul a dtáinig an creideamh Críos-
tamhail i n-ár dtír.



Taraigidh liom anois suas giota beag an
ghleanna so a tabharthar Gleann-Bháirr air.
Cluinfidh sibh fuaimeanna na Gaedhilge thart
fá dtaobh díbh ar an siubhal, mar, buidheachas
le Dia, maireann sí annso go fóill. 'Tídhfidh
sibh annso scálán lé cúpla cloch de 'n altóir
ag ar ghuidh na daoine, ag ar éist siad
Aifreann ins na bliadhantaibh i bhfad thart.
Rud eile, 'bhfeiceann sibh an cnoc glas sin -
cnoc an tsagairt? Deireann siad go rug
na saighdiuirí ar sagart ar an mullach sin,
gur mharbh siad é, agus annsin gur tharraing
siad i n-a ndiaidh é, mar a bhéadh madadh
ann, go dtí an bun.



Ó Bhinn an Leasa siubhalfamuid linn sé
míle níos fuide ar aghaidh go bhfeicfimid
carraig an t-Súiligh cor a bheith ag béal an
locha. Innseochaidh mé sgéal díbh fa 'n
charraig sin.



Tuairim 's fá deich a chlog 'san oidhche ar
an ochtmhadh lá agus fiche dé Mhí na Nodlag
'san mbhliadhain 1811, bhí an "Saldana" ag
bualadh isteach 'san loch. Ba mhór an long í
agus ba bhródamhail bhí na Sasanaigh í
fheicsint ar an fhairrge le n-a dá chéad fear
ar bhórd. Acht ní h-í Sasan máighistreas na
dtonn i gcomhnaidhe. Cha raibh fhios ag an
taoiseach ar an loch go maith, agus chuaidh an
long mhór i bhfad ar seachrán. Bhí fearg air
an dtaoiseach so a fheicsint agus mhionnuigh
sé go stiúrfadh sé í go Buncranna nó go
h-ifreann. Tamall beag i n-a dhiaidh so bhuail
sí ar an charraig, agus báidheadh na fir
bunadhas go léir. Cha deachaidh an long go
Buncranna, agus cha raibh fhios ag na daoinibh
thart timcheall na h-áite riamh roimhe go
raibh ifreann chomh deas dóbhtha.



I n-aice na carraige seo gabhadh 'san
mbliadhain 1798 Theobald Uolfe Tone.
Bhí sé ag teacht ó 'n bhFrainnc le cuideadh
nuair a casadh air annso an cobhlach Sasanach.


L. 37


Throid sé go cruaidh le fada gan aithne air,
acht ar mbreith air dóbhtha, d'aithnigh siad é
agus tugadh é go priosún i mBaile-Átha-
Cliath. Gan mhoill d'órduigh siad go gcroch-
faidhe é agus char éist siad le n-a phaidir
nuair a d'iarr sé orra é chaitheamh. Leagadh
ar an naomhadh lá deag de mhí na Samhna le
é a chrochadh, acht ar an mhaidin sin ghearr sé
a mhuinéal le sgian a bhí i n-a phóca aige.



D'fhéadfainn anois trácht gan stad ar
áilneacht locha an t-Súiligh, dóigh a dtabharthar
loch na sgáile agus eile air, acht stadaim le
foclaibh an abhráin: -



"Tráchtar ar áilne na Frainnce,
'S ar sléibhte na Spáinne i gcéin,
Acht is dílse go mór tír na Éireann,
Ár dtír dóigheamhail dílis fhéin."



<Do scríobhadh é seo i gcóir cruinnighthe>



"Conall Gulban"


L. 45


"Sean-chaint na nDéise"



Atá a lán leabhar dá gcur i gcló le
déidheannaighe i n-ár dteanga dílis féin.
Má's comhartha maith é sin go bhfuil an
Ghaedhealg ag dul chum cinn, is beag an
baoghal do Chonnradh na Gaedhilge. Acht
b'fhéidir nach ar mhaithe leis an nGaedhilg
iad do theacht chughainn chomh flúirseach sin.
B'fhéidir go bhfuil daoine ag iarraidh
leabhar do chur le chéile nach bhfuil oireamh-
nach chuige. Ó am go h-am seoltar chughainn
leabhairíní gur fearr as ná ann iad. Ba
shoiléir ó'n gcéad amharc gur obair tos-
nuightheoirí iad agus atá a rian orra. Níl
an Ghaedhealg go maith ná go cliste ionnta.
Gaedhealg le féith an Bhéarla ag rith tríthe
is seadh í, nó Gaedhealg le snas an Bhéarla
uirri. Ní h-é sin atá uainn i n-aon chor.
Gaedhealg na ndaoine atá uainn agus go
dtí go mbéidh sí sin againn, is beag an
mhaith bheith ag brath ar na daoinibh óga.
Má sábhálfar an teanga i n-aon chor,
caithfidh sí teacht ós na sean-daoinibh sar
a sgiobfaidh an bás leis iad. Is truagh
mór a bhfuil do Ghaedhilg bhreágh ag imtheacht
uainn gach lá agus gan cor asainn chum í
do choimeád beo. Nílim ag tromaidheacht
ar an lucht tosnuighthe. Is maith an comh-
artha fonn sgríobhtha do bheith orra acht ná
bímís ag féachaint chucha chum an teanga
do shaoradh. Muna bhfuightear an Ghaedhealg
ós na sean-daoinibh, na daoine go raibh sí
aca ó laethibh a n-óige, daoine do labhair
í agus d'airigh í dá labhairt ar feadh a
mbeathadh, ní bhéidh sí againn sa cheart go
deo. Amhlaidh sin measaim gurbh' fhearr
agus gur thairbhighe do lucht sgríobhtha fé
láthair, togha na Gaedhilge d' fhagháil ós na
daoinibh úd agus a bhfuil aca do bhaint díobh
sar a dtosnóch' siad ag sgríobhadh as a ngustal
féin. Nach breágh an cnuasach a bhféadfaidhe
chur le chéile i n-aon cheanntair amháin?
Leabhar de'n tsórt so is eadh an leabhar atá
os mo chomhair amach anois - Sean-Chaint na
Déise. Cuireadh i gcló é timcheall bliadhain
ó shoin. Níl focal san leabhar so nár
cualadhthas go minic ó bhéalaibh na ndaoine
i bparóiste na Rinne. Do chuaidh an
t-ughdar, Dochtúir Ua Síothcháin, síos suas
tríotha ag caint agus ag pléisiúracht leo
agus do thóg sé síos i n-a leabhar nótaí na
coir-chainnte agus na h-abartha eile ba mhó
choitchionnta i n-a measg. Atá a lán eile
cruinnighthe aige seachas a bhfuil sa leabhar
so, acht níl am ná faill aige iad do thabhairt
dúinn go fóill. Ba mhaith dá ndéanfadh
Gaedhilgeoirí eile aithris air agus ba ghairid
go mbéadh feabhas ar ár gcuid Gaedhilge.
Dá luaitheacht a thabarfaidh siad é sin fé
ndear' is eadh is fearr dúinn é, mar má
leanfar de'n drabhfhuigheall a bhí ag teacht
chughainn chomh fairsing bliadhain nó dó ó
shoin, is amhlaidh a loitfear an teanga ar
fad. I n-ionad na Gaedhilge breágha atá
dá labhairt go laetheamhail i measg na
ndaoine, béidh Gaedhealg againn a bhféad-
faidhe rian an Bhéarla d'fheicsint uirri. Béidh
na focail i nGaedhilg acht na smaointe ar
dhul an Bhéarla.



Má gheibhtear Gaedhealg ós na sean-
daoinibh ní baoghal go mbéidh aon chomhartha
Bhearlachais uirri, mar níl aca acht do réir
mar d'airigheadar ó n-a n-athaireachaibh agus
ó n-a máthaireachaibh rómpa. B'shin é an uair
nuair a bhí an teanga fé mheas agus fé réim
agus nuair ná raibh náire ná ceann-fé ar
na daoinibh go raibh sí aca. Atá uainn an
rud céadna do bheith againn anois agus
caithfimíd iompódh chum an dream' úd do
shabháil an teanga gan smál gan measgadh
i n-aimsir a guaise. Sin é díreach a dhéin
Dochtúir Ua Síothcháin nuair a chuir sé roimis
an leabhar do bhailiughadh. Do chuaidh sé i
measg na ndaoine, do mheasg sé é féin suas
leo ag díospóireacht agus ag sgéalaidheacht


L. 46


leo agus do sgríobh sé síos a gcuid dreaich-
tíní díreach mar a thángadar ó n-a mbéalaibh.
Dá réir sin, féadfaimíd bheith cinnte gur
fíor-Ghaedhealg atá dá léigheamh againn
nuair a thógaimíd i n-ár lámhaibh Sean-Chaint
na nDéise. Ní fhéadfadh sé gan bheith amhlaidh
mar ó amach ins na ciantaibh go dtí an lá
atá indiu againn, bhí muinntear na Rinne
dílis do'n Ghaedhilg. Is cuma pé duadh nó
trioblóid a bhí orra, dá dhianacht a bhí
easbadh agus neamh-fhairsingeacht ag goil-
leamhaint orra d'fhanadar dílis dá dteangain
dúthchais. Do labhradar í agus do sgríobh-
adar í, do léigheadar í agus dubhradar a
gcuid urnaighthe aisti; bhí sí ar a dteang-
thachaibh ar maidin agus ist oidhche, sa siopa
agus sa teampall, istigh sa mbaile agus
amuigh sa bpáirc, ar an bhfairrge chomh
maith le h-aon áit eile agus bhí meas agus
urraim aca dóibh-san go raibh sí aca. Do
choimeádadar an Ghaedhealg beo nuair do
bhí sí ag fagháil bháis ins gach aon bhall
eile nach mór, agus anois má's áil linn
an teanga d'athnuadhchaint arís agus
d'aithbheodhughadh ar fuaid na tíre is
chucha-san a chaithfimíd iompódh le cabhair
d'fhagháil.



B'shin é a bhí i n-aigne an Dochtúra agus
do spreag cum na h-oibre é. Do chonnaic
sé go raibh a lán Gaedhilge ag an muinn-
tir úd, go raibh sí aca ó nádúr, gur
rugadh leo í, agus go mba mhaith dá gcuir-
fidhe os comhair an tsaoghail í fé mar bhí
sí dá labhairt aca gach uile lá. Níor
theastuigh uaidh grádh d'á thír ná gean dá
theangain dúthchais chum é 'phriocadh mar is
eol do chách a bhfuil aithne aca air. T'réis
bliadhain de dhian-obair bheith caithte aige
ag múnadh teangthacha eile sa gcoláiste,
do chaith sé a shaoire ag dul ó áit go
h-áit i measg a mhuinntire féin dá múnadh
agus dá spreagadh. Agus ní h-é sin amháin
acht do chuir sé sgoil ar bun sa bparóiste.
Ní gábhadh dham cur síos ar an sgoil. Atá
sé ar aithint cheana do mhacaibh-léighinn na
Gaedhilge. Atá a clú agus a cáil ag
tarrac chuiche lucht foghlumtha na Gaedhilge
ó gach áird sa tír. Aireochfar trácht ar
an sgoil seo ar ball agus a bhfuil déanta
aici ar son teangan ársa ár sinnsir. Ní
móide go bhfuil aon áit ó cheart-lár go
h-imeall na h-Éireann i n-ar aireochfaidhe
an oiread Gaedhilge is d'aireochfá i n-aon
lá i bparóiste na Rinne. Is í a bhionn ar
siubhal aca i gcomhnuidhe. Is beag baint
atá aca leis an mBéarla. Níor chuireadar
na searbháin fútha ann fós ná lucht na
galántachta agus na geáitsí, agus ní
deallramhach go gcuirfidh go ceann tamaill.
Dá mba mar a chéile an paróiste sin agus
gach aon áit eile sa tír, ba bhocht an
saoghal dóibh é.



I leabhar Sean-Chaint na nDéise sgríobh-
tar na focail díreach mar d'airigheadh iad.
Is é a bhí ó'n ughdar ná an fhuaim cheart
do thaisbheáint dúinn i dtreo go bhfaghaimís
í do chur i meabhair. Ar dtúis bhéadh sé
ag dul sa mhuileann ort fo-fhocal do
dhéanamh amach acht t'réis beagán taithighe
do chífeá go h-éasgaidh é, agus nuair a
bhíonn gádh leis, cuireann sé síos a bhrígh
agus an cuma i n-a bhfaighfidhe sa bhfoclóir
é. Is minic airightear go bhfuil difirigheacht
mhór idir Gaedhealg na nDéise agus na
canamhna eile. Bíodh san mar atá, éinne
do thuigfeadh Connachtach no Muimhneach, do
thuigfeadh sé duine ós na Déise chomh maith.
Níl siad chomh deighilte san ó n-a chéile i
n-aon chor. Ta Gaedhealg na nDéise níos
binne agus níos ceolmhaire acht sin a bhfuil
de dhifirigheacht eatorra. Tamall geárr ó
shoin bhí sé d'áthas againn bheith ag éisteacht
le sgéal do léigh Dochtúir Ua Síothcháin os
comhair cruinnighthe Cúirte na nGaedheal,
agus gé ná fuil togha na h-aithne againn
ar Ghaedhilg na nDéise do thuigeamar é ó
thús deireadh.



Sa dara cuid de'n leabhar atá timcheall
dachad leathanach tógtha suas le carbhal-
lacha geárra a sgríobh Tomás Ua Muir-
eadhaigh. Tá siad go simplidhe smid-
ighthe agus i gcumas éin-mhic-léighinn iad
do leanamhaint. Atá siad mar sgathán i
n-ar bhféadfaidhe Gaedhealg na nDéise
agus gach a mbaineann léithi d'fheicsint go
soiléir. Aoinne ar mhaith leis eolas do
bheith aige ar an gcanamhain úd, ní dóigh
liom gur fearr dó rud a dhéanfadh sé ná
an leabhar so do cheannach gan mhoill.
Muna féidir leis turas do thabhairt do
dheisceart na tíre, béidh Gaedhealg na
nDéise aige an fhaid is a bhéidh an leabhar
so dá léigheamh aige. Béidh paróiste na
Rinne os comhair súile a innchinne agus
béidh sé ar a chumas 'bheith ag éisteacht le
Tomás Ua Muireadhaigh ag stealladh amach


L. 47


plúir na Gaedhilge i n-a shlighe macánta
féin. Atá an leabhar le fagháil ar dá
sgilling ar a luighead.



Ba cheart do lucht foghlumtha na Gaedhilge
bheith buidheach do Dhochtúir Ua Síothcháin,
toisg gur chuir sé an leabhar so i gcló ar
a son. Dar liom is mór an chomaoine atá
curtha aige orra. Níl de bhuidheachas ag
teastáil uaidh acht go gcuirfidís suim i
n-a chuid oibre, go gceannóch' siad an
leabhar agus go bhfoghluimeoch' siad a bhfuil
le fagháil ann do réir a bhfaill agus a
gclisteacht. Atá súil againn go ndéanfaidh
a lán eile aithris air, gé go mb'fhéidir ná
béadh siad chomh oireamhnach chum na h-oibre,
go rachaidh siad i measg a muinntire i n-a
mbaile dhúthchais féin agus go gcuirfidh
siad síos gach ar dhóigh leo rachadh chum
sochair dóibh féin agus do theangain ársa
na nGaedheal.



"Easbog na Cúirte"


L. 51


Sinne agus ár sean-cháirde



Is fiú dhúinn na focail gunta, gasta,
géarchúiseacha réamhráidhte sin do sgrúdughadh
go maith. Cuireann siad seo rudaí i n-iúl
dúinn. Deireann an sean-ughdar Rómhánach
go mbíonn síor-athrughadh ag teacht ar gach
éan-tsaghas nídh fá'n spéir. Is dócha gur
fíor dhó. Pé sgéal é, is mór go léir an
t-athrughadh atá d'éis teacht ar an gcoláiste
seo le cúpla bliadhain, i dtreo ná h-aithneo-
chadh, sé mo thuairim láidir, na mic-léighinn
do bhí annso, atá roinnt bliadhanta ó shoin
i n-éan-chor anois é. An uair sin, do bhí
seirbhthean aca do'n teangain Gaedhilge, acht
dá dtigfidís chugainn, ar feadh "Seachtmhaine
na Gaedhilge," atá gabhtha tharainn, gan
amhras, do bhéadh cnapshúilí orra, is ba dhóigh
leo go mbéidís i dtír iasachta, do bhí an
oiread san Gaedhilge dá labhairt i n-ár
measg. Go deimhin, "is gairid do bhíonn an
sgála ag iompáil agus an lóchán ag
imtheacht."



Tá a fhios agam go mbéidh áthas ar Chlanna
Gaedheal aireachtaint gur chaith a lán againn
an tseachtmhain sin chómh fíor-Ghaedhealach
sain. Nídh nach iongnadh! Acht dá mbadh
rud é go mbéidís annso an oidhche go raibh
"Eoghan Ruadh Ó Néill" dá léiriughadh
againn, ní bhéadh éin-teora le n-a gcuid
áthais. Ní aireochaidís acht amháin Gaedhilg
ar feadh cúig uaire an chluig, 'nuair do bhí
sean-taoisigh na h-Éireann ag caint 'n-a
dteangain dúthchais. D'éist na mic-léighinn
go dlúth a's go géar le gach éan-fhocal dá
ndubhradar; agus sin comhartha maith gur
thaithn an nídh do bhí ar siubhal leo. Is
comhartha maith é gur chuireadar mór-shuim
'san drama. Agus is mór le rádh an méid
sin go léir i dtaobh feabhais an drama, go
h-áirithe 'nuair nach féidir nó go raibh roinnt
daoine ann, is b'fhéidir mórán, nár thuig an
Ghaedhilg ar foghnamh. As sain thiocfas go
bhfuil deimhniughadh foir-imeallach againn -
an deimhniughadh is fearr ar shlighe - go raibh
an drama an-mhaith.



Drama le chúig gníomh is eadh "Eoghan
Ruadh Ó Néill." Is mór an truagh go bhfuil
se chómh fada sain, mar tá sé buailte isteach
i m' aigne "gur i ndiaidh a chéile a ndéintear
na caisleáin," agus nár gheal an lá fós 'n-a
bhféadfaidhe a leithéid sin de dhrama do chur
os comhair an tsaoghail. Acht imtheochaidh an
locht sain leis an sith-ghaoithe 'nuair a chiorr-
bhóchar é. Gan éan mhearbhall, d'aithneochadh
éinne ná fuil ughdar an drama so 'n-a
Shacspeare fós; acht cá bhfios dúinn ná
go mbéadh? "Bíonn gach tosnughadh lag."
Pé 'n-Éirinn é, tá rian an phríomh-ughdair
ghallda sain le feicsint go minic in "Eoghan
Ruadh," go mór-mhór ar riarughadh na radharc
is na ngníomh; a's taisbeánann sain go
bhfuil ár sgríobhnóir gaedhealach ag déanamh
aithris ar ár gcara thall. Ní déarfainn féin
ná go bhfuil mórán do'n cheart aige dá
dhéanamh; mar caithfear sinn do mhúineadh
ins na nídhthibh sin, agus cá bhfuil feabhas
Shacspeare? B'fhéidir nár mhiste do chuid
dár nuadh-ughdaraibh aire do thabhairt dos
na rudaíbh sin. Tá seó nídhthe eile 'san
drama a chuireann an t-ughdar gallda i
gcuimhne dhúinn, agus ní móide ná go bhfuil
sár-eolas ag ár n-ughdar féin air. Is maith
an bhail sin air, ámhthach, mar is é mo thuairim
go bhfuil "Eoghan Ruadh" ar na dramannaibh
is fearr dár tháinig amach fós i dtaobh eolais
léirighthe.



Mar gheall ar na pearsanaibh, is féidir
linn do rádh, tríd is tríd go rabhadar go
maith, agus cuid aca, b'fhéidir, an-mhaith. Ní
déarfainn go bhfuil géar-eolas ag an ughdar
fós ar iomadamhlacht tréithe an duine agus
a nádúir; acht do thug sé go seoigh chum an
Chonallaigh, agus b'fhuraiste aithint air go
raibh sé 'n-a chladhaire bhitheamhnaigh. Do bhí
Eoghan Ruadh féin ar an té a b'fhearr do
thaithn linn. Molann Aristophanés obair
na bhfilí, "mar go gcuireann siad feabhas ar
lucht na gcathrach." Acht muna ndéanfadh an
óráid fhuinneamhail bhríoghmhar fhuaimeat-
amhail, a thugann Eoghan Ruadh uaidh thall
'san bhFrainnc, dearg-Éireannach de gach
éinne do thuigfeadh í, ba cheart na cluasa
do bhaint de. Go deimhin, 'sé mo thuairim,
ná féadfaidhe é shárughadh ar bhreághthacht a
smaointe, ar fhurtacht a chainte, agus ar
ghleoiteacht a soluíd. Ní'l éan-uain againn
anois a thuilleadh do rádh mar gheall air, acht


L. 52


gur mhór an truagh gan é do chur i gcló, is
é 'sgaipeadh ar fuaid na h-Éireann.



Ná Seanmóirí



Tá corraidheacht is bliadhain gabhtha thar-
ainn anois ó leigeamar amach an chéad sgaoth
de sheanmóiribh. Do leathadar sain ar fuaid
na h-Éireann, is ní'l eán-phioc dá mhearbhall
orm, ná go bhfuil a rian le feicsint ins gach
éan-bhall beagnach 'san tír. Agus cad 'n-a
thaobh ná béadh, mar do bhí rogha agus togha
na Gaedhilge ionnta. Easbog do cheap cuid
aca agus sagairt léigheannta an chuid eile.
"Atá sain go maith agus ní'l go h-olc."



Acht tá na seanmóirí atá againn dá gcur
amach i mbliadhna "chómh breágh sain a's go
mbainfidís sraoth ó'n ngréin." M'anam, ní
h-éan-mhagadh é. Léighidh iad is béidh a fhios
agat an fíor é, agus mura fíor, bain an
chluas díom-sa. Go deimhin, chum an fhírinne
d'innsint, ní féidir iad do shárughadh ar
fheabhas a gcoda Gaedhilge. Tá sí gan
truailleadh, gan teimheal innte; mar gan
amhras, do bhí spioraid na ndaoine do sgríobh
iad chómh deighilte ó spioraid an Bhéarla is
tá an beo ó'n mharbh. Tá siad lán d'eolas
is de smuaintibh breághtha beannaighthe.
Taisbeánann siad go raibh sagairt na
h-aimsire sin, cuid aca, pé sgéal é, fogh-
lumtha sáir-léigheannta 'san diadhacht, 'san
sgríbhinn diadha, a's ins na h-Aithreachaibh
naomhtha. Má tá éan-locht orra - agus is
annamh a bhíonn nídh gan locht éigin - déar-
fainn gur ab ar a modh ceapadóireachta is
mó atá sé. Tá sé trom uaireannta, agus
is deacair an bhrígh do dhéanamh amach anois
is arís. Admhuighim ná raibh na sgríobhnóirí
chómh cliste 'san modh is do bhí Céitinn. Ní
h-éin-iongnadh go bhfuil an locht sain orra,
mar tá siad le breis is céad éigin bliadhain
ar seachrán faoi uaigneas a's faoi bhrón.
Táimíd ag déanamh iarracht anois ar án
dorchacht do bhí timcheall orra chómh fada
sain do sgaipeadh, agus muna bhfaighmíd
cabhair ó mhuinntir na h-Éireann, is go
h-áirithe ós na sagartaibh a's ós na Gaedhil-
geoiríbh, ní féidir linn dul ar aghaidh a
thuilleadh dá gcur i gclódh. Tá mórán dá
nduadh dá fhagháil againn, agus a mhalairt
de chúram orainn. Acht le congnamh Dé,
cuirfidh sé misneach ar na macaibh-léighinn
atá le teacht 'n-ár ndiaidh - mar ní bheam-na
annso i gcomhnuidhe - leanmhaint ar an obair
beannaighthe, 'nuair a chífear dá sgaipeadh iad
ar fuaid na h-Éireann ar ball.



Sul a gcríochnócham, is ceart dúinn
míle míle buidheachas do ghabháil leis an
"Maynooth Union," mar muna mbéadh é
sin ní bhéadh an obair seo ar siubhal i n-éan
chor againn. Fad saoghail is buadh aige!



An Claidheamh Soluis



Is ceart dúinn roinnt focal do rádh anois
i dtaobh "An Chlaidhimh Soluis." Go deimhin
ba mhór an sólás dúinn é, feadh na bliadhna,
an lá fliuch, an lá fuar, an lá sneachta, an
lá seaca, an lá bróin agus an lá buadhartha.
Ní miste an t-ainm glórmhar uasal san "An
Claidheamh Soluis" do ghlaodhach air, mar
is leis an gclaidheamh sain atá a lán Gaedhil-
geoirí dá gcosaint féin ar ain-spioraid an
Bhéarla atá ar a dtí i gcomhnuidhe. Agus 'sé
solas an chlaidhimh chéadna atá d'ár dtreor-
ughadh chum áruis na Gaedhilge. Muna mbéadh
é, cionnas do cothóchthaidhe sinn-ne atá
deighilte ó'n saoghal annso istigh? Ná fuil
an sgéal céadna le rádh mar gheall ar
mhórán Gaedhilgeoirí amuigh atá sgaipighthe
ar fuaid an domhain mhóir bhraonaigh? Táid
na céadta míle ó dhúthaigh Gaedhilge.



Acht buidheachas le Dia, tá "An Claidheamh
Soluis" mar dhúthaigh Gaedhilge dhúinn go
léir, thoir, thiar, theas agus thuaidh. Tuilleann
sé ár gcabhair a's ár gcongnamh de ló is
d'oidhche. Agus cionnas is féidir linn
cabhrughadh leis chum é 'dhéanamh ar an dúthaigh
is gaedhealaighe fá bhun na gréine? Tá cuid
againn atá i n-ann Gaedhilg do sgríobhadh go
blasta, agus ní féidir linn feiste níos mó
do chur air ná bheith ag sgríobhadh chuige chómh
minic a's is féidir linn é. Ní'l éinne, dá
shuaraidheacht é a chuid do'n tsaoghal, ná
féadfadh pinginn do spáráil gach seachtmhain.
Leis sin d'fhéadfadh sé "An Claidheamh" do
cheannach. 'Nuair do thiocfaidh na laetheannta
saoire, béimíd sgaipighthe ar fuaid na
h-Éireann, a's béidh sé ar ár gcumas mórán
tairbhe do dhéanamh do "'n Chlaidheamh,"
gibé aca bheith dá léigheadh os comhair ár
muinntire, nó dá leathadh 'n-a measg, ag cur
i n-iúl dóibh gur cheart dóibh cuidiughadh leis.



Is baoghlach go bhfuil a lán daoine ná
tuigeann an méid sin go léir i gceart. Acht
má dhéineann siad a gcion féin do'n obair
anois, is gairid chum go bhfeicfeam solas
"An Chlaidhimh" ag taithneamh ins gach éan


L. 53


bhall i n-Éirinn, is go fairsing ar fuaid an
domhain, gan focal Béarla le feicsint ann.



Irisleabhar na Gaedhilge



Sean-chara linn go léir is eadh Irisleabhar
na Gaedhilge. Go deimhin tá sé níos sine
ná Connradh na Gaedhilge féin. Dá bhrígh
sin do b' olc an mhaise dhúinn é leogaint ar
lár is gan é do chothughadh is d' fheabhsughad ó
lá go céile. Acht i n-a theannta sain, éinne
gur mian leis togha na Gaedhilge do léigheadh,
ní fuláir dó an leabhairín seo do cheannach.
Gheobhaidh sé ann scéalta agus dánta agus
go h-áirithe aistí fíor-ghaedhealacha, foghlumtha,
léigheannta, lán-chliste ar cheárdaibh agus ar
ealadhntaibh na h-aimsire seo. Sin é an rud
atá ag teastáil uainn anois. Caithfimíd a
chur i n-a luighe ar an uile dhuine gur féidir
linn trácht ar gach aon sórt léighinn as ár
dteangain dúthchais. Tá súil againn go
gceannóchaidh ár léightheoirí an t-Irisleabhar
agus go ndéanfaidh siad stuidéar cruinn
air i n-aghaidh an mhí. "Naoise"


L. 54


Obair na bliadhna



Támuid ag ceapadh gur cóir dhúinn innsint
d'ár gComhghaedhealaibh goidé mar éirigh linn
i rith na tréimhse atá caithte againn. Ag
féachaint siar dhúinn tig linn a rádh gan ghó
nach beag an méad atá déanta againn, agus
go bhfuil Connradh Naoimh Chuilm ag dul i
dtreiseacht. Ba bhaoghalach linn ar uairibh
nach mbéadh an sgéal so le hinnsint againn
anois, acht ba gheárr gur léir dhúinn nach raibh
cúis bróin ná éadóchais againn. Ar uairibh
eile do shaoileamar gur bh'amhlaidh do bhí an
báire linn amach a's amach acht taisbeánadh
dúinn arís nach mar shíltear a bhítear.



Ba mhar soin do'n Chonnradh ó cuireadh ar
bun ar dtús é. Cuireann sé i gcuimhne
dhúinn taoide na mara. Breathnuighimid
tonn mhór ag gluaiseacht isteach go héasgaidh
chugainn; tar éis tamaillín toisigheann dá
thrághadh. Tagann ceann eile 'na dhiaidh agus
as go bráth leis mar an gcéadna. Tagann
siad mar soin diaidh i ndiaidh acht imthigheann
uile leó agus deirimid linn féin: "go deó
deó arís ní bhéid le feiceáil." Mar an
gcéadna d'ár gConnradh; do shaoilfeá
anois nach raibh cuimse le n-a réim, uair eile
ní mór le rádh a mbéadh de dhóchas agat.
Acht ag labhairt go coitcheann tá sé ag
déanamh go hóg. Mar atá an sgéal, tá
taoide ag gluaiseacht ar aghaidh, agus do réir
deallraimh níl tráigheadh i ndán dí. Bhí an
Connradh ag dul i láidreacht gach uile bhliadh-
ain ó cuireadh ar bun é agus mar chídhfear ar
ball níl a mhalairt de sgéal le hinnsint
againn an turas so.



Séard atá fá na connarthóiríbh fíor-
Ghaedheal do dhéanamh de gach uile dhalta
Muighe Nuadhat, i dtreó go mbéidh siad uile
ar thaoibh gach a bhaineas le fíor-náisiúntacht
a dtíre fad a mbeathadh go hiomlán. Agus
chuige sin tá sé d' iaracht againn "sean-
teanga an ghliocais" do leathnughadh annso
thar gach éan-rud eile mar' sí ár mbaramhail
gur ab í céad-chloch na Gaedhealtachta í.



Agus maidir leis sin, d'éirigh linn go geal
i mbliadhna. Bhí an teanga le cloisint ar
gach taoibh. Bhí sí le cloisint ins na buidh-
eanntaibh oidhche do bhí ar siubhal 'chuile oidhche
'sa tseachtmhain. Agus go dearbhtha, níor
bheag a líon úd, mar is beag daoine nach
raibh le fagháil i gceann éigin nó eile aca.
Dá mbéitheá ag spaisdeóireacht duit féin,
'sa bPáirc go mór-mhór ist' oidhche, do chluin-
feá teanga na naomh 's na suadh dá labhairt
ins na buidheanntaibh seo chómh blasda, líomhtha
is a labharthar i gCloich Chinn Fhaolaigh nó
i mBaile Mhúirne í. Caithfidh gach éinne
admháil go raibh na buachaillí ó Roinn Ióseph
Naomhtha go seóigh cum na hoibre seo.
Chuireadar buidheanta ar siubhal gach maidin
ar feadh "Seachtmhaine na Gaedhilge," agus
rud atá níos fearr, tá siad ag leanmhaint
orra ó shoin. Nár laguigh a misneach choidhche!



Bhí an teanga le cloisint i gCúirt na
nGaedheal freisin. Do rinneamar tagairt
do'n Chúirt bliadhain ó shoin i n-Irisleabhar
an Chonnartha agus dá bhrígh sin, 'sí ár ndóigh
go bhfuil sean-aithne ag na Gaedhilgeóiríbh
taobh amuigh de'n Choláiste uirre anois. Níl
le rádh againn 'na taoibh annso acht go raibh
an Chúirt 'na suidhe gach oidhche Diardaoin
t'réis na séire agus go raibh sluagh mór de
Ghaedhilgeóiríbh ar an láthair úd go síor ag
cóimhlint le chéile i ndíospóireacht nó i sean-
chas. Ba dhóigh leat gur i gceanntar
Gaedhealach do bhí tú, bhí an Ghaedhilg chomh
blasda soin aca, siúd is gur iomdha ceann
aca nach raibh focal Gaedhilge 'na phluic aige
ag teacht isteach 'sa gColáiste dhó. Níl dul
as a admháil gur ab iad na buidheannta oidhche
agus an Chúirt is bun le réim na Gaedhilge
annso. Nach fíor ar fad an rádh soin "beatha
teangan a labhairt?" 'Seadh gan amhras.
Níl gar d'éinneach bheith ag sgríobhadh nó ag
léigheadh na Gaedhilge muna labhrann sé an
Ghaedhilg i gcómhthráth. Admhuighthear le cách
gur fíor é sin, acht 'na dhiaidh sin a's uile, ní


L. 55


bítear ag labhairt na Gaedhilge chómh minic
a's ba chóir chuige ná ar aon chor.



Bhí a lán de sgoruidheachtannaibh breágha
ag lucht na Cúirte i gcaitheamh na bliadhna
agus bhí gach uile mhac-léighinn 'sa
gColáiste nó geall leis ar láthair. Ní
cúram a rádh go raibh na sgoruidheachtanna
úd Gaedhealach ar fad. Níor cualathas
focal Béarla ó thús go deireadh agus ní
raibh duine ná deóraidhe dá raibh annsin nach
raibh sásta leis an gclár.



Ní thiubhraidh sinn iaracht fá'n uile rud do
chur síos annso acht bhí deagh-thréithe i
mbeathaidh an Chonnartha i mbliadhna nach
dtig linn cur ar leath-taoibh gan cunntas
geárr do thabhairt orra. 'Sa gcéad áit
rinneamar an dráma, "Eoghan Ruadh Ua
Néill," do léiriughadh. Dráma fada do bhí
ann agus 'na theannta soin ní raibh sé léighte
ag an lucht éistighthe ar chor ar bith. Acht 'na
dhiaidh sin is uile do corruigheadh iad thar a
bhfaca tú riamh le linn é bheith dá léiriughadh.
Obair na mac-léighinn 'seadh an dráma
céadna. Ní dhéarfaidh sinne cad is fiú é acht
tá súil againn go dtaithneóchaidh sé le gach
éinneach a léighfeas é. Ní abróchamuid a
thuilleadh, mar gheall ar an méad atá ráidhte
cheana ag mac-léighinn eile.



Deis eile fuaireamar i bpáirc an chómh-
lainn is é go bhfuil cead anois ag léightheóir
na seachtmhaine leabhra Gaedhealacha do
léigheadh 'sa bproinn-teach le linn na séire.
I mBéarla 'seadh do bítí ag léigheadh roimhe
seo acht tá leis an nGaedhilg annso freisin.
Rud eile dhe, chuir na connarthóirí leabhar-
lann ar bun le haghaidh na nGaedhilgeóirí.
Is minic nach raibh leabhra feileamhnacha le
fagháil aca roimhe seo, acht anois is féidir
leó a rogha leabhair d'fhagháil acht ruidín d'íoc
anois a's arís. Tá gach uile leabhar nach
mór dá bhfuil curtha amach ag na Gaedhilg-
eóiribh le fagháil 'san leabharlann úd. Ní
móide ná go ndéanfaidh sin a lán chum
teangan na nGaedheal do leathnughadh i
gColáiste Phádraig.



Mar aon leis sin, tá beart eile de
sheanmóiríbh ceangailte againn agus béid
'san margadh sul má dtí i bhfad. Mar tá
'fhios ag cách an Ghaedhilg atá le fagháil 'san
leabhar do chuireamar i gcló anuraidh, tá sí
tar cionn le breághthacht; agus ní measa
linn an Ghaedhilg 'n-ar sgríobhadh na sean-
móirí atá i ndáil le bheith churtha amach againn
fá láthair. Fagh an leabhar so agus léigh é
agus rachaidh mise i mbannaíbh nach mbéidh tú
díolta.



Sin a bhfuil le rádh againn an iarraidh seo
i dtaoibh oibre na nGaedheal i gcraobhaibh
Naoimh Mhuire agus Naoimh Ióseph. Tá
orrainn anois geárr-chunntas do thabhairt ar
a bhfuil déanta ag connarthóiríbh an Tighe
Íochtaraigh mar a bhfuil Craobh Naoimh Bhríghde.
Asta-san atá ár muinighin seachas cách, agus
ní mór le rádh é acht tá cúis áthais a's
dóchais againn ar n-a dtuarasgabháil úd do
léigheadh dhúinn. Bhí na buidheannta oidhche
aca fá mar do bhí againne agus Cúirt na
nGaedheal n-óg chómh maith. Aithristear
dhúinn nach bhfuil fiú aon cheann amháin aca
nach bhfuil ar thaoibh na Gaedhilge. Do
b'iongantach ar fad an sgéal soin cúpla
bliadhain ó shoin. Bhí a lán sgoruidheachtanna
ann gan baint le héinnídh Gallda aca. Ba
mhinic dóibh ag cruinniughadh i gceann a chéile
ag éisteacht le paipéar bríoghmhar dá
léigheadh ag óglách stuamach éigin ar mhian
leis cur síos ar na laethibh do bhí. Acht níór
leór leóbhtha an méad so. Do chuireadar
cumann eile ar bun ar a dtugtar "Dún na
nGaedheal." Níl cead ag aon duine ar bith
Béarla do léigheadh, do sgríobhadh, ná do
labhairt 'san "Dún." Tig le gach ball de'n
"Dun" rud ar bith ar mian leis do sgríobhadh,
i leabhar an "Dúin" acht go sgríobhfadh sé
'san nGaedhilg é. Tá caitheamh-aimsire de
gach uile shórt aca ann, acht caithfear gach
éanrud bheith chomh Gaedhealach le Teamhair
na Ríogh. Go mairidh an "Dun" agus gach
a bhfuil ann!



Is léir as a bhfuil sgríobhtha againn go
nuige seo, go bhfuil ag éirghe leis an
gConnradh, agus nach deallrathach go gcuir-
fear cosg leis an taoide atá ag teacht
isteach anois. Tá fairrge thréanmhar na
Gaedhealtachta dá corrughadh. I bhfadh uainn
ar an dtaoibh thall de na tonntaibh úd atá
ag sleamhnughadh uainn anois, tá tonntracha
buan-tseasmhacha nach sgapfar choidhche go
deó. Is iad-san tonna na Gaedhilge ag
déanamh ar an dún úd mar a bhfuil daoine
i ngéarchrádh. Táid ag dul i láidreacht gach
uile nóiméid. Amharc orra! Táid ag
gluaiseacht mar ghaoith Mhárta i gcabhair ar


L. 56


lucht an dúin. Go deó iad! Tá an báire
leó fá dheireadh. Na daoine 'san dún do bhí
beagnach marbh le neart a raibh de thart
orra, táid sultmhar, suairc anois. Ólann
siad fionn-uisge na Gaedhealtachta. Glaodh-
tar Dún na nGaedheal ar an dún
agus toisigheann gach a bhfuil ar láthair
ag gabháil go meadhrach "Fáinne Geal an
Lae."



Tá súil le Dia againn go leanfar go
buan ar an ngnó agus nach fada go
dtabharfar ar an gColáiste seo - Dún na
nGaedheal.



AN RÚNAIRE



Clódhanna nuadha



ST. ANTHONY'S ANNALS



Cúpla lá ó shoin, do chuadhas amach fá'n
spéir, agus St. Anthony's dá léigheadh
agam. Do thaithn siad go seóidh liom. Fá
mar chuireann grian na Bealtaine ruag ar
cheó an gheimhridh, mar an gcéadna sgaipeann
an leabhairín gleóidhte seo dorchacht a' hintinn,
agus brón a' chroidhthibh. Is ceart moladh fá
leith do thabhairt do "Thórna," árd-fhile na
h-Éireann, mar go deimhin, tá féith na
filidheachta 'san méad atá sgríobhtha aige ann
fá láthair. Tá súil againn go mbéidh árd-
ghlaodhach ar an leabhairín so go bráth.



An leabharlann



The Journal of Cumann na Leabharlann;
Vol. II. No. 1. Aibhreán, 1906



Tá tréimhse, mar adéarfá ceithre bliadhna
déag ó shoin anois, ó gheall an ghrian san -
Connradh na Gaedhilge ar Éirinn. Tá réilthíní
ag éirghe chugainn gach lá ar a lorg, agus
réalt aca san 'seadh "Cumann na Leabhar-
lann." Tá an Cumann so ag déanamh an-
iarracht, ar an measgán mearaidhe do bhí ar
ár dtír leis na céadtaibh bliadhain do
sgaipeadh, agus solas do chur fá dhéin na
ndaoine, go mór-mhór na daoine amuigh 'san
dtuaith. Tuilleann a chuid oibre moladh gach
uile Éireannaigh idir íseal a's uasal. Is
breágh bunudhasach an leabhar an "Leabhar-
lann." Tá cunntas breágh ann ar bheatha an
sgoláire mhóir Gaedhilge, Seághan Ó Donna-
bháin, an cunntas is fearr, b'fhéidir, dá
bhfeaca fós air. Tá aiste breágh eile ann a
bhaineann le stair na h-Éireann. Ní gádh
dhúinn a rádh go mbéidh fáilte 'n-a céadtaibh
againn roimis i gcomhnuidhe.



<Béidh áthas orainn leabhair nuadha d'fhagháil chum iad
do sgrúdughadh agus ár dtuairim do thabhairt orra
(F. an Iris.)>

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services