Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Obair le déanamh 'sa Ghaedhealtacht.
Title
Obair le déanamh 'sa Ghaedhealtacht.
Author(s)
A. de B.,
Pen Name
A. DE B.
Composition Date
1916
Publisher
The Irishman
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Obair le déanamh 'sa Ghaedhealtacht. Bhudh mhaith liom anois a léiriú' goidé mar a thiocfadh linn an Ghaedhilg a neartú' dá mbéadh dream mór againn 'nár g-comhnuidhé 'sa Ghaedhealtacht, agus 'na dhiaidh sin goidé mar is furas dúinn dul annsin. A. - An obair ar ár son fhéin. 1. - Is san Ghaedhelatacht amháin a thig linn Gaedhilgeóirí a dheanamh dínn fhéin i g-ceart. Daoine atá 'na g-comhnuidhe 'sa Ghalltacht cha dtig leó an Ghaedhilg a labhairt mar príomh-theanga, agus mar sin cha dtig leó an Ghaedhilg a scríobhadh ar nós liteardha. Cha mhairfidh an litridheacht Gaedhealach acht 'sa Ghaedhealtacht agus gan litridheacht cha mhairfidh an Ghaedhilg. Ó scríobh mé an méad seo, taisbeanadh dom na focail seo atá le fagháil i "LITERATURE IN IRELAND," leabhar deireannach Thomais Mac Donnchadha: "I believe it would be better for Ireland and for the Irish language if, instead of the Gaelic League as it is, we had a different thing, a folk movement in the Gaedhealtacht, a MOVE- MENT COMING FROM THE WEST EASTWARD, not an organisation with its capital the capital of the Pale … I believe the people to whom we must look to produce a new Irish literature are young people of the Gaedhealtacht." 2. - Tig linn saoghal lán-Ghaedhealach a chaitheamh 'sa Ghaedhealtacht amháin, sé sin an saoghal is aoibhne i n- irinn. Scríobh- faidh mé lá eile fé dtaobh de shamhas agus sásamh an t-saoghail 'sa Ghaedhealtacht. 3. - Nuair a bhéidh ceithre bhliadhna nó mar sin caithte againn 'sa Ghaedhealtacht béidh an Ghaedhilg againn go flúirseach, go cruinn. Má's maith linn, tiocfaidh liun dul ar ais chun na Galltachta annsin agus an Ghaedhilg a mhúineadh a's a scaipeadh. Dar liom-sa, b'fhearr dúinn stopadh 'sa Gaedhealtacht, mar is dóigh liom go dtiocfadh linn an obair is tabhachtaighe a dhéanamh annsin Seo chuid dén odair go bhfhuil mé ag trácht oirthí. B. - Obair ar son na Gaedhealtachta. 1. - Tá an Gaedhealtacht bocht. Gídh go bhfuil na feirmeóirí saotharach go leór is beag, suarach an talamh atá aca agus is éigean do na daoinibh óga imtheacht as Éirínn acht an mac is sine, b'fhéidir. Tig linn ceárda nuadha a chur ar bun ar dóigh gho mbéidh obair le fagháil 'sa bhaile ag na daoinibh óga. Duine agus ceád aige thiocfadh leis í a mhúineadh don' aos óg. 2. - Béidh achan mhuirghean againn ag baint airgid as an Ghalltacht agus ghá chaitheamh sa Ghaedhealtacht. Bheirfeadh beirt daoine £100 an bhliadhain isteach in aon pharóiste amháin. Ba mhór an rud seo. 3. - 'Sa chomharsanacht go bhfuil mé i mo chomhnuidhe ann tá scéalta agus abhráin go leór ag na daoinibh agus tá méas mór aca ar an Ghaedhílg. Sé an Coláiste Gaedh- ealach a chuir an meas seo ar an Ghaedhilg, agus gan an Coláiste is dóigh go mbéadh an Ghaedhilg a' dul i laige. Tig le daoinibh a thiocfadh isteach 'sa Ghaedhealtacht ar rud céadna a dheanamh i n-achan áit. 4. - Tig linn leabhair Ghaedhealacha a scaipeadh 'sa Ghaedhealtacht mar do rinne Inghean Uí Mhathghamna. D'fhoscail sí leabhar- lann Gaedhealach agus bionn muintear na h-áite sin ag léigheamh na Gaedhilge go coitceannta. Tig linn fosta páipéir Gaedhealacha a chur ar siubhal i n-achan cheanntar mar "An Lóchrann" i g-Ciarruidhe. A. de B. (Tuilleadh le teacht.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services