Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Obair le déanamh 'sa Ghaedhealtacht.

Title
Obair le déanamh 'sa Ghaedhealtacht.
Author(s)
A. de B.,
Pen Name
A. DE B.
Composition Date
1916
Publisher
The Irishman

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Obair le déanamh 'sa
Ghaedhealtacht.



Bhudh mhaith liom anois a léiriú' goidé
mar a thiocfadh linn an Ghaedhilg a neartú'
dá mbéadh dream mór againn 'nár
g-comhnuidhé 'sa Ghaedhealtacht, agus 'na
dhiaidh sin goidé mar is furas dúinn dul
annsin.



A. - An obair ar ár son fhéin.



1. - Is san Ghaedhelatacht amháin a thig
linn Gaedhilgeóirí a dheanamh dínn fhéin i
g-ceart. Daoine atá 'na g-comhnuidhe 'sa
Ghalltacht cha dtig leó an Ghaedhilg a
labhairt mar príomh-theanga, agus mar sin
cha dtig leó an Ghaedhilg a scríobhadh ar nós
liteardha. Cha mhairfidh an litridheacht
Gaedhealach acht 'sa Ghaedhealtacht agus gan
litridheacht cha mhairfidh an Ghaedhilg.



Ó scríobh mé an méad seo, taisbeanadh
dom na focail seo atá le fagháil i
"LITERATURE IN IRELAND," leabhar
deireannach Thomais Mac Donnchadha:
"I believe it would be better for Ireland and
for the Irish language if, instead of the Gaelic
League as it is, we had a different thing, a folk
movement in the Gaedhealtacht, a MOVE-
MENT COMING FROM THE WEST
EASTWARD, not an organisation with its
capital the capital of the Pale … I
believe the people to whom we must look to
produce a new Irish literature are young people
of the Gaedhealtacht."



2. - Tig linn saoghal lán-Ghaedhealach a
chaitheamh 'sa Ghaedhealtacht amháin, sé sin
an saoghal is aoibhne i n- irinn. Scríobh-
faidh mé lá eile fé dtaobh de shamhas agus
sásamh an t-saoghail 'sa Ghaedhealtacht.



3. - Nuair a bhéidh ceithre bhliadhna nó
mar sin caithte againn 'sa Ghaedhealtacht
béidh an Ghaedhilg againn go flúirseach, go
cruinn. Má's maith linn, tiocfaidh liun
dul ar ais chun na Galltachta annsin agus
an Ghaedhilg a mhúineadh a's a scaipeadh.
Dar liom-sa, b'fhearr dúinn stopadh 'sa
Gaedhealtacht, mar is dóigh liom go
dtiocfadh linn an obair is tabhachtaighe a
dhéanamh annsin Seo chuid dén odair go
bhfhuil mé ag trácht oirthí.



B. - Obair ar son na Gaedhealtachta.



1. - Tá an Gaedhealtacht bocht. Gídh go
bhfuil na feirmeóirí saotharach go leór is
beag, suarach an talamh atá aca agus is
éigean do na daoinibh óga imtheacht as
Éirínn acht an mac is sine, b'fhéidir. Tig
linn ceárda nuadha a chur ar bun ar dóigh
gho mbéidh obair le fagháil 'sa bhaile ag na
daoinibh óga. Duine agus ceád aige
thiocfadh leis í a mhúineadh don' aos óg.



2. - Béidh achan mhuirghean againn ag
baint airgid as an Ghalltacht agus ghá
chaitheamh sa Ghaedhealtacht. Bheirfeadh
beirt daoine £100 an bhliadhain isteach in
aon pharóiste amháin. Ba mhór an rud seo.



3. - 'Sa chomharsanacht go bhfuil mé i mo
chomhnuidhe ann tá scéalta agus abhráin go
leór ag na daoinibh agus tá méas mór aca
ar an Ghaedhílg. Sé an Coláiste Gaedh-
ealach a chuir an meas seo ar an Ghaedhilg,
agus gan an Coláiste is dóigh go mbéadh
an Ghaedhilg a' dul i laige. Tig le daoinibh
a thiocfadh isteach 'sa Ghaedhealtacht ar rud
céadna a dheanamh i n-achan áit.



4. - Tig linn leabhair Ghaedhealacha a
scaipeadh 'sa Ghaedhealtacht mar do rinne
Inghean Uí Mhathghamna. D'fhoscail sí leabhar-
lann Gaedhealach agus bionn muintear na
h-áite sin ag léigheamh na Gaedhilge go
coitceannta. Tig linn fosta páipéir
Gaedhealacha a chur ar siubhal i n-achan
cheanntar mar "An Lóchrann" i g-Ciarruidhe.



A. de B.



(Tuilleadh le teacht.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services