Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bun na h-Oibre
Title
Bun na h-Oibre
Author(s)
A. de B.,
Pen Name
A. DE B.
Composition Date
1916
Publisher
The Irishman
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Bun na h-Oibre. Bun na h-oibre, ré an Ghaedhealtacht. Cur romhat léarscáil na h-Éireann. Féach mar atá cuanta na tíre beagnach uilig ar imeall-bhórd an iarthair, sé sin ar an Fhairrge Mhóir. Tá aghaidh na h-Eireann os comhair na h-Eorpa do réir nádúra gídh go bhfuil súla ag a lán daoine os comhair Sasan agus Uestminster anoir. Léigh stáir na h-Eireann. Bheirfidh tú fé n-deara gurbh é áit daingean na n-Gaedheal iarthar na h-Eireann 'san am fad ó nuair do bhí cumhacht agus saoirse ag na Gaedhealaibh. Is ó chuantaibh an iarthair a chuaidh tráchtáil na h-Eireann ar fad chun ceannuigheachta a dhéanamh agus chun an Chreidimh a's na foghluma a scaipeadh. Is i Sligigh a's i n-Gaillimh a's i Luimnigh, &rl., do bhí ceannuidhthe saidhbhre na n-Gaedheal 'na g-comhnuidhe agus 'siad na Gaedhil do chuir na bailte móra siúd ar bun beagnach uilig. Ní mar sin a scéal 'san oirthear. Chuir na Gaill bailte móra an oirthir ar bun, agus áite daingne na n-Gall dob' iad i g-comhnuidhe. Ar g-cailleamhaint a d-teangan fhéin i n-diaidh a saoirse do na Gaedhealaibh, d'iompuigh siad a n-aghaidh ón Eorpa agus leag siad a súla ar an oirthear agus ar Shasan. Is annsin do thosnuigh siad ar chur fútha i m-bailthibh móra na n-Gall, agus is 'san oirthear atá an chuid is mó de na Gaedhealaibh indiu, is truagh an scéál. Féach anois mar atá an saoghal aca. Tá an chuid is mó díbh ar fostughadh le Sasanachaibh no le seóininibh agus cha d-tig leo a saoghal a riaghladh mar is mian leó. Cha dtig leó an Ghaedhilg a labhairt mar is 'san Bhéarla a ghnidhtear a n-gnó ar fad. Cha ditg leó a muirighean a Ghaedhealú' mar atá siad a lár an Bhéarlachais mar long 'san fhairrge. A Ghaedheala, iompuighidh mór d-timcheall! Leigidh siar bhur súla arís. Is 'san iarthar atá an Ghaedhilg beo. Is annsin atá saoghal na sean-Ghaedheal le feiceáilt go fóill. Is annsin a thiocfadh linn saoghal na n-Gaedheal a chur ar bun gan cur isteach ón Bhéarlachas. Caithfidh sinn an obair a thosnú' 'san Ghaedhealtacht, agus 'na dhiaidh sin, caithfidh sinn mion-Ghaedhealtacht a chur ar bun i n-achan áit ann a bhfuil an teanga beó. Caithfidh an lámh uachtair a bheith ag an Ghaedhealtacht as seo amach fé mar a bhí sí ag an Ghalltacht go d-tí seo. Mar sin' ar n-dlúthbhaint le chéile dóibh rachaidh anál na Gaedhealtachta fén Ghalltacht. Cha dtig linn an Ghaedhealtacht gríosú' as an Ghalltacht. MáS mian linn saoghal Gaedhealach a chur ar siubhal, caithfidh dream mór againn dul isteach 'san Ghaedhealtacht chun bheith 'nár g-comhnuidhe innte. A. de B. (Tuille le teacht.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services