Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bun na h-Oibre

Title
Bun na h-Oibre
Author(s)
A. de B.,
Pen Name
A. DE B.
Composition Date
1916
Publisher
The Irishman

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Bun na h-Oibre.



Bun na h-oibre, ré an Ghaedhealtacht.



Cur romhat léarscáil na h-Éireann.
Féach mar atá cuanta na tíre beagnach
uilig ar imeall-bhórd an iarthair, sé sin ar
an Fhairrge Mhóir. Tá aghaidh na h-Eireann
os comhair na h-Eorpa do réir nádúra
gídh go bhfuil súla ag a lán daoine os
comhair Sasan agus Uestminster anoir.
Léigh stáir na h-Eireann. Bheirfidh tú fé
n-deara gurbh é áit daingean na n-Gaedheal
iarthar na h-Eireann 'san am fad ó nuair
do bhí cumhacht agus saoirse ag na
Gaedhealaibh. Is ó chuantaibh an iarthair a
chuaidh tráchtáil na h-Eireann ar fad chun
ceannuigheachta a dhéanamh agus chun an
Chreidimh a's na foghluma a scaipeadh. Is i
Sligigh a's i n-Gaillimh a's i Luimnigh, &rl.,
do bhí ceannuidhthe saidhbhre na n-Gaedheal
'na g-comhnuidhe agus 'siad na Gaedhil do
chuir na bailte móra siúd ar bun beagnach
uilig.



Ní mar sin a scéal 'san oirthear. Chuir
na Gaill bailte móra an oirthir ar bun,
agus áite daingne na n-Gall dob'
iad i g-comhnuidhe. Ar g-cailleamhaint a
d-teangan fhéin i n-diaidh a saoirse do na
Gaedhealaibh, d'iompuigh siad a n-aghaidh ón
Eorpa agus leag siad a súla ar an oirthear
agus ar Shasan. Is annsin do thosnuigh siad
ar chur fútha i m-bailthibh móra na n-Gall,
agus is 'san oirthear atá an chuid is mó de
na Gaedhealaibh indiu, is truagh an scéál.



Féach anois mar atá an saoghal aca. Tá
an chuid is mó díbh ar fostughadh le
Sasanachaibh no le seóininibh agus cha d-tig
leo a saoghal a riaghladh mar is mian leó.
Cha dtig leó an Ghaedhilg a labhairt mar is
'san Bhéarla a ghnidhtear a n-gnó ar fad.
Cha ditg leó a muirighean a Ghaedhealú' mar
atá siad a lár an Bhéarlachais mar long
'san fhairrge.



A Ghaedheala, iompuighidh mór d-timcheall!
Leigidh siar bhur súla arís. Is 'san iarthar
atá an Ghaedhilg beo. Is annsin atá saoghal
na sean-Ghaedheal le feiceáilt go fóill.
Is annsin a thiocfadh linn saoghal na
n-Gaedheal a chur ar bun gan cur isteach
ón Bhéarlachas. Caithfidh sinn an obair a
thosnú' 'san Ghaedhealtacht, agus 'na dhiaidh
sin, caithfidh sinn mion-Ghaedhealtacht a chur
ar bun i n-achan áit ann a bhfuil an teanga
beó. Caithfidh an lámh uachtair a bheith ag
an Ghaedhealtacht as seo amach fé mar a bhí
sí ag an Ghalltacht go d-tí seo. Mar sin'
ar n-dlúthbhaint le chéile dóibh rachaidh anál
na Gaedhealtachta fén Ghalltacht.



Cha dtig linn an Ghaedhealtacht gríosú'
as an Ghalltacht. MáS mian linn saoghal
Gaedhealach a chur ar siubhal, caithfidh dream
mór againn dul isteach 'san Ghaedhealtacht
chun bheith 'nár g-comhnuidhe innte.



A. de B.
(Tuille le teacht.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services