Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Ghaedhilg ag an Chros-bhóthar.
Title
An Ghaedhilg ag an Chros-bhóthar.
Author(s)
A. De B.,
Composition Date
1916
Publisher
The Irishman
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Ghaedhilg ag an Chros-bhóthar. Goidé mar tá cúis na Gaedhilge anois? Tá sinn ag an chrosbhóthar. Tá dhá bhealach os ár g-comhair. Tig linn dul ar aghaidh leis an teanga mar stuidéir liteardha amháin nó mar rud fíor-bheó. Má leanfaidh sinn ar an chéad-bhealach cha mhairfidh an Ghaedhilg mar teanga na tíre acht béidh sí mar cúis stuidéir do scolairíbh amháin cosamhail leis an Laidean nó an Gréigis. Má ghlacfaidh sinn an bealach eile mairfidh an Ghaedhilg agus mairfidh na Gaedhil. An bealach seo, 'sé an bealach faoi choinne saoghail lán-Gaedhealaigh. Caithfidh sinn saoghal Gaedhealach a chur ar bun agus a leathnú' agus a dhainginiú', mar is cúis an násiúin cúis na teanga. *** Cha dtig le Connradh na Gaedhilge leis fhéin an obair atá romhainn a dhéanamh. Is maith an rud gan an Connradh a bheith a' baint leis an pholitidheacht mar atá a lán gnótha aige gan í. Mar sin fhéin, níor mhór do Ghaedhealaibh eagla a bheith orra roimh an phoilitidheacht. I n-deireadh an scéil buineann achan chúis teangan san domhain leis an phoilitidheacht. Sé an phoilitidheacht a chuir an smacht agus an donas ar an Ghaedhilg ar dtúis. Thuit an Ghaedhilg leis an naisiúin agus gan éirghe don' náisiún cha n-eireochaidh an Ghaedhilg. *** Is mór an obair atá déanta ag Connradh na Gaedhilge. Do bhain sé amach meas don' Gaedhilg ar fud na tíre - agus ar fud an domhain. Chuir sé an Ghaedhilg ar bun i g-cuid móir de na scoileannaibh, agus 'san iolscoil. Rinn sé morán rudaí nach iad. Buidheachas leis an Chonnradh, tá an Ghaedhilg láidir anois. Fiche bliadhian ó shoin, ba dhoiligh a foghluim. Cha rabh sé furas leabhair ceachtaí a fhagháil. Anois tá amhalairt de scéal ann. Tig le duine an Ghaedhilg a bheith aige i g-ceann tamaill bhig má leanann sé leis an obair do réir modha an Athar Ua Tuathail agus má chaitheann sé a laethe saoire 'san Ghaedheal- tacht. Tig le achan duine an Ghaedhilg a léigheamh i g-ceann leith-bhliadhna. *** Mar sin, cad chuige nach bhfuil an Ghaedhilg dá labhairt go coitcheanta go fóill? Do réir mo thuairim fhéin, seo an fáth: tá sinn ag múineadh na Gaedhilge agus ag foghluim na Gaedhilge, acht níl sinn, mar adeirfeá, ag tógáilt saoghail Ghaedhealaigh no saoghal go m-béadh faill ann chun na Gaedhilge a labhairt. Dá m-béadh saoghal Gaedhealach againn thiocfadh an Ghaedhilg ar bhéal na n-daoine agus na scoláirí gan iarracht. Neartochadh an saoghal an teanga agus neartochadh an teanga an saoghal. *** Goidé mar a thiocfadh linn saoghal Gaedhealach a chur ar siubhal? Scríobhfaidh mé faoi dtaobh dén cheist seo an t-seach- tain seo chugainn. A. de B.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services