Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Ghaedhilg ag an Chros-bhóthar.

Title
An Ghaedhilg ag an Chros-bhóthar.
Author(s)
A. De B.,
Composition Date
1916
Publisher
The Irishman

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Ghaedhilg ag an
Chros-bhóthar.



Goidé mar tá cúis na Gaedhilge anois?
Tá sinn ag an chrosbhóthar. Tá dhá bhealach
os ár g-comhair. Tig linn dul ar aghaidh
leis an teanga mar stuidéir liteardha
amháin nó mar rud fíor-bheó. Má leanfaidh
sinn ar an chéad-bhealach cha mhairfidh an
Ghaedhilg mar teanga na tíre acht béidh sí
mar cúis stuidéir do scolairíbh amháin
cosamhail leis an Laidean nó an Gréigis.
Má ghlacfaidh sinn an bealach eile mairfidh
an Ghaedhilg agus mairfidh na Gaedhil. An
bealach seo, 'sé an bealach faoi choinne
saoghail lán-Gaedhealaigh. Caithfidh sinn
saoghal Gaedhealach a chur ar bun agus a
leathnú' agus a dhainginiú', mar is cúis an
násiúin cúis na teanga.



***



Cha dtig le Connradh na Gaedhilge leis
fhéin an obair atá romhainn a dhéanamh. Is
maith an rud gan an Connradh a bheith a'
baint leis an pholitidheacht mar atá a lán
gnótha aige gan í. Mar sin fhéin, níor
mhór do Ghaedhealaibh eagla a bheith orra
roimh an phoilitidheacht. I n-deireadh an
scéil buineann achan chúis teangan san
domhain leis an phoilitidheacht. Sé an
phoilitidheacht a chuir an smacht agus an
donas ar an Ghaedhilg ar dtúis. Thuit an
Ghaedhilg leis an naisiúin agus gan éirghe
don' náisiún cha n-eireochaidh an Ghaedhilg.



***



Is mór an obair atá déanta ag Connradh
na Gaedhilge. Do bhain sé amach meas
don' Gaedhilg ar fud na tíre - agus ar
fud an domhain. Chuir sé an Ghaedhilg ar
bun i g-cuid móir de na scoileannaibh,
agus 'san iolscoil. Rinn sé morán rudaí
nach iad. Buidheachas leis an Chonnradh, tá
an Ghaedhilg láidir anois. Fiche bliadhian
ó shoin, ba dhoiligh a foghluim. Cha rabh sé
furas leabhair ceachtaí a fhagháil. Anois tá
amhalairt de scéal ann. Tig le duine
an Ghaedhilg a bheith aige i g-ceann tamaill
bhig má leanann sé leis an obair do réir
modha an Athar Ua Tuathail agus má
chaitheann sé a laethe saoire 'san Ghaedheal-
tacht. Tig le achan duine an Ghaedhilg a
léigheamh i g-ceann leith-bhliadhna.



***



Mar sin, cad chuige nach bhfuil an
Ghaedhilg dá labhairt go coitcheanta go
fóill? Do réir mo thuairim fhéin, seo an
fáth: tá sinn ag múineadh na Gaedhilge
agus ag foghluim na Gaedhilge, acht níl
sinn, mar adeirfeá, ag tógáilt saoghail
Ghaedhealaigh no saoghal go m-béadh faill
ann chun na Gaedhilge a labhairt. Dá
m-béadh saoghal Gaedhealach againn thiocfadh
an Ghaedhilg ar bhéal na n-daoine agus na
scoláirí gan iarracht. Neartochadh an
saoghal an teanga agus neartochadh an
teanga an saoghal.



***



Goidé mar a thiocfadh linn saoghal
Gaedhealach a chur ar siubhal? Scríobhfaidh
mé faoi dtaobh dén cheist seo an t-seach-
tain seo chugainn.



A. de B.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services