Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Síoghra Dubh
Title
Síoghra Dubh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Rathaille, Tomás
Composition Date
1702
Publisher
(B.Á.C.: Connradh na Gaedhilge, 1909)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tomás Ó Rathaille do sholáthruigh. Feacht n-aon dia raibhe Rí Lochlann, .i. Maghnus mac Arailt, ar fhaithche dhúnaid na Beirbe, agus dob é fad agus leathad na faithche sin, .i. seacht míle dhéag ina fad agus seacht míle ina trasna, agus í 'na clár chomhthrom chóimhréidh, agus leac lánmhaiseach lóghmhar ar lármheadhón na faithche sin, ina ríoghthaoi Rí Lochlann do ghnáth. Agus do ba béas gnáith don rígh sin (gér líonmhar a churadha coiméada agus a mhílidh mhór-anacail) éirghe go moch gacha maidne do chuardughadh na faithche fóidréidhe sin gan aon neach ina fhochair; agus do shuidh an Rí an lá sin ina ionad ríoghdha ar an bhfaithche, mar fá gnáth leis roimhe riamh. 2. Ní fada do bhí ann in tan do chonnairc aon-óglách mór míleata mear-chalma i dtrealamh gaisgidh dá ionnsaighe; agus fá holc leis an Rígh gan a lucht coimeáda do bheith ina fhochair, ar uamhan agus ar imeagla an óglaoich mhóir. Mar tháinig an
t-óglaoch do láthair, do iarr an Rí fair suidhe ina fhochair féin san ionad i raibhe. Adubhairt an t-óglaoch nach suidhfeadh, agus nachar dhual dosan neach do shuidhe 'na fhochair san ionad (sin acht neach don fhuil ríoghdha, "agus ní di sin mise," ar sé; "gidheadh, suidhfead annso it fhiadhnaise, agus diongbhamaoid) ar aon triur ridire nó gaisgidheach, agus ar n-aghaidh ar a chéile d'éin-leith, óir doghéansa faire agus forchoiméad duitse, agus déanasa dhamhsa mar an gcéadna." "Doghéan," ar an Rí; "agus innis damh anois cia thú féin d'fholaibh uaisle nó anuaisle an domhain." "Ní dhiongan mo shloinneadh dhuit," ar an t-óglách, "acht gurab ridire mé ghabhas tuilleamh agus tuarasdal ó ríoghaibh agus ó thighearnaibh an domhain, agus ní bhfuil do chommaithse do ríoghaibh agus do thighearnaibh teanna na talmhan nár ghabhas tuarasdal uadha, agus do b'áil liom bheith tamall ar do theaghlachsa." "Is maith liomsa sin," ar an Rí, "agus déanasa cor agus muinnteardhas riom." 3. Do rinne an t-óglách muinnteardhas bliadhna fris an Rígh, agus adubhairt an Rí annsin: "Ó nach sloinne do chinéal damh," ar sé, "caidhe h-ainm re siobhal an domhain?" "Goirthear anmanna iomdha dhíom," ar an t-óglaoch. "Innis damh iad," ar an Rí. "Inneosad," ar an t-óglaoch, "acht go bhfuighear an athchuingidh iarrfad ort." "Cluinim uait í," ar an Rí. "Ag so í," ar an t-óglaoch, ".i. gach comhlann dá dhochracht nó dá mhéad dá dtiocfa i gcríochaibh Lochlann ris an mbliadhain si bhiadsa innte, gan a chur thoram chum ridire ná chum gaisgidhigh oile san domhan." "Is aisgidh dheaghlaoich sin," agus do gheabhairse í." "Má 'seadh, inneosa mé mh'anmanna dhuit feasda," ar an t-óglaoch. "Carón Cneas-odhar mh'ainm ris na seacht mbliadhnaibh do bhádhas im ghiolla ag Bhulcán, .i. gabha ifrinn, ag iomchar ghuail agus mhianaigh dó, gur odhruigheadar foghaotha doilbhthe diabhalda mo chorp agus mo chneas, agus ní tháinig mo dhath (féin) orom nó go bhfuaras deocha bríoghmhara buan-leighis (agus fothragain) diana díoghraiseacha, agus táinig mo dhath agus mo ghné féin damh
ina dhiaidh sin. Taisdealach na dTroighdheach ainm oile dhamh," ar sé. "Créad uime a ngoirthear sin díot?" ar an Rí. "Na Troigheadhuigh," ar sé, "cinéal daoine atá san Domhan Toir, de chinéal Caim mic Naoi, agus is díobh sin Caitcheannaigh agus Coincheannaigh agus Gabharcheannaigh, agus gach éagosg toratardha oile; agus, an uair bhímse ag gabháil a ngiall agus a mbraighde, Taisdealach na dTroigheach mh'ainm an uair sin. Síoghra Dubh mo ghnáth-ainm féin, agus gidh bé dhíobh sin ainm is usa leatsa do ghairm dhíom, gair díom é," ar an t-óglaoch. "Goirfeadsa Síoghra Dubh dhíot," ar an Rí, "óir dochluinim gurab é ainm is gnáthaighe ghoirthear dhíot é." "Isé go deimhin," ar an t-óglaoch. 4. Do bhádar mar sin ag innisin sgéal dá chéile nó go dtángadar slóigh agus sochaidhe chathrach na Beirbe ar an bhfaithche, nó go rabhadar glanchluichidhe an aonaigh agus an oireachtais aga gcur, agus gér bh'iomdha mac ríogh agus tighearna agus damhna deighríogh annsin, isé Síoghra Dubh rug buaidh an aonaigh uile an lá sin, agus mar tháinig deireadh an laoi aga n-ionnsaighe, tángadar aos freasdail agus fritheolmha na cathrach chuca, dá mbreith do chaitheamh na fleidhe do bhí ionchaithmhe ar a gcionn an uair sin. Do ghluaiseadar na sluaigh uile chum na cathrach, agus do suidheadh gach aon acu ina ionad urdhálta féin, do réir a uaisle agus a innmhe agus a onóra; agus an uair do shaoil an Síoghra Dubh a bhreith i measg shluagh agus shochaidhe riodaire agus gaisgidheach go honórach, ní hamhlaidh sin do rinneadh ris, acht a chur i seómra (dhorcha) an n-oidhche sin, agus lucht freasdail agus fritheolmha leis. Ba machtnadh mór le Síoghra an ní sin, óir níor chleacht a leithéid do tharcuisne d'fhagháil roimhe riamh. Gidheadh, do fhulaing sin an n-oidhche sin, agus níor mhaise leis an t-ionad sin inar fágbhadh é d'fhágbháil nó go gcurthaoi teachta ar a chionn, agus do fhan mar sin an dara hoidche, agus an treas oidhche, agus ní headh amháin acht go ceann bliadhna ar an órdughadh sin; gurab i gcionn na bliadhna do chuimhnigh an Rí ar an óglaoch n-anaithnid, agus do ba doiligh leis a dhearmad. Gidheadh, adubhairt an Rí: "Cá bhfuil taoiseach coiméada mo shéad?" ar sé. "Atáim annso," ar an taoiseach.
"Éirigh mar a bhfuil Síoghra Dubh, agus beir a thuarasdal dá ionnsaighe, .i. uinge dh'ór." Do éirigh an taoiseach, agus do chuaidh mar a raibhe Síoghra Dubh, agus do bheannuigh dó. Do fhreagair Síoghra go gruama é. "Ag so do thuarasdal duit, a Shíoghra," ar an taoiseach. "Cá hionad i bhfuil sé agat?" ar Síoghra. "Atá in mo dhorn deas," ar an taoiseach, ".i. uinge dh'ór." "Dobheirim briathar," ar Síoghra, "nár samhluigheadh mo thuarasdal riomhe riamh i ndorn deas ná chlé." Annsin do éirigh go bhfeirg mhóir agus go mbruth mílidh, agus do nocht a chloidheamh cruaidh colg-dhíreach, agus tug béim don taoiseach, gur dhealuigh a dheaslámh ris, agus adubhairt Síoghra: "Atá i ngleann fairrge ar leath Lochlainn rí nach samhlóchadh re deich gcéad uinge dh'ór mar thuarasdal san mbliadhain mé, agus luighim fóm armaibh gaisge, muna bheith an beagán cuir agus muinnteardhais do rinneas re Rígh Lochlann, go ndúnfainn na seacht ndóirse agus seacht bhfichid doras atá ar dhúnadh na Beirbe, agus go bhfúigfinn an chathraigh fá dhoighir dhonn-ruaidh dhearg-lasrach, agus go n-imeórainn bás ar an Rígh agus ar a mhuinntir." 5. Is annsin do ghluais an taoiseach ina réim reatha nó go ráinig i bhfiadhnaise Ríogh Lochlann, agus do léig fiarthrasna ar fiarlaoid na mór-chathrach é, agus do léig taise agus táimhnéala báis dá rochtain. Fiafruigheas an Rí sgéala dhe. "Atáid droch-sgéala agam," ar sé; "óir ní fheaca rem chuimhne riamh aonduine as measa 'ná an té chum a ndeacha; agus is cuid dá olc gur bhean sé mo lámh dhíomsa, agus gur fhóbair bás d'imirt orm; agus adubhairt ní ba measa liom 'ná sin uile, .i. do luigh fá mhionnaibh a chineóil, acht muna bheith an beagán cuir agus muinnteardhais do cheangail sé riotsa, a Rí, go ndúnfadh na seacht ndóirse agus seacht bhfichid doras atá ar dhúnadh na Beirbe, agus go loisgfeadh an chathraigh, agus go n-imeóradh bás ar do shluaghaibh, agus fós adubhairt go raibhe i ngleann fairrge ar leath Lochlann rí nach samhlóchadh re haon uinge dh'ór é, agus fós adubhairt go ndígheoladh an uinge dh'ór ortsa go maith." "Rachadsa dá dhíoghail sin ar Shíoghra," ar an Rí. Ró thiomsuigh an Rí a shluaigh, agus do gluaiseadar 'na mbuidhnibh toirteamhla go hairm i raibhe Sioghra Dubh.
"A Rí Lochlann," ar Síoghra, "créad ro ghluais d'ionnsaighe na háitesi indiu thu seoch gach lá oile don bhliadhain?" "Briathra móra do chuala do rádh dhuitse," ar an Rí. "Caidhe iad sin?" ar Síoghra. "Adubhrais go ndúnfá dóirse chathrach na Beirbe, agus go n-imeórthá bás ormsa agus ar mo shluaghaibh." "Adubhart amh," ar Síoghra. "Adubhrais fós," ar an Rí, "go raibh i ngleann fairrge ar leath Lochlann rí nach samhlóchadh re deich gcéad uinge dh'ór mar thuarasdal thu san mbliadhain, acht cé do shamhluigheassa re haon uinge dh'ór thu." "Adubhart," ar Síoghra. "Dá dhíoghailt sin ort tánagsa," ar an Rí. Mar do chualaidh Síoghra sin, do éirigh go feargach re briathraibh ainmhíne an Rígh, agus iseadh adubhairt: "Nocha bhfuil mo thuilleamh mbuidhe riot ná re neach oile dhod mhuinntir nó go bhfágbhar críocha Lochlann," ar sé, "agus luighim fám dhéithibh gur fhóbras ingheilt mo luinne agus neart mo láimhe d'imirt ortsa agus ar do shluagh." 6. Is annsin do ghabh eagla mhór Rí Lochlann gona mhuinntir, ódchonnarcadar fiuchadh feirge Shíoghra Dhuibh ag éirghe, agus ina dhiaigh sin adubhairt an Rí: "Innis damh cáit i bhfuil an rí sin nach samhlóchadh re deich gcéad uinge dh'ór thu, acht cé do shamhluigheassa thu re haon uinge mar thuarasdal san mbliadhain." "Olc an t-eolach ar do dhúthaigh thu," ar Síoghra, "agus, dá madh áil leat, do dhéanainnse eolas duit d'ionnsaighe an ríogh úd." "Is áil, go deimhin," ar an Rí, "agus ní dhiongan mo fhlaitheamhnas d'ollamhnughadh nó go bhfuighear eolas dá ionnsaighe, agus ar ghrádh h-oinigh agus h-eangnamha, a Shíoghra, déana eolas damh go ndeachainn do thabhairt mo chíosa ón rígh sin, óir is mór an uireasbha dom fhlaitheamhnas an rí sin gona fhorba agus gona fhearann." Agus adubhairt Rí Lochlann annsin: "A Shíoghra," ar sé, "cá líon rachamuid ar an siubhal sin?" "Bíodh do rogha agatsa dhíobh," ar Síoghra, "dul lucht da fhichid déag long ann nó lucht aon luinge amháin, óir is ionann fhóghnaid duit."
"Isí mo rogha dul seól da fhichid déag long ann," ar an Rí. "Má 'seadh," ar Síoghra, "deasuigh do shluagh agus do chobhlach go luath." 7. Do rinne Rí Lochlann sin, agus do chuadar ina longaibh, agus do bhí deich gcéad in gach luing dhíobh agus Síoghra Dubh ina aonar ina luing féin ag déanamh eolais dóibh. Agus do sheoladar rompa i muinchinn mhara agus mhórfhairrge, agus do éirigh an fhairrge dhóibh ina cnocaibh cuasacha cainnteacha ciachdhoilghe, agus ina mothar michéillidhe mórthonnach, go nach raibhe urgháirdiughadh meanman ná aigeanta aco, acht tuilcinn agus míolta móra agus beathadhaigh éigciallaidhe na fairrge aga gcur ar taobhaibh tulcha agus ar sleasaibh saorlong, agus do bhádar go ceann caecighis ar mhíosa ag taisdeal na dtonn agus ag imtheacht an aigéin. Agus, iar na dtuirsiughadh go mór, do chonnarcadar aon-oileán álainn éagsamhail, óir ba binn nuall sreabh, agus gotha éan, agus dórd beach, agus maighe mínsgothacha ann. Agus do fhiafruigh an Rí do Shíoghra ainm an oiléin sin. "Olc an t-eolach ar do dhúthaigh thu," ar Síoghra. "Ní fheadarsa má's dom dhúthaigh an t-oiléan úd," ar an Rí, "agus gá hainm dobhéara mé air?" "Oiléan an Chairthe Sgárlóide súd," ar Síoghra. "Créad um a ngoirthear sin de?" ar an Rí. "Cairthe sgárlóide atá annsúd ar lármheadhón an oiléin," ar Síoghra, "agus is amhlaidh atá sé agus leath gléigeal de agus an leath oile croidhearg, agus óircheann uaine fair, agus oircheann gorm, agus éadaighe an domhain do bhuain ris an leath ngeal doghéantaoi sgárlóid gheal uile dhíobh, agus a mbuain ris an leath ndearg doghéantaoi sgárlóid dearg uile dhíobh, agus a mbuain ris an óircheann uaine nó ghorm doghéantaoi sgárlóid uaine nó ghorm uile dhíobh, agus is maith an séad é," ar Síoghra, "agus is uaidh ainmnighthear an t-oiléan." "Déanam d'ionnsaighe an oiléin agus an chairthe," ar an Rí. 8. Do ghluaiseadar an cobhlach chum an oiléin, agus ar rochtain an chairthe dóibh, do thubhadar a n-éadaighe uile fris, agus do inneadh sgárlóid díobh, agus a rogha datha do na cheithre dathaibh do bhí ar an gcairthe ag gach neach ar a éadach féin. "Séad ríogh agus tighearna súd," ar an Rí, "agus ní cubhaidh re neach a bheith aige acht an neach dá ngoirfidhe Rí Lochlann, agus
is ar fhaithche chathrach na Beirbe is cóir a bheith, óir isí faithche is fearr atá san domhan í." "Ná habair sin," ar Síoghra, "óir ní cóir a breith ar an oiléan ór hainmnigheadh é, agus do badh díothchur flaitheasa dhuit an cairthe d'athrachadh as a hionad féin." "Dobheirimse fám bréithir," ar an Rí, "nach fúigfeadsa an t-oiléan nó go dtógthar an cairthe as a hionad leis na sluaghaibh." Do goireadh a lucht feadhma agus fíoroibre chum an Ríogh, agus do ráidh riú an cairthe do thógbháil agus do thochailt, agus do freagradh an fógradh sin ag na fíorlaochaibh, agus do tochladh an cairthe go tréanchalma, agus, ar n-iadhadh a lámh uime dá thógbháil, do tarraingeadh uatha san talamh síos é, go nár fágbhadh acht múr móradhbhal don talamh ós a chionn, agus níor bh'fheas dóibh ná do na sluaghaibh cá slighe ina ndeachaidh uatha. Agus mar do chonnairc an Rí sin, do chuaidh i dtaisibh agus i dtáimhnéalaibh, agus tángadar neoil anbhaile an bháis dá ionnsaighe do chumha an chairthe, agus ní fhacaidh riamh seoid is mó do chuir air ioná é, agus adubhairt dá bhfuigheadh neach do rachadh ar a lorg go dtiubhradh comhtha móra dhó d'ór, d'airgead, d'fhonn agus dó dhúthaigh, agus "a roghá mná aontumha dá bhfuil i gcríochaibh Lochlann," agus adubhairt, dá madh d'uaisle ríoghachta Lochlann do rachadh ann, go dtiubhradh trian na críche dhó. 9. Do bhádar dís mhac ag an Rígh dár bh'ainm Conn agus Earca, agus tángadar an dís mhacaomh do láthair an Ríogh, agus do foráladh na comhtha sin ortha, agus d'fhaomh Conn a nglachadh, agus adubhairt ris an Rígh go ngeobhadh féin dul do thóruidheacht na cairrge sgárlóide. Do ghabh an Rí ratha gréine agus éasga agus an uile dhúil fá n-a gcomhall dó, agus do rinneadh cómhra chláraigh dó, agus do ceangladh córdaí caola agus cáblaí cnáibe an da fhichid déag long as a chéile, agus do leigeadh síos i ndiaidh na cairrge sgárlóide é, agus ní mór go raibh a leordhóithin do na téadaibh aige re rochtain chum tailimh. Iar dtúirling dó, d'fhéach 'na thimcheall, agus do chonnairc tír threabhthach uaidh siar gacha díreach, agus ní fhacaidh riamh a shamhail do thír ná d'fhonn le n-a háilleacht ná le n-a haoibhneas; óir ba binn fóir a sreabh, dord a beach, agus fuaim a srothán, agus ceol a héallaith; ba hálainn a lubhghort, agus ba fionnfhuar a tiobraide glanfhuara
fíoruisge, agus ba habaigh ionchaithmhe toradh a crann agus a fiodhbhaidhe, agus an tír sin fá thuinn fheóir agus fhásaigh. Tug annsin a aghaidh siar gacha díreach, is do bhí ag siubhal na tíre go ceann trí lá agus teóra oidhche, agus ní fhacaidh aonduine ris an re sin. Agus i bhfoircheann na haimsire sin do chonnairc uaidh dún ríoghdha ró-álainn, agus cathair mhaiseach cheathair-uilleannach. Gidheadh, ní bhfuair rian ná taithighe shluagh chuice ná uaithe, agus do chonnairc i ndoras na cathrach dís de laochaibh, agus a n-aghaidh ar a chéile, agus corn crosórdha cumhduighthe cómhdhaingean i láimh fhir díobh dá shíneadh chum an fhir eile. Do bheannuigh dhóibh, agus níor fhreagair neach díobh dó, óir is amhlaidh bhádar marbh, agus do chuaidh timcheall, agus iad i néadaighibh eagartha óil, agus gan cuibhreann díse ná trír díobh ná raibh cuach, nó corn, nó cupán i láimh an dara fir díobh dá shíneadh chum an fhir oile, agus is amhlaidh do bhíodar uile marbh. Do chuarduigh an chathair, agus ní bhfuair seómra ná iargcúil diamhair insa gcathair ná raibh ar an órdughadh sin, agus iad uile marbh. Agus ró ghabh iongantas mór mac Ríogh Lochlann fán órdughadh sin do fuair ar an gcathair, agus do chuaidh i ngrianán oirdhearc, agus i lármheadhon an ghrianáin fuair tighearna agus árdfhlaith na cathrach ann, i gcathaoir álainn orloisgthe, agus macaomh maiseach mín-álainn ina fhiadhnaise, agus corn clochórdha cumhduighthe ba háille dá bhfacaidh riamh ag an rígh dá shíneadh chum an mhacaoimh, agus fithcheall álainn oirdhearc eatorra. Do bheannuigh Conn dóibh, agus do rinn umhla don rígh, agus níor fhreagair ceachtar díobh é, óir is amhlaidh ro bhádar marbh. Gabhas mac Ríogh Lochlann an corn do bhí i láimh an ríogh, agus níor fhéad a bhuain as a láimh, agus, ó nár fhéad, do nocht a chloidheamh, ar ngabháil fheirge dhó tré gan sgéala d'fhagháil uatha (óir do shaoil go rabhadar beó), agus tug béim cloidhimh don rígh, agus do dhealuigh a lámh agus an corn fris, agus adubhairt go mbéaradh an corn go Rígh Lochlann, agus do iompuigh ón chathair, ó nach fuair taithighe dhaoine chuice ná uaithe, agus ó nach fuair sgéala an chairthe sgárlóide; agus táinig san chonair chéadna tar ais nó go ráinig an chómhra chláraidh, agus do chroith na cáblaidhe, agus do tarraingeadh suas i bhfiadhnaise Ríogh Lochlann é. 10. Do fhiafruigh an Rí sgéala dhe; agus do innis a imtheachta ó thúis go deireadh, agus sgéala na tíre i ndeachaidh,
agus a hiongantais uile, agus tuairisg chathrach na bhfear marbh, agus nach fuair aonfhocal de sgéalaibh an chairthe sgárlóide. Mar do chualaidh an Rí sin, do mhéaduigh a dhubhachas, agus do thaisbéin an macaomh an corn don Rígh. "Ag so dhuit, a Rí," ar sé, "séad flatha fuaras i gcathair na bhfear marbh." Do moladh go mór an corn aco, agus adubhradar nach facadar riamh corn ba áille ioná é, agus ba fearr cumhdach, agus do thaitn sé go ró-mhór ris an Rígh; cidheadh níor thréig a dhobrón timcheall an chairthe sgárlóide. Do éirigh Earc Astalla, agus adubhairt do ghuth árdmhór shollas-ghlan rena bhráthair: "Ní fhacamar riamh, agus a theacht slán, aonduine is measa do rinne a thuras 'ná thu, óir ní thugais aonfhocal do sgéalaibh an chairthe sgarlóide lat , agus ní mó thugais a fhios lat créad do mharbh sluaigh na cathrach, agus ní mó atá 'fhios agat cia hí an tír 'na rabhais." Adubhairt Conn: "Dá madh cead le Rígh Lochlann na comhadha do gheall sé dhamhsa do thabhairt duitse, do badh cead liomsa é, dá fhios a' dtiubharthá sgéala an chairthe lat ní as fearr 'ná mar thugassa." "Dá bhfuighinn sin agus cuir agus teannta re comhall damh," ar Earc, "do rachainn ar lorg an chairthe." "Ní fearr liomsa a chomhall do neach oile 'ná dhuitse," ar an Rí. Tugadh na ratha agus na cuir chéadna do Earc Astalla, agus do ghluais roimhe, agus do léigeadh síos isan chómhra chláraidh é ar lorg an chairthe, agus triallas roimhe siar gach ndíreach, agus do thaitn an t-oiléan ris, agus is lughaide dob iongnadh leis a fhaicsin a gcualaidh do sgéalaibh na tíre óna bhráthair roimhe sin; agus níor sguir nó go ráinig an chathair, agus fuair dias isan doras, agus do labhair i dteangthaibh agus i n-ilbhéarlaidhibh iomdha riú, i ndóchas gurab uireasbaidh béarla nó theangan do bhí ar a bhráthair roimhe sin, agus nár tuigeadh uadha an teanga do bhí aige, agus ní hamhlaidh sin do bhí acht iadsan marbh. Agus do chuaidh Earc isteach isan chathair, agus fuair ar an órdughadh do innis a bhráthair roimhe sin í, agus, ó nach fuair aoinneach 'na bheathaidh innte, do chuaidh isan ghrianán do bhí os cionn na cathrach, agus fuair an rí ann go dtlacht ríoghdha uime, agus an macaomh
'na fhiadhnaise, agus an fhithcheall eatorra, agus an rí i n-éagmais a laimhe. Adubhairt Earc Astalla: "Truagh sin, a rí; do bheirimse aithne ort gurab id láimh do bhí an corn tug mo bhráthairse do Rígh Lochlann, agus is mairg do bhean do lámh díotsa, ar son seóide saoghalta ar bith, acht cé mór a bhuadha." (Ní críoch).
Síoghra Dubh Tomás Ó Rathaille do sholáthruigh. II. 11. Fágbhas Earc Astalla an chathair iar sin, agus do ghluais roimhe siar gach ndíreach an t-eolas inar ghabh a bhráthair roimhe sin, agus fuair an t-inneall céadna ar an gcrích, .i. a beith fá thuinn fheoir agus fhásaigh, agus gan lorg sluagh ná sochaidhe innte. Agus do bhí go ceann trí lá agus trí n-oidhche mar sin, agus i gcionn na ré sin do chonnairc dúnadh ríoghdha ró-mhaiseach uadha, agus cathair chuanna cheardamhail, agus ní fhacaidh riamh a hionamhail ar a háille, agus fuair thathaighe shluag agus shochaidhe i gcómhfhogas di; agus ar rochtain an dúnaidh dhó, ba lúthgháireach lánmheanmnach leis mongar na míleadh agus geóin na mórshluagh do chlos. Agus do chuaidh ar fhaithche an bhaile, agus fuair bile buadhach ar lármheadhón na faithche, agus tiobraid fhíor-álainn uisge fá bhun an bhile, agus iomchoiméad do bhán-umha timchioll na tiobraide, agus an sruth do shileadh aiste ag dul i bhfeadánaibh airgid, agus ealta éan ar bárr an bhile ag cantain cheóil agus oirfididh; agus ní chualaidh riamh ceól ba binne leis ná bheith ag éisdeacht ris an éanlaith ag cur a gceóil le chéile, agus
foghar an fhíoruisge ag dul tré fheadánaibh airgid. Do chuaidh Earc fá bhárr an bhile, agus do chuir a leaca fris, agus do thuit a thoirchim suain agus síorchodalta fair. Agus do bhí annsin nó go dtáinig maidean ar na mhárach, agus iseadh do mhúsgail é annsin .i. fuaim chomhlann na tiobraide aga hosgladh; agus do chonnairc iar sin macámh míndealbhach mná ag ionnladh a glac as an dtiobraid. Agus mar do chonnairc an macámh eisean, tug saobh-léim éadtrom eidearbhuasach, agus do bhíodhg go mór ar na fhaicsin di. "Ná gabhadh eagla thu, a mhacaoimh," ar sé, "óir ní heagal duit mise." "Ró badh córa dhuit féin eagla dod ghabháil 'ná dhamhsa," ar an inghean; "óir ní fhaca riamh, agus gan dealbh amadáin ort, neach ba amadánta 'ná thú." "Créad é an fáth?" ar Earca. "Atá," ar sí, "dá madh cáirde dhuit lucht an dúnaidhsi, do badh oircheasa dhuit bheith ag ól agus ag aoibhneas 'na bhfarradh 'ná bheith id chodladh annro ; acht munab eadh acht naimhde nó eascáirde, is olc an t-ionad iomghabhála fuarais, .i. faithche a mbaile féin." "Dom bréithir duit," ar Earc, "nach feadar an caraid nó an eascaraid damh atá ann." "Muna bhfeadrais," ar an inghean, "tar liomsa i measg na sluagh." 12. Do ghluais Earc Astalla mar aon ris an inghin isan chathraigh anonn. Agus is amhlaidh do bhí an chathair sin, agus naoi sleasa fuirre, agus naoi gcéad ar gach slios díobh; agus an slios ba neasa dhó ar ndul isteach agus naoi gcéad fair go bhfoltaibh buidhe bárr-chasa, agus naoi gcéad ar an slios ba neasa dhó sin go bhfoltaibh fíor-chasa for-ruadha, agus naoi gcéad ar an slios ba neasa dhó sin go bhfoltaibh fionn-bhuidhe, agus naoi gcéad ar an slios ba neasa dhó sin go bhfoltaibh dual-dhlútha donn-chasa, agus naoi gcéad ar an slios ba neasa dhó sin d'ingheanaibh sleamhain-bhlátha sliasaid-gheala, agus naoi gcéad ar an slios ba neasa dhó sin do bhanaltrannaibh caomha coirrchíocha go macaibh míodh-aoise ar a mbrollaighibh, agus naoi gcéad ar an slios ba neasa dhó sin d'fhileadhaibh agus d'fheallsamhnaibh, do mhnáibh agus do bhanntrachtaibh timchioll iomdhaidhe
an ríogh. Do éirigh fear ar gach slios díobh sin, agus fearas fáilte ris an óglaoch n-anaithnid, agus do iarr gach fear díobh ar a shlios féin é. Adubhairt an rí: "Ní hagaibh bhias an gaisgidheach anaithnid acht agamsa féin, agus curthar im fhiadhnaise é, óir is fearr liom buidheachas a onóra orom féin 'ná ar neach oile; agus dá dtugadh neach oil nó aithis dó, is mise do ghéabhadh aithbhear uadha." 13. Agus do suidheadh Earc Astalla i gcathaoir álainn go dtaitneamh óir i bhfiadhnaise cháich, agus d'fhiafruigh an rí sgéala de, nó cá tír as a dtáinig, nó cia hé féin d'uaislibh nó d'anuaislibh an domhain mhóir. "Ní cheilim sin ortsa, a rí," ar Earc; "as críochaibh Lochlann dam, agus is mac do Rígh Lochlann mé féin." Mar do chualaidh an rí sin, do rinn gean glé-mhaiseach gáire. "Créad é adhbhar do gháire?" do ráidh Earca. "Mar tá 'fhios agam," ar an rí, "nach lughaide ar an inghin úd le a dtángais isteach tú 'bheith id Lochlannach." "Créad an grádh atá aice do Lochlannach tar gach aon oile?" "Leanán atá aice i gcríochaibh Lochlann," ar an rí, "agus is ionmhain léi Lochlannaigh dá chionn." "Ná habair níos mó, a athair ionmhain," ar sí, "óir isé mo rogha céile agus columhain d'fhearaibh an bheatha atá annsúd, .i. Earca Dearg, mac Ríogh Lochlann." "An fíor súd, a mhacaoimh?" ar an rí. "Isé súd ainm atá orm," do ráidh Earca. "Atá comhartha maith agamsa air," do ráidh an inghean, ".i. léine threabhair shnáthchaol do shíoda éingheal atá agamsa, agus ní bhfuil neach dá n-oireann an léine sin acht d'Earca Dearg, mac Ríogh Lochlann, amháin." Do tugadh an léine chuca iar sin, agus d'fhéach Earca Dearg uime í, agus ní dhéanfadaois ar mhair do mhnáibh léine is fearr d'oir dó 'ná í. Agus d'fhiafruigh an rí sgéala de, créad do ghluais é, nó créad fár ghluais ina uathadh is ina aonar gan sochraid sluagh agus curaidhe. "Inneosad sin duit," ar Earca Dearg, "m'athairse féin, .i. Rí Lochlann, do theacht le gaisgidheach dár bh'ainm an Síoghra Dubh, d'iarraidh oiléin iongantaigh, agus teangmháil dóibh go na
sluagh i nOiléan na Cairrge Sgárlóide, agus an charraig do dhul síos uatha insa talamh, agus mo theachtsa ar a lorg i dtír uathmhair fhásaigh, agus gach aon dá raibh innte 'bheith marbh; agus as sin do rochtas gus an ndún so, d'iarraidh sgéil na cairrge sgárlóide, agus do gealladh comhtha móra dham ó Rígh Lochlann ar son sgéil d'fhagháil ón gCarraig, .i. trian tighearnais agus tánaisteacht chríche Lochlann, agus flathas chríche Lochlann 'na dhiaidh féin. Ag sin mo sgéala féin duit," ar sé. 14. Do bhádar ag ól agus ag aoibhneas 'na dhiaidh sin, agus ag cómhrádh re chéile, agus adubhairt Earca ris an rígh: "Ar ghrádh h-oinigh innis féin dam cia sibhse nó cá tír ina dtárlaidh mé don chor so." "Inneosad sin duit," ar an rí; "do Thuathaibh dealbh-chaoine dath-áille Dé Danann sinne," ar sé, "agus do fágadh an tír seo agam féin agus ag mo dhearbhráthair, agus fá hé mo dhearbhráthair féin fá ceann agus codhnach ar an oiléan sin do chonnarcais i bhfuil na daoine marbha. Agus d'éirigh confadh agus cogadh mór eadrainn fá chómhroinn na críche, mar is gnáthach do bhráithribh gaoil agus geinealaigh. 'Na dhiaidh sin do rinneadh síoth agus cáirdeas eadrainn, agus do bhámar amhail sin lán do ghrádh re haga fada. Agus do rinneadh fleadh nimhe fám comhairse agus fá chomhair mo mhuinntire; agus an uair ba hollamh ionchaithmhe an fhleadh, do chuir feasa agus teachta ar mo cheannsa agus ar cheann mo shluagh. Do chuadhas féin agus mo mhuinntear fá ghairm mo dhearbhráthar go bríoghmhar léir-thionólta; agus do suidheadh gach n-aon ina áit iomchuibhe féin do chaitheamh na fleidhe, agus is amhlaidh do hórduigheadh iad, .i. fear dá mhuinntir sin ar ghualainn fhir dom mhuinntirse, dá gcur ar caoi meisge agus marbhtha. Mar do chonnairc an fír-Dhia for-órdha an mhiosgais agus an míorún do bhí aca sin uile, do ceangladh na cuirn agus na lámha dá chéile, agus do ionntuigh a nimh orra féin, go bhfuaradar bás uile ar an órdughadh sin. Agus tánagsa agus mo muinntear iomlán dochum an dúnaidhsi, agus níor leigeas do neach dom muinntir buain ris an leath sin don tír ó sin i leith, agus atá trí céad bliadhan ó shoin, agus ní bhfuil aois ná orchra ar aonduine againne ón uair sin gus indiu, agus atáidsean fán orchra i rabhadar an lá sin na fleidhe. Agus Oiléan na Marbh ainm na tíre sin, agus Donn Eibhlinne m'ainmse
féin," ar an rí, "agus dearbhráithre dá chéile mise agus rí Chathrach na bhFear Marbh. Agus isiad sin ar sgéala, a mhic Ríogh Lochlann, agus do mhúinfinnse dhuitse mar do ghéabhthá sgéala an chairthe sgárlóide, .i. dá madh áil leat mh'ingheansa do thabhairt mar mhnaoi. Atá dias dearbhráthar ag an inghin, agus is clann damhsa iad, agus is acu atá fios sgéal an chairthe sgárlóide agus a fhagháil; agus do ghéabhthása uatha leis an inghin é, agus do choiseónadh na comhadha do gheall an Rí dhuit." "Is maith leamsa do chleamhnas agus do charadradh d'fhagháil," ar Earc. 15. Annsin do cuireadh fios ar cheann chloinne an ríogh, agus tángadar chuca iar na mhárach. Agus do rinneadh cleamhnas agus caradras acu, agus tugadh an cairthe agus an inghean do mhac Ríogh Lochlann; agus do bhí Earca go ceann cian-chaecighis isan dúnadh, agus annsin do ghabh lámh ar imtheacht, agus do thógaibh an cairthe leis. Adubhairt Donn Eibhlinne fris: "Beirse an cairthe lat," ar sé, "agus ní bha marthannach ag Rígh Lochlann é, agus coiseónaidh do chomhadha duitse; agus fágaibh do bhean annso go tiacht duit arís; agus innis damhsa cá háit i rachaidh Rí Lochlann don dul so." "Inneosad sin duit," ar Earca, ".i. óglaoch thárlaidh ag Rígh Lochlann, Síoghra Dubh a ainm, agus do bhí bliadhain iomlán aige, agus ní bhfuair do thuarasdal i gcionn na bliadhna sin act aon-uinge d'ór, agus ba beag leis an riodaire sin, agus adubhairt go raibhe i ngleann fairrge ar leath Lochlann rí nach samhlóchadh re deich gcéad uinge dh'ór mar thuarasdal san mbliadhain é, acht cé do shamhluigh Rí Lochlann re haon-uinge dh'ór é. Agus mar do chualaidh an Rí sin, adubhairt nach géabhadh gan eolas d'fhagháil uaidhsean, agus adubhairt an Síoghra Dubh go dtiubhradh. Agus do ghluaiseadar leis seól dá fhichid déag long ar an lear leathanmhór, agus deich gcéad in gach luing díobh, agus tárlamair insan Oiléan úd an Chairthe Sgárlóide; agus isiad sin ar sgéala agus ar n-imtheachta." "Má 'seadh," ar Donn Eibhlinne, "adeirimse riotsa a rádh ris an Rí gan dul ar eolas Shíoghra Dhuibh ní bhus fuide, agus, dá leana sé dhá eolas, is deimhin nach dearnaidh riamh turas ba measa leis; agus, muna ghabha sé mo chomhairlese, adeirim riot féin gan dul leis."
Do gheall Earc go ndiongnadh féin an chomhairle sin. 16. Do ghluais Earc roimhe, agus an cairthe leis, agus do fhágaibh a bhean, inghean Duinn Eibhlinne, annsin, agus fágbhas iomchomhairc beathadh agus sláinte ag an rígh agus aga mhuinntir. Agus do ráinig roimhe go Cathair na bhFear Marbh, agus as sin gus an ionad i raibhe an chómhra chláraidh, agus do chuaidh innte, agus do chraith na téada cnáibe, agus do tarraingeadh suas go hollamh i bhfiadhnaise Ríogh Lochlann é. Agus do fearadh fáilte fhris annsin ag an Rígh agus ag na sluaghaibh, agus ba lúthgháireach iad ar bhfaicsin an chairthe sgárlóide aige, agus do moladh go mór an gníomh do rinne. Is annsin do ghoir Earca an Rí leis ar fhód fá leith, agus do innis briathra Duinn Eibhlinne dhó, mar dubhairt ris gan leanmhain d'eolas Shíoghra Dhuibh, agus, dá leanadh, go madh aithreach leis é. Adubhairt an Rí nach anfadh nó go bhfaiceadh tighearnas an Ríogh adubhairt Síoghra Dubh do bheith i ngleann fairrge ar leath Lochlann nach samhlóchadh re deich gcéad uinge dh'ór mar thuarasdal san mbliadhain é. Agus adubhairt Earc nach rachadh féin ann. Do goireadh Síoghra Dubh chum an Ríogh, agus adubhairt ris eolas do dhéanamh mar do gheall. Do ghluais Síoghra go lúthgháireach chum a luinge; agus adubhairt an Rí nach géabhadh ó Earc gan dul leis, agus do chuaidh lais iar sin. 17. Do ghluais Síoghra Dubh rompa, ag déanamh eolais dóibh, agus do leanadar cách uile é ar dhruim mhara agus mhór-fhairrge, agus do bhádar deich lá fichead ag imtheacht na mara, agus fá mór do dhuadh agus d'imneadh fuaradar fris an ré sin. Agus i gcionn na haimsire sin do chonnarcadar oiléan uatha. "Cá hainm an t-oiléan úd?" ar an Rí. "Olc an t-eolach ar do dhúthaigh thú," ar Síoghra, "agus gan fios an oiléin úd agat." "Dom bréithir," ar sé, "níor bh'aithne damh súd, má's dom dhúthaigh é." "Iseadh, go deimhin," ar Síoghra, "agus Oiléan an Bhanntrachta súd," ar sé. "Créad adhbhar an ainme sin?" ar an Rí. "Oiléan súd," ar sé, "atá lán do bhanntracht agus d'ingheanaibh, agus ní bhfuil fear ar bith acu acht iad féin ag áitreabhadh an oiléin; agus ní bhfuil neach fir ná mná do chífeadh aon-bhean díobh nach tiubhradh grádh a anama dhi."
18. Mar do chualaidh an Rí sin, adubhairt rena chobhlach gabháil láimh ris an oiléan, agus a gcinn do chromadh 'na longaibh, agus gan féachain ar an mbanntracht. Do rinneadar an cabhlach sin, agus do bhádar ag gabháil láimh ris an oiléan. Mar do chonnarcadar an banntracht iad ag seachnadh an oiléin, do éirgheadar amach láimh re ciumhsaibh an chuain, agus do labhair bean díobh, agus iseadh adubhairt: "Cá ngabhann an cobhlach mór úd, is neamhshuirghe dá bhfacamar riamh?" ar sí. Do thógaibh óglach don chabhlach a cheann ris an gcómhrádh sin, agus do fhéach ar an mnaoi, agus iar na faicsin tug grádh a anma agus a chroidhe dhi, agus adubhairt, muna leigthí chum tíre é go luath, go bhfuigheadh bás gan fhuireach. Agus do thógaibh neach oile a cheann, agus do thógaibh an treas fear, agus ní headh amháin acht do thógbhadar urmhór an chobhlaigh uile a gcinn, gur fhéachadar ar an mbanntracht. Agus do chuadar lucht da fhichid long i dtír san oiléan díobh, agus ní raibh aoinfhear acu nár ghrádhuigh bean fó leith don bhanntracht. Agus do luighsead leó ar an láthair sin, agus do iadhdar na mná a lámha iompa, agus do theannsad riú go feidhm-láidir iad, ionnus gur fháisgeadar a gcroidhthe ina gcaobaibh cró tar a mbéalaibh amach, gur imreadar bás obann ar lucht an dá fhichid long sin. Adubhairt Rí Lochlann: "A Shíoghra Dhuibh," ar sé, "ní maith an t-eolas do rinnis dúinn, dá bhfuilid ar muinntear do dhíth orainn." "Ní mise adubhairt riú dul i dtír san oiléan," ar Síoghra, "agus gion gurab mór do dhíthse ris, is blogh do dhíoghailt na huinge dh'ór é." Adubhairt Rí Loclann rena chobhlach an t-oiléan d'fhágbháil go luath, agus d'imthigh féin roimhe, agus do leansad a mhuinntear é. Agus do labhair bean don bhanntracht do ghuth árd ghráineamhail: "Olc an díol grádha mhóir an cobhlac atá ann," ar sí; agus níor leig Rí Lochlann do neach dhá mhuinntir freagra do thabhairt uirre. Agus do bhádar a mhuinntear aga iarraidh ar an Rígh iompódh go críochaibh Lochlann arís. "Dobheirim briathar," ar sé, "nó go bhfaicthear an chríoch do gheall Síoghra Dubh damh, nach rachad go críochaibh Lochlann." "Doghéansa an t-eolas," ar Síoghra, "agus bíodh a rogha agatsa mo leanmhain nó gan mo leanmhain."
Do leansad an cobhlach uile é, agus do bhádar ag taisdeal tonn agus ag tréan-imtheacht na mara, agus ní bhfuaradar riamh roimhe ní re (a) samhlóchdaois a bhfuaradar d'olc agus d'imneadh ar an siubhal sin. Agus adubhairt Rí Lochlann: "Is fada atámuid gan trácht tíre ná talmhan d'fhaicsin, agus atáid ar sluagh ar na sníomh re saothar na mórmhara." "Truagh liomsa sin," ar Síoghra, "ríghe ná flaitheamhnas do bheith ag fear na mbriathar sin, agus nach fuair sé ní ba mó 'ná sin d'anshocracht ag cosnamh a thighearnais; agus, a Rí Lochlann," ar sé, "is mór d'anshocracht an domhain fuaras féin aga shiubhal, acht cidh beag mo thuarasdal uaitse." 20. Do bhádar da fhichid lá ar an órdughadh sin gan iath ná oiléan d'fhaicsin dóibh, agus i gcionn na ré sin do chonnarcadar taobh tíre uatha. "Cá hainm an t-oiléan úd, a Shíoghra?" ar an Rí. "Olc an t-eolach ar do dhúthaigh thú," ar Síoghra. "An dom dhúthaigh súd?" ar an Rí. "Is di," ar Síoghra, "agus Oileán na nEach a ainm". "Créad fá ngoirthear an t-ainm sin de?" ar an Rí. "Oiléan súd, ar Síoghra, "atá lán d'eachaibh, agus ní théid aonduine ann nach faghann a rogha eich ann, agus is amhlaidh atáid siad go sriantaibh dearg-óir friú." "Do badh maith linn cuid do na heachaib sin do bheith againn," ar muinntear an Ríogh. Agus do chuadar drong dhíobh i dtír san oiléan, .i. lucht da fhichid long agus deich gcéad in gach luing dhíobh, agus fuaradar a lán d'eachaibh maithe ann agus iad fán inneall adubhairt Síoghra riú, agus ní raibh aonduine dhíobh nach raibh a rogha eich aige ann. Agus do chuadar ar marcuidheacht, agus ní fhacadar riamh eich is fearr d'fhóghain dóibh iná iad; agus do bhádar ag imtheacht chum a long arís, agus a n-eich leó. 21. Agus níor chian dóibh amhlaidh sin in tan do chualadar an trosta agus an torainn adhbhalmhór, amhail badh í an fhirmamint áirdreannach néaltannach do bheith ag tuitim dá gabhlaibh congmhála chum talmhan. Agus do fhéachadar 'na ndiaidh leis an dtorainn dtréanmhóir sin, agus do chonnarcadar chuca aonóglaoch mór adhuathmhar urghránna ba mó do mhileadhaibh dá bhfacadar riamh, agus ba measa dealbh agus déanamh don Ádhamh-chloinn.
Óir ba samhalta re gual gabhann ar na bháthadh i n-uisge fhuar oighreata gach ball dá bhallaibh, agus ba gile 'ná sneachta aoingheal aonoidhche gach súil dá raibh i n-iarthar a chloigcinn; agus do bheireadh fobha dá bhéal uachtrach go bhfolchadh a ghlúine síos; agus luirgfhearsad iarnaidhe 'na láimh aga tarrang ina dhiaidh aige, agus do ba mó 'ná fód daimhsheisrighe an múr mór-adhbhal do thógbhadh don talamh da gach fóbairt do bheireadh do na naoi ndruimnibh aithghéara ailtnidhe do bhí fhor an luirgfhearsaid chatha sin. Agus do labhair an fear mór do ghuth árdmhór adhuathmhar, agus iseadh adubhairt: "A Shíoghra Dhuibh," ar sé, "an é (a) olcas do íoc mé do chíos riot isna bliadhnaibhse anall fa deara dhuit Rí Lochlann go na chabhlach do thabhairt do bhreith mh'eachra uaim?" "Ní mise do rug h-eachra uait," ar Síoghra, "agus ní bhacfad díotsa a ndíoghailt ar an muinntir do rug uait iad." Mar do chualaidh an fear mór sin, do chuaidh fá na sluaghaibh, agus do léig ingheilt dá luirgfhearsaid chatha fútha, ionnus nach deachaidh duine dearmaid as do na sluaghaibh sin, soir ná siar, ba dheas ná ba thuaidh nár mharbh an t-óglách mór do lucht an da fhichid long. Agus do ghluaiseadar an chuid oile ón oiléan amach; agus adubhairt Rí Lochlann: "A Shíoghra Dhuibh," ar sé, "ní maith an t-eolas i dtugais sinn do dhíothughadh ar sluagh." "Is beag an uireasbhaidh sin," ar Síoghra; "cidheadh, is blogh do dhíoghailt na huinge dh'ór é." 22. Adubhradar a mhuinntear re Rígh Lochlann iompódh go críochaibh Lochlann arís, agus nach rachdaois féin ní ba sia 'ná sin ar eolas Shíoghra Dhuibh. Adubhairt an Rí nach diongnadh, agus nach láimheóchadh bheith i gcríochaibh Lochlann an tí nach rachadh leis féin isan turas san. Adubhairt Síoghra Dubh: "Ní holc liomsa bhur n-iompódh, agus is fearr liom Rí Lochlann do neamchomhall a gheallta 'ná mé féin; agus an t-eolas do gheallas doghéanainn é." "Tar romhainn, a Shíoghra," ar an Rí. Do ghluais Síoghra go humhal roimh chách, agus do leanadar na sluaigh go haimhleasg é, agus do ghabhadar ag iomradh tar tonnaibh fraoch-mhóra na fairrge. Agus ar na dtuirsiughadh go
mór amhlaidh sin, do chonnacadar (i gcionn caecighis) fosgadh oiléin, agus, ar ndul i ngoire dhó, d'fhiafruigh an Rí cá hainm an t-oiléan. "Olc an t-eolach ar do dhúthaigh thú," ar Síoghra, "is gan ainm an oiléin úd agat." "Más dom dhúthaigh an t-oiléan úd," ar an Rí, "ní fheadar a ainm fós." "Oiléan an Óir súd," ar Síoghra. "Créad um a ngoirthear an t-ainm sin de?" ar an Rí. "Oiléan súd," ar Síoghra, "atá lán d'ór fhorloisgthe uile; agus sluagh na cruinne do dhul ann, do ghéabhdaois a ndaoithin óir agus ionnmhasa san oiléan úd." "Créad an coiméad atá ar an ionnmhas sin?" ar an Rí. "Is briathar damhsa," ar Síoghra, "nach fuil fear d'fhearaibh an talmhan aga choiméad." "Má 'seadh," ar an Rí, "do b'fhearr linne go mbeith cuid d'ór agus d'ionnmhas an oiléin úd againn inar longaibh, dá bhronnadh d'aos ciúil agus oirfididh, agus dá thabhairt i dtuarasdal amhas agus óglaoch agus d'aos feadhma agus fritheolmha agus fíorchalmachta do dhéanamh." "Do b'fhearrde," ar cách i gcoitchinne.
Síoghra Dubh. Tomás Ó Rathaille do sholáthruigh. III. 23. Gluaisid na sluaigh iar sin fón oiléan agus do bhádar ag cur óir agus ionnmhasa 'na longaibh. Agus ní cian go gcualadar guth glórach gliadhfhaoidheach 'san oiléan aniar gach ndíreach aga n-ionnsaighe, agus do chonnarcadar uatha an dúil adhuathmhar urghránna i ndeilbh mídhéanmhasach mná, .i. cailleach dhocrach dhoidhealbhdha chaolghránna chruaidhreangach, agus meadhón crapach cruadhchuisleannach aice, agus ingne aithghéara intseabhaic uirre. Agus do labhair an bhean go gliadhfhaoidheach gráineamhail, gur ba clos fá na sluaghaibh uile í, agus iseadh adubhairt: "A Shíoghra Dhuibh," ar sí, "an é (a) olcas do íoc mé do chíos riot 'san mbliadhainse fa deara dhuit an cobhlach mór so do thabhairt chugam do bhreith mo choda óir uaim?" "Ní bhfuilimse ag breith óir uait," ar Síoghra, "agus ní mó bhacfad díot a ndíoghailt ar an muinntir atá dá bhreith uait." "Má 'seadh," ar an chailleach, "dígheoladsa mo chuid óir ar na sluaghaibh." Agus do chuaidh an chailleach fá na sluaghaibh annsin, agus dobheir fobha frithir fíor-nimhneach do bharraibh a méar mór-ingneach i mullach aighthe agus éadain gach aoin dá dteangmhadh chuice, go nach fágbhadh feóil ná finnleathar forra, agus go mbeireadh a n-abach agus a n-ionathar asda go lár agus go lántalmhain. Agus do ghabh aga n-oirleach agus aga n-athchumadh fón ionnus sin, agus ní dhéandaois airm ioná iolfhaobhair urchóid di, agus do sgeinnidís di amhail doghéandaois do chloich nó do charraig. Do thimcheall an chailleach muinntir Ríogh Lochlann fán gcuma sin, ionnus nach deachaidh fear dearmaid uaithe do lucht an dá fhichid long gan bás obann d'imirt orra. Go ndubhairt Rí Lochlann: "A Shíoghra," ar sé, "ní maith an t-eolas do rinnis dúinn, agus is éagcóir do ráidhis rinn nach raibhe cóiméad ar an oiléan."
"Ní dubhairt mé bréag riot," ar Síoghra, "óir iseadh adubhart nach raibh fear d'fhearaibh an talmhan aga choimeád, agus ní fear do mharbh do mhuinntearsa acht bean." 24. Do fógair Rí Lochlann don mhéid do mhair dá mhuinntir an t-oiléan d'fhágbháil, agus iompódh tar ais go críochaibh Lochlann, agus do aontuigh an cobhlach an chomhairle sin. "Agus ní heolas cóir do rinnis dúinn, a Shíoghra," ar an Rí. "Gion gurab aidhbhseach libhse é," ar Síoghra, "is blogh do díoghailt na huinge dh'ór é." Agus adubhairt fós: "Ní mise is cionntach ribh," ar sé; "doghéanainn an t-eolás díbh mar do gheallas." Agus adubhradar a mhuinntear fris an Rígh gan leanmhain d'eolas Shíoghra Dhuibh ní badh mhó iná a ndearnaidh, agus dá ndéineadh, go madh aithreach leis. "A Shíoghra," ar an Rí, "cá fad uainn dighinn an eolais do gheallais?" "Ní fada uainn anois é," ar Síoghra. "Má 'seadh," ar an Rí, "rachad féin lat." Adubhradar a mhuinntear nach rachadaois féin leis. Adubhairt an Rí nach léamhadh bheith i gcríochaibh Lochlann an tí do fhillfeadh uadha, agus adubhairt re Síoghra go rachadh féin leis, giodh nach fuigheadh lais acht é féin. Agus adubhairt Síoghra: "Is olc do mhuinntear, a Rí Lochlann, óir is íseal a n-aigeanta, agus ní mór a meanma, agus ní hárd a n-intinne, agus is mílaochdha iad. Óir is minic do díothuigheadh deaghdhaoine agus do leadradh curadha, agus do goineadh tréinmhílidh, ag cosnamh ríghe go ró-chalma dá dtighearna tairise féin." "Is fíor a n-abra uile," ar an Rí, "agus gluais romhainn." Do ghluais Síoghra Dubh roimhe ar mearthonnaibh na fairrge fíordhoimhne. Ódchonnarcadar a mhuinntear a dtriath agus a dtighearna ag imtheacht uatha, do leanadar go héasgaidh ainmhear é. Agus do ghluaiseadar an cobhlach uile ar aon-rian annsin, agus do bhádar ag luath-imtheacht na mara, go nach facadar trácht tíre ná talmhan go ceann cian-chaecighis ar mhíosa. Agus do bhádar ag aithbhear ar an Rígh ar a mhéid ba doiligh leo teacht isan turas sin, go ndubhairt Síoghra Dubh: "Is mairg darab muinntearsa, a Rí Lochlainn, óir níor chleachtadar siubhal cuan na caladhphort ná críoch gcoimhightheach,
acht bheith ar faithche na Beirbe ag feitheamh aonach agus oireachtas agus ag éisdeacht cheoil agus chaoimhealadhan, agus ní lucht feadhma ná fíorchalmachta fós iad." 25. Do éirigh Síoghra ina luing iar sin do luaithfhéachain na néal ina thimcheall, agus ní fada do bhí amhlaidh in tan adubhairt: "Dochím féin oiléan i bhfogas dúinn," ar sé. "Is mór do riocfamuisne a leas sin," ar an Rí, "óir atáid ar muinntear i ngeall re furtacht d'fhagháil." Agus i ndiaidh na hagallmha sin do rángadar i ngar don oiléan. "Cá hainm an toiléan úd?" ar an Rí. "Ní fhaca riamh eolach is measa ar do dhúthaigh féin ná thú," ar Síoghra. "Atáim i n-ainbhfios an oiléin úd, má's dom dhúthaigh é." "Oiléan an Bhuabhaill súd," ar Síoghra. "Créad uime a ngoirthear sin de?" ar an Rí. "Cathair álainn oireaghdha atá annsúd," ar Síoghra, "agus búird órdha iongantacha innte, agus buabhall binnghothach ar ceartlár an bhúird; agus dá suidhidís fir an domhain ar an mbórd sin agus buille do bhualadh ar an mbuabhall, do ghéabhdaois a lórdhaoithin bídh agus dighe. Agus isé sin adhbhar fá ngoirthear Oiléan an Bhuabhaill de." 26. Do ghluaiseadar dronga dí-áirmhe do mhuinntir an Ríogh d'ionnsaighe an oiléin sin, agus do chuadar isteach san chathraigh, agus do suidheadar ar an mbórd. Agus do bhuail fear díobh buille ar an mbuabhall, agus ní raibh neach dhíobh nach fuair a lórdhaoithin pruinne agus tomhaltais ar an mbórd, agus do ghab iongantas mór iad fá cheann an bhuabhaill. Agus níor chian dóibh ann in tan do chonnarcadar sgarbhchailleach ghruama dhrothdhathach chuca, agus ba hadhbhal a hurghráin rena féachain. Agus do labhair go borb braisbhriathrach, agus adubhairt: "Is dóigh liom, a Shíoghra," ar sí, "nach é (a) olcas do íoc mé do chíos riot ris an mbliadhainse anall fa deara dhuit an cobhlach mór so do thabhairt do chaitheamh mo choda bídh." Agus, ar na rádh sin, do chuaidh fá na sluaghaibh, agus níor thualaing aon acu é féin d'anacal uirre, nó gur thuiteadar uile leis an gcailligh. Agus mar do chualaidh an Rí a mhuinntear uile do thuitim, iseadh adubhairt:
"Ní maith an séan le dtángamair ar h-eolas, a Shíoghra, ar dtuitim ar muinntire lat ón oiléan go aroile." "Ní cóir a n-abrann tú," ar Síoghra, "óir ní mise do mharbh do mhuinntear, agus ní bhacfainn díotsa a dhíoghailt ar an muinntir do mharbh iad." "Ní dhígheoladsa sin ortsa," ar an Rí, "agus ní mó rachad ar h-eolas ní bhus faide." "Ní h-olc liomsa sin," ar Síoghra, "óir ní mé féin do bhris ort, agus doghéanainn an t-eolas do gheallas." "Dá ndeachainn lat," ar an Rí, "mar nach rachad, cá fad uainn bunadh dighinn an eolais sin?" "Ní fada anois uainn é," ar Síoghra, "agus ní dá iarraidh ort teacht atáimse." "Rachadsa lat," ar an Rí, "nó go bhfaicthear an rí úd adubhrais do bheith i ngleann fairrge ar leath Lochlann, nach samhlóchadh re deich gcéad uinge dh'ór mar thuarasdal san mbliadhain tú, acht gé shamhluigheassa thú re haon-uinge." Agus do bhádar an méid do mhair do mhuinntir an Ríogh ag toirmeasg an turais sin air, agus níor gabhadh sin uatha. 27. Do ghluaiseadar ón oiléan sin, agus do bhádar ag imtheacht na mara mórghuirme go ceann cian-chaecighis tar mhíosa, agus i gcionn na ré sin do chonnarcadar oiléan uatha. Agus is amhlaidh do bhí an t-oiléan sin, agus lubhghort fá lántoradh ann ba mó agus ba háille dá bhfacadar riamh. Agus d'fhiafruigh an Rí cia hé an t-oiléan sin. "Ní fearrde dh'eolach ar do dhúthaigh thú a fhad ataoi aga taisdeal." "Ní bhfuil eolas agam ar an oiléan úd," ar an Rí. "Oiléan an Lubhghuirt súd," ar Síoghra, "agus isé súd lubhghort an ríogh chum ar thriallaisse; agus an áil libhse dul do chaitheamh a thoraidh?" "Ní racham," ar an Rí. Ó 'dchualaidh Síoghra sin, do éirigh féin agus do ghoir sé Earc Astalla leis, agus do chuadar chum an lubhghuirt. Agus ar ndul go doras an lubhghuirt dóibh, is amhlaidh do bhádar triúr athach aga choiméad, agus do ghabh gráin agus eagla Earca rompa, óir do shaoil nachar chonair dóibh dul d'ionnsaighe na n-athach n-adhbhalmhór sin. Agus ní hamhlaidh tárlaidh
dóibh, acht do fhearsad fáilte go mín muinnteardha ria Síoghra, agus do leigeadar slighe fhairsing dóibh chum an lubhghuirt. Agus do ghabh Síoghra agus Earca ag caitheamh thoraidh an lubhghuirt, agus gér mhian le hEarc bheith ag caitheamh an toraidh, ba luinne leis bheith ag feitheamh an lubhghuirt ina thimcheall, óir fa hiomdha crann álainn anaithnidh do bhí ann. 28. Agus an tan fa sáitheach iad, do chuaidh Síoghra d'ionnsaighe chroinn chombláith chumhra, do chuaidh os crannaibh an lubhghuirt ar áille agus ar aoirde, agus níor mhó ceann mic míodh-aoise ná gach ubhall dá raibh fair. Agus do bhean Síoghra lán a ochta do na hubhlaibh, agus rug leis d'ionnsaighe an Ríogh iad, agus mar do chuaidh do láthair, do theilg i n-ucht an Ríogh iad. Agus do ith ubhall díobh, agus comhluath is do chaith an Rí é, do rinne lobhar gráineamhail de, ionnus nach raibhe folt ná fionnfadh fair. Agus do bhíodhgastar cách uile ar na fhaicsin amhlaidh sin, agus do aithin an Rí féin gurab do chaitheamh na n-ubhall do rinneadh an t-aidhmhilleadh sin air, agus adubhairt: "A Shíoghra," ar sé, "ní maith do rinnis na hubhla do thabhairt damh dhom mhilleadh." "Ní thugassa ubhla dhuit acht na hubhla is mó 's is áille fuaras," ar Síoghra; "agus má do bhí olc nó urbhaidh i ndán duit féin, ná bí aga aithbhear ormsa." Do iarradar a mhuinntear ar an Rígh annsin filleadh tar ais go críochaibh Lochlann. Adubhairt an Rí nach fhillfeadh go brách, acht muna bhfaghadh aithearrach crotha. "Is mór do chuir do dhrochchomhairle do díth ort féin agus orainne riamh," ar siad, "agus do b'oircheasa dhuit, dá olcas cruth dá bhfuil ort, filleadh tar ais 'ná dul ar eolas Shíoghra Dhuibh." "Ní meisde liomsa bhur bhfilleadh," ar Síoghra, "óir do rinne mé an t-eolas mar do gheallas acht beagán, agus doghéanainn an beagán sin, leis, dá madh toil libhse é." "Is toil, go deimhin," ar an Rí, "óir is fearr linn bheith i n-ionad éigin oile iná filleadh go críochaibh Lochlann isan riocht so." 29. Do ghluais roimhe, agus do lean an Rí é, go na bheagán muinntire, agus do chuadar ar formna fíor-dhomhain na fairrge. Agus do bhádar athaidh fhada gan iath ná innse ná
oiléan d'fhaicsin, agus fá dheireadh do chonnarcadar imdhéanamh oiléin uatha. "Cá hainm an t-oiléan úd, a Shíoghra?" ar an Rí. "Oiléan na Tiobraide an t-oiléan úd," ar sé. "Créad fá ngoirthear an t-ainm sin de?" ar an Rí. "Tiobraid atá ann súd ar lármheadhón an oiléin," ar sé, "agus dá madh anbhfann nó éagcruaidh neach, agus dá mhéid a ghalar nó a threabhlaid, acht go n-óladh sé deoch dhon tiobraid, do bhiadh sé sleamhain slánchréachtach; agus ón tiobraid sin ainmnighthear an t-oiléan." "Do riocfainnse a leas dul d'ionnsaighe na tiobraide sin," ar an Rí; "agus atá dho olcas do chuaidh dom mhuinntir do sgéalasa do chreideamhain, nach rachad féin ná neach oile dhíobh leatsa chum na tiobraide úd." 30. Ó nár fhaomh an Rí dul don oiléan, do éirigh Síoghra agus do ghoir sé Earca Astalla lais, agus do chuadar d'ionnsaighe na tiobraide. Agus is amhlaidh do bhí an tiobraid sin, agus trí dóirse uirre, agus triar athach ar gach doras díobh, agus trí coin ghéara ghlasa ghairbhfhionnacha acu. Agus do chuadarsan go doras na tiobraide mar a rabhadar na hathaigh, agus do ghráin Earca ar na bhfaicsin; agus do léigeadar slighe agus conair choitcheann do Shíoghra Dhubh chum an dorais agus chum na tiobraide. Agus do bhádar ag ól agus ag aoibhneas, nó gur sháthach iad ionnus go ndeachaidh a meirtnighe agus a mórsgíos díobh. Agus ag imtheacht ón tiobraid dóibh, do fhan Earca tar éis tSíoghra Duibh, agus tug buidéal beag leis óna chuim, agus líonas é gan fhios do Shíoghra, agus cuireas an buidéal fóna chuim, agus leanas Síoghra ón doras amach. Dearcas Síoghra fair, agus airigheas an t-árd fána osgail, agus féachas é, agus fuair an buidéal, agus beanas as a láimh é, agus buaileas fán gcáirthe gcloiche do bhí ina fharradh é, agus do rinne mionchoda dhe. Agus tug sidhe dian dásachtach d'ionnsaighe Earca, agus do thógaibh os cleith a ghualann é, agus do bhuail fé leacaibh loma na talmhan é, gur léigh Earca osna éagcaointeach as, adubhairt go hanbhfann éagcruaidh: "Is olc do rinnis mo mhilleadh ar son mo theacht leat im aonar," ar sé. (Ní críoch).
Síoghra Dubh Tomás Ó Rathaille do sholáthruigh. IV. Ar na chlos sin do Shíoghra, do ghabh truaighe dhó é, agus do thógaibh leis ar a ghualainn tar ais chum na tiobraide é. Agus do fhuráil air uisge dh'ól as an dtiobraid, agus do ibh Earca sin, agus do éirigh slán, go nár mhothuigh cnead ná galar. Agus do imgheadar rompa ón dtiobraid, agus adubairt Síoghra Dubh: "Muna bheith nach áil liom olc do dhéanamh dhon tí dá ndearnas maith, do sgarfainn do cheann ria do cholainn tríd an míochoingheall do rinnis orm fán uisge." 31. Do chuadar iar sin mar a raibhe Rí Lochlann, agus do bhádar mar sin go fíorthosach na hoidhche, gur ísligh an ghaoth agus gur fhuaruigh an tsíon, gur ghabh fuacht mór Rí Lochlann. Agus do bhí dho mhéid na grána do ghabh a mhuinntear féin roimhe nachar aomh aonneach acu luighe maille ris, gur iarr ar Earca luighe ina fhochair, agus faomhas Earca sin. Agus mar do bhádar i n-aoinleabaidh san oidhche, do smuain Earca cionnus do bhéaradh sé féin furtacht don Rígh. Agus, ó nach fuair ionnus oile re fóirithin air, do sgéith a raibhe ina chorp d'uisge na tiobraide fá thaobh agus fá chneas an Ríogh, agus gach ionad ar bhean an t-uisge fris, ba slán dá éis é. Do bhádar mar sin go moch laoi ar na mhárach; agus ba hiongnadh mhór leis an gcobhlach uile Rí Lochlann d'fhaicsin ina chruth féin, agus do aithin Síoghra gurab é Earca tug fóirithin éigin don Rígh. Fiafruigheas Rí Lochlann do Shíoghra cá fad uatha an rí chum ar thrialladar. "Ní fada anois uait é," ar Síoghra. "Eadamair ní dá iarraidh dob' áil leatsa dul ní bhus fuide," ar fear dá mhuinntir fris an Rígh. "Ní fearr liomsa a theacht ná a anmhain," ar an Síoghra, "acht muna maith leis féin é." "Is maith," ar an Rí, "agus déanasa eolas damh dhá ionnsaighe."
32. Gluaiseas Síoghra chum a luinge, agus leanas Rí Lochlann go na mhuinntir é, agus do bhádar ag taisdeal na dtonn go dtáinig meadhón laoi. Agus do chonnarcadar dúnadh ríoghdha ró-mhaiseach uatha, agus iomad bhfear n-armtha i n-aonach agus i n-árdoireachtas ar faithche an dúnaidh. "Cia hí an chathair úd?" ar an Rí. "Ag súd dúnadh an ríogh chum ar thriallais-se," ar Síoghra, "agus isé tighearna an dúnaidh atá i n-oireachtas annsúd. Agus ní fhóghnann díbhse teachta ná daoine do chur d'fhiafruighe sgéal díobh, ná d'innisin sgéal dóibh; acht tabhraidh bhur n-airm amach, agus cuiridh re bhur nguaillibh iad, agus fanaidh 'bhur seasamh mar a bhfuiltí nó go gcuirid na sluaigh fiafruighe oraibh; óir isé sin gnáthughadh na críchese." Do rinneadar mar do órduigh Síoghra dóibh. Agus ó 'dchonnarcadar na sluaigh do bhí ar an bhfaithche sin, agus iadsan agus a n-airm re a nguaillibh acu, agus inneall áigh agus iorghaile forra, agus a n-aighthe ar an mbaile, do rinneadar féin éirghe athlamh aoinfhir, agus do ghabhadar a n-airm agus a n-iolfhaobhair iompa. Agus tángadar i n-aghaidh Ríogh Lochlann go na shluaghaibh, agus níor fhiafruigh ceachtar aco sgéala dhá chéile, nó gur dhiubhraiceadar a sleagha snasta séimhrighne for a chéile. Agus do chuaidh Síoghra dubh ar na sluaghaibh amach, agus do thógaibh sé Earca Astalla ar maoil a ghualann. Agus do bhí sé féin agus Earca ar árd na tulcha is aoirde fuaradar, ag féachain ar na sluaghaibh, nó gur thuit Rí Lochlann go na mhuinntir le sluaghaibh an dúnaidh, go nach deachaidh fear innisde sgéal as do mhuinntir Ríogh Lochlann acht Earca Astalla amháin, ar na anacal do Shíoghra Dhubh. 33. Agus mar do thuit Rí Loclann agus a mhuinntear, táinig Síoghra Dubh agus Earca Astalla i measg shluaigh an dúnaidh, agus do fearadh fáilte friu ag an rígh agus ag na sluaghaibh. Agus do innis Síoghra a eachtra agus a imtheachta dhóibh ó thúis go deireadh, agus mar do rinne a mhuinnteardhas le Rígh Lochlann, agus an t-adhbhar fá dtáinig Ri Lochlann ar an siobhal sin, agus mar do thuiteadar a mhuinntear ón oiléan go aroile. Dála Earca Astalla, do ghoir sé Síoghra Dubh leis ar fód fá leith, agus do fhiafruigh de cia an rí úd ler thuit Rí Lochlann go na shluaghaibh, "nó cia thú féin, a Shíoghra?" ar sé.
"Rí Dubhlochlann siúd," ar Síoghra, "agus is mac dó mise féin, agus isé mh'ainm díleas Síoghra na Srothán, agus Síoghra Dubh is ainm dhamh re siobhal an domhain. Agus isé is mian liom anois ríoghacht Fhionnlochlann do bheith agam féin, agus dul do ghairm ríogh dhíom innte." 34. Dála Shíoghra, do ghluais roimhe go críochaibh Lochlann, agus Earca Astalla leis. Agus gabhas le hEarca go Dún Eibhlinne ar cheann a mhná, inghean Duinn Eibhlinne, agus rugadar leó í go críochaibh Loclann, agus do bhí 'na mnaoi agus 'na banchéile ag Earca ó soin amach. Annsin do fhiafruigh Síoghra Dubh do Earca: "Créad doghéanam anois?" ar sé. "Créad doghéantaoi againn," ar Earca, "acht rí do ghairm díotsa ar chríochaibh Lochlann, óir is cubhaidh riot ríoghacht Lochlann do bheith agat." Mar do chualaidh Síoghra sin, do chuaidh ar faithche chathrach na Beirbe Lochlannaighe, agus do ghairm ar mhaithibh chríche Lochlann, agus do ghoireadar Rí Lochlann do Shíoghra Dhubh. Agus do bhí go ceann míosa san mbaile go n-onóir agus go muirn móir, agus banais bhríoghmhar bhuan-tiodhlaiceach ag maithibh Lochlann aga déanamh dhó. Agus tugadh a dhúthchas agus a fheadhmannas féin da gach aon aco. Agus do imgheadar na sluaigh dá dtighthibh féin, agus do chuaidh Síoghra Dubh fó na hoiléanaibh do thógbháil a chíosa dhíobh. Agus do bhí cíos agus cánachas ar chríochaibh Lochlann dá éis sin aige, agus do bhí an ríghe gan imreasan ag Earca Astalla ó sin suas. Gonadh i Tóruigheacht an Chairthe Sgárlóide gonuige sin. (A Chríoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services