Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Síoghra Dubh

Title
Síoghra Dubh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Rathaille, Tomás
Composition Date
1702
Publisher
(B.Á.C.: Connradh na Gaedhilge, 1909)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Tomás Ó Rathaille do sholáthruigh.



Feacht n-aon dia raibhe Rí Lochlann, .i. Maghnus
mac Arailt, ar fhaithche dhúnaid na Beirbe,
agus dob é fad agus leathad na faithche sin,
.i. seacht míle dhéag ina fad agus seacht míle ina
trasna, agus í 'na clár chomhthrom chóimhréidh, agus
leac lánmhaiseach lóghmhar ar lármheadhón na faithche
sin, ina ríoghthaoi Rí Lochlann do ghnáth. Agus do
ba béas gnáith don rígh sin (gér líonmhar a churadha
coiméada agus a mhílidh mhór-anacail) éirghe go moch gacha
maidne do chuardughadh na faithche fóidréidhe sin gan aon neach
ina fhochair; agus do shuidh an Rí an lá sin ina ionad ríoghdha ar an
bhfaithche, mar fá gnáth leis roimhe riamh.



2. Ní fada do bhí ann in tan do chonnairc aon-óglách mór
míleata mear-chalma i dtrealamh gaisgidh dá ionnsaighe; agus fá
holc leis an Rígh gan a lucht coimeáda do bheith ina fhochair, ar
uamhan agus ar imeagla an óglaoich mhóir. Mar tháinig an


L. 98


t-óglaoch do láthair, do iarr an Rí fair suidhe ina fhochair féin
san ionad i raibhe. Adubhairt an t-óglaoch nach suidhfeadh, agus
nachar dhual dosan neach do shuidhe 'na fhochair san ionad (sin
acht neach don fhuil ríoghdha, "agus ní di sin mise," ar sé;
"gidheadh, suidhfead annso it fhiadhnaise, agus diongbhamaoid) ar
aon triur ridire nó gaisgidheach, agus ar n-aghaidh ar a chéile
d'éin-leith, óir doghéansa faire agus forchoiméad duitse, agus
déanasa dhamhsa mar an gcéadna."



"Doghéan," ar an Rí; "agus innis damh anois cia thú féin
d'fholaibh uaisle nó anuaisle an domhain."



"Ní dhiongan mo shloinneadh dhuit," ar an t-óglách, "acht
gurab ridire mé ghabhas tuilleamh agus tuarasdal ó ríoghaibh
agus ó thighearnaibh an domhain, agus ní bhfuil do chommaithse do
ríoghaibh agus do thighearnaibh teanna na talmhan nár ghabhas tuarasdal
uadha, agus do b'áil liom bheith tamall ar do theaghlachsa."



"Is maith liomsa sin," ar an Rí, "agus déanasa cor agus
muinnteardhas riom."



3. Do rinne an t-óglách muinnteardhas bliadhna fris an Rígh,
agus adubhairt an Rí annsin:



"Ó nach sloinne do chinéal damh," ar sé, "caidhe h-ainm re
siobhal an domhain?"



"Goirthear anmanna iomdha dhíom," ar an t-óglaoch.



"Innis damh iad," ar an Rí.



"Inneosad," ar an t-óglaoch, "acht go bhfuighear an athchuingidh
iarrfad ort."



"Cluinim uait í," ar an Rí.



"Ag so í," ar an t-óglaoch, ".i. gach comhlann dá dhochracht
nó dá mhéad dá dtiocfa i gcríochaibh Lochlann ris an mbliadhain
si bhiadsa innte, gan a chur thoram chum ridire ná chum gaisgidhigh
oile san domhan."



"Is aisgidh dheaghlaoich sin," agus do gheabhairse í."



"Má 'seadh, inneosa mé mh'anmanna dhuit feasda," ar an
t-óglaoch. "Carón Cneas-odhar mh'ainm ris na seacht
mbliadhnaibh do bhádhas im ghiolla ag Bhulcán, .i. gabha ifrinn, ag
iomchar ghuail agus mhianaigh dó, gur odhruigheadar foghaotha
doilbhthe diabhalda mo chorp agus mo chneas, agus ní tháinig mo
dhath (féin) orom nó go bhfuaras deocha bríoghmhara buan-leighis
(agus fothragain) diana díoghraiseacha, agus táinig mo dhath agus
mo ghné féin damh


L. 99


ina dhiaidh sin. Taisdealach na dTroighdheach ainm oile dhamh,"
ar sé.



"Créad uime a ngoirthear sin díot?" ar an Rí.



"Na Troigheadhuigh," ar sé, "cinéal daoine atá san Domhan
Toir, de chinéal Caim mic Naoi, agus is díobh sin Caitcheannaigh
agus Coincheannaigh agus Gabharcheannaigh, agus gach éagosg
toratardha oile; agus, an uair bhímse ag gabháil a ngiall agus
a mbraighde, Taisdealach na dTroigheach mh'ainm an uair sin.
Síoghra Dubh mo ghnáth-ainm féin, agus gidh bé dhíobh sin ainm is
usa leatsa do ghairm dhíom, gair díom é," ar an t-óglaoch.



"Goirfeadsa Síoghra Dubh dhíot," ar an Rí, "óir dochluinim
gurab é ainm is gnáthaighe ghoirthear dhíot é."



"Isé go deimhin," ar an t-óglaoch.



4. Do bhádar mar sin ag innisin sgéal dá chéile nó go
dtángadar slóigh agus sochaidhe chathrach na Beirbe ar an
bhfaithche, nó go rabhadar glanchluichidhe an aonaigh agus an
oireachtais aga gcur, agus gér bh'iomdha mac ríogh agus tighearna
agus damhna deighríogh annsin, isé Síoghra Dubh rug buaidh an
aonaigh uile an lá sin, agus mar tháinig deireadh an laoi aga
n-ionnsaighe, tángadar aos freasdail agus fritheolmha na
cathrach chuca, dá mbreith do chaitheamh na fleidhe do bhí ionchaithmhe
ar a gcionn an uair sin. Do ghluaiseadar na sluaigh uile chum na
cathrach, agus do suidheadh gach aon acu ina ionad urdhálta féin,
do réir a uaisle agus a innmhe agus a onóra; agus an uair do
shaoil an Síoghra Dubh a bhreith i measg shluagh agus shochaidhe
riodaire agus gaisgidheach go honórach, ní hamhlaidh sin do rinneadh
ris, acht a chur i seómra (dhorcha) an n-oidhche sin, agus lucht
freasdail agus fritheolmha leis. Ba machtnadh mór le Síoghra
an ní sin, óir níor chleacht a leithéid do tharcuisne d'fhagháil
roimhe riamh. Gidheadh, do fhulaing sin an n-oidhche sin, agus níor
mhaise leis an t-ionad sin inar fágbhadh é d'fhágbháil nó go gcurthaoi
teachta ar a chionn, agus do fhan mar sin an dara hoidche,
agus an treas oidhche, agus ní headh amháin acht go ceann
bliadhna ar an órdughadh sin; gurab i gcionn na bliadhna do
chuimhnigh an Rí ar an óglaoch n-anaithnid, agus do ba doiligh leis
a dhearmad. Gidheadh, adubhairt an Rí:



"Cá bhfuil taoiseach coiméada mo shéad?" ar sé.



"Atáim annso," ar an taoiseach.


L. 100


"Éirigh mar a bhfuil Síoghra Dubh, agus beir a thuarasdal dá
ionnsaighe, .i. uinge dh'ór."



Do éirigh an taoiseach, agus do chuaidh mar a raibhe Síoghra
Dubh, agus do bheannuigh dó. Do fhreagair Síoghra go gruama é.



"Ag so do thuarasdal duit, a Shíoghra," ar an taoiseach.



"Cá hionad i bhfuil sé agat?" ar Síoghra.



"Atá in mo dhorn deas," ar an taoiseach, ".i. uinge dh'ór."



"Dobheirim briathar," ar Síoghra, "nár samhluigheadh mo
thuarasdal riomhe riamh i ndorn deas ná chlé."



Annsin do éirigh go bhfeirg mhóir agus go mbruth mílidh, agus
do nocht a chloidheamh cruaidh colg-dhíreach, agus tug béim don
taoiseach, gur dhealuigh a dheaslámh ris, agus adubhairt Síoghra:



"Atá i ngleann fairrge ar leath Lochlainn rí nach samhlóchadh
re deich gcéad uinge dh'ór mar thuarasdal san mbliadhain mé,
agus luighim fóm armaibh gaisge, muna bheith an beagán cuir
agus muinnteardhais do rinneas re Rígh Lochlann, go ndúnfainn
na seacht ndóirse agus seacht bhfichid doras atá ar dhúnadh na
Beirbe, agus go bhfúigfinn an chathraigh fá dhoighir dhonn-ruaidh
dhearg-lasrach, agus go n-imeórainn bás ar an Rígh agus ar a
mhuinntir."



5. Is annsin do ghluais an taoiseach ina réim reatha nó go
ráinig i bhfiadhnaise Ríogh Lochlann, agus do léig fiarthrasna ar
fiarlaoid na mór-chathrach é, agus do léig taise agus táimhnéala
báis dá rochtain. Fiafruigheas an Rí sgéala dhe.



"Atáid droch-sgéala agam," ar sé; "óir ní fheaca rem
chuimhne riamh aonduine as measa 'ná an té chum a ndeacha;
agus is cuid dá olc gur bhean sé mo lámh dhíomsa, agus gur
fhóbair bás d'imirt orm; agus adubhairt ní ba measa liom 'ná
sin uile, .i. do luigh fá mhionnaibh a chineóil, acht muna bheith an
beagán cuir agus muinnteardhais do cheangail sé riotsa, a Rí,
go ndúnfadh na seacht ndóirse agus seacht bhfichid doras atá ar
dhúnadh na Beirbe, agus go loisgfeadh an chathraigh, agus go
n-imeóradh bás ar do shluaghaibh, agus fós adubhairt go raibhe i
ngleann fairrge ar leath Lochlann rí nach samhlóchadh re haon
uinge dh'ór é, agus fós adubhairt go ndígheoladh an uinge dh'ór
ortsa go maith."



"Rachadsa dá dhíoghail sin ar Shíoghra," ar an Rí.



Ró thiomsuigh an Rí a shluaigh, agus do gluaiseadar 'na
mbuidhnibh toirteamhla go hairm i raibhe Sioghra Dubh.


L. 101


"A Rí Lochlann," ar Síoghra, "créad ro ghluais d'ionnsaighe
na háitesi indiu thu seoch gach lá oile don bhliadhain?"



"Briathra móra do chuala do rádh dhuitse," ar an Rí.



"Caidhe iad sin?" ar Síoghra.



"Adubhrais go ndúnfá dóirse chathrach na Beirbe, agus go
n-imeórthá bás ormsa agus ar mo shluaghaibh."



"Adubhart amh," ar Síoghra.



"Adubhrais fós," ar an Rí, "go raibh i ngleann fairrge ar
leath Lochlann rí nach samhlóchadh re deich gcéad uinge dh'ór mar
thuarasdal thu san mbliadhain, acht cé do shamhluigheassa re haon
uinge dh'ór thu."



"Adubhart," ar Síoghra.



"Dá dhíoghailt sin ort tánagsa," ar an Rí.



Mar do chualaidh Síoghra sin, do éirigh go feargach re briathraibh
ainmhíne an Rígh, agus iseadh adubhairt:



"Nocha bhfuil mo thuilleamh mbuidhe riot ná re neach oile dhod
mhuinntir nó go bhfágbhar críocha Lochlann," ar sé, "agus luighim
fám dhéithibh gur fhóbras ingheilt mo luinne agus neart mo láimhe
d'imirt ortsa agus ar do shluagh."



6. Is annsin do ghabh eagla mhór Rí Lochlann gona mhuinntir,
ódchonnarcadar fiuchadh feirge Shíoghra Dhuibh ag éirghe, agus ina
dhiaigh sin adubhairt an Rí:



"Innis damh cáit i bhfuil an rí sin nach samhlóchadh re deich
gcéad uinge dh'ór thu, acht cé do shamhluigheassa thu re haon
uinge mar thuarasdal san mbliadhain."



"Olc an t-eolach ar do dhúthaigh thu," ar Síoghra, "agus, dá
madh áil leat, do dhéanainnse eolas duit d'ionnsaighe an ríogh
úd."



"Is áil, go deimhin," ar an Rí, "agus ní dhiongan mo fhlaitheamhnas
d'ollamhnughadh nó go bhfuighear eolas dá ionnsaighe,
agus ar ghrádh h-oinigh agus h-eangnamha, a Shíoghra, déana eolas
damh go ndeachainn do thabhairt mo chíosa ón rígh sin, óir is mór
an uireasbha dom fhlaitheamhnas an rí sin gona fhorba agus gona
fhearann."



Agus adubhairt Rí Lochlann annsin:



"A Shíoghra," ar sé, "cá líon rachamuid ar an siubhal sin?"



"Bíodh do rogha agatsa dhíobh," ar Síoghra, "dul lucht da
fhichid déag long ann nó lucht aon luinge amháin, óir is ionann
fhóghnaid duit."


L. 102


"Isí mo rogha dul seól da fhichid déag long ann," ar an Rí.



"Má 'seadh," ar Síoghra, "deasuigh do shluagh agus do
chobhlach go luath."



7. Do rinne Rí Lochlann sin, agus do chuadar ina longaibh,
agus do bhí deich gcéad in gach luing dhíobh agus Síoghra Dubh ina
aonar ina luing féin ag déanamh eolais dóibh. Agus do sheoladar
rompa i muinchinn mhara agus mhórfhairrge, agus do éirigh
an fhairrge dhóibh ina cnocaibh cuasacha cainnteacha ciachdhoilghe,
agus ina mothar michéillidhe mórthonnach, go nach raibhe urgháirdiughadh
meanman ná aigeanta aco, acht tuilcinn agus míolta
móra agus beathadhaigh éigciallaidhe na fairrge aga gcur ar
taobhaibh tulcha agus ar sleasaibh saorlong, agus do bhádar go
ceann caecighis ar mhíosa ag taisdeal na dtonn agus ag imtheacht
an aigéin. Agus, iar na dtuirsiughadh go mór, do chonnarcadar
aon-oileán álainn éagsamhail, óir ba binn nuall sreabh,
agus gotha éan, agus dórd beach, agus maighe mínsgothacha ann.
Agus do fhiafruigh an Rí do Shíoghra ainm an oiléin sin.



"Olc an t-eolach ar do dhúthaigh thu," ar Síoghra.



"Ní fheadarsa má's dom dhúthaigh an t-oiléan úd," ar an Rí,
"agus gá hainm dobhéara mé air?"



"Oiléan an Chairthe Sgárlóide súd," ar Síoghra.



"Créad um a ngoirthear sin de?" ar an Rí.



"Cairthe sgárlóide atá annsúd ar lármheadhón an oiléin,"
ar Síoghra, "agus is amhlaidh atá sé agus leath gléigeal de
agus an leath oile croidhearg, agus óircheann uaine fair, agus
oircheann gorm, agus éadaighe an domhain do bhuain ris an leath
ngeal doghéantaoi sgárlóid gheal uile dhíobh, agus a mbuain ris
an leath ndearg doghéantaoi sgárlóid dearg uile dhíobh, agus a
mbuain ris an óircheann uaine nó ghorm doghéantaoi sgárlóid
uaine nó ghorm uile dhíobh, agus is maith an séad é," ar Síoghra,
"agus is uaidh ainmnighthear an t-oiléan."



"Déanam d'ionnsaighe an oiléin agus an chairthe," ar an Rí.



8. Do ghluaiseadar an cobhlach chum an oiléin, agus ar rochtain
an chairthe dóibh, do thubhadar a n-éadaighe uile fris, agus
do inneadh sgárlóid díobh, agus a rogha datha do na cheithre dathaibh
do bhí ar an gcairthe ag gach neach ar a éadach féin.



"Séad ríogh agus tighearna súd," ar an Rí, "agus ní cubhaidh
re neach a bheith aige acht an neach dá ngoirfidhe Rí Lochlann,
agus


L. 103


is ar fhaithche chathrach na Beirbe is cóir a bheith, óir isí
faithche is fearr atá san domhan í."



"Ná habair sin," ar Síoghra, "óir ní cóir a breith ar an
oiléan ór hainmnigheadh é, agus do badh díothchur flaitheasa dhuit
an cairthe d'athrachadh as a hionad féin."



"Dobheirimse fám bréithir," ar an Rí, "nach fúigfeadsa
an t-oiléan nó go dtógthar an cairthe as a hionad leis na
sluaghaibh."



Do goireadh a lucht feadhma agus fíoroibre chum an Ríogh,
agus do ráidh riú an cairthe do thógbháil agus do thochailt,
agus do freagradh an fógradh sin ag na fíorlaochaibh, agus do
tochladh an cairthe go tréanchalma, agus, ar n-iadhadh a lámh uime
dá thógbháil, do tarraingeadh uatha san talamh síos é, go nár
fágbhadh acht múr móradhbhal don talamh ós a chionn, agus níor
bh'fheas dóibh ná do na sluaghaibh cá slighe ina ndeachaidh uatha.
Agus mar do chonnairc an Rí sin, do chuaidh i dtaisibh agus i
dtáimhnéalaibh, agus tángadar neoil anbhaile an bháis dá ionnsaighe
do chumha an chairthe, agus ní fhacaidh riamh seoid is mó do
chuir air ioná é, agus adubhairt dá bhfuigheadh neach do rachadh
ar a lorg go dtiubhradh comhtha móra dhó d'ór, d'airgead,
d'fhonn agus dó dhúthaigh, agus "a roghá mná aontumha dá
bhfuil i gcríochaibh Lochlann," agus adubhairt, dá madh d'uaisle
ríoghachta Lochlann do rachadh ann, go dtiubhradh trian na críche
dhó.



9. Do bhádar dís mhac ag an Rígh dár bh'ainm Conn agus
Earca, agus tángadar an dís mhacaomh do láthair an Ríogh, agus
do foráladh na comhtha sin ortha, agus d'fhaomh Conn a nglachadh,
agus adubhairt ris an Rígh go ngeobhadh féin dul do thóruidheacht
na cairrge sgárlóide. Do ghabh an Rí ratha gréine agus éasga
agus an uile dhúil fá n-a gcomhall dó, agus do rinneadh cómhra
chláraigh dó, agus do ceangladh córdaí caola agus cáblaí cnáibe
an da fhichid déag long as a chéile, agus do leigeadh síos i ndiaidh
na cairrge sgárlóide é, agus ní mór go raibh a leordhóithin do na
téadaibh aige re rochtain chum tailimh. Iar dtúirling dó, d'fhéach
'na thimcheall, agus do chonnairc tír threabhthach uaidh siar gacha
díreach, agus ní fhacaidh riamh a shamhail do thír ná d'fhonn le n-a
háilleacht ná le n-a haoibhneas; óir ba binn fóir a sreabh,
dord a beach, agus fuaim a srothán, agus ceol a héallaith; ba
hálainn a lubhghort, agus ba fionnfhuar a tiobraide glanfhuara


L. 104


fíoruisge, agus ba habaigh ionchaithmhe toradh a crann agus a
fiodhbhaidhe, agus an tír sin fá thuinn fheóir agus fhásaigh. Tug
annsin a aghaidh siar gacha díreach, is do bhí ag siubhal na tíre go
ceann trí lá agus teóra oidhche, agus ní fhacaidh aonduine ris an
re sin. Agus i bhfoircheann na haimsire sin do chonnairc uaidh
dún ríoghdha ró-álainn, agus cathair mhaiseach cheathair-uilleannach.
Gidheadh, ní bhfuair rian ná taithighe shluagh chuice ná uaithe, agus
do chonnairc i ndoras na cathrach dís de laochaibh, agus a n-aghaidh ar
a chéile, agus corn crosórdha cumhduighthe cómhdhaingean i láimh
fhir díobh dá shíneadh chum an fhir eile. Do bheannuigh dhóibh, agus
níor fhreagair neach díobh dó, óir is amhlaidh bhádar marbh, agus
do chuaidh timcheall, agus iad i néadaighibh eagartha óil, agus gan
cuibhreann díse ná trír díobh ná raibh cuach, nó corn, nó cupán i
láimh an dara fir díobh dá shíneadh chum an fhir oile, agus is amhlaidh
do bhíodar uile marbh. Do chuarduigh an chathair, agus ní
bhfuair seómra ná iargcúil diamhair insa gcathair ná raibh ar an
órdughadh sin, agus iad uile marbh. Agus ró ghabh iongantas
mór mac Ríogh Lochlann fán órdughadh sin do fuair ar an gcathair,
agus do chuaidh i ngrianán oirdhearc, agus i lármheadhon an
ghrianáin fuair tighearna agus árdfhlaith na cathrach ann, i gcathaoir
álainn orloisgthe, agus macaomh maiseach mín-álainn ina
fhiadhnaise, agus corn clochórdha cumhduighthe ba háille dá bhfacaidh
riamh ag an rígh dá shíneadh chum an mhacaoimh, agus fithcheall
álainn oirdhearc eatorra. Do bheannuigh Conn dóibh, agus
do rinn umhla don rígh, agus níor fhreagair ceachtar díobh é, óir is
amhlaidh ro bhádar marbh. Gabhas mac Ríogh Lochlann an corn do
bhí i láimh an ríogh, agus níor fhéad a bhuain as a láimh, agus, ó nár
fhéad, do nocht a chloidheamh, ar ngabháil fheirge dhó tré gan
sgéala d'fhagháil uatha (óir do shaoil go rabhadar beó), agus tug
béim cloidhimh don rígh, agus do dhealuigh a lámh agus an corn
fris, agus adubhairt go mbéaradh an corn go Rígh Lochlann, agus
do iompuigh ón chathair, ó nach fuair taithighe dhaoine chuice ná
uaithe, agus ó nach fuair sgéala an chairthe sgárlóide; agus
táinig san chonair chéadna tar ais nó go ráinig an chómhra chláraidh,
agus do chroith na cáblaidhe, agus do tarraingeadh suas i
bhfiadhnaise Ríogh Lochlann é.



10. Do fhiafruigh an Rí sgéala dhe; agus do innis a imtheachta
ó thúis go deireadh, agus sgéala na tíre i ndeachaidh,


L. 105


agus a hiongantais uile, agus tuairisg chathrach na bhfear marbh,
agus nach fuair aonfhocal de sgéalaibh an chairthe sgárlóide.
Mar do chualaidh an Rí sin, do mhéaduigh a dhubhachas, agus do
thaisbéin an macaomh an corn don Rígh.



"Ag so dhuit, a Rí," ar sé, "séad flatha fuaras i gcathair
na bhfear marbh."



Do moladh go mór an corn aco, agus adubhradar nach
facadar riamh corn ba áille ioná é, agus ba fearr cumhdach,
agus do thaitn sé go ró-mhór ris an Rígh; cidheadh níor thréig a
dhobrón timcheall an chairthe sgárlóide. Do éirigh Earc Astalla,
agus adubhairt do ghuth árdmhór shollas-ghlan rena bhráthair:



"Ní fhacamar riamh, agus a theacht slán, aonduine is measa
do rinne a thuras 'ná thu, óir ní thugais aonfhocal do sgéalaibh an
chairthe sgarlóide lat , agus ní mó thugais a fhios lat créad do
mharbh sluaigh na cathrach, agus ní mó atá 'fhios agat cia hí an tír
'na rabhais."



Adubhairt Conn: "Dá madh cead le Rígh Lochlann na
comhadha do gheall sé dhamhsa do thabhairt duitse, do badh cead
liomsa é, dá fhios a' dtiubharthá sgéala an chairthe lat ní as
fearr 'ná mar thugassa."



"Dá bhfuighinn sin agus cuir agus teannta re comhall damh,"
ar Earc, "do rachainn ar lorg an chairthe."



"Ní fearr liomsa a chomhall do neach oile 'ná dhuitse," ar an
Rí.



Tugadh na ratha agus na cuir chéadna do Earc Astalla, agus
do ghluais roimhe, agus do léigeadh síos isan chómhra chláraidh é
ar lorg an chairthe, agus triallas roimhe siar gach ndíreach, agus
do thaitn an t-oiléan ris, agus is lughaide dob iongnadh leis a
fhaicsin a gcualaidh do sgéalaibh na tíre óna bhráthair roimhe
sin; agus níor sguir nó go ráinig an chathair, agus fuair dias
isan doras, agus do labhair i dteangthaibh agus i n-ilbhéarlaidhibh
iomdha riú, i ndóchas gurab uireasbaidh béarla nó theangan do
bhí ar a bhráthair roimhe sin, agus nár tuigeadh uadha an teanga
do bhí aige, agus ní hamhlaidh sin do bhí acht iadsan marbh. Agus
do chuaidh Earc isteach isan chathair, agus fuair ar an órdughadh
do innis a bhráthair roimhe sin í, agus, ó nach fuair aoinneach 'na
bheathaidh innte, do chuaidh isan ghrianán do bhí os cionn na cathrach,
agus fuair an rí ann go dtlacht ríoghdha uime, agus an macaomh


L. 106


'na fhiadhnaise, agus an fhithcheall eatorra, agus an rí i n-éagmais
a laimhe. Adubhairt Earc Astalla: "Truagh sin, a rí; do bheirimse
aithne ort gurab id láimh do bhí an corn tug mo
bhráthairse do Rígh Lochlann, agus is mairg do bhean do lámh
díotsa, ar son seóide saoghalta ar bith, acht cé mór a bhuadha."



(Ní críoch).


L. 158


Síoghra Dubh
Tomás Ó Rathaille do sholáthruigh.
II.



11. Fágbhas Earc Astalla an chathair iar sin, agus do ghluais
roimhe siar gach ndíreach an t-eolas inar ghabh a bhráthair roimhe
sin, agus fuair an t-inneall céadna ar an gcrích, .i. a beith fá
thuinn fheoir agus fhásaigh, agus gan lorg sluagh ná sochaidhe
innte. Agus do bhí go ceann trí lá agus trí n-oidhche mar sin,
agus i gcionn na ré sin do chonnairc dúnadh ríoghdha ró-mhaiseach
uadha, agus cathair chuanna cheardamhail, agus ní fhacaidh riamh a
hionamhail ar a háille, agus fuair thathaighe shluag agus shochaidhe
i gcómhfhogas di; agus ar rochtain an dúnaidh dhó, ba lúthgháireach
lánmheanmnach leis mongar na míleadh agus geóin na mórshluagh
do chlos. Agus do chuaidh ar fhaithche an bhaile, agus fuair bile
buadhach ar lármheadhón na faithche, agus tiobraid fhíor-álainn
uisge fá bhun an bhile, agus iomchoiméad do bhán-umha timchioll
na tiobraide, agus an sruth do shileadh aiste ag dul i bhfeadánaibh
airgid, agus ealta éan ar bárr an bhile ag cantain cheóil
agus oirfididh; agus ní chualaidh riamh ceól ba binne leis ná
bheith ag éisdeacht ris an éanlaith ag cur a gceóil le chéile, agus


L. 159


foghar an fhíoruisge ag dul tré fheadánaibh airgid. Do chuaidh
Earc fá bhárr an bhile, agus do chuir a leaca fris, agus do thuit
a thoirchim suain agus síorchodalta fair. Agus do bhí annsin nó
go dtáinig maidean ar na mhárach, agus iseadh do mhúsgail é
annsin .i. fuaim chomhlann na tiobraide aga hosgladh; agus
do chonnairc iar sin macámh míndealbhach mná ag ionnladh a glac as
an dtiobraid. Agus mar do chonnairc an macámh eisean, tug
saobh-léim éadtrom eidearbhuasach, agus do bhíodhg go mór
ar na fhaicsin di.



"Ná gabhadh eagla thu, a mhacaoimh," ar sé, "óir ní heagal
duit mise."



"Ró badh córa dhuit féin eagla dod ghabháil 'ná dhamhsa," ar
an inghean; "óir ní fhaca riamh, agus gan dealbh amadáin ort,
neach ba amadánta 'ná thú."



"Créad é an fáth?" ar Earca.



"Atá," ar sí, "dá madh cáirde dhuit lucht an dúnaidhsi, do
badh oircheasa dhuit bheith ag ól agus ag aoibhneas 'na bhfarradh
'ná bheith id chodladh annro ; acht munab eadh acht naimhde nó
eascáirde, is olc an t-ionad iomghabhála fuarais, .i. faithche a
mbaile féin."



"Dom bréithir duit," ar Earc, "nach feadar an caraid nó
an eascaraid damh atá ann."



"Muna bhfeadrais," ar an inghean, "tar liomsa i measg na
sluagh."



12. Do ghluais Earc Astalla mar aon ris an inghin isan
chathraigh anonn. Agus is amhlaidh do bhí an chathair sin, agus naoi
sleasa fuirre, agus naoi gcéad ar gach slios díobh; agus an
slios ba neasa dhó ar ndul isteach agus naoi gcéad fair go
bhfoltaibh buidhe bárr-chasa, agus naoi gcéad ar an slios ba
neasa dhó sin go bhfoltaibh fíor-chasa for-ruadha, agus naoi
gcéad ar an slios ba neasa dhó sin go bhfoltaibh fionn-bhuidhe,
agus naoi gcéad ar an slios ba neasa dhó sin go bhfoltaibh
dual-dhlútha donn-chasa, agus naoi gcéad ar an slios ba neasa dhó
sin d'ingheanaibh sleamhain-bhlátha sliasaid-gheala, agus naoi
gcéad ar an slios ba neasa dhó sin do bhanaltrannaibh caomha
coirrchíocha go macaibh míodh-aoise ar a mbrollaighibh, agus naoi
gcéad ar an slios ba neasa dhó sin d'fhileadhaibh agus d'fheallsamhnaibh,
do mhnáibh agus do bhanntrachtaibh timchioll iomdhaidhe


L. 160


an ríogh. Do éirigh fear ar gach slios díobh sin, agus fearas
fáilte ris an óglaoch n-anaithnid, agus do iarr gach fear díobh ar
a shlios féin é. Adubhairt an rí:



"Ní hagaibh bhias an gaisgidheach anaithnid acht agamsa féin,
agus curthar im fhiadhnaise é, óir is fearr liom buidheachas a
onóra orom féin 'ná ar neach oile; agus dá dtugadh neach oil nó
aithis dó, is mise do ghéabhadh aithbhear uadha."



13. Agus do suidheadh Earc Astalla i gcathaoir álainn go
dtaitneamh óir i bhfiadhnaise cháich, agus d'fhiafruigh an rí sgéala
de, nó cá tír as a dtáinig, nó cia hé féin d'uaislibh nó d'anuaislibh
an domhain mhóir.



"Ní cheilim sin ortsa, a rí," ar Earc; "as críochaibh Lochlann
dam, agus is mac do Rígh Lochlann mé féin."



Mar do chualaidh an rí sin, do rinn gean glé-mhaiseach gáire.



"Créad é adhbhar do gháire?" do ráidh Earca.



"Mar tá 'fhios agam," ar an rí, "nach lughaide ar an inghin
úd le a dtángais isteach tú 'bheith id Lochlannach."



"Créad an grádh atá aice do Lochlannach tar gach aon
oile?"



"Leanán atá aice i gcríochaibh Lochlann," ar an rí, "agus is
ionmhain léi Lochlannaigh dá chionn."



"Ná habair níos mó, a athair ionmhain," ar sí, "óir isé mo
rogha céile agus columhain d'fhearaibh an bheatha atá annsúd,
.i. Earca Dearg, mac Ríogh Lochlann."



"An fíor súd, a mhacaoimh?" ar an rí.



"Isé súd ainm atá orm," do ráidh Earca.



"Atá comhartha maith agamsa air," do ráidh an inghean,
".i. léine threabhair shnáthchaol do shíoda éingheal atá agamsa,
agus ní bhfuil neach dá n-oireann an léine sin acht d'Earca
Dearg, mac Ríogh Lochlann, amháin."



Do tugadh an léine chuca iar sin, agus d'fhéach Earca Dearg
uime í, agus ní dhéanfadaois ar mhair do mhnáibh léine is fearr
d'oir dó 'ná í. Agus d'fhiafruigh an rí sgéala de, créad do
ghluais é, nó créad fár ghluais ina uathadh is ina aonar gan
sochraid sluagh agus curaidhe.



"Inneosad sin duit," ar Earca Dearg, "m'athairse féin,
.i. Rí Lochlann, do theacht le gaisgidheach dár bh'ainm an
Síoghra Dubh, d'iarraidh oiléin iongantaigh, agus teangmháil
dóibh go na


L. 161


sluagh i nOiléan na Cairrge Sgárlóide, agus an charraig do dhul
síos uatha insa talamh, agus mo theachtsa ar a lorg i dtír uathmhair
fhásaigh, agus gach aon dá raibh innte 'bheith marbh; agus as
sin do rochtas gus an ndún so, d'iarraidh sgéil na cairrge
sgárlóide, agus do gealladh comhtha móra dham ó Rígh Lochlann
ar son sgéil d'fhagháil ón gCarraig, .i. trian tighearnais agus
tánaisteacht chríche Lochlann, agus flathas chríche Lochlann 'na
dhiaidh féin. Ag sin mo sgéala féin duit," ar sé.



14. Do bhádar ag ól agus ag aoibhneas 'na dhiaidh sin, agus
ag cómhrádh re chéile, agus adubhairt Earca ris an rígh:



"Ar ghrádh h-oinigh innis féin dam cia sibhse nó cá tír ina
dtárlaidh mé don chor so."



"Inneosad sin duit," ar an rí; "do Thuathaibh dealbh-chaoine
dath-áille Dé Danann sinne," ar sé, "agus do fágadh an tír
seo agam féin agus ag mo dhearbhráthair, agus fá hé mo dhearbhráthair
féin fá ceann agus codhnach ar an oiléan sin do chonnarcais
i bhfuil na daoine marbha. Agus d'éirigh confadh agus
cogadh mór eadrainn fá chómhroinn na críche, mar is gnáthach do
bhráithribh gaoil agus geinealaigh. 'Na dhiaidh sin do rinneadh síoth
agus cáirdeas eadrainn, agus do bhámar amhail sin lán do
ghrádh re haga fada. Agus do rinneadh fleadh nimhe fám comhairse
agus fá chomhair mo mhuinntire; agus an uair ba hollamh
ionchaithmhe an fhleadh, do chuir feasa agus teachta ar mo cheannsa
agus ar cheann mo shluagh. Do chuadhas féin agus mo mhuinntear
fá ghairm mo dhearbhráthar go bríoghmhar léir-thionólta; agus
do suidheadh gach n-aon ina áit iomchuibhe féin do chaitheamh na
fleidhe, agus is amhlaidh do hórduigheadh iad, .i. fear dá mhuinntir
sin ar ghualainn fhir dom mhuinntirse, dá gcur ar caoi
meisge agus marbhtha. Mar do chonnairc an fír-Dhia for-órdha
an mhiosgais agus an míorún do bhí aca sin uile, do ceangladh
na cuirn agus na lámha dá chéile, agus do ionntuigh a nimh orra
féin, go bhfuaradar bás uile ar an órdughadh sin. Agus tánagsa
agus mo muinntear iomlán dochum an dúnaidhsi, agus níor
leigeas do neach dom muinntir buain ris an leath sin don tír ó
sin i leith, agus atá trí céad bliadhan ó shoin, agus ní bhfuil aois
ná orchra ar aonduine againne ón uair sin gus indiu, agus
atáidsean fán orchra i rabhadar an lá sin na fleidhe. Agus
Oiléan na Marbh ainm na tíre sin, agus Donn Eibhlinne m'ainmse


L. 162


féin," ar an rí, "agus dearbhráithre dá chéile mise agus rí
Chathrach na bhFear Marbh. Agus isiad sin ar sgéala, a mhic Ríogh
Lochlann, agus do mhúinfinnse dhuitse mar do ghéabhthá sgéala
an chairthe sgárlóide, .i. dá madh áil leat mh'ingheansa do
thabhairt mar mhnaoi. Atá dias dearbhráthar ag an inghin, agus is
clann damhsa iad, agus is acu atá fios sgéal an chairthe sgárlóide
agus a fhagháil; agus do ghéabhthása uatha leis an inghin
é, agus do choiseónadh na comhadha do gheall an Rí dhuit."



"Is maith leamsa do chleamhnas agus do charadradh d'fhagháil,"
ar Earc.



15. Annsin do cuireadh fios ar cheann chloinne an ríogh, agus
tángadar chuca iar na mhárach. Agus do rinneadh cleamhnas
agus caradras acu, agus tugadh an cairthe agus an inghean do
mhac Ríogh Lochlann; agus do bhí Earca go ceann cian-chaecighis
isan dúnadh, agus annsin do ghabh lámh ar imtheacht, agus do
thógaibh an cairthe leis. Adubhairt Donn Eibhlinne fris:



"Beirse an cairthe lat," ar sé, "agus ní bha marthannach ag
Rígh Lochlann é, agus coiseónaidh do chomhadha duitse; agus fágaibh
do bhean annso go tiacht duit arís; agus innis damhsa cá
háit i rachaidh Rí Lochlann don dul so."



"Inneosad sin duit," ar Earca, ".i. óglaoch thárlaidh ag Rígh
Lochlann, Síoghra Dubh a ainm, agus do bhí bliadhain iomlán aige,
agus ní bhfuair do thuarasdal i gcionn na bliadhna sin act aon-uinge
d'ór, agus ba beag leis an riodaire sin, agus adubhairt
go raibhe i ngleann fairrge ar leath Lochlann rí nach samhlóchadh
re deich gcéad uinge dh'ór mar thuarasdal san mbliadhain é, acht
cé do shamhluigh Rí Lochlann re haon-uinge dh'ór é. Agus mar
do chualaidh an Rí sin, adubhairt nach géabhadh gan eolas d'fhagháil
uaidhsean, agus adubhairt an Síoghra Dubh go dtiubhradh. Agus
do ghluaiseadar leis seól dá fhichid déag long ar an lear
leathanmhór, agus deich gcéad in gach luing díobh, agus tárlamair
insan Oiléan úd an Chairthe Sgárlóide; agus isiad sin ar sgéala
agus ar n-imtheachta."



"Má 'seadh," ar Donn Eibhlinne, "adeirimse riotsa a rádh
ris an Rí gan dul ar eolas Shíoghra Dhuibh ní bhus fuide, agus, dá
leana sé dhá eolas, is deimhin nach dearnaidh riamh turas ba
measa leis; agus, muna ghabha sé mo chomhairlese, adeirim riot
féin gan dul leis."


L. 163


Do gheall Earc go ndiongnadh féin an chomhairle sin.



16. Do ghluais Earc roimhe, agus an cairthe leis, agus do
fhágaibh a bhean, inghean Duinn Eibhlinne, annsin, agus fágbhas
iomchomhairc beathadh agus sláinte ag an rígh agus aga mhuinntir.
Agus do ráinig roimhe go Cathair na bhFear Marbh, agus as sin
gus an ionad i raibhe an chómhra chláraidh, agus do chuaidh innte,
agus do chraith na téada cnáibe, agus do tarraingeadh suas go
hollamh i bhfiadhnaise Ríogh Lochlann é. Agus do fearadh fáilte
fhris annsin ag an Rígh agus ag na sluaghaibh, agus ba lúthgháireach
iad ar bhfaicsin an chairthe sgárlóide aige, agus do moladh go
mór an gníomh do rinne. Is annsin do ghoir Earca an Rí leis
ar fhód fá leith, agus do innis briathra Duinn Eibhlinne dhó, mar
dubhairt ris gan leanmhain d'eolas Shíoghra Dhuibh, agus, dá
leanadh, go madh aithreach leis é. Adubhairt an Rí nach anfadh nó
go bhfaiceadh tighearnas an Ríogh adubhairt Síoghra Dubh do
bheith i ngleann fairrge ar leath Lochlann nach samhlóchadh re
deich gcéad uinge dh'ór mar thuarasdal san mbliadhain é. Agus
adubhairt Earc nach rachadh féin ann. Do goireadh Síoghra Dubh
chum an Ríogh, agus adubhairt ris eolas do dhéanamh mar do
gheall. Do ghluais Síoghra go lúthgháireach chum a luinge; agus
adubhairt an Rí nach géabhadh ó Earc gan dul leis, agus
do chuaidh lais iar sin.



17. Do ghluais Síoghra Dubh rompa, ag déanamh eolais dóibh,
agus do leanadar cách uile é ar dhruim mhara agus mhór-fhairrge,
agus do bhádar deich lá fichead ag imtheacht na mara, agus fá
mór do dhuadh agus d'imneadh fuaradar fris an ré sin. Agus i
gcionn na haimsire sin do chonnarcadar oiléan uatha.



"Cá hainm an t-oiléan úd?" ar an Rí.



"Olc an t-eolach ar do dhúthaigh thú," ar Síoghra, "agus gan
fios an oiléin úd agat."



"Dom bréithir," ar sé, "níor bh'aithne damh súd, má's dom
dhúthaigh é."



"Iseadh, go deimhin," ar Síoghra, "agus Oiléan an Bhanntrachta
súd," ar sé.



"Créad adhbhar an ainme sin?" ar an Rí.



"Oiléan súd," ar sé, "atá lán do bhanntracht agus
d'ingheanaibh, agus ní bhfuil fear ar bith acu acht iad féin ag
áitreabhadh an oiléin; agus ní bhfuil neach fir ná mná do chífeadh
aon-bhean díobh nach tiubhradh grádh a anama dhi."


L. 164


18. Mar do chualaidh an Rí sin, adubhairt rena chobhlach gabháil
láimh ris an oiléan, agus a gcinn do chromadh 'na longaibh,
agus gan féachain ar an mbanntracht. Do rinneadar an cabhlach
sin, agus do bhádar ag gabháil láimh ris an oiléan. Mar
do chonnarcadar an banntracht iad ag seachnadh an oiléin, do
éirgheadar amach láimh re ciumhsaibh an chuain, agus do labhair
bean díobh, agus iseadh adubhairt:



"Cá ngabhann an cobhlach mór úd, is neamhshuirghe dá bhfacamar
riamh?" ar sí.



Do thógaibh óglach don chabhlach a cheann ris an gcómhrádh sin,
agus do fhéach ar an mnaoi, agus iar na faicsin tug grádh a
anma agus a chroidhe dhi, agus adubhairt, muna leigthí chum tíre
é go luath, go bhfuigheadh bás gan fhuireach. Agus do thógaibh neach
oile a cheann, agus do thógaibh an treas fear, agus ní headh
amháin acht do thógbhadar urmhór an chobhlaigh uile a gcinn, gur
fhéachadar ar an mbanntracht. Agus do chuadar lucht da fhichid
long i dtír san oiléan díobh, agus ní raibh aoinfhear acu nár
ghrádhuigh bean fó leith don bhanntracht. Agus do luighsead leó
ar an láthair sin, agus do iadhdar na mná a lámha iompa, agus
do theannsad riú go feidhm-láidir iad, ionnus gur fháisgeadar a
gcroidhthe ina gcaobaibh cró tar a mbéalaibh amach, gur imreadar
bás obann ar lucht an dá fhichid long sin. Adubhairt Rí Lochlann:



"A Shíoghra Dhuibh," ar sé, "ní maith an t-eolas do rinnis
dúinn, dá bhfuilid ar muinntear do dhíth orainn."



"Ní mise adubhairt riú dul i dtír san oiléan," ar Síoghra,
"agus gion gurab mór do dhíthse ris, is blogh do dhíoghailt na
huinge dh'ór é."



Adubhairt Rí Loclann rena chobhlach an t-oiléan d'fhágbháil go
luath, agus d'imthigh féin roimhe, agus do leansad a mhuinntear
é. Agus do labhair bean don bhanntracht do ghuth árd ghráineamhail:
"Olc an díol grádha mhóir an cobhlac atá ann," ar sí;
agus níor leig Rí Lochlann do neach dhá mhuinntir freagra do
thabhairt uirre. Agus do bhádar a mhuinntear aga iarraidh ar an
Rígh iompódh go críochaibh Lochlann arís.



"Dobheirim briathar," ar sé, "nó go bhfaicthear an chríoch do
gheall Síoghra Dubh damh, nach rachad go críochaibh Lochlann."



"Doghéansa an t-eolas," ar Síoghra, "agus bíodh a rogha
agatsa mo leanmhain nó gan mo leanmhain."


L. 165


Do leansad an cobhlach uile é, agus do bhádar ag taisdeal
tonn agus ag tréan-imtheacht na mara, agus ní bhfuaradar riamh
roimhe ní re (a) samhlóchdaois a bhfuaradar d'olc agus d'imneadh
ar an siubhal sin. Agus adubhairt Rí Lochlann:



"Is fada atámuid gan trácht tíre ná talmhan d'fhaicsin,
agus atáid ar sluagh ar na sníomh re saothar na mórmhara."



"Truagh liomsa sin," ar Síoghra, "ríghe ná flaitheamhnas do
bheith ag fear na mbriathar sin, agus nach fuair sé ní ba mó 'ná
sin d'anshocracht ag cosnamh a thighearnais; agus, a Rí Lochlann,"
ar sé, "is mór d'anshocracht an domhain fuaras féin aga shiubhal,
acht cidh beag mo thuarasdal uaitse."



20. Do bhádar da fhichid lá ar an órdughadh sin gan iath ná
oiléan d'fhaicsin dóibh, agus i gcionn na ré sin do chonnarcadar
taobh tíre uatha.



"Cá hainm an t-oiléan úd, a Shíoghra?" ar an Rí.



"Olc an t-eolach ar do dhúthaigh thú," ar Síoghra.



"An dom dhúthaigh súd?" ar an Rí.



"Is di," ar Síoghra, "agus Oileán na nEach a ainm".



"Créad fá ngoirthear an t-ainm sin de?" ar an Rí.



"Oiléan súd, ar Síoghra, "atá lán d'eachaibh, agus ní théid
aonduine ann nach faghann a rogha eich ann, agus is amhlaidh atáid
siad go sriantaibh dearg-óir friú."



"Do badh maith linn cuid do na heachaib sin do bheith againn,"
ar muinntear an Ríogh.



Agus do chuadar drong dhíobh i dtír san oiléan, .i. lucht da
fhichid long agus deich gcéad in gach luing dhíobh, agus fuaradar
a lán d'eachaibh maithe ann agus iad fán inneall adubhairt
Síoghra riú, agus ní raibh aonduine dhíobh nach raibh a rogha eich
aige ann. Agus do chuadar ar marcuidheacht, agus ní fhacadar
riamh eich is fearr d'fhóghain dóibh iná iad; agus do bhádar ag
imtheacht chum a long arís, agus a n-eich leó.



21. Agus níor chian dóibh amhlaidh sin in tan do chualadar an
trosta agus an torainn adhbhalmhór, amhail badh í an fhirmamint
áirdreannach néaltannach do bheith ag tuitim dá gabhlaibh congmhála
chum talmhan. Agus do fhéachadar 'na ndiaidh leis an
dtorainn dtréanmhóir sin, agus do chonnarcadar chuca aonóglaoch
mór adhuathmhar urghránna ba mó do mhileadhaibh dá bhfacadar
riamh, agus ba measa dealbh agus déanamh don Ádhamh-chloinn.


L. 166


Óir ba samhalta re gual gabhann ar na bháthadh i n-uisge
fhuar oighreata gach ball dá bhallaibh, agus ba gile 'ná sneachta
aoingheal aonoidhche gach súil dá raibh i n-iarthar a chloigcinn; agus
do bheireadh fobha dá bhéal uachtrach go bhfolchadh a
ghlúine síos; agus luirgfhearsad iarnaidhe 'na láimh aga tarrang
ina dhiaidh aige, agus do ba mó 'ná fód daimhsheisrighe an múr
mór-adhbhal do thógbhadh don talamh da gach fóbairt do bheireadh
do na naoi ndruimnibh aithghéara ailtnidhe do bhí fhor an
luirgfhearsaid chatha sin. Agus do labhair an fear mór do ghuth
árdmhór adhuathmhar, agus iseadh adubhairt:



"A Shíoghra Dhuibh," ar sé, "an é (a) olcas do íoc mé do chíos
riot isna bliadhnaibhse anall fa deara dhuit Rí Lochlann go na
chabhlach do thabhairt do bhreith mh'eachra uaim?"



"Ní mise do rug h-eachra uait," ar Síoghra, "agus ní bhacfad
díotsa a ndíoghailt ar an muinntir do rug uait iad."



Mar do chualaidh an fear mór sin, do chuaidh fá na sluaghaibh,
agus do léig ingheilt dá luirgfhearsaid chatha fútha, ionnus nach
deachaidh duine dearmaid as do na sluaghaibh sin, soir ná siar,
ba dheas ná ba thuaidh nár mharbh an t-óglách mór do lucht an da
fhichid long. Agus do ghluaiseadar an chuid oile ón oiléan
amach; agus adubhairt Rí Lochlann:



"A Shíoghra Dhuibh," ar sé, "ní maith an t-eolas i dtugais sinn
do dhíothughadh ar sluagh."



"Is beag an uireasbhaidh sin," ar Síoghra; "cidheadh, is blogh
do dhíoghailt na huinge dh'ór é."



22. Adubhradar a mhuinntear re Rígh Lochlann iompódh go
críochaibh Lochlann arís, agus nach rachdaois féin ní ba sia 'ná sin
ar eolas Shíoghra Dhuibh. Adubhairt an Rí nach diongnadh, agus
nach láimheóchadh bheith i gcríochaibh Lochlann an tí nach rachadh leis
féin isan turas san. Adubhairt Síoghra Dubh:



"Ní holc liomsa bhur n-iompódh, agus is fearr liom Rí
Lochlann do neamchomhall a gheallta 'ná mé féin; agus an t-eolas
do gheallas doghéanainn é."



"Tar romhainn, a Shíoghra," ar an Rí.



Do ghluais Síoghra go humhal roimh chách, agus do leanadar
na sluaigh go haimhleasg é, agus do ghabhadar ag iomradh tar
tonnaibh fraoch-mhóra na fairrge. Agus ar na dtuirsiughadh go


L. 167


mór amhlaidh sin, do chonnacadar (i gcionn caecighis) fosgadh
oiléin, agus, ar ndul i ngoire dhó, d'fhiafruigh an Rí cá hainm an
t-oiléan.



"Olc an t-eolach ar do dhúthaigh thú," ar Síoghra, "is gan
ainm an oiléin úd agat."



"Más dom dhúthaigh an t-oiléan úd," ar an Rí, "ní fheadar
a ainm fós."



"Oiléan an Óir súd," ar Síoghra.



"Créad um a ngoirthear an t-ainm sin de?" ar an Rí.



"Oiléan súd," ar Síoghra, "atá lán d'ór fhorloisgthe uile;
agus sluagh na cruinne do dhul ann, do ghéabhdaois a ndaoithin
óir agus ionnmhasa san oiléan úd."



"Créad an coiméad atá ar an ionnmhas sin?" ar an Rí.



"Is briathar damhsa," ar Síoghra, "nach fuil fear d'fhearaibh
an talmhan aga choiméad."



"Má 'seadh," ar an Rí, "do b'fhearr linne go mbeith cuid
d'ór agus d'ionnmhas an oiléin úd againn inar longaibh, dá
bhronnadh d'aos ciúil agus oirfididh, agus dá thabhairt i dtuarasdal
amhas agus óglaoch agus d'aos feadhma agus fritheolmha
agus fíorchalmachta do dhéanamh."



"Do b'fhearrde," ar cách i gcoitchinne.


L. 282


Síoghra Dubh.
Tomás Ó Rathaille do sholáthruigh.
III.



23. Gluaisid na sluaigh iar sin fón oiléan agus do bhádar ag
cur óir agus ionnmhasa 'na longaibh. Agus ní cian go gcualadar
guth glórach gliadhfhaoidheach 'san oiléan aniar gach ndíreach
aga n-ionnsaighe, agus do chonnarcadar uatha an dúil adhuathmhar
urghránna i ndeilbh mídhéanmhasach mná, .i. cailleach dhocrach
dhoidhealbhdha chaolghránna chruaidhreangach, agus meadhón crapach
cruadhchuisleannach aice, agus ingne aithghéara intseabhaic uirre.
Agus do labhair an bhean go gliadhfhaoidheach gráineamhail, gur
ba clos fá na sluaghaibh uile í, agus iseadh adubhairt:



"A Shíoghra Dhuibh," ar sí, "an é (a) olcas do íoc mé do chíos
riot 'san mbliadhainse fa deara dhuit an cobhlach mór so do
thabhairt chugam do bhreith mo choda óir uaim?"



"Ní bhfuilimse ag breith óir uait," ar Síoghra, "agus ní mó
bhacfad díot a ndíoghailt ar an muinntir atá dá bhreith uait."



"Má 'seadh," ar an chailleach, "dígheoladsa mo chuid óir ar
na sluaghaibh."



Agus do chuaidh an chailleach fá na sluaghaibh annsin, agus
dobheir fobha frithir fíor-nimhneach do bharraibh a méar mór-ingneach
i mullach aighthe agus éadain gach aoin dá dteangmhadh
chuice, go nach fágbhadh feóil ná finnleathar forra, agus go
mbeireadh a n-abach agus a n-ionathar asda go lár agus go lántalmhain.
Agus do ghabh aga n-oirleach agus aga n-athchumadh
fón ionnus sin, agus ní dhéandaois airm ioná iolfhaobhair urchóid
di, agus do sgeinnidís di amhail doghéandaois do chloich nó do
charraig. Do thimcheall an chailleach muinntir Ríogh Lochlann fán
gcuma sin, ionnus nach deachaidh fear dearmaid uaithe do lucht
an dá fhichid long gan bás obann d'imirt orra. Go ndubhairt
Rí Lochlann:



"A Shíoghra," ar sé, "ní maith an t-eolas do rinnis dúinn,
agus is éagcóir do ráidhis rinn nach raibhe cóiméad ar an
oiléan."


L. 283


"Ní dubhairt mé bréag riot," ar Síoghra, "óir iseadh
adubhart nach raibh fear d'fhearaibh an talmhan aga choimeád,
agus ní fear do mharbh do mhuinntearsa acht bean."



24. Do fógair Rí Lochlann don mhéid do mhair dá mhuinntir
an t-oiléan d'fhágbháil, agus iompódh tar ais go críochaibh
Lochlann, agus do aontuigh an cobhlach an chomhairle sin. "Agus
ní heolas cóir do rinnis dúinn, a Shíoghra," ar an Rí.



"Gion gurab aidhbhseach libhse é," ar Síoghra, "is blogh do
díoghailt na huinge dh'ór é." Agus adubhairt fós: "Ní mise is
cionntach ribh," ar sé; "doghéanainn an t-eolás díbh mar do
gheallas."



Agus adubhradar a mhuinntear fris an Rígh gan leanmhain
d'eolas Shíoghra Dhuibh ní badh mhó iná a ndearnaidh, agus dá
ndéineadh, go madh aithreach leis.



"A Shíoghra," ar an Rí, "cá fad uainn dighinn an eolais do
gheallais?"



"Ní fada uainn anois é," ar Síoghra.



"Má 'seadh," ar an Rí, "rachad féin lat."



Adubhradar a mhuinntear nach rachadaois féin leis. Adubhairt
an Rí nach léamhadh bheith i gcríochaibh Lochlann an tí do fhillfeadh
uadha, agus adubhairt re Síoghra go rachadh féin leis, giodh nach
fuigheadh lais acht é féin. Agus adubhairt Síoghra:



"Is olc do mhuinntear, a Rí Lochlann, óir is íseal a n-aigeanta,
agus ní mór a meanma, agus ní hárd a n-intinne, agus
is mílaochdha iad. Óir is minic do díothuigheadh deaghdhaoine
agus do leadradh curadha, agus do goineadh tréinmhílidh, ag cosnamh
ríghe go ró-chalma dá dtighearna tairise féin."



"Is fíor a n-abra uile," ar an Rí, "agus gluais romhainn."



Do ghluais Síoghra Dubh roimhe ar mearthonnaibh na fairrge
fíordhoimhne. Ódchonnarcadar a mhuinntear a dtriath agus a
dtighearna ag imtheacht uatha, do leanadar go héasgaidh ainmhear
é. Agus do ghluaiseadar an cobhlach uile ar aon-rian annsin,
agus do bhádar ag luath-imtheacht na mara, go nach facadar
trácht tíre ná talmhan go ceann cian-chaecighis ar mhíosa. Agus
do bhádar ag aithbhear ar an Rígh ar a mhéid ba doiligh leo teacht
isan turas sin, go ndubhairt Síoghra Dubh:



"Is mairg darab muinntearsa, a Rí Lochlainn, óir níor
chleachtadar siubhal cuan na caladhphort ná críoch gcoimhightheach,


L. 284


acht bheith ar faithche na Beirbe ag feitheamh aonach agus oireachtas
agus ag éisdeacht cheoil agus chaoimhealadhan, agus ní lucht
feadhma ná fíorchalmachta fós iad."



25. Do éirigh Síoghra ina luing iar sin do luaithfhéachain na
néal ina thimcheall, agus ní fada do bhí amhlaidh in tan adubhairt:



"Dochím féin oiléan i bhfogas dúinn," ar sé.



"Is mór do riocfamuisne a leas sin," ar an Rí, "óir atáid
ar muinntear i ngeall re furtacht d'fhagháil."



Agus i ndiaidh na hagallmha sin do rángadar i ngar don
oiléan.



"Cá hainm an toiléan úd?" ar an Rí.



"Ní fhaca riamh eolach is measa ar do dhúthaigh féin ná thú," ar
Síoghra.



"Atáim i n-ainbhfios an oiléin úd, má's dom dhúthaigh é."



"Oiléan an Bhuabhaill súd," ar Síoghra.



"Créad uime a ngoirthear sin de?" ar an Rí.



"Cathair álainn oireaghdha atá annsúd," ar Síoghra, "agus
búird órdha iongantacha innte, agus buabhall binnghothach ar
ceartlár an bhúird; agus dá suidhidís fir an domhain ar an mbórd
sin agus buille do bhualadh ar an mbuabhall, do ghéabhdaois
a lórdhaoithin bídh agus dighe. Agus isé sin adhbhar fá ngoirthear
Oiléan an Bhuabhaill de."



26. Do ghluaiseadar dronga dí-áirmhe do mhuinntir an Ríogh
d'ionnsaighe an oiléin sin, agus do chuadar isteach san chathraigh,
agus do suidheadar ar an mbórd. Agus do bhuail fear díobh
buille ar an mbuabhall, agus ní raibh neach dhíobh nach fuair a
lórdhaoithin pruinne agus tomhaltais ar an mbórd, agus do ghab
iongantas mór iad fá cheann an bhuabhaill. Agus níor chian
dóibh ann in tan do chonnarcadar sgarbhchailleach ghruama
dhrothdhathach chuca, agus ba hadhbhal a hurghráin rena féachain.
Agus do labhair go borb braisbhriathrach, agus adubhairt:



"Is dóigh liom, a Shíoghra," ar sí, "nach é (a) olcas do íoc mé
do chíos riot ris an mbliadhainse anall fa deara dhuit an cobhlach
mór so do thabhairt do chaitheamh mo choda bídh."



Agus, ar na rádh sin, do chuaidh fá na sluaghaibh, agus níor
thualaing aon acu é féin d'anacal uirre, nó gur thuiteadar uile
leis an gcailligh. Agus mar do chualaidh an Rí a mhuinntear
uile do thuitim, iseadh adubhairt:


L. 285


"Ní maith an séan le dtángamair ar h-eolas, a Shíoghra, ar
dtuitim ar muinntire lat ón oiléan go aroile."



"Ní cóir a n-abrann tú," ar Síoghra, "óir ní mise do mharbh
do mhuinntear, agus ní bhacfainn díotsa a dhíoghailt ar an
muinntir do mharbh iad."



"Ní dhígheoladsa sin ortsa," ar an Rí, "agus ní mó rachad
ar h-eolas ní bhus faide."



"Ní h-olc liomsa sin," ar Síoghra, "óir ní mé féin do bhris
ort, agus doghéanainn an t-eolas do gheallas."



"Dá ndeachainn lat," ar an Rí, "mar nach rachad, cá fad
uainn bunadh dighinn an eolais sin?"



"Ní fada anois uainn é," ar Síoghra, "agus ní dá iarraidh
ort teacht atáimse."



"Rachadsa lat," ar an Rí, "nó go bhfaicthear an rí úd
adubhrais do bheith i ngleann fairrge ar leath Lochlann, nach
samhlóchadh re deich gcéad uinge dh'ór mar thuarasdal san
mbliadhain tú, acht gé shamhluigheassa thú re haon-uinge."



Agus do bhádar an méid do mhair do mhuinntir an Ríogh ag
toirmeasg an turais sin air, agus níor gabhadh sin uatha.



27. Do ghluaiseadar ón oiléan sin, agus do bhádar ag
imtheacht na mara mórghuirme go ceann cian-chaecighis tar mhíosa,
agus i gcionn na ré sin do chonnarcadar oiléan uatha. Agus is
amhlaidh do bhí an t-oiléan sin, agus lubhghort fá lántoradh ann
ba mó agus ba háille dá bhfacadar riamh. Agus d'fhiafruigh an
Rí cia hé an t-oiléan sin.



"Ní fearrde dh'eolach ar do dhúthaigh thú a fhad ataoi aga
taisdeal."



"Ní bhfuil eolas agam ar an oiléan úd," ar an Rí.



"Oiléan an Lubhghuirt súd," ar Síoghra, "agus isé súd
lubhghort an ríogh chum ar thriallaisse; agus an áil libhse dul do
chaitheamh a thoraidh?"



"Ní racham," ar an Rí.



Ó 'dchualaidh Síoghra sin, do éirigh féin agus do ghoir sé
Earc Astalla leis, agus do chuadar chum an lubhghuirt. Agus
ar ndul go doras an lubhghuirt dóibh, is amhlaidh do bhádar
triúr athach aga choiméad, agus do ghabh gráin agus eagla
Earca rompa, óir do shaoil nachar chonair dóibh dul d'ionnsaighe
na n-athach n-adhbhalmhór sin. Agus ní hamhlaidh tárlaidh


L. 286


dóibh, acht do fhearsad fáilte go mín muinnteardha ria Síoghra,
agus do leigeadar slighe fhairsing dóibh chum an lubhghuirt.
Agus do ghabh Síoghra agus Earca ag caitheamh thoraidh an
lubhghuirt, agus gér mhian le hEarc bheith ag caitheamh an toraidh,
ba luinne leis bheith ag feitheamh an lubhghuirt ina thimcheall, óir
fa hiomdha crann álainn anaithnidh do bhí ann.



28. Agus an tan fa sáitheach iad, do chuaidh Síoghra d'ionnsaighe
chroinn chombláith chumhra, do chuaidh os crannaibh an
lubhghuirt ar áille agus ar aoirde, agus níor mhó ceann mic
míodh-aoise ná gach ubhall dá raibh fair. Agus do bhean Síoghra
lán a ochta do na hubhlaibh, agus rug leis d'ionnsaighe an Ríogh
iad, agus mar do chuaidh do láthair, do theilg i n-ucht an Ríogh
iad. Agus do ith ubhall díobh, agus comhluath is do chaith an Rí
é, do rinne lobhar gráineamhail de, ionnus nach raibhe folt
ná fionnfadh fair. Agus do bhíodhgastar cách uile ar na fhaicsin
amhlaidh sin, agus do aithin an Rí féin gurab do chaitheamh
na n-ubhall do rinneadh an t-aidhmhilleadh sin air, agus adubhairt:



"A Shíoghra," ar sé, "ní maith do rinnis na hubhla do thabhairt
damh dhom mhilleadh."



"Ní thugassa ubhla dhuit acht na hubhla is mó 's is áille
fuaras," ar Síoghra; "agus má do bhí olc nó urbhaidh i ndán
duit féin, ná bí aga aithbhear ormsa."



Do iarradar a mhuinntear ar an Rígh annsin filleadh tar ais
go críochaibh Lochlann. Adubhairt an Rí nach fhillfeadh go brách,
acht muna bhfaghadh aithearrach crotha.



"Is mór do chuir do dhrochchomhairle do díth ort féin agus
orainne riamh," ar siad, "agus do b'oircheasa dhuit, dá olcas
cruth dá bhfuil ort, filleadh tar ais 'ná dul ar eolas Shíoghra
Dhuibh."



"Ní meisde liomsa bhur bhfilleadh," ar Síoghra, "óir do rinne
mé an t-eolas mar do gheallas acht beagán, agus doghéanainn
an beagán sin, leis, dá madh toil libhse é."



"Is toil, go deimhin," ar an Rí, "óir is fearr linn bheith i
n-ionad éigin oile iná filleadh go críochaibh Lochlann isan riocht
so."



29. Do ghluais roimhe, agus do lean an Rí é, go na
bheagán muinntire, agus do chuadar ar formna fíor-dhomhain na
fairrge. Agus do bhádar athaidh fhada gan iath ná innse ná


L. 287


oiléan d'fhaicsin, agus fá dheireadh do chonnarcadar imdhéanamh
oiléin uatha.



"Cá hainm an t-oiléan úd, a Shíoghra?" ar an Rí.



"Oiléan na Tiobraide an t-oiléan úd," ar sé.



"Créad fá ngoirthear an t-ainm sin de?" ar an Rí.



"Tiobraid atá ann súd ar lármheadhón an oiléin," ar sé,
"agus dá madh anbhfann nó éagcruaidh neach, agus dá mhéid a
ghalar nó a threabhlaid, acht go n-óladh sé deoch dhon tiobraid,
do bhiadh sé sleamhain slánchréachtach; agus ón tiobraid sin
ainmnighthear an t-oiléan."



"Do riocfainnse a leas dul d'ionnsaighe na tiobraide sin,"
ar an Rí; "agus atá dho olcas do chuaidh dom mhuinntir do
sgéalasa do chreideamhain, nach rachad féin ná neach oile dhíobh
leatsa chum na tiobraide úd."



30. Ó nár fhaomh an Rí dul don oiléan, do éirigh Síoghra agus
do ghoir sé Earca Astalla lais, agus do chuadar d'ionnsaighe na
tiobraide. Agus is amhlaidh do bhí an tiobraid sin, agus
trí dóirse uirre, agus triar athach ar gach doras díobh, agus trí
coin ghéara ghlasa ghairbhfhionnacha acu. Agus do chuadarsan go
doras na tiobraide mar a rabhadar na hathaigh, agus do ghráin
Earca ar na bhfaicsin; agus do léigeadar slighe agus conair
choitcheann do Shíoghra Dhubh chum an dorais agus chum na
tiobraide. Agus do bhádar ag ól agus ag aoibhneas, nó gur
sháthach iad ionnus go ndeachaidh a meirtnighe agus a mórsgíos
díobh. Agus ag imtheacht ón tiobraid dóibh, do fhan Earca tar
éis tSíoghra Duibh, agus tug buidéal beag leis óna chuim, agus
líonas é gan fhios do Shíoghra, agus cuireas an buidéal fóna
chuim, agus leanas Síoghra ón doras amach. Dearcas Síoghra
fair, agus airigheas an t-árd fána osgail, agus féachas é, agus
fuair an buidéal, agus beanas as a láimh é, agus buaileas fán
gcáirthe gcloiche do bhí ina fharradh é, agus do rinne mionchoda
dhe. Agus tug sidhe dian dásachtach d'ionnsaighe Earca, agus do
thógaibh os cleith a ghualann é, agus do bhuail fé leacaibh loma na
talmhan é, gur léigh Earca osna éagcaointeach as, adubhairt go
hanbhfann éagcruaidh:



"Is olc do rinnis mo mhilleadh ar son mo theacht leat im
aonar," ar sé.



(Ní críoch).


L. 306


Síoghra Dubh
Tomás Ó Rathaille do sholáthruigh.
IV.



Ar na chlos sin do Shíoghra, do ghabh truaighe dhó é, agus do
thógaibh leis ar a ghualainn tar ais chum na tiobraide é. Agus
do fhuráil air uisge dh'ól as an dtiobraid, agus do ibh Earca sin,
agus do éirigh slán, go nár mhothuigh cnead ná galar. Agus do
imgheadar rompa ón dtiobraid, agus adubairt Síoghra Dubh:



"Muna bheith nach áil liom olc do dhéanamh dhon tí dá ndearnas
maith, do sgarfainn do cheann ria do cholainn tríd an míochoingheall
do rinnis orm fán uisge."



31. Do chuadar iar sin mar a raibhe Rí Lochlann, agus do bhádar mar sin
go fíorthosach na hoidhche, gur ísligh an ghaoth agus
gur fhuaruigh an tsíon, gur ghabh fuacht mór Rí Lochlann. Agus
do bhí dho mhéid na grána do ghabh a mhuinntear féin roimhe nachar
aomh aonneach acu luighe maille ris, gur iarr ar Earca luighe ina
fhochair, agus faomhas Earca sin. Agus mar do bhádar
i n-aoinleabaidh san oidhche, do smuain Earca cionnus do bhéaradh
sé féin furtacht don Rígh. Agus, ó nach fuair ionnus oile re
fóirithin air, do sgéith a raibhe ina chorp d'uisge na tiobraide fá
thaobh agus fá chneas an Ríogh, agus gach ionad ar bhean an t-uisge
fris, ba slán dá éis é. Do bhádar mar sin go moch laoi ar na
mhárach; agus ba hiongnadh mhór leis an gcobhlach uile Rí Lochlann
d'fhaicsin ina chruth féin, agus do aithin Síoghra gurab é Earca
tug fóirithin éigin don Rígh.



Fiafruigheas Rí Lochlann do Shíoghra cá fad uatha an rí chum
ar thrialladar.



"Ní fada anois uait é," ar Síoghra.



"Eadamair ní dá iarraidh dob' áil leatsa dul ní bhus fuide,"
ar fear dá mhuinntir fris an Rígh.



"Ní fearr liomsa a theacht ná a anmhain," ar an Síoghra,
"acht muna maith leis féin é."



"Is maith," ar an Rí, "agus déanasa eolas damh dhá
ionnsaighe."


L. 307


32. Gluaiseas Síoghra chum a luinge, agus leanas Rí Lochlann
go na mhuinntir é, agus do bhádar ag taisdeal na dtonn
go dtáinig meadhón laoi. Agus do chonnarcadar dúnadh
ríoghdha ró-mhaiseach uatha, agus iomad bhfear n-armtha i n-aonach
agus i n-árdoireachtas ar faithche an dúnaidh.



"Cia hí an chathair úd?" ar an Rí.



"Ag súd dúnadh an ríogh chum ar thriallais-se," ar Síoghra,
"agus isé tighearna an dúnaidh atá i n-oireachtas annsúd.
Agus ní fhóghnann díbhse teachta ná daoine do chur d'fhiafruighe
sgéal díobh, ná d'innisin sgéal dóibh; acht tabhraidh bhur n-airm
amach, agus cuiridh re bhur nguaillibh iad, agus fanaidh 'bhur
seasamh mar a bhfuiltí nó go gcuirid na sluaigh fiafruighe oraibh;
óir isé sin gnáthughadh na críchese."



Do rinneadar mar do órduigh Síoghra dóibh. Agus ó
'dchonnarcadar na sluaigh do bhí ar an bhfaithche sin, agus iadsan
agus a n-airm re a nguaillibh acu, agus inneall áigh agus
iorghaile forra, agus a n-aighthe ar an mbaile, do rinneadar féin
éirghe athlamh aoinfhir, agus do ghabhadar a n-airm agus a
n-iolfhaobhair iompa. Agus tángadar i n-aghaidh Ríogh Lochlann
go na shluaghaibh, agus níor fhiafruigh ceachtar aco sgéala dhá
chéile, nó gur dhiubhraiceadar a sleagha snasta séimhrighne for a
chéile. Agus do chuaidh Síoghra dubh ar na sluaghaibh amach, agus
do thógaibh sé Earca Astalla ar maoil a ghualann. Agus do bhí
sé féin agus Earca ar árd na tulcha is aoirde fuaradar, ag
féachain ar na sluaghaibh, nó gur thuit Rí Lochlann go na mhuinntir
le sluaghaibh an dúnaidh, go nach deachaidh fear innisde sgéal as
do mhuinntir Ríogh Lochlann acht Earca Astalla amháin, ar na
anacal do Shíoghra Dhubh.



33. Agus mar do thuit Rí Loclann agus a mhuinntear, táinig
Síoghra Dubh agus Earca Astalla i measg shluaigh an dúnaidh,
agus do fearadh fáilte friu ag an rígh agus ag na sluaghaibh.
Agus do innis Síoghra a eachtra agus a imtheachta dhóibh ó thúis go
deireadh, agus mar do rinne a mhuinnteardhas le Rígh Lochlann,
agus an t-adhbhar fá dtáinig Ri Lochlann ar an siobhal sin, agus
mar do thuiteadar a mhuinntear ón oiléan go aroile.



Dála Earca Astalla, do ghoir sé Síoghra Dubh leis ar fód fá
leith, agus do fhiafruigh de cia an rí úd ler thuit Rí Lochlann
go na shluaghaibh, "nó cia thú féin, a Shíoghra?" ar sé.


L. 308


"Rí Dubhlochlann siúd," ar Síoghra, "agus is mac dó mise
féin, agus isé mh'ainm díleas Síoghra na Srothán, agus Síoghra
Dubh is ainm dhamh re siobhal an domhain. Agus isé is mian liom
anois ríoghacht Fhionnlochlann do bheith agam féin, agus dul do
ghairm ríogh dhíom innte."



34. Dála Shíoghra, do ghluais roimhe go críochaibh Lochlann,
agus Earca Astalla leis. Agus gabhas le hEarca go Dún
Eibhlinne ar cheann a mhná, inghean Duinn Eibhlinne, agus rugadar
leó í go críochaibh Loclann, agus do bhí 'na mnaoi agus 'na
banchéile ag Earca ó soin amach. Annsin do fhiafruigh Síoghra
Dubh do Earca:



"Créad doghéanam anois?" ar sé.



"Créad doghéantaoi againn," ar Earca, "acht rí do ghairm díotsa
ar chríochaibh Lochlann, óir is cubhaidh riot ríoghacht Lochlann
do bheith agat."



Mar do chualaidh Síoghra sin, do chuaidh ar faithche chathrach na
Beirbe Lochlannaighe, agus do ghairm ar mhaithibh chríche
Lochlann, agus do ghoireadar Rí Lochlann do Shíoghra Dhubh.
Agus do bhí go ceann míosa san mbaile go n-onóir agus go muirn móir,
agus banais bhríoghmhar bhuan-tiodhlaiceach ag maithibh Lochlann
aga déanamh dhó. Agus tugadh a dhúthchas agus a fheadhmannas féin
da gach aon aco. Agus do imgheadar na sluaigh dá dtighthibh féin,
agus do chuaidh Síoghra Dubh fó na hoiléanaibh do thógbháil a
chíosa dhíobh. Agus do bhí cíos agus cánachas ar chríochaibh
Lochlann dá éis sin aige, agus do bhí an ríghe gan imreasan ag
Earca Astalla ó sin suas.



Gonadh i Tóruigheacht an Chairthe Sgárlóide gonuige sin.



(A Chríoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services