Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Irish Sermon - Ar Charthanachd, nó Grád ár gComharsan
Title
An Irish Sermon - Ar Charthanachd, nó Grád ár gComharsan
Author(s)
Ó Maonaigh, Seán,
Compiler/Editor
Carmody, Mr.
Composition Date
1819
Publisher
(B.Á.C.: The Gaelic Union, 1889)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N IG04 4-6,19-22} {L 4} {B 1819ob 19T} {G L} {U 0468} {C Prós} {M 8} AR CHARTHANACHD, NÓ GRÁD ÁR g-COMHARSAN. Innsidheann ár Slanuightheoir in soisgéul an lae an diu an dualgas is treise a tá againn le coimhlíonadh, an uair a deir gur ab'é grádh Dé an aithne is aoirde, agus grádh ár g-comarsan an aithne is giorra dhi. Is air an dá aitne seo a tá an dlíghe agus na fáighe 'na seasamh. Is iad aith-ghearr na n-aitheantadh uile iad. Má abraígheann aon duine, a deir naomh Eoin caib.4, ránn 20, go n-grádhuigheann sé Dia, agus 'san am céadna fuath aige d'á dhearbhráthair, is breugach é: óir an té ná grádhuigheann a dhearbhráthair cionnas is féidir leis grádh Dé do bheith ann? Is fíor, dá réir sin, ná fuil creideamh ná subhailce mar a bh-fuil easbadh grád agus muinteardhais; agus is sía 'na sin íad ó an té a tá air lasadh le moisgais, imreas, no dioghaltus. Do bhi d'fiachaibh air luchd creideimh an t-sean-reachta a g-comharsa agus a n-daoine muinnteardha do ghrádhughadh; agus, mar is iomláine creideamh Chríosd, teidheann sé níos siá, agus ceanglann sé orrain maith a dhéanadh a n-aghaidh an uilc, agus páirt do roinn le n-ár namhaidhibh. Is cruaidh é seo, acht ní'l aon mhaith aig aidhneas air aon rud a deireann Día, agus dá réir sin ní fuláir duit buaidh a bhreith, air d' fheirg agus gan aon droch-inntinn, fós acht deigh-mheóin, a bheith agat do'n té dheárfá leat féin ná taithneóchadh no ná tuillfeádh uait é; ní mar gheall air sin go h-iomlán, acht mar gheall air an té a chruthaigh tusa agus é sin, agus a d'fág cló a dhiadhachda mar á chéile orraibh a raon. Ní h-áil le Dhia go d-tábharfá fuath ná tarcaisne d'á obair. Ós a chionn sin do thug Dia taisbeánadh carthanachda d'á shamhail seo uaidh, an uair do ghlac sé chum siochána clann Adhaimh go léir agus iad 'na namhaid aige leis a'b-peacadh. Agus dar n-dóigh, an nídh do rinné Cruthaightheóir neimhe agus talmhan, níor cheart d'á chréatuir cur suas de. Ní bh-fuil aon eascáirdeas ná formad, a deir naomh Aghuistín, idir baill an chuirp daonda, acht fós is é is beag le ceann feabhas an chinn eile. Is mar seo do'n t-súil ní mhóruigheann sí neart na n-géag, ná luas na g-cos. Agus íad so arís, is é is lag leó radharc na súl. Is é an sgéul ceadhna é i d-taobh na m-ball eile; reidhid síad gan fearg gan imreas choídhche. Sin é go díreach, a deir Naomh Aghuistín, an chuma, án cheangal, agus an muinnteardhas, budh cheart do bheith idir na críostaighthibh, mar nach bh-fuil ionnta, do réir an scrioptúra, ácht baill d'aon chorp rúindíamhrach Chríost. Ceanglann an aithne
seo carthanachd orrainn dá réir sin gan aon díoghbhail a dhéanadh a n-aghaidh ár g-comharsan iona chuid, iona chlú, ná iona cholann; á lochdaighe agus a lagachair a fhoidhneamh; subhailceas á chur air ina dhubhrón, agus cungnamh leis ina ríachdanas. Sin mar budh mhaith leat féin a dhéanadh dhuit, agus an amhlaidh a rinnis? A rabhais aon uair a' gáire an uair do bhídheadh do comharsa a' gul? Luathghaireach, taibhseach, an uair do bhaineadh mí-sgéul dó? A rabhais aon uair aig eísteachd leis an m-bhréig, no fós leis an bh-fhírinne do bhí a n-aghaidh a clú, gan í chur a leath-taobh an uair a b'fhéidir leat é? A rabhais aon uair ad fhíghnéadh diomhaoin an uair a bhí a chuid ná a mhaoin shaoghalta aig imtheachd gan fhios do, as a thigh, no as a ghort? Tabhair fae n-deara nach le fuar-ghrádh béil a choimhlíontar an aithne seo. Ní fuláir duit carthanachd daingean, buan, fairsing, a bheith agat, mar is sí bhi aig Críosd do'n domhan; is sí a bhidheann aig gach aon duine dho féin; is sí budh mhaith leis a bheith aige o dhaoinibh eile; agus dá réir sin is í budh cheart do a thabairt uaidh. An tomhas a thabharfaidh tu uait is é a roinnfear leat - trócaire ma's trócaireach a bheidhir, no a mhalairt má's é a dhéanfair. Dá m-beidheadh cion agat air an domhan go léir, agus gan fuath a bheith agat acht air aon duine amháin do bheidheadh do carthanachd briste. Air nós an chreidimh, an uair do shéanfá aon phonc de, gídh go n-aidmheochá gach ponc eile bheidheadh an chreidheamh bhriste. Tugann ár Slánuightheóir le tuigsin dúinn a g-cosamhlachd san scrioptúir nach carthanachd chumhang acht carthanacdh fhairsing is ceart duit a bheith agat; agus nach d'aon duine amháin ná d'aon drong amháin is ceart duit deagh-aigne a bheith agat acht don domhan go léir óir a deir sé do bhí taisdiolach aig imtheacht ó Ierusalem go Iericho agus do ráinig do tuitim a lamhaibh biothamhnach do nocht, agus do bhuail, agus d'fág loitighthe é san n-díg. Do ghabh sagart agus leibhíteach
thairis agus níor ghoill an radharc so orrtha. Do ghabh Samaratánach an t-slíghe
agus air fheicsin an othair, do ghlac truaighmhéil do é. Do thóig sé é, agus thug cabhair agus cungnamh dho, agus do chrean sé le h-é leigheas. Agus dob'é sin do righne gníomh ceart na carthanachda. Agus déinsi mar é, a deir ár Slánuightheoir. As so chídhmíd nach ceart dúinn á bheith mall ríghin á d'aimhdheóintamhuil chum fuasguilt do thabhairt don té a bheidheadh 'na ghábhadh, a d-taobh gan é bheith d'aon tír d'aon chualacht ná d'aon chreideamh linn féin, óir is sé ár g-coimhchreatúr é, aig iomchar iomháigh Dé agus rían a oibre. Is a g-cás d'á shamhuil so a thaisbeánann duine glaine inntinne, agus thuilleann sé luaidheacht fhírinneach na carthanachdá. Ní leath bhuidheachus air dhuine deighbheart a dhéanadh air an té do dhéanfadh air é, agus dá réir sin an té is mó do dhéanfadh gan tnúth le tairbhe faoghalta, is é is mó lúaidheachd. Is mar sin do'n déirc a déantar air son Dé go h-iomlán, is í is aoirde luaidheachd. Acht dá m-bhudh treise aon mheóin eile agat, cuirim a g-cás, glóire dhíomhaoin, no muinteardhas saoghalta, a tá do dhaonachd gan mórán tairbhe; do bhí trian no dha d-trian di caillte ma bhí an mhéid sin ded' mheóin lochdach. Budh cheart do dhaoinibh air an adhbhar sin
a ngníomhartha carthanachda a bheith a gluaiseachd ó ghrádh Dé; oir dá éagmuis sin, dá m-beidheadh an muinteardhas go h-iomlán saoghalta ní bheidheadh aon luaidheachd ann, acht an oiread a's tá do mhuinnteardhas na m-beathaigheach a chomhnuigheann a b-páirt gan buaidhirt gan aimhréidhteach. Déarfadh duine, thuit, mé amach le m' chomharsa, agus níor bh'áil liom beannughadh dho már do rinne sé mo dhíobháil. Gan amhrus ní féidir duit do dhaonachd a thréigion ná gan aireachtain mar seo á bheith ann. Air á shon son muna bh-fuil t'inntinn go h-iomlán leis, ní comhartha deimhneach mío-charthanachda corruighe don t-samhuilt seo. Is minic ná bidheann neart aig duine air ma
nach cloch ná crann é, agus má bhraitheann tu t'inntinn ad chomhairliúghadh agus ad' chosg á tá tu saor ó pheacadh. A d-taobh easbadh beannachda ná labhartha ní bheidheadh d'fiachaibh ort é dhéanadh an uair budh dóigh leat gur masla a gheobhthá a n-áit. An té air a bh-fuil an cionnta ó thuis is do is cirte tosnughadh agus umhlughadh á dheanadh. Tuigeann sibh anois cad a chialluigheann grádh ár g-comharsan; gur ab í aithne is giorra do ghrádh Dé í; agus air an adhbhar san gur ab é grádh na g-comharsan an comhartha is dearbhtha a bheith in seilbh grádh Dé. Ni fuar-mhuinnteardhas a ghluaiseann ó thairbhe saoghalta, acht teas ghrádh diadha os ceann daonachda, do ghluaiseann sinn chum gach aon duine d'admháil 'na comharsa; déanadh dho mar budh mhait linn a dhéanadh dhúinn; ceart, agus páirt, agus truaighmhéil a roinn leis a d-taobh a choda, a chlú, agus in-a riachdanus. Agus é sin do dhéanadh le grádh do Dia, a gheallann a thrócaire i n-áit trócaire. (Le bheith air leanamhain)
AR CHARTHANACHD, NO GRÁD ÁR g-COMHARSAN. An uair do chuir ollamh dlíghe de na h-Iudaighibh ceist air ár Slánuightheoir cread do dhéanfadh sé chum na beatha síorruidhe do shaothrughadh, a dubhairt an Slánuightheóir leis, féachaint cread do cheanglann an dlíghe, agus cread do leigheann sé ann; agus do bh'é a fhreagra "ní fuláir duit do Thighearna Dia do ghradhughadh led' chroidhe go h-iomlán, agus led' t-inntinn go h-iomlán, agus led' neart go h-iomlán." Agus an sin a dubhairt Iosa leis go m-budh fíor a chaint, déanadh dá réir, agus go mairfeadh sé. Is é an freagra céadna d' oireann fós agus oirfear choidhche d' aon duine do bheidheas aig iarraidh comhairle chum a anam do shlánúghadh, óir an té a ghrádhuigheann Dia ní theidheann sé amúghadh, mar tá a shlighte céillidhe, daingean, agus an Tighearna, mar a deir an t-eagnach, a díriúghadh na slighe dho, agus a rianúghadh an róid roimhe. Acht an té ná deanann; an té ná cuimhnigheann air Dhia acht go neamh-shuimeamhuil, agus go fánach, agus dá réir sin, ná grádhuigheann é chuige ná air aon chor, bidheann sé air seachrán, gan beannachd a d-tosach ná a n-deire aon ghnímh leis, gan beódhachd ná luathachd ann aon iompóghadh leis; mar, air nós na colna gan anam, bidheann an t-anam gan Dia. Qui non doligit manat in morte, etc. Is mairg air an adhbhar san
d' iompochadh a inntinn ó Dhia agus a bhronnfadh a ghrádh air aon rud faoi na bhun; óir dá éagmuis ní'l aon rud buan, agus gan a theannta ní'l aon rud seasamhach. Is uaidh a thainic maise, deilb, agus áileachd gach creatúra. Is é chuir an tráigh mar theórainn leis an bh-fairge. Is é do bhronn tuigsin air an duine chum é féin d'aithint seach mar do thug sé do na beathachaibh. Ní mise, ar máthair na Machabees, do righne sibh mar a tá sibh, níor thugas beódhachd na beatha dhíbh, agus ní mé a chúm baill aon duine agaibh: ní liom an obair, acht le h-úghdar na bh-flaitheas agus na talmhan, árd-riaghlaightheóir na cruinne do thug do'n duine teachd air an saoghal. Is fíor dá réir sin b'é cáilídheachd a tá in aon nídh cruthaighthe go bh-fuil an cháilídheachd so gan teóra san g-cruthaightheóir, agus dá bhrígh sin, gur mó a thuilleann sé ár n-annsachd. Saidhbhrios, chaithréim, agus mór-mheas ní mairid acht seal, agus air uairibh ní luaithe agat iad ná uait. Is é an cás ceadna é a d-taobh maise agus neirt na h-óige; eirgheann go luath agus meathann go h-obann arís air nós bláith na g-craobh a bhriseann amach na lán áileachd an diu agus a thuiteann de'n
g-crann a márach. Is mar sin dúinne agus do ghach nidh 'san t-saoghal so. Acht ní mar sin do Dhia: a tá sé a g-comhnúidhe do-atharruighthe, air aon imtheachd amháin, gan túis, óige, gan fás gan fáth, gan tosach ná deire; agus dá réir sin ní mealltar aon uair iad so a ghrádhuigheann é. A deir Naomh Aghuistín go bh-fuil croidhe an duine anshocair, go g-comhnuigheann sé a n-Dia mar nach bh-fuil sásamh iomlán in seilbh aon rud i n-eagmuis Dé. Bídheadh a n-iarrfá, agus a n-ordóchá agat, agus 'na ndiaigh sin beidh do dhuil an rud éigin eile; nídh a thaisbeanann go bh-fuil seilbh éigin ann a thugann sásamh fóirlíonta iomlán, agus is é sin seilbh Dé, mar is é seilbh is aoirde é. Diombuanas agus mio-mhaise aon nídh eile a g-cóimhmheas le Dia. A tá rádh ró dheimhneach againn ó na bhéul féin, é ghrádhughadh; agus is furas aithne, mar a deir ollamh naomhtha áirighthe
gur loiteadh go daingean daonachd an duine le peacadh an t-sinnsir, le gur gábhadh a chur de dhualgus orrainn annsachd ár g-croidhe a thabhairt do'n te thuilleann chomh mór san é - úghdar an uile mhaitheasa agus tobar an uile ghrádh. Is beag de dhuadh an duine is práidhin a dh'fághail chum é dheanadh ceanamhuil air a ghaoltaibh air a cháirdibh agus air a chúngantóiridhe; agus dar n-dóigh ní'l aon duine aca san a g-chóimhmheas do Dhia. Sul a cuimhnigh do shinnsir air do leithéid a bheith air tí a bheith beó, do bhi do bhreith a meabhair do Dhia, agus 'na dhiaigh san ó chonnarcais an solus is é a tá ad aodhaireachd agus ad' dhíon; agus ad' chongbhail. In ipso sumus et movemur. Níor leór leis an chomaoin sin do chuir ort a d-taobh do cholna, acht an uair do bhi t-anam deílte, daor uaidh do thíonnsgain sé an meodhan budh éifeachdamhla chum tu a thabhairt air n-ais - ioncolnughadh ár d-Tighearna le n-ar cheannuigh tré phéin na páise saoirse an chine-daonda ó mhallachd a n-damanta: agus 'na dhiaigh sin, bhronn orrainn éifeachd na páise, le brígh na sacramainte a cuireadh air bun air ár n-aghaidh san eaglais: oir gheibhmíd tiodal air an ngloire le baiste, cumas air eirghe, an uair a thuiteamaoid, le aithrighe; agus cungnamh agus cabhair chum fuireach buan in seirbhís an Tighearna air staid na ngrás, gach n-aon an a slighe féin, le tathuighe na sacramaintidhe uile. A bh-fochair na d-tabhartus so, is ó Dhia do thiodhluicthe saoghalta; mar an g-céadna do chuid, do chlú, do neart, do shiubhal agus do rachmus saoghalta. Cread tá agat, a deir naomh Pól, ná fuaíris? agus arís is anuas ó Athair na soillse do thúirlingeann gach tiodhlacadh iomlán: agus ma'seadh cad é an chiall do mhi-mheas agus do dhearmad? O! is cruaidh an gearán a dheanann an Tighearna air an té ná cuimhnigheann air; air an té a luigheas agus d'eirgheas agus chaitheas a ré gan smaoineamh air go minic. "Nior cuimhnigheadar," a deir an t-sailm, "air Dhia do chaomhnaigh iad". Agus arís "do dhearmadar a n-Dia do thug beodhachd doibh." "Do rineadar mo dhaoine," a deir Dia le béal an fháidh, "dha dhioghbháil, do thréigeadar mise, tobar an uisge siorruidhe, agus do thógadar dóibh feín soighthighe ná coimheadfadh braon". Faraoir is baoghlach gur ab í an fhírinne í a d-taobh go leór.
No mar ar dhíbir saidhbhrios na bochdanachd grádh De uait feuch air do chleachdaibh eile, air luas no bréagachd do theangan; air do dhroch amhrus; air do mhio-mhódh; air t'fheirg; air
nimh do chlaonta; air do chraos d'earráid agus do chur amughadh; óir ma's tathuighe leat é is ceanamhla leat, d'aimhdheóin do thuigsiona, aon diobh so ná grádh do cruthuightheóra. "Ní féidir le h-aon duine," a deir an Sgrioptúr, dhá mhaighistir a riar an aoinfheachd; agus dá réir sin ní féidir leat do ghrádh no do sheirbhís a roinn idir Dia agus aon rud eile. Ni h-é an leath acht an t-iomlán a tá uaidh agus ni h-é an taobh amuigh acht an taobh astigh a shásuigheann é. "Thugadar árd mholadh domh le na d-teanga acht do bhi a g-croidhe a bh-fad uaim." Agus arís fogrann Eliseus brón air luchd an dá chroidhe. Ni iarrann air a shon sin grádh De go d-tabharfá fuath d'aon rud do cheap sé chum do sheirbhíse; fós budh rogha leis go n-deanfá an oiread muirinn de agus do thuilleann sé ann a cháilidheachd féin, acht amháin ná rachfá thar módh ann do chion budh cheart a g-comhnuighe a bheith aig triall agus stiúraighthe chum grádh dé, mar a bhidheann an sruth chum na h-abhann. "Oir is geall le h-abhainn mhór," a deir N. Abhaistín, grádh De a ghlachann asteach uisgidhe na srothán; air slíghe b'é cion no grádh no páirt measardha a bheidheadh aig siubhal le duine go m-budh cheart dóibh a bheith stiuraighthe a g-comhnuidhe aig filleadh air mór-mhuir cáilidheachda an Tighearna, air slighe go n-gráidheochaidhe Dia ann gach nidh agus gach nidh a n-Dia, air son De agus fé bhun De. Is iontuigthe as so gur ab' é ár n-iomchar, agus ár bh-feidhim do nidhthibh an t-saoghail do thaisbeánann ma támaoid in seilbh na charthanachda, a bh-fad níos mó 'ná aon chorruidhe sólásach grádhmhar d'aireócamaois leith-astigh dínn. Is minic a bheidheadh duine, agus mar gheall air an daonachd mhaoth, bhog, go n-aireócadh sé claonadh agus teas duthrachd' diadha agus luisnídhe éigin grádh leith astigh de le ar dhóigh leis grádh De do bheith ann, agus 'san am g-ceadna ná beidheadh aige acht a sgáil. Do bhi mórán do na naomhaibh agus níor bhrathadar aon aireachtain don t-samhail seo; air a shon sin ní féidir a rádh nár ghrádhuigheadar Dia le na g-croidhe go h-iomlán. Is é an comhartha, air an adhbhar sin, má tá gradh De agat, tu d'fuireach buan iona sheirbhís aig deanadh a chomhairle, aig tathaighe na sácramainte, agus a coimeád a aitheanta, a n-aimhdheoin aon mhioshásaimh, leisge no easbaidh compóird a bheidheadh aig iarraidh tu d'iompóghadh uaidh. Óir sin é an uair a bhidheann sé le faicsin go bh-fuil do mheoin glan, go ngrádhuigheann tu Dia os ceann gach uile nídh mar gheall air féin, mar is túisge do dheanfá aon rud ná bhrisfeá a dhlíge. Is beannuighthe an rún éseo, agus le beagán aireachuis a tá sé air chumas gach aon duine. Tuigeann sibh anois air an adhbhar sin, go bh-fuil sé d'fiachaibh orrain Dia do grádhughadh os cionn an uile nídh agus ár g-comharsa mar sinn féin air son De, annsa g-ceud áit, mar go n-orduighean sé féin é; annsa dara h-ait mar gur chuir sé cumaoin orrainn a thuilleann go h-iomarcach é, agus annsa d-treas áit mar go bh-fuil sé gealltha doibhsin do choimhlionas na h-aitheanta so go m-beidh siad taithneamhach a lathair De 'san saoghal so, agus go nglacfar asteac a nglóire na bh-flaitheas agus 'san m-bheatha shiorruidhe iad 'san t-saoghal eile; beannachd a táimse aig iarraidh dhíbhse agus dom féin tré ár d-tighearna Iosa Criost. Amen.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services