AR CHARTHANACHD, NÓ GRÁD ÁR
g-COMHARSAN.
Innsidheann ár Slanuightheoir in soisgéul
an lae an diu an dualgas is treise a tá
againn le coimhlíonadh, an uair a deir
gur ab'é grádh Dé an aithne is aoirde, agus
grádh ár g-comarsan an aithne is giorra dhi.
Is air an dá aitne seo a tá an dlíghe agus
na fáighe 'na seasamh. Is iad aith-ghearr na
n-aitheantadh uile iad. Má abraígheann aon
duine, a deir naomh Eoin caib.4, ránn 20,
go n-grádhuigheann sé Dia, agus 'san am
céadna fuath aige d'á dhearbhráthair, is breugach
é: óir an té ná grádhuigheann a dhearbhráthair
cionnas is féidir leis grádh Dé do
bheith ann? Is fíor, dá réir sin, ná fuil
creideamh ná subhailce mar a bh-fuil easbadh
grád agus muinteardhais; agus is sía 'na
sin íad ó an té a tá air lasadh le moisgais,
imreas, no dioghaltus. Do bhi d'fiachaibh air
luchd creideimh an t-sean-reachta a g-comharsa
agus a n-daoine muinnteardha do ghrádhughadh;
agus, mar is iomláine creideamh
Chríosd, teidheann sé níos siá, agus ceanglann
sé orrain maith a dhéanadh a n-aghaidh
an uilc, agus páirt do roinn le n-ár
namhaidhibh. Is cruaidh é seo, acht ní'l aon
mhaith aig aidhneas air aon rud a deireann
Día, agus dá réir sin ní fuláir duit buaidh
a bhreith, air d' fheirg agus gan aon droch-inntinn,
fós acht deigh-mheóin, a bheith agat
do'n té dheárfá leat féin ná taithneóchadh
no ná tuillfeádh uait é; ní mar gheall air
sin go h-iomlán, acht mar gheall air an té
a chruthaigh tusa agus é sin, agus a d'fág
cló a dhiadhachda mar á chéile orraibh a raon.
Ní h-áil le Dhia go d-tábharfá fuath ná
tarcaisne d'á obair. Ós a chionn sin do
thug Dia taisbeánadh carthanachda d'á shamhail
seo uaidh, an uair do ghlac sé chum siochána
clann Adhaimh go léir agus iad 'na namhaid
aige leis a'b-peacadh. Agus dar n-dóigh, an
nídh do rinné Cruthaightheóir neimhe agus talmhan,
níor cheart d'á chréatuir cur suas de.
Ní bh-fuil aon eascáirdeas ná formad, a deir
naomh Aghuistín, idir baill an chuirp daonda,
acht fós is é is beag le ceann feabhas an
chinn eile. Is mar seo do'n t-súil ní
mhóruigheann sí neart na n-géag, ná luas
na g-cos. Agus íad so arís, is é is lag leó
radharc na súl. Is é an sgéul ceadhna é i
d-taobh na m-ball eile; reidhid síad gan
fearg gan imreas choídhche. Sin é go díreach,
a deir Naomh Aghuistín, an chuma, án cheangal,
agus an muinnteardhas, budh cheart do bheith
idir na críostaighthibh, mar nach bh-fuil ionnta,
do réir an scrioptúra, ácht baill d'aon chorp
rúindíamhrach Chríost. Ceanglann an aithne
seo carthanachd orrainn dá réir sin gan aon
díoghbhail a dhéanadh a n-aghaidh ár g-comharsan
iona chuid, iona chlú, ná iona cholann; á
lochdaighe agus a lagachair a fhoidhneamh;
subhailceas á chur air ina dhubhrón, agus
cungnamh leis ina ríachdanas. Sin mar
budh mhaith leat féin a dhéanadh dhuit, agus an
amhlaidh a rinnis? A rabhais aon uair a'
gáire an uair do bhídheadh do comharsa a'
gul? Luathghaireach, taibhseach, an uair do
bhaineadh mí-sgéul dó? A rabhais aon uair
aig eísteachd leis an m-bhréig, no fós leis
an bh-fhírinne do bhí a n-aghaidh a clú, gan í
chur a leath-taobh an uair a b'fhéidir leat é?
A rabhais aon uair ad fhíghnéadh diomhaoin an
uair a bhí a chuid ná a mhaoin shaoghalta aig
imtheachd gan fhios do, as a thigh, no as a
ghort? Tabhair fae n-deara nach le fuar-ghrádh
béil a choimhlíontar an aithne seo. Ní
fuláir duit carthanachd daingean, buan,
fairsing, a bheith agat, mar is sí bhi aig
Críosd do'n domhan; is sí a bhidheann aig gach
aon duine dho féin; is sí budh mhaith leis a
bheith aige o dhaoinibh eile; agus dá réir sin
is í budh cheart do a thabairt uaidh. An
tomhas a thabharfaidh tu uait is é a roinnfear
leat - trócaire ma's trócaireach a
bheidhir, no a mhalairt má's é a dhéanfair.
Dá m-beidheadh cion agat air an domhan go
léir, agus gan fuath a bheith agat acht air aon
duine amháin do bheidheadh do carthanachd briste.
Air nós an chreidimh, an uair do shéanfá aon
phonc de, gídh go n-aidmheochá gach ponc eile
bheidheadh an chreidheamh bhriste. Tugann ár
Slánuightheóir le tuigsin dúinn a g-cosamhlachd
san scrioptúir nach carthanachd chumhang
acht carthanacdh fhairsing is ceart duit a
bheith agat; agus nach d'aon duine amháin ná
d'aon drong amháin is ceart duit deagh-aigne
a bheith agat acht don domhan go léir
óir a deir sé do bhí taisdiolach aig imtheacht
ó Ierusalem go Iericho agus do ráinig do
tuitim a lamhaibh biothamhnach do nocht, agus
do bhuail, agus d'fág loitighthe é san n-díg.
Do ghabh sagart agus leibhíteach <daoine d'á
chine féin> thairis agus níor ghoill an radharc
so orrtha. Do ghabh Samaratánach an t-slíghe
<budh é sin duine do bhain le creideamh agus
le droing eile> agus air fheicsin an othair,
do ghlac truaighmhéil do é. Do thóig sé é,
agus thug cabhair agus cungnamh dho, agus do
chrean sé le h-é leigheas. Agus dob'é sin
do righne gníomh ceart na carthanachda.
Agus déinsi mar é, a deir ár Slánuightheoir.
As so chídhmíd nach ceart dúinn á bheith mall
ríghin á d'aimhdheóintamhuil chum fuasguilt do
thabhairt don té a bheidheadh 'na ghábhadh, a
d-taobh gan é bheith d'aon tír d'aon chualacht
ná d'aon chreideamh linn féin, óir is sé ár
g-coimhchreatúr é, aig iomchar iomháigh Dé
agus rían a oibre. Is a g-cás d'á shamhuil
so a thaisbeánann duine glaine inntinne,
agus thuilleann sé luaidheacht fhírinneach na
carthanachdá. Ní leath bhuidheachus air dhuine
deighbheart a dhéanadh air an té do dhéanfadh
air é, agus dá réir sin an té is mó do
dhéanfadh gan tnúth le tairbhe faoghalta,
is é is mó lúaidheachd. Is mar sin do'n déirc a
déantar air son Dé go h-iomlán, is í is
aoirde luaidheachd. Acht dá m-bhudh treise
aon mheóin eile agat, cuirim a g-cás, glóire
dhíomhaoin, no muinteardhas saoghalta, a tá
do dhaonachd gan mórán tairbhe; do bhí trian
no dha d-trian di caillte ma bhí an mhéid sin
ded' mheóin lochdach. Budh cheart do dhaoinibh
air an adhbhar sin <gídh go m-beidheadh cumann
agus muinnteardhas eatorrtha> a ngníomhartha
carthanachda a bheith a gluaiseachd ó
ghrádh Dé; oir dá éagmuis sin, dá m-beidheadh
an muinteardhas go h-iomlán saoghalta ní
bheidheadh aon luaidheachd ann, acht an oiread
a's tá do mhuinnteardhas na m-beathaigheach
a chomhnuigheann a b-páirt gan buaidhirt gan
aimhréidhteach. Déarfadh duine, thuit, mé amach
le m' chomharsa, agus níor bh'áil liom beannughadh
dho már do rinne sé mo dhíobháil. Gan
amhrus ní féidir duit do dhaonachd a thréigion
ná gan aireachtain mar seo á bheith
ann. Air á shon son muna bh-fuil t'inntinn
go h-iomlán leis, ní comhartha deimhneach mío-charthanachda
corruighe don t-samhuilt seo.
Is minic ná bidheann neart aig duine air ma
nach cloch ná crann é, agus má bhraitheann tu
t'inntinn ad chomhairliúghadh agus ad' chosg á
tá tu saor ó pheacadh. A d-taobh easbadh
beannachda ná labhartha ní bheidheadh d'fiachaibh
ort é dhéanadh an uair budh dóigh leat gur
masla a gheobhthá a n-áit. An té air a bh-fuil
an cionnta ó thuis is do is cirte tosnughadh
agus umhlughadh á dheanadh. Tuigeann
sibh anois cad a chialluigheann grádh ár
g-comharsan; gur ab í aithne is giorra do
ghrádh Dé í; agus air an adhbhar san gur ab é
grádh na g-comharsan an comhartha is dearbhtha
a bheith in seilbh grádh Dé. Ni fuar-mhuinnteardhas
a ghluaiseann ó thairbhe saoghalta,
acht teas ghrádh diadha os ceann daonachda,
do ghluaiseann sinn chum gach aon duine
d'admháil 'na comharsa; déanadh dho mar budh
mhait linn a dhéanadh dhúinn; ceart, agus
páirt, agus truaighmhéil a roinn leis a
d-taobh a choda, a chlú, agus in-a riachdanus.
Agus é sin do dhéanadh le grádh do Dia, a
gheallann a thrócaire i n-áit trócaire.
(Le bheith air leanamhain)
AR CHARTHANACHD, NO GRÁD ÁR
g-COMHARSAN.
An uair do chuir ollamh dlíghe de na
h-Iudaighibh ceist air ár Slánuightheoir cread
do dhéanfadh sé chum na beatha síorruidhe do
shaothrughadh, a dubhairt an Slánuightheóir leis,
féachaint cread do cheanglann an dlíghe,
agus cread do leigheann sé ann; agus do
bh'é a fhreagra "ní fuláir duit do Thighearna
Dia do ghradhughadh led' chroidhe go h-iomlán,
agus led' t-inntinn go h-iomlán, agus led'
neart go h-iomlán." Agus an sin a dubhairt
Iosa leis go m-budh fíor a chaint, déanadh
dá réir, agus go mairfeadh sé. Is é an
freagra céadna d' oireann fós agus
oirfear choidhche d' aon duine do bheidheas
aig iarraidh comhairle chum a anam do
shlánúghadh, óir an té a ghrádhuigheann Dia
ní theidheann sé amúghadh, mar tá a shlighte
céillidhe, daingean, agus an Tighearna, mar
a deir an t-eagnach, a díriúghadh na slighe dho,
agus a rianúghadh an róid roimhe. Acht an
té ná deanann; an té ná cuimhnigheann air
Dhia acht go neamh-shuimeamhuil, agus go
fánach, agus dá réir sin, ná grádhuigheann
é chuige ná air aon chor, bidheann sé air
seachrán, gan beannachd a d-tosach ná a
n-deire aon ghnímh leis, gan beódhachd ná
luathachd ann aon iompóghadh leis; mar, air
nós na colna gan anam, bidheann an
t-anam gan Dia. Qui non doligit manat in
morte, etc. Is mairg air an adhbhar san
<do aoin-ne> d' iompochadh a inntinn ó Dhia
agus a bhronnfadh a ghrádh air aon rud faoi na
bhun; óir dá éagmuis ní'l aon rud buan,
agus gan a theannta ní'l aon rud seasamhach.
Is uaidh a thainic maise, deilb, agus áileachd
gach creatúra. Is é chuir an tráigh mar
theórainn leis an bh-fairge. Is é do bhronn
tuigsin air an duine chum é féin d'aithint
seach mar do thug sé do na beathachaibh. Ní
mise, ar máthair na Machabees, do righne sibh
mar a tá sibh, níor thugas beódhachd na beatha
dhíbh, agus ní mé a chúm baill aon duine
agaibh: ní liom an obair, acht le h-úghdar na
bh-flaitheas agus na talmhan, árd-riaghlaightheóir
na cruinne do thug do'n duine teachd
air an saoghal. Is fíor dá réir sin b'é
cáilídheachd a tá in aon nídh cruthaighthe go
bh-fuil an cháilídheachd so gan teóra san
g-cruthaightheóir, agus dá bhrígh sin, gur mó a
thuilleann sé ár n-annsachd. Saidhbhrios,
chaithréim, agus mór-mheas ní mairid acht
seal, agus air uairibh ní luaithe agat iad ná
uait. Is é an cás ceadna é a d-taobh
maise agus neirt na h-óige; eirgheann go
luath agus meathann go h-obann arís air
nós bláith na g-craobh a bhriseann amach na
lán áileachd an diu agus a thuiteann de'n
g-crann a márach. Is mar sin dúinne agus
do ghach nidh 'san t-saoghal so. Acht ní mar
sin do Dhia: a tá sé a g-comhnúidhe
do-atharruighthe, air aon imtheachd amháin, gan
túis, óige, gan fás gan fáth, gan tosach ná
deire; agus dá réir sin ní mealltar aon
uair iad so a ghrádhuigheann é. A deir Naomh
Aghuistín go bh-fuil croidhe an duine anshocair,
go g-comhnuigheann sé a n-Dia mar nach
bh-fuil sásamh iomlán in seilbh aon rud i
n-eagmuis Dé. Bídheadh a n-iarrfá, agus a
n-ordóchá agat, agus 'na ndiaigh sin beidh do
dhuil an rud éigin eile; nídh a thaisbeanann
go bh-fuil seilbh éigin ann a thugann sásamh
fóirlíonta iomlán, agus is é sin seilbh Dé,
mar is é seilbh is aoirde é. Diombuanas
agus mio-mhaise aon nídh eile a g-cóimhmheas
le Dia.
A tá rádh ró dheimhneach againn ó na bhéul
féin, é ghrádhughadh; agus is furas aithne,
mar a deir ollamh naomhtha áirighthe <aon de
na h-aithreachaibh naomhtha> gur loiteadh go
daingean daonachd an duine le peacadh
an t-sinnsir, le gur gábhadh a chur de
dhualgus orrainn annsachd ár g-croidhe
a thabhairt do'n te thuilleann chomh mór
san é - úghdar an uile mhaitheasa agus
tobar an uile ghrádh. Is beag de dhuadh an
duine is práidhin a dh'fághail chum é dheanadh
ceanamhuil air a ghaoltaibh air a cháirdibh
agus air a chúngantóiridhe; agus dar n-dóigh
ní'l aon duine aca san a g-chóimhmheas do
Dhia. Sul a cuimhnigh do shinnsir air do
leithéid a bheith air tí a bheith beó, do bhi do
bhreith a meabhair do Dhia, agus 'na dhiaigh san
ó chonnarcais an solus is é a tá ad aodhaireachd
agus ad' dhíon; agus ad' chongbhail.
In ipso sumus et movemur. Níor leór leis
an chomaoin sin do chuir ort a d-taobh do
cholna, acht an uair do bhi t-anam deílte, daor
uaidh do thíonnsgain sé an meodhan budh
éifeachdamhla chum tu a thabhairt air n-ais
- ioncolnughadh ár d-Tighearna le n-ar cheannuigh
tré phéin na páise saoirse an chine-daonda
ó mhallachd a n-damanta: agus 'na
dhiaigh sin, bhronn orrainn éifeachd na páise,
le brígh na sacramainte a cuireadh air bun
air ár n-aghaidh san eaglais: oir gheibhmíd
tiodal air an ngloire le baiste, cumas air
eirghe, an uair a thuiteamaoid, le aithrighe; agus
cungnamh agus cabhair chum fuireach buan in
seirbhís an Tighearna air staid na ngrás,
gach n-aon an a slighe féin, le tathuighe na
sacramaintidhe uile. A bh-fochair na
d-tabhartus so, is ó Dhia do thiodhluicthe saoghalta;
mar an g-céadna do chuid, do chlú,
do neart, do shiubhal agus do rachmus saoghalta.
Cread tá agat, a deir naomh Pól, ná
fuaíris? agus arís is anuas ó Athair na
soillse do thúirlingeann gach tiodhlacadh
iomlán: agus ma'seadh cad é an chiall do
mhi-mheas agus do dhearmad? O! is cruaidh
an gearán a dheanann an Tighearna air an
té ná cuimhnigheann air; air an té a luigheas
agus d'eirgheas agus chaitheas a ré gan
smaoineamh air go minic. "Nior cuimhnigheadar,"
a deir an t-sailm, "air Dhia do chaomhnaigh
iad". Agus arís "do dhearmadar a
n-Dia do thug beodhachd doibh." "Do rineadar
mo dhaoine," a deir Dia le béal an fháidh,
"dha dhioghbháil, do thréigeadar mise, tobar an
uisge siorruidhe, agus do thógadar dóibh
feín soighthighe ná coimheadfadh braon".
Faraoir is baoghlach gur ab í an fhírinne í a
d-taobh go leór.
<Dá chruadhachd é an saoghal, is déine na
san iarrachd na n-daoineadh is giorra dho.
An té a m-bheidh caitheamh agus fághail aige
- is í sin riaghail an sgrioptúra - ni h-áil
leis gan dul níos sía, agus le beartuigheacht
éigin aimhghlic no amus eugcórach, gradh Dé a
dhibirt uadh, agus a dhiol go deoigh mar gheall
air dul a m-breis: no muna m-beidh sin
air a chumas, acht e ísiol agus a d-teannta
aig an saoghal, mar is ghnathach seirbhiseach Dé
a bheith go minic, is baoghalach a n-áit compórd
d'fághail a n-dóthchur agus a ngrád Dé gur
míoshásamh agus iomthnuth a phaidir.>
No mar ar dhíbir saidhbhrios na bochdanachd
grádh De uait feuch air do chleachdaibh eile, air
luas no bréagachd do theangan; air do dhroch amhrus;
air do mhio-mhódh; air t'fheirg; air
nimh do chlaonta; air do chraos d'earráid
agus do chur amughadh; óir ma's tathuighe
leat é is ceanamhla leat, d'aimhdheóin do
thuigsiona, aon diobh so ná grádh do cruthuightheóra.
"Ní féidir le h-aon duine," a deir
an Sgrioptúr, dhá mhaighistir a riar an aoinfheachd;
agus dá réir sin ní féidir leat do
ghrádh no do sheirbhís a roinn idir Dia agus
aon rud eile. Ni h-é an leath acht an
t-iomlán a tá uaidh agus ni h-é an taobh amuigh
acht an taobh astigh a shásuigheann é. "Thugadar
árd mholadh domh le na d-teanga acht
do bhi a g-croidhe a bh-fad uaim." Agus arís
fogrann Eliseus brón air luchd an dá
chroidhe. Ni iarrann air a shon sin grádh De
go d-tabharfá fuath d'aon rud do cheap sé
chum do sheirbhíse; fós budh rogha leis go
n-deanfá an oiread muirinn de agus do thuilleann
sé ann a cháilidheachd féin, acht amháin
ná rachfá thar módh ann do chion budh cheart a
g-comhnuighe a bheith aig triall agus stiúraighthe
chum grádh dé, mar a bhidheann an sruth
chum na h-abhann. "Oir is geall le h-abhainn
mhór," a deir N. Abhaistín, grádh De a ghlachann
asteach uisgidhe na srothán; air slíghe b'é
cion no grádh no páirt measardha a bheidheadh
aig siubhal le duine go m-budh cheart dóibh a
bheith stiuraighthe a g-comhnuidhe aig filleadh
air mór-mhuir cáilidheachda an Tighearna, air
slighe go n-gráidheochaidhe Dia ann gach nidh
agus gach nidh a n-Dia, air son De agus fé
bhun De. Is iontuigthe as so gur ab' é ár
n-iomchar, agus ár bh-feidhim do nidhthibh an
t-saoghail do thaisbeánann ma támaoid in
seilbh na charthanachda, a bh-fad níos mó 'ná
aon chorruidhe sólásach grádhmhar d'aireócamaois
leith-astigh dínn. Is minic a bheidheadh
duine, agus mar gheall air an daonachd
mhaoth, bhog, go n-aireócadh sé claonadh agus
teas duthrachd' diadha agus luisnídhe éigin
grádh leith astigh de le ar dhóigh leis grádh De
do bheith ann, agus 'san am g-ceadna ná
beidheadh aige acht a sgáil. Do bhi mórán do
na naomhaibh agus níor bhrathadar aon aireachtain
don t-samhail seo; air a shon sin ní
féidir a rádh nár ghrádhuigheadar Dia le na
g-croidhe go h-iomlán. Is é an comhartha,
air an adhbhar sin, má tá gradh De agat, tu
d'fuireach buan iona sheirbhís aig deanadh a
chomhairle, aig tathaighe na sácramainte, agus
a coimeád a aitheanta, a n-aimhdheoin aon
mhioshásaimh, leisge no easbaidh compóird a
bheidheadh aig iarraidh tu d'iompóghadh uaidh.
Óir sin é an uair a bhidheann sé le faicsin go
bh-fuil do mheoin glan, go ngrádhuigheann tu
Dia os ceann gach uile nídh mar gheall air
féin, mar is túisge do dheanfá aon rud ná
bhrisfeá a dhlíge. Is beannuighthe an rún
éseo, agus le beagán aireachuis a tá sé air
chumas gach aon duine. Tuigeann sibh
anois air an adhbhar sin, go bh-fuil sé
d'fiachaibh orrain Dia do grádhughadh os cionn
an uile nídh agus ár g-comharsa mar sinn
féin air son De, annsa g-ceud áit, mar go
n-orduighean sé féin é; annsa dara h-ait
mar gur chuir sé cumaoin orrainn a thuilleann
go h-iomarcach é, agus annsa d-treas
áit mar go bh-fuil sé gealltha doibhsin do
choimhlionas na h-aitheanta so go m-beidh
siad taithneamhach a lathair De 'san saoghal
so, agus go nglacfar asteac a nglóire na
bh-flaitheas agus 'san m-bheatha shiorruidhe iad
'san t-saoghal eile; beannachd a táimse aig
iarraidh dhíbhse agus dom féin tré ár
d-tighearna Iosa Criost. Amen.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11