Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Raoilé agus an tArbhar i nGort Dé
Title
An Raoilé agus an tArbhar i nGort Dé
Author(s)
Paodhar, Muiris,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1834
Publisher
(B.Á.C.: Browne and Nolan Limited, 1945)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN RAOILÉ AGUS AN tABHAR I NGORT DÉ. Risteard Ó Foghludha, D. Litt. Celt. Cum dormirent homines, venit inimicus homo et superseminavit zizania in medio tritici. An fhaid dobhíodar na daoine ina gcodladh, dotháinig an namhaid agus do chuir sé raoilé tríd an gcruithneacht - Matt. xiii.25 Is i ngort an fheoirmeóra do cuireadh an droch-shíol tríd an arbhar folláin; agus is in Eaglais Dé do mhairid na peacaig ar measc na bhfíoraen. Le dorchas na hoidhche, nuair do thuit suan ar dhaoine, is dorinn an namhaid foghail ar an ngort; agus is ar feadh aimsir dhorcha an bheatha so dothugann namhaid Dé agus daoine fobha orainn, agus do chuireann sé na droch-phlanndaí ar measc na gcrann folláin. Ní thagann sé an uair a bhímíd inár ndúiseacht, an fhaid dobhíd ár súile oscailte agus aire agus coimeád againn orainn féin; ach an tráth a bhíonn daíll-chiach agus ceó agus smúit na n-ainmhianta ar ár súilibh, is annsan do shleamhnuigheann an diabhal isteach inár gcroidhe, do chuireann sé síol an pheaca inár n-anam, agus sluagh iomarcach 'mhallathóirí sa chríostamhlacht. Do fhéadfadh Dia, lena sméide amháin, le aon phuith dá anáil, iad go léir do dhísciú ar leagadh na súl. Ach feithimheann sé leis an bhfoghmhar, 'sé sin le deire an tsaoghail seo, le lá an bhreitheamhnais dhéanaig, nuair do chuirfidh sé a bhuanthóirí amach agus piocfaid siad an raoilé amach as an arbhar folláin: 'sé sin, órdóchaidh sé dá aingil na deagh-dhaoine do dheighilt ó na peacaig, iad súd do chur ar a láimh deas agus iad so ar a láimh clé, chun na fíoraein do bhreith leis suas ina ríoghacht, agus chun na mallathóirí do chaitheamh síos sa teine shíorraidhe. “Cnósuighidh,” adéarfaidh sé leó, “an raoilé agus ceangluighidh suas 'na beartaibh í i gcóir a dóighte; amhthaig bailighid an chruithneacht isteach im scioból.” Níor tháinig an t-am so fós, a Chriostaidhthe. Níor deárnadh an deighilt seo fós, agus chun go ndéanfar í, mairfeam-na ar measc mhallathóirí agus mairfid san eadrainne. Baineann sé mar sin libhse, a chlainn Chríost, fios a bheith agaibh cionnas is ceart daoibh sibh féin do iomchar 'na dtaobh, agus cad é an pháirtidheacht agus an comhluadar is ceart daoibh do choimeád leó. AN CHÉAD RANN An té - adeir naomh Auguistín - do loirgeann an fáth n-a gceaduigheann Dia peacaig a bheith meascaithe le deagh-dhaoine, scrúduigheann sé nidh atá thar a chumas agus thar a thuisgint: do-chímíd go gceaduigheann Dia é, agus ní beag dúinne san. Ach na réasúin le n-a lualann sé sin, ní fhéadfam a bhfagháil amach sa bheatha so. Ámhthaig,
buaineann sé go mór linn eólas do bheith againn cionnas do iomcharuighimíd sinn fhéin 'na dtaobh. Agus cé thabharfaidh an t-eólas san dúinn? Atá, Dia féin. Is é 'iomchar san is sampla do ár n-iomchar-na phoínnte seo. Is é Dia an naomhthacht iomlán; agus comhnuigheann sé, a Chríostaidhthe, i bhfochair na bpeacach. Ach is le riachtanas dobhíonn sé 'na bhfochair, agus déan sé a dhícheall iad so shlánú. Teaspáineann so cad atá againne le déanamh: gur ceart dúinn a gcomhluadar do sheachaint má's féidir linn é; agus marar féidir - má chuireann riachtanas ár staid 'fhiachaibh orainn a bheith 'na gcuideachtain - é ionntáil chun a dtairbhe sin agus chun ár maitheas féin. An té éisteóchadh le comhrádh Dé insa Scriptúir, adéarfadh sé go mbíonn Dia, le sórd éigin contrálthacht, i bhfochair na bpeacach agus ná bíonn sé 'na bhfochair; go dtairigeann sé é féin uatha agus ná tairigeann. Cloisidh cionnas do labhrann sé fein ar an bpoínnte seo: “Líonaim,” adeir se, “neamh agus talamh, agus pé áit, pé am, ina mbíonn an peacach, ní fheadfaidh sé dul i bhfolach ormsa: pé gníomh do-níonn se, bíonn mo shúil-se i gcomhnaidhe air.” Hedé Dia i bhfochair an pheacaig ins gach am agus áit. Arís: “Atá doilgheas orm,” adeir sé, “i dtaobh an duine do chruthú, agus tairiceóchad do spioraid uaidh de dheasca sailightheacht a ghníomhartha.” - Hedé Dia scartha ón bpeacach chun é smachtú. “Cá rachad uait, a Thighearna,” adeir rí Dáth, “nó cá dteithfead ód aghaidh-se? Má sceinnim suas le sciatháin fiolair ar neamh, atá tú ann; agus ná théighim síos go hifreann, atá tú ann romham,” - ag imirt do chruadh-cheart ar an muíntir mí-fhortúnach do chomhnuigheann san áit tubaisteach úd. Comhnuigheann Dia mar sin - adeir Naomh Ierom - i bhfochair an dream damanta; ach 'na choinnibh sin, éistígh le mallathóir ag dul in éadóchas de bhrígh gur fhág Dia é; “Coarctor nimis et Deus recessit a me”: “Atáim cumhaingithe ró-mhór agus do imthig Dia uaim.” Ní ceart, mar sin, Dia do lorg i gcuideachta an pheacaig. Cionnas do sheasóchaidh na neithe seo le chéile? “Atá Dia i bhfochair na bpeacach,” adeir Naomh Tomás Acuine, “de bhrígh riachtanas a cháilidheachta; agus níl sé 'na bhfochair le grádh ná le cion orra.” Riaghlann sé gach nídh lena eagna, ceartuigheann sé gach nídh lena chomhachta, agus cothuigheann sé iad le mhaitheas. “Lonnruigheann,” mar adeir Íosa Críost, “a ghrian ar an ndroch- agus ar an ndeagh-dhuine, agus tuiteann a fhearthain anuas ar an bpeacach agus ar an bhfíoraen.” Is dualgaisí generáltha iad so do bhaineann le Dia san mhéid gurab é Cruthóir gach créatúra é. Ach chomh luath is do thuiteann an duine i gcoir an pheaca, briseann Dia gach aon cheangal speisialtha, gach aon charadas agus muíntearas dobhí idir é féin agus an duine sin. Ní bhíonn éan choimeád speisialtha aige air mar a bhíonn ar an ndeagh-dhuine. Ní bhíonn éan cheangal grásamhail aige leis mar a bhíonn leis an bhfíoraen. Agus ní chomhnuigheann sé níos sia ina anam mar do-níonn sé in anam an Chríostaidhe mhaith. An teagasc nach fuláir dhúinn do bhuaint as so is é, sampla
Dé do leanamhaint: ó fhulaigeann sé sin le peacaig, go bhfuiliceóchaimís-ne leó mar an céadna; agus san le réasún - mar adeir Naomh Auguistín - oir, an tráth a bhíomar féin go holc, go cuirpe, agus go hanrianta, do chuireadar daoine eile suas lenár gcuirpeacht agus lenár n-anriantacht, agus do iomcharuigheadar lenár ndroch-bhéasa; agus dá bhrígh sin - adeir sé - is ceart dúinn gan ár bpeacaí fhéin do dhearmhad go bráth chun go mbeadh ár gcroidhe líonta i gcomhnaidhe le truagh agus le carthanacht do chách eile. “Cum tolerantia vivendum nobis est inter malos, quia cum mali essemus, cum tolerantia vixerunt boni inter nos”: “Le foidhne mhór,” adeir sé, “is ceart dúinn maireachtain idir dhroch-dhaoine, oir, an uair dobhíomair fhéin go holc, is le foidhne mhór do iomcharuigheadar deagh-dhaoine iad féin inár dtaobh-na.” - Tugaidh fé ndeara ná deir na naomh so gur ceart dúinn an chuideacht pheacamhail do ghrádhchaint, ná do lorg, ach í dfhulang le foidhne, chun go mbeadh ár n-iomchar-na cosmhail le hiomchar Dé. Atá, mar sin, caidreamh agus ceangal againne le droch-dhaoine nach féidir do bhriseadh; agus dá mb'fhéidir fhéin, ná beadh ceaduighthe dhúinn a scaoileadh. Ar cheart do athair scaramhaint lena chlainn mhí-riaghaltha? nó do bhean lena fear mí-bhéasach? nó do íochtaráin lena máighistir droch-shamplach? Gan amhras níor cheart: coisceann dlighe an diúité agus dlighe an riachtanais é. Ach, leath-is-muigh de cheart, de dhiúité, agus de ghátar, an té do thoghann go toiltheannach droch-chuideachta, an té loirgeann muíntearas agus caradas droch-dhaoine, téigheann sé díreach i gcoinnibh dlighe Dé agus i gcoinnibh órdú aspoil an tSlánathóra: “Denunciamus vobis ut subtrahatis vos ab omni fratre ambulante inordinate”: “Fógram oraibh,” adeir Naomh Pól, “in ainm an tSlánathóra Íosa Críost, sibh fhéin do tharrac ó chuideachta gach aon Chríostaidhe do mhaireann go mí-riaghaltha.” Do chuireas im chroidhe - adeir an fáidh ríoghamhail - comhluadar na bpeacach do sheachaint agus teitheadh ó chuideachta na mallathóirí, agus san le grádh dom Dhia agus le cion orm fhéin. Éistíg, a Chríostaidhthe, le comhrádh Dé féin ag cosc ar an bpobal Eabhra muíntearas do dhéanamh le na droch-dhaoine dobhí ina gcomhursanacht, agus ag fógairt orra gan cleamhnas ná caidreamh do bheith aca leó: “Is sibh-se,” arsa Dia leo, an tráth dothug sé seilbh Thír na Geallamhna dhóibh, “is sibh-se mo phobal féin: do thoghas sibh ar measc náisiún an domhain go léir chun a bheith umhal dam agus mo réir do dhéanamh i gcomhnaidhe: ní dhéanfaidh sibh muíntearas le héan chine eile, agus ní bheidh cleamhnas ná pósadh agaibh le neach díobh sin.” “Cave ne unquam cum habitatoribus terrae illius jungas amicitias”: “Tugaidh aire mhaith agus ná déanaidh caradas le háitreóirí na tíre sin.” Agus arís deir sé linne tré bhéal Naomh Póil: “Hereticum hominem devita!” Má's maith leat - adeir sé - do chreideamh do choimeád glan, seachain an t-eiriceach! cosain thu féin, ní amháin ar éan pháirtidheacht a bheith agat 'na chreideamh fallsa, ach fós ná coimeád a chuideachta más féidir leat é. Agus coisceann sé
comhluadar le drochChaitilicí: “Adubhairt libh cheana agus do scríobhas im leitir chughaibh,” adeir sé le Críostaidhthe Corinth, “gan éan pháirt a bheith agaibh le lucht droch-bhéasa do leanamhaint. Má atá cion drithár agaibh ar éinne,” adeir sé, “agus má leanann an té sin mí-bhanamhlacht, nó cúlchaint, nó bréaga, nó bitheamhantas, nó éan droch-chleachtadh eile, ná caithid biadh i bhfochair a leithéid sin, ar eagla go dtruailleóchadh a chomhluadar sibh.” Is maith le Dia go ndéanfaimís láithreach an nídh dodhéanfaidh sé féin lá an bhreitheamhnais. Oir, an tráth dothiocfaidh Mac Dé chun breith do thabhairt ar an ndomhan, éireóchaid na peacaig leis na fíoraein, ach scarfar gan mhoíll lena chéile iad. Cuirfidh Críost a aingil amach agus deighilfid na caoire ó na gabhair. Chun, mar sin, ná beadh gátar ag Dia a aingil do chuir amach chun na fíoraein do chuardach ar measc mhallathóirí, is mian agus is maith leis go scarfaidís na deagh-dhaoine iad féin sa bheatha so ó na peacaig. An tráth dothánadar an cine Iúdach isteach go tír Ceanán, do bhuail cathair thréan umpa, cathair Ierichó. Dobhí seacht bhfallaí láidire timcheall uirre, agus í líonta de lucht cogaidh. Do gheall Dia go dtabharfadh sé seilbh na cathrach dóibh gan éan chath, agus do órduigh sé dhóibh dul isteach timcheall uirre seacht n-uaire, agus an seachtmhadh uair, an tráth do shéidfidís na sagairt na hadharca, go dtuitfeadh na fallaí. Agus do fhógair dhóibh, dá mba maith leó a chongnamh fhéin do bheith i gcomhnaidhe 'na bhfochair, gan buaint le héan chuid de éadáil na cathrach; ach, thar éis an lucht dobhí innti do mharbhú, an t-éadach, an t-ór, an t-airgead, an biadh agus gach nídh eile dobhí innte do dhóghadh agus do loscadh. Do ghabhadar seacht n-uaire timcheall ar an gcathair, agus nuair do séideadh na hadharca do thuiteadar na fallaí tréana chun talmhan, agus do ghabhadar an chathair, agus do mharbhuighdar gach éinne dobhí innti. Ach do bhuain éinne amháin leis an éadáil choiscthe. Beagán 'laethibh 'na dhiaidh sin, dothugadar na Iúdaig amas ar bhaile bheag dobhí 'na n-aice; ach do briseadh orra. Agus adubhairt Dia leó ná beadh seasamh aca lena namhaid, agus ná tabharfadh sé féin cabhair ná congnamh dóibh, muna scriosfaidís an duine ciontach as a measc. Do throisc Iosua agus an pobal go léir an lá san, agus do ghuidhdar Dia go dícheallach an té dobhí ciontach ar a measc do fhoillsiú dhóibh. Ar maidin go moch do éirigheadar agus do chaitheadar crainn, agus do thuit an crann ar fhear n-arbh ainm do Áchan. “A mhic ó,” arsa Iosua leis, “tabhair glóire do Dhia agus innis cad do dhéanais.” “Do pheacuigheas,” arsa Áchan, “i gcoinnibh órdú Dé agus i gcoinnibh do órdú-sa. Agus so ar dhéanas: Dochonnarc, ar measc na héadála, brat álainn corcra, dhá chéad píosa airgid, agus díng óir, agus do ghlac saint me chúcha. Do bhailigheas chugham iad agus atáid i bhfolach ina leithéid seo de áit im chábán. Do chuir Iosua teachtairí agus dofuaradar gach aon nídh mar adubhairt Áchan, agus thugadar an brat, an t-airgead, agus an díng leó, agus do chaitheadar i láthair althóir Dé iad. Annsan, le hórdú an Tighearna, do tógadh
Áchan agus a mhuíntir agus a shealbhúchas saoghaltha go gleann dobhí 'na n-aice, agus do loisceadh iad, agus do cuireadh carn mór cloch anuas ar a luaithreán. Agus do naomhuigheadh mar seo an pobal, agus do hionntuigheadh fearg Dé uatha. Tuigeann sibh as so gur minic do thairigeann aon droch-dhuine amháin buairt agus briseadh ar an náisiún go léir, agus go ndéanann a dhíbirt mórsheirbhís don choitcheantacht. Tóg ó thig áirithe seirbhíseach malluighthe atá ann, agus ba thig naomhtha é. Díbir óna léithéid seo de bhaile bean chúl-chainteach dhroch-labharthach atá ann, agus in ionad an mhioscais agus an suathadh agus an cheannairg atá anois ann, dobheadh síothcháin agus muíntearas agus grádh Dé agus na comharsan ann. - Atá, insa pharróiste seo, a trí nó a ceathair de dhaoine, agus atáim deimhnitheach gur mó 'dhíoghbháil do dhéanaid siad do na daoine eile 'ná dá mbeadh dosaen deamhan ag siubhal orra ó cheann den bhliadhain go dtí an ceann eile! An té thaithigheann droch-chuideachta, tugann sé tarcaisne do Dhia agus droch-shampla dá chomhursa, agus déanann sé árd-díoghbháil dá anam féin. Cad é an tuairim dothabharfadh sibh-se do mhac athar mhaith dobheadh muíntearach agus páirteach le namhaid 'athar, do choimeádfadh cuideachtain leó so dobheadh ag síor-dheargadh ar an athair sin, agus dobheadh ceanamhail ar an dream dodhéanfadh gach aon lá urchóid dá athair - cad adéarfadh sibh lena leithéid sin de mhac? Adéarfadh sibh, gan amhras, le fírinne, gur dhroch-mhac é, gur mhac mí-nádurtha, mí-chumannaach, malluighthe é. - Is tusa féin, a Chríostaidhe, an droch-mhac san. Coimeádann tu cuideachta pheacach is namhaid don Dia is athair duit. Bíonn muíntearas agat le mallathóirí do dhéanann deargadh an smeara gach aon lá ar Dhia. Bíonn cion agus caidreamh agat le droch-dhaoine do athnóchann créachta Chríost agus do athchéasann go laethamhail é: “impio praebes auxilium et his qui oderunt Dominum amicitia jungeris, idcirco iram mereberis”: “tugann tu congnamh don droch-dhuine, agus atáir ceangailthe i gcaradas leis an dream do fhuathuig Dia: dá bhrígh sin do thuillis go dtuitfeadh a fhearg san ort.” In' éaghmais sin, féach chun do chreideamhaint fhéin. Cad é an meas dobheidh ag éinne coinsiasach ort an tráth do-chífid thu ag gnáthú droch-chuideachtan? Nách dóigh leó, agus san le ceart, go bhfuileann tu gach aon phioc chomh olc led dhroch-chompánaig? - oir mara mbeadh go ngrádhann tu a mbéasa, ní bheifá chomh minic sin 'na bhfochair. Ach adéarfair nách le héan droch-íntinn dothéigheann tu ann, go bhfuileann tu glan i radharc Dé, agus ná fuil suím agat ann cad déarfaid ná mheasfaid daoine. “Cuímhnig,” adeir Naomh Ierom, “go bhfuil 'fhiachaibh ort, ní amháin do choínsias fein a bheith glan i láthair Dé, ach fós gan éan chúis cainte ort do thabhairt do chách eile. Féach,” adeir sé, “cad é an teagasc dothugann Naomh Pól uaidh insna focail seo: “Non solum providemus bona coram Deo sed etiam coram hominibus”: ... “Soláthruighimís deagh-oibreacha ní amháin i láthair Dé, ach fós os comhair daoine.” Agus féach,” adeir sé, “cad dorinn an t-aspol céadna san, cé go raibh 'anam
soillsighthe le solas an Spioraid Naoimh, agus a choínsias glan ó pheaca i radharc Dé: do mheas sé ná faicfeadh sé choidhche glóire an Tighearna dá dtabharfadh sé, agus san gan éan chiontú uaidh fhéin, cúis scannail do chách eile; agus dá bhrígh sin ní íosfadh sé biadh dobhí ceaduighthe dho do ithe, ar eagla go nglacfadh an dream lag-choínsiasach dobhí láithreach scrupal dá dheasca.” - Anois, a Chríostaidhthe, is gátaramhla i bhfad biadh do ár gcolainn 'ná an chuideachta do thaithighimíd; agus ó mhúineann sampla an aspoil dúinn gur ceart ithe an bhídh féin do sheachaint an tráth do chuirfeadh san scannal ar chríostaidhthe laga, nách mó 'ná san an ceangal atá orainn droch-chomhluadar do shéanadh nuair dothugann san cúis scannail do ár gcomh-chríostaidhthe? Arís, féach ar méid na díoghbhála do-níonn tu dod anam fhéin tré chuideachta den tsórd do thaithighe. Cionnas do fhéadfair do chroidhe do choimeád glan agus do choínsias neamh-chiontach? An té chomhnuigheann in áit aicídeach tógfaidh sé, luath nó mall, an tinneas. An té chuimleóchaidh a láimh de phic ceanglóchaidh sí leis. An té ghrádhann an chontabhairt - adeir Dia féin - millfear ann é. Féach na fáidhí, dobhí neartuighthe i ngrása Dé; na haspoil do bhí buanuighthe i naomhthacht Chríost; na mairtírigh dobhí dainginithe i subháilce an Spioraid Naoimh - chomh dícheallach is do sheachnuighdís cuideachta dhainséarach, agus dothigeadh faitcheas agus eagla orra an tráth do thárluighdís ann. Anois, a Chríostaidhe, ní treise tusa 'ná na daoine naomhtha so: cad é an dánaidheacht díchéilleach duit-se meas go mbeir sábháltha san áit do shaoileadar san go mbeidís caillthe? Canathaobh gur choisc Dia go dian ar an bpobal Eabhra muíntearas do dhéanamh le h-éan chine stróinséartha? Atá, de bhrígh go raibh 'fhios go cruinn aige go dtairiceóchadh an caidreamh san chun droch-chreidimh agus chun droch-bhéasa iad; fé mar dorinn i ndeire an scéil. Oir,”commixit sunt inter nationes et didicerunt opera eorum”: “Do chómheascadar iad féin le náisiúin eile agus do fhoghlamuighdar a mbéasa.” Do íodhbruighdar a mic agus a n-ingheanacha do na deamhan, agus do dhoirteadar fuil neamh-chiontach a gclann in onóir na ndiabhal: dá bhrígh sin do lasadh fearg Dé 'na gcoinnibh agus dothug sé léirscrios orra. Féach Solamh na céille: cionnas do tairigeadh é ina chríonnacht chun déithe fallsa do adhradh; agus dodeárnadh amadán den duine ba eagnaighe dár mhair riamh de dheasca droch-chomhluadair. - An rí naomhtha Dábhí: do thuit in adhalltharnas agus dorinn murdar de dheasca cuideachta contabharthach. - Samson an tréan-fhear: dobheireadh geata na cathrach ar a ghualain leis; do strac leómhan láidir as a chéile; agus do mhairbheóchadh míle fear, féna n-arm agus n-a n-éide, agus gan aige 'na láimh ach cnámh géille asail; do chaill sé a neart, agus a shúile, agus a shaoghal le droch-chuideachta. - Ar an aiste céadna, prionnsa na n-aspol agus dóirseóir na bhflaitheas, Naomh Peadar: do shéan sé a Mháighistir beannuighthe, ár Slánathóir Íosa Críost, mar gheall ar dhul ar measc dhroch-dhaoine. An bhfuileann tusa, a Chríostaidhe, níos eagnaighe 'ná rí Solamh?
níos naomhtha 'ná rí Dábhí? níos treise 'ná Samson? nó an mó do chreideamh 'ná creideamh Naomh Peadair? Agus do thuiteadar san, agus míle milliún duine nách iad, i bpeacaí móra troma mar gheall ar dhroch-chomhluadar do choimeád. Á, is fíor, is ró-fhíor an chaint adeir Naomh Pól insna focail seo: “Nolite seduci, corrumpunt mores bonos colloquia mala”: “Ná bídh mealltha, truailligheann droch-chomhluadar béasa maithe”; agus is dóigh liom go bhféadfaidh gach éinne atá ag éisteacht liom fiadhnaise do dhéanamh ar fhírinne an ráidhteachais sin. Caitheadh gach éinne súil thar n-ais ar a bheatha imthighthe, agus do-chífidh sé gur droch-shampla, nó droch-chuideachta, nó droch-chomhairlig, do thairig ar dtúis chun peaca é. Féach gach aon bhitheamhnach, gach aon chladhaire, gach aon robálaidhe, gach aon mhurdréir, dobhíonn dá chrochadh - cad do fhágaid lena n-udhacht? Nách iad so na focail déanach dothagann as a mbéal: “Á, mara mbeadh droch-chuideachta ní thiocfainn chun an chríoch náireach só” - “Quis nescit,” adeir Tertullianus i leabaidh a bháis, ag tabhairt comhairle dá mhnaoi, dá bpósfadh sí thar éis a bháis, gan cleamhnas do dhéanamh le eiriceach, “obliterari quotidie fidem commercio infideli”: “Ce atá in ainbhfios ná go laguighthar go laethamhail an creideamh le cuideachtanas eiriceach.” Agus cé cheisteóchaidh ná gur mó anam diadha do tairigeadh chun uilc le comhrádh agus le sampla dhuine éigin mhuínteara mhí-riaghaltha! An braon uisce do thuiteann go minic, pollann sí an chloch chruaidh. Is mar sin do shúncálann an droch-chomhairle, an droch-shampla, an droch-bhéas do-chítear go minic, san anam folláin. Ar dtúis, bíonn sórd éigin gráin againn ar an ndroch-bhéas; ach nuair dothéighimíd ina thaithighe, imthigheann an ghráin sin agus déanaimíd mar chách eile, agus leanaimíd é gan scrupal. Hedé an fáth n-a ndeir an seanfhocal: Innis dam do chuideachta agus inneósad duit cé hé thu féin. Ní fuláir duit mar sin, a Chríostaidhe, briseadh le gach aon chuideachta chontabharthach. Dá mba annsa leat iad 'ná do shúil, dá mba riachtanasamhla dhuit iad 'ná do láimh dheas, is éigean scaramhaint leó; do réir mar do chomhairligheann Críost duit insna focail seo “Má's ciontach,” adeir se. “do láimh dheas le scannal do thabhairt duit geárr díot í agus caith uait í; oir is fearra dhuit dul go flaitheas Dé ar leath-láimh 'na dhá láimh do bheith ort agus do dhul go hifreann, i dteine nách féidir do mhúchadh, an áit ná faghann an phiast bás agus ná múchtar an teine. Agus má's ciontach do chois le scannal do thabhairt duit, geárr díot í; oir is fearra dhuit dul go flaitheamhnas ar leath-chois 'ná do dhá chois do bheith agat agus do chaitheamh síos go hifreann, áit ná fuighidh an phiast bás agus ná muchfar an teine. Agus má's ciontach do shúil le scannal do thabhairt duit strac amach as do cheann í; oir is fearra duit, srl.” - Is iad so focail bhur mBreithimh agus bhur Slánathóra Íosa Críost, agus fágaim fúibh-se, a Chríostaidhthe do thaithigheann an droch-chuideachta agus do ghrádhann an droch-chomhluadar, machtnamh go grinn orra.
AN DARA RANN Is fírinne chinnte, a Chríostaidhthe, siúd agus go bhfuil an peaca 'na árd-olc ann féin, agus gur tarcaisne speisialtha i gcoinnibh Dé é, go n-ionntuigheann Dia é chun a ghlóire agus chun a mhórthachta do mhéadú. Oir ní cheadóchadh sé ar éanchor sa domhan é mura mbeadh gur féidir dho é a ionntáil chun a ghlóire; agus is túisce do dhísceóchadh sé a bhfuil de pheacaig ar an dtalamh 'ná aon cheann amháin aca do fhaiscint air, ná méadóchadh, ar shlighe éigin, a mhórthacht. Le peaca - adeir Naomh Auguistín - gortuigheann an duine é féin, ach ní féidir dho maitheas Dé do chosc leis. Is oibreoir iongantach Dia, agus ionntuigheann sé lochtaí na hoibre chun a mholtha féin. Do chruthuig Dia lena chomhachta gach nídh go maith; amhthaig, tré mhailís an diabhail, agus tré chionta na ndaoine, tagann milleadh agus truailligheacht an pheaca agus do loiteadh an obair mhaith sin. Ach tairigeann Dia lena eagna maitheas as an olc féin. Féach cad é an úsáid do-níonn sé de na peacaig atá sa domhan - cionnas do ionntuigheann sé iad go léir chun a ghlóire. Teaspáineann sé a ghrása míorbhúiltheach insna págánaig; oir an bhfuil éan nídh do neartuigheann fírinneacht ár gcreidimh níos mó 'ná an domhan go léir do tharaint chun eólas an chreidimh sin le teagasc dhosaen iascairí bochta? Úsáideann sé na heiricidí chun sinn do dhainginiú inár gcreideamh. Agus na Iúdaig - an fuighlach mí-fhortúnach san de phobal Dé, an chlann mhalluighthe sin dotháinig ó shinnsear bheannuighthe - fanaid fós ar an dtalamh so mar fhiadhnithe ar fhírinne Chríost. Is raoilé iad so go léir i ngort Dé; ach ionntuigheann sé sin iad chun a ghlóire fhéin agus chun tairbhe an arbhair fholláin. Foillsigheann i míle slighe a cháilidheachta naomhtha leó; sciúrsálann sé leó na peacaig; agus tástálann leó na fíoraein. An uair do léirscriosadh cathair Ierusalem fé an Ímpire Titus, do úsaid Dia árd-mhianas na Rómhanach chun a dhíoghaltas do imirt ar na Iúdaig. Ba pheacamhail árd-mhianas na Rómhánach, ach dobhí díoghaltas Dé dlightheach. Cad dorinn na tíoránaig do mheas an t-ainm Críostamhail do scrios amach as an náisiún so? In ionad na gCríostaidhthe do dhísciú, do mheaduigheadar iad ann. Do líonadar an domhan le fiadhnithe ar chreideamh Chríost. Do líonadar an Eaglais le martairí cródha, agus flaitheas Dé le naoimh ghlórmhar. Is fíor, mar sin, go méaduigheann Dia a ghlóire agus ár dtairbhe-na le peacaig. An tarcaisne do fhaghann sé óna mailís agus óna malluightheacht, cúitigheann sé ón mailís agus ón malluightheacht chéadna é. Is mar seo nách fuláir dhúinne do dhéanamh, má's éigean dúinn, tré riachtanas ár staid, comhnú ar measc pheacach: an chuid is lugha dhe, do réir shampla Dé, an comhluadar san do ionntáil chun ár dtairbhe fein; an mhaith do tharrac as an olc. Oir, pé nídh do dhéanann an peacach n-ar gátar dham maireachtain 'na fhochair, má
bhíonn spioraid mo Athar naomhtha Dé go fírinneach im chroidhe, múinfidh sé ceacht maith dham, agus tabharfaidh sé cae fhabhrach dam mo anam do naomhú. Má chéasann sé me, foghlamóchad foidhne as an gcéasadh san. Má's namhaid dam é, beidh cae agam as san mo charthanacht do chuir i ngníomh. Má eirigheann sé os mo chionn anáirde le spioraid an uabhair, múineann sé dham meas umhal a bheith agam orm féin. Má bhíonn sé feargach liom, oibrigheann sé mo cheannsacht. Má thuiteann sé i bpeacaí scannalach, corruigheann sé suas mo thruagh dho agus mo dhíograis. Téighim níos sia agus adeirim - leis an bPápa Naomh Gregorí - ná beadh an fíoraen iomlán, ná beadh sé críochnuighthe i subháilce ná daingean i naomhthacht, mura mbeadh gur cheaduig Dia dho maireachtain tráth éigin dá bheatha i gcomhluadar peacach. Agus canathaobh san? Atá, de bhrígh gurab é an comhluadar san do scriosann agus do ghlanann óna lochtaí é, do sciúrálann a dhroch-bhéasa dhe. Oir cionnas dodhéanfadh - adeir an t-athair naomhtha so - an fíoraen aithris ar charthanacht Mhic Dé do órduigheann dhúinn ár namhaid do ghrádhchaint, maith do dhéanamh in aghaidh an uilc, guidhe ar lucht ár gcéasta, chun go mbeimís inár gclainn fhíoraenach ag an athair trócaireach san do chuireann fearthain a ghrása anuas ar anam an mhallathóra chomh maith agus do chuireann ar anam an fhíoraein, agus n-a lonnruigheann grian a ghrádha ar chroidhe an pheacaig chomh te is do lonnruigheann sí ar chroidhe an deagh-dhuine - cionnas do fhéadfadh sé so do dhéanamh mura mbeadh tarcaisne, agus éagcóir, agus bréaga, agus cúl-chaint le maitheamh do chách eile aige? An saighdiúir ná tástálthar i gcath ná i gcogadh, ní thuilleann sé moladh agus ní dleathach buidheachas do bhreith leis. Is mar sin díreach don Chríostaidhe: níl buidheachas ná moladh le fagháil aige óna Chaptaoin Íosa Críost mura gcuiridh sé suas go foidhneach agus go cródha le contrálthacht agus le fonóid agus le cnáid agus le céasadh ó pheacaig. Níl éan nídh níos cinnte, a Chríostaidhe, ná, dá mbeadh fíordhíograis orainn ár n-anam do shábháil, agus fíor-fhonn orainn dul ar ár n-aghaidh i subháilce agus breisiú i ngrása Dé, ná go mbíonn cae againn san do dhéanamh gach aon lá do eirigheann orainn. Oir, ar fhaiscint dúinn na bpeacaí troma ina dtuitid ár gcomh-chréatúirí, dá machtnuighmís mar is ceart orainn féin, dobheadh ár gcroidhe líonta le buidheachas do Dia i dtaobh sinne do chosaint ina thrócaire ó thuitim insna cortha tubuisteacha san; dobheadh ár n-anam tuilthe le humhlaidheacht agus le haithrigh, ar eagla go mbeadh sé de dhonas orainn fhéin an cleas céadna do dhéanamh; dobheadh ana-thruagh againn do pheacaig bhochta, agus do ghuidhfimís Dia go dúthrachtach ar a son, oir níorbh fhios dhúinn ca tapamhlacht dobheimís féin sa reacht chéadna nó béidir níos measa. Is foidhneach agus is sásta dobheimís dá dtugaimís fé ndeara go bhféadfaimís ár bpeacaí troma fhéin do chúiteamh, agus ár bprugadóireacht do dhíol sa bheatha so, tré chuir suas le lochtaí ár gcomhursan agus tré ualach cách eile do iomchar. Ach fóríor, ionntuighimíd an nídh dodhéanfadh ár dtairbhe chun ár n-urchóide. 'Sé íntinn Dé go naomhóchadh comhluadar na
bpeacach sinn an tráth is gátarach dhúinn é thaithighe; amhthaig, trén-ár gcionta fhéin, truailligheann sé sinn. Tairigeann Dia a ghlóire as, ach tairigimíd-ne ár ndonas uaidh. Ceaduighidh dam, a Chríostaidhthe, páirt dom rún do leigeant libh. - Tagann osna agus cnead im chroidhe an tráth dochloisim duine ag gearán a cháis agus ag cuir mhilléan a pheacaí ar mhí-riaghalthacht a mhná agus a mhuíntire. Nuair dochloisim bean ag innsint dam gur de dheasca í bheith ceangailthe de fhear mhí-bhéasach mhalluighthe do pheacuighean sí, cad é an freagra is féidir dhamh-sa do thabhairt uirri? Goilleann sé orm daoine do fhaiscint ag déanamh droch-úsáid den chae fhabhrach dothug Dia dhóibh chun a n-anam do shábháil. Gearánaim, ní go bhfulaingid, ach go bhfulaingid gan tairbhe dhóibh féin; ná cuimhnigheann siad, ná tugann siad fé ndeara, gurab é nídh na daoine mí-riaghaltha malluighthe atá cuibhrighthe leó, gurab é an nídh díreach iad san, úirlis do thóg Dia chun iad do thástáil, chun iad do shábháil. Nach doilgheasa an gnó go gcaithfear anacra an droch-chomhluadair do fhulang agus ná bainfear éan tairbhe as! go n-iomcharófar an chrois agus go gcaillfear an choróin ghlórmhar atá ceangailthe dhi! go n-ólfar an deoch shearbh shláinteamhail agus go n-ionntófar, le díth céille agus le mí-fhoidhne, i nimh marbhthach í! Mo chumha géar - adéarfaidh duine - agus mo uchlán brónach, ná fuilim i staid éigin eile beatha: is maith an aire dothabharfainn dom anam! Ach atáim cráidhte ag an saoghal. Buaineann bean bhorb mhillteach atá agam mo chiall díom. Loisceann droch-chomhursa atá i mbéal mo dhorais me gach aon lá do éirigheann orm. Céasaid mo leanbhaí crostáltha me. Nó ní leogann so nó súd dam leas mo anama do dhéanamh. - Ach adeirim-se leat, a Chríostaidhe, go meallann tu thu féin: oir ní fhéadfair leas do anama do dhéanamh gan congnamh Dé; agus ní thabharfaidh Dia an congnamh san duit ach sa stáid bheatha ina bhfuilir. Hené am bóthar marcáltha amach duit chun siubhal go flaitheas Dé. Oir, ó's le hórdú agus le hughdarás Dé atáir sa staid sin, ní theipfidh a chongnamh ort, ní dhiúlthóchaidh sé cabhair do thabhairt duit. Déin-se do chuid fhéin den ghnó, agus gan éan chontabhairt tabharfaidh Dia an chuid eile dhe chun deagh-chríche le solas is neart a ghrása. Má chuireann tu go fearamhail do aghaidh i gcoinnibh an pheaca; má dhiúlthuigheann tu do chathuighthibh an diabhail; má sheasann tu go cródha in aghaidh droch-shampla saoghalthánach agus do chroidhe agus do aigne do thabhairt ar do oibliogáidí do chólíonadh, agus ar dhlighe do Thighearna do choimeád - cruinneóchair mór-shaidhbhreas i láthair Dé, agus siubhlóchair go daingean i gcasán an chirt, agus sroisfir gan contabhairt ríoghacht an tsuaimhnis shíorraidhe. “Do chuir an mallathóir bárr ar a mhalluightheacht,” mar adeir an fáidh Isaias, “le gníomhartha peacamhail do dhéanamh i dtalamh na naomh: dá bhrígh sin ní fhaicfidh sé choidhche glóire Dé agus ní glacfar go bráth isteach é in áras na bhfíoraen.” Ó 'sé bárr mailís agus malluightheacht peaca do dhéanamh i gcuideachta na naomh, leanann as san
gurab é bárr naomhthacht subháilce do thaithighe ar measc na bpeacach. Molann Naomh Pól go hárd Maoise de bhrígh gur choinnibh sé a shúil agus a íntinn i gcomhnaidhe ar Dhia, an fhaid dobhí sé i gcúirt mhalluighthe Pháró. Agus an rí beannuighthe Naomh Laoiseach, ar measc phoímp a chúirte agus gheoin agus bhuairt na gcogaidhe móra dobhí ar láimh aige, níor dhearmhaid, ar feadh aon nóimeanta amháin, seirbhís a Árd-rí, Dia na n-uilechomhachta. An té atá cuibhrighthe le daoine gan chreideamh gan bhéasa, agus do choinnigheann 'anam saor óna ndroch-chleachtha, tuilleann sé agus do-gheóbhaidh sé ó bhéal Chríost an moladh céadna dothug an Slánathóir ar na haspoil: “Vos qui permansistis mecum in tentationibus -”: “Sibh-se do fhan im fhochair ar measc mo chathuighthe go léir - sibh-se dobhí dílis dam, nár thréig mo chúis riamh, ach do onóruig me lenbhur ndeagh-bheatha i láthair daoine, beidh sibh páirteach liom im ríoghacht naomhtha. Léighimíd i leabhar an fháidh Domhnall conspóide, nó comórtas, nó deifir iongantach, idir bheirt aingeal beannuighthe i láthair Dé, aingeal choímhdeach na nIúdach agus aingeal choímhdeach na Persia. Do athchuinghig aingeal na nIúdach ar Dhia na hIúdaig do shaoradh agus do scaoileadh abhaile ón bPersia, ar eagla go dtruailleófaí iad agus go gcaillfidís a gcreideamh ar measc phágánach na dúthaighe sin. 'Na choinnibh sin do iarr aingeal na Persia ar Dhia na Iúdaig do choimeád insa dúthaig, chun go dtabharfaí áitreóirí na tíre sin chun creidimh Dé tré chomhrádh agus tré dheagh-shampla na nIúdach; agus i bhfírinne do hionntuigheadh roimhis sin trí righthe comhachtacha dobhí ar an náisiún san chun an chreidimh fhírinnig. Adeir an Pápa Naomh Gregorí gurab é an nídh do chialluigheann an deifir dobhí idir an bheirt aingeal so, dhá thoil i nDia. Oir is maith leis sin go seachnóchaimís, do réir ár ndíchill, comhluadar na bpeacach: agus is é sin atá cialluighthe le hathchuinghe aingil na nIúdach. Agus an tráth ná féadaimíd é sheachaint agus do chuireann cúis éigin réasúnta agus riachtanach sinn eatortha, órduigheann sé dhúinn maireachtain go diadha 'na measc, chun go mbeadh ár gconbharsáid leó tairbheach dá n-anam: agus hedé atá cialluighthe le hathchuinghe aingil na Persia. Níl éan dabhta ná gurab í toil Dé go ndéanfaimís, an fhaid do bhímíd ar measc pheacach, ár ndícheall iad do stiúrú ar a leas. Oir déanann Dia an cleas céadna: meallann sé iad chuige féin lena gheallamhaint; tairigeann se iad lena thabharthaistí; bailigheann sé chuige iad lena bhagairt; agus cnósuigheann sé iad lena smachtú. Úsáideann sé a eagna, a thrócaire, agus a cheart leó. Agus siúd is go mbíonn 'fhios roimh ré aige go mbeid damanta, bíonn sé chomh cúramach timcheall orra is dá mbeadh sé siúráltha go mbeidís sábháltha. Atá a thrócaire agus a thruagh chomh mór san dóibh ná fágann sé éan nídh gan déanamh chun go sábhálfaidís a n-anam. Hedé an sampla is ceart dúinne do leanamhaint, fé mar do mhúineann an Spioraid Naomh insna focail seo: “Unicuique mandavit de proximo suo”: “Do órduig Dia do gach éinne a bheith cúramach timcheall a chomhursan.” Oir níl éinne sa domhan nár
cheangail Dia air carthanacht do theaspáint dá chomhursain. As so ghluaiseann an oibliogáid atá orainn congnú lenár gcomh-chréatúirí ina riachtanas corpora. Anois ó cheanglann carthanacht orainn fóirithinn ar ár gcomh-chréatúirí ina ndealbhas corpora, nách treise 'ná san an oibliogáid atá orainn congnú leó agus fóirithin orra ina ngátar spioradáltha. Cailleann duine grádh Dé agus grádh na comhursan má dhiúlthuigheann sé a bhiadh do roinnt leis an ocrach; agus cionnas do choimeádfaidh sé iad má dhiúlthuigheann sé fóirithin ar na hanamnacha bochta do ceannuigheadh le fuil Íosa Críost? Má caillthear iad san, tré gan comhairle a leasa do thabhairt dóibh, tré gan teagasc agus deagh-shampla do thabhairt dóibh, cionnas dobheidh an scéal aige-sin? Oir atáid - mar adeir Naomh Auguistín - mórán 'na bpeacaig anois do beidh 'na dhia' so 'na gcaraid ag Dia agus 'na naoimh ghlórmhar i bhflaitheamhnas. Níl 'fhios againne cé hiad fós; oir atáid áitreóirí an dá chathrach - 'siad san, flaitheas agus ifreann - meascaithe lena chéile sa bheatha. Níl deighilt fós eatortha; agus chun go ndéanfar san, is é ár ndiúité-na carthanacht do threaspáint do gach éinne; deagh-shampla, agus teagasc, agus deagh-chomhairle do thabhairt in am agus i dtráth don mhuíntir atá 'na ghátar agus n-ar dóigh linn do ghlacfaidh uainn é; fé mar do chomhairligheann Naomh Peadar insna focail seo: “ut ex bonis operibus vos considerantes, glorificent Deum”: iomcharuighidh sibh féin sa tslighe sin, “ar bhfaiscint bhur ndeagh-oibreacha do pheacaig, go dtabharfaidís géilleadh agus glóire do Dhia.” Baineann an oibliogáid seo le daoine seochas a chéile. Mar seo: cé cheartóchaidh agus do chomhairleóchaidh an mac mí-riaghaltha, mara ndéanfaidh 'athair é? Nách ar an máthair chiallmhar do luigheann an inghean óinseamhail do stiúradh? Nách ar an máighistir atá smachtú an tseirbhísig mhalluighthe? Déanaid daoine é seo go díograsach i neithe an tsaoghail seo. Gabhaim-se orm, má dhéanfadh bhur seirbhíseach, bhur bhfear oibre, bhur gcailín aimsire, faillighe in bhur ngnótha saoghaltha - dá ndéanfaidís díoghbháil in bhur substainnt daoibh - gur tapaidh do cheartóchadh sibh iad; gurbh fheargach dobheadh sibh chúcha dá dtugaidís tarcaisne dhíbh. Agus ní chuireann sibh éan tsuím, ní theaspáineann sibh éan díogras, ní ghlacann sibh éan fhearg chúcha, nuair, os comhair bhur súl agus i gclos bhur gcluas, do tharcaisnighid Dia agus do dhíoghbhálaid a n-anam fhéin gach aon lá. - Dá ndéanfadh gach éinne againn ár ndiúité sa phoínnte seo, is gairid go sóinseálfaí aghaidh na críostamhlacht: dobheadh ceart, agus macántacht, agus deagh-bhéasa le faiscint in áit na héagcóra, agus na cuirpeacht, agus na truailligheacht atá leathta go fairsion ar an ndomhan. Ach baineann an diúité seo go speisialtha le na peacaig féin, 'sé sin, leis an ndream do n-ar theaspáin Dia a mhór-thrócaire, tré iad do tharrac, le spioraid na haithrighe, óna staid damanta. Dá ndéanfá díoghbháil do chomhursan 'na chlú nó 'na shubstainnt, atá fhios agat, a Chríostaidhe, nách fuláir an díoghbháil sin do chúiteamh. Ach tré do pheaca do thógais ó Dhia an onóir agus an uirrim do bhuain leis; agus le do dhroch-shampla do thairigis do chomhchréatúir sa tubuiste is mó, agus is tríot do chaill sé an saidhbhreas is táchtamhla dobhí aige,
'se sin, glaineacht 'anama. Ní fuláir duit, mar sin, do dhícheall do dhéanamh chun an urchóid dorinnis do do chneasú, é tharrac thar n-ais arís ar staid na fírinne, é chasadh arís ar a Dhia ó's tú ba fáth n-ar scar sé leis. “Docebo iniquos vias tuas, et impii ad te convertentur” A Thighearna - arsa an rí aithrigheach Dábhí - ní leór dam mé féin do chasadh ort, ach tabharfad thar n-ais chughat gach aon pheacach; múinfead do shlighe-se dhóibh, agus cuirfead do thrócaire in úil dóibh le mo fhocail agus le mo ghníomhartha. Ní amháin gur tharcuisnigheas thu le mo chlaon-chortha féin, ach fós le peacaí an mhuíntir do thairigeas chun malluightheacht. Déanfad, mar sin, mo dhícheall do ghlóire-se do mhéadú, le deagh-chomhairle, le deagh-theagasc, agus le deagh-shampla do thabhairt dóibh as so amach. - Déanaimís, a Chríostaidhthe, an cleas céadna, agus sóinseálfar go gairid an raoilé in arbhar fholláin: tabharfar an peacach, ó bheith 'na namhaid, chun bheith 'na charaid ag Dia. Agus mar seo baileóchaimíd saidhbhreas na ngrás annso agus tuillfimíd saidhbhreas na glóire sa tsaoghail thall. Go dtugaidh Dia na trócaire san dúinn go léir. Amen. Risteard Ó Foghludha do chuir in eagar.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services