Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Smaointe ar Pháis ár Slánathóra - 2
Title
Smaointe ar Pháis ár Slánathóra - 2
Author(s)
Paodhar, Muiris,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1836
Publisher
(B.Á.C.: Browne and Nolan Limited, 1945)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SMAOINTE AR PHÁIS ÁR SLÁNATHÓRA Risteárd Ó Foghludha, D. Litt. Celt. II Insa tara háit, críochnuighthar mailís daonna tré dhíchreideamh na sagart do dhaor Críost chun báis. Ar dtúis, ní chorruigheann aithrighe Iúdais iad. Tagann an duine mí-fhortúnach chúcha, ar buile le héadóchas. Caitheann sé chúcha airgead na fola ag rádh leo: “Peccavit tradens sanguinem justum”: “Do pheacuigheas,” ar sé, “ag díol fuil neamh-chiontach libh.” - Ní raibh teastas riamh ní ba ghloine ó dhabhta 'ná í seo. Is é namhaid Chríost féin do fhógrann dóibh go bhfuil sé neamh-chiontach; is é an tréatúir do ghlac breab na bratha dothagann chúcha chun an bhreab san do chasadh ortha, ag deimhniú dhóibh go raibh an éagcóir aca chun a Mháistir bheannuighthe. Neart na fírinne amháin do thairigeann admhú a chora uaidh. Ach na breithimh mhalluighthe seo, do chuir 'fhiachaibh ar an ndonán le neart airgid an peaca do dhéanamh, dúnaid a súile ar a aithrighe: adeirid leis: “Tu videris!” “Cad é sin dúinne, a dhuine? Is é do ghnó-sa é: féach-se chuige!” - Imthigheann sé gan mhoíll, crochann é féin, is tuiteann an t-ionathar amach as. Ó a Thighearna, is ró-eaglach thu an tan do chruadhann tu craitheacha na bpeacach! Na breithimh mhalluighthe seo, na huaisle seo na n-Iúdach, do chuireadar go dtí so i gcoinnibh mhíorbhúilí agus theagasc Íosa Críost. Na mairtínig do leighseadh, na daíll dofuair úsáid a radhairc, na peacaig do tairigeadh chun aithrighe, na mairbh do aithbheóthadh, bás eaglach Iúdais fhéin; na miorbhúilí ba mhó agus ba iongantaighe dá rinneadh riamh, níor fhéadadar a gcraitheacha cruadha do bhogadh ná do tharrac chun creidimh. Is é an droch-úsáid do-nídh de ghrása an Tighearna do thairigeann daoine chun an phas so. - Agus tusa, a Chríostaidhe, tusa a dhrúncéir dhíchéillig, tusa a fhir na bruighne, tusa a dhuine dhrúiseamhail, atá ag cuir go laethamhail i gcoinnibh grása an Spioraid Naoimh, má leanann tu níos sia do chúrsaí malluighthe, fógraim ort go dtiocfairse - mura dtáinis cheana féin - chun an chruadais cheadna; sa chas san, na báis is uathbhásaighe, na fírinní is eaglaighe, na neithe is naomhtha, na haithrighthí is beómhaire, ní chorróchaid ar éanchor do chroidhe. Oir, tré shíor-chuir in aghaidh na fírinne, tré sholas do thuisgeana do mhúchadh, tré an doilgheas san dotháinig go minic id chroidhe do thachtadh suas, do thuitis i marbh-shuan an pheaca chomh trom san, ná fuil guith ar neamh, ar talamh, ná fós in ifreann féin do fhéadfadh tu dhúiseacht chun aithrighe. Atá scamall dhorchais an bháis shíorraidhe cheana féin ort. Agus is é do chailleann ar fad thu ná mothuigheann tu ar éanchor méid do dhonais!
Tagann iongantas ar phrionnsa na sagart i dtaobh ná freagrann Críost insna neithe dotugadh ina choinnibh. Do thuig sé, is dóigh liom, óna chneastacht, óna chaoineas, óna fhoidhne, ó uaisleacht a fhéachaint, ó mhódhmharacht a ghnúis, nárbh neach daonna é. Éirigheann sé ina sheasamh agus adeir le Críost: “Aitchim ort, in ainm an Dé Bhí, innsint dúinn an tusa Críost Mac Dé.” Á, a shagairt mhailísig, má's fonn feasa do fhagháil atá ort, ní gádh dhuit é féin do cheistiú. Do innis Naomh Eóin Baiste cheana dhuit gurab é Críost é. Na hoibreacha, na míorbhúilí dorinn sé, ná rinn éinne riamh a gcosmhalacht, teaspánaid gur teachtaire ughdarásach ó an Athair síorraidhe é. Innisid naomhthacht agus gloineacht a bheatha dhuit gurab é an Té is naomhtha é. Ó's agat-sa atá eochair an eólais, oscail an scrioptúir. Ceistig Maois, agus na fáidí. Le héan ghuith 'neósaid duit gurab é Fuasclóir an chine daonna é. Na daíll do shoíllsig sé; na mairbh do aithbheóig sé; na bodhair do leighis sé; na poblaíocha ocracha do bheathuig sé - 'neósaid go léir duit nár thug Dia a leithéid de chomhachta riamh do éinne is dothug sé dho san. Ceistig na flaithis féin do oscail go minic os a chionn. Éist le guith an Athar síorraidhe do chraobhscaoileann don domhan gurab é sin a Mhac grádhach féin. Mura sásochaidh fiadhnaise neamh agus thalaimh tu, loirg cúnntas ar ifreann féin; agus 'neósaid na diabhail do dhíbir sé as colainn na ndaoine gurab é Críost Mac Dé é. Amhthaig, ní fios a bhí uait, ach greim do bhreith ar Chríost ó n-a fhocail fhéin. Ní eólas do loirgis ach cae feille. Freagrann Críost gurab é Mac Dé é, gurab é Fuasclóir an chine daonna é, agus go bhfaicfidh siad féin, atá anois ag tabhairt breitheamhnais air, é ina shuidhe ar dheas-láimh Dé, agus é ag teacht, timchealluighthe le haingil na bhflaitheas, chun breith do thabhairt ar bheódhaibh agus ar mharbhaíbh - fé mar adéarfadh sé leótha: Ní admhuigheann sibh mé insa chrot úiríseal ina bhfuilim anois; amhthaig, caithfidh sibh, gan buidheachas daoibh, mé do admhú an tan dothiocfad lem chomhachta, lem mhódhmharacht, lem ghlóire. Atáim anois mar chiontóir in bhur láthair-se; amhthaig suidhfead ina dhiaidh so im breitheamh oraibh-se agus ar an ndomhan go léir. Labhrann sé ina Dhia, cé go bhfuil sé ceanglaithe i bhfuirm bhrágha, ualuighthe le slabhraí, agus líonta le tarcuisne; ach tugann sé le tuisgint dhúinn go sóinseálfar neithe insa tsíorraidheacht: nách é an riarú céadna dobheidh sa bheatha thall atá insa cheann so; go mbeidh an bochtán agus an deóraidhe ina suidhe ar chathaoireacha solasmhara glórmhara; go mbeidh na fíoraein, atá anois dá mbrú fé chois gan meas ná beann ortha, ag lonnradh an lá úd mar réalthain ghlana ghrianda, agus ag tabhairt, le hÍosa Críost, breith ar an ndomhan; an fhaid is dobheidh na huaisle, agus na daoine comhachtach, atá anois i gceannas na talmhan - na gaiscidhig seo ná leómhann madra amhastrú ortha, lucht na poímpe, an uabhair, agus an tsaidhbhris - go tláth-lag, go húiríseal, go hanbhfainneach, clúduighthe le náire agus le scannradh i dtaobh a ndroich-bhearta.
Ach is freagra bháis don tSlánathóir an t-adhmhú so. Stollann an sagart truaillighthe seo a chuid éadaig. Screadann sé amach: “Blasphemavit!” “Dothug sé naomh-aithis do Dhia! Ní gádh éan fhiadhné eile dhúinn ar a chuirpeacht. Dochualabhair lenbhur gcluasa féin an aithis dothug sé do Dhia. Cad is dóigh libhse dhe?” Le aon ghuith do screadadar amach: “Reus est mortis.” “Atá sé ciontach. Cuirtear chun báis é!” Ó a Shlánathóir, insa bhreith fallsa so dotugadh gan chúis gan chuardú ortsa, do adhrais an bhreith dothug do Athair síorraidhe an tráth céadna san ort. Is óna bhéal san dochloiseann tu na focail seo do dhaor thu: “Reus est mortis.” “Atá sé ciontach chun báis.” Ní thugann Cáiphas ach iasacht a ghuith mheabhalthach don chéalmhain diadha san. Dá bhrígh sin, ní mhilleánann tusa é; ach, mar an uan dobheirthar chun a mharbhuighthe, ní oscluigheann tú do bhéal, agus onórann tu, ina bhreith éigceart san, órduighthe do Athar naomhtha féin. Foghlamuighimís-ne as so, a Chríostaidhthe, gan gearán in aghaidh daoine an tan do dhroch-úsáidid sinn; oir is le órdú nó le cead Dé féin dobhíd namhadach nó urchóideach dhúinn. Is óna láimh sin do thagaid na hanacraí lena bhfiosruighid sinn; agus cé go samhlófaí ar dtúis gurab ó mhailís nó ó namhadachas daoine do ghluaisid, ní headh ar éanchor, ach ó cheart Dé do smachtuigheann sinn tríotha-san i dtaobh ár bpeacaí. Ach leanaimís stair dhoilgheasach Pháise an tSlánathóra ó thig Cháiphas an t-árd-shagart, mar ar chaith Íosa Críost oidhche dhona: dá bhualadh agus dá bhascadh ag seirbhísig mhalluighthe an droch-shagairt úd; iad ag fonóid agus ag magadh fé. Ag cuir púicín ar a shúile do ghabhaidís de dhóirnibh air ag rádh leis: “Tuairimig, a Chríost, cé bhuail thu?” Do stolladar a ghruaig agus a fhéasóg, agus do chaitheadar a seilí salacha ar a éadan agus ar a aghaidh. Stracaid leó é go tig na cúirte tré shráidí poiblidhe na cathrach, agus mob ceannairgeach cuirpeach ag púir ina dhiaidh, ag gabháil dá gcosaibh air, dá tharcuisniú agus dá spídeadh. - Cad é an tsóinseáil é seo! Ní raibh ach cúpla lá roimhis ó chuadar na daoine so amach 'na choinne, ag fáilthiú roimhis, á ghlacadh go caithréimeach isteach ina gcathair, ag leathadh a gcuid éadaig féna chosaibh mar onóir dho, ag cruachadh beannachtaí air; agus indiu, scoilthid a scórnaig ag lorg a bháis, éirighid ina choinnibh, agus ní shásóchaidh éan nídh eile iad ach a chuid fola. Leis an sampla so, teaspáineann tusa, a Thighearna, dod sheirbhísig, gan brath ar charadas ná ar mheas daoine, n-a sóinseál a n-aigne mar a shóinseálann an ghaoith, n-ar neambuaine a gcion 'ná an bláth, agus ná fuil ina moladh ach puith anáile. - Á, is mairg don té thréigeann a dhualgas agus a choínsias mar gheall ar cad adéarfaidís ná cad do mheasfaidís. Níl éinne ciallmhar ach an té do fhéachann amháin chun do charadais agus chun do mheasa, oir seasuighid sin go brách: ní shóinseálaid go deó.
I bhfírinne, breithnígh chomh fada is dobheireann an pobal dall so a dhíth céille, agus féachaidh ca mhéid peaca ina bhfuilid ciontach tré aon choir amháin. Ar dtúis, atáid ciontach in éigceart alltha. Taraisgthar dóibh Íosa do shaoradh, nó cuirpóir nótáltha n-ar thuilleadar a chortha poiblidhe bás do imirt air. - Ó cad é an comórtas é seo! Slánathóir an domhain do chomóradh le mallathóir: Rí na n-aingeal le murdraeir dorcha! - Toghaid Barrabas; agus sin le guith na poiblidheacht; le breith na sagart, na seanóirí, na ndochtúirí, agus na bprionnsaí; os coinne bhreithimh phágánaig, agus os comhair na tíre go léir. Á, cad é chomh beómhar is do mhothuighimíd-ne an tan do íslighthar sinn! Cad é chomh árd is do ghearánaimíd i gcoinne na héagcóra a déantar orainn éan uair dotugathar tosach do éinne orainn! Milleánaimíd toghadh ár n-uachtaráin, agus luighdighimíd deagh-cháil an té do toghadh romhainn. Foghlamuighimís ó Íosa Críost gan suím do chur i mbreitheamhnas daoine, ach féachaint i gcomhnaidhe chun breitheamhnas Dé. Loirgimís, le beatha shubháilceach, meas agus moladh do fhagháil uaidh sin, oir níl baoghal go ndearmhódfaidh sé sin an tseirbhís is lugha do dhéanfam do. Atáid, insa tara háit, ciontach i gcuthach chaoch. Ní bhfaghann an breitheamh págánach ina chroidhe Íosa Críost do dhaoradh chun báis. Nigheann sé a lámha os comhair an phobail ag rádh go bhfuil sé féin saor ó chuid fola an duine naomhtha san. Ach an pobal cuthaig seo, caoch le feirg, dall le fuatha, screadaid amach: “Sanguis ejus super nos et super filios nostros!” “Bíodh,” ar siad, “a chuid fola anuas orainne agus ar ár sliocht go brách!” Do lorgadar, do ghuidheadar, an mhallacht shíorraidhe seo, gan scaradh leótha féin ná lena sliocht go deó. Agus dofuaradar lán-toradh ar a nguidhe; oir atáid, ó shin anuas go dtí an lá so, ina gcomhartha seasaimh ar fhearg Dé; atáid gan tír, gan chathair, gan althóir, gan sagart, gan íodhbairt, le hocht gcéad déag bliadhain, scaipthe ins gach náisiún fé an ngréin; ag teaspáint rian na mallachta so ar a n-éadain diablaidh. Is mar seo do thárluighid breitheamhantaisí éigceart 'na gcúis mhallachta do mhórán treabhchais daoine. Agrann Dia ar a sliocht go dtí an ceathramhadh glún an fhuil neamh-chiontach do dhortadar a sinnsir. Ní thrághann agus ní théigheann fearg Dé leótha ar gcúl ach leanann díobh ó ghlún go glún; agus go deire beirid an chlainn comhartha chuirpeacht a n-aithreacha greanta ar a n-éadan. Insa trímhadh háit, atáid ciontach i mí-chumann dubh. Roimhis sin dobhíodar chomh buidheach san don Slánathóir gur mheasadar, cóir máireach, é do fhuadach leó agus rí do dhéanamh de os a gcionn. Ach anois séanaid é, agus in ionad Mhac Dé a bheith 'na rí ortha, toghaid an tíoránach fuilteach Caesar. Ach gé gur inniseadar a thuisgint agus a choínsias do Phontius Pílád go raibh Críost neamh-chiontach, níor leog eagla na n-Iúdach do breith chóir do thabhairt air. - Is mairg don bhreitheamh do ghéilleann do éan nídh eile ach do cheart agus do
fhírinne amháin! Is mairg do breith do thabhairt de dhruim grádha ná fuatha! - Ní deirid na Iúdaig le Pílád: “Má shaorann tu an fear so, beir ciontach in éagcóir; fágfair do cháil go brách fé tharcuisne,” ach abraid: “Má scaoileann tu an duine seo, ní caraid do Chaesar thu!” Ní eagla éagcóra do ghoilleann air ach eagla a shochair fhéin. Níl éan nídh níos contabharthaighe do fhear phoiblidhe 'ná féachaint chun a shochair phríobháidig; oir as san amach dearmhódfaidh sé a dhualgas; ní chun dlighe na córach do fhéachfaidh sé, agus ní chuirfidh sé a hughdarás i bhfórsa. Loirgeann Pílád ar namhaid an tSlánathóra, ar na Iúdaig, cad atá aca le cur i leith Chríost. - A phobal amadánta, ná féadfá freagairt gur shoíllsig sé na daíll, gur leighis sé na heasláin, gur thug sé lúth a ngéag do na mairtínig, gur chraobhscaoil sé ríoghacht na bhflaitheas do na boicht, agus gur aithbheóig sé na mairbh? Ach is amhla do ghearánais go bréagach gurbh fhear ceannairge é, gur bhuarthóir é a bhí ag corruighe suas na ndaoine chun reibiliúnthacht a dfhonn go ndéanfaidís rí de féin. - Chun an duine neamh-chiontach do dhaoradh ní gátar éan nídh eile ach rádh gur namhaid don Staid é; oir déanfaidh, insa chás san, amhras ionad cruthuighthe; daorfaidh ainm thréasain amháin, ciontóchaidh an droch-ainm sin é. - Ach cá raibh an t-arm nó an saidhbhreas chun an cogadh so do chuir chun cinn? Cá bhfuair an duine seo, dobhí chomh dealbh san ná raibh áit aige ar a luighfeadh sé a cheann, meódhain chun cogadh le hímpire an domhain? Dá bhrígh sin, dochonnairc Pílád gurbh éitheach do chuireadar air. Amhthaig, fiafruigheann de: “Rex es tu?” “An rí thusa?” Adeir Críost leis: “Is eadh, ach ní den tsaoghal so mo ríoghacht.” Cé gurbh de shliocht righthibh agus de shíol flaithibh na n-Iúdach é, agus gurbh é féin an t-oidhre dleaghthach ar choróin Dábhí, ba mhaith leis a chur i dtuisgint do righthibh agus do mhór-uaislibh an domhain nách i gcomhachta ná i bpoímp an tsaoghail seo do luigheann a séan fírinneach, ach i gcoróin na glóire síorraidhe; gur díomhaoin dóibh a bheith 'na righthibh ar an dtalamh so mura mbéarfaid leótha, go dtí an bheatha thall, ceart agus fíraentacht agus naomhthacht tréna bhfuighid sealbhachas na ríoghachta síorraidhe; ná raibh ach glór gan éifeacht insna teidil árd-fhuaimeamhail lenar honóradh annso iad; gur dealbh agus nochtaithe agus ag crith le heagla do sheasóchaid os coinne an bhreithim uathbhásaig do chuirfidh chúcha an cheist chéadna do chuir Pílád chun Íosa Críost. “Rex es tu?” “An rí thusa?” - Ní fiafrófar dhíot: “An de fhuil ríoghamhail thu?” nó “An rabhais id thaoiseach ar arm, nó id uachtarán ar chóigíbh, nó ina leithéid seo nó a leithéid siúd de phost onórach?” nó “An rabh do ainm i mbéal gach éinne?” Ach: “An rabhais id rí ar do chlaonta? Ar bhuadhais ort féin? An rinnis cúnncas ar do pháisiúin? An rabhais chomh hárd os cionn chách tré mhéid do chreidimh agus tré shubháilcidheacht is dobhís tré mhódhmharacht do staid agus árd-uaisleacht do fhola? Á, is annsan do chaithfidh uaisle an domhain admhú gur den tsaoghal so a ríoghacht, agus ná
rabhadar mór ach ar feadh tamaill - ach chun a bheith íseal go brách agus dona go deó; gur éaluig a sonas leis an saoghal so, agus ná fuil aca dá bharra ach cathú do-leighiste síorraidhe i dtaobh an droch-úsáid do rinneadar de. Cloiseann Pílád an teagasc so le hiongantas, ach ní bhaineann sé sochar ar bith as. Deimhnigheann an Slánathóir do ná éisteann éinne lena ghuith ach an té do ghrádhann an fhírinne; ná géillid grádhthóirí na baoise agus na bréige dá theagasc; chun naomhthacht agus gloineacht a ráidhte do thuisgint nách fuláir iad do ghrádhchaint; gur leór grádh amháin na fírinne chun í do thuisgint. - “Cad is fírinne ann?” arsa an breitheamh fallsa so; agus annsan, gan fuireach le freagra do fhagháil ó Íosa Críost, cuireann sé in úil dúinn nách fonn feasa na fírinne a bhíonn ar uaislibh an domhain an tan do leigid ortha í lorg; gur comhrádh díomhaoin a bhfocail an tan do labhraid uirthi; gur searbh leó í; agus gurab annamh dochloisid í de bhrígh nách áil leótha í do chlos. Cloiseann Pílád ó Chríost comhrádh nár chualaig sé riamh roimhis sin. Do-chíonn sé go bhfuil an éagcóir chuige. Deimhnigheann sé don phobal gur duine neamh-chiontach é. Ach thar éise sin, ní scaoileann agus ní shaorann sé é, ach iarrann sé, athchuinghigheann sé ortha, ceadú dho é shaoradh. Dobhí sé idir dhá aigne, idir dhá chomhairle. Do 'nis a choínsias do go raibh Críost neamh-chiontach; ach dobhí eagla an phobail air i dtaobh é shaoradh. An tan do fhéachadh sé ar an bhfírinne do mheasadh sé é do scaoileadh; ach do ghruigeadh a shochar fhéin é chun breith bháis do thabhairt air. Tagann teachtaireacht óna mhnaoi chuige “ar a bhás gan éan nídh do dhéanamh i gcoinnibh Chríost, oir go raibh aisling eaglach aici an lá san timcheall air, gur fhulaig sí mórán mar gheall air tré thaidhreamh.” Chun ná beadh éan lámh ag Pílád ina bhás, cuireann sé go Héród é. Glacann sé sin agus a chúirt le áthas é, le súil go n-oibreóchadh sé cuid dá mhíorbhúilí os a gcomhair. Ní fonn feasa ná foghlama do bhí ar Héród, ach cíocras chun oibreacha iongantacha do fhaicsint. Ach uair ná féadfadh sé an oiread is aon fhocal amháin do bhuaint as Chríost, cuireann sé iorradh agus culaith amadáin air; agus mar seo, ar measc fhonóide agus mhagaidh an tsluagh go léir beirthar thar n-ais go Pílád arís é. An uair dochonnairc Pílád ná fuair Héród féin éan chúis bháis in Íosa Críost, ba deimhnithighe 'ná cheana dobhí sé na raibh éan choir ar éanchor ann. Ach in ionad é do shaoradh, do órduig sé go lag, go meathta, agus go táir é do sciúrsáil go cruaidh. Do mheas sé go sásóchadh an pionós san na Iúdaig. Do shíl sé go dtráighfeadh a mailís an tan dochífidís feóil Chríost dá gearradh, agus go múchfadh radharc a chuid fola an fuath a bhí aca ina choinnibh, agus mar seo nár ghádh é chuir chun báis. Tugann sé suas Críost do chuthach na saighdiúraí fuilteach. - Annso, a Chríostaidhthe, do ba mhaith go líonfadh bhur gcreideamh suas pé easnamh atá ar mo chomhrádh. Ba beag an sochar sibh do
bhogadh tré Pháis pheannaideach Chríost do aithris daoibh, ach is árd-thairbhe thar bárr daoibh aithris do dhéanamh in bhur mbeatha ar bhéasa Chríost; bhur n-anacraí do iomchar go foidhneach agus do ofráil suas don Athair síorraidhe le spioraid na haithrighe, in éinfheacht agus i gcomhpháirt le gach nídh dá ndearnaig agus dar fhulaig bhur dTighearna trócaireach ar bhur son: bhur n-aindeisí do chur lena aindeisí sin, agus bhur ndeóra lena dheóra san. - Lingid na beithíg alltha so i bhfuirm dhaonna, na saighdiúraí fuilteach so, ar Íosa Críost. Stollaid a chuid éadaig de; ceanglaid a lámha de phillóir, agus téad righin chaol timcheall a chuime. É siúd n-arab é an solas síorraidhe a bhrat, clúduighthar anois le náire é. Seasuigheann sé annsúd nochtaithe os coinne an mhór-phobail, chun sásamh do dhéanamh in bhur dtruailligheacht-sa, a mhná mí-bhanamhla. Fearthar ceathana de bhuillí troma cruadha ar a ghuaille beannuighthe. Sceinneann a fheóil mhaighdeanamhail ina píosaí dhe le neart sciúrsála. Is aon bheó-lot teinn amháin a dhrom go léir. Coirid na búistéirí barbraithe iad féin le gabháil ar an gcolainn úd do chúm an Spioraid Naomh de fhíor-fhuil na Maighdine; agus is túisce a díscighthar neart na gcuirpthóirí seo 'ná a coirthear foidhne an Uain naomhtha so. Gé gurab ar éigean do iomcharuigheann sé a cholainn stracaithe, scaoilthar ó an bpillóir é, suidhthar é ar bhínnse chloiche, clúduighid le brat corcra é, tugaid slat chaol ghiolcaighe insa láimh sin do rolluigheann an tóirneach, preasálaid coróin ghéar gharbh dheilgneach ar a cheann bheannuighthe, cuirid folach ar a aghaidh chneasta, lúbaid a nglún ag fonóid agus ag fochaid fé. Á, casaimís ár súile ó na buillí troma do bualadh air, ó na seilí salacha do chaithid ar an éadan glan glórmhar san n-arab é áthas na n-aingeal agus sonas síorraidhe na naomh i bhflaitheas a bheith ag féachaint uirthi. - Ó a Dhia an chirt agus na córa, is annso ba ceart duit glóire do thabhairt dod Mhac mar a rinnis ar chnoc Tábor; is annso ba ceart duit é chlúdach le glóire chun é chosaint ó an úsáid tarcuisneach dofuair sé. Ach ní aithnigheann tu ar éanchor é de bhrígh é bheith clúduighthe agus ualuighthe lenár bpeacaí-ne. - An comhartha ríoghdha scannramhail sin air, peannaideann sí go géar a cheann. Atáid seacht caol-shruith de dhearg-fhuil ag buinneadh as poíll na seacht ndeilgin agus ag rith anuas lena ghruadh mhilis shuairc. Ní aitheantar níos sia an leaca bhláith mhín úd ba bhreághtha sa tsaoghal. Atáid na súile réidhe múirneach módhamhail úd, do bhogadh le haon fhéachaint amháin na craitheacha ba cruadha, agus do threascair na méirlig le haon ghaith amháin chun talmhan insa Gháirdín, atáid caoch le fuil. Insa reacht so beireann Pílád ar láimh air, seólann amach as an gcúirt é, teaspáineann do phobal é, ag rádh: “Ecce homo!” “Féach an fear!” - Ó a ríghthibh naomhtha de fhuil Dhábhí, a ghaiscidhig chalma de shíol na bpatriarcs n-uasal; ó a fháidhí beannuighthe,
soíllsighthe le Spioraid Dé! - arbh é seo an duine n-a rabh bhur gcroidhe ag osnaighil 'na dhiaidh? Arbh é seo an fear n-a rabhabhair ag tnúth chun é fhaiscint? “Ecce homo!” Féachaidh air anois! Ó a Ádhaimh ár sinnsear do cumadh le láimh Dé féin! Ó a Nóis do saoradh ó an ndílinn! Ó a Ábrahaim, a athair na gcreidimheach! Ó a mhór-naoimh an tseannreachta! - féachaidh an Fuasclóir do gealladh daoibh ó chruthnú an domhain, an Fáidh fírinneach a bhí chun an tsaoghail do shóillsiú, luathgháir na n-aingeal, grádh an chine daonna, compórd na gcreidimheach, sólás na bhfíoraen, glóire na bhflaitheas, solas agus slánú an domhain - ecce homo! hedé an fear! Féachaidh air. An n-aithnighean sibh é tré na comharthaí náireach atá air? Ach fágaimís an pobal malluighthe. Ar fhaiscint dóibh an chrotha a bhí ar Íosa Críost, do iarradar arís a chuid fola do thuitim ortha féin agus ar a sliocht. Fágaimís iad san ag cuir bárr ar a malluightheacht tré bás Slánathóra an domhain do iarraidh, agus ceaduighidh dam é do theaspáint daoibh féin, a Chríostaidhthe. Ecce homo! Féach an fear! Má is dá dheisciobail thu, an luigheann Dia láimh throm ort? An sciúrsálann sé le haindeisí thu? Féach ar Íosa Críost, sciúrsáltha agus brúighte agus briste ag an bpillóir. Ar baineadh do chuid go héagcórach díot? Féach ar an Té úd do shíoluig ó iliomad 'ríghthibh, 'na sheasamh annsúd go fuar nochtaithe mar an sclábhaidhe is táire; clúduighthe lena chuid fola; gan an oiread is fuirm dhaonna nách mór air; agus cad é an chúis gearáin atá agat? Le neart éithig, ar baineadh do chlú saoghaltha dhíot? Cuímhnig ar an ndearg-éitheach do cuireadh ar Mhac Dé. Má coirthear thu i slighe na subháilce: má shíleann tu ná fuil an naomhthacht chomh cruaidh is adeirthar - féach ar Íosa Críost; foghlamuig óna shampla san gur ceart duit fós, dá mba gádh é, do chuid fola do dhortadh ar sucht na fíoraentacht. Ach má is namhaid do thu, má is peacach thu - ecce homo! féach ar an bhfear! Féach do chuid oibre-se. Féach críochnú do mhailíse. Féach an gníomh damanta do athnuachann tu gach tráth do pheacuigheann tu. Féach an cholainn do thruailligheann tu gach uair do shailigheann tu le peaca do cholainn féin. Féach an ceann do chorónann tu le deilgin chomh minic is do chuímhnigheann tu le áthas ar smaointe drúiseamhla. Bíonn tu páirteach insa bhfonóid dorinneadar na Iúdaig fé Chríost an tan do-níonn tusa magadh fé lucht chráibhe. Féach an cholainn bheannuighthe do stracann tu le sciúirsí géara an tan a bhíonn tu ag ithe na feóla fuaire, ag tromaidheacht, ag stracadh agus ag stolladh deagh-chlú do chomhchréatúra. Féach an fear, corónta le deilginí, stollaithe le sciúirsíbh, sailighthe le seile, clúduighthe le brat amadáin, a chuid fola ag sileadh leis - hin é obair do lámh-sa, a pheacaig mhailísig. An mbogann do chroidhe fós leis an radharc. An bhfuil sí chomh cruaidh sin ná sásóchaidh éan nídh eile thu ach fuil a chroidhe go léir do dhortadh? An screadfair amach arís, le na Iúdaig fhallsa: “Crucifige eum!” “Céas é! Cuir chun báis !” - “Is dóigh
leat,” adeir Naomh Auguistín, “go bhfuil mailís na muíntire do thárnáil indiu leis an gcrois é críochnuighthe. Meallann tú thu féin: is é do mhailís féin atá críochnuighthe má níonn tu díomhaoin tré do pheacaí toradh a Pháise ar do shon, má tharcuisnigheann tu ina ghlóire an Té sin n-ar tharcuisnigheadar na Iúdaig ina ísleacht , má chéasann tu arís an Té úd do éirig ó mharbhaíbh chun ná fuigheadh sé bás go brách an tarna huair. AN TRÍMHADH RANN Do ba mhaith liom go bhféadfainn stair dhoilgheasach a pheannaid do chríochnú annso; agus, tar éis é do theaspáint daoibh tabhartha do chruaidh-cheart a Athar insa Gháirdín agus do mhailís daoine i gcúirt Phíláid, do ba mhaith liom nár ghádh dham é theaspáint daoibh ar éanchor ar chnoc Calbhairí, mar ar tugadh suas chun báis é tré neart ghrádha. Oir ná loirgídh, a Chríostaidhthe, in éan áit eile cúis Pháis Chríost ach ina chroidhe féin. Ná saoilidh gurbh é tréatúireacht Iúdais, formad na sagart, mí-chum na poiblidheacht, meathtacht Phíláid, ná malluightheacht na gcéasadóirí, do chuir chun báis é. Níorbh é ar éanchor, ach méid a ghrádha dhuit-se agus damh-sa agus dúinn go léir. “Do ghráidh sé mé,” adeir an t-aspol, “agus dothug sé suas é féin chun báis ar mo shon.” Agus mura mbeadh gur ghráidh sé me, ní fhuiliceóchadh sé ar mo shon. Ba díomhaoin do náisiúin an domhain, do ríghthibh an tsaoghail, éirghe chun Críost do bhású. Mura mbeadh gur thoilig sé féin, ní fhéadfaidís go brách ná go deó díoghbháil ar bith do dhéanamh do; oir, lena sméideadh amháin do chaithfeadh sé iad-san, agus an chruithnidheacht go léir, thar n-ais i neamh-nídh. Ach, fé mar adeir an soíscéalaidhe, “ó ghráidh Íosa Críost a chuid fhéin, do ghráidh sé go bás iad.” Ní raibh riamh grádh chomh íntleachtamhail, chomh neamh-spleadhach, chomh fial, chomh caithréimeach, chomh aithreach, i gcroidhe éinne agus dobhí i gcroidhe Íosa Críost dúinne. Tugaidh fé ndeara ná raibh Críost sásta le méid a ghrádha do chuir in úil dúinn tré bhás croiche do fhulang ar ár son; ach athnuachann sé go laethamhail tré íodhbairt an Aifrinn cuímhne a bháis; agus insa tSacramaint Bheannuighthe do-bheireann le n'ól dúinn an Fuil chéadna do dhoirt sé ar chnoc Calbhairí chun ár bhfuascaltha. Niorbhfuláir do sinn do fhágaint tréna bhás, agus dá bhfanfadh sé inár bhfochair ní bhfuighimís tabharthaistí an Spioraid Naoimh. Fulaingeann sé bás chun an Spioraid Naomh do chur chughainn; ach tré Shácramaint a Chuirp Naomhtha fanann sé inár bhfochair go críoch an tsaoghail, chun ná beimís inár ndílleachtaí, chun ná beadh cathú ar ár gcroidhe ná doilgheas ar ár n-anam. Grádh neamh-spleadhach: oir ní cheadóchadh sé go bhfuiliceóchadh éinne eile ina fhochair. Órduigheann sé do na mallathóirí dorinn brágha dhe a dheisciobail do scaoileadh uatha. Níor mhaith leis fós na deóra do sileadh mar gheall air: goilleann an íde a bhí le himtheacht
ar chathair Ierúsalem níos mó air 'ná do ghoíll an pheannaid do imir an chathair mhí-chumannach san air féin. Oir an tan dochonnarcadar mná Ierúsalem é ag iomchar na croise troma ar a dhrom theinn bhrúighte, níor fhéadadar a ndeóra do chosc. Adubhairt sé leótha: “mhná Ierúsalem, ná golaidh ormsa, ach golaidh oraibh féin; oir tiocfaidh an lá n-a nglaodhfaidh sibh beannuighthe ortha so nár thug clann riamh uatha.” Tré neart ghrádha ní fheacaig sé a aindeise féin ar éanchor ach na haindeisí a bhí le teacht ortha san. - Caitheann sé an chaint chéadna indiu libhse, a Chríostaidhthe: Ná golaidh ormsa atá ualuighthe leis an gcrois seo ag dul chun mo bhásuighthe, ach golaidh ar staid dhoilgheasach bhur n-anamnacha ndona féin atá ag triall ar chéasadh síorraidhe fé ualach bhur bpeacaí móra. Ná caoidh im thaobh-sa, oir buadhfaidh mise ar an mbás; ach canathaobh ná buadhann tusa ar an bpeaca san atá ag tabhairt báis le cianta dod anam? Is fonn leat a bheith scartha leis, ach ní dhíchealluigheann tú é do chrothadh dhíot. Éireóchaidh mise go glórmhar ó an tuama, agus ní bheidh comhachta feasta as san amach ag an mbás orm; ach fanann tusa ag dreóghadh le bliadhanta in uaimh salach do pheacaí. Ná brónaidh mar gheall ormsa, oir ar leagadh na súl do fhéadfainn-se an cuibhreach atá orm do bhriseadh, agus an domhan go léir do cheangal de chois mo Chroise; ach an mbrisfir-se choidhche an trom-shlabhra atá cuibhrighthe timcheall do chroidhe, atá ad tharrac go laethamhail go hifreann, atá ag tromadh le haos, ag neartú le haimsir; fáscaid mo shácramaintí-se a ghreim ort, oir glacann tu iad le croidhe neamh-aithrigheach. - Sil do dheóra ort féin, a pheacaig; ní theastuighid uaimse. Dobhí a ghrádh chomh fial san go nguidheann sé fós ortha so do thárnáil leis an gcrois é. Cruinnigheann sé an méid beag nirte do fhágadar ann chun a leathscéalú i láthair Dé. Árduigheann sé a ghuith bhásmhar, screadann sé: “'Athair síorraidhe,” ar sé, “maith dhóibh, oir níl fhios aca cad do-nídh.” Ofrálann sé a chuid Fola go léir chun a bpeaca do scrios amach: is í a chrois féin an althóir ar a ndéanann sé a síothcháin lena Athair. - Ó mo Shlánathóir, faghann tusa bás ar son do namhaid marbhthach; ach feithimíd-ne go bás féin gan maitheamh do ár ndearbhráithreacha. Dobhí a ghrádh chomh caithréimeach san go ndéanann se, ar phoínnte an éaga féin, deisciobal. Caitheann sé súil na truaighmhéile i leathtaoibh ar bhitheamhnach dobhí dá chéasadh lena ais. Bogann an t-aon ghaith mhín dotháinig as an súil sin, dorcha le aith-néall an bháis is múchta le fuil, bogann sí an chroidhe malluighthe úd ba cruadha go dtí san 'na an chloch ghlas. Do-chíonn an bitheamhnach súil an tSlánathóra air. Scartann sé ar Chríost: “Ó a Thighearna, cuímhnig ormsa an tan dothiocfair id ríoghacht!” Cloiseann sé ó bhéal an tSlánathóra na focail chompórdacha so: “Go deimhin beir-se im fhochair-se anocht i bParrathas Dé.” - Ó is beannuighthe thu, a bhitheamhnaig, nár scarais id bhás féin led chéird: do ghuidis leat céad-tortha Fola an tSlánathóra féin. Do sceinnis ó an gcrois
náireach go glóire na bhflaitheas, oir do admhuighis gurbh eisean Críost Mac Dé an tráth do shéan an saoghal go léir é, cé ná raibh de dheimhniú agat ar a dhiadhacht ach méid a fhoidhne. - Is sonasmhar fós sibhse, a pheacaig mhóra atá ag éisteacht liom, oir is daoibh-se do tháinig an osna dhéanach as a chroidhe; agus do chuir sé an chéad chuid, an chuid dob fheárr, dá chuid fola i leathtaoibh daoibh-se. Dobhí a ghrádh chomh aithreach chomh módhamhail sin nár dhearmhad sé cúram a Mháthar cathuighthighe do chur ar a aspol ghrádhach Naomh Eóin agus cúram an aspoil sin do chur uirthi-sin. “A bhean,” adeir sé léithi, “féach do mhac.” Agus annsan adubhairt sé leis an ndeisciobal; “Féach do Mháthair.” Ionntuigheann sé an uair dhéanach ar an inghin seo an dobróin. Do-chíonn sé 'na suidhe í ag bun na croise, a croidhe scoilte le cathú; na géaga gléigeala san, do iomchuir é féin ina leanbh, dearg anois lena chuid fola; an bhacalain sin, do fháisc go minic lena croidhe é, fíllthe anois timcheall adhmad na croise. Is maith leis lán a shúile do bhaint aisti sul a ndúnfaí an tsúil sin le scamall an bháis; agus ó ab uirthi sin ar dtúis do oscail a shúil le línn a theacht ar an saoghal so, ba mhaith leis gurab uirthi is déanaighe do dhúnfadh sí le línn a fhágaint do. Ó cad é an fhéachaint chaoin mhín ghrádhmhar dothug Muire agus a Mac ar a chéile! Cad é an claidheamh géar nímhneach do sádhadh trín-a croidhe an tan do luig súil Chríost uirthi! Ní féidir le teanga dhaonna innsint an méid do fhulaig sí insa nóimeant so i dtaobh í a bheith ina Máthair ag Dia. - A Mháthair bhrónach, cad é an t-ualach cathuighthe dotháinig ar do anam an tráth san! Ach do adhrais an láimh do bhrúig thu; do ofrálais suas dá Athair síorraidhe, a dfhonn peacaí an chine daonna do scrios amach, an t-Uan geal gan spota do iomcharuighis ar feadh naoi mí id bhroinn; agus do fhoghlamaís dúinne gur sochar mór aindeisí troma, agus gur tobar sóláis ná dísceófar go brách féachaint chun fírinní ár gcreidimh insna anacraí dothagann orainn. Fé dheire, ó ná raibh a thuille ag Íosa Críost le déanamh ar an dtalamh dúinne; ó a bhí a gnó a thug annso é críochnuighthe aige; ó sáisigheadh cruaidh-cheart 'Athar; ó cuireadh bárr ar mhailís daonna; ó do chólíon sé a ghrádh; ó híodhbradh suas do Dhia an mhór-íodhbairt a bhí uaidh; ó líonadar na Iúdaig, le bás Mhic Dé, tomhas pheacaí a n-aithreacha go bruach; ó fírinnigheadh gach tairngireacht; agus ó cuireadh an creideamh cóir ar bun - ní raibh a thuille ag Críost le déanamh chun méid a ghrádha ortha do chuir in úil dóibh. Dá bhrígh sin, cromann sé a cheann, agus le guith thréan n-ar cloiseadh a fuaim ar neamh thuas agus in ifreann thíos, tugann sé suas a anam agus a spioraid dá Athair síorraidhe dothug do iad. Le fórsa na guithe sin, fágaimís an ghrian fé éclips, an talamh ar baille-chrith, an mhuir ag búirthig, na carraigreacha ag scolthadh, na huaghna ag béicig, na mairbh ag éirghe, an chruithnidheacht ag
luascadh, namhaid féin an tSlánathóra admhú gurab é sin go fírinneach Mac Dé - fágaimís na míorbhúilí móra so, agus tugaimís aire amháin do Íosa Críost, marbh ar an gcrois tré neart ghrádha dhúinne. Féach, a pheacaig, a cheann cromtha anuas chun póg na síothchána do thabhairt duit, a lámha leathta ag fáilthiú romhat, a chosa ceangailthe chun ná teithfeadh sé uait, áras a chroidhe agus a chléibhe oscailthe id chomhair. A Thighearna Dia! cad eile atá uait air? Labhair, a pheacaig, labhair! An bhfuil a thuille uait air? Féach má tá, do-gheóbhair i Sácramaint an Chuirp Naomhtha an ceann so do corónadh le deilginí, an cholainn seo do sciúrsáladh, na lámha agus na cosa so do polladh, an croidhe seo do oscluigheadh le píce, an fhuil seo do dortadh - in aon fhocal, do-gheóbhair ann diadhacht agus daonnacht Mhic Dé, mar bhiadh do anam ocrach. Ach 'na n-ionad so go léir caithfir, ó an nóimeant so, tu féin do thabhairt suas do sheirbhís Chríost as so amach. Faghann sé bás chun tusa do fhuascailt. Faghann sé bás id ionad-sa. Faghann sé bás aimsireach chun ná himreófaí bás síorraidhe ar do anam-sa. Faghann sé bás de bhrígh go ngrádhann sé thusa. Agus faghann sé bás de bhrígh ná grádhann tusa é. Agus faghann sé bás de bhrígh ná gradhann tusa é. An mbeidh teóra feasta led dhoilgheas, led chion agus led ghrádh dho? Agus mura ngrádhfair as so amach Íosa Críost céasta ar do shon-sa, a pheacaig, is spota dubh damanta thu i cruithnidheacht Dé. ........ An mhuíntir a bhí ag féachaint indiu ort-sa, a Mhic Dé, agus tu ar crochadh leis an gcrois ar chnoc Calbhairí, adeiridís leat, ag fonóid fút: “Túirlic anuas den chrois, agus creidfeam gur tu Mac Dé.” Ach ní hí an chaint seo do chaithfeam-na leat, a Shlánathóir an domhain. Do chuais anáirde uirthi mar gheall orainn-ne agus dorugais fós í ar dheas-láimh do Athar i bhflaitheas chun í do theaspáint do ar ár son-na, agus chun trócaire do fhagháil tríthi dhúinn-ne. Is tu ár nDia agus ár bhFuasclóir-ne: ná scar ar éanchor leis an adhmad bheannuighthe sin oir is í ár ndóchas agus ár gcompórd í, agus, fé mar do gheallais, tarraig sinne agus an domhan go léir chughat féin tríthi. Do cheannuighis ár n-anamnacha go daor, go hana-dhaor: ná leig dúinn iad do chailleamhaint; ach déin páirteach sinn annso id chrois chun go mbeimís páirteach leat ina dhiaidh seo id ghlóire shíorraidhe le saoghal na saoghal. Amen. Risteárd Ó Foghludha do chuir i n-eagar.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services