Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A West Limerick Anthology No.3 (Donncha Woulfe)
Title
A West Limerick Anthology No.3 (Donncha Woulfe)
Author(s)
Woulfe, Donncha,
Compiler/Editor
de Bháll, Tomás
Composition Date
1824
Publisher
(B.Á.C.: Sign of the Three Candles, 1937)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Donochadh Woulfe cct. aig Freagra an Aithir Uilliam Mac Gearailt, mar aon ris na h-éigsibh ionmhuin' eile a ccondae chaomh áluinn Luimne, do scríobhas air an nídh céudna etc. I. Mo chreach mo dhíth mo ghearghoin nách pearsa ghrinn don tréad mé Fuair lachta chíodh na mbéithe is glé ghreanta cáil: Is gasta gaoiseach gaosmhar is go blasda bríoghmhar braonmhar Le barra pinn do léigfainnse dréacht uaim an dáil An tsagairt teasdach treudach fuair clú agus searc na ccéadta An Gearaltach ná géilfach do chraos choin an smáil 'S gan dearmad na héigsibh do bheachtaig ris an éifeacht Ranna ruithneach réaltach air chréim Innis Fáil. II. An Innis Fáil ba thréitheach gach bile bláith caithréimeach Do'n chine chraibhteach chraobhach do théarnaig ó'n Spáing Satha tháir na méirleach do chleachtas áir is éirleach Gur scaradar go saobhach, re saoir cóip na ngrás Ó shoin anuas mo léanchreach! tá an aicme thruaill chíréipach Ag imirt cluain, is daorchreach ar Ghaodalaibh mo chrádh! Gan fearantas ná féile, gan caradas ná géile Taise, truadh, ná tréine, aig aon acu re fághail. III. Ba fáilteach, fairsing, féastach, ann Áilghe ghlas na néigcheas An tráith 'mbíodh fearruin, féile, is séadaibh aig Dáimh An táin is fada traochta, gídh láidir lanach laochda Sul ránga chúghain go h-Éirinn na méith phuic tar sáil Níl foinn dá seola aig éigsibh, na ceolta caoin ar théadaibh Níor dhíon dhóibh coillte craobhach ná sléibhtibh ó námhaid Acht tagart as a néigion go caithightheach ré chéile No chana síos go gléasta a ndréacht mar ba ghnáith. IV. Gnáith-chuman díbh ní thréigfiod, a Dháimh an ghrinn go néagfad Gan sgáth, gan sgím, do léirigh na méirligh gan cháim An trálach tím do chéas sinn, atá ar baois gan éirim Mar asal fiaghain a béicaig, sa blaoidhrigh gach lá. Trosga tráith ná tréaghnas, an chonairt thair ní chaomhnas Beathaightheacht na naomhthacht, ná géile don Bháb An Bhuime mhilis mhaordha, a friotal bhláith do léigios A gcuideachtain na naomhaibh go saothrach n'ár bpáirt. V.
Páirt na h-Ógh air néaga, dob fhearr ad dhóith gan bhréaga N'an solus seóil seo séide, dá ngéilid do ghnáith An bhrealla-chóip 'tá 'straereacht a mbealach nuadh gan aoidhreacht Gan Laidion aca, Gréigis ná Béarla air áird Na seanmóntuighibh bréige gan aibíd fós ná éide 'Raide glóir díthcéile, ádhbhéileach re cách Cosa gabhair is caorach, dá rúsga leo go tréitheach Gan Fúiniméad, ná éirim, ná éifeacht na dtrácht. VI. Trácht a mádh, 'na mbéasa, cá bhfághach na stróinsíghe saobha Atá faoi cheo na péiste, gíodh daor docht an dáil Do dhíol a bhfoidhreacht naomhtha, air phuimp, 'sair mheidhir an tsaoghail seo Is do chleachtann Aoine an Chéusda stéig mhairt mar sháith. Na bráthreacha ró-naomhtha, tug peanaid mhór dá gcréachtaibh Is dob eaghlach na dhéig sin a saothar bheith tláith Do meallag iad le chéile, go seachmallach san gcéil sin Locht na feille bheasaibh má théid sin go hárd. VII. Árduig suas na Gaodhalaibh, a Righ na mbuadh 'tá 'neulaibh An t-sinsir uasail, aosta, 'tá ceusta lag tláith Sgaip an bhuairt 'sa spéirling, is fada 'gluaiseacht taobh linn is galla chuain an éigin, ro claonsaig dúinn a dtráith Na soillse nuadh so déalra, as maidhimiodóirighe an Bhéarla Sháighiodan slóighte cléithbheartach, claonmhealla traíth Múch gan spás a Dhé dhil, is dlúithig páirt na nGaodhalaibh 'Sa gcreideamh áluinn aosta, na tréig é go brách. AN CÓIMHCHEANGAL. Uí Dhómhnaill a leoghain gan ghanguid gan ghruaim Do phórshliocht a bhFódhla ba ghradamach uair Mo dhreóil ranna brónach is tarcuisneach truadh Córaig is treóraig chum sagart na mbuadh. Na lódhchruin do sheóil leis, is leatsa gan ghuais Beo laoidhthe lónrachadh lasta glan uais Mo chlódhsa nách fónta má rachan na gcluain Na sgólaidís sgaluíghe bocht sgáthmhar ó Thuadhuin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services