Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A West Limerick Anthology No.2 (Seán Ó Domhnaill)
Title
A West Limerick Anthology No.2 (Seán Ó Domhnaill)
Author(s)
Ó Domhnaill, Seán,
Compiler/Editor
de Bháll, Tomás
Composition Date
1854
Publisher
(B.Á.C.: Sign of the Three Candles, 1936)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN FREAGRA LE SEAGHAN Ó DÓMHNAILL I. A chlanna glana Gaoidhil ghlais dob fada bhí a réimheas, A cceanas (Inis) Éilge bhí sgéimheach a mbláith, Go rathmhar reachtmhar réimheach tuilte seal do naomhaibh Chuir clú agus teasdas Éireann tréimhse ós árd Aniugh cídh dúbhach dá héis sibh fé smacht ag búir an Bhéarla Go cathach cúmhach céasda gan faosamh, mo chrádh! Is measa liom ná'n méid sin sibhse ar mire céille Gan chumann ceart da chéile gan caomhna gan bádh. II. A cháirde chumainn féuchaidh an creidiomh ceart fíoraonda Do shíolradh Páttricc naomhtha an Éirinn gan táir 'S do chosnamhas an Naomh Spiorad ar chealgaibh na péisde Is cómhachta is cumais saoghalta nách baoghal dí go brách Bhúr naithreacha níor thréig é ar reachtaibh nuadh gan bhéasa Gé'r mór a smacht ag méirlig a ngéibhionn go tláith 'S na dhíol atáid go féusdach anois a bhFlathas Dé dhil A seilbh glóire gléasda gan traocha gan trágha. III. Aire dhíbh le chéile a chómharsain is a ghaodhlta Óir dubhairt Mac Dé linn is géilliom dá rádh Go dtiocfadh ans na laethaibh seo fáidh fallsa is faolchoin A gcruth sa gcló na gcaorach d'bhúr gclaoinmhealla tráth A táid anois gan bhréaga 'n bhúr measg a gcríochaibh Éireann 'S a mbíobluighe go gléasta a n-Gaoidheilge le tál A leith go bádhmhar baothmhar a bheith a teagasg léighin díbh Acht seachnaidh a mbréag-chuman baoghalach go brách.
IV. Deir an aicme seo gur léir dóibh raeltion eolais aordha Bheir solas nuadh do chéadta a gcaomh-Inis Fáil 'S gur foillsigheadh dóibh le naomhthacht bealach nógh go déanach Do sheólas iad le saobhas a saor-Neamh na ngrás Asé gan gó ba mhéinn leo an creidiomh cóir do chlaochla Is do chur go deo fá neúlaibh gídh aosda a cháil Agus sinne leo do bhréaga le cuire feola is féusda Go hIthfrionn na ndaorthach san raon fhairsing fháin. V. Dá reachtaibh súd ní ghéillfionn do cheapadar go déanach 'S'ur gearr go mbiadh i n-éagchruith faoi Éclips go bráth Ná cuirion srían le claonta ná dúil na cine daona Fós ná molann tréunas ná saorbheatha tráith Act leanfaimíd go haosga an creidiomh sheóil Mac Dé dhúinn d'fhulang mór chuid péine d'ár saora is páis Is dá chosnamh 's dá chaomhna go ndóirtfhimíd le chéile Fuil ár gcroidhe na taosga gach braon di más gádha. VI. Feuch anuas a Dhé dhil let shúilibh truadh ar Ghaodhlaibh Is dúbhach fé bhuairt a ndaorbhruid 'sa ngéibhionn go táir Is dídhean an chuallacht fhaon so a Rígh do thuar a saoradh Ó Orangemen 'sa ngaolta is baoghalach do chách. Díbir uainn na faolchoin thar taoid a gcuantaibh éigin Tá ar tí na n-uan do léirsgrios is do thraochadh do ghnáth Agus seinnfimídne dréachta is laoidhthe molta a nGaoidheilge A Inis Bhúgha na hÉironn is buidheachas go bráth. An Ceangal. Glac athair dhil le tairise mo dhíthchioll faoin 'S gur daithnid liom ad charta thu ag daoisgair daor Ná heaglathar san deabhadh thu le cnaoiste claon O's caraid dhuit an Bhanaltra is Rígh na naomh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services