Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A West Limerick Anthology No.2 (Seán Ó Domhnaill)

Title
A West Limerick Anthology No.2 (Seán Ó Domhnaill)
Author(s)
Ó Domhnaill, Seán,
Compiler/Editor
de Bháll, Tomás
Composition Date
1854
Publisher
(B.Á.C.: Sign of the Three Candles, 1936)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN FREAGRA LE SEAGHAN Ó DÓMHNAILL



I.
A chlanna glana Gaoidhil ghlais dob fada bhí a réimheas,
A cceanas (Inis) Éilge bhí sgéimheach a mbláith,
Go rathmhar reachtmhar réimheach tuilte seal do naomhaibh
Chuir clú agus teasdas Éireann tréimhse ós árd
Aniugh cídh dúbhach dá héis sibh fé smacht ag búir an Bhéarla
Go cathach cúmhach céasda gan faosamh, mo chrádh!
Is measa liom ná'n méid sin sibhse ar mire céille
Gan chumann ceart da chéile gan caomhna gan bádh.



II.
A cháirde chumainn féuchaidh an creidiomh ceart fíoraonda
Do shíolradh Páttricc naomhtha an Éirinn gan táir
'S do chosnamhas an Naomh Spiorad ar chealgaibh na péisde
Is cómhachta is cumais saoghalta nách baoghal dí go brách
Bhúr naithreacha níor thréig é ar reachtaibh nuadh gan bhéasa
Gé'r mór a smacht ag méirlig a ngéibhionn go tláith
'S na dhíol atáid go féusdach anois a bhFlathas Dé dhil
A seilbh glóire gléasda gan traocha gan trágha.



III.
Aire dhíbh le chéile a chómharsain is a ghaodhlta
Óir dubhairt Mac Dé linn is géilliom dá rádh
Go dtiocfadh ans na laethaibh seo fáidh fallsa is faolchoin
A gcruth sa gcló na gcaorach d'bhúr gclaoinmhealla tráth
A táid anois gan bhréaga 'n bhúr measg a gcríochaibh Éireann
'S a mbíobluighe go gléasta a n-Gaoidheilge le tál
A leith go bádhmhar baothmhar a bheith a teagasg léighin díbh
Acht seachnaidh a mbréag-chuman baoghalach go brách.


L. 132


IV.
Deir an aicme seo gur léir dóibh raeltion eolais aordha
Bheir solas nuadh do chéadta a gcaomh-Inis Fáil
'S gur foillsigheadh dóibh le naomhthacht bealach nógh go déanach
Do sheólas iad le saobhas a saor-Neamh na ngrás
Asé gan gó ba mhéinn leo an creidiomh cóir do chlaochla
Is do chur go deo fá neúlaibh gídh aosda a cháil
Agus sinne leo do bhréaga le cuire feola is féusda
Go hIthfrionn na ndaorthach san raon fhairsing fháin.



V.
Dá reachtaibh súd ní ghéillfionn do cheapadar go déanach
'S'Ur gearr go mbiadh i n-éagchruith faoi Éclips go bráth
Ná cuirion srían le claonta ná dúil na cine daona
Fós ná molann tréunas ná saorbheatha tráith
Act leanfaimíd go haosga an creidiomh sheóil Mac Dé dhúinn
d'fhulang mór chuid péine d'ár saora is páis
Is dá chosnamh 's dá chaomhna go ndóirtfhimíd le chéile
Fuil ár gcroidhe na taosga gach braon di más gádha.



VI.
Feuch anuas a Dhé dhil let shúilibh truadh ar Ghaodhlaibh
Is dúbhach fé bhuairt a ndaorbhruid 'sa ngéibhionn go táir
Is dídhean an chuallacht fhaon so a Rígh do thuar a saoradh
Ó Orangemen 'sa ngaolta is baoghalach do chách.
Díbir uainn na faolchoin thar taoid a gcuantaibh éigin
Tá ar tí na n-uan do léirsgrios is do thraochadh do ghnáth
Agus seinnfimídne dréachta is laoidhthe molta a nGaoidheilge
A Inis Bhúgha na hÉironn is buidheachas go bráth.



An Ceangal.
Glac athair dhil le tairise mo dhíthchioll faoin
'S gur daithnid liom ad charta thu ag daoisgair daor
Ná heaglathar san deabhadh thu le cnaoiste claon
O's caraid dhuit an Bhanaltra is Rígh na naomh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services