Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ceachtanna Gaeilge, Cinn Lae, Eile
Title
Ceachtanna Gaeilge, Cinn Lae, Eile
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1922
Publisher
The Gael
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CEACHTANNA GAEDHILGE CEACHT 26. NA CEITHRE h-ÁRDA. Tóir, East. Theas, South. Tiar, West. Thuaidh, North. Ag dul soir, going eastward. Ag dul siar, going westward. Ag teacht anoir, coming from the east. Ag teacht aniar, coming from the south. Ag du l ó theas, going southward. Ag dul ó thuaidh, going northward. Ag teacht andeas, coming from the south. Ag teacht adtuaidh, coming from the north. Eirigheann an ghrian thoir ar maidin, agus teidheann sí fé thiar um tráthnóna. Bíonn sí ag gabhail siar ar feadh an lae. Bíonn sí theas i meadhan lae. Ní ghabhann an ghrian soir ar aon chor agus ní bhíonn sí choidhche thuaidh. Ar maidin bíonn sí ag féachaint anoir orainn agus um thráthnóna bíonn sí ag féachaint aniar orainn. I meodhan lae bíonn taithneamh na gréine andeas agus scáil na gréine ó thuaidh. Ní bhíonn taithneamh na gréine adtuaidh ar aon chor, acht mar sin féin is deas an rud lá breágh sa Samhradh nuair a bhíonn leoithne beag gaoithe adtuaidh ann. CEISTEANNA. Cá n-eirigheann an ghrian? Cathoin a eirigheann an ghrian? Cá dteidheann sí fé? Cionnus a bhíonn a gabhal ar feadh an lae? Cá mbíonn sí i meodhan lae? Cad é meodhan lae? A mbíonn an gréine thuaidh? Cionnus a bhíonn scáil na gréine ar maidin, um thráthnóna, &rl? Dé'n gaoth atá ann indiú? GLUAIS. Teidheann fé, sets. Ag gabhail, going, passing. Ar feadh, during. Meodhon lae, midday. Choidhche, ever. Taithneamh na gréine, sun-shine. Scáil na Gréine, shadow of the sun. Leoithne, breeze. SÉAN STÓCACH. Fé dheire thiar thall tháinig aingeal an bháis go dtí Seán agus d'iarr sé air an bás a scaoilaadh. Níor dhein Seán acht breith air agus é chaitheamh anuas ar an mbás sa cathaoir. Fuair sé eochair na ceárdchan agus bhuail sé a phaca cártaí 'na phóca. Chuir sé an dorus fé glas, agus d'fág sé an bheirt istigh caithte sa chathaoir. D'imthigh sé leis. Ní ró fhada bhí sé ag imtheacht nuair a chonnaic sé an duine áit ag déanamh air. Bhean- nuigheadar dá chéile agus chuireadar caint ar a chéile. Sa chaint dóibh d'fhiafruigh an strainséir de Sheán, an imireochadh sé cluithche cártaí. “Masa,” arsa Seán, “níor chuireas suas de cluithche cártai a imirt le h-aon fear riamh. Acht ní'l an áit seo ró-oireamhnach. B'fheárr dhúinn dul tamall eile an bóthar.” D'imthigheadar. Thángadar fhaid le leac mhór a bhí ar thaobh an bhóthair. Shuidheadar síos le n-a h-ais. Tharraing an strainséir amach paca cártaí bhí aige. Rug Seán air agus comhairimh. “Tá dhá cheann i n-easnamh ar an bpaca so.” arsa Seán, “Tá paca ceart agam-sa.” “Táim sásta,” ars' an strainséir. NÓTAÍ. Fé dheire. Sa dheire. Bhuail sé. Chuir sé nó sháidh sé. Fé ghlas. Chuir sé an glas ar an dorus. An duine. “An” arís ag teasbáint duine neamh-choitchianta anriochtmhail. Chuireas suas de. Níor dhiúltuigheas. Níor thugas an t-eiteachas. In-easnamh. Ag teastáil ó. Tá sé dhá ceann gairid.
V. MAIDEANN LUAIN CINCÍSE. Tháinig aníos ó Chonnacht chughainn éad is míle laoch, An oiread céadna ó Uladh chugainn i bhfuirm cheart 's i bhfaobhar; Suaimhneas lae níor tugadh dóibh chun gur bhuail- eamair bualadh is fiche orra, 'Sé mo léan mar shileadh fuil is cuirp ár bhfear i ndeire lae. NÓTAÍ Laoch. Gaisgidheach; curadh; mileadh. I bhfuirm cheart is i bhfaobhar. Bhí an t-arm aca agus iad oilte ar uasáid a dhéanamh dhe. Suaimhneas … orra. Ní raibh uain suidhe na seasamh aca acht dul isteach díreach sa mbualadh. Fuil is cuirp. Dortadh an fuil agus d fág sin na cuirp sílte sínte. Aistí: Scéilín. Comhrádh. “Ní'l leigheas ar an gcathú acht é smachtú le foidhne.” CUNNTAS CINN LAE AN DARA LÁ AR FHICHID. Bloody Friday, 1798. Deineadh Cardinal de'n Ard-Easbog Cullen, 1886. Is dócha go bhfuil rúin diamhra i gcroidhe gach Coille … is i gcogar fíor-íseal labhartar iad, agus ma's ag eisteacht le n'-a chroidhe féin, nó ag smuaineamh ar a ghnóthaibh féin, nó ar ghnóthaibh an t-shaoghail bhíos an duine ní thig leis an cogar úd do chlos. [Pádraig Mach Phiárais. AN TRÍOMHADH LÁ AR FHICHID. Lá Fhéil Seáin. Cuir snaidhm ar rud as atá sé i gcoiméad agat. [An Gobán Saor. AN CEATHRAMHADH LÁ AR FHICHID. Rugadh Seán Ó Cuibh, 1747. Níl aoinne ó bhaoghal na chaint ach an té gur mian leis eisteacht. [Aithris ar Chríost. AN CÚIGMHADH LÁ AR FHICHID. Deineadh Easbog Doire de Eoghan Ó Dochartaigh, an t-Abe deireanach de Iona, 1554. D'éag Muiris Mach Gearailt, 1335. Do marbhadh Mac Eochaidh (Keogh), United Irish Leader, ar Droicead Loch Garmáin, 1798. Rugadh Sean Baoighil Ó Raghallaigh, 1844. Do phósadh C. S. Parnell, 1891. An tradhna labhairt san gaorthadh, is gan traochad ar a ghlór. [Sean Amhrán. AN SEMHADH LÁ AR FHICHID. Ar na United Irishmen i Carn Nua, 1798. Do chuireadh an t-Athair Seán Ó Murchadha cun bháis, 1798. Is bean ro-mhór i bpéin mé 's mo chéile do chuaidh thar túinn, Mo chlann go bhfuil i ndaorbhruid go treith-lag 's gan phreab 'na gcroidhe. Ach eiréochaidh clanna Gaedhilge agus léimfidh go mear gach chlaidheamh 'S gur b'é túis agus deire mo sgéil, go mbeidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir. AN SEACHTMHADH LÁ AR FHICHID. Rugadh C. S. Parnell, 1846. Tugadh féile mór do Sir Cathal Gabhánach Ó Dubhthaigh, 1865. Táim-se in aghaidh drochbhrandaí, agus í bhfabhar an céad chogaidh eile. [Irisleabhar na bPríosún. AN t-OCHTMHADH LÁ AR FHICHID. Do mharbhadh Seán Henry Colclough agus Bagenal Harvey, 1798. Fuair Eamon de Valéra fáilte mór i Sasana Nua, 1919. Síoda ór agus airgead Ceól is laidean na tíre Do thabhairt do choileán don chuaint Ní dhéana sé uasal coidhche é. [Dán Fhocail. AN NAOMHADH LÁ AR FHICHID. Deineadh léir-scrios ar “Ancient Britons” ag Baile Ellis, 1798. Do dhaoradh Ruaidhri Mac Casman in Londun, 1916. Ba fearamhla do dhuine é do mharbhadh le arm a namhad ná le na ndlighe. AN DEACMHADH LÁ AR FHICHID. Do chuireadh an t-Athair Morgan cun bháis, 1640. D'éag Seán Ó Dálaigh, 1916. Ní le cleasaidheacht a deintear gníomhartha gaile agus gaisge. Is le neart láimh agus le misneach chroidhe agus le h-oilteacht ar arm a deintear iad. [An Táin Bo Cuailgne.
INDIU AGUS INDE BAGAIRT AN tSASANAIGH. Bun agus Bárr. Tuigeadh an tEireannach, agus tuigeadh an saoghal, gurab é an Sasanach bun agus bárr gach achrainn agus mí-ádha poilitidheachta dár bhuail tír na hEireann le suas agus anuas le seacht gcéad bliadhan. Sé an Sasanach is siocair, anois féin, leis an trioblóid atá ag crádh agus ag céasadh ár dtíre. Acht séard a cheapfá ar an gcainnt adubhairt Churchill i dTeach Íochtarach Pairliméide na Breataine, agus Bircenhead sa dTeach Uach- tarach, acht go mb' é an Sasanach aingeal coimhidhe an Eireannaigh; agus, ó chuir sé lámh leis an gConnradh Síothchána, raibh sé ar a dhithcheall bás agus beatha, an tEireannach bocht neamhriaghalta chur ar bhealach a leasa. Ó'n méid eólais atá agam féin ar thréithre an tSasanaigh, agus ní beag é, 'sé mo bharamhail go gcreideann Seán é sin, agus nach ghá rádh má ghá leigint air féin atá sé. Is cinnte go n-admhochaidh sé nach raibh an sgéal amhlaidh i gcomhnaidhe, gur imir a shinnsear fóirneart agus cos-ar-bholg ar ár dtír — go deimhin, ceann de na difrigheachtaibh is mó atá idir an Eireannach agus an Sasanach nach ndéanfadh Seán acht gáiridh dá gcáintí agus dá dtugtaoi droch-ainmeacha ar a sheanathair nuair a bhuailfeadh an tEireannach fear déanta an cháinte idir an dá shúil. Seadh, is corr Shasanach ann indiu nach n-admhochadh go ndéarnadh éagcóir ar an tír seo san aimsir atá caithte; acht is ar éigin go bhfuightheá fiú aon tSasanach amhain ar fud na tíre nach gcreideann, n-a chroidhe istigh, má dhéanann sé machtnamh ar an sgéal ar chor ar bith, go bhfuil ceart agus cóir agus comhthrom fágta ag Eirinn indiu, agus gurab é an tEireannach féin, agus na marachtaí atá ann ó dhúthchas is sio- cair le gach tubuiste atá ghár gcrádh i láthair na huaire. Dubhairt Churchill ós árd é; dubhairt Bircenhead é; níl Sasanach ann nach n-abróchadh é, dá gcuirtí an cheist air; agus dá gcuirtí an cheist orra, is iomdha Gaedheal agus Gall-Ghaedheal d'innseóchadh an rud céadna dhuit. Déanaimís sgrúdú ar an sgéal. Deimhne i nEasba. Ar an gcéad chur-síos, an ceart ó Dhia atá ag gach náisiún, saoghal an náisiúin sin a ríarú agus a mhúnladh do réir a dtolach féin, tá an ceart sin ceilte ar Éirinn ag Sasana indiu féin. Cuid de'n cheart sin cead bheith ag an náisiúin a rogha cineáil rialtais chur ar bun, tá an chuid sin de'n cheart ceilte ar Éirinn ag Sasana. Dá bhféadfaidhe baramhail an phobuil d'fhágháil amach indiu, níl aimh- reas ar bith orm nach mbéadh ceithre sgór as an gcéad i bhfabhar Pobalacht chur ar bun. Dá mbéadh deimhne aca go n-aontochadh Sasana leis an rogha sin. Seadh, dá n-aontóchadh Sasana leis an róga sin. Sna foclaibh sin atá an adhb. Tá fhios ag cách nach n-aontóchadh. Go deimhin, deir na fir b' úghdar- ásaighe i Sasana go gcallfidís an fear deire, agus go gcaithfidís an t-urchar deire sul a dtiolfidís le n-a leithéid. Ní Saorstát bhéadh ann faoi'n gConnradh síghneáladh i Londainn faoi Nodlaic, dá mbéadh an ceart atá luaidhte agam le fágháil. Acht caithfidh an Ceart géilleadh do'n Neart ar an saoghal seo, uaireannta ar caoi ar bith, agus b' éigin do na tosgairí Eireannacha cuireadh anonn go Sasana leis an gcúis a phlé, stríocadh roimh an Neart, nó roimh bagairt an Nirt ab eól dóibh bheith ann. Ceart agus Neart. Ceileadh ár gCirt orainn agus ó sin amhain ba siocair leis an easaontas d'eirigh idir ár dtreó- raidhthe faoi shighneáladh an Chonnartha. Tá fhios ag gach uile dhuine nach nglacfadh ár dTosgaireacht, dubh dath ná dona leis an gConnradh, dá mbéadh a mhalairt le fágháil; tá fhios ag gach uile dhuine gur Poblacht bhíodar a thóraidheacht; agus má tá an Ceart sin atá luaidhte agam ann .i. ceart ag gach náisiún ó Dhia, saoghal an náisiúin sin a mhúnladh de réir tolach an náisiúin, agus marach gur tréise an Neart ná an Ceart is Poblacht bhéadh againn i nEirinn indiu. Acht nuair a cheap lucht an Chirt go mba ciallmhara dóibh stríocadh roimh an Neart bhí ghá bhagairt orra, níor réidhtigh a gcáirde i bhfus leó; dubhracar go mba chóir seasamh leo an gCeart, cuma cé'n Neart d'imréochaidhe orra. De bhárr sin, tháinic an sgoilteadh. Agus de bhárr an sgoilte sin tháinic an mí-ádh ar ár dtír. Gach ropaire gan dlighe a raibh gunna glaice aige, agus a bhí faoi smacht go dtí sin, d'eirigh sé amach le n-a thoil a chur i bhféidhm ar námhaid agus eile. D'imthigh an smacht géar bhí ann roimh an sgoilt, agus chonnaic an saoghal an toradh. An chaoi ar cheil an Sasanach ár gCeart orainn ba siocair leis an sgoilteadh, mar cruthuigheadh cheana; mar sin de, 'sé is cionntach i dtoradh na sgoilte sin. Sasana agus an Socrú. Le goirid rinneadh socrú i nEirinn le go bhféad- faidhe an tír a riaghlú agus dlighthe an náisiún chur i bhféidhm. B'eól do na treóraidhthe ar an dál, taobh nach bhféadfaidhe maireachtáil i nEirinn ar chor ar bith, mara ndéantaoi a leithéid, go mbéadh sé n-a chogadh craorach carad gan buidheachas d'éinne. Dubhairt Micheál Ó Coileáin, agus é ag cur síos ar an socrú a rinneadh, go mbéadh sioth- cháin agus clighe ann dá bhárr,” agus sé leas gach duine i nÉirinn,” ar seisean, “go gcuirfidhe na dlighthe i bhféidhm.” Bhí an fhírinne aige sa méid sin; b'é leas gach duine i nEirinn rialtas láidir seasta bheith ann, agus na dlighthe bheith curtha i bhféidhm. Acht ní thaithnigheann deághrialtas láidir bheith sa tír seo leis an Sasanach de réir cosamh- alachta, mar ní túisge rinneadh an socrú idir De Valéara agus an Coiléanach, ná thosuigh gach pái- péar nuadheachta agus gach fear úghdarásach i Sasana ag cáoneadh an tsocruighthe sin, agus a rádh go raibh an Connradh réabtha cheana féin. Tháinic imnidhe an domhain ar Rialtas Shasanaí faoi rádh is go raibh lucht treóraighthe na hEireann i n-aon fhuirinn amhain arís. Thaspáin sé go soiléir do'n saoghal go mb'é an rud a bhí n-a aigne nuair thairg sé an Connradh dhúinn go sgoilteadh sé an ghluaiseacht náisiúnta i nEirinn ó bhun go bárr. Agus rime. Acht athnuadhadh an seancháirdeas, agus anois atá an Sasanach ag bagairt arís orainn. Míonn an Chonnartha. Deir Churchill go ndéanfar athghabháil ar an tír seo, más rud é nach nglacfaidh gach ball de'n Rialtas Eireannach bhéas ann i ndiaidh an Toghtha atá buailte linn, mionn an Chonnartha. Marab shin bagairt ní raibh bagairt ariamh ar an saoghal seo. Dá mbéadh an Connradh ghá bhriseadh ar aon chaoi, d'fheicfidhe ciall éigin sa mbagairt seo, acht níl. Tá mionn sa gConnradh gan aon bhréag: acht Is mionn do bhaill na Páirliméide é — níl trácht, olc ná maith, sa gConnradh ar aon mhionn i gcomhair ball ann Rialtas. Ní éigin do dhuine bheith n-a bhall mionnaighthe de'n pháirliméid tionólfar an chéad lá d'Iúl i mBaile Átha Cliath annseo, faoi ughdarás an Chonnartha, le bheith n-a bhall de'n Rialtas. Tá iolchomhacht ag an bPáirlimhéid sin an tír a ríalú, faoi'n gConnradh agus ó'n bpobul freisin; agus mar sin de, seasann sé le réasún, go bhfuil comh- acht ag an bPáirliméid a rogha dhuine a thoghadh le bheith n-a bhall de'n Ríaltas, agus gan é bheith n-a bhall mionnaighthe de'n Pháirliméid tionólfar faoi'n gConnradh ar chor ar bith. Nach bhféadfadh an Pháirliméid sin Aire ar Chosaint a dhéanam de Chathal Brugha, abair, agus gan Cathal Brugha bheith n-a bhall mionnaighthe de'n Pháirliméid sin ar chor ar bith? Cé'n locht atá ag an Sasanach air? Céard bhéadh ann atá i n-aghaidh an Chonnartha le n-ar chuir sé ainm? Má tá sé i n-aghaidh an Chonnartha, cuiread sé i gcéil dúinn go soiléir go cé'n chaoi. agus rud eile, gach ponnc eireóchas faoi bhriseadh nó gan briseadh an Chonnartha chéadna, tuige go mb' é an Sasanach bhéadh n-a mholtóir air, tuige a mbéadh sé n-a bhreitheamhain ar a chúis féin? An Neart arís, is dócha. CEANN CAIT.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services