CEACHTANNA GAEDHILGE
CEACHT 26.
NA CEITHRE h-ÁRDA.
Tóir, East.
Theas, South.
Tiar, West.
Thuaidh, North.
Ag dul soir, going eastward. Ag dul siar,
going westward. Ag teacht anoir, coming from
the east. Ag teacht aniar, coming from the
south. Ag du l ó theas, going southward. Ag
dul ó thuaidh, going northward. Ag teacht
andeas, coming from the south. Ag teacht
adtuaidh, coming from the north.
Eirigheann an ghrian thoir ar maidin, agus
teidheann sí fé thiar um tráthnóna. Bíonn sí ag
gabhail siar ar feadh an lae. Bíonn sí theas i
meadhan lae. Ní ghabhann an ghrian soir ar aon chor
agus ní bhíonn sí choidhche thuaidh. Ar maidin bíonn
sí ag féachaint anoir orainn agus um thráthnóna
bíonn sí ag féachaint aniar orainn. I meodhan
lae bíonn taithneamh na gréine andeas agus scáil
na gréine ó thuaidh. Ní bhíonn taithneamh na gréine
adtuaidh ar aon chor, acht mar sin féin is deas
an rud lá breágh sa Samhradh nuair a bhíonn leoithne
beag gaoithe adtuaidh ann.
CEISTEANNA.
Cá n-eirigheann an ghrian? Cathoin a eirigheann
an ghrian? Cá dteidheann sí fé? Cionnus a
bhíonn a gabhal ar feadh an lae? Cá mbíonn sí i
meodhan lae? Cad é meodhan lae? A mbíonn
an gréine thuaidh? Cionnus a bhíonn scáil na
gréine ar maidin, um thráthnóna, &rl? Dé'n
gaoth atá ann indiú?
GLUAIS.
Teidheann fé, sets.
Ag gabhail, going,
passing.
Ar feadh, during.
Meodhon lae, midday.
Choidhche, ever.
Taithneamh na
gréine, sun-shine.
Scáil na Gréine,
shadow of the sun.
Leoithne, breeze.
SÉAN STÓCACH.
Fé dheire thiar thall tháinig aingeal an bháis go
dtí Seán agus d'iarr sé air an bás a scaoilaadh.
Níor dhein Seán acht breith air agus é chaitheamh
anuas ar an mbás sa cathaoir. Fuair sé eochair
na ceárdchan agus bhuail sé a phaca cártaí 'na
phóca. Chuir sé an dorus fé glas, agus d'fág sé
an bheirt istigh caithte sa chathaoir. D'imthigh sé
leis. Ní ró fhada bhí sé ag imtheacht nuair a
chonnaic sé an duine áit ag déanamh air. Bhean-
nuigheadar dá chéile agus chuireadar caint ar a
chéile. Sa chaint dóibh d'fhiafruigh an strainséir
de Sheán, an imireochadh sé cluithche cártaí.
“Masa,” arsa Seán, “níor chuireas suas de
cluithche cártai a imirt le h-aon fear riamh. Acht
ní'l an áit seo ró-oireamhnach. B'fheárr dhúinn
dul tamall eile an bóthar.”
D'imthigheadar. Thángadar fhaid le leac mhór
a bhí ar thaobh an bhóthair. Shuidheadar síos le n-a
h-ais. Tharraing an strainséir amach paca cártaí
bhí aige. Rug Seán air agus comhairimh.
“Tá dhá cheann i n-easnamh ar an bpaca so.”
arsa Seán, “Tá paca ceart agam-sa.”
“Táim sásta,” ars' an strainséir.
NÓTAÍ.
Fé dheire. Sa dheire.
Bhuail sé. Chuir sé nó sháidh sé.
Fé ghlas. Chuir sé an glas ar an dorus.
An duine. “An” arís ag teasbáint duine
neamh-choitchianta anriochtmhail.
Chuireas suas de. Níor dhiúltuigheas. Níor
thugas an t-eiteachas.
In-easnamh. Ag teastáil ó. Tá sé dhá ceann
gairid.
CzzzzzFil.
V.
MAIDEANN LUAIN CINCÍSE.
Tháinig aníos ó Chonnacht chughainn éad is míle
laoch,
An oiread céadna ó Uladh chugainn i bhfuirm
cheart 's i bhfaobhar;
Suaimhneas lae níor tugadh dóibh chun gur bhuail-
eamair bualadh is fiche orra,
'Sé mo léan mar shileadh fuil is cuirp ár bhfear i
ndeire lae.
NÓTAÍ
Laoch. Gaisgidheach; curadh; mileadh.
I bhfuirm cheart is i bhfaobhar. Bhí an t-arm
aca agus iad oilte ar uasáid a dhéanamh dhe.
Suaimhneas … orra. Ní raibh uain
suidhe na seasamh aca acht dul isteach díreach
sa mbualadh.
Fuil is cuirp. Dortadh an fuil agus d fág
sin na cuirp sílte sínte.
Aistí: Scéilín. Comhrádh. “Ní'l leigheas ar an
gcathú acht é smachtú le foidhne.”
CUNNTAS CINN LAE
AN DARA LÁ AR FHICHID.
Bloody Friday, 1798.
Deineadh Cardinal de'n Ard-Easbog Cullen,
1886.
Is dócha go bhfuil rúin diamhra i gcroidhe gach
Coille … is i gcogar fíor-íseal labhartar iad,
agus ma's ag eisteacht le n'-a chroidhe féin, nó
ag smuaineamh ar a ghnóthaibh féin, nó ar ghnóthaibh
an t-shaoghail bhíos an duine ní thig leis an cogar
úd do chlos.
[Pádraig Mach Phiárais.
AN TRÍOMHADH LÁ AR FHICHID.
Lá Fhéil Seáin.
Cuir snaidhm ar rud as atá sé i gcoiméad agat.
[An Gobán Saor.
AN CEATHRAMHADH LÁ AR FHICHID.
Rugadh Seán Ó Cuibh, 1747.
Níl aoinne ó bhaoghal na chaint ach an té gur
mian leis eisteacht.
[Aithris ar Chríost.
AN CÚIGMHADH LÁ AR FHICHID.
Deineadh Easbog Doire de Eoghan Ó Dochartaigh,
an t-Abe deireanach de Iona, 1554.
D'éag Muiris Mach Gearailt, 1335.
Do marbhadh Mac Eochaidh (Keogh), United Irish
Leader, ar Droicead Loch Garmáin, 1798.
Rugadh Sean Baoighil Ó Raghallaigh, 1844.
Do phósadh C. S. Parnell, 1891.
An tradhna labhairt san gaorthadh, is gan
traochad ar a ghlór.
[Sean Amhrán.
AN SEMHADH LÁ AR FHICHID.
Ar na United Irishmen i Carn Nua, 1798.
Do chuireadh an t-Athair Seán Ó Murchadha cun
bháis, 1798.
Is bean ro-mhór i bpéin mé 's mo chéile do chuaidh
thar túinn,
Mo chlann go bhfuil i ndaorbhruid go treith-lag 's
gan phreab 'na gcroidhe.
Ach eiréochaidh clanna Gaedhilge agus léimfidh go
mear gach chlaidheamh
'S gur b'é túis agus deire mo sgéil, go mbeidh
Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir.
AN SEACHTMHADH LÁ AR FHICHID.
Rugadh C. S. Parnell, 1846.
Tugadh féile mór do Sir Cathal Gabhánach Ó
Dubhthaigh, 1865.
Táim-se in aghaidh drochbhrandaí, agus í bhfabhar
an céad chogaidh eile.
[Irisleabhar na bPríosún.
AN t-OCHTMHADH LÁ AR FHICHID.
Do mharbhadh Seán Henry Colclough agus Bagenal
Harvey, 1798.
Fuair Eamon de Valéra fáilte mór i Sasana
Nua, 1919.
Síoda ór agus airgead
Ceól is laidean na tíre
Do thabhairt do choileán don chuaint
Ní dhéana sé uasal coidhche é.
[Dán Fhocail.
AN NAOMHADH LÁ AR FHICHID.
Deineadh léir-scrios ar “Ancient Britons” ag
Baile Ellis, 1798.
Do dhaoradh Ruaidhri Mac Casman in Londun,
1916.
Ba fearamhla do dhuine é do mharbhadh le arm a
namhad ná le na ndlighe.
AN DEACMHADH LÁ AR FHICHID.
Do chuireadh an t-Athair Morgan cun bháis, 1640.
D'éag Seán Ó Dálaigh, 1916.
Ní le cleasaidheacht a deintear gníomhartha gaile
agus gaisge. Is le neart láimh agus le misneach
chroidhe agus le h-oilteacht ar arm a deintear iad.
[An Táin Bo Cuailgne.
INDIU AGUS INDE
BAGAIRT AN tSASANAIGH.
Bun agus Bárr.
Tuigeadh an tEireannach, agus tuigeadh an
saoghal, gurab é an Sasanach bun agus bárr gach
achrainn agus mí-ádha poilitidheachta dár bhuail tír
na hEireann le suas agus anuas le seacht gcéad
bliadhan. Sé an Sasanach is siocair, anois féin,
leis an trioblóid atá ag crádh agus ag céasadh
ár dtíre. Acht séard a cheapfá ar an gcainnt
adubhairt Churchill i dTeach Íochtarach Pairliméide
na Breataine, agus Bircenhead sa dTeach Uach-
tarach, acht go mb' é an Sasanach aingeal coimhidhe
an Eireannaigh; agus, ó chuir sé lámh leis an
gConnradh Síothchána, raibh sé ar a dhithcheall bás
agus beatha, an tEireannach bocht neamhriaghalta chur
ar bhealach a leasa. Ó'n méid eólais atá agam
féin ar thréithre an tSasanaigh, agus ní beag é,
'sé mo bharamhail go gcreideann Seán é sin, agus
nach ghá rádh má ghá leigint air féin atá sé. Is cinnte
go n-admhochaidh sé nach raibh an sgéal amhlaidh i
gcomhnaidhe, gur imir a shinnsear fóirneart agus
cos-ar-bholg ar ár dtír — go deimhin, ceann de na
difrigheachtaibh is mó atá idir an Eireannach agus
an Sasanach nach ndéanfadh Seán acht gáiridh dá
gcáintí agus dá dtugtaoi droch-ainmeacha ar a
sheanathair nuair a bhuailfeadh an tEireannach fear
déanta an cháinte idir an dá shúil. Seadh, is corr
Shasanach ann indiu nach n-admhochadh go ndéarnadh
éagcóir ar an tír seo san aimsir atá caithte;
acht is ar éigin go bhfuightheá fiú aon tSasanach
amhain ar fud na tíre nach gcreideann, n-a chroidhe
istigh, má dhéanann sé machtnamh ar an sgéal ar
chor ar bith, go bhfuil ceart agus cóir agus comhthrom
fágta ag Eirinn indiu, agus gurab é an tEireannach
féin, agus na marachtaí atá ann ó dhúthchas is sio-
cair le gach tubuiste atá ghár gcrádh i láthair na
huaire. Dubhairt Churchill ós árd é; dubhairt
Bircenhead é; níl Sasanach ann nach n-abróchadh
é, dá gcuirtí an cheist air; agus dá gcuirtí an
cheist orra, is iomdha Gaedheal agus Gall-Ghaedheal
d'innseóchadh an rud céadna dhuit. Déanaimís
sgrúdú ar an sgéal.
Deimhne i nEasba.
Ar an gcéad chur-síos, an ceart ó Dhia atá ag
gach náisiún, saoghal an náisiúin sin a ríarú agus
a mhúnladh do réir a dtolach féin, tá an ceart sin
ceilte ar Éirinn ag Sasana indiu féin. Cuid de'n
cheart sin cead bheith ag an náisiúin a rogha cineáil
rialtais chur ar bun, tá an chuid sin de'n cheart
ceilte ar Éirinn ag Sasana. Dá bhféadfaidhe
baramhail an phobuil d'fhágháil amach indiu, níl aimh-
reas ar bith orm nach mbéadh ceithre sgór as an
gcéad i bhfabhar Pobalacht chur ar bun.
Dá mbéadh deimhne aca go n-aontochadh
Sasana leis an rogha sin.
Seadh, dá n-aontóchadh Sasana leis an róga sin.
Sna foclaibh sin atá an adhb. Tá fhios ag cách nach
n-aontóchadh. Go deimhin, deir na fir b' úghdar-
ásaighe i Sasana go gcallfidís an fear deire, agus
go gcaithfidís an t-urchar deire sul a dtiolfidís
le n-a leithéid. Ní Saorstát bhéadh ann faoi'n
gConnradh síghneáladh i Londainn faoi Nodlaic, dá
mbéadh an ceart atá luaidhte agam le fágháil. Acht
caithfidh an Ceart géilleadh do'n Neart ar an
saoghal seo, uaireannta ar caoi ar bith, agus b'
éigin do na tosgairí Eireannacha cuireadh anonn
go Sasana leis an gcúis a phlé, stríocadh roimh
an Neart, nó roimh bagairt an Nirt ab eól dóibh
bheith ann.
Ceart agus Neart.
Ceileadh ár gCirt orainn agus ó sin amhain ba
siocair leis an easaontas d'eirigh idir ár dtreó-
raidhthe faoi shighneáladh an Chonnartha. Tá fhios ag
gach uile dhuine nach nglacfadh ár dTosgaireacht,
dubh dath ná dona leis an gConnradh, dá mbéadh a
mhalairt le fágháil; tá fhios ag gach uile dhuine gur
Poblacht bhíodar a thóraidheacht; agus má tá an
Ceart sin atá luaidhte agam ann .i. ceart ag gach
náisiún ó Dhia, saoghal an náisiúin sin a mhúnladh
de réir tolach an náisiúin, agus marach gur tréise
an Neart ná an Ceart is Poblacht bhéadh againn i
nEirinn indiu. Acht nuair a cheap lucht an Chirt
go mba ciallmhara dóibh stríocadh roimh an Neart
bhí ghá bhagairt orra, níor réidhtigh a gcáirde i
bhfus leó; dubhracar go mba chóir seasamh leo an
gCeart, cuma cé'n Neart d'imréochaidhe orra.
De bhárr sin, tháinic an sgoilteadh. Agus de
bhárr an sgoilte sin tháinic an mí-ádh ar ár dtír.
Gach ropaire gan dlighe a raibh gunna glaice aige,
agus a bhí faoi smacht go dtí sin, d'eirigh sé amach
le n-a thoil a chur i bhféidhm ar námhaid agus eile.
D'imthigh an smacht géar bhí ann roimh an sgoilt,
agus chonnaic an saoghal an toradh. An chaoi ar
cheil an Sasanach ár gCeart orainn ba siocair leis
an sgoilteadh, mar cruthuigheadh cheana; mar sin
de, 'sé is cionntach i dtoradh na sgoilte sin.
Sasana agus an Socrú.
Le goirid rinneadh socrú i nEirinn le go bhféad-
faidhe an tír a riaghlú agus dlighthe an náisiún chur
i bhféidhm. B'eól do na treóraidhthe ar an dál,
taobh nach bhféadfaidhe maireachtáil i nEirinn ar
chor ar bith, mara ndéantaoi a leithéid, go mbéadh
sé n-a chogadh craorach carad gan buidheachas
d'éinne. Dubhairt Micheál Ó Coileáin, agus é ag
cur síos ar an socrú a rinneadh, go mbéadh sioth-
cháin agus clighe ann dá bhárr,” agus sé leas gach
duine i nÉirinn,” ar seisean, “go gcuirfidhe
na dlighthe i bhféidhm.” Bhí an fhírinne aige sa méid
sin; b'é leas gach duine i nEirinn rialtas láidir
seasta bheith ann, agus na dlighthe bheith curtha i
bhféidhm. Acht ní thaithnigheann deághrialtas láidir
bheith sa tír seo leis an Sasanach de réir cosamh-
alachta, mar ní túisge rinneadh an socrú idir De
Valéara agus an Coiléanach, ná thosuigh gach pái-
péar nuadheachta agus gach fear úghdarásach i
Sasana ag cáoneadh an tsocruighthe sin, agus a
rádh go raibh an Connradh réabtha cheana féin.
Tháinic imnidhe an domhain ar Rialtas Shasanaí
faoi rádh is go raibh lucht treóraighthe na hEireann
i n-aon fhuirinn amhain arís. Thaspáin sé go soiléir
do'n saoghal go mb'é an rud a bhí n-a aigne nuair
thairg sé an Connradh dhúinn go sgoilteadh sé an
ghluaiseacht náisiúnta i nEirinn ó bhun go bárr.
Agus rime. Acht athnuadhadh an seancháirdeas,
agus anois atá an Sasanach ag bagairt arís
orainn.
Míonn an Chonnartha.
Deir Churchill go ndéanfar athghabháil ar an
tír seo, más rud é nach nglacfaidh gach ball de'n
Rialtas Eireannach bhéas ann i ndiaidh an Toghtha
atá buailte linn, mionn an Chonnartha. Marab
shin bagairt ní raibh bagairt ariamh ar an saoghal
seo. Dá mbéadh an Connradh ghá bhriseadh ar aon
chaoi, d'fheicfidhe ciall éigin sa mbagairt seo, acht
níl. Tá mionn sa gConnradh gan aon bhréag: acht
Is mionn do bhaill na Páirliméide é — níl
trácht, olc ná maith, sa gConnradh ar aon mhionn
i gcomhair ball ann Rialtas.
Ní éigin do dhuine bheith n-a bhall mionnaighthe
de'n pháirliméid tionólfar an chéad lá d'Iúl i
mBaile Átha Cliath annseo, faoi ughdarás an
Chonnartha, le bheith n-a bhall de'n Rialtas. Tá
iolchomhacht ag an bPáirlimhéid sin an tír a ríalú,
faoi'n gConnradh agus ó'n bpobul freisin; agus
mar sin de, seasann sé le réasún, go bhfuil comh-
acht ag an bPáirliméid a rogha dhuine a thoghadh le
bheith n-a bhall de'n Ríaltas, agus gan é bheith n-a
bhall mionnaighthe de'n Pháirliméid tionólfar
faoi'n gConnradh ar chor ar bith. Nach bhféadfadh
an Pháirliméid sin Aire ar Chosaint a dhéanam de
Chathal Brugha, abair, agus gan Cathal Brugha bheith
n-a bhall mionnaighthe de'n Pháirliméid sin ar chor
ar bith? Cé'n locht atá ag an Sasanach air?
Céard bhéadh ann atá i n-aghaidh an Chonnartha le n-ar
chuir sé ainm? Má tá sé i n-aghaidh an Chonnartha,
cuiread sé i gcéil dúinn go soiléir go cé'n chaoi.
agus rud eile, gach ponnc eireóchas faoi bhriseadh
nó gan briseadh an Chonnartha chéadna, tuige go
mb' é an Sasanach bhéadh n-a mholtóir air, tuige a
mbéadh sé n-a bhreitheamhain ar a chúis féin? An
Neart arís, is dócha.
CEANN CAIT.