Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cuntas Cinn Lae, Ceachtanna, Eile
Title
Cuntas Cinn Lae, Ceachtanna, Eile
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1922
Publisher
An Gaodhal
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Gaodhal Cunntas Cinn Lae Abran An Naomhadh Lá Deug. Tá oiread tréan-fhear annso is do chuirfeadh Impereact Shasana ar neimhní ach iad do bheith ar aon aigne agus iad do chur chuige i gceart. [Pádraic mach Piarais. An Ficheadh Lá Do sníomh me líon a's do dhíol me é A's dhíol mé dhó mo thuirne féin, Cheannuig me claidheamh do ghrádh mo chleibh, 'S go dtéidh tú, a mhuirnín slán! An t-Aonmhadh Lá ar Fhichid. Bí “Dochas na h-Éireann” fé sheol go h-Éirinn, 1867. An fhírinne glan! cad eilele atá ag an Sasanach nuair adeir sé gur míonach barbardha atá 'sa nGaedheal agus a bheith go siorruidhe ag eirigh i n-agaidh na nGall. [Irisleabhar na bPríosún. An Dara Lá ar Fhichid. Tá gábhadh le buidhin bhig Ghaedheal le dul sa mbearnáin bhaoighil. Tá chath romhainn … Caithfear aghaidh do thabhairt ar an gcath arís agus arís eile. [Pádraic mach Piarais. An Tríomhadh Lá ar Fhichid. Cath Cluain Tairbh, 1014. Tá cuid dar muintir féin amuig uainn. Ná bach san. Tá oiread anso agus shorócaidh cúntas leis an sloigisg sin thall. Is cúntas fada é. Is mithid é shochrúghadh. Anois an t-am cuige … Indiu Aoine. Is í Aoine an Chéasda féin Í. An dóigh leat né go mbeidh meanmha ó dhia indiu i gcroidhe gach aon fhir a thabharfaidh aghaidh ar ár námhad? Beidh. [Rosg Catha Bhriain i áCluain Tairbh. An Ceathramhadh Lá ar Fhichid. Beidh obair cruaidh orra-san a bhearfas conánamh dhom-sa. Beidh leicne bána ar a lán ar a bhfuil leicne dearga anois. [Caitlín ní Uallacháin. An Cúigmhadh Lá ar Fhichid. Do bhí ar gcomhairle mhnáibh na h-Éireann, seasamh áuala ar ghualainn le fearaibh Éireann ag éileamh cirt Ghaedheal. [Pádraic mach Piarais. An Sémhadh Lá ar Fhichid. Ba bheag agam mo shaoghal a bheith buan nó diombuan seachas ardsgéal mo bheatha a's mo mor-ghniomh do leanamhaint i mbéalaibh na ndaoine ó shlíocht áo slíocht agus ó shaoghal go saoghal. [Táin Bó Cuailáne. An Seachtmhadh Lá ar Fhichid. Mo léun ar an Mumhan nár eirigh nuair d'adhna- mair an áleo! Fé airim ghreanta ghreidhnmhar i bhfaghairt acu 'nar gcóir! D'fhágadar go teinn sinn agus neart ar namhad 'nár dtímpall — Ach! grádh mo chroidhe na Laighnigh! 'siad d'adhain an teine leo. [Maidin Luain Cingcise. An t-Ochtmhadh Lá ar Fhichid. Bhí daoine eile ann a fuair bás le ghrádh dom. Bhí fear ruadh ann de Mhuinntir Domhnall agus bhí fear ann darbh ainm Brian do chailleadh ag Cluain Tairbh cois na fairrge, agus bhí a liacht eile san Iarthar cuid acu do fuair bás na céadta bliadhain ó choin agus tá daoine ann a gheobhadh bás ambhárach. [Caitlín ní Uallacháin. An Naomhadh Lá ar Fhichid. Eirghe amach Na Cásca, 1916. Mo ghrádh sibh a fheara Éirinn, d'fhreagair an comhgairm sin … Mo ghoirm sibh thar fearaibh an domhan ar bhur ndílseacht, ar bhur ndóchas, ar bhur ndian-chomhrach! A Dhia na bhfeart nach fada an cogadh againn é! Nach mór é ár bhfoighdne! Nar buan é ár misneach! [Padraig mach Piarais, Márta, 1912. An Deachmhadh Lá ar Fhichid. Ochón! O! go daingean! Ár slóighte dá sgaipe, Ár laochra dá leagadh Le faobhar is le rannaibh! An t-aonmhadh lá deug ar fhichid. Níl uainn impireach Shasana do chuir ar neamh ní. Ceard tá uainn. Tá Saoirse Gaedheal.
Ceachtanna Gaedhilge CEACHT A 22. Autonomous, Present and Habitual Present. Táthar (people) are. Ní'ltear (people) are not. Bítear (people) do be. Ní Bhítear (people) do not be. Buailtear (people) strike. Eirightear (people) rise. The Present autonomous is formed by adding “tar,” “thar” or “tear” to the present stem of the verb. COMHRÁDH. MÁIRE. — Tá an t-Earrach anois ann agus ní'ltear ag cur na bprátaí fós. SIGHLE. — Táthar á gcur in áiteanaibh. Ní bhítear á gcur annso go dtí deire an Earraig. MÁIRE. — Cionnus a chuirtear prátaí? SIGHLE. — Nach dall atá tú. Cuirtear leasú ar an talamh ar dtúis. Treabhtar annsin é — déintear iomairí dhe. Annsin gearrtar na scioláin agus tugtar amach sa ngort iad. Teightear amach annsin agus cuirtear le pámhainne iad. MÁIRE. — Ní raibh fhios agam riamh cionnus a churtar iad. Ní chomhnuighim-se sa tuaith. SIGHLE. — Mar sin tá an t-ádh leat a ingheann ó. CEISTEANNA. Cé bhí ag caint. Cad é an t-am de'n mbliain a bhí aca? Cad a bhítear a dhéanamh san Earrach? Arbh' chailin tuaithe Máire. An raibh fhios aici cionnus prátaí a chur? An bhfuil fhios aici anois? Cé innis di? An maith le Sighle a bheith 'na comh- nuidhe sa tuaith? GLUAIS. EARRACH. Spring FÓS. yet. IN ÁITEANAIBH. in some places. DEIRE. end. DALL. blind ignorant. GEARRTAR. is cut. TREABHTAR. is ploughed. IOMAIRÍ. trenches, ridges. SCIOLÁIN. potatoe seed. TUGTAR. is brought. RAMHAINNE. spades. SA TUATH. in the country. MAR SIN … LEAT. because you are lucky. SEÁN STÓCACH. An lá so bhuail beirt fhear isteach sa cheardchain chuige. Bheannuigheadar dho, agus bheannuigh séisin dóibh. Bhíodar ag caint ar feadh tamaillín, agus annsin labhair an té b' óige de'n mbeirt le Seán. “A Seán,” ar sé, “iarr aon trí ghuidhe is maith leat anois agus beidh siad le fagháil agat. Acht chomhairleochainn duit pé guidheanna eile a iarrfaidh tú, sealbh asna flaithis a iarradh de'n chead ghuidhe.” “Masa,” arsa Seán, “ní do aoinne na flaithis acht do'n té thuilleann iad, agus b‘olc an scéal da mbadh eadh. Agus is dócha nach ró fhuiris iad do thuilleachtain.” “Tá an fhírinne sa méid sin agat. Seadh iarr do ghuidhe.” “Bhóil, is minic a bhím annso sloigthe leis an tart, agus gan aon deoch le fagháil agam. Tá an tobar an-fhada ón gceárdchain. Badh bréagh liom dá mbeadh an crann silíní atá sa ngáirdín agam láimh leis an dorus agus é bheith fé bhláth is toradh idir shamhradh agus gheimhreadh.” “Bíodh sin amhlaidh.” Nuair d' fhéach Seán iarracht ar an dorus, bhí an crann leath ismuigh fé lán-bhláth toradh. NÓTAÍ. DE'N CHEAD GHUIDHE. — Ar an gcead ghuidhe. “Is mairg a bhíonn síos ‘de'n’ chead iarracht.” SLOIGHTHE. — Caillte leis an tart. LÁIMH LEIS. — In aici; le h-ais; gairid do'n. FÉ BHLÁTH … — Bíonn “fé” mar séo leis i ráidhte. “Tá sé fé árd réim.” “Tá sé fé droch mheas ag an saoghal.” “Tá an pháire fé féar.” IDIR. — I rith. IARRACHT. — Mar a raibh. I leith an dorus. LEATH-ISMUIGH. — Taobh amuigh. Is dócha gur mar a chéile an leath seo acht an leath atá in. “Tá sé ar ‘leath' shúil.” “Tá sé ar leath chois, &rl.” MAIDEAN LUAIN CINCÍSE. I. Maidean Luain Cincise labhairt an síothbhra insa ngleann, Do bhailigheadar na cága chum ádhbhacht a dhéanamh ann, Do chruinnigeamair 'na dtimcheall is do lasmair ár dteinte, Is do thógamair seo draoidheachta go h-aoibhinn os a gcionn. NÓTAÍ. LABHAIR AN SÍOTHBHRA. — Tug duine éigin fógairt catha uaidh. Bíonn “stíobhairt” ag daoine leis — béidir captaen airm. CÁGA. — Saghas éanlaithe. Saighdiúirí béidir annso. ÁDHBHACHT. — Gleo, scléip — Traid. LASMAIR ÁR dTEINTE. D' réir deallradh “cuireamair sin féin i gcóir troda.” CEO DRAOIDHEACHTA. — Ceo na troda. Diotach na ngunaí. AISTÍ:— Scéilín. Comhrádh. “An té a theigheann an moch eirghe amach air ní miste dha codla go h-eadtrath.”
INDIU AGUS INDE Contabhairt Mhor. LUCHT FHOGHLUMTHA. Tá níos mó daoine ag foghluim na Gaedhilge indiu ná mar bhí ariamh le linn na bhfear, go deimhin ní shílim go mbéinn ag rádh an comarca dá n-abruighinn go bhfuil a thrí oiread daoine ag coimhlint leis an teanga is tá i n-ann í labhairt ó dhúthchas. Páisdí agus aos óg na tíre uile táid ag foghluim Gaedhilge sna sgoileannaibh, idir bunsgoil agus meadhonsgoil agus iolsgoil, agus maidir leis na daoine fásta, is corrdhuine casfaidhe leat nach bhfuil ag déanamh a bheag nó a mhór le n-a bheag nó a mhór dá theanga athardha phiocadh suas, dá nach mbéadh sé a dhéanamh, acht leabhar cainnte sháitheadh i bphóca a chasóige ag dul ag obair dhó ar maidin. Moltar iad uile, idir sean agus óg; acht má an mhaith ghá dhéanamh, tá contabhairt sa saothar mara gcéadna, agus ní mór do na daoine go bhfuil cúram na teangan orra, féacaint isteach sa sgéal, agus é sgrúdú go beacht agus rud a dhéanamh dá réir. Cé'n chontabhairt atá ann? An féidir an chontabhairt sin a seachaint? Breathnuightear isteach sa gceist. SLUG RÓ-MHÓR. Ar an gcéad chur-síos, ní féidir le duine ná beidhigheach an iomarca shlughadh isteach n-a bholg, gan dochar dhéanamh dhó féin agus dá shláinte, agus má leanann sé dhe, ar feadh i bhfad, níl i n-ann dó acht an bás, chomh cinnte is go mb'é an bás casfaidhe leis, dá mbéadh gan aon cheó leigint isteach n-a bholg. Má bhíonn suas le milliún daoine ag fógluim na Gaedhilge, idir sean agus óg, san am chéadna, agus gan a leath agus an teanga aca ó dhúthchas, nó go measardha beacht líomhtha féin, is dóigh liomsa go lúbhfar agus go gcasfar agus go múnlóchar ár dteanga i dtreó nach n-aithneochar í ar chor ar bith, ar bhealach is nach mbeidh innti sa deire acht béarlagar nó canamhaint, gan rian na Gaedhilge is eól dúinn indiu uirri. Peaca marbhtha i n-aghaidh oighreachta na nGaedheal é sin mara mbéadh leigheas air, ucht tá, mar chífear ar ball. Na daoine atá leis an nGaedhilge faoi láthair, táid i ndá ríre, an chuid is mó aca; acht tá dream eile ag coimhlint leis an nGaedhilge freisin agus ní le grádh dhi é, acht le postaí atá aca a choinneál, nó le postaí níos fear d'fhágháil faoi 'n reacht nuadh, agus is thríd an dream deireannach seo thiocfas an chontabhairt. An chéad dream, iad siúd atá ag foghluim na teangan le grádh dá dtír, déanfaidh siad siúd a gcroidhe dhithcheall gan an teanga a shailliú ná í thruailliú ar aon bhealach, agus má chliseann orra, ní orra bhéas an milleán. Acht na daoine nach bhfuil ghá foghluim acht ar mhaith leó féin, le dul ar aghaidh sa saoghal, is cinnte nach mbeidh siadsan chomh cúramach sin; agus ó bheidh sé orra an teanga a labhairt agus a cleachtadh i gcúrsaidhe gnótha agus eile, beidh Gaedhilge liobarnach truaillighthe ar n-a cleachtadh aca de shíor, agus í ar n-a brúghadh isteach ar an nGaedhilge cheart agus ag fágháil tréise uirri de réin a chéile. Beidh an dá dhream ag cuidiú leis an trpailleadh seo: dream aca dá mbuidheachas, agus drea meile le lántoil; idir eatorra déanfaidh sead an dochar mara bhféad- faidh lucht cosanta na teangan gníomh a dhéanamh leis an sgéal a leigheas. AINEÓLAS AGUS DUL-AMUDHA. Ná ceaptar go bhfuilim ag cur in-aghaidh lucht foghlumtha na teangan. Níl acht a mhalairt. Ag iarraidh a chur i gcéall do lucht ghrádha na Gaedhilge go bhfuil sí i gcontabhairt fós atá mé. Go deimhin, tá sí san dá chontabhairt: tá na daoine go bhfuil sí aca ó dúthchas, go mba teanga bheó bhrioghmhar chumasach liomhtha aca í, ag dul i laghad leis an aimsir, agus má's mall, is cinnte an laghdú seo, i ndiaidh ár ndithchill, mar is eól domsa go rí-mhaith, mo léan; agus tá na daoine go mba teanga dúthchais labhartha aca Béarla Gall, agus atá ag coimhlint leis an Gaedhilge ag dul i méid, agus iad i gcontabhairt an teanga atá ghá foghluim aca a mhilleadh. Tá daoine ann nach gcreideann é sin: ní dóigh leó go bhfuil an teanga ag fágháil bháis san nGaedhealtacht, ní dóigh leó go bhfuil an fíor Gaedhealtacht féin ag dul i gcumhainge agus i gcaoile de réir a chéile; ní dóigh leó go bhfuil an fíor Gaedhealtacht féin ag dul i gcumhainge agus i gcaoile de réir a chéile; ní dóigh leó, acht an oiread, go ndéanfar aon dochar dár dteangain, mar theangain, na mórshlóighte bheith ghá foghluim. Dul-amudha go bhfuil a sheasamh ar aineólas an dá bharamhail sin. ATHRÚ NÁR TÁINIC. Cuid de'n obair mhóir atá le déanamh ag muinntir na tíre seo sa leithchéad bliadhan atá le teacht, teanga na tíre athrughadh ó Bhéarla go Gaedhilge. I n-aimhdhéóin a bhfuil rádhte ag lucht chosanta na teangan, agus ag lucht chraobhsgaoilte a soisgéil le deich mbliadna fichead anuas, a leithéid sin d' athrú mór ní dheárnadh i n-aon tír eile ar Roinn na hEórpa ó thainic an saoghal nuadh. Luaidhtear liom an Únghair, an Bhóithéam, Tír na Finne agus tíortha nach iad; acht bíodh fhios ag an saoghal Gaedhealach nach athrú teangan a thárla i n-aon tír aca sin; ní headh ar chor at bith, acht athrú litridheachta. I ngach tír aca bhí an teanga dúthchais ar n-a labhairt go bríoghmhar agus go coitcheannta ag an tuatach agus ag an bhfear oibre, bhíodh is go raibh sí caillte nó faoi dhrochmheas ag na daoine móra agus ag ridiribh na cleite caoile. Ní amhlaidh atá an sgéal againn i nEirinn ar aon tsórt cuma mar is eól do chách, acht an teanga imthighthe beagnach ó dhaidhbhir agus ó shaidhbhir. An ndeárnadh a leithéid d' athrú teangan ariamh ar an saoghal mar sin? Rinneadh, agus is i nÉirinn féin rinneadh é, agus is le linn daoine atá beó indiu rinneadh é; mar le teacht ar an saoghal do shean- daoine atá ann fós, bhí an oiread Gaedhilgeóirí i nÉirinn is tá de dhaoine sa tír ar fad indiu. An bhfeicfidh aon naoidhneán d' osgail sáil de'n chéad uair indiu ath-athrú dá mhalairt de shórt sul má síntear faoi fhós é? Sé'n clamhsán atá ort mar sin (arsa tusa liom); athruigheadh an teanga i nÉirinn cheana, agus bhí an oiread daoine a bhí taobh le Gaedhilge ag foghluim Béarla an uair sin is tá de dhaoine atá taobh le Béarla ag foghluim Gaedhilge ar an tathair seo. Agus nach bhfuil an Béarla chomh maith ag muinntir na hÉireann indiu is tá muinntir Shasana féin? Admhuighim é go toilteannach. Tuige mar sin (arsa tusa arís), nach dtiocfadh sé sa saoghal nach mbéadh Gaedhilge chomh maith ag Béarlóirí na tíre seo is tá ag an nGaedhilgeóir is feárr dá bhfuil ann? Ní amhlaidh atá an sgéal ag an dá dhream. Nuair a tosuigheadh ar an mBéarla a bhrúghadh isteach i nÉirinn i dtosach an naoimheadh aoise déag bhí an teanga sin go láidir cumasach, litridheacht mhór de'n uile chineál innte agus í leathnuighthe ar fud an domhain mhóir; acht i dtosach an fiche aois seo, agus sinn ag iarraidh an t-ath-athrú a dhéanamh, tá an Ghaedhilge chomh lag lúbach básuighthe le aon teanga dá bhfuil le fágháil. Acht n-a dhiaidh sin is uile, is féidir an obair dhéanamh, is féidir an teanga thabhairt ar ais agus a háit cheart thabhairt dhí i saoghal an náisiúin; agus is féidir í choinneál glan freisin, acht an chontabhairt n-a a bhfuil sí go dtruaillfear í a thuigsint go beacht. TEANGA GHLAN. Maidir leis an teanga labhartha, is eagal liom nach bhfuil neart air go dtruaillfear í, i dtosach ar chaoi ar bith. Acht nach teanga thruaillighthe bhí san mBéarla labhradh i nÉirinn i dtosach. Acht chuaidh sí i bhfeabhas go mhór i mbéal na daoine leis an aimsir — chuaidh mar níor trpailligheadh an sgríobhnóireacht ná an litridheacht. Coinnigheadh glan gan smól iad. Marach gur coinnigheadh, ní fios cé'n drabhuigheal de Bhéarla briste bhéadh ar siubhal ag muinntir na tíre seo indiu. Bhí an sgríobhnóireacht Béarla sin mar shompla ag an bpobul, agus múnluigheadh cainnt na daoine ar an litridheacht sin. Coinnightear sgríobhnóireacht na Gaedhilge glan ar an dóigh chéadna, agus má labhartar drochGaedhilge i dtosach sa saoghal nuadh atá chugainn, níl aimhreas ar bith orm nach ngabhfaidh sí i bhfeabhas má bhíonn deaghlitridheacht mar shompla ag lucht a labhartha. CEANN CAIT.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services