Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuntas Cinn Lae, Ceachtanna, Eile

Title
Cuntas Cinn Lae, Ceachtanna, Eile
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1922
Publisher
An Gaodhal

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Gaodhal



Cunntas Cinn Lae
Abran



An Naomhadh Lá Deug.



Tá oiread tréan-fhear annso is do chuirfeadh
Impereact Shasana ar neimhní ach iad do bheith ar
aon aigne agus iad do chur chuige i gceart.



[Pádraic mach Piarais.



An Ficheadh Lá



Do sníomh me líon a's do dhíol me é
A's dhíol mé dhó mo thuirne féin,
Cheannuig me claidheamh do ghrádh mo chleibh,
'S go dtéidh tú, a mhuirnín slán!



An t-Aonmhadh Lá ar Fhichid.



Bí “Dochas na h-Éireann” fé sheol go h-Éirinn,
1867.
An fhírinne glan! cad eilele atá ag an Sasanach
nuair adeir sé gur míonach barbardha atá 'sa
nGaedheal agus a bheith go siorruidhe ag eirigh i
n-agaidh na nGall.



[Irisleabhar na bPríosún.



An Dara Lá ar Fhichid.



Tá gábhadh le buidhin bhig Ghaedheal le dul sa
mbearnáin bhaoighil. Tá chath romhainn …
Caithfear aghaidh do thabhairt ar an gcath arís agus
arís eile.



[Pádraic mach Piarais.



An Tríomhadh Lá ar Fhichid.
Cath Cluain Tairbh, 1014.



Tá cuid dar muintir féin amuig uainn. Ná
bach san. Tá oiread anso agus shorócaidh cúntas
leis an sloigisg sin thall. Is cúntas fada é. Is
mithid é shochrúghadh. Anois an t-am cuige …
Indiu Aoine. Is í Aoine an Chéasda féin Í.
An dóigh leat né go mbeidh meanmha ó dhia indiu
i gcroidhe gach aon fhir a thabharfaidh aghaidh ar ár
námhad? Beidh.



[Rosg Catha Bhriain i áCluain Tairbh.



An Ceathramhadh Lá ar Fhichid.



Beidh obair cruaidh orra-san a bhearfas conánamh
dhom-sa. Beidh leicne bána ar a lán ar a bhfuil
leicne dearga anois.



[Caitlín ní Uallacháin.



An Cúigmhadh Lá ar Fhichid.



Do bhí ar gcomhairle mhnáibh na h-Éireann,
seasamh áuala ar ghualainn le fearaibh Éireann
ag éileamh cirt Ghaedheal.



[Pádraic mach Piarais.



An Sémhadh Lá ar Fhichid.



Ba bheag agam mo shaoghal a bheith buan nó
diombuan seachas ardsgéal mo bheatha a's mo
mor-ghniomh do leanamhaint i mbéalaibh na ndaoine
ó shlíocht áo slíocht agus ó shaoghal go saoghal.



[Táin Bó Cuailáne.



An Seachtmhadh Lá ar Fhichid.



Mo léun ar an Mumhan nár eirigh nuair d'adhna-
mair an áleo!
Fé airim ghreanta ghreidhnmhar i bhfaghairt acu 'nar
gcóir!
D'fhágadar go teinn sinn agus neart ar namhad
'nár dtímpall —
Ach! grádh mo chroidhe na Laighnigh! 'siad d'adhain
an teine leo.



[Maidin Luain Cingcise.



An t-Ochtmhadh Lá ar Fhichid.



Bhí daoine eile ann a fuair bás le ghrádh dom.



Bhí fear ruadh ann de Mhuinntir Domhnall
agus bhí fear ann darbh ainm Brian do chailleadh
ag Cluain Tairbh cois na fairrge, agus bhí a liacht
eile san Iarthar cuid acu do fuair bás na céadta
bliadhain ó choin agus tá daoine ann a gheobhadh
bás ambhárach.



[Caitlín ní Uallacháin.



An Naomhadh Lá ar Fhichid.
Eirghe amach Na Cásca, 1916.



Mo ghrádh sibh a fheara Éirinn, d'fhreagair an
comhgairm sin … Mo ghoirm sibh thar fearaibh
an domhan ar bhur ndílseacht, ar bhur ndóchas, ar
bhur ndian-chomhrach! A Dhia na bhfeart nach fada
an cogadh againn é! Nach mór é ár bhfoighdne!
Nar buan é ár misneach!



[Padraig mach Piarais, Márta, 1912.



An Deachmhadh Lá ar Fhichid.
Ochón! O! go daingean!
Ár slóighte dá sgaipe,
Ár laochra dá leagadh
Le faobhar is le rannaibh!



An t-aonmhadh lá deug ar fhichid. Níl uainn
impireach Shasana do chuir ar neamh ní. Ceard tá
uainn. Tá Saoirse Gaedheal.


L. 15


Ceachtanna Gaedhilge



CEACHT A 22.



Autonomous, Present and Habitual Present.



Táthar (people) are.
Ní'ltear (people) are not.
Bítear (people) do be.
Ní Bhítear (people) do not be.
Buailtear (people) strike.
Eirightear (people) rise.



The Present autonomous is formed by adding
“tar,” “thar” or “tear” to the present stem
of the verb.



COMHRÁDH.



MÁIRE. — Tá an t-Earrach anois ann agus ní'ltear
ag cur na bprátaí fós.



SIGHLE. — Táthar á gcur in áiteanaibh. Ní bhítear á
gcur annso go dtí deire an Earraig.



MÁIRE. — Cionnus a chuirtear prátaí?



SIGHLE. — Nach dall atá tú. Cuirtear leasú ar an
talamh ar dtúis. Treabhtar annsin é —
déintear iomairí dhe. Annsin gearrtar na
scioláin agus tugtar amach sa ngort iad.
Teightear amach annsin agus cuirtear le
pámhainne iad.



MÁIRE. — Ní raibh fhios agam riamh cionnus a
churtar iad. Ní chomhnuighim-se sa tuaith.



SIGHLE. — Mar sin tá an t-ádh leat a ingheann ó.



CEISTEANNA.



Cé bhí ag caint. Cad é an t-am de'n mbliain a
bhí aca? Cad a bhítear a dhéanamh san Earrach?
Arbh' chailin tuaithe Máire. An raibh fhios aici
cionnus prátaí a chur? An bhfuil fhios aici anois?
Cé innis di? An maith le Sighle a bheith 'na comh-
nuidhe sa tuaith?



GLUAIS.



EARRACH. Spring
FÓS. yet.
IN ÁITEANAIBH. in some places.
DEIRE. end.
DALL. blind ignorant.
GEARRTAR. is cut.
TREABHTAR. is ploughed.
IOMAIRÍ. trenches, ridges.
SCIOLÁIN. potatoe seed.
TUGTAR. is brought.
RAMHAINNE. spades.
SA TUATH. in the country.
MAR SIN … LEAT. because you are lucky.



SEÁN STÓCACH.
An lá so bhuail beirt fhear isteach sa cheardchain
chuige. Bheannuigheadar dho, agus bheannuigh séisin
dóibh. Bhíodar ag caint ar feadh tamaillín, agus
annsin labhair an té b' óige de'n mbeirt le Seán.



“A Seán,” ar sé, “iarr aon trí ghuidhe is maith
leat anois agus beidh siad le fagháil agat. Acht
chomhairleochainn duit pé guidheanna eile a iarrfaidh
tú, sealbh asna flaithis a iarradh de'n chead ghuidhe.”



“Masa,” arsa Seán, “ní do aoinne na flaithis
acht do'n té thuilleann iad, agus b‘olc an scéal
da mbadh eadh. Agus is dócha nach ró fhuiris iad
do thuilleachtain.”



“Tá an fhírinne sa méid sin agat. Seadh iarr
do ghuidhe.”



“Bhóil, is minic a bhím annso sloigthe leis an
tart, agus gan aon deoch le fagháil agam. Tá an
tobar an-fhada ón gceárdchain. Badh bréagh liom
dá mbeadh an crann silíní atá sa ngáirdín agam
láimh leis an dorus agus é bheith fé bhláth is toradh
idir shamhradh agus gheimhreadh.”



“Bíodh sin amhlaidh.”



Nuair d' fhéach Seán iarracht ar an dorus, bhí
an crann leath ismuigh fé lán-bhláth toradh.



NÓTAÍ.



DE'N CHEAD GHUIDHE. — Ar an gcead ghuidhe. “Is
mairg a bhíonn síos ‘de'n’ chead iarracht.”



SLOIGHTHE. — Caillte leis an tart.



LÁIMH LEIS. — In aici; le h-ais; gairid do'n.
FÉ BHLÁTH … — Bíonn “fé” mar séo leis i
ráidhte. “Tá sé fé árd réim.” “Tá sé fé
droch mheas ag an saoghal.” “Tá an pháire
fé féar.”



IDIR. — I rith.



IARRACHT. — Mar a raibh. I leith an dorus.



LEATH-ISMUIGH. — Taobh amuigh. Is dócha gur mar
a chéile an leath seo acht an leath atá in. “Tá
sé ar ‘leath' shúil.” “Tá sé ar leath chois,
&rl.”



MAIDEAN LUAIN CINCÍSE.
I.



Maidean Luain Cincise labhairt an síothbhra insa
ngleann,
Do bhailigheadar na cága chum ádhbhacht a dhéanamh
ann,
Do chruinnigeamair 'na dtimcheall is do lasmair
ár dteinte,
Is do thógamair seo draoidheachta go h-aoibhinn os
a gcionn.



NÓTAÍ.



LABHAIR AN SÍOTHBHRA. — Tug duine éigin fógairt
catha uaidh. Bíonn “stíobhairt” ag daoine
leis — béidir captaen airm.



CÁGA. — Saghas éanlaithe. Saighdiúirí béidir
annso.



ÁDHBHACHT. — Gleo, scléip — Traid.
LASMAIR ÁR dTEINTE. D' réir deallradh
“cuireamair sin féin i gcóir troda.”



CEO DRAOIDHEACHTA. — Ceo na troda. Diotach
na ngunaí.



AISTÍ:— Scéilín. Comhrádh. “An té a theigheann
an moch eirghe amach air ní miste dha codla go
h-eadtrath.”


L. 19


INDIU AGUS INDE
Contabhairt Mhor.



LUCHT FHOGHLUMTHA.



Tá níos mó daoine ag foghluim na Gaedhilge
indiu ná mar bhí ariamh le linn na bhfear, go deimhin
ní shílim go mbéinn ag rádh an comarca dá
n-abruighinn go bhfuil a thrí oiread daoine ag
coimhlint leis an teanga is tá i n-ann í labhairt ó
dhúthchas. Páisdí agus aos óg na tíre uile táid
ag foghluim Gaedhilge sna sgoileannaibh, idir
bunsgoil agus meadhonsgoil agus iolsgoil, agus
maidir leis na daoine fásta, is corrdhuine
casfaidhe leat nach bhfuil ag déanamh a bheag nó a
mhór le n-a bheag nó a mhór dá theanga athardha
phiocadh suas, dá nach mbéadh sé a dhéanamh, acht
leabhar cainnte sháitheadh i bphóca a chasóige ag dul
ag obair dhó ar maidin. Moltar iad uile, idir
sean agus óg; acht má an mhaith ghá dhéanamh, tá
contabhairt sa saothar mara gcéadna, agus ní mór
do na daoine go bhfuil cúram na teangan orra,
féacaint isteach sa sgéal, agus é sgrúdú go beacht
agus rud a dhéanamh dá réir. Cé'n chontabhairt
atá ann? An féidir an chontabhairt sin a
seachaint? Breathnuightear isteach sa gceist.



SLUG RÓ-MHÓR.



Ar an gcéad chur-síos, ní féidir le duine ná
beidhigheach an iomarca shlughadh isteach n-a bholg,
gan dochar dhéanamh dhó féin agus dá shláinte, agus
má leanann sé dhe, ar feadh i bhfad, níl i n-ann
dó acht an bás, chomh cinnte is go mb'é an bás
casfaidhe leis, dá mbéadh gan aon cheó leigint
isteach n-a bholg. Má bhíonn suas le milliún daoine
ag fógluim na Gaedhilge, idir sean agus óg, san
am chéadna, agus gan a leath agus an teanga aca
ó dhúthchas, nó go measardha beacht líomhtha féin, is
dóigh liomsa go lúbhfar agus go gcasfar agus go
múnlóchar ár dteanga i dtreó nach n-aithneochar
í ar chor ar bith, ar bhealach is nach mbeidh innti sa
deire acht béarlagar nó canamhaint, gan rian na
Gaedhilge is eól dúinn indiu uirri. Peaca
marbhtha i n-aghaidh oighreachta na nGaedheal é sin
mara mbéadh leigheas air, ucht tá, mar chífear ar
ball. Na daoine atá leis an nGaedhilge faoi
láthair, táid i ndá ríre, an chuid is mó aca; acht
tá dream eile ag coimhlint leis an nGaedhilge
freisin agus ní le grádh dhi é, acht le postaí atá
aca a choinneál, nó le postaí níos fear d'fhágháil
faoi 'n reacht nuadh, agus is thríd an dream
deireannach seo thiocfas an chontabhairt. An chéad
dream, iad siúd atá ag foghluim na teangan le
grádh dá dtír, déanfaidh siad siúd a gcroidhe
dhithcheall gan an teanga a shailliú ná í thruailliú
ar aon bhealach, agus má chliseann orra, ní orra
bhéas an milleán. Acht na daoine nach bhfuil ghá
foghluim acht ar mhaith leó féin, le dul ar aghaidh
sa saoghal, is cinnte nach mbeidh siadsan chomh
cúramach sin; agus ó bheidh sé orra an teanga a
labhairt agus a cleachtadh i gcúrsaidhe gnótha agus
eile, beidh Gaedhilge liobarnach truaillighthe ar n-a
cleachtadh aca de shíor, agus í ar n-a brúghadh isteach
ar an nGaedhilge cheart agus ag fágháil tréise
uirri de réin a chéile. Beidh an dá dhream ag
cuidiú leis an trpailleadh seo: dream aca dá
mbuidheachas, agus drea meile le lántoil; idir
eatorra déanfaidh sead an dochar mara bhféad-
faidh lucht cosanta na teangan gníomh a dhéanamh
leis an sgéal a leigheas.



AINEÓLAS AGUS DUL-AMUDHA.



Ná ceaptar go bhfuilim ag cur in-aghaidh lucht
foghlumtha na teangan. Níl acht a mhalairt. Ag
iarraidh a chur i gcéall do lucht ghrádha na Gaedhilge
go bhfuil sí i gcontabhairt fós atá mé. Go deimhin,
tá sí san dá chontabhairt: tá na daoine go bhfuil
sí aca ó dúthchas, go mba teanga bheó bhrioghmhar
chumasach liomhtha aca í, ag dul i laghad leis an
aimsir, agus má's mall, is cinnte an laghdú seo,
i ndiaidh ár ndithchill, mar is eól domsa go rí-mhaith,
mo léan; agus tá na daoine go mba teanga
dúthchais labhartha aca Béarla Gall, agus atá ag
coimhlint leis an Gaedhilge ag dul i méid, agus
iad i gcontabhairt an teanga atá ghá foghluim aca
a mhilleadh. Tá daoine ann nach gcreideann é
sin: ní dóigh leó go bhfuil an teanga ag fágháil
bháis san nGaedhealtacht, ní dóigh leó go bhfuil an
fíor Gaedhealtacht féin ag dul i gcumhainge agus
i gcaoile de réir a chéile; ní dóigh leó go bhfuil an
fíor Gaedhealtacht féin ag dul i gcumhainge agus
i gcaoile de réir a chéile; ní dóigh leó, acht an
oiread, go ndéanfar aon dochar dár dteangain,
mar theangain, na mórshlóighte bheith ghá foghluim.
Dul-amudha go bhfuil a sheasamh ar aineólas an dá
bharamhail sin.



ATHRÚ NÁR TÁINIC.



Cuid de'n obair mhóir atá le déanamh ag
muinntir na tíre seo sa leithchéad bliadhan atá le
teacht, teanga na tíre athrughadh ó Bhéarla go
Gaedhilge. I n-aimhdhéóin a bhfuil rádhte ag lucht
chosanta na teangan, agus ag lucht chraobhsgaoilte
a soisgéil le deich mbliadna fichead anuas, a
leithéid sin d' athrú mór ní dheárnadh i n-aon tír
eile ar Roinn na hEórpa ó thainic an saoghal nuadh.
Luaidhtear liom an Únghair, an Bhóithéam, Tír na
Finne agus tíortha nach iad; acht bíodh fhios ag an
saoghal Gaedhealach nach athrú teangan a thárla i
n-aon tír aca sin; ní headh ar chor at bith, acht
athrú litridheachta. I ngach tír aca bhí an teanga
dúthchais ar n-a labhairt go bríoghmhar agus go
coitcheannta ag an tuatach agus ag an bhfear oibre,
bhíodh is go raibh sí caillte nó faoi dhrochmheas ag na
daoine móra agus ag ridiribh na cleite caoile.
Ní amhlaidh atá an sgéal againn i nEirinn ar aon
tsórt cuma mar is eól do chách, acht an teanga
imthighthe beagnach ó dhaidhbhir agus ó shaidhbhir. An
ndeárnadh a leithéid d' athrú teangan ariamh ar an
saoghal mar sin? Rinneadh, agus is i nÉirinn féin
rinneadh é, agus is le linn daoine atá beó indiu
rinneadh é; mar le teacht ar an saoghal do shean-
daoine atá ann fós, bhí an oiread Gaedhilgeóirí i
nÉirinn is tá de dhaoine sa tír ar fad indiu. An
bhfeicfidh aon naoidhneán d' osgail sáil de'n chéad
uair indiu ath-athrú dá mhalairt de shórt sul má
síntear faoi fhós é?



Sé'n clamhsán atá ort mar sin (arsa tusa liom);
athruigheadh an teanga i nÉirinn cheana, agus bhí
an oiread daoine a bhí taobh le Gaedhilge ag
foghluim Béarla an uair sin is tá de dhaoine atá
taobh le Béarla ag foghluim Gaedhilge ar an tathair
seo. Agus nach bhfuil an Béarla chomh maith ag
muinntir na hÉireann indiu is tá muinntir Shasana
féin? Admhuighim é go toilteannach. Tuige mar
sin (arsa tusa arís), nach dtiocfadh sé sa saoghal
nach mbéadh Gaedhilge chomh maith ag Béarlóirí na
tíre seo is tá ag an nGaedhilgeóir is feárr dá
bhfuil ann? Ní amhlaidh atá an sgéal ag an dá
dhream.



Nuair a tosuigheadh ar an mBéarla a bhrúghadh
isteach i nÉirinn i dtosach an naoimheadh aoise déag
bhí an teanga sin go láidir cumasach, litridheacht
mhór de'n uile chineál innte agus í leathnuighthe ar
fud an domhain mhóir; acht i dtosach an fiche aois
seo, agus sinn ag iarraidh an t-ath-athrú a dhéanamh,
tá an Ghaedhilge chomh lag lúbach básuighthe le aon
teanga dá bhfuil le fágháil.



Acht n-a dhiaidh sin is uile, is féidir an obair
dhéanamh, is féidir an teanga thabhairt ar ais agus
a háit cheart thabhairt dhí i saoghal an náisiúin; agus
is féidir í choinneál glan freisin, acht an chontabhairt
n-a a bhfuil sí go dtruaillfear í a thuigsint go
beacht.



TEANGA GHLAN.



Maidir leis an teanga labhartha, is eagal liom
nach bhfuil neart air go dtruaillfear í, i dtosach
ar chaoi ar bith. Acht nach teanga thruaillighthe bhí
san mBéarla labhradh i nÉirinn i dtosach. Acht
chuaidh sí i bhfeabhas go mhór i mbéal na daoine leis
an aimsir — chuaidh mar níor trpailligheadh an
sgríobhnóireacht ná an litridheacht. Coinnigheadh
glan gan smól iad. Marach gur coinnigheadh, ní
fios cé'n drabhuigheal de Bhéarla briste bhéadh ar
siubhal ag muinntir na tíre seo indiu. Bhí an
sgríobhnóireacht Béarla sin mar shompla ag an
bpobul, agus múnluigheadh cainnt na daoine ar an
litridheacht sin. Coinnightear sgríobhnóireacht na
Gaedhilge glan ar an dóigh chéadna, agus má
labhartar drochGaedhilge i dtosach sa saoghal nuadh
atá chugainn, níl aimhreas ar bith orm nach ngabhfaidh
sí i bhfeabhas má bhíonn deaghlitridheacht mar shompla
ag lucht a labhartha.



CEANN CAIT.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services