Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Smaointe, Téarmaí CLG
Title
Smaointe, Téarmaí CLG
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1922
Publisher
Nolan Bros
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SMAOINTE. — Conchubhar Ua Loingsigh do scríobh. Smaoinighim ar laochra na hÉireann fó láthair I bíríosún ag méirligh gan éifeacht nó grásta; Ár rí-fhir i ngéibhinn, i ndaor-bhroid, i ngátar, Gan biadh ceart ná éadach, gan gaoltas gan cáirde Ár bhfeara-choin óga 'tá cródha a's dílis Ag Sasanaigh leónta is breóite is claoite Is bascaithe brónach ag stróinsibh gan dlí cheart I gcarcar ag síor-ól beórach na daoirse. Smaoinighim ar macaibh na Banban aosta — Daoine bhí flaitheamhail is fairsing sa féile — Claoite i gcarcar ag an Sasanach bréagach, I bpian mór, na malraigh, acht tiocfa' siad saor as Tá muinntear na hÉireann go craorach cródha, Deirid go h-euscaigh beidh saorstát ag Fódla; Daoine ná geilleann d'éinne 'siad na hÓgláigh, Connbhuighfidh siad Éire gan baoghal is gan deóra. Do néal bhán na saoirse, 'tá ag triall ón dtuais- ceart Tré'n spéir-ghlan ag tigheacht, iompuighim mo shúile; Tá méirligh gan bhrí ón dtír úd do bhrúigh sinn Ag géar ghol fé'n tsaoirse 'ta againn 'bhí fútha. CUNNTAS CINN LAE FEABHRA An Ceathramhadh lá ar fhichid: Trí neithe nach iontaibh, lá breágh ins a' gheimhre; saoghal duine chríona; nó fochal duine mhóir gan sgríbhinn. [Sean fhochal as condae Chorcaighe. An Cúigeadh lá ar Fhichid. Líon corn na féile, a laoigh, agus glanadh dem mheóin Indiu an aithmhéala ó indhé is an eagla im chomhair I mbáireach. B' é gurab ann do rithfinn don éag Do shluig an lá indé agus laethe fairis tar Nóe. “Omar Khayham.” An Sémhadh Lá ar Fhichid. Go mairidh bhur mbuidhne rinnce 's reatha, Acht sgaipidh an síol ó maidin go h-oidhche Nar caillidh bhur g-críocha a g-céin go bráth; 'S tiocfaidh an toradh in Éirinn lá. [“Crádh Chroidhe Éigeas.” An t-Ochtmhadh Lá ar Fhichid. Is breágh agus is maith an ru dcaradas, ach is fearr ná san é nuair a thuigid caraid a chéile chomh cruinn sin. [“Táin Co. Cuailgne.” An Naomhadh Lá ar Fhichid. Meath-theine fé mhuic-fheoil agus grideóg fé chaora Spóirseach fé mhairt-fheóil agus bheith dá bheirbhidh coidhche. [Sean-fhochal.
INDIU AGUS INDE IMLITIR O PHARAS. COILINTEACHA GAEDHEAL. Cuireadh imlitir chugam ó Aonoch na nGaedheal comórad i bPáras na Frainnce se goirid, ag cur síos ar dhóigh leis an teanga bhuanú sna ceanntair n-a bhfuil sí beó láidir faoi láthair, agus iarradh orm mo mheas thabhairt ar an sgéim athá ceaptha. “Plan for Gaelic Centres,” an tiodal atá ar an imlitir, agus séard tá 'o'n sgríobhnóir go gcuirfí coilinteach bheag Gaedheal ar bun i ngach ceanntair n-a bhfuil an teanga láidir, coilínteach bheag se dhaoine a bhfuil a gcroidhe i n-aithbheóchaint na tíre, i litridheacht, i n-ealadhain, i gceól, i gceárdaidheacht agus i ngach aon ghnótha eile bhaineas le saoghal an phobuil. B'é baramhail sgríobhnóra na himlitreach seo, go mbéadh na coilínteacha seo n-a n-adhbáir misnigh agus dóchais agus tógáil croidhe ag na pobuil thart timcheall orra, agus dá ndéantaoi an obair mar ba chóir, nár baoghal se theangain na d' aon oighreacht uasal eile d' fhág ár sean againn, imteacht uainn. Tá fhias ag gach duine againn go bhfuil an teanga ag dul i n-ísle-bhrígh sna háiteachaibh is tréise i nEirinn i, cé go bhfuil leisge orainn an Fírinne sin d' admhachtáil, go bhfuil an Bearla ag brughadh isteach ar ár dteanga féin i bhfíor Ghaedhealtacht na tíre, go mbeidh Connamara chomh Gallda, maidir le teanga is nósa, faoi cheann tirí sgór bliadhan ó indiu is tá Cill Dara ar an láthair seo mara ndéanfar gníomh agus gníomh tifeachtach freisin. Agus is ins na limistéir n-a bhfuil an teanga láidir indiu caithfear an gníomh sin a dhéanamh: ní leigheas ar an sgheal aon obair ar son Gaedhealachais i n-Ath Cliath ná i n-aon áit eile san nGalltacht. Ní bheidh san obair sin acht lámh chongonta. AN BEALACH CHUIGE. Ní móide gur dochar dhom an rud atá i gceann sgríobhnóra na himlitreach seo cuireadh amach ó Aonach na Gaedheal i bPáras a mhíniú. Go gceannóchaidht talamh istigh i gceartlár na Gaedhealtachta, go dtógfaidhe teach nó tighthe feileamhnacha ar an alamh ngabhfadh daoine go bhfuil a gcroidhe i n-obair na Gaedhilge, agus go bhfuil céird nó ealadhain faoi leith aca n-a gcomhnaidhe san áit sin, agus a saoghal thabhairt ann ar mhaithe le Gaedhealachas. Ní gabhadh dhom a rádh nach mbéadh sé ceadmhach ag aon duine aon teanga labhairt san coilínteach bheag seo acht Gaedhilge; cuma a chroidhe bheith sa teanga nó gan a bheith; a thíusge leigfear son bhéarlóir dhul isteach ann, sin críoch agus deire an sgéil. An féidir a leithéid seo dhobair a dhéanamh? Ceist an airgid an chéad adhb. Is dóigh le sgríobhnóir na himlitreach seo go bhféadfadh gach coilínteach aca seasamh ar a bonnaibh féin faoi cheann sgathaimh, faoi cheann deich mbliadna abair, acht go mbéadh bunairgead og teasdáil leis an obair chur ar bun. Is eól dom gur shiubhal an sgríobhnóir chuir an sgéim seo ós comhair na nGaedheal bhí bailighthe i bPáras an domhan mór, gur shiubhal sí ngach tír n-a raibh dream Eireannach n-a gcomhnaidhe, gur theastail sí an domhan ar son Phoblacht na hEireann le cúpla bliadhan; agus is dóigh léithe go bhféadfaidhe an oirlad airgid d'fhágháil ó Eireannaighibh tar lear is cuirfeadh íns maith leis an obair. Dá bféadfaidhe an bunairgead d' Fhágháil ar an dóigh seo, dob amlaidh ab Fheárr é; acht sé mo bharamhail féin nach mbéadh sé iomarcach iarradh ar Ríaltas nua na tíre an t-airgead bhéadh ag teasdáil a bhronnadh ar an obair. BAILTE BEAGA IONNTA FEIN. Béadh a céird nó a ealadhain sa choilínteach: bhéadh sgríobhnóirí agus lucht múinte Gaedhilge ann, béadh ceoltóirí se gach cineál ann, agus lucht amhránuigheachte n-a bhfochair, bhéadh dramadóirí agus lucht drámaí a léiriú ann — agus maidir leis na céird riachtanacha, bhéadh lucht talmhaidheachta, garrdhadóirí agus eile ann; na seanchéird cleachtuigheadh sa tír seo ó'n seanaimsir anuas, mar tá Fighdeóireacht, sníomh, gaibhneacht, dathaidheacht, meilt mine, agus eile, bheidís ar n-a gcleachtadh ann chomh maith leis an gclódóireacht, idir clódóireacht, leabhar agus páipeir nuaidheachta, agus céirdeanna eile dén tsort sin. Baile beag ann féin, bhéadh iomlán ann féin ar nós na seanmhainistreach bhéadh i ngach choilínteach, i ndiaidh tamaill ar chaoi ar bith; leis n aimsir, ní bhéadh aon cháll ar an muinntir bhéadh ann mórán a cheannacht, bhéadh gach aon rud bhéadh ag teasdáil ghá shaothrú san gcoilínteach féin, mórán. Béadh beatha Fairrsing ann; bhéadh talamh agus lucht saothruighthe talmhan san áit: béadh éadoch dá ndéantús féin ann; béadh fighdeóirí agus tailluírrí ann i gcomhair na hoibre sin — agus gach aon ní eile dá réir. Tá fhios ag an saoghal nach bhfréadfaidhe a leithéid seo d' obair chur ar bun i n-aon lá amhain, ná i n-aon bhliadhain amhain, acht ar nós déanamh na gcaisleán bhéadh sé ag dul i bhfeabhas agus i méid leis an aimsir. CUID DE'N TORADH. Ná ceaptar nach mbéadh maith ann ocht an mhaith dhéanfaidhe do na daoine bhéadh n-a gcomhnaidhe sa gcoilínteach féin: dhéanfadh an obair seo maith do'n phobul thart ar an áit, agus do'n phobul i gcéin freisin. Sna seanmhainistreacha (agus bhéadh gach coilínteach aca seo cosamhail le mainis- tir ar bhealach) sao thruigheadh an litridheacht, agus marach an obair rinneadh ionnta is beag d' oighreacht ár sean bhéadh Fágtha againn-ne indiu; saothróchar litridheacht i ngach coilínteach aca seo, do mhuinntir na haimsire seo, agus do'n mhuinntir nár rugadh fós. Dream ionnta féin lucht peann agus leabhar, agus ní móide go bhféadfadh mórán aca buanchomhnaidhe dhéanamh n-a leithéid seo de choilínteach — d'fhéadfadh an té ba neamhríalta aca tréimhse chaitheamh ann ó ann go ham ar chaoi ar bith — acht bhéadh tighthe agus gléas cló agus clódóirí ann le toradh a n-intinne thabhairt do'n saoghal. Agus féach na hailleáin de leabhraibh bhéadh le fágháil againn ó na tighthe cló seo! Do bhéadh sé i gcumas na ceáraidhthe seo clodóireacht áluinn aithbheochaint i nEirinn arís agus ba mhór an gar do'n saoghal an méid sin féin. DEAGHCHEARDAIDHEACHT. Bá mhór an leas do mhuinntir na háite a leithéid seo de dream daoine bheith n-a gcomhnaidhe n-a measg. Na céird do chleachtuigheadar féin ó tús bheidís ar n-a ácleachtabh sa gcóilímteach agus ghá gcleachtadh go maith. Bhéad sompla ós comhair a súl i gcomhnaidhe ar an deághcheárdaidheacht agus is mór an gar an deághshompla ag ceárdaidhe. Fear ar bith go mb'fhiú ceárdaidhe thabhairt air bhéadh náire air mara bhféadfadh sé obair a dhéanamh é féin chomh maith leis an obair bhéadh ghá dhéanamh sa gcoilíneach, agus ghríosfadh an náire chun deághothbre é. Ní gabhadh dhom a rádh go mbéadh cead ag muinntir na háite bualadh isteach sa amach sna tighthib déantúis; ní hé amhain go mbéadh cead aca é dhéanamh, acht bhéadh na mílte fáilte rómpa agus bhéadh deághshomplaí ceardaid- eachta agus comhairle a leasa le fágháil aca uair ar bith thogróchaidís dhul ann. Sa saoghal nua tháinic le teacht ré na hinnilteóireachta, chuaidh gach cineál ceárdaidheachta ar gcúl; d' imthigh an áilne agus rimeadh láimhdhia bréige re' úsáideacht. Ca bhfios dúinn nach bhféaidfaidhe deághcheárdaidheacht aithbheóchaint i nEirinn ar an dóigh seo? Cá bhfios dúinn nach dtiocfadh cáil ar dheághceárdaidheacht ar an Eireannach ní he amhain ar fud na hEorpa acht i ngach tír a bhfuil meas ar dheághceárdaidheacht ar fud an domhain ar an dóigh seo? Agus nár mhór an rud é dá mbeadh Gaedhealachas agus deághceároaidheacht fuaighte le chéile arís mar bhí sa seansaoghal. SAOGHAL AOIBHINN. Bhéadh ceól na nGaedheal ar n-a cleachtadh ann, bhéadh drámaí ghá léiriú ann; bhéadh sgéalaidheacht agus filidheacht le clos ann; ba mhóide meas lucht labharua na Gaedhilthe orra féin agus ar a dteanga agus ar a dtáinic anuas chuca ó n-a sean an obair seo. Bhéadh fuirean drámaidheachta ann agus fuirean cheóil d'fhéadfadh thasbáint do mhuinntir na háite thart cé 'n chaoi le drámaí a léiriú, agus ceól do sheinnt, uair sa tseachtmhain abair; agus d'fhéadfadh an dá fhuirean seo a gceárd a chleachtadh go puiblidhe i mbailte móra na tíre ó am go ham. Acht maidir leis an bhfuirin drámaidheachta, b'fheárr dhóibh gan acht leis an nGaedhealtacht, i dtosach ar chaoi ar bith, agus amach annseo nuair bhéadh an níos socaire d'fhéadfaidís corrchuairt gairid thabhairt ar bhailte móra na Galldachta, ucht gan é dhéeanam acht go hannamh. Go deimhin is deacar cur-síos a dhéanamh (agus gan tús féin déanta fós), ar an saoghal bhéadh ag na daoine a mbéadh sé d'ádh orra comhnaidhe agus obair dhéanamh i n-áiteachaibh de'n tsórt seo átá i gceist ag sgriobh- noir na himlitreach seo ó Pharas, ná cé'n féin mhaith a dhéanfadh a saothar dóibh féin agus do na pobuil bhéadh thart orra agus d' Eirinn uile. Ní féidir acht baramhail thabhairt; agus ní féidir aon bhealach níos fearr d' fhágháil le baramhail d' fhágáil ar an saoghal bhéadh i ngach coilínteach aca ná leigint orr féin go raibh tú beó nuair bhí Eire n-a tír neamhspleádhach Gaedhealach agus go raibh filí agus seanchaidhthe agus ceárdaidhthe na haimsire sin thart ort, acht nach é an seansaoghal amhain a bhí ann acht go raibh a raibh de mhaith sa seansaoghal sin fighte fuaighte le n-a bhfuil se mhaith i saoghal na huairt seo atá i láthair. Trí coilínteach is maith le sgríobhnóir na himlit- reach ó Pharas chur ar bun i dtosach, ceann i ngach cúige n-a bhfuil an Gaedhilge beó láidir, agus sé mo ghuidhe-sa go n-eireóchaidh go geal leis an obair. Tá aon bharamhail amhain san imlitir nach réidhtighinn leis; ba mhaith léithi go mbéadh raoine ag dul ar cuairt ann ó gach seárd — má bhíonn béarlóirí ag dul ann, go mbeidh an obair buan- uighthe i gceart ar chaoi ar bith, déanfar an oiread dochar do labhairt na teangan is rinne cuid de na Coláisdibh “Gaedhealacha.” CEANN CAIT.
PAIRC A' BHAIRE PILIB O NEILL do chuir le cheile. M. — RUDAÍ AG BAINT LEIS AN CLUICHE. Things relating to the game. Páirc a' bháire… the goal-field. Faithche an imeartha… the field of play. Na taobh líntí, líoná thaobh… the side lines. Camán, camáin… hurley, hurleys. Peil (old word), liathróid coise… … a football Liathróid… a ball generally. Liathróid láimhe… handball. Bas… end of hurley. Cos… handle of hurley Clúdach… a cover (of ball). Cod, eadtromán… a bladder. Lall… a fong. Teannaire, seideán… a pump, blower. Beul na peile… mouth of ball. Cúl, cúil… the goal, goals. Crann cúil, crinn cúil… goal post, goal posts. Na ta caí… “the uprights.” Bearna an chúil… the goal mouth or gap. Líon, líonta… net, nets. Fead… a whistle. Meana… an awl. Díon lurgan… shin-guard Sciath lurgan… shin-guard Cásog báire… jersey. Seicéid báire… jersey. Leine báire… football shirt. Bríste báire… football pants, togs. Crios… a belt. Bróga báire… football boots. Stocaí báire… football stockings. Treasnán… crossbar. Taobh-bhratacha… side line flags. I lár na páirce… centre of the field. Líne láir, líne meadhonach… halfway line. Líne caogadh slat… 50 yards' mark Líne deich slat… 10 yards' mark An chearnóg… the square (in front of goal). Thar teorainn… out! outside! an over. Amuigh… wide. Trí bobhtaí amu… three wides. Buille fe gheasa… a penalty kick. Cúl fe gheast… a penalty goal. Ar phreab, ar léim… on the hop or bound. Cúl fe phlé, cúl fe aighneas… a disputed goal. Leath-am, leath chluiche… half time. Ta'n tam caithte… time up!, full time. IV. — SAGHSANNA CLUICHE. KINDS OF GAMES. Báire… a game, generally of hurling or football. Cluiche… a game, a match. Cluiche craoibhe condae… a Co. Championship match. Cluiche muinteardha… a friendly match. Cluiche cairdeamhail… a friendly match. Craobh Condae Corcaige… Cork Co. Championship. Craobh na Mumhan i bpeil… Munster Football Championship. Craobh na Laighean i mBáire… Leinster Hurling Championship. Craobh na hEireann… All Ireland Championship. Báire chomórtais… competition or tournament match. Ar son craoibhe condae… for the County Championship. Gaiscidhig na hÉireann… champions of Ireland, All-Ireland champions. Gaiscidhig na hÉireann i bpeil… All-Ireland football champions. Cluiche connartha… League match. Cluiche chuirn… cup match or tie. N.B. — Cumann cleas-luth na nGaodhal, the Gaelic Athletic Association. Cumann na gcleas- luth nGaodhlach is mere rubbish. A society may be composed of athletes but never of athletics! Yet that is what Cumann na gcleas-luth nGaodhlach means. Will the officials of the G. A. A. please note and put an end to the present barbarism? It is about time. Fan ag Mac Garry's Hotel, Letterkenny. Geobhair ag Café na Cúinne. Gach saghas lóin, gan aon mhoill agus gan puinn costas. Tae, Dínnéar, Cistí, & rl., ar fheabhas! Seoladh. 6 Sráid Mharlboro, i gCorcaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services