Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Smaointe, Téarmaí CLG

Title
Smaointe, Téarmaí CLG
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1922
Publisher
Nolan Bros

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SMAOINTE. — Conchubhar Ua Loingsigh do scríobh.



Smaoinighim ar laochra na hÉireann fó láthair
I bíríosún ag méirligh gan éifeacht nó grásta;
Ár rí-fhir i ngéibhinn, i ndaor-bhroid, i ngátar,
Gan biadh ceart ná éadach, gan gaoltas gan cáirde



Ár bhfeara-choin óga 'tá cródha a's dílis
Ag Sasanaigh leónta is breóite is claoite
Is bascaithe brónach ag stróinsibh gan dlí cheart
I gcarcar ag síor-ól beórach na daoirse.



Smaoinighim ar macaibh na Banban aosta —
Daoine bhí flaitheamhail is fairsing sa féile —
Claoite i gcarcar ag an Sasanach bréagach,
I bpian mór, na malraigh, acht tiocfa' siad saor as



Tá muinntear na hÉireann go craorach cródha,
Deirid go h-euscaigh beidh saorstát ag Fódla;
Daoine ná geilleann d'éinne 'siad na hÓgláigh,
Connbhuighfidh siad Éire gan baoghal is gan deóra.



Do néal bhán na saoirse, 'tá ag triall ón dtuais-
ceart
Tré'n spéir-ghlan ag tigheacht, iompuighim mo shúile;
Tá méirligh gan bhrí ón dtír úd do bhrúigh sinn
Ag géar ghol fé'n tsaoirse 'ta againn 'bhí fútha.



CUNNTAS CINN LAE



FEABHRA



An Ceathramhadh lá ar fhichid:



Trí neithe nach iontaibh, lá breágh ins a' gheimhre;
saoghal duine chríona; nó fochal duine mhóir gan
sgríbhinn.



[Sean fhochal as condae Chorcaighe.



An Cúigeadh lá ar Fhichid.



Líon corn na féile, a laoigh, agus glanadh dem
mheóin
Indiu an aithmhéala ó indhé is an eagla im chomhair
I mbáireach. B' é gurab ann do rithfinn don éag
Do shluig an lá indé agus laethe fairis tar Nóe.



“Omar Khayham.”



An Sémhadh Lá ar Fhichid.



Go mairidh bhur mbuidhne rinnce 's reatha,
Acht sgaipidh an síol ó maidin go h-oidhche
Nar caillidh bhur g-críocha a g-céin go bráth;
'S tiocfaidh an toradh in Éirinn lá.



[“Crádh Chroidhe Éigeas.”



An t-Ochtmhadh Lá ar Fhichid.



Is breágh agus is maith an ru dcaradas, ach is
fearr ná san é nuair a thuigid caraid a chéile chomh
cruinn sin.



[“Táin Co. Cuailgne.”



An Naomhadh Lá ar Fhichid.



Meath-theine fé mhuic-fheoil agus grideóg fé chaora
Spóirseach fé mhairt-fheóil agus bheith dá bheirbhidh
coidhche.



[Sean-fhochal.


L. 10


INDIU AGUS INDE



IMLITIR O PHARAS.



COILINTEACHA GAEDHEAL.



Cuireadh imlitir chugam ó Aonoch na nGaedheal
comórad i bPáras na Frainnce se goirid, ag
cur síos ar dhóigh leis an teanga bhuanú sna
ceanntair n-a bhfuil sí beó láidir faoi láthair,
agus iarradh orm mo mheas thabhairt ar an sgéim
athá ceaptha. “Plan for Gaelic Centres,” an
tiodal atá ar an imlitir, agus séard tá 'o'n
sgríobhnóir go gcuirfí coilinteach bheag Gaedheal
ar bun i ngach ceanntair n-a bhfuil an teanga
láidir, coilínteach bheag se dhaoine a bhfuil a
gcroidhe i n-aithbheóchaint na tíre, i litridheacht,
i n-ealadhain, i gceól, i gceárdaidheacht agus i
ngach aon ghnótha eile bhaineas le saoghal an
phobuil. B'é baramhail sgríobhnóra na himlitreach
seo, go mbéadh na coilínteacha seo n-a n-adhbáir
misnigh agus dóchais agus tógáil croidhe ag na
pobuil thart timcheall orra, agus dá ndéantaoi
an obair mar ba chóir, nár baoghal se theangain
na d' aon oighreacht uasal eile d' fhág ár sean
againn, imteacht uainn. Tá fhias ag gach duine
againn go bhfuil an teanga ag dul i n-ísle-bhrígh
sna háiteachaibh is tréise i nEirinn i, cé go bhfuil
leisge orainn an Fírinne sin d' admhachtáil, go
bhfuil an Bearla ag brughadh isteach ar ár
dteanga féin i bhfíor Ghaedhealtacht na tíre, go
mbeidh Connamara chomh Gallda, maidir le
teanga is nósa, faoi cheann tirí sgór bliadhan ó
indiu is tá Cill Dara ar an láthair seo mara
ndéanfar gníomh agus gníomh tifeachtach freisin.
Agus is ins na limistéir n-a bhfuil an teanga
láidir indiu caithfear an gníomh sin a dhéanamh:
ní leigheas ar an sgheal aon obair ar son
Gaedhealachais i n-Ath Cliath ná i n-aon áit eile san
nGalltacht. Ní bheidh san obair sin acht lámh
chongonta.



AN BEALACH CHUIGE.



Ní móide gur dochar dhom an rud atá i gceann
sgríobhnóra na himlitreach seo cuireadh amach ó
Aonach na Gaedheal i bPáras a mhíniú.



Go gceannóchaidht talamh istigh i gceartlár na
Gaedhealtachta, go dtógfaidhe teach nó tighthe
feileamhnacha ar an alamh ngabhfadh daoine go
bhfuil a gcroidhe i n-obair na Gaedhilge, agus go
bhfuil céird nó ealadhain faoi leith aca n-a
gcomhnaidhe san áit sin, agus a saoghal thabhairt
ann ar mhaithe le Gaedhealachas. Ní gabhadh dhom
a rádh nach mbéadh sé ceadmhach ag aon duine aon
teanga labhairt san coilínteach bheag seo acht
Gaedhilge; cuma a chroidhe bheith sa teanga nó gan
a bheith; a thíusge leigfear son bhéarlóir dhul
isteach ann, sin críoch agus deire an sgéil.



An féidir a leithéid seo dhobair a dhéanamh?
Ceist an airgid an chéad adhb. Is dóigh le
sgríobhnóir na himlitreach seo go bhféadfadh gach
coilínteach aca seasamh ar a bonnaibh féin faoi
cheann sgathaimh, faoi cheann deich mbliadna
abair, acht go mbéadh bunairgead og teasdáil
leis an obair chur ar bun. Is eól dom gur
shiubhal an sgríobhnóir chuir an sgéim seo ós
comhair na nGaedheal bhí bailighthe i bPáras an
domhan mór, gur shiubhal sí ngach tír n-a raibh
dream Eireannach n-a gcomhnaidhe, gur theastail
sí an domhan ar son Phoblacht na hEireann le
cúpla bliadhan; agus is dóigh léithe go bhféadfaidhe
an oirlad airgid d'fhágháil ó Eireannaighibh tar
lear is cuirfeadh íns maith leis an obair. Dá
bféadfaidhe an bunairgead d' Fhágháil ar an dóigh
seo, dob amlaidh ab Fheárr é; acht sé mo
bharamhail féin nach mbéadh sé iomarcach iarradh
ar Ríaltas nua na tíre an t-airgead bhéadh ag
teasdáil a bhronnadh ar an obair.



BAILTE BEAGA IONNTA FEIN.



Béadh a céird nó a ealadhain sa choilínteach:
bhéadh sgríobhnóirí agus lucht múinte Gaedhilge
ann, béadh ceoltóirí se gach cineál ann, agus
lucht amhránuigheachte n-a bhfochair, bhéadh
dramadóirí agus lucht drámaí a léiriú ann —
agus maidir leis na céird riachtanacha, bhéadh
lucht talmhaidheachta, garrdhadóirí agus eile ann;
na seanchéird cleachtuigheadh sa tír seo ó'n
seanaimsir anuas, mar tá Fighdeóireacht, sníomh,
gaibhneacht, dathaidheacht, meilt mine, agus
eile, bheidís ar n-a gcleachtadh ann chomh maith leis
an gclódóireacht, idir clódóireacht, leabhar agus
páipeir nuaidheachta, agus céirdeanna eile dén
tsort sin. Baile beag ann féin, bhéadh iomlán
ann féin ar nós na seanmhainistreach bhéadh i ngach
choilínteach, i ndiaidh tamaill ar chaoi ar bith;
leis n aimsir, ní bhéadh aon cháll ar an muinntir
bhéadh ann mórán a cheannacht, bhéadh gach aon
rud bhéadh ag teasdáil ghá shaothrú san gcoilínteach
féin, mórán. Béadh beatha Fairrsing ann;
bhéadh talamh agus lucht saothruighthe talmhan san
áit: béadh éadoch dá ndéantús féin ann; béadh
fighdeóirí agus tailluírrí ann i gcomhair na
hoibre sin — agus gach aon ní eile dá réir. Tá
fhios ag an saoghal nach bhfréadfaidhe a leithéid seo
d' obair chur ar bun i n-aon lá amhain, ná i n-aon
bhliadhain amhain, acht ar nós déanamh na gcaisleán
bhéadh sé ag dul i bhfeabhas agus i méid leis an
aimsir.



CUID DE'N TORADH.



Ná ceaptar nach mbéadh maith ann ocht an mhaith
dhéanfaidhe do na daoine bhéadh n-a gcomhnaidhe sa
gcoilínteach féin: dhéanfadh an obair seo maith
do'n phobul thart ar an áit, agus do'n phobul
i gcéin freisin. Sna seanmhainistreacha (agus
bhéadh gach coilínteach aca seo cosamhail le mainis-
tir ar bhealach) sao thruigheadh an litridheacht, agus
marach an obair rinneadh ionnta is beag
d' oighreacht ár sean bhéadh Fágtha againn-ne
indiu; saothróchar litridheacht i ngach coilínteach
aca seo, do mhuinntir na haimsire seo, agus
do'n mhuinntir nár rugadh fós. Dream ionnta
féin lucht peann agus leabhar, agus ní móide go
bhféadfadh mórán aca buanchomhnaidhe dhéanamh n-a
leithéid seo de choilínteach — d'fhéadfadh an té ba
neamhríalta aca tréimhse chaitheamh ann ó ann go
ham ar chaoi ar bith — acht bhéadh tighthe agus gléas
cló agus clódóirí ann le toradh a n-intinne
thabhairt do'n saoghal. Agus féach na hailleáin
de leabhraibh bhéadh le fágháil againn ó na tighthe
cló seo! Do bhéadh sé i gcumas na ceáraidhthe
seo clodóireacht áluinn aithbheochaint i nEirinn
arís agus ba mhór an gar do'n saoghal an méid
sin féin.



DEAGHCHEARDAIDHEACHT.



Bá mhór an leas do mhuinntir na háite a leithéid
seo de dream daoine bheith n-a gcomhnaidhe n-a
measg. Na céird do chleachtuigheadar féin ó tús
bheidís ar n-a ácleachtabh sa gcóilímteach agus ghá
gcleachtadh go maith. Bhéad sompla ós comhair a
súl i gcomhnaidhe ar an deághcheárdaidheacht agus
is mór an gar an deághshompla ag ceárdaidhe.
Fear ar bith go mb'fhiú ceárdaidhe thabhairt air
bhéadh náire air mara bhféadfadh sé obair a
dhéanamh é féin chomh maith leis an obair bhéadh ghá
dhéanamh sa gcoilíneach, agus ghríosfadh an náire
chun deághothbre é. Ní gabhadh dhom a rádh go
mbéadh cead ag muinntir na háite bualadh isteach
sa amach sna tighthib déantúis; ní hé amhain go
mbéadh cead aca é dhéanamh, acht bhéadh na mílte
fáilte rómpa agus bhéadh deághshomplaí ceardaid-
eachta agus comhairle a leasa le fágháil aca uair
ar bith thogróchaidís dhul ann. Sa saoghal nua
tháinic le teacht ré na hinnilteóireachta, chuaidh
gach cineál ceárdaidheachta ar gcúl; d' imthigh
an áilne agus rimeadh láimhdhia bréige re'
úsáideacht. Ca bhfios dúinn nach bhféaidfaidhe
deághcheárdaidheacht aithbheóchaint i nEirinn ar an
dóigh seo? Cá bhfios dúinn nach dtiocfadh cáil ar
dheághceárdaidheacht ar an Eireannach ní he amhain
ar fud na hEorpa acht i ngach tír a bhfuil meas ar
dheághceárdaidheacht ar fud an domhain ar an
dóigh seo? Agus nár mhór an rud é dá mbeadh
Gaedhealachas agus deághceároaidheacht
fuaighte le chéile arís mar bhí sa seansaoghal.



SAOGHAL AOIBHINN.



Bhéadh ceól na nGaedheal ar n-a cleachtadh ann,
bhéadh drámaí ghá léiriú ann; bhéadh sgéalaidheacht
agus filidheacht le clos ann; ba mhóide meas lucht
labharua na Gaedhilthe orra féin agus ar a
dteanga agus ar a dtáinic anuas chuca ó n-a sean
an obair seo. Bhéadh fuirean drámaidheachta ann
agus fuirean cheóil d'fhéadfadh thasbáint do
mhuinntir na háite thart cé 'n chaoi le drámaí a
léiriú, agus ceól do sheinnt, uair sa tseachtmhain
abair; agus d'fhéadfadh an dá fhuirean seo a
gceárd a chleachtadh go puiblidhe i mbailte móra
na tíre ó am go ham. Acht maidir leis an
bhfuirin drámaidheachta, b'fheárr dhóibh gan
acht leis an nGaedhealtacht, i dtosach ar chaoi ar
bith, agus amach annseo nuair bhéadh an
níos socaire d'fhéadfaidís corrchuairt gairid
thabhairt ar bhailte móra na Galldachta, ucht gan
é dhéeanam acht go hannamh. Go deimhin is deacar
cur-síos a dhéanamh (agus gan tús féin déanta
fós), ar an saoghal bhéadh ag na daoine a mbéadh
sé d'ádh orra comhnaidhe agus obair dhéanamh i
n-áiteachaibh de'n tsórt seo átá i gceist ag sgriobh-
noir na himlitreach seo ó Pharas, ná cé'n féin
mhaith a dhéanfadh a saothar dóibh féin agus do na
pobuil bhéadh thart orra agus d' Eirinn uile. Ní
féidir acht baramhail thabhairt; agus ní féidir aon
bhealach níos fearr d' fhágháil le baramhail d' fhágáil
ar an saoghal bhéadh i ngach coilínteach aca ná
leigint orr féin go raibh tú beó nuair bhí Eire n-a
tír neamhspleádhach Gaedhealach agus go raibh filí
agus seanchaidhthe agus ceárdaidhthe na haimsire
sin thart ort, acht nach é an seansaoghal amhain a
bhí ann acht go raibh a raibh de mhaith sa seansaoghal
sin fighte fuaighte le n-a bhfuil se mhaith i saoghal na
huairt seo atá i láthair.



Trí coilínteach is maith le sgríobhnóir na himlit-
reach ó Pharas chur ar bun i dtosach, ceann i ngach
cúige n-a bhfuil an Gaedhilge beó láidir, agus sé
mo ghuidhe-sa go n-eireóchaidh go geal leis an
obair. Tá aon bharamhail amhain san imlitir nach
réidhtighinn leis; ba mhaith léithi go mbéadh raoine
ag dul ar cuairt ann ó gach seárd — má bhíonn
béarlóirí ag dul ann, go mbeidh an obair buan-
uighthe i gceart ar chaoi ar bith, déanfar an oiread
dochar do labhairt na teangan is rinne cuid de na
Coláisdibh “Gaedhealacha.”



CEANN CAIT.


L. 21


PAIRC A' BHAIRE



PILIB O NEILL do chuir le cheile.



M. — RUDAÍ AG BAINT LEIS AN CLUICHE.



Things relating to the game.



Páirc a' bháire… the goal-field.



Faithche an imeartha… the field of play.



Na taobh líntí, líoná thaobh… the side lines.



Camán, camáin… hurley, hurleys.



Peil (old word),
liathróid coise… … a football



Liathróid… a ball generally.



Liathróid láimhe… handball.



Bas… end of hurley.



Cos… handle of hurley



Clúdach… a cover (of ball).



Cod, eadtromán… a bladder.



Lall… a fong.



Teannaire, seideán… a pump, blower.



Beul na peile… mouth of ball.



Cúl, cúil… the goal, goals.



Crann cúil, crinn cúil… goal post, goal posts.



Na ta caí… “the uprights.”



Bearna an chúil… the goal mouth or gap.



Líon, líonta… net, nets.



Fead… a whistle.



Meana… an awl.



Díon lurgan… shin-guard



Sciath lurgan… shin-guard



Cásog báire… jersey.



Seicéid báire… jersey.



Leine báire… football shirt.



Bríste báire… football pants, togs.



Crios… a belt.



Bróga báire… football boots.



Stocaí báire… football stockings.



Treasnán… crossbar.



Taobh-bhratacha… side line flags.



I lár na páirce… centre of the field.



Líne láir, líne meadhonach… halfway line.



Líne caogadh slat… 50 yards' mark



Líne deich slat… 10 yards' mark



An chearnóg… the square (in front of goal).



Thar teorainn… out! outside! an over.



Amuigh… wide.



Trí bobhtaí amu… three wides.



Buille fe gheasa… a penalty kick.



Cúl fe gheast… a penalty goal.



Ar phreab, ar léim… on the hop or bound.



Cúl fe phlé, cúl fe aighneas… a disputed goal.



Leath-am, leath chluiche… half time.



Ta'n tam caithte… time up!, full time.



IV. — SAGHSANNA CLUICHE. KINDS OF GAMES.



Báire… a game, generally of hurling or football.



Cluiche… a game, a match.



Cluiche craoibhe condae… a Co. Championship match.



Cluiche muinteardha… a friendly match.



Cluiche cairdeamhail… a friendly match.



Craobh Condae Corcaige… Cork Co. Championship.



Craobh na Mumhan i bpeil… Munster Football Championship.



Craobh na Laighean i mBáire… Leinster Hurling Championship.



Craobh na hEireann… All Ireland Championship.



Báire chomórtais… competition or tournament match.



Ar son craoibhe condae… for the County Championship.



Gaiscidhig na hÉireann… champions of Ireland, All-Ireland champions.



Gaiscidhig na hÉireann i bpeil… All-Ireland football champions.



Cluiche connartha… League match.



Cluiche chuirn… cup match or tie.



N.B. — Cumann cleas-luth na nGaodhal, the
Gaelic Athletic Association. Cumann na gcleas-
luth nGaodhlach is mere rubbish. A society may
be composed of athletes but never of athletics!
Yet that is what Cumann na gcleas-luth nGaodhlach
means. Will the officials of the G. A. A. please
note and put an end to the present barbarism?
It is about time.



Fan ag Mac Garry's Hotel, Letterkenny.



Geobhair ag



Café na Cúinne.



Gach saghas lóin, gan aon mhoill agus gan
puinn costas.



Tae, Dínnéar, Cistí, & rl., ar fheabhas!



Seoladh. 6 Sráid Mharlboro, i gCorcaigh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services