Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scéalta, Filíocht, Ceachtanna Gaeilge
Title
Scéalta, Filíocht, Ceachtanna Gaeilge
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1921
Publisher
Nolan Bros
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN GAODHAL THE GAEL TEOINI AGUS TIGHTHE LOISTIN (ar leanmhaint). Nioclas Tóibín do sgriob. TEOINI AG TUITIM AGUS AG TUIRLING. Nuair ná raibh fuireach níos sia ag Teóiní sa tig lóistín seo chaith sé imshniomh na h-imirighe a chur ar féin. Bhí cuidreamh aige le cúpla buachaill a bhí i dtig lóistín eile agus chuaidh sé i gcomhairle leo. Ní raibh aon rud aca ar an tig seo acht moladh agus shocruig Teoiní ar dhul in aontigheas leo. Chruinnig sé a chuid giúrléidí agus thug sé chum cuain iad. An bhean tighe a bhí sa tig lóistín seo ní fheaca Teoiní acht aon teimheal amháin di. Ní raibh aon chur isteach ná amach aici ar aoinne. Bhí cailín freastail aici agus dhéineadh sí siúd tál ar an sluagh. Mar sin féin ní raibh Teoiní i bhfad i dtigh- eas sa tig seo nuair a thuig sé an saghas mná tighe a bhí aige, béidir i bhfad níos feárr ná dá mbeadh sí de ghnáth in fhiadhnaise. Thug sé fé ndeara gur ar ghéire a bhí sí ag dul agus go raibh an mheur aici chuige. Ní raibh aon t-seans go mbeadh aon rud ag dul amugha uirre maidir le flaitheamhlacht ná le faillighe. Bhí ceathrar eile sa tig. Bhídís ag mion-chaint i dtaobh cúrsaí bidhe uaireanta acht níor airig aoinne iad. Ba ghairid gur tháinig aimsir im an tsmeartha agus an bhlunaig — an mar- garín. Chuaidh bean an tighe — ní nach iongna — ar an smeartha. Bhí an smeartha go millteach. Bhí gach fear agus a chleas féin aige d'iarraidh a dhéanamh amach an raibh aon aithint uachtair ar aon chor ann. Dh'aontuigheadar ná raibh — gurbh' é an t-im úd an aithris dhéanach ar im. Bhí saghas grabh- as ag teacht ar gach fear, agus níorbh' é an focal ar goghnamh a gheibheadh an cailín freastail bocht. Is ar chúl an tighe bhí árus Theoiní. Bhí gáirdín beag taobh thiar de'n tig. Bhí pónaire agus gab- áiste agus torthaí beaga de'n tsórt sin ag fás ann — díreach mar a dh'oirfeadh. Ní raibh sé acht thimcheall trí seachtmhaine sa tig nuair a bhí teipe beag ag teacht ar an gcodla aige. Dh'airigheadh sé fo-chat ag béice san oidhche. Chuiridís a chodla rud beag amugha air. Acht níor leig sé aon rud air le h-aoinne mar gheall air. An oidhche seo thosnuig an caointeachán amuigh thimcheall a dó chlog. Thabharfadh aoinne an leabhar gur duine a bhí ann. Níor bh'fhada gur thosnuig an tarna guth agus an tríomhadh guth. Is dócha ná raibh cat sa chathair ná raibh sa ngáirdín. Agus níor dhada na cait go dtí gur thosnuig scata madraí ag sceabh- ghail tamall ón tig. Chrom na coillig ag glaodhach ar a trí. Pé áit ar tháinig coillig as ní raibh lag orra acht ag glaodhach. B'ait le Teoiní cá raibh na h-asail nuair ná rabhdar á gcuir féin in iúil. Ní raibh aon fháil aige ar an gcodla a dheanamh. Dh'eirig sé. Nuair a bhuail sé anuas an staighre bhí beirt na suidhe roimhe. Ní dubhr- adar focal acht cromadh ag gáire. Ba mheasa iad féin ag gáire ná aon rud eile. Bhí sin go maith. Tháinig am dinnéir. Bhí an cúigear istig ar aon mhéile. Bhí roint gabáiste ar phláta gach fir. Bhí gach fear a scrúdú an ghabáiste. “Cá bhfuigheann sibh an gabáiste?” arsa fear aca leis an gcailín. “Tá sé ag fás sa ngáirdín,” ars an cailín. “Má tá, táim-se sásta dhe,” ar seisin. Dh'imthig an cailín agus tháinig bean an tighe isteach chúcha. Dh'fheuch sí orra. “Ní maith liom sibh a bheith ag gearán ar an ngabáiste sin,” ar sí, “mar ní'l níos feárr ná é le fáil ar mhargadh Bhl' átha Cliath. Chím ó tháinig an buachaill seo .i. Teoiní, 'nbhur measc go bhfuil sibh ag teacht mí-shásta. Agus dar ndóigh mar an dtaithneann leis fágadh.” Chuir sí peatar dí annsin. Nuair a tháinig am codlata bhí Teoiní cortha agus chuaidh chun suain acht níorbh' throm suan do. Bhí sé ag cuimhneamh gurbh' fheárr do bob éigin eile chur suas tar éis an íde úd. Bhí an chuid truc, eadach is leabhair agus córacha an domhain gan chiall ag gabháil leis agus ba ghráin leis a bheith a n-iomchar ó áit go h-áit. Rud eile bhí costas ag baint le bheith ag aistriú agus ní raibh a thuarastal ró-theann. Chuimhnig sí ar sheift. Dh'eirig sé luath ar maidin agus aon rud a bhí na sheilbh ná raibh aon tairbhe do ann, bhailig sé é agus um thráthnóna bheir sé leis iad agus dhíol sé iad. Fuair sé pingní orra. Annsin bhí coimhreamh an airgid ghil le cur leis sin. Ní raibh aon bhaoghal airgid ar aon chor air. Bhí aithne aige ar bheirt mhac leigheann ón iol- scoil, beirt adhbhar dochtúra. Bhí beirt eile 'na bhfochair — ceathrar acu, ar lóistín in aon tig. Is leo a thuit Teoiní an iarracht so. Ní morán aim- sire a fuair Teoiní ar stuidéar a dheanamh de bhean an tighe seo. Bhí a dhóithin agus fuighleach de chuideachta sa gceathrar mac leigheann. As d' oidhche nuair a thagaidís isteach ba ghnáth leo dul ar chártaí. Ní raibh Teoiní i bhfad nuair a mheall- adh isteach sa chluithche é. Neaip a bhídís a dh'imirt. Bhí Teoiní ag deanamh cuibhseach maith go dtí gur bhailigheadar thimcheall air. Chaill sé cúpla púnt oidhche eile. Bhí na pócaí ag teacht silte aige. An oidhche seo chuaidh sé san imirt, agus ní raibh aige acht roint scillingí. Is gairid a chuadar leis. Dh'fhan sé ag imirt. Bhíodh (bhítheas) ag dul ann. Tharraing sé chuige páipéar agus chrom ag scríobh na bhfiacha Ar a ceathair ar maidin bhí trí púint caillte aige Chaitheadar uatha iad. Tháinig oidhcheannta agus oidhcheannta eile agus ní raibh aon fhonn air suidhe chun imirt agus ní lugha ná sin de fhonn a bhí air a chuid fiacha a dhíol. Bhí na mic leighinn ag caint eatorra féin. Ba thár ar fad leo an cleas a bhí ar siubhal ag Teoiní. Sheunadar é — an fear bocht. Ba mheasa leis é seo ná aon rud a bhain do fós, mar ní raibh aon leigheas aige air. Agus shíl sé go raibh an tuigsint ag baint leis an dream eile. Acht ní amhlaidh a bhí. Bhíodar súd sásta go maith go raibh Teoiní teann fé airgead agus gurbh' amhlaidh a bhí sé ag bailiú chuige. Acht ní raibh an ceart aca. Bhí an éagcóir aca mar is iad féin a dhein an liadhba air. B'fhearr leis aistriú eile a dheanamh ná bheith 'na gcuideachta. Pé mar a bhí sé mheas sé é féin i bhfad níos treise ná an chuideachta úd. Dhein sé an t-aistriú. Ní raibh sé de uain aige morán stuidéar a dheanamh ar an árus nú a fuair sé, mar thug bainisteoir an bhainc leitir do. AN CHEAD ADHBHAR ATHAIS. Dh'oscail Teoiní an leitir a fuair sé ón mbainis- teóir. Bhí innte go raibh air aistriú a dheanamh síos go dtí baile mór i dtuaiscirt na Mumhan. Ba bhreágh leis an fhógairt úd. Ba thógaint croidhe do í. Ní fheadar sé ciaca ag tuitim sa saoghal a bhí sé nó ag eirghe, acht bhí fhios aige go raibh sé cortha go maith de Bhl' átha Cliath agus gur dhéirc a bheith amach as. Bhog sé bóthar gan fios rúin ná rian a imtheachta a thabhairt do neach beo. Tháinig sé slán folláin go dtí an mbaile mór so. I dtig ósda iseadh chuaidh sé ar iosdas. Daoine deasa grádhmhara a bhí sa tigh. Bhí séisin go deas leo. Bíodh sé istig tráthmhail go maith gach oidhche agus mar sin de. Bhí halla sa mbaile agus bhí a thriall ann ag imirt biléirí. Bhí sé go h-oilte orra súd. Chuiridís síos an-chuid dá chuid aimsire dho. Bhí sé chómh sásta leis féin le diúic. Acht ní sheasuigheann rith maith leis an each i gcomhnuidhe. Chuir sé aithne ar bheirt nó triúr buachaillí sa mbaile mór. Árd spórt ba eadh iad agus bhíodar ruidín beag tabhartha don ól. Ní dh'fheadfadh Teoiní a gcuideachta a thréigin, agus ní bhfuigheadh sé a bheith na gcuidcachta gan deoch a bheith aighe chómh maith le fear. Ba bheus le Teoiní agus a chuideachta dul isteach in gach aon tig ósda ag ól acht insan tig 'na raibh sé ar lóistín, agus chum an donas a dheanamh ar an sceul ar fad bhí tig ósda treasna na sráid agus is ann ba mhinicí a bhíodh a dtriall. Badh dhóigh le h-aoinne gur d'aon ghnó a theighdís isteach annsúd, chum a bheith ag deanamh cancais ar an dream eile. Níor dhóigh le duine go mbeadh críostaidhe mhic an luain sa tig ósda 'na mbíod Teoiní go mbíodh sé ag bualadh isteach sa tig ósda eile. Pé áit ná poll 'na n-eirighdís as leis an linn bhíodh duine nó beirt i ngach fuinneóg agus óir ná raibh an radharc ró- gheur ag bean an tighe ósda fuair sé ceann desna gloiní beaga radhairce sin — bíonn siad an- oireamhnach uaireanta — chum a bheith ag faire ar Theoiní. Ní bhíodh aon eochair aige agus bhíodh air a bheith istig isteach 'sa amach le n-a taon-bhuille dheug. An fhaid agus a bhí sé go deas macánta bhí fáilte roimhe aon uair a thiocfadh sé. Bhí sé ag teacht maith go leor ar feadh tamaill. Thugadh sé a chomhpánaig leis chum dighe slána agus beannachta an mheodhain oidhche thabhairt dóibh. Bhí an deoch á fhagháil fonnmhar go leor go dtí gur iompuig Teoiní amach beagáinín mí-ádhmharach. Táinig sé oidhche agus ní raibh cois fé. Ní raibh aon fháil ar aon deoch an oidhche sin. Ar maidin dar ná bháireach bhí bean an tighe ar bhior. Tháinig sí go dtí Teoiní agus é a d'iarraidh greim na maidne a shlogadh i gcoinne a aigne. Ní h-aon deallradh ar fognamh a bhí uirre. Bhí sí liath le h-aois de'n chead dul síos agus dhein an teach- taireacht a raibh sí air an iarracht so sioc liath ar fad dhi. “Tá sé chómh maith agat a bheith ag cuimneamh ar lóistín éigin eile a thógaint,” arsa sí le Teoiní. “Cím go bhfuil an tig seo ró chumhang duit, agus óir go cumhang leat, fág.” Níor mhéiun le Teoiní a bheith ag cuimhneamh ar freagra thabhairt ar an mbolgam cainte seo. B'fhearr leis dul ar leigheas tinnis cinn dá bhfead- fadh sé é. Chaith sé a chuid agus bhí sé ag deanamh cúinnéireacht bheag feachaint an bhfuarfadh an sceul acht ní raibh aon dá fhocal ann. Bhí an buille buailte. Bhí deire leis annsúd. 'Sé an bóthar a bhí i ndán do. Chaith sé bogadh. (Ní Críoth).
CAS AGUS COS BEAN UÍ NÉILL AN CHLEATH AGUS AN CHOINNEAL. Áit a mbeadh Cas bheadh Cos. Dá mbeadh tuirse ar Chas bheadh sé ar Chos. Dá mbeadh ocras ar Chas bheadh sé ar Chos. Dá mbeadh an droch-aimsear nó an anró ag cuir ar Chas bheadh sí ag cur ar Chos. “Cionnus sin,” ar tusa, “mar an dá ghabhar iad?” Níorbh aon dá ghabhar ar aon chor iad acht beirt buachaill, agus tuigfé tu féin, a léighteóir, fáth a n-imtheacht, ó is leór d'fhear leighinn leath-fhocal. Buachaill téagartha b'eadh Cas. Pearsa shoin- eannta shlachtmhar. Gruaidh chraobhach chasta, agus sin é an chúis tugadh “Cas” air. Buachaill tréan láidir nár mhaith leat go dtógfadh sé do thomhaise le n-a dhóirnibh. Ba lugha Cos ná Cas agus ba chaoile. Do bhí gruaidh dhubh air ar fán le gach feóithne, agus súile ar dhath an áirne ag rinnce le spórt agus le scléip cuma cionnus a ghabhfadh an saoghal. 'Is é an chúis “Cos” do thabhairt air ná go mbiodh sé ag cosaint Cais i ngach a ndéanfadh agus i ngach a ndéarfadh an duine sin. Ba é Cos an sceach 'san mbearnain ag Cas i gcomhnuidhe. B'éigin dom féin dul le teachtaracht chucha tráth- nóna siar go dtí Gleann-na-mBroc. Dubhradh liom go bhfuighfinn ag tig Uí Mhaolchatha iad. D'osgaileas geata an tighe sin agus do shiubhlas isteach an casáinín a bhí ag dul tríd an gháirdin go dtí an teach. Do bheannuigheas do Bhrighid .i. an inghean ba shine ag Sean-Chonn. Do bheannuigh sí sin dom agus do chuir fáilte romham. Do bhí sí ag tarraingt uisce as an bpampa. Do cheangail sí an buicéad do thead an phampa agus do scaoil sí síos insan dtobar é, do chas sí an roth insan agus tháinig an buicéad uisce aníos chuiche. Do fheuchas féin síos ann. “Nach mór an doimhneas é!” ar mise. “Atá is dócha,” ar Brighid, “cúig throig ar fhicid. Uisce an-mhaith é seo. Acht siubh- ail leat isteach go dtiocfe na buachaillí. Caithfe tú bheith corrtha tar éis duit an bóthar sin do chuir díot.” Do shiubhalmar isteach. Do leag Brighid an ciotal ar an dteinidh agus do shéid sí faoi, agus ba ghairid an mhoill uirre an té do chuir i gcóir. Nuair a bhiomar ag suidhe chun an bhúird do bhuail Cas agus Cos isteach. “Druididh siar ó n-a chéile!” ar Cos ag tarr- aingt dá chathaoir chun an bhúird, ceann do féin agus ceann do Chas. “Tar slán, a Bhrighid!” ar Cas, “is agat a bhíonn an té is deise i gcomhnuidhe,” agus do luig gach aoinneach ag ithe agus ag ól agus ag comhrádh. Le linn an té do bheith ar siubhal, do bhí droch- dheallramh ag teacht ar an dtráthnóna, agus níorbh fhada go raibh an fhearthainn ag stealladh. I gcionn tamaill táinig Sean-Chonn abhaile ón bpáirc. Sean- duine dúr ceanndána b'eadh é, ag tarraingt ar deich mbliadhna is trí fichid. Fear croicinn agus cnámh. Dá bhfeicfeá i ngarraidhe é níor dhóigh leat ná gor fear bréige a bheadh ann. Do bhí deallramh fiadhain air acht do bhí an t-an-nádúr ann in a dhiaidh sin. Dubhairt Sean-Chonn ná scaoilfeadh sé aoinneach againn as a thig an oidhche úd go raibh an iomarca fearthana ann agus na páirceanna ró-fhliuch agus gor bhfearr dúinn fuireach go maidin. B'fhearr liom féin dul abhaile acht ní raibh leigheas air, agus ó bhí an oidhche ag tuitim cheana féin do bhail- igheamar go léir timcheall na teineadh. Do bhuail cúpla duine de sna comharsain isteach, agus do fhanmar ag éisteacht le Cas agus le Cos ag cur síos ar a n-imteachta gor bhuail an 11 do chlog. Do scaipeamar insan. Ba é an t-athghearr a thugdar na comharsain orra ar a dteicheadh abhaile dóibh mar ba bhaoghal dóibh an chuirfiú. Nuair a bhí na comharsain imthighthe tugmar fe ndeara cuitín beag breac in a shuidhe le h-ais na teineadh. Ní raibh a fhios ag aoinneach cionnus a thárla do a bheith ann. Cuitín muinteardha b'eadh é a chromfadh ag crónán go séimh dá leagfaidhe láimh air. Do réir deallraimh, peata b'eadh é ag an té air leis é. Do fhágmar le h-ais na teineadh é. Thug Brighid mé féin léi anáirde ar an lochta. Seamra breágh fairsing b'eadh é acht amháin go mbuailfeá do cheann inso agus insúd ar na rach- aibh mar an mbeidhfeá ag faire ort féin. Ní raibh aon dorus ar an seamra so agus do bhí staidhre beag ag dul suas cuige ón seamra thíos. Do bhí dá leaba ann, leaba iarainn agus leaba adhmuid, ceann na leaban adhmuid ag cois na leaban iarainn. Tug Brighid an leaba iarainn domh-sa cun codlata inte an oidhche úd agus do chuaidh féin insan leabain adhmuid le n-a beirt deirbh- shéir. Do bhí Cas agus Cos ar an lochta eile in fhochair Sheáin .i. an mac ba shine ag Sean-Chonn. Nuair a bhí na paidreacha ráidhte againn tugmar tamall ag caint acht ba ghairid gor thuit a codladh ar Brighid bhoicht. Do bhí an bheirt ghearchaile in a gcodladh le scathamh agus i gcionn tamaill do thosnaig an triúir aca ag comórtas le n-a chéile insan sranntarnaig. Dá mhéid fonn codlata bhí orm féin, do chomhad an ciuitín breac im dhúiseacht me mar do bhí sé ag imtheacht thimcheall an chistin ag béiceadh nuair a bhreaith sé an t-uaigneas. Níorbh fhada go dtáinig cat-an-tighe abhaile. Ropaire mór. Agus ba ghairid in a dhiaidh sin gor thosnuig an bualadh. Do chromdar ar a chéile. D'airighinn na buillí troma ar an mbórd nó ar an driosúr nó ar an úrlár do réir mar a bheidís ag aistriughadh ó áit go h-áit ins an imreascáil. D'airighinn na cathaoireacha 'gá leagaint agus na gréithí da mbriseadh. “Ní bheidh cupan slán sa tig aca ar maidin acht grásta Dé,” ar mise liom féin, “Ó b'anamh linn teacht!” Agus níorbh é sin ba mheasa acht an screachadh a bhí ag an dá dhiabhail agus iad i ngreim a chéile. Insan d'airigheas an duine ag preabadh amach as an leabain insan seamra thíos fuínn. Do las sé an solus agus súd ag ruagairt na gcat é! Timcheall agus timcheall agus timcheall. D'airigh- inn buille inso agus béim insúd gor briseadh fuineóg fé dheiridh, agus do thuigeas ar an scread do chuir Conn as go raibh cat aca teichte le n-a anam. Siúd aníos an staidhre chugainn an tseilg! “Dar ndóigh,” ar mise liom féin, “ní amhlaidh a lean- fadh sé an cat isteach inso áit ná fuil ann acht cailíní!” D'eirigheas ar mo leath-uillinn chun faire ar tháirsig an tseamra. Do bhí an greadadh ag druidmheaint linn, saothar an chait agus trios- lóga an duine in a dhiaidh. An chead teimheal a fhuaras: cat agus cleath agus coinneal. Ní leig- feadh eagla dom cleas an tseilide do imirt agus dul fé chlúdach na leaban. Do fhanas ag faire ar Chonn (ó is é a bhí ann). Ní fhuighfinn mo shúile do bhogadh de. Ní raibh air acht a léine. Do bhí cleath ina láimh dheis aige agus coinneal in a láimh chlé; an dá starradh a bhí i dtosach a bhéil nochtaighthe aige, agus a dá chois mar chosa cuirre. Pé ádh a bhí orainn ní fé an leabain do rith an cat acht leath- istig de shean-thrannc. Do árdaig Conn a chleath agus do tharraing sé an buille. Tug an cuitín bocht léim asa chabhail agus d'imtig thar ráil an staidhre. D'airigheas an phleist thíos ar an úrlár. Súd in a dhiaidh arís an chleath agus an choinneal agus an dá spáig. Aon bhuille amháin insan, screach mar a chuirfeadh an bhean-sidhe aiste, agus scread nimhneach Choinn dh'á fhógairt ón dtig. Sin d'airigheas. D'imtig an solus agus do chiúinig an oidhche, Do tharraingeas m'anál, Do bhí an fuarallus ag rith anuas liom, acht thángas chugam féin arís i gcionn tamaill, cé nár thuit aon néal codlata orm as sin go maidin. Do bhí an triúir eile sa chomórtas i gcomhnuighe. Ar maidin nuair a thángas anuas ní raibh Cas ná Cos le feicsint. Tugas fé ndeara go raibh poll mór insan bhfuinneóig. “Na cait a dhein é sin areir,” ar Brighid. “D'eirig m'athair agus do chuir sé scrios leó. B'fhéidir go rabhais-se id' chodladh agus nár airighis an bualadh a bhí aca?” Do leigeas-sa orm nár airigheas dada. “Cá bhfuil na buachaillí?” ar mise insan. “Táid teich- te!” ar Brighid. “Nuair a chualadar na fuin- eóga 'ghá mbriseadh, an imreascáil agus an greadadh, dubhairt Seán liom gor theicheadar tríd (ar leanmhaint ar l. 9.)
CEACHTANNA GAEDHILGE CEACHT A 2. Bím Bír Bíonn sé nó sí Bimíd Bíonn sibh ag scríobh gach lá. ag siubhal ar an mbóthar gach tráthnóna. ag ól té gach maidin. ag imirt cártaí gach oidhche. ag dul ar scoil. ag obair ó mhaidin go h-oidhche. Tá Seán agus Seumas ag dul ar scoil. Bíonn Sighle sa mbaile. Bíonn Seán agus Seumas ag scríobhadh agus ag léigheamh agus ag caint ar scoil. Bíd ag foghluim. Bíd ag siubhal go dtí an scoil agus ón scoil. Ní bhíonn Sighle ar scoil; bíonn sí ag obair sa mbaile. De Luain, De Máirt, De Ceadaoin, Diardaoin, De h-Aoine, De Satharainn, De Domhnaig. GLUAIS. ar, on Gach, each Maidean, morning Bóthar, road Tráthnóna, afternoon Cártaí, cards Sighle, Sheela Ag foghluim, learning Oidhche, night Scoil, school Ag obair, working Ó, from Go, go dtí, to Ag dul, going Sa mbaile, at home CEISTEANNA. Cé bhíonn ag dul ar scoil? Cad a bhíonn Sighle a dheanamh? An mbíonn Seán, Pádraig, &rl.? Cathoin a bhíonn Seán? Cá mbíonn Sighle? Ag dul ar scoil? Cé, who. Cá, where. Cathoin, when. AN t-ATHAIR MARTAN. Ba é an rud deanach leis an Athair Mártan a bheith crosta dá bhfeadfadh sé é. Acht thuig sé go raibh an chúis aige. Bhí an t-adhbhar ann agus ní raibh aon mhaith a bheith ag dul ar scáth scéiche. Bhí sé leath bhliain sa pharóiste agus gach aon tsathrann, fuar agus te mar a thagaidís, bhíodh an sagart bocht 'na shuidhe annsúd i mbosca an fhaois- idín agus gan críostaidhe ó aon taobh de'n pharóiste ag teacht chuige. Bhí an dubhan fhalla tar éis seilbh a thógaint in pé aith bad mhaith leis sa mbosca. Ar maidin Domhnach cásca ní raibh críostaidhe ag an ráil ag glacadh Corp Naomhtha an Tigearna. Bhí sé craidhte — ní nach iongna. Is beag nár chaill sé a chiall. Agus cad a bhí le deanamh aige. NOTAI. CROSTA. Cancarach. “Tá sé chómh crosta leis an cait.” ADHBHAR. CÚIS. “Níl cúis ná a adhbhar agam chuige.” SCÁTH SCÉICHE. Gan troid a deanamh. “Ar scáth na capóige.” OIREAD LE. An méid sin. “Ní'l an oiread le pinginn agam.” BÍ AN DUBHAN FHALLA, &rl. Bí nead an dubhan fhalla i ngach áit. SEALBH. Rud a bheith ag duine d'réir dlighe. “Cuireadh as an tseilbh é.” AISTÍ. Comhrádh beirte. Sceul. “Tagann maith le cáirde.” CAIT NI DHIUBHIR. II. Tá liosacháinín féin glais agam féineach ag ceann mo thighe, Agus bíonn gach maidin ghréine an spéir bhean ann is í romham 'na suidhe. Tá leabhar aici de'n nGaedhilg agus beagáinín de'n mBéarla tríd. Is i mbun 'sa mbárr gach bhéarsa go mbeidh Éire ag Cáit Ní Dhuibhir. LIOSACHÁRINÍN. Port beag féir. CEANN. Piniúir. SPÉIRBHEAN. Ní fheadar cé bí seo? An í Éire í? CÁIT NÍ DHUIBHIR. Sinn Féin. AR gCOMHAIRLE DUIT. SAORSTAT NA H-EIREANN (ar leanmhaint ó l. 8). an fhuineóig mar shíleadar — ní nach iongna — gorb iad Lichford agus Wolfe a bhí ar a dtóir.” Ba mhór an spórt a bhí againn le linn an bhreic- feasta — Conn agus eachtra na gcat ar siubhal aige, agus Seán agus eachtra na beirte eile aige. Ar ball nuair a bhíos ag fágaint an tighe chun dul abhaile do chualas an “mí-amha” ba thruaigh- mhéilighe dár airigheas riamh. Do stadas cun eisteachta. Do fheachas as mo chionn agus do chonnacas an cuitín breac in acrann i ngabhail sceiche gile. Do ghlaodhas air agus do fhreagair sé mé agus é ag cogaint na gcraobh le mire na péine. Do ritheas isteach agus dubhras le Seán an dreimire do fhághail agus an cat bocht do réidhteach. Dubhairt sé sin liom go raibh an dreimire ag duine éigin de sna comharsain acht go rachfadh sé fé n-a dhéin. Do imtigheas féin liom insan. Nuair a bhíos ag dul amach an geatha do bhí madra Sheáin ag bun na sceiche ag rith timcheall agus ag sceamhghail agus é ag feuchaint suas ar an gcrann. Mí díreach in a dhiaidh sin tárla dom do bheith ag tig an Mhaolchathaig arís agus an gnó céadna agam ann .i. teagmháil ar Chas. Lá breágh broth- allach b'ea é. Do bhí tart agus ocras orm nuair a roicheas an tig. Do bhí Cas agus Cos romham agus té agus tóirtíní ollamhuighthe ag Brighid dúinn. Nách orm do bhí an t-áthas! Tóg sé mo chroidhe feuchaint ar an mbórd deas a bhí i gcóir aici romhainn. Go deimhin duit chuirfeadh sé faobhar ar ghoile an duine bhreóidhte. Do luigh- eamar ag ithe. Do bhí na toirtíní go h-áluinn, acht dá méid tarta a bhí orm ba ró-bheag an dúil a bhí agam insan té in slighidh éigin, agus tugas fé ndeara ná raibh aon tslogadh mór dá dheanamh ag Cas ná ag Cos acht an oiread liom féin. Ba ghairid go rabhmar réidh. Níor bheag le h-aoinneach an dara cupán agus do bhí leath mo chupán féin lán i gcomhnuighe. Do shíl Brighid, an t-aingiseóir, gor ar na toirtíníbh a bhí an locht. Acht níorbh eadh. Agus ní fhuigfinn féin an uair chéadna innisint cad a bhí orm. Ní raibh aon dúil agam insan té. Sin a raibh de fhios agam. Do bhuail seanduine isteach a raibh cos bacaighe aige. “Cad a chuir an cat insan bpampa?” an chéad fhocal do labhair sé. “Cia aca cat nó cia aca pampa?” adubhairt Brighid. “An pampa sin agaibh-se. Atá cat báidhte thíos ann ar bharr an uisce. Cat breac.” Do fheachas-sa ar Brighid. Do bhí a dá súil ar leathadh aici agus í ag féachaint ar an seanduine. “Atá an cheist réidhtighthe fé dheiridh,” ar sí sin. “Dar ndóigh b'ait liom 'dé chúis an dath ar an uisce le cúpla lá!” “Anbhruithe!” ar Cos in a chogar le Cas. “Ná raibh a fhios agam-sa!” Níorbh iad Cas ná Cos a theich an uair-se acht me féin. Do fhágas insan iad an t-an-rí-rá agus bualadh aca idir dréimirí, téadanna agus buic- éadí. An chleath agus an choinneal sin!!
DIOGHALTAS. “Slán Dé leat anois, a mhaimín Ní mór duit grádh mo chléibh Tá na buacaillí eile a' fanacht 'Lár an gleanna a's iad faoi réir. Cuma tréan nó lag an casgairt Duit-se béidh mé láidir tréan Tú a mhúin dom céard ba ceart dom Dhéanamh lá ar son na nGaedheal.” II. “Ná glac tusa fuacht na h-eagla Gidh i bhfad uait bhéas né féin Mar 's iomdha bean anocht neamh-fhaitcheach, Ar a gluiní ag agairt Dé, Chun sgaip' is fán a chur ar Ghallaibh, as tír áluinn uasal Gaedheal Maireach cluinfear rosg an chatha 'N as ó Ghaillimh go B'l'á Cliath.” III. “Má bhíonn in dán nach bhfillfidh mise Is an cath teann fuilteach thart Bíodh a'd misneach ceart do-sgriosta Buaidhfidh ceart go fóill ar neart, Má castar thú in áit mo sínte. Na sil aon deoir bíodh ad croidhe teann Is iomdha fear a creid mar mise Tabhair buidheachas croidhe do righ na bhfeart. IV. “Má fhillim-se san namha sgriosta Nach mór do bhród as gníomh do mhic? A sheas an fód go gasta cliste 'N-aghaidh na ngaduidhe ngallda nglic Nach tú a phágfas mé go bródamhail Nach mór é an riméad in do chroidhe Gur thógais mac a sheas go dóigheamhail I lár an chatha i n-aghaidh Sheáin Bhuidhe. V. Níl beannacht leat a thaisge Garaibh agat meisneach croidhe Seas cliú is cáil do thír' 's do bhaile Tabhair go fióchmhar faoi Sheán Bhuidhe! Shíl do thír 's do chine a mhilleadh Sa mharbhuigh t-athair gan thú ach mí Slán leat! Slán leat! a mhaicín mhúirnigh Bród 'sní cumha, tá ar mo chroidhe. P. ÓG Ó CONAIRE
Muna bhfiaghann tu An Gaedheal gach aoine Scriobh chughainn gan mhoill, agus cuirfeal cois eile chughat. LITIR CUMANN SHEAMMAIS UI LORCAIN.
AN CHEUD LEABHAR. AN DARA LEABHAR TAIDHBHSE AN CHAINN. ISOGAN. BRIDHEAN CHAORTHAINN. AN CUIGEADH LEABHAR. SCEILINI ANALL. CONCHUBHAR MAC NEASA. EACHTRA ROBINSON CRUSOE. MAC GNIOMHARA BHRIAIN. CATH FHIONNTRAGHA. AN BAILE SEO 'GAINNE. SCEALUIDHEACHT CHUIGE MUMHAN. ANNALA NA TUATHA I., II. & III. CORMAC O CONAILL. BOLG AN tSALATHAIR. AN CHEUD CHLOCH. EOCHAIDH MAC RI'n ERINN. LUB NA CAILLIGHE. BREGA EIREANN. MAC MIC IASGAIRE BHUIDHE LUIMNIGHE. LEABHAR AR AIREAMH I. & II. ALGEBAR a I.: CUID II. GHA ULLMHU'. CEIMSEATHA I. & II. EIRE: CONAN MAOL. STAIR NA hEIREANN: M. BREATHNACH. AN UISEOG. AN tAIRISHEOIR I. & II. SIGHEOGA NA mBLATH. AN DUTHCHAS. SEAN NA SCUAB. AN tSNAIM. MAC CARTHAIG MOR. BLATHA BEALTAINE. CEADTACH MAC FHINN AS ERINN. GORMFHLAITH. DEIRDRE. SHIDHEOG NA RANN. AR THAOBH AN LOCHA.
FÓGRA. DÉANTÚS NA hÉIREANN 'SEAD AN ROTHAR DAR ABAIMN “LUCAMA.” Táid le fagháil ó DÓMHNALL UA BUACHALLA. Ná feictear thú ar rothar gallda! IS LEOR NOD DON EOLACH
CEOL NA nGAELDHEAL By Eithne Ní Pheadair, Ollamh Ceoil (Dr. Annie Patterson, B.A.)
AN CATH. Bhí Seán Ó Muirgheasa agus Sighle a bhean in a suidhe cois teine oidhche tamall ó shoin in a dtig beag ar thaobh na fairrge in áit iar iar-gculac i gCúige Mumhan. Ba fuiris aithint orra go raibh buaidhirt éigin orra araon. Tugadar tamall maith gan aon chaint do deunamh. Fé dheireadh do labhair Seán — “Cade an mhaith bheith ag gearain a Shighle,” ar seisean, “caithfidh na buachaillí oga bheith óg agus sean-daoine bheith críona aosta. Corruig suas tú féin, níl aon rud acht gabháil leis an aimsir mar thiocfaidh sé ort.” An oidhche roimh sin bhí cath idir saighdiuirí na nGaedheal agus arm Sasana. Bhí Seumas, a mac sa chath. Bhí gach aon saghas scéil ag imteacht tim- ceall i dtaobh na catha. Bhí sé ráidhte gur mar bhuigheadh triúr no ceathrar de saighdiuiribh na nGaedheal agus gur chuireadh an ruaig dearg agus trom ruathar ar an namhaid. Ní raibh fios ag aoinne sa pharoisde cia hiad an triúr no an ceathrar de shaighdiuirí na hÉireann bhí fé Dhia. Cionn is na raibh Seumas tar éis chasadh no aon sceul uaidh bhí Sean bocht agus a bhean deimhnighteach ceart go raibh sé marbh. “Bhoil,” ar se, is trom iad crosa Gaedheal. Feuch orainn-ne anois atá i dtaobh le Seumas. Níl againn acht é mar taca don aois agus don lá déanach, agus cá bhfios dúinn nach sínte atá sé ó aréir. Cia aca ádhbhar áthais dúinn sin nó ádhbhar dubhróin.” “Eist a Sheáin,” arsa Sighle, “cuimhnig ar an gcrois chuireadh ar ár dTighearna an mac ba thaith- neamhuighe dá raibh ag máthair riamh. Feuch ar an dólas agus diombádh don Maighdean bheith ag feuch- aint air á chéusádh ar an gcrois sin, agus dála sinn féin ná raibh sa saoghal aice acht é. Cá cuma dúinne mar gheall ar an lá deanach. Ná deunfaidh an té do cheasadh agus a mháthair díon dúinn ins an árus is cóir. Seo, teighimis ar ár nglúinibh agus ofráilimis suas an Coróinn Muire dhó, beo nó marbh. Deineadar amhlaidh. Ní rabhadar acht leath slighe trid nuair do bhuaileadh ag an bhfuinn- eoig. Do aithn an mathair an bualadh. “Mo leanbh chugham airís,” arsa sí. “Scaoil sí isteach é. Nach uirri bhí an tathas. Chuadhar ar a nglúnaibh airis agus chuireadar derie leis an gCoróinn Muire, agus gabhadar a mbuidheachas le Dia agus leis an Maighdean Muire gur tugadar a mac slán ón chath. Do shuidhedar go léir thimcheall na teine ar soin. Bhí Seán agus Sighle ag ceistuighadh Seumas i dtaobh eachtrai na hoidhche roimhe sin. Níor innis sé mórán dóibh, acht amháin gur bhuaidh na Gaedhil sa chath agus go raibh sé fíor gur marbhuigheadh triúr de saighdiuiribh na hÉireann. “Go ndeunaidh Dia trócaire ar a n-anamhaibh, na fearaibh bochta, agus go dtugaidh Sé compóird dá muintir,” arsa Sighle. “Amen, a Thigearna,” ars Seán agus Seumas. AN CHARRAIG.
AN GAEDHEAL COMHLUCHT TAIGHDE UM CLODOIREACHT, FOILLSEOIREACHT AGUS TRACHTAIL TEO. THE GAEL
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services