AN GAODHAL
THE GAEL
TEOINI AGUS TIGHTHE
LOISTIN (ar leanmhaint).
Nioclas Tóibín do sgriob.
TEOINI AG TUITIM AGUS AG TUIRLING.
Nuair ná raibh fuireach níos sia ag Teóiní sa
tig lóistín seo chaith sé imshniomh na h-imirighe a chur
ar féin. Bhí cuidreamh aige le cúpla buachaill a
bhí i dtig lóistín eile agus chuaidh sé i gcomhairle
leo. Ní raibh aon rud aca ar an tig seo acht
moladh agus shocruig Teoiní ar dhul in aontigheas
leo. Chruinnig sé a chuid giúrléidí agus thug sé
chum cuain iad.
An bhean tighe a bhí sa tig lóistín seo ní fheaca
Teoiní acht aon teimheal amháin di. Ní raibh aon
chur isteach ná amach aici ar aoinne. Bhí cailín
freastail aici agus dhéineadh sí siúd tál ar an
sluagh. Mar sin féin ní raibh Teoiní i bhfad i dtigh-
eas sa tig seo nuair a thuig sé an saghas mná tighe
a bhí aige, béidir i bhfad níos feárr ná dá mbeadh
sí de ghnáth in fhiadhnaise. Thug sé fé ndeara gur
ar ghéire a bhí sí ag dul agus go raibh an mheur aici
chuige. Ní raibh aon t-seans go mbeadh aon rud
ag dul amugha uirre maidir le flaitheamhlacht ná
le faillighe. Bhí ceathrar eile sa tig. Bhídís ag
mion-chaint i dtaobh cúrsaí bidhe uaireanta acht
níor airig aoinne iad. Ba ghairid gur tháinig
aimsir im an tsmeartha agus an bhlunaig — an mar-
garín. Chuaidh bean an tighe — ní nach iongna — ar
an smeartha. Bhí an smeartha go millteach. Bhí
gach fear agus a chleas féin aige d'iarraidh a
dhéanamh amach an raibh aon aithint uachtair ar aon
chor ann. Dh'aontuigheadar ná raibh — gurbh' é an
t-im úd an aithris dhéanach ar im. Bhí saghas grabh-
as ag teacht ar gach fear, agus níorbh' é an focal
ar goghnamh a gheibheadh an cailín freastail bocht.
Is ar chúl an tighe bhí árus Theoiní. Bhí gáirdín
beag taobh thiar de'n tig. Bhí pónaire agus gab-
áiste agus torthaí beaga de'n tsórt sin ag fás
ann — díreach mar a dh'oirfeadh. Ní raibh sé acht
thimcheall trí seachtmhaine sa tig nuair a bhí teipe
beag ag teacht ar an gcodla aige. Dh'airigheadh
sé fo-chat ag béice san oidhche. Chuiridís a chodla
rud beag amugha air. Acht níor leig sé aon rud
air le h-aoinne mar gheall air. An oidhche seo
thosnuig an caointeachán amuigh thimcheall a dó
chlog. Thabharfadh aoinne an leabhar gur duine a
bhí ann. Níor bh'fhada gur thosnuig an tarna guth
agus an tríomhadh guth. Is dócha ná raibh cat sa
chathair ná raibh sa ngáirdín. Agus níor dhada na
cait go dtí gur thosnuig scata madraí ag sceabh-
ghail tamall ón tig. Chrom na coillig ag
glaodhach ar a trí. Pé áit ar tháinig coillig as
ní raibh lag orra acht ag glaodhach. B'ait le
Teoiní cá raibh na h-asail nuair ná rabhdar á gcuir
féin in iúil. Ní raibh aon fháil aige ar an gcodla
a dheanamh. Dh'eirig sé. Nuair a bhuail sé anuas
an staighre bhí beirt na suidhe roimhe. Ní dubhr-
adar focal acht cromadh ag gáire. Ba mheasa
iad féin ag gáire ná aon rud eile.
Bhí sin go maith. Tháinig am dinnéir. Bhí an
cúigear istig ar aon mhéile. Bhí roint gabáiste
ar phláta gach fir. Bhí gach fear a scrúdú an
ghabáiste.
“Cá bhfuigheann sibh an gabáiste?” arsa fear
aca leis an gcailín.
“Tá sé ag fás sa ngáirdín,” ars an cailín.
“Má tá, táim-se sásta dhe,” ar seisin.
Dh'imthig an cailín agus tháinig bean an tighe
isteach chúcha. Dh'fheuch sí orra.
“Ní maith liom sibh a bheith ag gearán ar an
ngabáiste sin,” ar sí, “mar ní'l níos feárr ná é
le fáil ar mhargadh Bhl' átha Cliath. Chím ó tháinig
an buachaill seo .i. Teoiní, 'nbhur measc go bhfuil
sibh ag teacht mí-shásta. Agus dar ndóigh mar an
dtaithneann leis fágadh.”
Chuir sí peatar dí annsin.
Nuair a tháinig am codlata bhí Teoiní cortha
agus chuaidh chun suain acht níorbh' throm suan do.
Bhí sé ag cuimhneamh gurbh' fheárr do bob éigin eile
chur suas tar éis an íde úd. Bhí an chuid truc,
eadach is leabhair agus córacha an domhain gan
chiall ag gabháil leis agus ba ghráin leis a bheith a
n-iomchar ó áit go h-áit. Rud eile bhí costas ag
baint le bheith ag aistriú agus ní raibh a thuarastal
ró-theann. Chuimhnig sí ar sheift. Dh'eirig sé luath
ar maidin agus aon rud a bhí na sheilbh ná raibh aon
tairbhe do ann, bhailig sé é agus um thráthnóna
bheir sé leis iad agus dhíol sé iad. Fuair sé
pingní orra. Annsin bhí coimhreamh an airgid ghil
le cur leis sin. Ní raibh aon bhaoghal airgid ar
aon chor air.
Bhí aithne aige ar bheirt mhac leigheann ón iol-
scoil, beirt adhbhar dochtúra. Bhí beirt eile 'na
bhfochair — ceathrar acu, ar lóistín in aon tig. Is
leo a thuit Teoiní an iarracht so. Ní morán aim-
sire a fuair Teoiní ar stuidéar a dheanamh de
bhean an tighe seo. Bhí a dhóithin agus fuighleach de
chuideachta sa gceathrar mac leigheann. As d'
oidhche nuair a thagaidís isteach ba ghnáth leo dul
ar chártaí. Ní raibh Teoiní i bhfad nuair a mheall-
adh isteach sa chluithche é. Neaip a bhídís a dh'imirt.
Bhí Teoiní ag deanamh cuibhseach maith go dtí gur
bhailigheadar thimcheall air. Chaill sé cúpla púnt
oidhche eile. Bhí na pócaí ag teacht silte aige.
An oidhche seo chuaidh sé san imirt, agus ní raibh
aige acht roint scillingí. Is gairid a chuadar
leis. Dh'fhan sé ag imirt. Bhíodh (bhítheas) ag dul
ann. Tharraing sé chuige páipéar agus chrom ag
scríobh na bhfiacha Ar a ceathair ar maidin bhí trí
púint caillte aige Chaitheadar uatha iad. Tháinig
oidhcheannta agus oidhcheannta eile agus ní raibh
aon fhonn air suidhe chun imirt agus ní lugha ná sin
de fhonn a bhí air a chuid fiacha a dhíol. Bhí na mic
leighinn ag caint eatorra féin. Ba thár ar fad
leo an cleas a bhí ar siubhal ag Teoiní. Sheunadar
é — an fear bocht.
Ba mheasa leis é seo ná aon rud a bhain do fós,
mar ní raibh aon leigheas aige air. Agus shíl sé
go raibh an tuigsint ag baint leis an dream eile.
Acht ní amhlaidh a bhí. Bhíodar súd sásta go maith
go raibh Teoiní teann fé airgead agus gurbh'
amhlaidh a bhí sé ag bailiú chuige. Acht ní raibh an
ceart aca. Bhí an éagcóir aca mar is iad féin
a dhein an liadhba air.
B'fhearr leis aistriú eile a dheanamh ná bheith 'na
gcuideachta. Pé mar a bhí sé mheas sé é féin i
bhfad níos treise ná an chuideachta úd. Dhein sé
an t-aistriú. Ní raibh sé de uain aige morán
stuidéar a dheanamh ar an árus nú a fuair sé, mar
thug bainisteoir an bhainc leitir do.
AN CHEAD ADHBHAR ATHAIS.
Dh'oscail Teoiní an leitir a fuair sé ón mbainis-
teóir. Bhí innte go raibh air aistriú a dheanamh
síos go dtí baile mór i dtuaiscirt na Mumhan.
Ba bhreágh leis an fhógairt úd. Ba thógaint croidhe
do í. Ní fheadar sé ciaca ag tuitim sa saoghal a
bhí sé nó ag eirghe, acht bhí fhios aige go raibh sé
cortha go maith de Bhl' átha Cliath agus gur dhéirc
a bheith amach as.
Bhog sé bóthar gan fios rúin ná rian a imtheachta
a thabhairt do neach beo. Tháinig sé slán folláin
go dtí an mbaile mór so. I dtig ósda iseadh
chuaidh sé ar iosdas. Daoine deasa grádhmhara a
bhí sa tigh. Bhí séisin go deas leo. Bíodh sé istig
tráthmhail go maith gach oidhche agus mar sin de.
Bhí halla sa mbaile agus bhí a thriall ann ag imirt
biléirí. Bhí sé go h-oilte orra súd. Chuiridís
síos an-chuid dá chuid aimsire dho. Bhí sé chómh
sásta leis féin le diúic.
Acht ní sheasuigheann rith maith leis an each i
gcomhnuidhe. Chuir sé aithne ar bheirt nó triúr
buachaillí sa mbaile mór. Árd spórt ba eadh iad
agus bhíodar ruidín beag tabhartha don ól. Ní
dh'fheadfadh Teoiní a gcuideachta a thréigin, agus
ní bhfuigheadh sé a bheith na gcuidcachta gan deoch a
bheith aighe chómh maith le fear. Ba bheus le Teoiní
agus a chuideachta dul isteach in gach aon tig ósda
ag ól acht insan tig 'na raibh sé ar lóistín, agus
chum an donas a dheanamh ar an sceul ar fad bhí
tig ósda treasna na sráid agus is ann ba mhinicí
a bhíodh a dtriall. Badh dhóigh le h-aoinne gur
d'aon ghnó a theighdís isteach annsúd, chum a bheith
ag deanamh cancais ar an dream eile. Níor
dhóigh le duine go mbeadh críostaidhe mhic an luain
sa tig ósda 'na mbíod Teoiní go mbíodh sé ag
bualadh isteach sa tig ósda eile. Pé áit ná poll
'na n-eirighdís as leis an linn bhíodh duine nó beirt
i ngach fuinneóg agus óir ná raibh an radharc ró-
gheur ag bean an tighe ósda fuair sé ceann desna
gloiní beaga radhairce sin — bíonn siad an-
oireamhnach uaireanta — chum a bheith ag faire ar
Theoiní. Ní bhíodh aon eochair aige agus bhíodh air
a bheith istig isteach 'sa amach le n-a taon-bhuille
dheug. An fhaid agus a bhí sé go deas macánta
bhí fáilte roimhe aon uair a thiocfadh sé. Bhí sé ag
teacht maith go leor ar feadh tamaill. Thugadh sé
a chomhpánaig leis chum dighe slána agus beannachta
an mheodhain oidhche thabhairt dóibh. Bhí an deoch á
fhagháil fonnmhar go leor go dtí gur iompuig
Teoiní amach beagáinín mí-ádhmharach. Táinig sé
oidhche agus ní raibh cois fé. Ní raibh aon fháil
ar aon deoch an oidhche sin.
Ar maidin dar ná bháireach bhí bean an tighe ar
bhior. Tháinig sí go dtí Teoiní agus é a d'iarraidh
greim na maidne a shlogadh i gcoinne a aigne. Ní
h-aon deallradh ar fognamh a bhí uirre. Bhí sí liath
le h-aois de'n chead dul síos agus dhein an teach-
taireacht a raibh sí air an iarracht so sioc liath ar
fad dhi.
“Tá sé chómh maith agat a bheith ag cuimneamh
ar lóistín éigin eile a thógaint,” arsa sí le
Teoiní. “Cím go bhfuil an tig seo ró chumhang
duit, agus óir go cumhang leat, fág.”
Níor mhéiun le Teoiní a bheith ag cuimhneamh ar
freagra thabhairt ar an mbolgam cainte seo.
B'fhearr leis dul ar leigheas tinnis cinn dá bhfead-
fadh sé é. Chaith sé a chuid agus bhí sé ag deanamh
cúinnéireacht bheag feachaint an bhfuarfadh an
sceul acht ní raibh aon dá fhocal ann. Bhí an buille
buailte. Bhí deire leis annsúd. 'Sé an bóthar
a bhí i ndán do. Chaith sé bogadh.
(Ní Críoth).
CAS AGUS COS
BEAN UÍ NÉILL
AN CHLEATH AGUS AN CHOINNEAL.
Áit a mbeadh Cas bheadh Cos. Dá mbeadh tuirse
ar Chas bheadh sé ar Chos. Dá mbeadh ocras ar
Chas bheadh sé ar Chos. Dá mbeadh an droch-aimsear
nó an anró ag cuir ar Chas bheadh sí ag cur ar Chos.
“Cionnus sin,” ar tusa, “mar an dá ghabhar
iad?”
Níorbh aon dá ghabhar ar aon chor iad acht beirt
buachaill, agus tuigfé tu féin, a léighteóir, fáth
a n-imtheacht, ó is leór d'fhear leighinn leath-fhocal.
Buachaill téagartha b'eadh Cas. Pearsa shoin-
eannta shlachtmhar. Gruaidh chraobhach chasta, agus
sin é an chúis tugadh “Cas” air. Buachaill tréan
láidir nár mhaith leat go dtógfadh sé do thomhaise
le n-a dhóirnibh.
Ba lugha Cos ná Cas agus ba chaoile. Do bhí
gruaidh dhubh air ar fán le gach feóithne, agus súile
ar dhath an áirne ag rinnce le spórt agus le
scléip cuma cionnus a ghabhfadh an saoghal. 'Is é
an chúis “Cos” do thabhairt air ná go mbiodh sé
ag cosaint Cais i ngach a ndéanfadh agus i ngach
a ndéarfadh an duine sin. Ba é Cos an sceach
'san mbearnain ag Cas i gcomhnuidhe.
B'éigin dom féin dul le teachtaracht chucha tráth-
nóna siar go dtí Gleann-na-mBroc. Dubhradh
liom go bhfuighfinn ag tig Uí Mhaolchatha iad.
D'osgaileas geata an tighe sin agus do shiubhlas
isteach an casáinín a bhí ag dul tríd an gháirdin go
dtí an teach. Do bheannuigheas do Bhrighid .i. an
inghean ba shine ag Sean-Chonn. Do bheannuigh sí
sin dom agus do chuir fáilte romham. Do bhí sí
ag tarraingt uisce as an bpampa. Do cheangail
sí an buicéad do thead an phampa agus do scaoil
sí síos insan dtobar é, do chas sí an roth insan
agus tháinig an buicéad uisce aníos chuiche. Do
fheuchas féin síos ann. “Nach mór an doimhneas
é!” ar mise. “Atá is dócha,” ar Brighid, “cúig
throig ar fhicid. Uisce an-mhaith é seo. Acht siubh-
ail leat isteach go dtiocfe na buachaillí. Caithfe
tú bheith corrtha tar éis duit an bóthar sin do chuir
díot.”
Do shiubhalmar isteach. Do leag Brighid an
ciotal ar an dteinidh agus do shéid sí faoi, agus
ba ghairid an mhoill uirre an té do chuir i gcóir.
Nuair a bhiomar ag suidhe chun an bhúird do bhuail
Cas agus Cos isteach.
“Druididh siar ó n-a chéile!” ar Cos ag tarr-
aingt dá chathaoir chun an bhúird, ceann do féin
agus ceann do Chas.
“Tar slán, a Bhrighid!” ar Cas, “is agat a
bhíonn an té is deise i gcomhnuidhe,” agus do luig
gach aoinneach ag ithe agus ag ól agus ag comhrádh.
Le linn an té do bheith ar siubhal, do bhí droch-
dheallramh ag teacht ar an dtráthnóna, agus níorbh
fhada go raibh an fhearthainn ag stealladh. I gcionn
tamaill táinig Sean-Chonn abhaile ón bpáirc. Sean-
duine dúr ceanndána b'eadh é, ag tarraingt ar
deich mbliadhna is trí fichid. Fear croicinn agus
cnámh. Dá bhfeicfeá i ngarraidhe é níor dhóigh
leat ná gor fear bréige a bheadh ann. Do bhí
deallramh fiadhain air acht do bhí an t-an-nádúr
ann in a dhiaidh sin.
Dubhairt Sean-Chonn ná scaoilfeadh sé aoinneach
againn as a thig an oidhche úd go raibh an iomarca
fearthana ann agus na páirceanna ró-fhliuch agus
gor bhfearr dúinn fuireach go maidin. B'fhearr
liom féin dul abhaile acht ní raibh leigheas air,
agus ó bhí an oidhche ag tuitim cheana féin do bhail-
igheamar go léir timcheall na teineadh. Do bhuail
cúpla duine de sna comharsain isteach, agus do
fhanmar ag éisteacht le Cas agus le Cos ag cur
síos ar a n-imteachta gor bhuail an 11 do chlog.
Do scaipeamar insan. Ba é an t-athghearr a
thugdar na comharsain orra ar a dteicheadh abhaile
dóibh mar ba bhaoghal dóibh an chuirfiú.
Nuair a bhí na comharsain imthighthe tugmar fe
ndeara cuitín beag breac in a shuidhe le h-ais na
teineadh. Ní raibh a fhios ag aoinneach cionnus a
thárla do a bheith ann. Cuitín muinteardha b'eadh
é a chromfadh ag crónán go séimh dá leagfaidhe
láimh air. Do réir deallraimh, peata b'eadh é ag
an té air leis é. Do fhágmar le h-ais na teineadh
é.
Thug Brighid mé féin léi anáirde ar an lochta.
Seamra breágh fairsing b'eadh é acht amháin go
mbuailfeá do cheann inso agus insúd ar na rach-
aibh mar an mbeidhfeá ag faire ort féin. Ní raibh
aon dorus ar an seamra so agus do bhí staidhre
beag ag dul suas cuige ón seamra thíos. Do bhí
dá leaba ann, leaba iarainn agus leaba adhmuid,
ceann na leaban adhmuid ag cois na leaban
iarainn. Tug Brighid an leaba iarainn domh-sa
cun codlata inte an oidhche úd agus do chuaidh
féin insan leabain adhmuid le n-a beirt deirbh-
shéir.
Do bhí Cas agus Cos ar an lochta eile in fhochair
Sheáin .i. an mac ba shine ag Sean-Chonn.
Nuair a bhí na paidreacha ráidhte againn tugmar
tamall ag caint acht ba ghairid gor thuit a codladh
ar Brighid bhoicht. Do bhí an bheirt ghearchaile in a
gcodladh le scathamh agus i gcionn tamaill do
thosnaig an triúir aca ag comórtas le n-a chéile
insan sranntarnaig. Dá mhéid fonn codlata bhí
orm féin, do chomhad an ciuitín breac im dhúiseacht
me mar do bhí sé ag imtheacht thimcheall an chistin
ag béiceadh nuair a bhreaith sé an t-uaigneas.
Níorbh fhada go dtáinig cat-an-tighe abhaile.
Ropaire mór. Agus ba ghairid in a dhiaidh sin
gor thosnuig an bualadh. Do chromdar ar a chéile.
D'airighinn na buillí troma ar an mbórd nó ar
an driosúr nó ar an úrlár do réir mar a bheidís
ag aistriughadh ó áit go h-áit ins an imreascáil.
D'airighinn na cathaoireacha 'gá leagaint agus na
gréithí da mbriseadh. “Ní bheidh cupan slán sa
tig aca ar maidin acht grásta Dé,” ar mise liom
féin, “Ó b'anamh linn teacht!” Agus níorbh é sin
ba mheasa acht an screachadh a bhí ag an dá dhiabhail
agus iad i ngreim a chéile.
Insan d'airigheas an duine ag preabadh amach
as an leabain insan seamra thíos fuínn. Do las
sé an solus agus súd ag ruagairt na gcat é!
Timcheall agus timcheall agus timcheall. D'airigh-
inn buille inso agus béim insúd gor briseadh
fuineóg fé dheiridh, agus do thuigeas ar an scread
do chuir Conn as go raibh cat aca teichte le n-a
anam.
Siúd aníos an staidhre chugainn an tseilg! “Dar
ndóigh,” ar mise liom féin, “ní amhlaidh a lean-
fadh sé an cat isteach inso áit ná fuil ann acht
cailíní!” D'eirigheas ar mo leath-uillinn chun
faire ar tháirsig an tseamra. Do bhí an greadadh
ag druidmheaint linn, saothar an chait agus trios-
lóga an duine in a dhiaidh. An chead teimheal a
fhuaras: cat agus cleath agus coinneal. Ní leig-
feadh eagla dom cleas an tseilide do imirt agus
dul fé chlúdach na leaban. Do fhanas ag faire
ar Chonn (ó is é a bhí ann). Ní fhuighfinn mo shúile
do bhogadh de. Ní raibh air acht a léine. Do bhí
cleath ina láimh dheis aige agus coinneal in a láimh
chlé; an dá starradh a bhí i dtosach a bhéil nochtaighthe
aige, agus a dá chois mar chosa cuirre. Pé ádh a
bhí orainn ní fé an leabain do rith an cat acht leath-
istig de shean-thrannc. Do árdaig Conn a chleath
agus do tharraing sé an buille. Tug an cuitín
bocht léim asa chabhail agus d'imtig thar ráil an
staidhre. D'airigheas an phleist thíos ar an úrlár.
Súd in a dhiaidh arís an chleath agus an choinneal
agus an dá spáig. Aon bhuille amháin insan,
screach mar a chuirfeadh an bhean-sidhe aiste, agus
scread nimhneach Choinn dh'á fhógairt ón dtig. Sin
d'airigheas. D'imtig an solus agus do chiúinig
an oidhche, Do tharraingeas m'anál, Do bhí an
fuarallus ag rith anuas liom, acht thángas
chugam féin arís i gcionn tamaill, cé nár thuit
aon néal codlata orm as sin go maidin. Do
bhí an triúir eile sa chomórtas i gcomhnuighe.
Ar maidin nuair a thángas anuas ní raibh Cas
ná Cos le feicsint. Tugas fé ndeara go raibh
poll mór insan bhfuinneóig. “Na cait a dhein é
sin areir,” ar Brighid. “D'eirig m'athair agus
do chuir sé scrios leó. B'fhéidir go rabhais-se id'
chodladh agus nár airighis an bualadh a bhí aca?”
Do leigeas-sa orm nár airigheas dada. “Cá
bhfuil na buachaillí?” ar mise insan. “Táid teich-
te!” ar Brighid. “Nuair a chualadar na fuin-
eóga 'ghá mbriseadh, an imreascáil agus an
greadadh, dubhairt Seán liom gor theicheadar tríd
(ar leanmhaint ar l. 9.)
CEACHTANNA GAEDHILGE
CEACHT A 2.
Bím
Bír
Bíonn sé nó sí
Bimíd
Bíonn sibh
ag scríobh gach lá.
ag siubhal ar an mbóthar gach
tráthnóna.
ag ól té gach maidin.
ag imirt cártaí gach oidhche.
ag dul ar scoil.
ag obair ó mhaidin go h-oidhche.
Tá Seán agus Seumas ag dul ar scoil. Bíonn
Sighle sa mbaile. Bíonn Seán agus Seumas ag
scríobhadh agus ag léigheamh agus ag caint ar
scoil. Bíd ag foghluim. Bíd ag siubhal go dtí
an scoil agus ón scoil. Ní bhíonn Sighle ar scoil;
bíonn sí ag obair sa mbaile.
De Luain, De Máirt, De Ceadaoin,
Diardaoin, De h-Aoine, De Satharainn, De
Domhnaig.
GLUAIS.
ar, on
Gach, each
Maidean, morning
Bóthar, road
Tráthnóna, afternoon
Cártaí, cards
Sighle, Sheela
Ag foghluim, learning
Oidhche, night
Scoil, school
Ag obair, working
Ó, from
Go, go dtí, to
Ag dul, going
Sa mbaile, at home
CEISTEANNA.
Cé bhíonn ag dul ar scoil? Cad a bhíonn Sighle
a dheanamh? An mbíonn Seán, Pádraig, &rl.?
Cathoin a bhíonn Seán? Cá mbíonn Sighle? Ag
dul ar scoil?
Cé, who. Cá, where. Cathoin, when.
AN t-ATHAIR MARTAN.
Ba é an rud deanach leis an Athair Mártan a
bheith crosta dá bhfeadfadh sé é. Acht thuig sé
go raibh an chúis aige. Bhí an t-adhbhar ann agus
ní raibh aon mhaith a bheith ag dul ar scáth scéiche.
Bhí sé leath bhliain sa pharóiste agus gach aon
tsathrann, fuar agus te mar a thagaidís, bhíodh an
sagart bocht 'na shuidhe annsúd i mbosca an fhaois-
idín agus gan críostaidhe ó aon taobh de'n
pharóiste ag teacht chuige. Bhí an dubhan fhalla
tar éis seilbh a thógaint in pé aith bad mhaith leis
sa mbosca. Ar maidin Domhnach cásca ní raibh
críostaidhe ag an ráil ag glacadh Corp Naomhtha
an Tigearna. Bhí sé craidhte — ní nach iongna. Is
beag nár chaill sé a chiall. Agus cad a bhí
le deanamh aige.
NOTAI.
CROSTA. Cancarach. “Tá sé chómh crosta leis
an cait.”
ADHBHAR. CÚIS. “Níl cúis ná a adhbhar agam
chuige.”
SCÁTH SCÉICHE. Gan troid a deanamh. “Ar
scáth na capóige.”
OIREAD LE. An méid sin. “Ní'l an oiread
le pinginn agam.”
BÍ AN DUBHAN FHALLA, &rl. Bí nead an dubhan
fhalla i ngach áit.
SEALBH. Rud a bheith ag duine d'réir dlighe.
“Cuireadh as an tseilbh é.”
AISTÍ. Comhrádh beirte. Sceul. “Tagann
maith le cáirde.”
CAIT NI DHIUBHIR.
II.
Tá liosacháinín féin glais agam féineach ag ceann
mo thighe,
Agus bíonn gach maidin ghréine an spéir bhean
ann is í romham 'na suidhe.
Tá leabhar aici de'n nGaedhilg agus beagáinín
de'n mBéarla tríd.
Is i mbun 'sa mbárr gach bhéarsa go mbeidh
Éire ag Cáit Ní Dhuibhir.
LIOSACHÁRINÍN. Port beag féir.
CEANN. Piniúir.
SPÉIRBHEAN. Ní fheadar cé bí seo? An í Éire í?
CÁIT NÍ DHUIBHIR. Sinn Féin.
AR gCOMHAIRLE DUIT.
SAORSTAT NA H-EIREANN
(ar leanmhaint ó l. 8).
an fhuineóig mar shíleadar — ní nach iongna — gorb
iad Lichford agus Wolfe a bhí ar a dtóir.”
Ba mhór an spórt a bhí againn le linn an bhreic-
feasta — Conn agus eachtra na gcat ar siubhal
aige, agus Seán agus eachtra na beirte eile
aige.
Ar ball nuair a bhíos ag fágaint an tighe chun
dul abhaile do chualas an “mí-amha” ba thruaigh-
mhéilighe dár airigheas riamh. Do stadas cun
eisteachta. Do fheachas as mo chionn agus do
chonnacas an cuitín breac in acrann i ngabhail
sceiche gile. Do ghlaodhas air agus do fhreagair
sé mé agus é ag cogaint na gcraobh le mire na
péine. Do ritheas isteach agus dubhras le Seán
an dreimire do fhághail agus an cat bocht do
réidhteach. Dubhairt sé sin liom go raibh an
dreimire ag duine éigin de sna comharsain acht
go rachfadh sé fé n-a dhéin. Do imtigheas féin liom
insan. Nuair a bhíos ag dul amach an geatha do
bhí madra Sheáin ag bun na sceiche ag rith timcheall
agus ag sceamhghail agus é ag feuchaint suas ar an
gcrann.
Mí díreach in a dhiaidh sin tárla dom do bheith ag
tig an Mhaolchathaig arís agus an gnó céadna
agam ann .i. teagmháil ar Chas. Lá breágh broth-
allach b'ea é. Do bhí tart agus ocras orm nuair
a roicheas an tig. Do bhí Cas agus Cos romham
agus té agus tóirtíní ollamhuighthe ag Brighid
dúinn. Nách orm do bhí an t-áthas! Tóg sé mo
chroidhe feuchaint ar an mbórd deas a bhí i gcóir
aici romhainn. Go deimhin duit chuirfeadh sé
faobhar ar ghoile an duine bhreóidhte. Do luigh-
eamar ag ithe. Do bhí na toirtíní go h-áluinn, acht
dá méid tarta a bhí orm ba ró-bheag an dúil a bhí
agam insan té in slighidh éigin, agus tugas fé
ndeara ná raibh aon tslogadh mór dá dheanamh ag
Cas ná ag Cos acht an oiread liom féin. Ba
ghairid go rabhmar réidh. Níor bheag le h-aoinneach
an dara cupán agus do bhí leath mo chupán féin lán
i gcomhnuighe. Do shíl Brighid, an t-aingiseóir,
gor ar na toirtíníbh a bhí an locht. Acht níorbh
eadh. Agus ní fhuigfinn féin an uair chéadna
innisint cad a bhí orm. Ní raibh aon dúil agam
insan té. Sin a raibh de fhios agam.
Do bhuail seanduine isteach a raibh cos bacaighe
aige.
“Cad a chuir an cat insan bpampa?” an chéad
fhocal do labhair sé.
“Cia aca cat nó cia aca pampa?” adubhairt
Brighid.
“An pampa sin agaibh-se. Atá cat báidhte thíos
ann ar bharr an uisce. Cat breac.”
Do fheachas-sa ar Brighid. Do bhí a dá súil ar
leathadh aici agus í ag féachaint ar an seanduine.
“Atá an cheist réidhtighthe fé dheiridh,” ar sí sin.
“Dar ndóigh b'ait liom 'dé chúis an dath ar an
uisce le cúpla lá!”
“Anbhruithe!” ar Cos in a chogar le Cas. “Ná
raibh a fhios agam-sa!”
Níorbh iad Cas ná Cos a theich an uair-se acht me
féin. Do fhágas insan iad an t-an-rí-rá agus
bualadh aca idir dréimirí, téadanna agus buic-
éadí.
An chleath agus an choinneal sin!!
DIOGHALTAS.
“Slán Dé leat anois, a mhaimín
Ní mór duit grádh mo chléibh
Tá na buacaillí eile a' fanacht
'Lár an gleanna a's iad faoi réir.
Cuma tréan nó lag an casgairt
Duit-se béidh mé láidir tréan
Tú a mhúin dom céard ba ceart dom
Dhéanamh lá ar son na nGaedheal.”
II.
“Ná glac tusa fuacht na h-eagla
Gidh i bhfad uait bhéas né féin
Mar 's iomdha bean anocht neamh-fhaitcheach,
Ar a gluiní ag agairt Dé,
Chun sgaip' is fán a chur ar Ghallaibh,
as tír áluinn uasal Gaedheal
Maireach cluinfear rosg an chatha
'N as ó Ghaillimh go B'l'á Cliath.”
III.
“Má bhíonn in dán nach bhfillfidh mise
Is an cath teann fuilteach thart
Bíodh a'd misneach ceart do-sgriosta
Buaidhfidh ceart go fóill ar neart,
Má castar thú in áit mo sínte.
Na sil aon deoir bíodh ad croidhe teann
Is iomdha fear a creid mar mise
Tabhair buidheachas croidhe do righ na bhfeart.
IV.
“Má fhillim-se san namha sgriosta
Nach mór do bhród as gníomh do mhic?
A sheas an fód go gasta cliste
'N-aghaidh na ngaduidhe ngallda nglic
Nach tú a phágfas mé go bródamhail
Nach mór é an riméad in do chroidhe
Gur thógais mac a sheas go dóigheamhail
I lár an chatha i n-aghaidh Sheáin Bhuidhe.
V.
Níl beannacht leat a thaisge
Garaibh agat meisneach croidhe
Seas cliú is cáil do thír' 's do bhaile
Tabhair go fióchmhar faoi Sheán Bhuidhe!
Shíl do thír 's do chine a mhilleadh
Sa mharbhuigh t-athair gan thú ach mí
Slán leat! Slán leat! a mhaicín mhúirnigh
Bród 'sní cumha, tá ar mo chroidhe.
P. ÓG Ó CONAIRE
Muna bhfiaghann tu An Gaedheal gach
aoine Scriobh chughainn gan mhoill, agus
cuirfeal cois eile chughat.
LITIR CUMANN SHEAMMAIS UI
LORCAIN.
AN CHEUD LEABHAR.
AN DARA LEABHAR
TAIDHBHSE AN CHAINN.
ISOGAN.
BRIDHEAN CHAORTHAINN.
AN CUIGEADH LEABHAR.
SCEILINI ANALL.
CONCHUBHAR MAC NEASA.
EACHTRA ROBINSON CRUSOE.
MAC GNIOMHARA BHRIAIN.
CATH FHIONNTRAGHA.
AN BAILE SEO 'GAINNE.
SCEALUIDHEACHT CHUIGE MUMHAN.
ANNALA NA TUATHA I., II. & III.
CORMAC O CONAILL.
BOLG AN tSALATHAIR.
AN CHEUD CHLOCH.
EOCHAIDH MAC RI'n ERINN.
LUB NA CAILLIGHE.
BREGA EIREANN.
MAC MIC IASGAIRE BHUIDHE LUIMNIGHE.
LEABHAR AR AIREAMH I. & II.
ALGEBAR a I.: CUID II. GHA ULLMHU'.
CEIMSEATHA I. & II.
EIRE: CONAN MAOL.
STAIR NA hEIREANN: M. BREATHNACH.
AN UISEOG.
AN tAIRISHEOIR I. & II.
SIGHEOGA NA mBLATH.
AN DUTHCHAS.
SEAN NA SCUAB.
AN tSNAIM.
MAC CARTHAIG MOR.
BLATHA BEALTAINE.
CEADTACH MAC FHINN AS ERINN.
GORMFHLAITH.
DEIRDRE.
SHIDHEOG NA RANN.
AR THAOBH AN LOCHA.
FÓGRA.
DÉANTÚS NA hÉIREANN 'SEAD AN ROTHAR
DAR ABAIMN “LUCAMA.”
Táid le fagháil ó
DÓMHNALL UA BUACHALLA.
Ná feictear thú ar rothar gallda!
IS LEOR NOD DON EOLACH
CEOL NA nGAELDHEAL
By Eithne Ní Pheadair, Ollamh Ceoil (Dr. Annie Patterson, B.A.)
AN CATH.
Bhí Seán Ó Muirgheasa agus Sighle a bhean in a
suidhe cois teine oidhche tamall ó shoin in a dtig
beag ar thaobh na fairrge in áit iar iar-gculac i
gCúige Mumhan. Ba fuiris aithint orra go raibh
buaidhirt éigin orra araon. Tugadar tamall
maith gan aon chaint do deunamh. Fé dheireadh do
labhair Seán — “Cade an mhaith bheith ag gearain
a Shighle,” ar seisean, “caithfidh na buachaillí oga
bheith óg agus sean-daoine bheith críona aosta.
Corruig suas tú féin, níl aon rud acht gabháil leis
an aimsir mar thiocfaidh sé ort.”
An oidhche roimh sin bhí cath idir saighdiuirí na
nGaedheal agus arm Sasana. Bhí Seumas, a mac
sa chath. Bhí gach aon saghas scéil ag imteacht tim-
ceall i dtaobh na catha. Bhí sé ráidhte gur mar
bhuigheadh triúr no ceathrar de saighdiuiribh na
nGaedheal agus gur chuireadh an ruaig dearg
agus trom ruathar ar an namhaid. Ní raibh fios
ag aoinne sa pharoisde cia hiad an triúr no an
ceathrar de shaighdiuirí na hÉireann bhí fé Dhia.
Cionn is na raibh Seumas tar éis chasadh no aon
sceul uaidh bhí Sean bocht agus a bhean deimhnighteach
ceart go raibh sé marbh. “Bhoil,” ar se, is trom
iad crosa Gaedheal. Feuch orainn-ne anois atá i
dtaobh le Seumas. Níl againn acht é mar taca
don aois agus don lá déanach, agus cá bhfios dúinn
nach sínte atá sé ó aréir. Cia aca ádhbhar áthais
dúinn sin nó ádhbhar dubhróin.”
“Eist a Sheáin,” arsa Sighle, “cuimhnig ar an
gcrois chuireadh ar ár dTighearna an mac ba thaith-
neamhuighe dá raibh ag máthair riamh. Feuch ar an
dólas agus diombádh don Maighdean bheith ag feuch-
aint air á chéusádh ar an gcrois sin, agus dála
sinn féin ná raibh sa saoghal aice acht é. Cá cuma
dúinne mar gheall ar an lá deanach. Ná deunfaidh
an té do cheasadh agus a mháthair díon dúinn ins
an árus is cóir. Seo, teighimis ar ár nglúinibh
agus ofráilimis suas an Coróinn Muire dhó, beo
nó marbh. Deineadar amhlaidh. Ní rabhadar acht
leath slighe trid nuair do bhuaileadh ag an bhfuinn-
eoig. Do aithn an mathair an bualadh. “Mo leanbh
chugham airís,” arsa sí. “Scaoil sí isteach é. Nach
uirri bhí an tathas. Chuadhar ar a nglúnaibh airis
agus chuireadar derie leis an gCoróinn Muire,
agus gabhadar a mbuidheachas le Dia agus leis an
Maighdean Muire gur tugadar a mac slán ón chath.
Do shuidhedar go léir thimcheall na teine ar
soin. Bhí Seán agus Sighle ag ceistuighadh Seumas
i dtaobh eachtrai na hoidhche roimhe sin. Níor innis
sé mórán dóibh, acht amháin gur bhuaidh na Gaedhil
sa chath agus go raibh sé fíor gur marbhuigheadh triúr
de saighdiuiribh na hÉireann.
“Go ndeunaidh Dia trócaire ar a n-anamhaibh,
na fearaibh bochta, agus go dtugaidh Sé compóird
dá muintir,” arsa Sighle.
“Amen, a Thigearna,” ars Seán agus Seumas.
AN CHARRAIG.
AN GAEDHEAL COMHLUCHT TAIGHDE UM CLODOIREACHT, FOILLSEOIREACHT AGUS TRACHTAIL
TEO.
THE GAEL