Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ag Fillead
Title
Ag Fillead
Author(s)
Torna,
Pen Name
Torna
Composition Date
1903
Publisher
Nolan Bros
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
"Returning." AG FILLEAD. A Rígh na naomh geal Do chum na spéartha, An mhuir mhór bhraonach, 'Sh an talamh féarmhar; Céad míle buidheachas Led' Ainm Naomhtha, Ár gcara 's ár gcaomhthach, A bhí go diadha saothrach Ar feadh an téarma A chaith ar an saoghal so, A bheith ag teacht thar tréan-mhuir Thar n-ais go Eirinn — B'e b'fhearr leis féinig Go gcuirfidhe i gcré annso N-a dhúithigh féin é. Is dó bhí i ndán abhfus Barra fóghanta a chur Le fíor-chruadh-shaothar dhocht, 'S níor leigeadh dho bheith annso, Chun a dhualgas cóir a bhreith, Chun a thoradh siúd do bhuint, Chun blátha buana a ghuirt A bhí le teacht go tiugh, A thabhairt fé ndeárr indiu. Acht an cladhaire an bás do sciob 'N-a líontaibh leis ar gcuid, 'S, a Dhia, nach deórach guirt D'iathaibh Fódla Luirc Fé chasadh an deóruidhe anocht I gcomhrainn clár istigh. A Athair Eoghan na n-árann, Taoi ag casadh arís thar sáile Ar an dtír do chleacht do mháthair 'S gach uasal-treabh ó dtángais; Acht, mo chreách & mo chraidhteacht! Ní id' bheathaidh atáir-se, Acht tú id' ualach cnámhna. Fóríor! is romhat atá an fáilte, Acht, máiseadh, ní mór an tsólas é; Tá an iomad de'n tsólás tríd. Is romhat-sa a chuirfidhe fáilte, Dá mbítheá chugainn thar sáile Id' bheathaidh is id' shláinte. Acht tá Dia leat 's A Mháthair, Is taoi-se i bhfad níos fearr as. A bhantracht chroidhe na Fódla, Stadaidh feasta ó'n bhrón-ghol; 'S a laochra chalma leóghanta, Cá maitheas dúinn ath-nódhchant Ar shileadh tuilte deóra. Ní siúd a b'fhearr lem' stórach Nuair a bhí go bríoghmhar beó againn, Acht go bhfeicfeadh sé geal-dóthchas Ar lasadh i gcroidhthe ár slóighthe; Fonn chun tuilleadh gnó orainn, Agus Clanna Gaedheal i gcómh-lucht, Ag trácht d'éan-bhuidean go seólta Amach as lár an chomhraic, Is bhratach Saoirse Fódla le gaoith go huaibhreach rómpa.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services