Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ag Fillead

Title
Ag Fillead
Author(s)
Torna,
Pen Name
Torna
Composition Date
1903
Publisher
Nolan Bros

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


"Returning."
AG FILLEAD.



A Rígh na naomh geal
Do chum na spéartha,
An mhuir mhór bhraonach,
'Sh an talamh féarmhar;
Céad míle buidheachas
Led' Ainm Naomhtha,
Ár gcara 's ár gcaomhthach,
A bhí go diadha saothrach
Ar feadh an téarma
A chaith ar an saoghal so,
A bheith ag teacht thar tréan-mhuir
Thar n-ais go Eirinn —
B'e b'fhearr leis féinig
Go gcuirfidhe i gcré annso
N-a dhúithigh féin é.



Is dó bhí i ndán abhfus
Barra fóghanta a chur
Le fíor-chruadh-shaothar dhocht,
'S níor leigeadh dho bheith annso,
Chun a dhualgas cóir a bhreith,
Chun a thoradh siúd do bhuint,
Chun blátha buana a ghuirt
A bhí le teacht go tiugh,
A thabhairt fé ndeárr indiu.
Acht an cladhaire an bás do sciob
'N-a líontaibh leis ar gcuid,
'S, a Dhia, nach deórach guirt
D'iathaibh Fódla Luirc
Fé chasadh an deóruidhe anocht
I gcomhrainn clár istigh.



A Athair Eoghan na n-árann,
Taoi ag casadh arís thar sáile
Ar an dtír do chleacht do mháthair
'S gach uasal-treabh ó dtángais;
Acht, mo chreách & mo chraidhteacht!
Ní id' bheathaidh atáir-se,
Acht tú id' ualach cnámhna.
Fóríor! is romhat atá an fáilte,
Acht, máiseadh, ní mór an tsólas é;
Tá an iomad de'n tsólás tríd.
Is romhat-sa a chuirfidhe fáilte,
Dá mbítheá chugainn thar sáile
Id' bheathaidh is id' shláinte.
Acht tá Dia leat 's A Mháthair,
Is taoi-se i bhfad níos fearr as.



A bhantracht chroidhe na Fódla,
Stadaidh feasta ó'n bhrón-ghol;
'S a laochra chalma leóghanta,
Cá maitheas dúinn ath-nódhchant
Ar shileadh tuilte deóra.
Ní siúd a b'fhearr lem' stórach
Nuair a bhí go bríoghmhar beó againn,
Acht go bhfeicfeadh sé geal-dóthchas
Ar lasadh i gcroidhthe ár slóighthe;
Fonn chun tuilleadh gnó orainn,
Agus Clanna Gaedheal i gcómh-lucht,
Ag trácht d'éan-bhuidean go seólta
Amach as lár an chomhraic,
Is bhratach Saoirse Fódla
le gaoith go huaibhreach rómpa.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services