Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Brighitt Crus
Title
Brighitt Crus
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1903
Publisher
Nolan Bros
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BRIGHITT CRUS. Cearbhallán ró chan. A rhaéthair a's a chuisle, ná tréig-sí choídhche me-si, B'fhéidir go d-tiocfadh grása ó Chríosd, Go m-beidhinn-si agus tu-sa, n-éingheacht gan tuirse, Agus nach tú d'fáig osnadh ann lár mo chroídhe: Ní fhéudaim-si codla aén oídhche go socair, Acht ag smuaíneadh ort-fa an tráth sin do bhídhim; Agus réir mo bharamhla 's tú an féirín fuair Páris O bhénus, air a sgriosadh go bráth an Troídhe. A Bhríghitt bheag, dheas, a bhéilín meala, Le'r saébhadh leat-sa feara chríche Faíl, S gur bh'éifeachtaíche gach stair d'á léightear dhúinn air dheire Bhénuis, lúnó, Hélen a's ná Déirdre an áigh, A sgeímh súd 's a n-glaine n-émfheacht fan easbaidh, Is eagal liom go deimhin gur ab agad sa tá, 2 Méura caéla, deasa is tréidhthíche ag seinneadh An réidh-phoist chlisde air chaoín- chruit shaímh. Tá na céuda fear cliste, an-éclips air meisge Sgéil é nach g-ceileann fáigh ná druídhe, Méud úd gan easbaidh, ag éagnach a leath-throim, A ghéag óg na m-bachall m-bán agus m buídhe; 'S í géagán na m-ban í, bréagán na bh- fear í, Géug ag á m-bhídheann taithneamh, cáil agus gnaoídh, Mhéaduigh ar smal, agus do luígheaduigh ar n-gean, U'd dhiaigh-si le seal, ó d'hág tu-sa an tír. Tá m'intinn air mearbhall, agus m'intle- acht d'á dalladh, Le trom-chiach le fada, ló agus d'- oídhche, 'N-diaígh do bhínn-bhriathar m-blasda, na g cruinnchíocha ngeala, Na g-craébh-fholt m-breágh, n dai- thte, is breághdha air bith píob; Do ghrís-leac thana, bhéurfadh faoi- seamh do lucht galar, O'fágbhais pian mór air fhearaibh, tráth de do dhíth; Má's bínn libh le n'aithris, 's í an féirín a chanaim, Nach aoíbhinn do'n d-talamh 'n ar thárlaigh, 's í Bríghitt. Smaointe I Mo thruagh nach bhfuilim i n-Éirinn chaoin! 'Sa domhan ar fad, an tír 's mó féile, 'N-áit a mbíonn fíor-aoibhneas is suaimh- neas sámh, 'Na gcómhnuidhe ann sin i bhfochair a chéile. II. Is bhrónach do bhídheas ag sgaramhaint léithi, 'Gus sil frasa deór le m' ghruaidh go treun; Mar d'fhágas slán aici, ag dul tar an sáile, Shaoileas go mbrisfeadh mo chroidhe leis an bpéin. III Bíonn laethanta m' óig' ag teacht ar ais chúgham, I n-aisling do chím na cáirde ba bhuan, Na h-áiteacha shiubhlainn nuair bhídheas im'- óglach, Na páirceanna glasa, na blátha, na h-uain. IV. Is gearr go bhfuil deiread lemh shonas ar fad, Bíonn sgaipeadh ar m' aisling mhar cheó roimh an ngréim; An fada go mbéidh an lá geal ag breacadh Nuair bhéidhead i n-Éirinn na gcuirm faoi sheun? Séamus Mac Cormáíc.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services