Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Brighitt Crus

Title
Brighitt Crus
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1903
Publisher
Nolan Bros

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


BRIGHITT CRUS.



Cearbhallán ró chan.



A rhaéthair a's a chuisle, ná tréig-sí
choídhche me-si,
B'fhéidir go d-tiocfadh grása ó Chríosd,
Go m-beidhinn-si agus tu-sa, n-éingheacht
gan tuirse,
Agus nach tú d'fáig osnadh ann lár mo
chroídhe:
Ní fhéudaim-si codla aén oídhche go
socair,
Acht ag smuaíneadh ort-fa an tráth
sin do bhídhim;
Agus réir mo bharamhla 's tú an féirín
fuair Páris
O bhénus, air a sgriosadh go bráth an
Troídhe.



A Bhríghitt bheag, dheas, a bhéilín
meala,
Le'r saébhadh leat-sa feara chríche
Faíl,
S gur bh'éifeachtaíche gach stair d'á
léightear dhúinn air dheire
Bhénuis, lúnó, Hélen a's ná Déirdre an
áigh,
A sgeímh súd 's a n-glaine n-émfheacht
fan easbaidh,
Is eagal liom go deimhin gur ab agad
sa tá, 2
Méura caéla, deasa is tréidhthíche ag
seinneadh
An réidh-phoist chlisde air chaoín-
chruit shaímh.
Tá na céuda fear cliste, an-éclips air
meisge
Sgéil é nach g-ceileann fáigh ná
druídhe,
Méud úd gan easbaidh, ag éagnach a
leath-throim,
A ghéag óg na m-bachall m-bán agus
m buídhe;
'S í géagán na m-ban í, bréagán na bh-
fear í,
Géug ag á m-bhídheann taithneamh, cáil
agus gnaoídh,
Mhéaduigh ar smal, agus do luígheaduigh
ar n-gean,
U'd dhiaigh-si le seal, ó d'hág tu-sa an
tír.
Tá m'intinn air mearbhall, agus m'intle-
acht d'á dalladh,
Le trom-chiach le fada, ló agus d'-
oídhche,
'N-diaígh do bhínn-bhriathar m-blasda,
na g cruinnchíocha ngeala,
Na g-craébh-fholt m-breágh, n dai-
thte, is breághdha air bith píob;
Do ghrís-leac thana, bhéurfadh faoi-
seamh do lucht galar,
O'fágbhais pian mór air fhearaibh,
tráth de do dhíth;
Má's bínn libh le n'aithris, 's í an féirín
a chanaim,
Nach aoíbhinn do'n d-talamh 'n ar
thárlaigh, 's í Bríghitt.



Smaointe



I



Mo thruagh nach bhfuilim i n-Éirinn chaoin!
'Sa domhan ar fad, an tír 's mó féile,
'N-áit a mbíonn fíor-aoibhneas is suaimh-
neas sámh,
'Na gcómhnuidhe ann sin i bhfochair a chéile.



II.



Is bhrónach do bhídheas ag sgaramhaint léithi,
'Gus sil frasa deór le m' ghruaidh go treun;
Mar d'fhágas slán aici, ag dul tar an sáile,
Shaoileas go mbrisfeadh mo chroidhe leis an
bpéin.



III



Bíonn laethanta m' óig' ag teacht ar ais
chúgham,
I n-aisling do chím na cáirde ba bhuan,
Na h-áiteacha shiubhlainn nuair bhídheas im'-
óglach,
Na páirceanna glasa, na blátha, na h-uain.



IV.



Is gearr go bhfuil deiread lemh shonas ar
fad,
Bíonn sgaipeadh ar m' aisling mhar cheó
roimh an ngréim;
An fada go mbéidh an lá geal ag breacadh
Nuair bhéidhead i n-Éirinn na gcuirm faoi
sheun?



Séamus Mac Cormáíc.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services