Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht na nGaedheal
Title
Filidheacht na nGaedheal
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1903
Publisher
Nolan Bros
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Filidheacht na nGaedheal ROSG CATHA OSCAIR MHIC OISIN Feargus, File Fhinn, ro, chan. Éirigh, a Oscair fhéil, A fhir an chosgair chruaidh, Led' bhrataigh áigh, Beir neart & buaidh. A mhic Oisín na mbéimeann, Gabh treise gach comhlainn, Ná féach do mhéad forlainn Ar chach nó go dtúirlionn. Bí mar thoinn tuile, Nó mar throm-theine, Cé líonmhar an buile, Beir ríghthe araile. A ghnúis is caoin crdtha, Éirigh i dtuis catha, Le feirg mo ghotha A mheirge is dearg datha. Ba bhuadhach do thuras, Do chatha dá n-amas, Cuir flatha dá gcumas; Cé go crothach álainn, Bí go rúgach sír-bhinn, A chara ban Éireann, Lámh ar do ghnúis mhín, Oscar nach dtug éitheach; Gach cosgar ní obadh; Cuir tormann do bhrathach, Fan mór gan dochrach. Fraoch géire do lainne, Ó thréine do bhuille; 'S do luathas seach gach duine, Luathsa fá na gcoinne. A fhlaith na sleagh sochrach, Maith do luth ar eachrach; Beir leat do sgiath chorcrach, A fhir nár thréig aithre, Do shleagh go sásda ráinig. Le hágh do mhór-mheanmann; Do chlaidheamh ná didean Do chlaoidh fear nÉireann; Do ghéar-lonn dá mbualadh, Déan tanadh dá bhFiannaib; Do ghaisge ná fuaradh Freasdail is éirigh. IONMHUIN TÍR. Ionmhuin tír an tír úd tshoir, Alba co n-a hiongnataibh; Nocha dtiocfainn aiste ille, Muna dtiocfainn le Naoise. Ionmhuin Dún Fiodhaigh 's Dún Finn Ionmhuin an Dún ós a gcionn Ionmhuin Inis Droighneach de Agus ionmhuin Dún Suibhne. A Choill Chuan! ón, a Choill Chuan! Gus dtigeadh Ainnle, mo nuar! Gairid liomsa ro bhí ann Is Naoise i n-iarthar Alban. Gleann laoidh! ón, i nGleann Laoidh, Do chodlainn fá'n earradh chaoimh; Iasg is oirfheóil is saill bruic, Fa hí mo chuid i nGleann Laoidh. Gleann Mhasáin! ón, Gleann Masáin! Árd a chneamh, geal a ghasáin; Do ghnídhmís codladh corrach Ós inbhear mongach Masáin. Gleann Archain! ón, Gleann Archain! Fa hé gleann díreach druim-chaoin; Nochar bh'uallach fear a aoise 'Ná mo Naoise i nGleann Archain. Gleann Eitche! uch ón Gleann Eitche! Ann do thógbhas mo chéadthighe; Álainn a fiodh iar n-éirge, — Baile gréine Gleann Eitche. Gleann dá Ruadh! ón Gleann dá Ruadh; Mo chion gach aon fhear dár' dual: Binn guth cuaiche ar chraoibh chruim Ar an mbinn ós Gleann dá Ruadh. Ionmhuin Droighin ós tréan tráigh, Ionmhuin a uisge ós gainimh ghlain; Nocha dtiocfainn aiste dhe Muna dtiocfainn lem' ionmhuin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services