Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht na nGaedheal

Title
Filidheacht na nGaedheal
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1903
Publisher
Nolan Bros

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Filidheacht na nGaedheal



ROSG CATHA OSCAIR MHIC OISIN



Feargus, File Fhinn, ro, chan.



Éirigh, a Oscair fhéil,
A fhir an chosgair chruaidh,
Led' bhrataigh áigh,
Beir neart & buaidh.
A mhic Oisín na mbéimeann,
Gabh treise gach comhlainn,
Ná féach do mhéad forlainn
Ar chach nó go dtúirlionn.
Bí mar thoinn tuile,
Nó mar throm-theine,
Cé líonmhar an buile,
Beir ríghthe araile.
A ghnúis is caoin crdtha,
Éirigh i dtuis catha,
Le feirg mo ghotha
A mheirge is dearg datha.
Ba bhuadhach do thuras,
Do chatha dá n-amas,
Cuir flatha dá gcumas;
Cé go crothach álainn,
Bí go rúgach sír-bhinn,
A chara ban Éireann,
Lámh ar do ghnúis mhín,
Oscar nach dtug éitheach;
Gach cosgar ní obadh;
Cuir tormann do bhrathach,
Fan mór gan dochrach.
Fraoch géire do lainne,
Ó thréine do bhuille;
'S do luathas seach gach duine,
Luathsa fá na gcoinne.
A fhlaith na sleagh sochrach,
Maith do luth ar eachrach;
Beir leat do sgiath chorcrach,
A fhir nár thréig aithre,
Do shleagh go sásda ráinig.
Le hágh do mhór-mheanmann;
Do chlaidheamh ná didean
Do chlaoidh fear nÉireann;
Do ghéar-lonn dá mbualadh,
Déan tanadh dá bhFiannaib;
Do ghaisge ná fuaradh
Freasdail is éirigh.



IONMHUIN TÍR.



Ionmhuin tír an tír úd tshoir,
Alba co n-a hiongnataibh;
Nocha dtiocfainn aiste ille,
Muna dtiocfainn le Naoise.



Ionmhuin Dún Fiodhaigh 's Dún Finn
Ionmhuin an Dún ós a gcionn
Ionmhuin Inis Droighneach de
Agus ionmhuin Dún Suibhne.



A Choill Chuan! ón, a Choill Chuan!
Gus dtigeadh Ainnle, mo nuar!
Gairid liomsa ro bhí ann
Is Naoise i n-iarthar Alban.



Gleann laoidh! ón, i nGleann Laoidh,
Do chodlainn fá'n earradh chaoimh;
Iasg is oirfheóil is saill bruic,
Fa hí mo chuid i nGleann Laoidh.



Gleann Mhasáin! ón, Gleann Masáin!
Árd a chneamh, geal a ghasáin;
Do ghnídhmís codladh corrach
Ós inbhear mongach Masáin.



Gleann Archain! ón, Gleann Archain!
Fa hé gleann díreach druim-chaoin;
Nochar bh'uallach fear a aoise
'Ná mo Naoise i nGleann Archain.



Gleann Eitche! uch ón Gleann Eitche!
Ann do thógbhas mo chéadthighe;
Álainn a fiodh iar n-éirge, —
Baile gréine Gleann Eitche.



Gleann dá Ruadh! ón Gleann dá Ruadh;
Mo chion gach aon fhear dár' dual:
Binn guth cuaiche ar chraoibh chruim
Ar an mbinn ós Gleann dá Ruadh.



Ionmhuin Droighin ós tréan tráigh,
Ionmhuin a uisge ós gainimh ghlain;
Nocha dtiocfainn aiste dhe
Muna dtiocfainn lem' ionmhuin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services