Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Diarmuid na Féinne Maoile
Title
Diarmuid na Féinne Maoile
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Nolan Bros
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DIARMUID NA FÉINNE MAOILE. Dermot the Fenian. Ag "Bárr-na-h-Aoine." Bhí an oidhche ag dul chum déigheanaighe agus bhí Séamus Ruadh agus a bhean ag feitheamh go neamh-fhoighdeach le n-a mac Diarmuid. Ní raibh sé mar bhéas ag Diarmuid bheith amuigh déigheanach, agus bhí eagla ar a mhuinntir gur chinneamhain éigin a chuir bun os cionn é le teacht a bhaile in am ghnáthamhail. B'é Diarmuid a n-aon mhac, agus thugadar toghadh oileamhna, & aire dó, & an fhóghluim a b'fheárr a bhí le fághail i n-Uibh Ráthach san am sin. Bhí sé anois tímcheall chúig m- bliadhna fichead, agus ní fhaicfeá i rith an lae fear badh chúmtha ná badh bhreághtha 'ná é. Ní raibh aoin'ne in sna seacht bparóistidhe a b'fheárr chum puic a bhualadh ar liathróid 'ná Diarmuid, agus thug sé an bárr leis i lúth, i gcalmacht & i gclisteacht ó buachaillíbh Chiarraidhe. Is mór an grádh a bhí ag a athair agus ag a mháthair dhó, agus ní h-aca sin amháin acht ag a g-cómharsain & a g-cómhluadar. Tháinig a h-aon-déag & a dó dhéag & bhí Diarmuid fós gan teach, agus bhí an t-athair & an mháthair isteach 's amach gan sos. Do mhéadaigh ar a neamh-fhoíghid aca, agus chuadar ar a thuairisc go d-tí tigh Dhomhnaill-an- Átha. Seanchaidhe gan cham a b'eadh Dómhnall-an-Átha, & bhíodh an teach lán de dhaoinibh gach oidhche ag éisteacht le n-a sgéalta breághtha blasta, bríoghmhara. Bhí sé oilte ar "Cath Fionntrágha," "An Madradh Maol," "Clann Lir," "Eachtradh na Mná móire tar lear," & níos mó sgéalta 'ná thugaim anois chum mo chuimhne d'innisin de ghlain-mheabhair, agus bhí dánta & abhráin Aodhagáin Uí Rathaille, Eoghain Ruaidh agus mórán d' fhileadhaibh eile na Múmhan aige ar bhárr a theangadh Cheap muinntir Dhiarmuda go raibh sgéal éigin fada 'g á innsint ag Dómhnall, agus go raibh a mac ag feitheamh le críochnughadh an sgéil. 'N uair a tháinig an lánamha go d-tí tigh Dhómhnaill ní raibh solas le faicsin ann, & bhí a raibh 'sa' tigh i n-a g-codladh. "Ní raibh Diarmuid annso anocht," arsa Dómhnall, "agus tá Tadhg agus Eoghan so againn-ne gan teacht a bhaile fós. Bíodh bhúr suaimhneas agaibh, tá rinnce nó rud éigin eile ar siúbhal anocht, & beidh siad chúghainn sul a fada." Chuir caint Dhómhnaill stuaim aigne ar an lánamhain, & do fhilleadar a bhaile agus tar éis solais a chur ar a bh-fuinneoig mór chómhartha do Dhiarmuid chuadar a chodladh. Tháinig breacadh an lae agus bhí Diarmuid fós gan filleadh, & má bhí neamh-fhoighid ortha an oidhche roimhré is seacht mó 'ná sin an neamh-fhoighid a bhí ortha anois. Do chuadar go tigh Dhómhnaill arís agus bhí an bheirt bhuachaillídhe tar éis fillte tamall beag roimh lá. Do dhúsaigh Dómhnaill iad agus d'fhiafraigh sé díóbh an raibh aon tuairisc aca ar Dhiarmuid.
"Tá," arsa duine de sna buachaillíbh, "bhíomar le n-a chois aréir & b'é an taoiseach a bhí ar bhuachaillíbh an pharóiste seo é. Bhí súil againn go n-éireochadh fir na h-Éirionn uile amach aréir, acht fóraoir! i n-ionad sin níor bhuail linn acht na buachaillí ó'n dá pharóiste is giorra dúinn. Cuireadh oidhche an éirighthe amach ar g- cúlaibh, agus níor tháinig an sgéala sin chúghainn-ne go d-tí go raibh sé ró-dheigheanach. Tá eagla orainn go bhfuil Diarmuid ar láimh na bpeelars fá an d-tráth so mar ní raibh aon fhonn air é féin d'fholach uatha. Do ghluais an lánamha a bhaile go brónach agus go trom-chroidheach, agus ní fada go d-táinig sgéala chúca go raibh Diarmuid ' a bhráighidh. Bhí an fear óg trí mhí i g-carcar i d-Tráigh-Lí 'n uair a tugadh i láthair an bhreithimh é. Ní fhada an mhaill a bhí ar lucht na dlíghe galla chum Diarmoda a dhaoradh, agus is í an bhreith a tugadh air é dhíbirt agus é do chur i g-carcar le n-a shaoghal san Australia h-iar. Bhí sé réidh chum pósta sul ar thuit an mí-ádh so air, agus is mór do ghoill sé ar Eibhlín Ní Cheallaigh buach- aill a croidhe a thógaint uaithi go bráth. Bhí níos mó 'ná dhá bhliadhain caithte i g-carcar aige. agus an fhad na h-aimsire sin níos léigeadh tuairisc ná scríbhinn ó n-a mhuinntir i nÉirinn ar a d-taobh istigh de'n phruais chúmhaing dhorcha, dhaingin mar a raibh sé faoi ghlasaibh go h-aonarach, gan sult, gan suarcas. Oidhche Nodlag a b'eadh í, an tríomhadh Nodlag i gcar- car, agus bhí sé ag cuimhniúghadh ar a athar & a mháthar, agus b'fhéidir ar Eibhlín Ní Cheallaigh 'n uair a tháinig duine de bhuidhin feadhma an charcair, & do chaith sé scríbhinn chuige, bhí sí osgailte & ó Éirinn do b'eadh an scríbhinn. Do b'olc an tuairisc a bhí inte. Bhí a athair & a mháthair marbh. Bhí a athair marbh ós cionn bliadhna, & leath bhliadhain ' a dhiaigh sin fuair a mháthair bás. In san scribhinn chéadna bhí sgéala go raibh Eibhlín Ní Cheallaigh pósta. Ó Uiliiam Bhán, fear feadhma an tighearna talmhan a b'eadh an scríbhinn, agus is é a bhí i bh-feidhil na h- áite ó cailleadh máthair Dhiarmoda. D'iarfaigh sé de Dhiarmuid cad do dhénafadh sé leis an áit, a ndíolfadh sé é, nó an g-coiméadfadh sé é go d-tí an lá go bh- fillfeadh Diarmuid féin go d-tí oileán a dhúthchais. Bhí na daoine badh dhílse a bhí aige 'san tsaoghal scartha leis go bráth, agus ní raibh feasta ag feitheamh leis i nÉirinn fíor-fháilte a mháthar ná a athar. Ní raibh beann ná suim aige i d-tigh ná a d-talamh. "Ní fhuil," a scríobh sé chum Uilliaim Bháin, "aon ghnó agamsa do thigh ná do thalamh mar nách fuil puinn súile agam go bhfágfad an daingean so go bráth, agus má fhágaim féin ní fhillfead go h-Éirinn. Díol an talamh agus cuir leac ós cionn uaighe m'athar & mo mháthar & bíodh a n-anmanna scríobhtha i nGaedhilg." Acht níor bhris brón ná sclábhaigheacht misneach Diar- mhoda, agus níor tháinig riamh aon cheisneamh air mar gheall ar bheith imeasg na buidhne tíor-ghrádhamhla éirigh amach an oidhche mhío-ádhmharach úd, agus dhéanfadh sé an rud céadna arís agus arís eile dá bhfaghadh sé an chaoi chum a dhéanta. I g-ceann chúig m-bliadhan fuair sé a shaoirse gan choinne, & tugadh do céad púnt a tháinig chuige ó Uill- iam Bhán. Bhí súil aige le n-a thrí oirid mar b'fhiú ós cionn cheithre chéad púnt teach & talamh a mhuinntire. Do fhan sé i n-Australia ar feadh cheithre m-bliadhan 'n a dhiagh sin, do oibrigh sé go dian, do choimhéad sé a
thuarastal go baileach & bhí roinn mhaith airgid aige ar son a shaothair. Ní raibh aon chorrughadh i n-Éireannchaibh Australia, & bhí fonn mór ar Dhiarmuid bheith imeasg na Féinne arís & chuala sé go rabhadar láidir go leór i n-America. D'fhág sé Australia iarthach & tar éis seachráin fhada fairrge do tháinig sé i d-tír i San Francisco ar an d-taobh shiar de America. Do bhuir sé faoi ann san chathair sin, & d'éirigh leis go maith, agus ní fada go raibh sé go saidhbhir & go tábhachtach; acht b'é an fear céadna é i saidhbhireacht & i m-bochtanacht, bhí an fuath céadna aige do Shasann & an grádh céadna aige do Éirinn. Lá féile Phádraig, trí bliadhna tar éis teachta do go d-tí America bhí sé i Chicago agus chuaidh sé an oidhche sin go d-tí cruinniúghadh mór na Híbernias. Is annso a thárlaigh an chéad duine ó n-a áit féin leis ó fhág sé Éire. Bhí áthas mór air, ní ná'r' bh'iongnadh, & bhíodar ag sean-aimsireacht le chéile, acht sul ar fhág- adar a seasamh cé thigfeadh chúca acht Eibhlín ní Cheall- aigh, agus badh mhór an iongna a tháinig ar Dhiarmuid í fhaicsin. "Tá an-áthas orm," arsa Diarmuid, "tú fhaicsin, a Eibhlín, ní raibh aon chuimhneacmh agam go rabhais annsan tír so. Tá sé ós cionn deich mbliadhna ó shoin ó chuala go rabhais pósta & ann san scríbhinn chéadna go raibh an tuairisc sin bhí sgéala ar bhás m'athar agus mo mháthar." "Badh mhór an bhréag," arsa Diarmuid, "a rádh go rabhas- sa pósta ná go raibh aon chuimhneamh agam ar phósadh acht có beag, ar a shon ná'r' chuiris aon fhreagradh ar mo scríbhinne ní raibh riamh aon chuimhneamh agam ar mo gheallamhain do bhriseadh. Is iongantach liom gur chreidis an chaint sin, agus tá a fhios agam-sa cad 'na thaobh gur cuireadh an tuairisc sin chugat. Bhí eagla ar Uilliam Bhán go b-fillfeá lá éigin chum teaghlaigh d'athar do áitiughadh, agus cheap sé go m-b'fhéidir go g-cuirfeadh an bhréag sin bun ós cionn tú le filleadh a bhaile." B'í so an chéad oidhche shoilbhir a bhí ag Diarmuid ó fhág sé teach athar agus a mháthar, agus bhí breacadh an lae go soiléir trí na fuinneóga sul a'r' fhill sé go d-tí n-a theach-oigheachta. An pósadh cuireadh ar g-cúlaibh aon bhliadhain déag ó shoin tháinig sé chum cinn beagán laethe in-diaigh lae 'le Pádraig. Tá a chlann anois 'n a bhfearaibh & 'n a mnáibh agus tá siad có dílis d'Éirinn le Diarmuid féin, & tá an t-athair & a chlann mhac 'n a bhFéinnidhe. Ta Diar- muid 'n a fhear chalma fós, agus tá sé chó h-áird-inn- tinneach & bhí sé ann aois a fhichid bliadhan; tá dóchas láidir aige go m-beidh sí i n-dán dó an buille a theip air chúig bhliadhna déag air fhichid ó shoin a bhualadh sul a' fada ar shon saoirse na h-Éirionn. Ní'l aon mhuiníghin aige as chómhrádh béil chum tíre na h-Éirionn do fhuasgailt ó throimeacht Shasanna, agus deir sé gur caitheamh-aimsire do Ghaedhealaibh do bheith ag aighneas i d-taobh cheirt a d-tíre le Seághan bradach Buidhe. Ní'l aon fhonn ar Dhiarmuid a chos do chur ar thalamh na h-Éirionn go dtí go m-beidh cath na saoirse ar siúbhal, agus níor staon sé riamh de'n obair atá ag brostúghadh an lae, — an lá go bh-fuil súil aige le n-a theacht'n a shaoghal féin, — an lá glórmhar, 'n uair bheidh Éire na laoch, na n-druadh, na naomh agus na m-bárd faoi riarughadh agus riaghaltas Gaodhal.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services