Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Diarmuid na Féinne Maoile

Title
Diarmuid na Féinne Maoile
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Nolan Bros

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


DIARMUID NA FÉINNE MAOILE.
Dermot the Fenian.



Ag "Bárr-na-h-Aoine."



Bhí an oidhche ag dul chum déigheanaighe agus bhí
Séamus Ruadh agus a bhean ag feitheamh
go neamh-fhoighdeach le n-a mac Diarmuid.
Ní raibh sé mar bhéas ag Diarmuid bheith
amuigh déigheanach, agus bhí eagla ar a mhuinntir
gur chinneamhain éigin a chuir bun os cionn é le
teacht a bhaile in am ghnáthamhail. B'é Diarmuid
a n-aon mhac, agus thugadar toghadh oileamhna, &
aire dó, & an fhóghluim a b'fheárr a bhí le fághail i n-Uibh
Ráthach san am sin. Bhí sé anois tímcheall chúig m-
bliadhna fichead, agus ní fhaicfeá i rith an lae fear
badh chúmtha ná badh bhreághtha 'ná é. Ní raibh aoin'ne in
sna seacht bparóistidhe a b'fheárr chum puic a bhualadh
ar liathróid 'ná Diarmuid, agus thug sé an bárr leis i
lúth, i gcalmacht & i gclisteacht ó buachaillíbh Chiarraidhe.
Is mór an grádh a bhí ag a athair agus ag a mháthair dhó,
agus ní h-aca sin amháin acht ag a g-cómharsain & a
g-cómhluadar.



Tháinig a h-aon-déag & a dó dhéag & bhí Diarmuid
fós gan teach, agus bhí an t-athair & an mháthair isteach
's amach gan sos. Do mhéadaigh ar a neamh-fhoíghid aca,
agus chuadar ar a thuairisc go d-tí tigh Dhomhnaill-an-
Átha. Seanchaidhe gan cham a b'eadh Dómhnall-an-Átha,
& bhíodh an teach lán de dhaoinibh gach oidhche ag éisteacht
le n-a sgéalta breághtha blasta, bríoghmhara. Bhí sé
oilte ar "Cath Fionntrágha," "An Madradh Maol,"
"Clann Lir," "Eachtradh na Mná móire tar lear," &
níos mó sgéalta 'ná thugaim anois chum mo chuimhne
d'innisin de ghlain-mheabhair, agus bhí dánta & abhráin
Aodhagáin Uí Rathaille, Eoghain Ruaidh agus mórán d'
fhileadhaibh eile na Múmhan aige ar bhárr a theangadh
Cheap muinntir Dhiarmuda go raibh sgéal éigin fada 'g
á innsint ag Dómhnall, agus go raibh a mac ag feitheamh
le críochnughadh an sgéil.



'N uair a tháinig an lánamha go d-tí tigh Dhómhnaill
ní raibh solas le faicsin ann, & bhí a raibh 'sa' tigh i n-a
g-codladh. "Ní raibh Diarmuid annso anocht," arsa
Dómhnall, "agus tá Tadhg agus Eoghan so againn-ne
gan teacht a bhaile fós. Bíodh bhúr suaimhneas agaibh, tá
rinnce nó rud éigin eile ar siúbhal anocht, & beidh siad
chúghainn sul a fada."



Chuir caint Dhómhnaill stuaim aigne ar an lánamhain,
& do fhilleadar a bhaile agus tar éis solais a chur ar
a bh-fuinneoig mór chómhartha do Dhiarmuid chuadar a
chodladh.



Tháinig breacadh an lae agus bhí Diarmuid fós gan
filleadh, & má bhí neamh-fhoighid ortha an oidhche roimhré
is seacht mó 'ná sin an neamh-fhoighid a bhí ortha
anois. Do chuadar go tigh Dhómhnaill arís agus bhí
an bheirt bhuachaillídhe tar éis fillte tamall beag roimh
lá.



Do dhúsaigh Dómhnaill iad agus d'fhiafraigh sé díóbh
an raibh aon tuairisc aca ar Dhiarmuid.


L. 84


"Tá," arsa duine de sna buachaillíbh, "bhíomar le
n-a chois aréir & b'é an taoiseach a bhí ar bhuachaillíbh an
pharóiste seo é. Bhí súil againn go n-éireochadh fir na
h-Éirionn uile amach aréir, acht fóraoir! i n-ionad sin
níor bhuail linn acht na buachaillí ó'n dá pharóiste is
giorra dúinn. Cuireadh oidhche an éirighthe amach ar g-
cúlaibh, agus níor tháinig an sgéala sin chúghainn-ne go
d-tí go raibh sé ró-dheigheanach. Tá eagla orainn go
bhfuil Diarmuid ar láimh na bpeelars fá an d-tráth so
mar ní raibh aon fhonn air é féin d'fholach uatha.



Do ghluais an lánamha a bhaile go brónach agus go
trom-chroidheach, agus ní fada go d-táinig sgéala chúca
go raibh Diarmuid ' a bhráighidh.



Bhí an fear óg trí mhí i g-carcar i d-Tráigh-Lí 'n uair
a tugadh i láthair an bhreithimh é. Ní fhada an mhaill a
bhí ar lucht na dlíghe galla chum Diarmoda a dhaoradh,
agus is í an bhreith a tugadh air é dhíbirt agus é do chur
i g-carcar le n-a shaoghal san Australia h-iar.



Bhí sé réidh chum pósta sul ar thuit an mí-ádh so air,
agus is mór do ghoill sé ar Eibhlín Ní Cheallaigh buach-
aill a croidhe a thógaint uaithi go bráth.



Bhí níos mó 'ná dhá bhliadhain caithte i g-carcar aige.
agus an fhad na h-aimsire sin níos léigeadh tuairisc ná
scríbhinn ó n-a mhuinntir i nÉirinn ar a d-taobh istigh
de'n phruais chúmhaing dhorcha, dhaingin mar a raibh sé
faoi ghlasaibh go h-aonarach, gan sult, gan suarcas.



Oidhche Nodlag a b'eadh í, an tríomhadh Nodlag i gcar-
car, agus bhí sé ag cuimhniúghadh ar a athar & a mháthar,
agus b'fhéidir ar Eibhlín Ní Cheallaigh 'n uair a tháinig
duine de bhuidhin feadhma an charcair, & do chaith sé
scríbhinn chuige, bhí sí osgailte & ó Éirinn do b'eadh an
scríbhinn. Do b'olc an tuairisc a bhí inte. Bhí a athair
& a mháthair marbh. Bhí a athair marbh ós cionn bliadhna, &
leath bhliadhain ' a dhiaigh sin fuair a mháthair bás. In
san scribhinn chéadna bhí sgéala go raibh Eibhlín Ní
Cheallaigh pósta.



Ó Uiliiam Bhán, fear feadhma an tighearna talmhan
a b'eadh an scríbhinn, agus is é a bhí i bh-feidhil na h-
áite ó cailleadh máthair Dhiarmoda. D'iarfaigh sé de
Dhiarmuid cad do dhénafadh sé leis an áit, a ndíolfadh
sé é, nó an g-coiméadfadh sé é go d-tí an lá go bh-
fillfeadh Diarmuid féin go d-tí oileán a dhúthchais.
Bhí na daoine badh dhílse a bhí aige 'san tsaoghal scartha
leis go bráth, agus ní raibh feasta ag feitheamh leis i
nÉirinn fíor-fháilte a mháthar ná a athar. Ní raibh
beann ná suim aige i d-tigh ná a d-talamh.



"Ní fhuil," a scríobh sé chum Uilliaim Bháin, "aon ghnó
agamsa do thigh ná do thalamh mar nách fuil puinn súile
agam go bhfágfad an daingean so go bráth, agus má
fhágaim féin ní fhillfead go h-Éirinn. Díol an talamh
agus cuir leac ós cionn uaighe m'athar & mo mháthar &
bíodh a n-anmanna scríobhtha i nGaedhilg."



Acht níor bhris brón ná sclábhaigheacht misneach Diar-
mhoda, agus níor tháinig riamh aon cheisneamh air mar
gheall ar bheith imeasg na buidhne tíor-ghrádhamhla éirigh
amach an oidhche mhío-ádhmharach úd, agus dhéanfadh sé an
rud céadna arís agus arís eile dá bhfaghadh sé an chaoi
chum a dhéanta.



I g-ceann chúig m-bliadhan fuair sé a shaoirse gan
choinne, & tugadh do céad púnt a tháinig chuige ó Uill-
iam Bhán. Bhí súil aige le n-a thrí oirid mar b'fhiú ós
cionn cheithre chéad púnt teach & talamh a mhuinntire.
Do fhan sé i n-Australia ar feadh cheithre m-bliadhan 'n
a dhiagh sin, do oibrigh sé go dian, do choimhéad sé a


L. 85


thuarastal go baileach & bhí roinn mhaith airgid aige ar
son a shaothair.



Ní raibh aon chorrughadh i n-Éireannchaibh Australia, &
bhí fonn mór ar Dhiarmuid bheith imeasg na Féinne arís
& chuala sé go rabhadar láidir go leór i n-America.



D'fhág sé Australia iarthach & tar éis seachráin
fhada fairrge do tháinig sé i d-tír i San Francisco ar
an d-taobh shiar de America. Do bhuir sé faoi ann san
chathair sin, & d'éirigh leis go maith, agus ní fada go
raibh sé go saidhbhir & go tábhachtach; acht b'é an fear
céadna é i saidhbhireacht & i m-bochtanacht, bhí an fuath
céadna aige do Shasann & an grádh céadna aige do
Éirinn.



Lá féile Phádraig, trí bliadhna tar éis teachta do
go d-tí America bhí sé i Chicago agus chuaidh sé an
oidhche sin go d-tí cruinniúghadh mór na Híbernias. Is
annso a thárlaigh an chéad duine ó n-a áit féin leis ó
fhág sé Éire. Bhí áthas mór air, ní ná'r' bh'iongnadh, &
bhíodar ag sean-aimsireacht le chéile, acht sul ar fhág-
adar a seasamh cé thigfeadh chúca acht Eibhlín ní Cheall-
aigh, agus badh mhór an iongna a tháinig ar Dhiarmuid í
fhaicsin.



"Tá an-áthas orm," arsa Diarmuid, "tú fhaicsin, a
Eibhlín, ní raibh aon chuimhneacmh agam go rabhais annsan
tír so. Tá sé ós cionn deich mbliadhna ó shoin ó chuala
go rabhais pósta & ann san scríbhinn chéadna go raibh
an tuairisc sin bhí sgéala ar bhás m'athar agus mo
mháthar."



"Badh mhór an bhréag," arsa Diarmuid, "a rádh go rabhas-
sa pósta ná go raibh aon chuimhneamh agam ar phósadh
acht có beag, ar a shon ná'r' chuiris aon fhreagradh ar mo
scríbhinne ní raibh riamh aon chuimhneamh agam ar mo
gheallamhain do bhriseadh. Is iongantach liom gur
chreidis an chaint sin, agus tá a fhios agam-sa cad
'na thaobh gur cuireadh an tuairisc sin chugat. Bhí eagla
ar Uilliam Bhán go b-fillfeá lá éigin chum teaghlaigh
d'athar do áitiughadh, agus cheap sé go m-b'fhéidir go
g-cuirfeadh an bhréag sin bun ós cionn tú le filleadh
a bhaile."



B'í so an chéad oidhche shoilbhir a bhí ag Diarmuid
ó fhág sé teach athar agus a mháthar, agus bhí
breacadh an lae go soiléir trí na fuinneóga sul a'r'
fhill sé go d-tí n-a theach-oigheachta.



An pósadh cuireadh ar g-cúlaibh aon bhliadhain déag ó
shoin tháinig sé chum cinn beagán laethe in-diaigh lae 'le
Pádraig. Tá a chlann anois 'n a bhfearaibh & 'n a mnáibh
agus tá siad có dílis d'Éirinn le Diarmuid féin, &
tá an t-athair & a chlann mhac 'n a bhFéinnidhe. Ta Diar-
muid 'n a fhear chalma fós, agus tá sé chó h-áird-inn-
tinneach & bhí sé ann aois a fhichid bliadhan; tá dóchas
láidir aige go m-beidh sí i n-dán dó an buille a theip
air chúig bhliadhna déag air fhichid ó shoin a bhualadh sul
a' fada ar shon saoirse na h-Éirionn.

Ní'l aon mhuiníghin aige as chómhrádh béil chum tíre na
h-Éirionn do fhuasgailt ó throimeacht Shasanna, agus
deir sé gur caitheamh-aimsire do Ghaedhealaibh do bheith
ag aighneas i d-taobh cheirt a d-tíre le Seághan bradach
Buidhe.

Ní'l aon fhonn ar Dhiarmuid a chos do chur ar thalamh
na h-Éirionn go dtí go m-beidh cath na saoirse ar
siúbhal, agus níor staon sé riamh de'n obair atá ag
brostúghadh an lae, — an lá go bh-fuil súil aige le n-a
theacht'n a shaoghal féin, — an lá glórmhar, 'n uair bheidh
Éire na laoch, na n-druadh, na naomh agus na m-bárd
faoi riarughadh agus riaghaltas Gaodhal.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services