Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tír na n-óg — Aisling, Comhfhreagarthas, Filíocht
Title
Tír na n-óg — Aisling, Comhfhreagarthas, Filíocht
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1903
Publisher
Nolan Bros
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tír na n-óg — Aisling. Tir na n-Og — A Vision by Margaret O'Keefe, Kingwilliamstown, Cork. San t-sean aimsir bhí baintreabhach bhocht 'na cómhnaidhe i d-tígín deas i ngiorracht do lochannaibh Cill-Airne, & bhí ingean aici go raibh Bríghid mar ainm uirthi. Oidhche Nodlag áirighthe, agus a mathair 'na codladh, bhí Bríghid na h-aonar le h-ais na teine, agus í ag féachaint ar choinneall na Nodlag a bhí ar lasadh ar an fhuinneóig. Bhí san go maith do d-tí, i g-ceann sgathaimh gur imthigh an coinneall os cómhair a súl, & in a h-ionad, is é an rud a bhí ann, 'na spideóigín. Bhain se an-phreab as an g-cailín nídh nár' b'iongnadh: acht sul a raibh uainn aici aon nidh a dhéanamh, bhí an spideóg imthighthe tré gloinne na fuinneóige. Leis sin, tháinigh an-chraiste do Bhríghid agus rith sí an doras amach agus i n-diaigh na spideóige, a bhí ag déanamh faoi dhéin Lócha Léin i lár a dichill. Do rith Bríghid i n-anaithe an t-saothair go d-táinig sí go bruach na Lócha. Agus is é an rud a thuit amach ná déan an spid- eóg iasg dí féin agus súd isteach 'san uisge an t-iasg agus Brighid leis. Síos leó tríd an uisge go d-tí, i n-deireadh baire, gur bhuaileadar thalamh agus do fuaradar iad féin ar oileán beag, glas, a bhí faoi an loch dhruidheachta. Ní túisge go raibh an talamh buailte ag an iasg 'ná dhéan sé cap- all de féin agus sgiatháin ag an capall agus dath an t-sneachtaigh air. Síos leis ar a dhá ghlúin chum Brighde a ghabháil ar a dhrom, Comh Luath agus bhí sí ar a dhrom as go bráth leó tríd an aer níos eadhtroime 'ná an ghaoith. Do rug an t-each bán ar an ghaoith a bhí roimis, agus ní rug an ghaoith a bhí i n-a dhiaigh air, i d-treó ná raibh trí nómat imthighthe 'nuair a bhíodar trí milliún míle, geall leis ó'n oileán glas. Badh ró gheárr gur bhuail an t-each talamh arís, agus do fuair Bríghid í féin ar thír éigin go raibh solas ní badh ghile 'ná grian Meithimh an t-Samhradh ag soillsiúghadh aníos uirthi Chonnarc sí spioraidídhe gléigeala ag siúbhal dóibh féin tré coilltibh glasa, & tré gleanntaibh gealla go raibh srothanna chomh glan le criostal ag rith tríotha agus blátha ar gach aon dáth ag fás ar bruach gach srotha. Bhí sléibhthe áirde, gorma, le féicsint i bhfad, agus cad a chídhfeadh Bríghid ar bhárr ceann aca, act tígh cómh mór leis an t- sliabh féin, & díon óir & falaidh airgid air. Tháinig iongnad a croidhe uirthi toisg breághthachta agus mórdhachta an tíghe agus badh ghairid gur thug sí aghaidh a capaill ar na sléibhthibh, & fá dhéan an tíghe, agus bhadh gháirid an mhaill ortha é shroisint. D'fhág sí an t-each las amuigh de'n gheata órdha a bhí ós cómhair an tígh. Acht do stad sí i n-aice leis an doras, agus sgeón ínnti, mar bhí an áit istigh ní badh ghile 'ná an áit amuigh féin, agus do bh'éigin dí a dhá súil a dhúnadh le neart an t-soillseacht. Badh ghairis gur airigh sí guth bhinn os a cionn, agus leis sin thóg sí a súile in áirde agus tháinig crith lámh 's chos uirthi 'nuair a chonnarc sí cad a bhí ann. Bhí rí agus bainríoghan 'ná suidhe ar dhá cháthaoir órdha ar árdán agus do shamhlaigh Bríghid ná'r b'fhéidir le aingeal 's na flaitheas bheith níos áilne 'ná an bhainríoghan san. Bhí a dá súil mar réaltaibh & gach dual gruaig ar dháth an óir & ag sroisint síos léi go d-tí
an talamh. Bhí chualaidh éadaigh comh geal leis an eala um uimpi: acht nídh badh ghile 'ná a cuid éadaigh féin, do bhí a croicean. D'fhéach Bríghid suas ortha agus ionghnadh a chroidhe uirthi. I g-ceann sgath- aim do labhair an dá spioraid (mar dhá spioraid a bhí ann), agus dubhradar le Bríghid teacht chúca. 'Nuair a bhí sí tagaithe 'n a bhfiadhnaise chuireadar "chéad míle fáilte" roimpí, agus d'fiafruigheadar dí ciannos a bhí an t-sean tír bocht 'nn a dhiaigh. Mhínigheadar annsan gur bh'í an áit san Tír na n-Óg, agus gur bh'í annsan gur mhair anamna na n-Gaodhal iar fághail am t-saoghal dóibh, agus na léighfidhe isteach i dTír na n-Óg, acht anamna clann na nGaodhal amháin. "Agus," ar san sí, "cidhfir feasta, a ingin ó an t-slíghe go g- caithear an Nodhlaig i dTír na n-Óg." Agus leis sin d'osgail se doras óir a bhí a bhfolach faoi éadach gorm laistiar do'n árdan, & dubhairt le Brighidh féachaint isteach. D'fhéach sí, chomh maith, agus is beag ná chailleadh í le neart glórmharachta an radhairc a leath reime 'n-a súilibh, mar bhí deallramh neimhe ar an áit san ar fad. I lár na h-áite bhí altóir mhór, déanta d'ór agus d'airgid, & blátha bána 's craobhanna glasa ar a mhullach, & sluagh daoine 'n a tímcheall, agus eadaigh gheala uimpe, agus cláirseach óir ag gach duine aca, agus iad go léir ag seinm, agus a léithéid do ceól níor shamhlaigheadar na daoine ar thalamh riamh. Thug Bhríghid faoi n-deara go raibh corón seamróg tímcheall ar cheann gach duine aca agus go raibh na falaidhe agus an t-urlár déanta do sheóda, acht, sul a raibh uainn aici a thuilleadh thabhairt faoi ndeara do dhúnadh an doras. Tháinig brón a croidhe uirthi agus d'fhiafraigh sí do'n righ cad na thaobh ná'r' léighfidhe dhí a thuilleadh féicsint, acht dubhairt an rí go raibh Tír na n-Óg ro-neamhdha d'aoinne ó thalamh, agus, mara im- theóghadh sí do phas, chaillfidhe í le neart cheóil agus na glóire. Badh éigin do Bhríghid dul i n-áirde ar an each gan maill, agus is iad na focal déigheannach gur airigh sí ná: "Beannach Dé agus Mhuire agus Phádraig leat." As go bráth leis an each tríd an aer, agus badh ghairid go rabhad- ar thar 'n áis ann sa bhaile leis an t-slíghe céadhna gur imthigheadar. Chum sgéal gairid a dhéanamh dé, ní túisge bhí an t-each 'nn a spid- eóig arís 'ná suas leis ar an bhfuinneóig, agus cad a dhéanfadh sí dhí féin acht conneall na Nodhlag mar a bhí riamh. 'Nuair d'airigh an máthair an sgéal dubhairt sí gur bhadh taibhreagh a bhí déanta do Bhríghid, acht ní chreidfeadh an chailín ó aoinne 'ná go raibh sí i d-Tír na n-Óg, ar fhiribh, an oidhche Nodlag úd. SÉAMUS Ó DRAIGHNEÁIN D'éag i sráid Hudson, i m-Bostún, Dia domh- náig an ceathramhadh la de Ghionbhar, 1903, Séamus Ó Draighneán, a b'aithnid le fada do Ghaedhilgeóiríbh na na cathrach san mar shaothraightheoir díthcheallach air shon teangadh a dhúthchais. Beagan bliadhain ó shoin do bhí sé 'n a leas-uachtarán air Chonnradh Gaedhilge an Oileáin Uir, agus pé duine a bhíadh láithreach nó ná biadh, ag cruinnighthibh Cumainn Ghean Ghaedhilgeach Bhostúin, do bhiadh Séamus Ó Draigh- neáin láithreach, agus é a gcómhnaidhe go deagh-ghnóthach ag múineadh gach aoinne le a'r' mhian teanga a shinsear d'fhoghluim. Tá áireamh bliadhan ó ghoirigh carra-sráide Séamus Ó Draighneáin, agus ní raibh sé cruinn air a chosa ó d' éirigh an tíonóisg sin do, & air rith do trasna sráid'- an-Bhainne í chárra-sráide a bhí ag déanamh air, an lá roimh Oidhche Nodlag, do thuit sé ar a aghaidh ar an g- cosán agus do bhrúigheadh agus do gearradh a aghaidh & a cheann. Ó'n masladh so níor éirigh sé ar a shon go bh-fuair sé tóghadh aire agus friotáladh. Is easnaimh do chúis na Gaedhilge é bheith air lár, agus is fada fanaigh a chuimhne beó imeasg Ghaedhealaibh Bhostúin. Ó Rinn-an-Bhéiligh fó dheas de bhéal chuain Chorcaighe eadh b'eadh an Draigneánach, acht is iomdha bliadhain ó tháinig sé 'an dúthaigh seo. Go dtugaidh Dia suaimhneas síorraidhe d'á anam. "BANBA." TÁ uimhir na Nodlag de "Banba" mar gach uimhir eile do'n Irisleabhar so, go sleachtfar go bríoghmhar & go taithneamhach. Beidh áthas ar mhóráin daoine a chlois- int go bh-fuil "Banba" ag teacht amach gach mí as so amach. Tá na Gaedhilgeóiridhe is fheárr i n-Éirinn a scríobh do "Bhanba". Ní fhaiceamair in aon pháipéir fós aon nídh dá saghas cómh maith le nótaidhe an Fhireagair, ní'l an Ghaedhilig crapaidhthe ná ar leath sgiathán, acht go réidh, agus go soiléir agus go liomhtha. Leath réal is seadh fhiacha.
CÓIMHFHREAGARTHAS. A Eagarthóir An Gaodhail: Cuirim chúgat tarraingeacht ó litir do sgríobh Ó Néill chum Barún Sláine, in san bliadhain 1561. Bhí an litir so clódhbhuailte in san "National MSS. of Ire- land" roinn bliadhan ó shoin, acht b'fhéidir go bh-fuil mórán daoine ag fóghluim Gaedhilig anois ná'r léigh í. Is beagnách iad na focail céadna do sgríobhfadh Éire- annach indiú, dá m-beidh sé ag sgríobh litir mar sin, gidh gur raibh litir Ó Néill sgriobhtha ós cionn trí chéad bliadhan ó shoin. Tá sé chó forus do dhuine ó Chúige Mumhan le duine ó chúige Ulaidh nó chuige Chonnacht an litir so a thuig- sint, agus air an ádhbhar sin is cinnte gur b'í an caint céadna do labhradh in Éirinn go léir in san aois sin: -- CNOC MAOL DONN. "Beannacht annso chum an Bhasún Sláine, agus chum inghine an Iarla; agus innis dóibh gur gabhmé litreadh an Iustús, as ar thuig mé nach toil leis an Iuistís mé féín, no mó litreadh do chur re mo fhreagra a ceann na banrioghna; agus nach áil ach gabhaltas do dhénamh in m'fhearann agus in mo dhúthchaidh, amhail mar ínnis- tear dam gach laoi gur ab' ail leis Iarla Uladh da ghairm de. Agus is maith an dearbhadh ar sin, chómh luath agus tháínic an Iuistís a nÉirinn, mar nach raibhe a fhios agam. Is é a contráil do rinne an Iuistís. Chómh luath agus tháinic sé a n-Éirinn, nír chuir teachta no litir chugma-sa re sgéla é féin do thecht, acht thánic ar tús inn mo dhúthaidh do dhénamh gabaltais innti, dar leis féin. Agus is deimhin gur deacair sin do dhénamh do thoil Dé ag us misi in o bhathaidh, agus do for-mhór an cóir agam do leithtrom. Agus dá m-beith an chuid is ferr do Chlannaibh Néill agus misi gan anmain, ní dénta gabhaltas ar an chuid do bheith beo ace. Agus is minic a thairgeadh gabhaltas do dhénamh orra, agus nír criochaidhéadh sin a riamh aca. "MISI, O NÉILL." FILIDHEACHT AISLING. Diarmaid Ua h-Iarfhlatha ro chan. Ceó druidheachtaq sheol oidhche chum fáin mé, Is ar mhín teamhair thárla chum suain, Dom shíor-chasadh i g-coilltibh gan áitreabh, Go braoi-loch na Blárnann do chuadhas, Do shíneas cois craínn 'n a raibh bláth air, Agus taoibh liom go d-táinig sí suas, An ríoghan mhaiseach mhíonla badh bhreághtha, D'ár shiolraig ó Ádhamh anuas. Bíogann mo chroidhe ionam le h-áthas, Dá gnaoi raideas lán-shearc go luath, Dá braoighthe, dá ríghin-rosg, tá gáire, Is dá caoin-leacain álainn gan ghruaim, Dá dlaoigh-fholt tiugh, buidhe, casta fáinneach — 'S a dhá chíoch chruinne, bhláthmhára, cruadh — 'S gé gur bh'fíor bh-fada í an oidhche níor cás liom, Bheith ag síor-amharc áileacht a snuadh. A bhruídheach na mín-ghlac is áile, An tú Aoibhill 1 ó'n m-ban-charraig thuaigh? An tú Clíodhna, nó Aoife, nó Áine? Gan díoghaltas fuair bárr maise ó'n sluaigh? Nó an aoileann thug Naois leis tar sáile — Nó an fhionn-chruthach 2 chráidhtheach rug buadh? Nó an cuibhe leat-sa ínnsint a d-tráth dom, Cia an tír as a d-tángais ar cruaidh? D'fhíor chlannaibh Mhílidh le rádh mé; 'N ár dísgeadh mo cáirde chum chuain, Is shíos cois Ban-aoibhinn 3 do ghnáthaighim, Is le diogras go d-tánga 'n so ar cuaird, Dá ríomh go m-biaidh Bhíocáin na Blárnánn, 4 'N a n-ail-bhroghaibh arsaidh go luath; 'S an Stiobhard so bhí seal go fánach, 'N a rígh ar trí h-áitreabh go buan. Atá nídh eile ar m'intinn le rádh leat, Má's bínn mé do thracht air go luath, Go bhfuil Laoiseach go buaidheanmhar 's an Spáineach, 'S a b-príomh-loingeas, lán d'fhearaibh cruaidh, Ní bíadh daoi feasda i g-críoc Inis Fáilbhe, Ná sdriocfaidh dá námhaid go luáth, 'S gur a bh-fionn-sgáireacht fhír-dheire an Mhárta, Do mhaoidhfeam go h-aighthe an buadh. A sheimh-fhir ná tréig mé ar an taoibh-so, Agus téidhnam linn síos go tír-Eoghain, Mar bhfagham céad bhruinneal maordha fá druidheacht ann A n-daor-bhrataibh síoda 'gus sróil; Biaidh pléireacht gach lae leat is aoibhneas, Féasta 'gus fíonta, 'gus beóir,; Géilfead dod' bhréithribh gan ríghineas; Faghaim tréimhse ar feadh mí uait nó dhó, Go d-téidheadh seal ag féachain mo dhaoine, 'S go déanfad gach nídh cur a d-treo; Mo sgéalta dhom ghaolta go h-ínnsead, Is mo caoimh-bheannacht coidhche chur leó; Is go léigtear mé tréith-lag fá liagaibh, Má tréigin tú choidhche dom dheoin. Do réidhmhar le chéile an gach poínte, An aon toil ná sgaoilfidh go deó, Do bhí faoilseamh an lae in ár d-tímcheall, 'S na h-éin beaga ag tréigean a g-ceól, Thug sí féachaint ró néamrach ó chroidhe orm, Do léir-ghoin mé ag ráigheadaibh tar fóir, Is mar crioch ar mo sgeal díbh le h-ínnsint, Dá béal tanaidh mín thugas póg. 1 Aoibhill, &c. Three celebrated fairy princesses. 2. Fionn-chruthach, the Fair-formed. The poet refers to Niamh cruthach, the bride of Tailc son of Treon, the heroine of one of the lays of Oisin. 3. Ban-aoibhinn, a locality situated south of Mallow, in the county of Cork and north of Blarney, the scene of the present vision or dream. 4. Bhíocain na Blárnann, the Viscount of Blarney. This title belonged to a branch of the MacCarthies, but was forfeited by them, together with the Castle and estate of Blarney, on ac- count of their adhesion to the fortunes of the House of Stuart.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services