Tír na n-óg — Aisling.
Tir na n-Og — A Vision
by Margaret O'Keefe, Kingwilliamstown, Cork.
San t-sean aimsir bhí baintreabhach bhocht 'na cómhnaidhe i
d-tígín deas i ngiorracht do lochannaibh Cill-Airne, &
bhí ingean aici go raibh Bríghid mar ainm uirthi. Oidhche
Nodlag áirighthe, agus a mathair 'na codladh, bhí Bríghid
na h-aonar le h-ais na teine, agus í ag féachaint ar
choinneall na Nodlag a bhí ar lasadh ar an fhuinneóig.
Bhí san go maith do d-tí, i g-ceann sgathaimh gur imthigh
an coinneall os cómhair a súl, & in a h-ionad, is é an
rud a bhí ann, 'na spideóigín. Bhain se an-phreab as an g-cailín
nídh nár' b'iongnadh: acht sul a raibh uainn aici aon nidh a dhéanamh,
bhí an spideóg imthighthe tré gloinne na fuinneóige. Leis sin,
tháinigh an-chraiste do Bhríghid agus rith sí an doras amach agus
i n-diaigh na spideóige, a bhí ag déanamh faoi dhéin Lócha Léin i lár
a dichill. Do rith Bríghid i n-anaithe an t-saothair go d-táinig sí go
bruach na Lócha. Agus is é an rud a thuit amach ná déan an spid-
eóg iasg dí féin agus súd isteach 'san uisge an t-iasg agus Brighid
leis. Síos leó tríd an uisge go d-tí, i n-deireadh baire, gur
bhuaileadar thalamh agus do fuaradar iad féin ar oileán beag,
glas, a bhí faoi an loch dhruidheachta.
Ní túisge go raibh an talamh buailte ag an iasg 'ná dhéan sé cap-
all de féin agus sgiatháin ag an capall agus dath an t-sneachtaigh
air. Síos leis ar a dhá ghlúin chum Brighde a ghabháil ar a dhrom,
Comh Luath agus bhí sí ar a dhrom as go bráth leó tríd an aer níos
eadhtroime 'ná an ghaoith. Do rug an t-each bán ar an ghaoith a bhí
roimis, agus ní rug an ghaoith a bhí i n-a dhiaigh air, i d-treó ná raibh
trí nómat imthighthe 'nuair a bhíodar trí milliún míle, geall leis
ó'n oileán glas.
Badh ró gheárr gur bhuail an t-each talamh arís, agus do fuair
Bríghid í féin ar thír éigin go raibh solas ní badh ghile 'ná grian
Meithimh an t-Samhradh ag soillsiúghadh aníos uirthi Chonnarc sí
spioraidídhe gléigeala ag siúbhal dóibh féin tré coilltibh glasa, &
tré gleanntaibh gealla go raibh srothanna chomh glan le criostal
ag rith tríotha agus blátha ar gach aon dáth ag fás ar bruach gach
srotha. Bhí sléibhthe áirde, gorma, le féicsint i bhfad, agus cad
a chídhfeadh Bríghid ar bhárr ceann aca, act tígh cómh mór leis an t-
sliabh féin, & díon óir & falaidh airgid air. Tháinig iongnad a
croidhe uirthi toisg breághthachta agus mórdhachta an tíghe agus badh
ghairid gur thug sí aghaidh a capaill ar na sléibhthibh, & fá dhéan an
tíghe, agus bhadh gháirid an mhaill ortha é shroisint. D'fhág sí an
t-each las amuigh de'n gheata órdha a bhí ós cómhair an tígh. Acht do
stad sí i n-aice leis an doras, agus sgeón ínnti, mar bhí an áit
istigh ní badh ghile 'ná an áit amuigh féin, agus do bh'éigin dí a dhá
súil a dhúnadh le neart an t-soillseacht. Badh ghairis gur airigh sí
guth bhinn os a cionn, agus leis sin thóg sí a súile in áirde agus
tháinig crith lámh 's chos uirthi 'nuair a chonnarc sí cad a bhí ann.
Bhí rí agus bainríoghan 'ná suidhe ar dhá cháthaoir órdha ar árdán
agus do shamhlaigh Bríghid ná'r b'fhéidir le aingeal 's na flaitheas
bheith níos áilne 'ná an bhainríoghan san. Bhí a dá súil mar réaltaibh
& gach dual gruaig ar dháth an óir & ag sroisint síos léi go d-tí
an talamh. Bhí chualaidh éadaigh comh geal leis an eala um uimpi:
acht nídh badh ghile 'ná a cuid éadaigh féin, do bhí a croicean. D'fhéach
Bríghid suas ortha agus ionghnadh a chroidhe uirthi. I g-ceann sgath-
aim do labhair an dá spioraid (mar dhá spioraid a bhí ann), agus
dubhradar le Bríghid teacht chúca.
'Nuair a bhí sí tagaithe 'n a bhfiadhnaise chuireadar "chéad míle
fáilte" roimpí, agus d'fiafruigheadar dí ciannos a bhí an t-sean
tír bocht 'nn a dhiaigh. Mhínigheadar annsan gur bh'í an áit san Tír
na n-Óg, agus gur bh'í annsan gur mhair anamna na n-Gaodhal iar
fághail am t-saoghal dóibh, agus na léighfidhe isteach i dTír na n-Óg,
acht anamna clann na nGaodhal amháin.
"Agus," ar san sí, "cidhfir feasta, a ingin ó an t-slíghe go g-
caithear an Nodhlaig i dTír na n-Óg." Agus leis sin d'osgail se
doras óir a bhí a bhfolach faoi éadach gorm laistiar do'n árdan, &
dubhairt le Brighidh féachaint isteach. D'fhéach sí, chomh maith, agus
is beag ná chailleadh í le neart glórmharachta an radhairc a leath
reime 'n-a súilibh, mar bhí deallramh neimhe ar an áit san ar fad.
I lár na h-áite bhí altóir mhór, déanta d'ór agus d'airgid, &
blátha bána 's craobhanna glasa ar a mhullach, & sluagh daoine 'n
a tímcheall, agus eadaigh gheala uimpe, agus cláirseach óir ag gach
duine aca, agus iad go léir ag seinm, agus a léithéid do ceól
níor shamhlaigheadar na daoine ar thalamh riamh. Thug Bhríghid faoi
n-deara go raibh corón seamróg tímcheall ar cheann gach duine aca
agus go raibh na falaidhe agus an t-urlár déanta do sheóda, acht,
sul a raibh uainn aici a thuilleadh thabhairt faoi ndeara do dhúnadh
an doras.
Tháinig brón a croidhe uirthi agus d'fhiafraigh sí do'n righ cad na
thaobh ná'r' léighfidhe dhí a thuilleadh féicsint, acht dubhairt an rí go
raibh Tír na n-Óg ro-neamhdha d'aoinne ó thalamh, agus, mara im-
theóghadh sí do phas, chaillfidhe í le neart cheóil agus na glóire.
Badh éigin do Bhríghid dul i n-áirde ar an each gan maill, agus
is iad na focal déigheannach gur airigh sí ná: "Beannach Dé agus
Mhuire agus Phádraig leat."
As go bráth leis an each tríd an aer, agus badh ghairid go rabhad-
ar thar 'n áis ann sa bhaile leis an t-slíghe céadhna gur imthigheadar.
Chum sgéal gairid a dhéanamh dé, ní túisge bhí an t-each 'nn a spid-
eóig arís 'ná suas leis ar an bhfuinneóig, agus cad a dhéanfadh sí
dhí féin acht conneall na Nodhlag mar a bhí riamh.
'Nuair d'airigh an máthair an sgéal dubhairt sí gur bhadh taibhreagh
a bhí déanta do Bhríghid, acht ní chreidfeadh an chailín ó aoinne 'ná
go raibh sí i d-Tír na n-Óg, ar fhiribh, an oidhche Nodlag úd.
SÉAMUS Ó DRAIGHNEÁIN
D'éag i sráid Hudson, i m-Bostún, Dia domh-
náig an ceathramhadh la de Ghionbhar, 1903, Séamus Ó
Draighneán, a b'aithnid le fada do Ghaedhilgeóiríbh na
na cathrach san mar shaothraightheoir díthcheallach air shon
teangadh a dhúthchais.
Beagan bliadhain ó shoin do bhí sé 'n a leas-uachtarán
air Chonnradh Gaedhilge an Oileáin Uir, agus pé duine
a bhíadh láithreach nó ná biadh, ag cruinnighthibh Cumainn
Ghean Ghaedhilgeach Bhostúin, do bhiadh Séamus Ó Draigh-
neáin láithreach, agus é a gcómhnaidhe go deagh-ghnóthach
ag múineadh gach aoinne le a'r' mhian teanga a shinsear
d'fhoghluim.
Tá áireamh bliadhan ó ghoirigh carra-sráide Séamus
Ó Draighneáin, agus ní raibh sé cruinn air a chosa ó d'
éirigh an tíonóisg sin do, & air rith do trasna sráid'-
an-Bhainne í chárra-sráide a bhí ag déanamh air, an lá
roimh Oidhche Nodlag, do thuit sé ar a aghaidh ar an g-
cosán agus do bhrúigheadh agus do gearradh a aghaidh &
a cheann. Ó'n masladh so níor éirigh sé ar a shon go
bh-fuair sé tóghadh aire agus friotáladh. Is easnaimh
do chúis na Gaedhilge é bheith air lár, agus is fada
fanaigh a chuimhne beó imeasg Ghaedhealaibh Bhostúin.
Ó Rinn-an-Bhéiligh fó dheas de bhéal chuain Chorcaighe
eadh b'eadh an Draigneánach, acht is iomdha bliadhain ó
tháinig sé 'an dúthaigh seo.
Go dtugaidh Dia suaimhneas síorraidhe d'á anam.
"BANBA."
TÁ uimhir na Nodlag de "Banba" mar gach uimhir
eile do'n Irisleabhar so, go sleachtfar go bríoghmhar &
go taithneamhach. Beidh áthas ar mhóráin daoine a chlois-
int go bh-fuil "Banba" ag teacht amach gach mí as so
amach. Tá na Gaedhilgeóiridhe is fheárr i n-Éirinn a
scríobh do "Bhanba". Ní fhaiceamair in aon pháipéir fós
aon nídh dá saghas cómh maith le nótaidhe an Fhireagair,
ní'l an Ghaedhilig crapaidhthe ná ar leath sgiathán, acht
go réidh, agus go soiléir agus go liomhtha.
Leath réal is seadh fhiacha.
CÓIMHFHREAGARTHAS.
A Eagarthóir An Gaodhail:
Cuirim chúgat tarraingeacht ó litir do sgríobh Ó
Néill chum Barún Sláine, in san bliadhain 1561. Bhí an
litir so clódhbhuailte in san "National MSS. of Ire-
land" roinn bliadhan ó shoin, acht b'fhéidir go bh-fuil
mórán daoine ag fóghluim Gaedhilig anois ná'r léigh í.
Is beagnách iad na focail céadna do sgríobhfadh Éire-
annach indiú, dá m-beidh sé ag sgríobh litir mar sin,
gidh gur raibh litir Ó Néill sgriobhtha ós cionn trí chéad
bliadhan ó shoin.
Tá sé chó forus do dhuine ó Chúige Mumhan le duine
ó chúige Ulaidh nó chuige Chonnacht an litir so a thuig-
sint, agus air an ádhbhar sin is cinnte gur b'í an
caint céadna do labhradh in Éirinn go léir in san
aois sin:
-- CNOC MAOL DONN.
"Beannacht annso chum an Bhasún Sláine, agus chum
inghine an Iarla; agus innis dóibh gur gabhmé litreadh
an Iustús, as ar thuig mé nach toil leis an Iuistís mé
féín, no mó litreadh do chur re mo fhreagra a ceann
na banrioghna; agus nach áil ach gabhaltas do dhénamh in
m'fhearann agus in mo dhúthchaidh, amhail mar ínnis-
tear dam gach laoi gur ab' ail leis Iarla Uladh da
ghairm de. Agus is maith an dearbhadh ar sin, chómh luath
agus tháínic an Iuistís a nÉirinn, mar nach raibhe a fhios
agam. Is é a contráil do rinne an Iuistís. Chómh luath
agus tháinic sé a n-Éirinn, nír chuir teachta no litir
chugma-sa re sgéla é féin do thecht, acht thánic ar tús
inn mo dhúthaidh do dhénamh gabaltais innti, dar leis
féin. Agus is deimhin gur deacair sin do dhénamh do
thoil Dé ag us misi in o bhathaidh, agus do for-mhór an
cóir agam do leithtrom. Agus dá m-beith an chuid is
ferr do Chlannaibh Néill agus misi gan anmain, ní
dénta gabhaltas ar an chuid do bheith beo ace. Agus
is minic a thairgeadh gabhaltas do dhénamh orra, agus
nír criochaidhéadh sin a riamh aca.
"MISI, O NÉILL."
FILIDHEACHT
AISLING.
Diarmaid Ua h-Iarfhlatha ro chan.
Ceó druidheachtaq sheol oidhche chum fáin mé,
Is ar mhín teamhair thárla chum suain,
Dom shíor-chasadh i g-coilltibh gan áitreabh,
Go braoi-loch na Blárnann do chuadhas,
Do shíneas cois craínn 'n a raibh bláth air,
Agus taoibh liom go d-táinig sí suas,
An ríoghan mhaiseach mhíonla badh bhreághtha,
D'ár shiolraig ó Ádhamh anuas.
Bíogann mo chroidhe ionam le h-áthas,
Dá gnaoi raideas lán-shearc go luath,
Dá braoighthe, dá ríghin-rosg, tá gáire,
Is dá caoin-leacain álainn gan ghruaim,
Dá dlaoigh-fholt tiugh, buidhe, casta fáinneach —
'S a dhá chíoch chruinne, bhláthmhára, cruadh —
'S gé gur bh'fíor bh-fada í an oidhche níor cás liom,
Bheith ag síor-amharc áileacht a snuadh.
A bhruídheach na mín-ghlac is áile,
An tú Aoibhill 1 ó'n m-ban-charraig thuaigh?
An tú Clíodhna, nó Aoife, nó Áine?
Gan díoghaltas fuair bárr maise ó'n sluaigh?
Nó an aoileann thug Naois leis tar sáile —
Nó an fhionn-chruthach 2 chráidhtheach rug buadh?
Nó an cuibhe leat-sa ínnsint a d-tráth dom,
Cia an tír as a d-tángais ar cruaidh?
D'fhíor chlannaibh Mhílidh le rádh mé;
'N ár dísgeadh mo cáirde chum chuain,
Is shíos cois Ban-aoibhinn 3 do ghnáthaighim,
Is le diogras go d-tánga 'n so ar cuaird,
Dá ríomh go m-biaidh Bhíocáin na Blárnánn, 4
'N a n-ail-bhroghaibh arsaidh go luath;
'S an Stiobhard so bhí seal go fánach,
'N a rígh ar trí h-áitreabh go buan.
Atá nídh eile ar m'intinn le rádh leat,
Má's bínn mé do thracht air go luath,
Go bhfuil Laoiseach go buaidheanmhar 's an Spáineach,
'S a b-príomh-loingeas, lán d'fhearaibh cruaidh,
Ní bíadh daoi feasda i g-críoc Inis Fáilbhe,
Ná sdriocfaidh dá námhaid go luáth,
'S gur a bh-fionn-sgáireacht fhír-dheire an Mhárta,
Do mhaoidhfeam go h-aighthe an buadh.
A sheimh-fhir ná tréig mé ar an taoibh-so,
Agus téidhnam linn síos go tír-Eoghain,
Mar bhfagham céad bhruinneal maordha fá druidheacht ann
A n-daor-bhrataibh síoda 'gus sróil;
Biaidh pléireacht gach lae leat is aoibhneas,
Féasta 'gus fíonta, 'gus beóir,;
Géilfead dod' bhréithribh gan ríghineas;
Faghaim tréimhse ar feadh mí uait nó dhó,
Go d-téidheadh seal ag féachain mo dhaoine,
'S go déanfad gach nídh cur a d-treo;
Mo sgéalta dhom ghaolta go h-ínnsead,
Is mo caoimh-bheannacht coidhche chur leó;
Is go léigtear mé tréith-lag fá liagaibh,
Má tréigin tú choidhche dom dheoin.
Do réidhmhar le chéile an gach poínte,
An aon toil ná sgaoilfidh go deó,
Do bhí faoilseamh an lae in ár d-tímcheall,
'S na h-éin beaga ag tréigean a g-ceól,
Thug sí féachaint ró néamrach ó chroidhe orm,
Do léir-ghoin mé ag ráigheadaibh tar fóir,
Is mar crioch ar mo sgeal díbh le h-ínnsint,
Dá béal tanaidh mín thugas póg.
1 Aoibhill, &c. Three celebrated fairy princesses.
2. Fionn-chruthach, the Fair-formed. The poet refers to Niamh
cruthach, the bride of Tailc son of Treon, the heroine of one of
the lays of Oisin.
3. Ban-aoibhinn, a locality situated south of Mallow, in the
county of Cork and north of Blarney, the scene of the present
vision or dream.
4. Bhíocain na Blárnann, the Viscount of Blarney. This title
belonged to a branch of the MacCarthies, but was forfeited by
them, together with the Castle and estate of Blarney, on ac-
count of their adhesion to the fortunes of the House of Stuart.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11