Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanmóirí, Filíocht, Sgeal Fiannuigheachta
Title
Seanmóirí, Filíocht, Sgeal Fiannuigheachta
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1900
Publisher
Nolan Bros
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
“Nuair a bheith Clú Halla ag Éire, beidh ainm Séamus Mac Maghnuis Go h-árd ar an leasd.” Sgéalta na Sígheóg i n-dún na n-gall le Séamus Mac Maghnuis. ___ “Is deisciobal úmhal a thoirbhireas, le urra- im mhóir, an leabhairín beag so do chuimhne na Seanchuidhe Gaedhealach sin, do chongbhuidhe beó dúinn – tre grádh tíre agus grádh Sgéalaigheachta amháin - Sean Sgéalta breágha ár g-cinidh, ó aois go h-aois agus ó ghlúin go glún.” ___ Da fhichead daith-dhealbhaidh Le Gustabhe Bherbeec. Fá Éadach, 12mo $1.25 ___ Iarr ar do Reiceadóir-Leabhair Nó sgriobh do chum Mac Giolla Mhuire, Phillps agus a chuideachta. Foillsightheóiridhe, Nuadh Eabhrac.
Seanmóiridh Uí Ghallchobhair. Ar shuas-thoghbháil ár m-baintíghearna beannuighthe, na maighdine muire, máthar dé. "Guidh orrainn 'nna bpeacachaibh anois agus ar uair ár m-báis. Amén." Briathra an Spioraid Naoimh le béal na heaglaise Catoilicighe & a ghnídh roinn de'n Abhe Maria. As an geárr úrnaighe so do ghnídh an eaglais Chatoiliceach is iontuigh- se daoibh, cad é méad an dóthchuis a tá aici ann idir-ghuidhe na Maighdine Muire. Cómh fada a's bhídheas an duine ann gleann na n-deór ar an t-saoghal bídheann an cholann ag a mhealladh; bídh luidheachán laetheamhail ag Lucifer & ag sluaightibh ifrinn 'nn a thímcheall; bídh an uile riachtanas & easbadh air, i d-taobh anama & cuirp. "Téidheann sé thart mar leomhan cíocrach, feitheadh ar neach do shlugadh." – 1 Peadar, c. 5, r. 8. Ní thig le duine ar bith le n-a mhisneach féin an claon & an tain-ghean bhídheas ag an g-colainn daona do'n t-saoghal a mhaighís- treacht. Ní'l cúmhacht ar talamh bhéarfadh buaidhe ar chaithidhe an diabhail gan ghrása Dé. Cad eile, a Chríostaidhe, cad é mar gheabham na grása so a tá chómh riachtanach so againn an leas ár n-anama do dhéanadh? Ní fiú sinn féin, ann nách fhuil nídh ar bith ó nádúir acht olc & ain-mhian, sinn a bhídheas go laetheamhail briseadh aitheanta Dé & a dhlíghe; sinn a tá folaighthe ó cheann go cois le lúbhra an pheacaidh, ag dul ag iarraidh na n-grása so ar an t-É a m-bídhimíd cur feirge go laetheamhail? Och! cad eile, cia ar a n-iarrfamaoid é mar sin? Cia an carad, nó an duine muinteardha ar a d-tabhar- famaoid aghaidh ó rinneamar námhaid d'ár gcarad ionmhuin, Críost? Atá, a chairde, ar an Mhaigh- dean Mhuire. Is ar a láimh tá an dioghaltas noch do thuill ár b-peacaidh ionntughadh uainn. Is trídh lámha Mhuire thig gach cabhair & cómhghnadh ó Dhia chugainn. Is í an t-sruthán as a d-tig uisge thob- air na n-grás 'nn a thuille chugainn. Is d'á dhruim so orduigheas an Eaglais dúinn an úrnaighde úd a rádh go minic. – Guidh orrainn, &c. Léigheamaoid i Leabhair na Ríghthe go n-deachaidh an Bhainrioghan Betsebé ag iarraidh athchúinge ar a mac Solamh, mac Dáibhídh. 'N uair a chualaidh an rí í bheith ag teacht, chuaidh ann a h-airchis* go luath-gháireach, rinne úmhlughadh & onóir dhi, & chuir ar a dheas láimh ann a chathaoir rioghdha í; dubhairt léithi, gach nídh a thastaidh uaithe iarraidh go dána & nach n-diúltóchadh sé féin aon nídh uirthi a d'iarr- fadh sí. –"Iarr a mháthaír, óir ní fhúil sé ceart go g-cuirfinn móiseam ar do ghnúis." (3 Riogh, c. 2). Mar an gcéadna tar éis Mhuire Bhaintíghearna chaitheadh a téarma ar an t-saoghal so, & gur mhian le n-a haon Mhac, a bheith chuige féin go Parrthas, tháinic sé ann a h-airchis, & sluaghta Parrthais 'nn aoinfheacht leis; d'árdaigh sé í idir chorp & anam go flaitheamhnas; do chuir Críostar a dheas láimh nn a suidhe í; thug sé dhí an uile-chumhacht ar neamh & ar talamh faoi é féin; do gheall dhí nach bh-fuil athchuinge ar bith noch d'iarrfadh rinneadh ar Mhuire go Parrthas, & ar na mór grása a dhortas si ann uas orrainn is mian liom trácht indiu tar éis mo chómhrádh roinn in a dhá phunc. Árduigheadh Muire go Parrthas ar mhodh iongan- tach éagsamhail; sin an chéad phuuc. Bídh sí 'nn a idirghuidhtheóir & 'nna mnaoi impídhe idir sinn-ne & a h-aon Mac; sin an dara punc. Iarramaoid, & c. AN CHÉAD PHUNC. An uair a thig bain-rioghan ar bith go nuadh chum ríoghachta nó chum cathrach, bídh spéis & dúil ag an uile dhuine í a fhaicsint; téid an t-uasal & an t-íseal, an lag & an láidir, an bocht & an saidh- bhir, 'nn a h-airchis & ag a fáiltiúghadh; ní bhídheann nídh ar bith le faicsint acht féastaidh ar a g-caith- eadh; fíonta ag a n-dortadh, gunnaidh móra ag
a sgaoileadh; cruit & orgáin ag a seinm; bron- tanais mórluaich ag a b-pronnadh do'n bhain- phrionnsa, ann aon fhocal an uile cineal solom- ainn & súbháilce gnídhthear le linn phríonnsa nó bain-phrionsa theacht a ghlacadh seilbh ar a g- coróin. So an nídh gnídhthear, a deirim, leis na prion- saidh talmhaidh; acht ní fiú airiúghadh, nó innisin aon nídh d'á mhéid is féidir a dhéanadh ar talamh, a bh- farras na solamainne & an t-súbhailce a thaisbéan- adh a bParthras le linn bain-rioghna flaitheamhnais ag dhul do glacadh seilbh ar choróin na glóire. Tháinic na naoi n-óird ainglidh 'nn a h-airchis, agus iad ag seinm abhrán bhinne & cainthice molta. Tháinic mar an g-céadna 'nn a h-aircis na fáide, na Patri- arca & na n-apstoil naoimh & ban-naoimh Pharrthais go hiomshlán. Bhí Parrthas go h-uile ar aon, chómh sheinm ceólta fáilte & roimh an m-bainriogh- ain Mhuire. Badh leór an méid so, dar leat, a Chríostaidhe d'onóir a dhéanadh fá chómhair créatúir ar bith ó Dhia ‘nuas, acht níor mhór le Críost nídh badh mhó ‘ná so a dhéanadh d'a Mháthair: Chuaidh sé féin 'nn a h-airchis, do chuir sé coróin na glóire ann a gnúis. Ghlac sé a Mháthair go soilbhir, súbháilceach; thug leis ar láimh í i bh-fiadhnaise an athar síorraidhe, & a dubhairt leis: so, Athair an bhean a thóg Tusa ó 'n t-síorraidheacht ann a bheith ‘nn a Máthair agam sa; so an bhean a rinne ariamh mo thoil & ná'ar chlaon ariamh do dhlíghe a bhriseadh; so an bhean bhí 'nn a sompla & 'nn a patrún ionnracais & cneas- tacha ag fearaibh & ag mnáibh an domhain. De bhrígh, ar an t-athair síorraidhe, a Mhuire, go n-deárnaidh tú mo thoil-se ar an t-saoghail, & nár thruailligh Tú ariamh do choinsias le brúdar ar bith peacaidh, bheirim duit, mar phrontanas, & mar luach saothair a bheith rann-pháirteach ann mo chúmhacht. Maiseadh, bheirim-se dhuit, mar an g-céadna, ar an Mac, a bheith do mháighistreás ar mo thrócaire. Bheirim-se dhuit, mar an g-céadna, ar an Spíorad naomh, a bheith rann-pháirteach ann mo chríonacht & ann mo mhaitheas. Ordúighimíd duit, ó'n diu amach a bheith, do bhaín-rioghan ós cionn na naingeal & na n-árd-aingeal, ós cionn naomh agus ban-naomh Parrthais go h-iomshlán. "Árduigheadh naomh mháth- air Dé ós cionn coisir na n-aingeal go rioghacht flaitheamhnais." O Mhuire, a bhain-rioghan na cruinne, is mór an chéim so & an onóir a fuair tú ós cionn naomh an domhain, acht ní bh-fuarais nídh ná'ar bh'fhiú thú. Molaim thú ó mo chroidhe, & ó mo thoíl, Is deimhin gur fíor an nídh dubhairt Elisabet, máthair Eoin Baiste, leat – "gur beannuighthe thú thar na mnáibh." Lucas, c. 1, r. 42. Ní iongnadh liom, a cháirde, go b'fhéidir le anam glórmhar Muire í féin d'árdúghadh, ar sileadh súile ó'n talamh go Neamh, de bhrígh gur féidir le gach Spiorad olc & maith dul ann geárr aimsir ó chrích go crích & ó cheann de'n dómhan go soiche an cheirn eile. Acht is iongnadh liom cad é mar b'fhéidir leis an gcorpán cré bhí tímcheal an anama so, dhul suas an bealach cumhang, cruaidh gan gleus iomchair. Is feasach sibh nách árdúghadh a gnídheas an nídh a bhídh- eas trom, acht ísliúghadh & tuitim chum talmhan. Cad eile, cad é an mhodh ar a n-deachaidh an chol- ann daona úd Mhuire ó'n talamh gó Phárrthas? Maiseadh a Chríostaidhe, íomcharadh an corp glór- mhar so a g-cóiste ór-bhuidhe, órnáilte le clocha uaisle & péarlaidh mór-chostasacha. Acht cad é an t-adhmuid, a mheasas sibh, d'á n-dearnadh an cóiste so? Nó cad iad ná eachraidh bhí ag a tharraing? A tá a Chríostaidhe deagh-oibreacha & deagh-ghníomhartha Mhuire. So féin an t-adhmuid d'á n-dearnadh an cóiste úd, so na pearlaidh, so no clocha uaisle chur máise & áilne ar an g-cóiste úd; so an gleus iomchair, so nó sgiathán a árduigheas gach naomh go geataidhe Parrthais. Ar an taobh eile gach duine malaighthe, nach gnídheann lón nó stór de na deagh-ghníomhartha ar an t-saoghal so, 'nn áit árd- úghadh suas, le tuitim síos, gnídh sé le trom-ualach a pheacaidh go fíor-íochtar ifrinn. Ní bhídheann atharrughadh de cóiste aige, acht cóiste teintidh & diabhail ifrinn ag a tharraing. ---"Teinne & sulphur agus Spioraid cosgaracha cuid a g-caillis-sa." Psal. x. 7. Tuigidh sibh anois, a cháirde, cad é an cineal cóiste ann ar íomcaradh corp glórmhar Mhuire, mar do bhí deagh-oibreacha & a deagh-ghníomhartha. Acht ní móide go d-tuigeann sibh, cad iad na eachraidh bhí ag tharraing? Siad eachraidh a bhí tarr- aing an chóiste úd, ná súbhailchidh neamhda bhí ag Muire; & ar son go raibh na uile cineal subháilcidh innti a b'fhéidir a bheith a g-créatúr daona ar bith, ar mhodh go m-b'fhéidir a rádh leithe gur raibh sí 'nn a stór-chiste lán d'ionnracas, de glaine choinsias & de chrabhadh; gidheadh bhí ceithre príomh-subhailcídh aicí a g-céin d'innste, mar a bhí úmhlacht, geanmhn- aidheacht, carthanacht & foighid. Is ur-fhoras, dar leat, a Chríostaidhe, Mhuire Bhaintíghearna a mholadh, gidheadh cia b'é a dhearc- fadh ar an g-cás go grinn is nídh é a tá do-dhéanta do-chamhlach. Má dhearcamaoid ar Mhuire taobh a colna, is foras gan amhrus, a moladh, de bhrígh nach bhfuil sgéimh, áilne, nó deise d'á b'fhéidir nach fuair sí ó'n athair síorraidh, an uair a chruthuigh Sé í, ann a bheith 'nn a máthair ag a Mhac. "Atá tú ró dheas, mo chara." Cant. iv. 7. Má dhearcamaoid ar Mhuire taobh a h-anama, is deimhin go bhfuair sí oiread tiodhlacaidh & grása ó na h-aon Mhac in san moméint do ghlac Sé col- ann daona fá n-a broinn, & is féidir le créatúr ar bith a ghlacadh, nó a bheith aige. "A tá mar sin, a Chríostaidhe, na grása & na thiodhlacaidh a fuair Muire a d-taobh na h-anama & a cuirp chómh éag- samhail sin, cómh iomadamhail, ar mhodh nach féidir le ínntleacht daona ar bith a d-tuigsin, nó le teanga ar bith a luadh mar is cóir!" ---S. Ber. Sermo. 65. Dá gcuirfinn, reómham, Chríostaidhe, Muire Bhaintíghearna a mholadh taobh a úmhlachta, geobhfaidh mé an iomad naomh & ban-naomh a bhí umhal, a d' uir-ísligh iad féin chómh-mhór sin, ionnas go saoil- feadh nach raibh meas daona aca ortha féin ar chóir ar bith. "Amadán sin-ne ar son Chríost." --- 1. Cor. iv. 18. Acht 'nn a dhiaigh so & uile, níor
b'fhéidir leó theacht ann n-giobhair úmhlachta Mhuire. Do lean an mháthair sompla a mhic. D'úir-isligh sé É féin chómh mór sin, gur ghlac-sé foirm sglan- aidh ar an t-saoghal, & gur fhulaing sé bás sgan- nalach na croiche. Do rinneadh sé umhal, go díreach do'bhás bás na croiche so go cinnte." ---Pilib, ii. 8. An uair a fuair sí ó bhéal an aingil gairm bain- rioghan ar an domhan uile, 's eadh dubhairt sí go úir-íseal, umhal, nach raibh innti acht sglabhaidh, no bain-fheadhma an Tighearna. ---"Féach mise searbhfhóghantaigh." Lucas i. 38. Do lean Muire an prímh-léigheann úd a teag- asgthar i sgoil Chríost, mar a tá, an t-é ár mhian é féin d'árdúghadh a b-Parrthais go g-caithfidh-sé é féin d'úir-ísliúghadh ar an t-saoghal so. --- “Cia ar bith úir-ísligheas é féin curthar suas é ar aghaidh." --- Matt. xxiii. 12. D'úir-isligh sí é, í féin chómh-mór sin faoi chosa an t-saoghail, –agus d'á dhruim so h-árdúghadh í in san áit is áirde faoi an Tríonóide i b-Parrthais. --- "Árdúghadh suas naomh Máthair Dé ós cionn chóisir na n-Aingeal." A Mhná uaibhreacha bhródumhla a t-saoghail so, nach nglacann spíd nó tarchuisne ó neach a mhair- theann; sibh-sé le ár mian tús saidhe & taoiseach bealaigh ann gach cóisir, & ann gach chómh-chruinniu- ghadh, is díreach ghlachas sibh béalach contrardha do léigheann Chríost & Mhuire. Agus d'á bhrígh gur mian libh sibh féin d'árdúghadh ós cionn an domhain ísleóchtar sibh faoi chruabadh diabhal ann ifrionn. --- "Gibé árduigheas é féin ísleóchtar é." Matt. 23. Cur a g-cás, a Chríostaidhe, go mholfainn Muire tríd a geanmnaidheacht & a gloinne choinsias, ghabh- faidh mé ann, fá'm céadna, an iomad maighdean, nar thruailligh riamh a g-colann le comuisg fir ar bith; acht an bh-facas, nó an g-cualas a riamh bean ar bith 'nn a máthair & ‘nn a maighdean ann aoin- fheacht mar do bhí Muire. --- Máthair beannaighthe, neamh-thruailighthe í." Má mholaim Muire tríd a carthanach, caithfidh mé an iomad eile do mholadh ag a raibh grádh an- mhór ar Dhia. Léigheamaoid ar an iomad a thug cúl do'n t-saoghal; a bhronn a maoin & a substaint ar bochtaib Dé, & sin uile mar gheall ar Dhia. Ó ní raibh acht fuar-ghrádh ann aon nídh de so, a bhar- ramh an ghrádha éagsamhla a bhí ag Muire ar a Cruthuightheóir, Bhí a croidhe mar fhuirneis ar las- adh le iomad grádh & gean an Chríost. Má dhearcaim ar an b'foighid a bhí ag Muire, cidhfidh mé, mar an gcéadna, an iomad maistír- idhe – mná & fir – a céasadh & a crochadh; do los- gadh ar greidilibh, brúighte a g-coiribh; tarraingthe idir eathraibh, a d'fhulaing an uile cineal pianta go foighideach, fonnmhar mar gheall ar Dhia. Óch! A Chríostaidhe, sin & mhile oiread dá b-fhulangochaidh siad, ní fuil acht sughradh bharramh ná seacht saigh- id nimhe a chuaidh tríd croidhe Muire, na seacht dóláis a d'fhulaing sí fá aon Mhac Críost. ---"Agus d'anam féin rachfaidh claidheamh tríd." Lucas ii. 25. Och! a Bhainríoghan na n-aingeal da m-beidhéadh m'ínntleacht-sa láidir, nó thábhacht ann mo bhriathr- aibh, le a b-féidir liom do shabhailcidh neamhdha chur síos mar is chóir, ní bheidhinn coidhche tuirseach do do mholadh. Acht de bhrígh gur nídh é a sharuighteas mo lagh-chéadfaidh, glaicim anois mo chéad leat, ar na mor-ghrása bheir tú gan chuimse do gach aon a chuireas a dhóthchus ionad. Nídh ar ár gheall mé trácht in san dara poinc de mo chómhradh. (le bheith ar leanamhain) Tuireamh Dómhnall an Chasgra* Do Mháirghead Ní Cheallaigh, eadhon, a leanán. Mar fuaras ó dheachda sean-mhná. Seal san uaimh so a pléidhreacht 's mar do rincféadh ar dísle, 'Sa guth ameasg céad-bhan in aoin- fheacht badh mhílse, A caoimh-dheilbh chnéis-ghléigheal do lean prionnsaidhe tar calaith; Do bhí folt ar dhath an fhiach-dhuibh ar Mháirghiadh Ní Cheallaigh. Ní chloisfeadh go deó arís do bhínn cheól ghuth ag borradh, Nó do dhearcadh a sgéith lonnradh in árus diamhair an fhógaire, Ná frioth-bhualadh do chroidhe thais mo chineamhuin do mhaolúghadh; Nó ad' ghéagaibh mé ghrádh-dheóchadh a Mháirghiad Ní Cheallaigh. An chaonach as na sléibhte bhí aguinn mar iomdhaigh chum luidhe, D'ól an bhraon déanach d'fhuil chraonach do chroidhe An sgian mhaith bhí taobh liom d'fhuig tréith lag an ealla, Ann a feall brollach daingean sáidhte i Máirghiad Ní Cheallaigh. Do bí práisléad do phéarlaighibh ar a píp-ghil mar sneachta, ‘S ar a méaraibh bhí fáinnidhe na Sacgannaigh go greannta, Ní raibh síoda ná sróil ar aon óig-bhean i Malladh A g-cómhsamhuil do'n ór-bhuidhe bhí ar Mhairghiad Ní Cheallaigh. A shair-fhir is leun leat an spéirbhean a d' dhíol, Acht ní chumha dhuit ar aon-chor mar thraochais ban- fhéill, Mo láimh dheis d'fhuigh tréith í gan faoiseadh ná taise, Ar leabaigh gan téarnadh 'sa chuid folla 'ná chaise 'S an chuas mhór uaighneach so 's mé machtnamh mo smuainte, A's gach maistín gadhar Sacson a m' bholtnúghadh ar gach poínte; Tá mo shean-cháirde chródha rómham thrídh árdaibh Dhúithealla, Céad slán leat uaimh an áir agus óig-bhean Ní Cheallaigh. Daniel McCabe, Banteer, Co. Cork. *Casgra, this word is now corrupted into "casga" in the spoken language.
Sgeal Fiannuigheachta. An macaomh mor, mac rígh na h-easpaine. "The Adventures of the Great Youth, Son of the King of Spain." Caibidil X. Agus lá n-aon d'a rabhamar ar fhaithche an dúin is eadh do chonnarcamar long fhairsing, áidhbhéil mhór ag teacht i dtír gur an g-cuan, & a dubhairt féin go rachainn d'fhiafraighe sgéala díobh, & do ghluaiseas reomham gur an gcuan agus fiafraighim sgéala díobh. Adubhairt fear díobh gurab é rí na h-Antuaithe do bhí ann ag leanamhain an Mhacaoimh Mhóir, mhic ríogh na hEaspaine ag dío- ghailt a easonóra air, & a ghaibhne do mharbh sé & fos a chlaidheamh do thabhairt leis, & go loisgfeadh & go millfeadh an chríoch muna d-tugthaidhe an Mhacaoimh Mór dó le díoghailt a easonóra air, & ar a chlos sin damh-sa d'innseas gurab mé féin an Macaomh Mór, & nách léigfinn i dtír iad, & d'iarras comhrac aoinfhir ortha. "Agus tháinic mac ríogh na h-Antuaithe do chómhrac riom, & tuiteas a bhfoirceann an chómhraic sin. Trí lá damhsa mar sin gur thuiteadar triar mac riogh na h-Antuaithe liom, & níor léigeas i dtír iad go ceann seachtmhuine. Agus do thuiteadar, fear cómhlan céad nó céad fear i n-arm liom gach lá. "Agus dar do láimh-se, a Fhinn Mhic Chumhaill nó go n'deach- aidh aca orm nó agam ortha, ní iarrfainn congnamh fortachta ar an rígh. "Do chuir an rí teachta ar shluaghaibh na h-India, & tugamar líon ar lámh ortha, ionnas gur mharbhamar iad an mhéid nár báthadh díobh, acht an rí, & drong bheag do chuaidh leis do shiú- bhal & do luas a gcor chum na loinge a n-aghaidh na mara, & ní h-aithristear sgéalaidheacht air ó shoin i leith. "Bliadhain damhsa mar sin i bhfocair an ríogh, & i gceann na ré sin do ghabhas lámh air imtheacht & do thagras mo bhean do bhreith liom, & d'iarr an rí orm fanamhuin le seilg foraoise na m-beo, & gur ghnáth leis a déanamh i gceann na seachtmhadh bliadhna, & gurab í sin bliadhain na seilge & go raibh de chúmhacht ag an seilg sin go d-tiubhradh Dia anam san tí do gheobhadh bás & air na chlos san damhsa d'fhanas i bhfochair an ríogh go h-am na seilge, & d'éirghe sé féin & mise do chum na foraoise do dhéanamh na seilge, & do rugamar líon fada fairsing linn, aon ghadhar glór amháin guith-bhinn & do síneadh an líon linn, & a dubhairt an rí liom-sa fanamhuin i bhfocair an lín & gidh bh'é ní do gheobhainn ann gan a mharbhadh acht a chongbháil go d-tigidh féin chugham. "Is ann san do chuaidh an rí & an gadhar san bhforaois & do dhúisigh fiadh foraoise na mbeo, & do tháinic san líon & do chongbhas-sa san líon é go teacht do'n rí láithreach, & an tantáinic an rí do léig cuid d'á chuid fola san gcorn órdha do bhí aige, agus do thómhais cloch ordha uasal ris an gcreacht fó chéadóir. Do léighis sé é, & do léig amach arís é, & tigimíd iar sin go teach na séad, & do chuir an rí cuid de 'n fhuil sin i mbéal mo mhná féin, & do fágbhadh slán sá chéad- óir í, & is measta duit-se a Fhinn Mhic Chumhaill gur ghaibh lúthgháir mé féin ar n-aithbheodhúghadh mo chéad ghrádha de mhnáibh na talmhan d'éis a bhfuaras de dhuadh & de dhochair & gluaisim féin & mo bhean san go lán-lúthgháireach do'n Eas- páin.
Caibidil XI. "Agus do chuadar ceathrar dearbhráthar dam féin dom' iarraidh ar feadh an domhain & is in Éirinn do thuiteadar, & dar do láimh-se a Fhinn Mhic Chumhaill is do dhíogailt a mbás sin thánag féin go h-Éirinn do'n dul so." Agus ag rádh na m-briathar san do chuala sé fógradh catha ó Oscar. "Is truagh san, a Fhinn," ar an fear mór, "óir d'fheallais orm, & níor chuibhe duit a dhéanamh, & gabhaim troid ar son mo ré & mo shaoghail & ar chathas dom aimsir gur indiu." Agus d'éirigh an fear mór ar sin, & do cheangail a chorp cruth-álainn, ce. lidhe dá chaith-éide goile & cruadh-chómhlain, & do righnidh i gcoinne & gcómhdháil Oscair & do fearadh gleó fraochbhorbh, fír-niata geanamhail gáibhtheach grodmhar módh- mharac eatorra; & do b'é críoch an chómhraic gur torcharadh an Macaoimh Mór, mac riogh na h-Easpáine, le béimeanna bioth-bhaoghlacha, boirb-neartmhara, & le buillidhe cruadha, coilg-fhíocra, gaoth-námhdachá Oscair, álainn iolbhuadhaigh mhic Oisín ar fhaithche fhódghlas, fheur-uaithne, shocair-chiúmhaisigh na h-Almhuine. Gurabh í sin Oidheadh, Eactradh & Imtheachta an Macaoimh Mhóir, mhic riogh na h-Easpáine go nuige sin. Ar na sgríobh le Seághan Ó Muláin, May 21, 1790. (Críochnaighdhe.) An sgríobhnóir cct. Guidhim saoghal fada seunmhar go bhfághbhaid an saoi, An chaoin ghéag mhilis ghlégeal gan cháim 'nn a chroidhe, Do smuain saothar na Féinne 's a gcáil do sgríobh, A's thug díol cléirigh do'n t-é chuir na ráidhte síos. Pí in Éirinn í. Eoghan (Ruadh) Ó Súilleabháin ró chan. Do chailín de Mhuintir Laoghaire Is atuirseach géar mo sgéal, fóraoir! [eadh, I gan-fhios do'n t-saoghal le tréimhse a'm' shnoigh- Do shearg mo ghné, 's ní fuil spéir i' m' ghnaoi, Le taithneamh do bhéith, pí in Éirinn í! Pí in Éirinn í! pí in Éirinn í! Tapadh mo ghéag is léir gur chlaoidh, A's maise mo sgéimhe do chlaochlaigh trí Gach galar a's péin dár saoghdúghadh tríom, Ó dhearchus an bhéith, pí in Éirinn í! &c. Le bárr mo mhéar ní léir dam sgríobh, 'S i'm' theangaibh, mo léan! ní'l Béarla binn; Ní blasd' iad mo théx(ts) i nGaedhilig chaoin, Go molfainn mo bhéith, pí in Éirinn í! &c. Is daithte tiugh, péarlach, faon, tais, slím, Camarsach, néamhach, céibh a cinn, Ó bhathas ag téacht go méar a troighe, Le caraid mo chléibh, pí in Éirinn í! &c. Is maiseach, geal, séimh a h-éadan mín, 'S mar ribe dá céibh gan bhréig a braoi; Bhí luisne na g-caor trí aol ag bruighean, I leacain mo bhéith, pí in Éirinn í! &c. Mar eal' ar an caoltaibh d'fhéach a píob, 'S a h-amharc do thraoch na céada laoch, A leabhar-chrobh réidh 's a h-aol-chneas mín, 'S a mama dheas ghéar, pí in Éirinn í! &c. Is banamhail, séimh, tais maordha a h-aoighear, Is banamhail, caomhna, a sgéimh go fíor, Tá fairsinge féil' a's daonacht tríd, Le h-amharc i'm' bhéith, pí in Éirinn í! &c. An abair Obhid a's Caesar éachtach, groidhe, A's Bhirgil nách staonfadh d'aon de an dís, Ag moladh le chéile ag téacht ar mhnaoi, Níor chosamhail le m' bhéith, pí in Éirinn í! &c. Ó chailleadh le Hélen baoth-mhac Phríam, A's Sampson le Délila mhaordha mhín, Ná déanaidh-si éacht dá n-déis sin díom, Má thuitim lem' bhéith, pí in Éirinn í! &c. Is dearbh Orphéus thus saor aníos, Ó ifrionn fé mar léightear linn, Le binneas a mhéar an réiltean chaoin, Go g-carfadh mo bhéith, pí in Éirinn í! &c. Dá bh-faicfeadh mac Aesoin Laogh mo chroidhe, Sul a'r' thaisdeal le Média i g-céin 'n a luíng, An Iomradh do thréigfeadh sé san t-slíghe, Le taitneamh do m'bhéith, pí in Éirinn í! &c. Earcuilis féin, ó is do chlaoidh, Fathaigh 'gur béidir, thug géill do mhnaoi, Le taitneamh d'Oimpféile bhí tréimhs' ag sníomh, 'S níor chosamhail í lem' bhéith, pí in Éirinn í! &c. Féach sealadh Montélion tréan gur shín I d-treasaibh na céada laoch gan bhrígh, Le taitneamh do'n néamh-bhean bhéal-tais bhinn, Ná'ar chosamhail lem' bhéith, pí in Éirinn í! &c. Is fearr liom féin gach laoch dár mhuidheas, Bheith treasgartha faon ná i réim mar bhíodh, Mar sgarfadh gan phlé duin' éigin díobh, Mise lem' bheith, pí in Éirinn í! Pí in Éirinn í!! Pí in Éirinn í!!!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services