Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanmóirí, Filíocht, Sgeal Fiannuigheachta

Title
Seanmóirí, Filíocht, Sgeal Fiannuigheachta
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1900
Publisher
Nolan Bros

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


“Nuair a bheith Clú Halla ag Éire,
beidh ainm Séamus Mac Maghnuis
Go h-árd ar an leasd.”



Sgéalta na Sígheóg
i n-dún na n-gall
le Séamus Mac Maghnuis.



___



“Is deisciobal úmhal a thoirbhireas, le urra-
im mhóir, an leabhairín beag so do
chuimhne na Seanchuidhe Gaedhealach sin,
do chongbhuidhe beó dúinn – tre grádh
tíre agus grádh Sgéalaigheachta amháin -
Sean Sgéalta breágha ár g-cinidh, ó
aois go h-aois agus ó ghlúin go glún.”



___



Da fhichead daith-dhealbhaidh
Le Gustabhe Bherbeec.
Fá Éadach, 12mo $1.25



___



Iarr ar do Reiceadóir-Leabhair
Nó sgriobh do chum
Mac Giolla Mhuire, Phillps
agus
a chuideachta.
Foillsightheóiridhe, Nuadh Eabhrac.


L. 339


Seanmóiridh Uí Ghallchobhair.



Ar shuas-thoghbháil ár m-baintíghearna beannuighthe, na maighdine
muire, máthar dé.



"Guidh orrainn 'nna bpeacachaibh anois agus ar uair ár
m-báis. Amén."



Briathra an Spioraid Naoimh le
béal na heaglaise Catoilicighe &
a ghnídh roinn de'n Abhe Maria.
As an geárr úrnaighe
so do ghnídh an eaglais
Chatoiliceach is iontuigh-
se daoibh, cad é méad
an dóthchuis a tá aici ann
idir-ghuidhe na Maighdine
Muire.



Cómh fada a's bhídheas
an duine ann gleann na n-deór ar an t-saoghal
bídheann an cholann ag a mhealladh; bídh luidheachán
laetheamhail ag Lucifer & ag sluaightibh ifrinn 'nn a
thímcheall; bídh an uile riachtanas & easbadh air, i
d-taobh anama & cuirp. "Téidheann sé thart mar
leomhan cíocrach, feitheadh ar neach do shlugadh." –
1 Peadar, c. 5, r. 8. Ní thig le duine ar bith le
n-a mhisneach féin an claon & an tain-ghean bhídheas
ag an g-colainn daona do'n t-saoghal a mhaighís-
treacht. Ní'l cúmhacht ar talamh bhéarfadh buaidhe
ar chaithidhe an diabhail gan ghrása Dé. Cad eile, a
Chríostaidhe, cad é mar gheabham na grása so a tá
chómh riachtanach so againn an leas ár n-anama do
dhéanadh? Ní fiú sinn féin, ann nách fhuil nídh
ar bith ó nádúir acht olc & ain-mhian, sinn a bhídheas
go laetheamhail briseadh aitheanta Dé & a dhlíghe;
sinn a tá folaighthe ó cheann go cois le lúbhra an
pheacaidh, ag dul ag iarraidh na n-grása so ar an
t-É a m-bídhimíd cur feirge go laetheamhail? Och!
cad eile, cia ar a n-iarrfamaoid é mar sin? Cia
an carad, nó an duine muinteardha ar a d-tabhar-
famaoid aghaidh ó rinneamar námhaid d'ár gcarad
ionmhuin, Críost? Atá, a chairde, ar an Mhaigh-
dean Mhuire. Is ar a láimh tá an dioghaltas noch
do thuill ár b-peacaidh ionntughadh uainn. Is trídh
lámha Mhuire thig gach cabhair & cómhghnadh ó Dhia
chugainn. Is í an t-sruthán as a d-tig uisge thob-
air na n-grás 'nn a thuille chugainn. Is d'á dhruim
so orduigheas an Eaglais dúinn an úrnaighde úd
a rádh go minic. – Guidh orrainn, &c.



Léigheamaoid i Leabhair na Ríghthe go n-deachaidh
an Bhainrioghan Betsebé ag iarraidh athchúinge ar
a mac Solamh, mac Dáibhídh. 'N uair a chualaidh
an rí í bheith ag teacht, chuaidh ann a h-airchis* go
luath-gháireach, rinne úmhlughadh & onóir dhi, & chuir
ar a dheas láimh ann a chathaoir rioghdha í; dubhairt
léithi, gach nídh a thastaidh uaithe iarraidh go dána &
nach n-diúltóchadh sé féin aon nídh uirthi a d'iarr-
fadh sí. –"Iarr a mháthaír, óir ní fhúil sé ceart go
g-cuirfinn móiseam ar do ghnúis." (3 Riogh, c. 2).



Mar an gcéadna tar éis Mhuire Bhaintíghearna
chaitheadh a téarma ar an t-saoghal so, & gur mhian
le n-a haon Mhac, a bheith chuige féin go Parrthas,
tháinic sé ann a h-airchis, & sluaghta Parrthais 'nn
aoinfheacht leis; d'árdaigh sé í idir chorp & anam
go flaitheamhnas; do chuir Críostar a dheas láimh
nn a suidhe í; thug sé dhí an uile-chumhacht ar neamh
& ar talamh faoi é féin; do gheall dhí nach bh-fuil
athchuinge ar bith noch d'iarrfadh rinneadh ar Mhuire
go Parrthas, & ar na mór grása a dhortas si ann
uas orrainn is mian liom trácht indiu tar éis
mo chómhrádh roinn in a dhá phunc.



Árduigheadh Muire go Parrthas ar mhodh iongan-
tach éagsamhail; sin an chéad phuuc. Bídh sí 'nn a
idirghuidhtheóir & 'nna mnaoi impídhe idir sinn-ne &
a h-aon Mac; sin an dara punc. Iarramaoid, & c.



AN CHÉAD PHUNC.



An uair a thig bain-rioghan ar bith go nuadh chum
ríoghachta nó chum cathrach, bídh spéis & dúil
ag an uile dhuine í a fhaicsint; téid an t-uasal &
an t-íseal, an lag & an láidir, an bocht & an saidh-
bhir, 'nn a h-airchis & ag a fáiltiúghadh; ní bhídheann
nídh ar bith le faicsint acht féastaidh ar a g-caith-
eadh; fíonta ag a n-dortadh, gunnaidh móra ag


L. 340


a sgaoileadh; cruit & orgáin ag a seinm; bron-
tanais mórluaich ag a b-pronnadh do'n bhain-
phrionnsa, ann aon fhocal an uile cineal solom-
ainn & súbháilce gnídhthear le linn phríonnsa nó
bain-phrionsa theacht a ghlacadh seilbh ar a g-
coróin.



So an nídh gnídhthear, a deirim, leis na prion-
saidh talmhaidh; acht ní fiú airiúghadh, nó innisin aon
nídh d'á mhéid is féidir a dhéanadh ar talamh, a bh-
farras na solamainne & an t-súbhailce a thaisbéan-
adh a bParthras le linn bain-rioghna flaitheamhnais
ag dhul do glacadh seilbh ar choróin na glóire. Tháinic
na naoi n-óird ainglidh 'nn a h-airchis, agus iad ag
seinm abhrán bhinne & cainthice molta. Tháinic mar
an g-céadna 'nn a h-aircis na fáide, na Patri-
arca & na n-apstoil naoimh & ban-naoimh Pharrthais
go hiomshlán. Bhí Parrthas go h-uile ar aon, chómh
sheinm ceólta fáilte & roimh an m-bainriogh-
ain Mhuire.



Badh leór an méid so, dar leat, a Chríostaidhe
d'onóir a dhéanadh fá chómhair créatúir ar bith ó
Dhia ‘nuas, acht níor mhór le Críost nídh badh mhó
‘ná so a dhéanadh d'a Mháthair: Chuaidh sé féin 'nn
a h-airchis, do chuir sé coróin na glóire ann a gnúis.
Ghlac sé a Mháthair go soilbhir, súbháilceach; thug
leis ar láimh í i bh-fiadhnaise an athar síorraidhe, &
a dubhairt leis: so, Athair an bhean a thóg Tusa ó
'n t-síorraidheacht ann a bheith ‘nn a Máthair agam
sa; so an bhean a rinne ariamh mo thoil & ná'ar
chlaon ariamh do dhlíghe a bhriseadh; so an bhean bhí
'nn a sompla & 'nn a patrún ionnracais & cneas-
tacha ag fearaibh & ag mnáibh an domhain.



De bhrígh, ar an t-athair síorraidhe, a Mhuire, go
n-deárnaidh tú mo thoil-se ar an t-saoghail, & nár
thruailligh Tú ariamh do choinsias le brúdar ar bith
peacaidh, bheirim duit, mar phrontanas, & mar luach
saothair a bheith rann-pháirteach ann mo chúmhacht.
Maiseadh, bheirim-se dhuit, mar an g-céadna, ar
an Mac, a bheith do mháighistreás ar mo thrócaire.
Bheirim-se dhuit, mar an g-céadna, ar an Spíorad
naomh, a bheith rann-pháirteach ann mo chríonacht &
ann mo mhaitheas. Ordúighimíd duit, ó'n diu amach
a bheith, do bhaín-rioghan ós cionn na naingeal & na
n-árd-aingeal, ós cionn naomh agus ban-naomh
Parrthais go h-iomshlán. "Árduigheadh naomh mháth-
air Dé ós cionn coisir na n-aingeal go rioghacht
flaitheamhnais."



O Mhuire, a bhain-rioghan na cruinne, is mór
an chéim so & an onóir a fuair tú ós cionn naomh
an domhain, acht ní bh-fuarais nídh ná'ar bh'fhiú thú.
Molaim thú ó mo chroidhe, & ó mo thoíl, Is deimhin
gur fíor an nídh dubhairt Elisabet, máthair Eoin
Baiste, leat – "gur beannuighthe thú thar na
mnáibh." Lucas, c. 1, r. 42.



Ní iongnadh liom, a cháirde, go b'fhéidir le anam
glórmhar Muire í féin d'árdúghadh, ar sileadh súile
ó'n talamh go Neamh, de bhrígh gur féidir le gach
Spiorad olc & maith dul ann geárr aimsir ó chrích
go crích & ó cheann de'n dómhan go soiche an cheirn
eile. Acht is iongnadh liom cad é mar b'fhéidir leis
an gcorpán cré bhí tímcheal an anama so, dhul suas
an bealach cumhang, cruaidh gan gleus iomchair. Is
feasach sibh nách árdúghadh a gnídheas an nídh a bhídh-
eas trom, acht ísliúghadh & tuitim chum talmhan.
Cad eile, cad é an mhodh ar a n-deachaidh an chol-
ann daona úd Mhuire ó'n talamh gó Phárrthas?
Maiseadh a Chríostaidhe, íomcharadh an corp glór-
mhar so a g-cóiste ór-bhuidhe, órnáilte le clocha
uaisle & péarlaidh mór-chostasacha. Acht cad é an
t-adhmuid, a mheasas sibh, d'á n-dearnadh an cóiste
so? Nó cad iad ná eachraidh bhí ag a tharraing? A
tá a Chríostaidhe deagh-oibreacha & deagh-ghníomhartha
Mhuire. So féin an t-adhmuid d'á n-dearnadh an
cóiste úd, so na pearlaidh, so no clocha uaisle chur
máise & áilne ar an g-cóiste úd; so an gleus
iomchair, so nó sgiathán a árduigheas gach naomh
go geataidhe Parrthais. Ar an taobh eile gach duine
malaighthe, nach gnídheann lón nó stór de na
deagh-ghníomhartha ar an t-saoghal so, 'nn áit árd-
úghadh suas, le tuitim síos, gnídh sé le trom-ualach
a pheacaidh go fíor-íochtar ifrinn. Ní bhídheann
atharrughadh de cóiste aige, acht cóiste teintidh &
diabhail ifrinn ag a tharraing. ---"Teinne & sulphur
agus Spioraid cosgaracha cuid a g-caillis-sa."
Psal. x. 7.



Tuigidh sibh anois, a cháirde, cad é an cineal
cóiste ann ar íomcaradh corp glórmhar Mhuire,
mar do bhí deagh-oibreacha & a deagh-ghníomhartha.
Acht ní móide go d-tuigeann sibh, cad iad na
eachraidh bhí ag tharraing? Siad eachraidh a bhí tarr-
aing an chóiste úd, ná súbhailchidh neamhda bhí ag
Muire; & ar son go raibh na uile cineal subháilcidh
innti a b'fhéidir a bheith a g-créatúr daona ar bith,
ar mhodh go m-b'fhéidir a rádh leithe gur raibh sí 'nn
a stór-chiste lán d'ionnracas, de glaine choinsias
& de chrabhadh; gidheadh bhí ceithre príomh-subhailcídh
aicí a g-céin d'innste, mar a bhí úmhlacht, geanmhn-
aidheacht, carthanacht & foighid.



Is ur-fhoras, dar leat, a Chríostaidhe, Mhuire
Bhaintíghearna a mholadh, gidheadh cia b'é a dhearc-
fadh ar an g-cás go grinn is nídh é a tá do-dhéanta
do-chamhlach. Má dhearcamaoid ar Mhuire taobh a
colna, is foras gan amhrus, a moladh, de bhrígh nach
bhfuil sgéimh, áilne, nó deise d'á b'fhéidir nach
fuair sí ó'n athair síorraidh, an uair a chruthuigh Sé
í, ann a bheith 'nn a máthair ag a Mhac. "Atá tú
ró dheas, mo chara." Cant. iv. 7.



Má dhearcamaoid ar Mhuire taobh a h-anama, is
deimhin go bhfuair sí oiread tiodhlacaidh & grása ó
na h-aon Mhac in san moméint do ghlac Sé col-
ann daona fá n-a broinn, & is féidir le créatúr
ar bith a ghlacadh, nó a bheith aige. "A tá mar sin,
a Chríostaidhe, na grása & na thiodhlacaidh a fuair
Muire a d-taobh na h-anama & a cuirp chómh éag-
samhail sin, cómh iomadamhail, ar mhodh nach féidir
le ínntleacht daona ar bith a d-tuigsin, nó le
teanga ar bith a luadh mar is cóir!" ---S. Ber.
Sermo. 65.



Dá gcuirfinn, reómham, Chríostaidhe, Muire
Bhaintíghearna a mholadh taobh a úmhlachta, geobhfaidh
mé an iomad naomh & ban-naomh a bhí umhal, a d'
uir-ísligh iad féin chómh-mhór sin, ionnas go saoil-
feadh nach raibh meas daona aca ortha féin ar chóir
ar bith. "Amadán sin-ne ar son Chríost." --- 1.
Cor. iv. 18. Acht 'nn a dhiaigh so & uile, níor


L. 341


b'fhéidir leó theacht ann n-giobhair úmhlachta Mhuire.
Do lean an mháthair sompla a mhic. D'úir-isligh
sé É féin chómh mór sin, gur ghlac-sé foirm sglan-
aidh ar an t-saoghal, & gur fhulaing sé bás sgan-
nalach na croiche. Do rinneadh sé umhal, go díreach
do'bhás bás na croiche so go cinnte." ---Pilib, ii. 8.
An uair a fuair sí ó bhéal an aingil gairm bain-
rioghan ar an domhan uile, 's eadh dubhairt sí go
úir-íseal, umhal, nach raibh innti acht sglabhaidh,
no bain-fheadhma an Tighearna. ---"Féach mise
searbhfhóghantaigh." Lucas i. 38.



Do lean Muire an prímh-léigheann úd a teag-
asgthar i sgoil Chríost, mar a tá, an t-é ár mhian
é féin d'árdúghadh a b-Parrthais go g-caithfidh-sé
é féin d'úir-ísliúghadh ar an t-saoghal so. --- “Cia
ar bith úir-ísligheas é féin curthar suas é ar
aghaidh." --- Matt. xxiii. 12. D'úir-isligh sí é, í féin
chómh-mór sin faoi chosa an t-saoghail, –agus d'á
dhruim so h-árdúghadh í in san áit is áirde faoi an
Tríonóide i b-Parrthais. --- "Árdúghadh suas naomh
Máthair Dé ós cionn chóisir na n-Aingeal."



A Mhná uaibhreacha bhródumhla a t-saoghail so,
nach nglacann spíd nó tarchuisne ó neach a mhair-
theann; sibh-sé le ár mian tús saidhe & taoiseach
bealaigh ann gach cóisir, & ann gach chómh-chruinniu-
ghadh, is díreach ghlachas sibh béalach contrardha do
léigheann Chríost & Mhuire. Agus d'á bhrígh gur
mian libh sibh féin d'árdúghadh ós cionn an domhain
ísleóchtar sibh faoi chruabadh diabhal ann ifrionn. ---
"Gibé árduigheas é féin ísleóchtar é." Matt. 23.



Cur a g-cás, a Chríostaidhe, go mholfainn Muire
tríd a geanmnaidheacht & a gloinne choinsias, ghabh-
faidh mé ann, fá'm céadna, an iomad maighdean,
nar thruailligh riamh a g-colann le comuisg fir ar
bith; acht an bh-facas, nó an g-cualas a riamh bean
ar bith 'nn a máthair & ‘nn a maighdean ann aoin-
fheacht mar do bhí Muire. --- Máthair beannaighthe,
neamh-thruailighthe í."



Má mholaim Muire tríd a carthanach, caithfidh
mé an iomad eile do mholadh ag a raibh grádh an-
mhór ar Dhia. Léigheamaoid ar an iomad a thug
cúl do'n t-saoghal; a bhronn a maoin & a substaint
ar bochtaib Dé, & sin uile mar gheall ar Dhia. Ó
ní raibh acht fuar-ghrádh ann aon nídh de so, a bhar-
ramh an ghrádha éagsamhla a bhí ag Muire ar a
Cruthuightheóir, Bhí a croidhe mar fhuirneis ar las-
adh le iomad grádh & gean an Chríost.



Má dhearcaim ar an b'foighid a bhí ag Muire,
cidhfidh mé, mar an gcéadna, an iomad maistír-
idhe – mná & fir – a céasadh & a crochadh; do los-
gadh ar greidilibh, brúighte a g-coiribh; tarraingthe
idir eathraibh, a d'fhulaing an uile cineal pianta
go foighideach, fonnmhar mar gheall ar Dhia. Óch! A
Chríostaidhe, sin & mhile oiread dá b-fhulangochaidh
siad, ní fuil acht sughradh bharramh ná seacht saigh-
id nimhe a chuaidh tríd croidhe Muire, na seacht
dóláis a d'fhulaing sí fá aon Mhac Críost. ---"Agus
d'anam féin rachfaidh claidheamh tríd." Lucas ii.
25.



Och! a Bhainríoghan na n-aingeal da m-beidhéadh
m'ínntleacht-sa láidir, nó thábhacht ann mo bhriathr-
aibh, le a b-féidir liom do shabhailcidh neamhdha chur
síos mar is chóir, ní bheidhinn coidhche tuirseach do
do mholadh. Acht de bhrígh gur nídh é a sharuighteas
mo lagh-chéadfaidh, glaicim anois mo chéad leat,
ar na mor-ghrása bheir tú gan chuimse do gach aon
a chuireas a dhóthchus ionad. Nídh ar ár gheall mé
trácht in san dara poinc de mo chómhradh.



(le bheith ar leanamhain)



Tuireamh Dómhnall an Chasgra*



Do Mháirghead Ní Cheallaigh, eadhon, a leanán.



Mar fuaras ó dheachda sean-mhná.



Seal san uaimh so a pléidhreacht 's
mar do rincféadh ar dísle,
'Sa guth ameasg céad-bhan in aoin-
fheacht badh mhílse,
A caoimh-dheilbh chnéis-ghléigheal do
lean prionnsaidhe tar calaith;
Do bhí folt ar dhath an fhiach-dhuibh ar
Mháirghiadh Ní Cheallaigh.



Ní chloisfeadh go deó arís do bhínn cheól ghuth ag
borradh,
Nó do dhearcadh a sgéith lonnradh in árus diamhair
an fhógaire,
Ná frioth-bhualadh do chroidhe thais mo chineamhuin
do mhaolúghadh;
Nó ad' ghéagaibh mé ghrádh-dheóchadh a Mháirghiad Ní
Cheallaigh.



An chaonach as na sléibhte bhí aguinn mar iomdhaigh
chum luidhe,
D'ól an bhraon déanach d'fhuil chraonach do chroidhe
An sgian mhaith bhí taobh liom d'fhuig tréith lag an
ealla,
Ann a feall brollach daingean sáidhte i Máirghiad
Ní Cheallaigh.



Do bí práisléad do phéarlaighibh ar a píp-ghil mar
sneachta,
‘S ar a méaraibh bhí fáinnidhe na Sacgannaigh go
greannta,
Ní raibh síoda ná sróil ar aon óig-bhean i Malladh
A g-cómhsamhuil do'n ór-bhuidhe bhí ar Mhairghiad Ní
Cheallaigh.



A shair-fhir is leun leat an spéirbhean a d' dhíol,
Acht ní chumha dhuit ar aon-chor mar thraochais ban-
fhéill,
Mo láimh dheis d'fhuigh tréith í gan faoiseadh ná
taise,
Ar leabaigh gan téarnadh 'sa chuid folla 'ná chaise



'S an chuas mhór uaighneach so 's mé machtnamh mo
smuainte,
A's gach maistín gadhar Sacson a m' bholtnúghadh
ar gach poínte;
Tá mo shean-cháirde chródha rómham thrídh árdaibh
Dhúithealla,
Céad slán leat uaimh an áir agus óig-bhean Ní
Cheallaigh.



Daniel McCabe, Banteer, Co. Cork.



*Casgra, this word is now corrupted into "casga" in the
spoken language.


L. 342


Sgeal Fiannuigheachta.



An macaomh mor, mac rígh na h-easpaine.



"The Adventures of the Great Youth, Son of the King of Spain."



Caibidil X.



Agus lá n-aon d'a rabhamar ar fhaithche an dúin is
eadh do chonnarcamar long fhairsing, áidhbhéil
mhór ag teacht i dtír gur an g-cuan, & a
dubhairt féin go rachainn d'fhiafraighe sgéala
díobh, & do ghluaiseas reomham gur an gcuan agus
fiafraighim sgéala díobh. Adubhairt fear díobh
gurab é rí na h-Antuaithe do bhí ann ag leanamhain
an Mhacaoimh Mhóir, mhic ríogh na hEaspaine ag dío-
ghailt a easonóra air, & a ghaibhne do mharbh sé & fos
a chlaidheamh do thabhairt leis, & go loisgfeadh & go millfeadh
an chríoch muna d-tugthaidhe an Mhacaoimh Mór dó le díoghailt
a easonóra air, & ar a chlos sin damh-sa d'innseas gurab mé
féin an Macaomh Mór, & nách léigfinn i dtír iad, & d'iarras
comhrac aoinfhir ortha.



"Agus tháinic mac ríogh na h-Antuaithe do chómhrac riom, &
tuiteas a bhfoirceann an chómhraic sin. Trí lá damhsa mar
sin gur thuiteadar triar mac riogh na h-Antuaithe liom, &
níor léigeas i dtír iad go ceann seachtmhuine. Agus do
thuiteadar, fear cómhlan céad nó céad fear i n-arm liom
gach lá.



"Agus dar do láimh-se, a Fhinn Mhic Chumhaill nó go n'deach-
aidh aca orm nó agam ortha, ní iarrfainn congnamh fortachta
ar an rígh.



"Do chuir an rí teachta ar shluaghaibh na h-India, & tugamar
líon ar lámh ortha, ionnas gur mharbhamar iad an mhéid nár
báthadh díobh, acht an rí, & drong bheag do chuaidh leis do shiú-
bhal & do luas a gcor chum na loinge a n-aghaidh na mara, &
ní h-aithristear sgéalaidheacht air ó shoin i leith.



"Bliadhain damhsa mar sin i bhfocair an ríogh, & i gceann na
ré sin do ghabhas lámh air imtheacht & do thagras mo bhean do
bhreith liom, & d'iarr an rí orm fanamhuin le seilg foraoise
na m-beo, & gur ghnáth leis a déanamh i gceann na seachtmhadh
bliadhna, & gurab í sin bliadhain na seilge & go raibh de
chúmhacht ag an seilg sin go d-tiubhradh Dia anam san tí do
gheobhadh bás & air na chlos san damhsa d'fhanas i bhfochair an
ríogh go h-am na seilge, & d'éirghe sé féin & mise do chum na
foraoise do dhéanamh na seilge, & do rugamar líon fada
fairsing linn, aon ghadhar glór amháin guith-bhinn & do síneadh
an líon linn, & a dubhairt an rí liom-sa fanamhuin i bhfocair
an lín & gidh bh'é ní do gheobhainn ann gan a mharbhadh acht a
chongbháil go d-tigidh féin chugham.



"Is ann san do chuaidh an rí & an gadhar san bhforaois & do
dhúisigh fiadh foraoise na mbeo, & do tháinic san líon & do
chongbhas-sa san líon é go teacht do'n rí láithreach, & an
tantáinic an rí do léig cuid d'á chuid fola san gcorn órdha
do bhí aige, agus do thómhais cloch ordha uasal ris an
gcreacht fó chéadóir. Do léighis sé é, & do léig amach arís
é, & tigimíd iar sin go teach na séad, & do chuir an rí cuid de
'n fhuil sin i mbéal mo mhná féin, & do fágbhadh slán sá chéad-
óir í, & is measta duit-se a Fhinn Mhic Chumhaill gur ghaibh
lúthgháir mé féin ar n-aithbheodhúghadh mo chéad ghrádha de
mhnáibh na talmhan d'éis a bhfuaras de dhuadh & de dhochair &
gluaisim féin & mo bhean san go lán-lúthgháireach do'n Eas-
páin.


L. 343


Caibidil XI.



"Agus do chuadar ceathrar dearbhráthar dam féin dom'
iarraidh ar feadh an domhain & is in Éirinn do thuiteadar, &
dar do láimh-se a Fhinn Mhic Chumhaill is do dhíogailt a mbás
sin thánag féin go h-Éirinn do'n dul so."



Agus ag rádh na m-briathar san do chuala sé fógradh catha
ó Oscar.



"Is truagh san, a Fhinn," ar an fear mór, "óir d'fheallais
orm, & níor chuibhe duit a dhéanamh, & gabhaim troid ar son
mo ré & mo shaoghail & ar chathas dom aimsir gur indiu."



Agus d'éirigh an fear mór ar sin, & do cheangail a chorp
cruth-álainn, ce. lidhe dá chaith-éide goile & cruadh-chómhlain,
& do righnidh i gcoinne & gcómhdháil Oscair & do fearadh gleó
fraochbhorbh, fír-niata geanamhail gáibhtheach grodmhar módh-
mharac eatorra; & do b'é críoch an chómhraic gur torcharadh an
Macaoimh Mór, mac riogh na h-Easpáine, le béimeanna
bioth-bhaoghlacha, boirb-neartmhara, & le buillidhe cruadha,
coilg-fhíocra, gaoth-námhdachá Oscair, álainn iolbhuadhaigh mhic
Oisín ar fhaithche fhódghlas, fheur-uaithne, shocair-chiúmhaisigh na
h-Almhuine.



Gurabh í sin Oidheadh, Eactradh & Imtheachta an Macaoimh
Mhóir, mhic riogh na h-Easpáine go nuige sin.
Ar na sgríobh le Seághan Ó Muláin, May 21, 1790.
(Críochnaighdhe.)



An sgríobhnóir cct.
Guidhim saoghal fada seunmhar go bhfághbhaid an saoi,
An chaoin ghéag mhilis ghlégeal gan cháim 'nn a chroidhe,
Do smuain saothar na Féinne 's a gcáil do sgríobh,
A's thug díol cléirigh do'n t-é chuir na ráidhte síos.



Pí in Éirinn í.



Eoghan (Ruadh) Ó Súilleabháin ró chan.



Do chailín de Mhuintir Laoghaire



Is atuirseach géar mo sgéal, fóraoir! [eadh,
I gan-fhios do'n t-saoghal le tréimhse a'm' shnoigh-
Do shearg mo ghné, 's ní fuil spéir i' m' ghnaoi,
Le taithneamh do bhéith, pí in Éirinn í!
Pí in Éirinn í! pí in Éirinn í!



Tapadh mo ghéag is léir gur chlaoidh,
A's maise mo sgéimhe do chlaochlaigh trí
Gach galar a's péin dár saoghdúghadh tríom,
Ó dhearchus an bhéith, pí in Éirinn í! &c.



Le bárr mo mhéar ní léir dam sgríobh,
'S i'm' theangaibh, mo léan! ní'l Béarla binn;
Ní blasd' iad mo théx(ts) i nGaedhilig chaoin,
Go molfainn mo bhéith, pí in Éirinn í! &c.



Is daithte tiugh, péarlach, faon, tais, slím,
Camarsach, néamhach, céibh a cinn,
Ó bhathas ag téacht go méar a troighe,
Le caraid mo chléibh, pí in Éirinn í! &c.



Is maiseach, geal, séimh a h-éadan mín,
'S mar ribe dá céibh gan bhréig a braoi;
Bhí luisne na g-caor trí aol ag bruighean,
I leacain mo bhéith, pí in Éirinn í! &c.



Mar eal' ar an caoltaibh d'fhéach a píob,
'S a h-amharc do thraoch na céada laoch,
A leabhar-chrobh réidh 's a h-aol-chneas mín,
'S a mama dheas ghéar, pí in Éirinn í! &c.



Is banamhail, séimh, tais maordha a h-aoighear,
Is banamhail, caomhna, a sgéimh go fíor,
Tá fairsinge féil' a's daonacht tríd,
Le h-amharc i'm' bhéith, pí in Éirinn í! &c.



An abair Obhid a's Caesar éachtach, groidhe,
A's Bhirgil nách staonfadh d'aon de an dís,
Ag moladh le chéile ag téacht ar mhnaoi,
Níor chosamhail le m' bhéith, pí in Éirinn í! &c.



Ó chailleadh le Hélen baoth-mhac Phríam,
A's Sampson le Délila mhaordha mhín,
Ná déanaidh-si éacht dá n-déis sin díom,
Má thuitim lem' bhéith, pí in Éirinn í! &c.



Is dearbh Orphéus thus saor aníos,
Ó ifrionn fé mar léightear linn,
Le binneas a mhéar an réiltean chaoin,
Go g-carfadh mo bhéith, pí in Éirinn í! &c.



Dá bh-faicfeadh mac Aesoin Laogh mo chroidhe,
Sul a'r' thaisdeal le Média i g-céin 'n a luíng,
An Iomradh do thréigfeadh sé san t-slíghe,
Le taitneamh do m'bhéith, pí in Éirinn í! &c.



Earcuilis féin, ó is do chlaoidh,
Fathaigh 'gur béidir, thug géill do mhnaoi,
Le taitneamh d'Oimpféile bhí tréimhs' ag sníomh,
'S níor chosamhail í lem' bhéith, pí in Éirinn í! &c.



Féach sealadh Montélion tréan gur shín
I d-treasaibh na céada laoch gan bhrígh,
Le taitneamh do'n néamh-bhean bhéal-tais bhinn,
Ná'ar chosamhail lem' bhéith, pí in Éirinn í! &c.



Is fearr liom féin gach laoch dár mhuidheas,
Bheith treasgartha faon ná i réim mar bhíodh,
Mar sgarfadh gan phlé duin' éigin díobh,
Mise lem' bheith, pí in Éirinn í!
Pí in Éirinn í!! Pí in Éirinn í!!!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services