Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Párlaiment na mban
Title
Párlaiment na mban
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1900
Publisher
Nolan Bros
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Párlaiment na m=ban. Cúntas air ghnó an phárlaiment chéadna, ann so, mar leanas. An t-Athair Dómhnaill Ua Colmáin Ro Sgríobh. Oráid Róis Ní Gheanmnaighe. Ann san do labhair Róis Ní Ghean- mnaighe, agus a dubhairt:– "Ní fhuil san drúis acht teine bhíos air dearg-lasadh, & ní h-é Dia adhnas í, acht an diabhal; amhail do'n ghabhain leis an iaran, an tan nách féidir leis é an-leathan- úghadh do réir a thoile teilgidh arís san dteinidh é nó go m- biaidh i n-a chaoir dheirg, agus ann san do ghnídh do réir a thoile leis. An t-samhail ceadna do ghnídh an diabhal ris an n-duine, an tan nách féadann a tharraing chum an pheacaidh air aon mhódh eile loisgidh go h-inmheadhonach é le teinidh na drúise go gclaonann é chum an pheacaidh; agus a dheirbh- shiuireacha ionmhuine, is líonmhar géaga an pheac- aidh so, mar atáid, – daillínntleacht, neamhothúgh- adh, síor-bhuaidhreadh aigne, smuainte salacha, glacaireacht neamhghlan, tuaisgeart, fuath do Dhia, grádh an tsaoghail, uathbhás ria an bás agus ris an mbreitheamhnas, & éadóthchas na glóire síorraidhe. Ag so armáil an diabhail le túrnamh an fhíoraoin chum an pheacaidh so. "Samhailtear an peachadh so le pota, óir dá ghile bhíos ag bruith air an teinid, ó n-a chur ró mhinic uirthe dubhann sé. Mar an gcéadna do'n anam, óir dubhann le dubáilcídhe & le smuainte peacaidh na drúise. An pota fós, bhíos ag bruith air an teinidh, muna mbiadh ann acht aon ghráine amháin pise, tógann an fiuchadh i n-uachtar é, agus taisbéanaidh é. Mar an gcéadna bíonn lucht na drúise: ní féidir leo iad féin do chosg ó bhriathraibh gríosta, ná ó chantain abhrán salach & phógadh na m-ban, noch ghnídheas íomháighthe díobh féin chum geana na bhfear do tharraing ortha ag caitheamhan oirid sin éadaigh. Ní theasduigheann fós siosmarnach ná milis-bhréithre ó mhórán aca an tan bhíd i gcómhluadar fear chum iad do thar- raing ortha. Amhail ritheann drithleana dearga na drúise trí bhéil na druinge bhíos tugtha do'n pheacadh so, má admhaighid an fhírinne is millteach an cómhluadar na mná, óir amhail loisgthear an féiliocán a bhíos ag folumhain tímcheall coinnile bhíos air lasadh, mar an gcéadna loisgthear an duine drúiseamhail bhfóchair mná, nó amhail is deacair an teine do chongbháil ó'n sponc nó ó bhrat lín an uair bhídh mar aon, mar sin is deacair do'n fhear é féin do shábháil i gcómhluadar na m- ban. "Lastar an teine so na drúise le h-iomad bídh & díghe, óir ní fhuil ann gach méas dá fheabhas ná ann gach gloine fíona dá mhire acht fadógh loisg- neach chum drúise san duine, & is cosamhuil go mbíonn fonn ortha gan an teinidh so do mhúchadh, air an té bíos go síorraidhe ag itheadh & ag ól gach próinne dá fheabhas óir, amhail an uair is maith le neach teach a chómharsan do losgadh, an tan ghabhas teinid go m-bí ag caitheamh connaidh nó ola san dteinnid, ionnas gur ab móide loisgfeadh an teach mar an gcéadna do'n druing a ghnídeas iad féin do líonadh do bhiadhaibh soineamhla, & de dheochaíbh géara milse meisgeamhmla. "An tan lastar coinneal & cuirthear láimh le balla í, dá ghile í dá ghlanmhaire é, ar ball dubh- ann an balla tar cheann nách loisgthear é; mar an gcéadna theangbhas do'n anam ionnraic nách gcongbhann é féin ó chómhluadar na mban, óir dubhtar é le dubhailcídhe na drúise. "Bíonn mar an gcéadna an peacadh air n-a fhadughadh le hórnáidíbh éadaigh, amhail bhíd méirligh nó lucht foghla chuireas rómpa baile do losgadh, is é do gnídh teine do chur in aon tigh amháin dá losgadh & gabhaid an uile de na tíghthibh an teine ó'n tigh sin; mar an gcéadna cuireann an diabhal teine na drúise & na droichmhéine i n-aon mhac- aomh amháin bhíos órnáideach i n-éadach & tugtha do ghníomharthaibh na colna chum na coda eile do los- gadh leis an dteinnid gcéadna. "Ní fhuil san drúis acht uaimh an diabhail chum na bpeacadhach do shlogadh go hiomdhoimhin ifrinn. Ní fhuil fós i n-anntoil na drúise acht leanán áidhbhirseora nó nó báíghte do cuirfidhe i sar chum éin do mharbhadh, nó mar do bhídh dubhán neirg- nimhe i bhfolach san bháíghte; amhail mar gabhtar iasg le dubhán nó éin le gaiste, mar an gcéadna gabhtar na daoine i n-aimsir na drúise. "Fá dheoigh, is í sin mo theist air an phéist bhrúideamhail so, bhíodh a fhios agaibh nách fuil innte acht nimh nathardha, a mharbhas na daoine fá dheoigh amhail mharbhas an nathair-neimhe. Ní fhuil fós san drúis acht pláigh ris an gcine daona, do réir mar is follas san aicíd ghráineamhail úd dá ngoir- thear 'an bholgach Fhrancach,' éadon, sgiuirse uath- bhásach chum peannaide do lucht na drúise. Dá bhrígh sin, a dheirbhshéaracha, diúltaighmís do'n phea- chudh ghráineamhail úd na drúise, agus críochnaigh- im le sna bréithre so: "Is drúiseamhail damanta an galar so léigheamar shuas; 'S is brúideamhail borbartha cheangail na céadta 'nguais; Is iomdha mallaightheacht tharraingeann sé, monuar! A's mío-chlú allmhuir an pheacaidh so, caomhain uainn."
Óráid roimh scolairidhe Yale an Deachmhadh la de'n mhí roimh Shamhain, le S. P. Altgeld. Martán I. Ó. Maolruaidh ro sgríobh. Ón lá déigheanach de'n chogadh tíre, tá ár dtír faoi bhéasa* *(béas, gen. béasa, tribute, in Brehon Laws.) lobhtha an mhargaidh. Tá an smuaineadh go n-déanann neart ceart ar an taobh céadna, agus ag troid go bás an aghaidh ceartais agus comhthromais Seasann na díoltóiridhe a tá ag creime coda na n-daoineadh ar theagasg an nirt. Seasann- siad ar bhantaiste. Is fíor go bhfuil ár dtír creachta ag tabhairt béasa do eachrtanaibh, & ó righneadh bun-airgead de'n ór amháin tógann sé a dhá oiread de airg- ead na tíre so chum an béasa so d'íoc. An feadh uachtaránachta Mhic Fhionnlaoigh chuireamar cúig chéad milliún as an tír so níos mó 'nádo áinig chugainn. An d-tógfaidh sé i bhfad chum na tíre do scriosadh ar an imtheacht so. An dtiocfaidh linne cúig chéad milliún dollar do chailleamhain gach bliadhain. Innistear dúinn gur b'in fiadhnaise faidh- bhris & aoibhnis. Is seadh go deimhin, an cinéal aoibhnis & saidhbhris a tá i n-Éirinn agus ann 'sna h-Indiathibh ar feadh deich mbliadhan & dá fhichead. Bliadhanta ó shoin do dhíolamaois gach nídh le h-ár muintir féin, & bhídh ár g-céird-thíghthe ag obair gach lá & gach oidhche. Tá ár margaidh féin sgriosta anois, 'n uair nách d-tig le n-ár n-daoineadh a sáith do cheann- ach, óir do réir ár muintir ní cheannuigheann siad indiu níos mó 'náleath a gceannuigheann tamall ó shoin; dá méadóchadaois cúmhacht chean- naighthe na n-daoineadh go d-tí an áit ann a raibh sí cheanna d'aithbheódhchadh ár margaidh féin arís; bhiadh gach céird-theach ag obair gan mhaill, & díol- famaois san bhaile gach nídh dá ndéanfadaois. Dá gceannóchadh ár muintir féin san bhaile luach cúig chéad milliún dollar bh'in cómhartha fíor-acmhainge. Mar tá sé téigheann an mhéid so as an tír gach bliadhain, níos mó 'ná thagann steach, sé sin, cail leamaoid an oiread sin. Íslígheann ceannaigheacht-aonair (monoply) seasamh na ndaoineadh, & lughdaigheann sé a neart air theagasg do thabhairt dá g-clainn. Gidheadh go d-tugann seoinín éigin milliún nó dhó do choláiste, le n-a ainm do bhuanughadh, ní choingeobhadh sé sin an drong oibre ó ísleacht má buanaighthear ceannaigheacht-aonair. I láthair an dlíghidh tá an cheannaigheacht-aonair coireach, & tá dlígheadh ar ár leabhraibh i n-a haghaidh acht cia an mhaith san an uair nách cuirfidh ár n- uachtaránas an dlígheadh i bhfeidhm. Go deimhin tá ár n-uachtaránas faoi chosaibh na ceannaigheachta-aonair so, & caithfimíd-ne gach dlíghid a ghéineas ceannaigheacht-aonair do ghlan- adh acht as ár leabhraibh, & gach dlígheadh dá bhfuil i n-a haghaidh do neartúghadh. Acht chuireann an ceannaigheacht aonair a lámh i dtír-ríghe (politics), thugadar na milliúin de air- gead cúl duinn do Mharcus Ó Hanna chum an tóghbhtha so cheannach & an uchtaránais so do bhuan- úghadh i gcúmhacht. Chómh fada & is léir damhsa tá na fir a ghabhas de chosaibh is san dlíghe, & na fir a shalaigheas srotha an comhthromais, ag glam- aireacht do Mhac Fhionnlaigh. An bhfuil fear chéillidhe san tír a shaoileas má ghnódhaigheann na dógha (trusts) an tóghbhadh so go n-imtheochaidh siad as an bhith. Ní ceist aon taoibh amháin í so acht ceann féin-chúmhachta (self-preser- vation). An mbheidh ár n-uachtaránas faoi smacht na na n-aon ghuthachd nó faoi smacht na ndaoineadh a ghéanas obhair na tíre. Cuimhnigh nách fuil aon fhear na mbréagaireadh go raibh sé de chruadhas ann a rádh go mbiadh Ó Brian faoi smat na ndógh ná na naon ghuthacht. Uisge Glasda, Mich. Fear Eagair an Ghaodhail: Cuirim chugat andiu dollar chum íoca as an GHAODHAL ar feadh bliadhna eile. Tá sibhse ag tabhairt luach ár n-airgead dúinn; agus ag cur léighteadh blasta ós cómhair ár n-daoineadh. Badh cheart do gach aon Éireannach san tír so an GAODHAL do bheith aige in a teach féin. Do bhiaidh nídh bhus mó grádh agam air an Ghaodhal dá m-biadh nídh bhus mó Gaedhilge ann, acht tá sé go maith mar a tá sé. Is mise do chara, & cara na teangadh Gaedh- ilge, Eoin Ó Cathail.
Sgeal Fiannuigheachta. An Macaomh Mor, Mac Rígh na h-Easpaine. "The Adventures of the Great Youth, Son of the King of Spain." Caibidil VII. "Truagh san," ar an fear mór, "óir do thímcheallas an domhan & níor fhágbhas cuan ná caladh, iath ná oileán ar feadh na cruin- ne ceathardha go h-iomshlán, & ní bhfuaras fuil do b'uaisle 'ná an fhuil a tá agam anois, do réir a deilbh & a déanaimh. Agus ar na chlos san do na gaibhnibh do chuir- eadar téada cnáibe amach & do cheangladar sin araon, agus do tharraingeadar sinn suas, & do cuireadh i b-príosún dhainghean dhorcha sinn i n-íochtar an túir. Agus do moladar na gaibhne go maith fuil mo mhna féin chum an claidhimh do fhagairt. "Agus do thigeadh an lán-mara fúinne fá dhó san ló, agus piastaidh iolbhuartha na fairrge, ag inghilt ar ár g-corpaibh go luaimneach, & gidh b'é de bhiadh nó bheatha do ghabhamais, ní sinn féin do chaitheadh é. "Níor chian dúinn amhlaidh sin go rugadh mo bhean féin uaim suas. & do gearradh a bráighid, & do léigheadh a fuil trí fhuil leomhain & leopaird , & do faghradh an claidheamh, & d'fhiafraigh gabha de'n ghabhainn a b'fhearr aca 'a n-dearnadh i gcríochaibh Bolg, nó i d-tuathaibh Ifrinn a mhacsamhail sin ar fheabhas.' A dubhairt, sin nách dearnadh. "Is ann san do luaidheadar na gaibhne dul ag iarraidh éisg & do ghluais gach aon díobh, chum iasgaireachta & a chliabh air gach fear díobh, & d'fhágbhadar aon ghabha amháin ag coiméad an túir, & an chlaidhimh, & ar imtheacht dóibh tháinig an gabha as mo chionn féin, & d'fhiafraigh, 'cá cinéal dam.' A dubhairt, 'gurab Easpáineach mé,' & air n-a chlos san do'n ghabhainn do chaoidh frasa diana déar & a dubhairt, 'gurab Easpáinneach é féin, & d'fhiafraigh dhíomsa a ndéanfainn nídh le claidheamh. 'A dubhartsa go n-déanfainn dá m-bádh ar mo chumas féin dam, & d'iarras ar sin na ceangail do bhí orm do sgaoileadh, & níor fhéad sé aon chor do cur díobh, a dubhairt leis an claidh- eamh do thabhairt chúgham, & gaoth an airm neimhe do léigheann fá na cuibhreachaibh do bhí orm, & do rinn amhlaidh sin, ionnas gur chríoneadar na téada & na tácluidhe dá rabhas ceang- ailte go d'osgailte,' & ro éirgheas dá éis sin, & do chuireas an lann leadartha, líomhtha, lán-bhuadhach, i n-a truaill taisg- the & coiméadtha, do bhí ar n-a déanamh de chnámhaibh áilne il- phiast na fairrge go g-ceangal de chlochaidh cristil & carr- mhogail & a dubhairt leis an ngabhann fuireach i n-a ionad féin, & go bhfanfainn se san phríosún go teacht do na gaibh- nibh asteach. Tángadar & an iomad gairbh-éisg aca, & do bhruithuigheadar é, & do chaitheadar a gcuid de, & níor fhobra- dar aoin nídh do thabhairt dam-sa dhé & d'fhiafraigh mé díobh an léigfidís amach mé. A dubhradar san nách raibh d'fhuireach orm gan mo dhithcheannadh acht go feadh a gcoda do chaitheamh go h-iomshlán dóibh. "Air n-a chlos san damhsa d'éirgheas anios as an phríosún, & do mharbhas aon fhear déag díobh, & d'aithneas an fear sin do bhí de m' dhúthaigh & d'fhortaigh as an mór éigean san mé; agus a dubhairt leis an túr go ghlanadh & na cuirp sin do chur amach san bhfairrge & a gcinn do chur ar an túr.
"Agus iar sin do chonnarc cloch uasal i n-dorrachlainn an chlaidhimh & do thómhaiseas le brághaid mó mhná í, agus do slán- uigheadh an chreacht fá chéaduair, & d'fhiafraigheas de'n gabhain an raibh san túr aon nídh do chuirfeadh anam ínnti, a dubhairt an ghabha gur dhíomhaoin an fhiafraighe í sin, & nách raibh san domhain aoin nídh do chuirfeadh anam ínnti. "Bádh mhór mo thúirse & mo dhobhrón féin trid sin, cia gur bhád iomdha ór & airgead san túr san, & d'fhiafraigheas de'n gabhain créad do déanfamaois leis an mnaoi sin, & a dubhairt an gabha, go chóir a fághbháil san túr, & gur mhaith an réim adhlaicthe di é, & gur rabhadar clanna uaisle ann mar aon léi, & clocha iolbhuadhacha dá g-cúmhdach gan thruaili- úghadh. "Do badh lúghaide orm féin an gabha an chómhairle sin do thabhairt dam, & do líonamar ár long d'ór & d'airgead, & do rugamar an bean linn, & do chuireamar clocha uaisle do chúdmhach cuirp gan thruailiúghadh. "Agus a Fhinn Mhic Chumhaill (ar an fear mór), badh thruagh mo chuideachta féin an uair sin, eadhon, bean mharbh & fualán gabhann, & ní dá dheóin do rugas an bhean liom, & a dubhairt gur ghnáth an long i n-a m-biaidh corp marbh ínnte do bháthadh. A dubhairt mé nách fúigfinn do san í go g-cuardóchainn an domhan doi nó go bh-foillseochadh Dia ní éigin dam, do chuir- feadh anam ínnti, agus do ghluaiseamar reómhainn & is fada do bhídheamar air muir, & gach anfadh dá bhfaighmís a deireadh an gabha gur chóir sin tréas an gcorp marbh do bheith san loing. Caibidil IX. "Lá naon dúinn mar sin & do chonnarcamar tír álainn uainn, & tígimíd i dtír san gcríoch san, & níor chian dúinn an tan tárla i longphort álainn éagsamhlach sinn mar a raibh tortha áilne iomchaithmhe & do chaitheadar cuid díobh, & do ghabhas ag siúbhal an oileáin go dtárla aodhaire muc dám, & d'fhiafraigheas ainm na tíre de, & d'innis dom gur bh'í sin críoch na hEgipte, & mar do thaithin an tír liom do smuain- ead Mainistir do dhéanamh ann, in ainm mo mhná, & do chuir- eas i gcead do'n ghabhain sin, & dubhairt an gabha gur choir sin do dhéanamh. "Do ghluaiseas orm féin rómhain fá an tír & tionólas céad máighistir saor gona bhfuireann dé lucht oibre, & do dealbh- aigheadh mainistir leó, & do bhíodar bliadhain dá dhéanamh, & do bhí mo bhean féin gan adhlacadh ris an ré sin, & ní raibh acht mar do bhiaidh i n-a codladh, agus ar bheith do mhainistir déanta do smuain mé Órd do cur ínnte, & is é Órd do bhí san tír sin, eadhon, manaig leithe, & is é líon thugas liom díobh, eadhon manach as gach mainisnir & do righneas Abb de'n mhanach do badh fhearr clú & crábhadh díobh, & do cheannaigheas fonn & fearann dóibh. "Ann san d'iarradar mo bhéan le h-adhlacadh orm, agus d'innis mé sin do'n ghabhain, & dubhairt an ghabha gurab chóir sin, & badh lúghaide orm an gabha an chómhairle sin do thabh- airt dham tar éis ar chathas d'ór & d'airgead le mainistir do dhéanamh, & gluaisim reómham ar feadh na hoidhche sin ar muir, & ar éirghe do'n ló ar na mháireach do chonnarcas cath- air álainn, éagsamhail, dlúth-fhairsing, daith-gheal, & do badh iomdha dealbh leomhain & leopaird, gribh-ingnigh & péiste éagsamhla eile do bhí ar na dhealbhúghadh ar taobhaibh na cathrach sin ó lámhaibh suadh & saoir-cheardaige, & do bhí aonac áidhbhéil d'á chomóradh ar fháithche an dúin, & rí fuirinneach, fuirm-dhlígh- theach fláitheamhail, deagh-bhriathrach in a shuidhe ar lár an dúin sin. "Agus do chuadar féin i dtír ar sin, & gluaisim go pobal an riogh, & d'fhiafraigh sé sgéala d'íom & d'innseas mo sgéaladh do ó thús go deireadh; & mo bhean do bheith marbh, & d'innis an rí na h-India & gur aige do bhí clocha uaisle an domhaín i d-Tigh na Séad, & a dubhairt Liomsa mo bhean do thabhairt liom & a cur go Teach na Séad, & adrugas ar sin triar eile liom & do chuireamar eilliatrom uirre agus thugamar linn go Teach na Séad í. Aimsir fhada domhsa mar sin i bhfocair an riogh. (Le bheith ar leanmhain)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services